sin iad, deirtear go bhfásfaidh an leanbh suas ina ghadaí. 4. Ní ceart ligint do leanbh féachaint sa scáthán go mbíonn sé thar bhliain d’aois. 5. Má bhíonn ar an máthair dul amach as an teach agus a leanbh a fhágáil leis féin, is cóir di an tlú a chur trasna an chliabháin ar eagla go mbéarfadh na sióga an leanbh leo ar bheith amuigh don mháthair. 6. Ní ceart an leanbh is sine a chur i gcliabhán nua. Gheibhtear ceann ar iasacht don leanbh seo. 7. Is ceart airgead a chur i nglac linbh an chéad uair a chítear é. Má bheireann sé greim ar an airgead deirtear gur comhartha é seo go bhfásfaidh an leanbh suas ina dhuine breá láidir, ach má ligeann sé as a lámh an t-airgead deirtear go mbeidh an leanbh leice lag agus go bhfaighidh sé bás agus é óg. 8. Má thagann tinneas obann ar leanbh óg agus go dtosnaíonn sé ag dul i meath is ceart poll a thochailt san urlár faoin gcliabhán agus cearc bheo a chur síos sa bpoll. Sásóidh an chearc na sióga agus ní thabharfaidh siad an leanbh leo, a deirtear. 9. Is ceart do bhean an tí ubh a thabhairt mar fhéirín do pháiste an chéad uair a thagann an páiste ar cuairt chuici.Nollaig Ó Muraíle