Bhí beirt dearbhráthair ina gcomhnuighe i gCill [na] Manach, Tomás agus Páid a b-ainm dóibh. [F]uair a n-athair bás agus tar éis sin bhíodh siad ag troid i gcomhnuidhe. Sa deire chuaidh Páid [as] an teach ar fad agus chuaidh se go dtí an roilig [i] mBaile na Mainistreach. Ar a dó dhéag a chlog [tha]inig cat mór bán amach agus dubhairt sé "Tá inghean an rí an-tinn agus dá leighseóchadh aon [du]ine í tiubharfaidh an rí míle punta dó. Tá uisce as an roilig á leighseóchaidh í". Fuair Páid an t-uisce agus chuaidh sé go dtí Pálás a Ríogh agus [l]eighsigh sé an cailín. Nuair a chasadh Tomás air d'innis sé dhó gach uile rud agus chuaidh seisin go dtí an roilig agus tháinig cat mór dubh amach agus dubhairt sé "Tá duine san roilig" agus tháinig [sé] go Tomás agus sróic sé i bpíosaí é.B CunninghamUair amháin bhí fear ina chómhnuidhe in aice le Gaillimh agus chuala sé go raibh trí potaí óir bhfolach i nDún Láir. Tháinig sé go bothar na acha agus casadh sean bhean air. D'iarr sé dí cá [?] na potaí óir i bhfolach. D'innis sé dhó an áit, agus dubhairt sí freisin go raibh easóg in a [?] ar cheann aca, cat ar cheann eile, agusMatt Smyth