uasal – é. Ní raibh an t-aonach seo i gCnoc Mhuire ach ar feadh cúpla bliain, agus is é an fáth nár leanadh leis an nós ná go raibh goireas taistil is iompair in easnamh. Ní raibh traein ná bus ná gluaisteán ag teacht isteach ann, agus ní raibh bóthar maith féin ann. Ar an ábhar sin, níor mhaith le ceannaithe ó na bailte móra an turas fada sin ar bhóithre garbha clochacha a thabhairt agus gan de ghléas iompair acu ach an seancharr sciathán, nó capall, nó uaireanta ‘sodar an dá chos’. Is beag a bhíodh idir luach na mbeithíoch an t-am sin agus a luach anois. Deirtear liom go bhfaightí idir deich bpunt agus dhá phunt déag ar bhó mhaith ar aonach Chnoc Mhuire. Uaireanta bhíodh gamhna agus bainbh ag dul an-saor. Is minic san aimsir sin a díoladh banbh maith ar leathchoróin, agus mheastaí gur luach an-mhaith coróin nó trí leathchoróin. Bhí nós an ‘chustaim’ ann an t-am sin, faoi mar atá fós. Bhí beirt fhear a bhailíodh an custam ar an aonach seo – an fear ar leis páirc an aonaigh, Tomás Ó Corraí (a luas cheana) agus Dónall (Dan) Ó Mórdha, an seanmháistir scoile leis an dá chos adhmaid (slán mar a n-instear é). Do thiarna talún an cheantairNollaig Ó Muraíle