Bhí fathach ins cómhnuidhe i Lios Bail atá in aice lé Guirtín. Bhí sé chómh mór sin go raibh sé cromtha. Bhí a máthair ina cómhnuidhe leis. Gach lá chuaidh an máthair amach lé biadh a fhághail dó. Lá amháin chuaidh sí amach, agus thosuigh an bháisteach go h-an trom. Chuaidh an bháisteach isteach ag doras an chaisleáin. Tháinig fearg mhór ar an bhfathach, agus d'iompuigh sé an caisleáin thart. Nuair a chonnaic a mháthair an caisleán agus gan aon doras ann, d'imthigh sí. Fuair an fathach bás, nuair a fuair sé amach go raibh an máthair imighthe. Chuala a dhearbhráthaireach go bhfuair sé bás. tháinig síád cuig an gchaisleán. Bhí an caisleán faoi ghlas aige, sul a bhfuair sé bás. Ní riabh síad in-don dul isteach ins an gcaisleán. Cuireadar cré thart ar an gcaisleán, go dtí go raibh cnoch mór déanta acú. Sé an t-ainm atá ar an gcnoch. "Cnoc an Fhathaigh", agus té sé lé feicéal míle ó thuaidh ó Sruthair.Matt Smyth