Cuardach téacs

Líon na dtras-scríbhinní: 739
  1. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tómas Ó Feathartaigh

    Aon duine a bhéas ag pósadh 'sé roimhe an inid a phósann sé. Deirtear gur laethannta mí-rathmhar chun pósadh, Dia Luain agus Dia h-Aoine. Deireann na sean daoine go bfuil sé mí-rathmhar posadh í mí Mheitheamh. Deirtear gur rud mí-rathmhar do na daoine dul chun Aifrinn an chéad Domhnach tár éis posadh. Deirtear nuair a theigeann na daoine atá tár éis posadh isteach ins an tighe an chéad duine a thagas amach 'sé an chéad duine a bheas marbh. Deirtear go bhfuil sé mí-rathmhar posadh i mí Bealtaine. Uaireannta déantar cleamhnaisti ar fud na h-áite seo. Tugann siad éadach, beithidhigh, agus airgead do na daoine atá le pósadh. Deirtear go bhfuil sé mí-rathmhar do na daoine atá tár éis pósadh mathair

  2. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac an Iarla

    Pósaidhthe
    Sé an t-am is mo a bhíos posadh ná i rith na h-Inide. Siad na laethanta sa tseachtmhain is fearr leo posadh ná Dia Luain, Dia Máirt. Más soir a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Luain agus más siar a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Máirt. Dá mbeadh corp i dTeach an Phobail agus duine a bheith a dul ag posadh thiocfadh sé abhaile arís mar dá mbeadh clann aca béadh duine aca bodhar nó bacach. Ní maith le aoinne pósadh Diardaoin áirthe uair sa seachtmhadh bliadhain. Diardaoin Dearg a tugtar air agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é agus má dhéanann tú tada an lá sin ní bhéadh tú beo faoí cheann bliadhna.
    Sé an caoí a ndéantar cleamnais ná, ar dtús téigheann fear eicínt go dtí an teach ag iarraidh na mná. Má bhíonn na tuismightheoirí sásta tagann an fear a bhíos ag dul ag pósadh in aoinfeacht le cúpla duine eile agus bíonn ól aca. Tugann siad cuid den ól do na daoine eile agus socruigheann siad an lá a mbeidh an pósadh ann agus an spré is mó a gheibheas sí ná beithidhigh agus airgead. Má bhíonnan fear ag dul isteach i dteach na mná caithfear an talamh a shíghniú ina ainm.

  3. Aiste

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Mhaoil-Ciaráin
    Faisnéiseoir
    (ní thugtar ainm)

    Deirtear go mbeidh aithmhéal uirrí faoi posadh ar feadh a saoghal. 'Sé bealtaine mí nach bhfuil ádhmail chun pósadh. 'Sé diardaoin, Dia h-Aoine agus Dia Satharn na laethe nach bhfuil ádhmhail chun pósadh. 'Sé ón Nodliag go dtí an chargaos an t-am a bhfuil ádhmhail chun pósadh.

  4. Pósadh

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Michéal Ó Cinneide
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Cinneide

    Bealoideas
    Pósadh
    Bíonn an tam la pósadh ann ins an mí na Feabhra. Bíd go leor daoir. ag pósadh ins an am fadó. Ní raibh aon chárr ann. Nuair a bhíodh daoine ag pósadh fado bhíodh go leo capall ag an bpósadh. Bhíodh na mrá ag marceidheach le na fearaibh ar na caplibh. An oidhche a bhíodh siad ag posadh bhíodh cleamhna mós ara. Tagann na clamhodoírí isteach agus tugann leann dubh doibh. Bíonn siad gléasta suas. Bíonn na cothan orta gunaí geala ortha agus lennte bána oraí. Sanam fadó nuair a bhíodh siad ag pósadh mhárbhochadh much agus caoirig

  5. (gan teideal)

    Pósann na daoine timceall an ceanntair seo san inid.

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Dúnfhúrtaigh
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dúnfurtaigh
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    feirmeoir

    Pósann na daoine timceall an ceanntair seo san inid. Na laetheannta atá oireamhnach cun pósadh dar le na daoine iseadh Dia Domhnaigh, Dia Máirt, Diardaoin agus Dia Sathairn agus gach mhí ach Mí na Bealtaine. Déantair cleamhnaistí san ceanntar seo. Tugtar airgead mar spré. Bhíodh na daoine ag pósadh ins na tihthibh timceall nóca naoi bliadhanta ó shoin. Bíodh cóisire ag na daoiniabh a bhíodh ag pósadh.

  6. (gan teideal)

    Fad ó shoin nuair a bhíodh lanamhain le pósadh ...

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Nic Suibhne
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Suibhne

    Fad o shoin nuair a biodh lanamhain lé pósadh ní siubhalfadh siad leó fhéin idir dáil agus pósadh ar eagla go mbuailfeadh na daoiní beaga bab orrtha.

  7. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chúláin
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Chúláin

    Sé'n t-am de'n bhliadhain is mó a bhíos pósaidhthe ná san Inid. Bíonn go leor daoine ag pósadh ar Mháirt na h-Inide mar ní bhíonn cead aca pósadh sa gCarrghaos. Ní maith le aoinne pósadh Diardaoin ná Dia Sathairn. Tagann Diardaoin amháin uair gach seachtmhadh bliadhain agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é. Má phósannn aoinne ar an Diardaoin sin beidh sé caillte roimh bliadhain. Diardaoin Dearg an t-ainm atá air.
    Seo é an chaoi a ndéantar cleamhnais: Tagann duine isteach agus iarrann sé an inghean ar na tuismightheoirí. Má bhíonn siad sásta tagann an fear agus beirty fhear eile chuig an teach agus bíonn ól aca. Tugann siad ól do mhuinntir an tighe agus déanann siad an cleamhnas agus socruigheann siad an lá a mbeidh an pósadh ann. Tugann na tuismightheoirí spré éicint do'n inghean. Is stoc nó airgead tugtar di de ghnáth ach is minic a thugtar talamh di freisin dá mbeadh an dá theach gar dó. Fadó phósadh an sagart sa teach a mbíodh na faoisdíní ann. Bhíodh an-spóirt ag na daoine nuair a bhíodh pósadh ann sa tsean-aimsir.
    Tá sé ráidhthe nach ceart éadach dearg a chaitheadh nuair a bhíos duine ag pósadh. Is éadach gorm is fearr ar fad. Má bhíonn corp i dTeach an Phobail bíonn an mí-áth ar aoinne a phósas an lá

  8. Na Trí Amadán

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhrian
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Brian

    Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí ag dul ag pósadh is tháinic an slaghdán uirthi.
    D'éirigh sí ar maidin agus bhí sí ag caoineadh agus d'fhiafruigh a máthair di ceard bhí uirthi. Dubhairt sí go bé an slaghdán . Thosuigh an mháthair ag caoineadh ansin. Niorbh fhada gur éirigh an t-athair is d'fhiafruigh díobh céard bhí orthu. " Ó tá Máire tinn is ní fhéadfadh sí pósadh indiu". Thosaigh an t-athair ag caoineadh é fein. Is gearr go dtainic an fear bhí le pósadh agus chonaic sé an triúr ag caoineadh is d'fhiafruigh sé díobh céard bhí orthu.
    Dubhairt siad go raibh Máire tinn is nach bhféadfadh sí pósadh indiu. Ansin dubhairt sé nach bhféadfadh sé pósadh go deo go bhfeicfeadh sé trí amadán chomh mór leo. d'imthigh sé leis ar thóir na n-amadán agus sé an chéad duine a casadh leis ná fear a raibh a bhríste caite de aige.

  9. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Flaithbhearta

    seasamh leis an mnaoi a bhíodh ag pósadh, bheireadh sí a seail do'n mhnaoi a bhíodh le pósadh. Chuireadh an bhean a bhíodh ah seasamh léithe seail na mná le pósadh uirth. Tá an gnás seo ann fós. Bhíodh gnás eile acu nuair a thaghadh siad in séipéal bhriseadh duine cáca an chloigeann na mná nuadhphósta nó gloine ar an mballa.

  10. Pósadh

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gobnait Ní Shéaghdha

    Pósadh
    San Inid a phósann na daoíne timcheall na h-aite seo. Tugtar an Inid ar an aimsir ó Lá Nodhlag na mBan go dtí Céadaoín an Luaithridh. Le línn na h-aimsire sin iseadh deintear na cleamhnais.
    Máirt na h-Inide an lá deireannach chum pósadh roimh an Carrghaos. Deirtear nách ceart pósadh ins gCarrghaos agus go bhfuil sé ana-rathmhar agus deirtear leis go bhfuil sé mí-rathmhar pósadh ar an Aoine nó ar an lúan.
    Caitheann na daoíne a bhíonn ag pósadh anois airgead a thabhairt i gcóir an spré. Fadó stoch a thugaidís i gcóir an spré agus úaireannta ní thugaidís aon spré mar do bhíodh airgead go leór acha. Ní cuimhin le na daoíne atá ann anoís pósadh do bheith ar siubhal sa tig in aon chor acht is cuimhin le na sean-daoíne é. Tá sé sin súas le nochad h-ocht mbliadhain ó shoin. .
    Do thagadh an sagart go dtí an tigh chun íad a phósadh, acht anois is amhlaidh a théigheann siad go dtí an séipéal. Maidin lae an phósadh théigheann an fear go tigh an cailín agus bíonn feasta mór aca. Annsan téigheann siad go dtí an sagart agus pósann sé íad. Núair a bhíonn siad ag dul go dtí an séipéal bíonn gluaisteán an cailín i na dhiaidh.
    Nauir a bhíonn siad pósta téigheann

  11. Gnása i dtaobh Pósadh

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Faisnéiseoir
    Aodh Mac Siordan

    d'iarrfadh sé cead ar a hathair í a phósadh. Annsin dheinidís an cleamhnas agus bhíodh togha gach bídh agus rogha gach dighe aca. Annsin théigheadh an bheirt go dtí teach eile agus bhíodh gach éinne ag ól. An lá in a dhiaidh sin chuirfeadh athair agus máthair an chailín fios uirthi agus shocrochaidís an lá a mbéadh an pósadh - lá éigin indheire na míosa sin. An lá sin seadh pósadh iad agus bhíodh an-ghreann aca ag ól. Nuair a bhíodh an pósadh thart théigheadh an bheirt go dtí teach an chailín agus bhíodh dinnéar mór aca. An lá in a dhiaidh sin bhíodh an "dragging home" aca; sé sin do théigheadh an cailín go dtí a teach nua.

    Uairteannta eile is ins an tráthnóna a bhíodh an pósadh ar siubhal. Théigheadh an fear is an cailín go dtí an séipéal agus na cáirde go léir in éinfeacht leo. Nuair a bhíodh an pósadh thart bhíodh ceol is rinnce is gach saghas spóirt aca go mbíodh siad tuirseach sáruighthe. Annsin théighidís abhaile is bhíodh dinnéar mór aca. Thagadh daoine isteach is leanfaidís den rinnce. In a dhiaidh sin bhíodh caiple is cóistí aca is théighidís go dtí áit éigin chun é a fheicéal. Sa deire théigheadh an lánamha nua phósta go dtí teach an fhir.
    Bíonn pósanna ar siubhal ó cheann ceann na bliadna ach amháin ar feadh an Charghaois agus in Aidbheint.
    Bhíodh sean nósa i dtaobh laetheannta chun pósadh ag na daoine fadó - Dia Luain i gcóir sláinte, Dia Máirt i gcóir saidhbhreas, Dia Chéadaoin an lá is fearr díobh go léir, Diardaoin i gcóir cailleamhaintí (losses), Dia h-Aoine i gcóir

  12. Pósanna

    Teanga
    Gaeilge

    Má tá beirt a dul a posadh bíonn an posadh ann roimh Cairigis agus ní bhionn posadh ar bith in dhiaidh mart na hinide. Deirtear annseo gur é Dia hAoine an lá is fearr chun posadh a dhéanamh.
    Má tá fear a lorg mna ní théigheann sé féin go teac an cailin ar chor ar bith acht cuireann sé beirt fhear eile cun an cleamhnas a dhéanamh. Bionn buidéal uisge beatha leo. Óltar é fhaid is a bhionns an cleamhnas 'gá dhéanamh aca. Faoi an spre a bhionns an cainnt ar fad airgead má tá sé le fághail agus muna mbeadh an meid "stoc" beithidhigh ata a gabhail leithi.
    Tá nos ar fud na háite seo go foill go dtéigheann na clamairi go dti an bainneas gan cuireadh gan iarraidh agus ar an adbhar sin chuireann sean gioblacha agus

  13. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mháille

    Nuair a bhiodh lánamhain óg le pósadh sa tsean aimsear is rí-mhinic nár leag an cailín ná an buachall amhairc ar a chéile go dtí lá an pósadh.
    Bhí nós aca fadó nuair a bhíodar ag pósadh agus "fuadach" a tugtaoi ar an nós seo. Bhféidir go mbiodh cailín agus buachaill an-mhór le na chéile agus bféidir nach dhaithneóchadh an cailín le athair an mbuacaill acht thaghadh an fear agus meithil fear leis go dtí teach an gcailín agus thógaidís an cailín leo gan buidhceas agus thiubhiridís fuadach ar an nós sin.
    Nuair a bhiodh cailín ag dul chum posadh fadó, thugadh a aithear ceithre nó cúig beithigh dhí mar spré agus bféidir go mbeadh cúpla cinn eile ag an bhfear, acht is beag fear an uair sin nach raibh capall maith marcuigheacht aige agus pilín,- sin é rud cosamhail le diallaid déanta le na mná chun go mbeadh siad indhon

  14. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge

    San Inid is mó a phósann daoine. Ní maith le h-aoinne pósadh a dhéanamh Dé Luain, Dé Domhnaigh agus Dé hAoine is mó a phósann siad. Baineann an sagart níos mó airgid amach as posadh nach mbíonn déanta roimh Domhnach na hInide. Nuair abhíonn siad ag dul ag pósadh téigheann fear go dtí teach na mná agus má bhíonn a h-athair agus a máthair sáta le h-í a thabhairt dó fagann siad oidhche amach leis an gcleamhnas a dhéanamh. Bíonn buidéal uisge beatha leis an t-é a iarrann an bhean agus ní h-é an fear atá le h-í a phósadh a iarrann í. An oidhche sin gheibheann an cailín an spré. Gheibheann sí airgead ná b’fhéidir beithidhigh. Ansin fágann siad lá amach le na bpósadh. Oidhche lae an phósta bíonn bainfheis aca agus féasta mór i dteach na mná. An oidhche sin a tigeann na cleamairí.

  15. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hIarnáin
    Faisnéiseoir
    Tómás Úa Conghaile

    Sé an t-am is mó a bpósann daoine roimh an gláise. Tá corr-dhuine agus b'fhearr leis pósadh. Dia Máire agus corr-dhuine eile Dia Luain. Tá sean-fhocal ann a deir "luan soir agus Máire siar" Seo gnás a bhíodh acu. Aon fhear le pósadh a bhíodh le cur faoi shoir o theach a thar pósadh sé Dia Luain; acht is Dia Máirt a phósadh duine a bhíodh le cur faoi shiar ó theach a athar, agus is mar an gcéadhna i dtaobh na mná. Tá an gnás aca fós, acht táid dhá chailleamhaint. Déantar cleamhnas agus socruighgthear an spré atá le fághail acu. Sé an spré a gheibheanns an bhean airgead stoc