Cuardach téacs

Líon na dtras-scríbhinní: 245
  1. Crom Dubh agus Naomh Pádraig

    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mártan Ua Búrca
    Aois
    14

    Bhí Crom Dubh in-a chomhnuidhe síos i mbun cruaiche le linn aimsir Naomh Pádraig a mhair sé. Bhí naomh Pádraig ag déanamh tighe Phobail in Acha Ghabhair Eirineach ab beadh Crom Dubh Bhí tarbh breag aige, agus bródh mór aige as Ceap sé nach raibh a sarú in Éirinn. Lá amháin cuir naomh Pádraig beirt fear i gcoinnibh an tarbh Dubhairt na fir le Naomh Pádraig go mba beag an chabhair dhóibh a dhul ag iarraidh an tairbh mara nach bfuigeadh said é.
    Arsa Naomh Pádraig "Tóg an t-slath seo, agus nuair a tiochfaidh sibh go dtí an tarbh bhuail i gclar an éadáin agus ní béodh aon trioblóidh agaibh" D'imhthigh an beirth go dtáinicheadhar go dtí an pairch in-a raibh an tarbh. Ar an bpoinnthe a chonnaic an tarbh iad rith se chucu, agus shíl sé iad a mharbhughadh Bhuail fhear acu isteach i gchlar an éadoun é, agus shiubhail se leo chomh socair le aon bheothidheach dhá siubhail ariomh go dtháinic siad go dtí Acha Gabhair.
    Annsin martuigheadhar an tarbh. Rinneadar féastha dho. Nuair a bhí an feasta tharth, dubhairt naomh Padraig leo na cnamha cinnte

  2. Naomh Pádraig

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Lonáin
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Liam Ó hArta
    Aois
    84

    Naomh Pádraig an captaen d'fiafruig sé de an bhfuidheach sé imeacht go tír éigint eile sa mbád agus dúirt an captaen ná fuidheach ach chas sé arís agus glach sé Naomh Pádraig isteach sa mbád. Chuaidh Naomh Pádraig go tír éigint eile ach tar éis tamaill tháinigh sé that n-ais arís.

  3. Naomh Pádraig

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Lonáin
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Meanacháin
    Aois
    65

    Nuair a bhí Naomh Pádraig in Éirinn fadó bhí an-ghrá ag na págáinigh air.
    Aon lá amháin fuiar sé cuireadh mar ó dhead chun dinnéar ó ceann des na págáinigh. Bhí madra mór fiadhain ag na bpágánaigh a bhí istigh sa tigh agus ná fuair aon greim bia le fada roimhe sin agus bhí sé ceapaithe an madra a scaoileadh amach ar Naomh Pádraig nuair a bhíodh sé ag dul isteach. An uair sin bhíodh gruaig ag seasamh ináirde ar ghruaig na madraí go léir agus nuair a tháinigh Naomh Pádraig scaoileadh amach an madra agus rith sé go dtí Naomh Pádraig agus leag Naomh Pádraig a lámh ar a dhrom agus chimil sé é agus ón lá san go dtí inniu tá an gruaig ag luí ar na madraí.

  4. Naomh Pádraig

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Lonáin
    Aois
    50

    Naomh Pádraig that bhrágaid agus gur díol sé go maith as an dinnéir. Dúirt sé go dtabharfadh sé féin isteach é nuair bheadh sé ag casadh. Mharbhuigh sé madra agus bheirigh sé é agus thug sé do Naomh Pádraig é. Nuair a chuireadh an feoil ar an mbórd dhein an naomh fíoghar na croise uirthi agus léim an madra anuas den mbórd. D'imigh Naomh Pádraig ansan agus fuair Ailpín bás agus thug sé céad bliain amuigh ar an sliabh i na mharda agus é ag glamghail gach aon oíche.

  5. bhuachaill a bhí ag Naomh Pádraig a dhul leis ag seilg. Ní rachfadh an buachaill. Lá amháin eile bhí duine éiginteacht ag féasta ag Naomh Pádraig. Bhí sé ag bruith beithidhigh ag an teine. Bhi Oisín ag an teinidh agus é ag ithe cuid de. 'Stad' a deirfeadh Naomh Pádraig cupla uair ach ní stadfadh sé. Tháinig an-fhearg ar Naomh Pádraig agus dhóigh sé na leabhair sgéaltaí a bhí scríobhtha aige ó Oisín."is beag is fiú liomsa do bheathadhach gránndha' arsa Oisín, 'le taobh ceathramh de'n lionn (?) a mharbhuigheas mise indiú'Tháinig an buachaill isteach agus d'iarr Oisín air dul leis a sheilg. Dubhairt an buachaill go rachfadh agus d'fhiafruigh sé de Oisín an rabh bogha aigeDubhairt Oisin nach rabh ach go bhfuighfeadh sé ceann. d'imthigh siad leóbhtha. Deirfeadh Oisín leis an bhuachaill achan bhomaite" Amharc isteach faoi'n charaig sin'. Dhearcadh an

  6. Séan Sgéal.

    Óisín agus Naomh Pádraig.
    Aon lá amháin nuair a bhí Naomh Pádraig ag siubhal thart, casadh gasúr beag air, agus chuadh siad ‘un cainnte le na chéile. D’fhiafruigh Naomh Pádraig dé’n ghasúr ar casadh [fear]? dó a rabh cú leis ar a bhealach agus dubhairt an gasúr go bfhachaidh sé an fear sin na shuidhe ar charraig ag déanamh a sgithíste.
    Dubhairt Naomh Pádraig leis an ghasúr é a thabhairt go dtí an áit ina rabh an fear seo. Thug an ghasúr é fhad leis agus chuaidh Naomh Pádraig suas fhad leis, agus shuidh sé in- aice leis. D’innis Naomh Pádraig dó fa Íosa Críost agus chréid sé in Íosa Críost agus baisteadh é.

  7. Seanscéalta

    Teanga
    Gaeilge

    "Sé an fhírinne é", ars Naomh Pádraig.
    Págánach do b'eadh Oisín. Thosuigh Naomh Pádraig ag cainnt fá Chríost annsin. D'innis Naomh Pádraig dhó an chaoi a bhfuair Críost bás. Níor chreid sé Naomh Pádraig ar dtús. Dubhairt Naomh Pádraig annsin go raibh Fionn agus na Fianna eile i n-Ifreann. Níor chreid Oisín é. "Cé'n fáth nach dtagadh siad amach as ifreann" ars Oisín. Dubhairt Naomh Pádraig go raibh an diabhal ag coinneál ann iad. Dubhairt Oisín annsin go raibh an diabhal an láidir má bhí sé i ndon Fionn a choinneál ann.

    ___
    Bhí Cormac Mac Airt i n-a Árd Rí ar Éirinn fadó. Do bhí na righthe ag comhnuidhe i dTeamhair an uair sin. Do bhíodh feis mhór i dTeamhar aige gac tríomhadh bliadhain. Theigheadh muinntir na h-Éireann go dtí an feis sin le cáirdeas agus síothcháin a dhéanamh le chéile. Rí an-mhaith do b'eadh Cormac Mac Airt. Bhí pálás mór ag Cormac Mac Airt ag Teamhar. Bhí an tír fé shógh agus fé shuaimhneas an fhaid a's bhí Cormac Mac Airt 'ghá riaghaladh agus bhí an tír ag dul ar aghaidh go mór. Chuir Cormac suim mhór i léighinn. Fear an-tuigsionach do b'eadh é. Thagadh na daoine léigheannta to Teamhair gach bliadhain agus sgríobhadh siad síos stair na h-Éireann ó bliadhain go bliadhain. San t-am sin do chuiridís dlighthe na tíre le chéile in aon leabhar amháin. Do thagadh na céadta mhich

  8. Lá amháin nuair do bhí bean agus gasúr ag suibhal an bóthar. Bhí Naomh Pádraig síos ag loch. Chuaidh an gasúr síos chuig Naomh Pádraig. Rinne an ghasúr snaoisín. Dubhairt Naomh Pádraig Dia is Muire agus deirtear Dia is Muire ariamh o shoin.
    Dara
    Nuair do bhí Naomh Pádraig ag dul go Cill Alaidh agus nuair a imtigh sé ar an luing bhí ocras (ort) ar na máirné. Alaigh agus guidhe Naomh Pádraig agus

  9. (3) Bhí Naomh Pádraig ar mullach na cruaiche lá amhain agus tháinig sgate eanlaith dubh chuige agus cuir síad fairg rómpa. In a dhiaidh, na (sin) sgata éanlaith, tháinig an t-athair-neimhe, bhí sé ag dul ag troid le Naomh Pádraig, act cuir Naomh Pádraig an t-athair neimhe agus na h-eanlaith dubha amach ar an fairrge. Ba é an t-athair-neime an diabhal, agus na h-éanlaith dubha, a chompánaigh

  10. Scéalta faoi Naomh Pádraig

    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Tomás Ó Gallachobhair
    Faisnéiseoir
    Antoine Ó Gallachobhair
    Aois
    56

    Nuair a bhí Naomh Pádraig af dul ó Cill Alaidh go dtí an Fhrainnc. Ar a bhealach abhaile do mhúin [?] sé anh Fíor Creideamh dho na daoine a bhí ar an luing, Ar dtús bhí ocras mor ortha agus bhí Naomh Pádraig ag munadh an Fíor Creideamh dóbhta acht dubhairt siad go gcreideach sé í Dhia da dtugadh Dia bíadh dóbhtha. Annsin thosuigh Naomh Pádraig ag guidhe agus ar an mhóméad sin tháining go leor muc ar an luing.

  11. Seanscéalta

    Teanga
    Gaeilge

    bradán. Rug Fionn ar an bradán agus lás sé teine. Nuair a bhí an teine déanta aige thosaigh sé cun an bradán a róstadh. Dhóig Fionn a mhéar agus chuir sé an méar suas in a bhéal. Bhí píosa dé'n bhradán greamuighthe le'n a mhéar agus d'ith Fionn Mac Cumhaill é. Nuair a bhí an bhradán rósta chuaidh Fionn go dtí a mháighistir. Nuair a chonnaic an mháighistir an bhradán d'fhiafruigh sé de Fionn ar bhlas sé an bhradán agus dubhairt Fionn nár bhlas acht nuair a bhí sé ag iompú an bhradáin gur dhóigh sé a mhear agus gur chuir sé a mhéar suas i n-a bhéal chun é do leighiseadh. "Do bhlas tú ar an bradán["] ars an fear eile "agus tusa an chéad fear ar bhlas air". "Tá eolas agat ar gach rud anois" ars an fear le Fionn. Sin é an sgéal mar a chuala mé é ó m'athair. Níl a fhios agam a bhfuil sé fíor nó nach bhfuil. Nuair ar mhaith le Fionn aon rud a fhágháil amach ní raibh uaidh acht a mhéar a chur suas i n-a bhéal.
    ____
    Nuair a tháinic Oisín abhaile ó Thír na n-Óg casa[dh] Naomh Pádraig leis. "Cé thú féin" ars Oisín le Naomh Pádraig. "Ní raibh tusa ins an Fiannaibh nuair [a] d'fhág mé Éire" ars Oisín le Naomh Pádraig. "Na Fianna", adeir Naomh Pádraig, "tá siad caillte le fada [an] lá". Ní féidir go bhfuil Fionn mór Mac Cumhaill caillte", ars Oisín. "Tá", adeir Naomh Pádraig, "agus níl ceann aca fágtha". "Ní chreidim thú", ars Oisín.

  12. Oisín agus Naomh Pádraig
    Indiaidh Oisín a theacht ó Tír na n-Óg agus an chloch mhor a thógailt bhi sé 'na sheanduine críonn cáithte. D'iarr sé ar Naomh Pádraig é a bhaisteadh. Dubhairt Naomh Pádraig go ndéanfadh. Nuair a bhí sé da bhaisteadh chuaidh batal Nomh Pádraig isteach ina chois. Shil Oisín gur rabh seo ins an bhaisteadh, agus níor labhair sé go dtí go rabh sruth fola amach as a chois. Dubhairt Naomh Pádraig leis cad tuige nar labhair sé agus dubhairt sé gur shíl sé go rabh sin ins an bhaisteadh. Shil Nomh Padraig nach bfuigheadh a chos biseach. Nuair a bhí sé cupla lá ag Nomh Padraig thoisigh se ag éirighe dall agus fuair a chos biseach.
    Lá amháin d'iarr sé ar

  13. Toibreacha Beannaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir

    Tá ceithre tobair beannuighthe ins an pharóiste. Tá ceann aca ar an Chréig-Áird fá thuairm leath-chéad slat ó'n bhealach mhór. Tá sé ar fheirm fir darbh ainm Mac Congbhaile. Tobar Naomh Pádraig an t-ainm atá air. Tá ceann eile thíos i mBaile Úr ar fheirm fir darbh ainm Ó Cheallaigh. Tobar Naomh Pádraig an t-ainm atá ar an tobar seo fosta. Tá tobar eile i nDruim na Créige darbh ainm tobar Cholm Cille. Tá sé i gcois an bhealaigh mhóir. Tá tobar eile thall ar Chnoc Duimhche Móire darbh ainm tobar Naomh De Bheadóg.

    Téigheann daoine go tobar Naomh Pádraig ar an Chreig-Áird agus go tobar Naomh Pádraig ar an Bhaile-Úr lá Fhéile Pádraig agus go cionn naoi lá in a dhiaidh. Téígheann daoine go tobar Naomh Cholm Cille i nDruim na Créige ó'n naomhadh la de Mheitheamh go dtí an t-ochtmhadh lá deug. Tá ceithre clocha deug

  14. Oisín agus Naomh Pádraig:-
    Uair amháin bhí Naomh Pádraig agus Oisín ag cainnt agus dubhairt Oisín gur maith leis na Fíanna a fheiceáil arís. Theasbáin Naomh Pádraig iad dó agus iad in Ifreann ag troid leis na diabhail. Ní raibheadar i bhfad ag troid nó go gur bhris an súiste abhí ag Conán Maol na Mallacht agus bhuail na diabhail na Féinne annsin.
    D'innis Naomh Pádraig d'Oisín annsin má chreidfeadh sé i nDia nach rachadh sé go dtí an áit sin. Dubhairt Oisín do Phádraig annsin má thiubharfadh sé tug [both sticks or parts of a flail for threshing] d'iarann do Chonán Maol na Mallacht go gcreidfeadh sé annsin i nDia.

  15. (gan teideal)

    Bhí Naomh Pádraig ag aireach na h-eunlaithe as an arbhar agus chuir sé isteach i bhfothrach iad....

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chaoimh
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Chaoimh

    Bhí Naomh Pádraig ag aireach na h-eunlaithe as an arbhar agus chuir sé isteach i bhfothrach iad agus go dtháinig an maor agus chonnaich sé iad. Lá ar na bháireach d'fhiafhruigh an maor de mar gheall artha agus go raibh sé féin mí-shaoghalta an lá eile. Dubhairt sé sin leis go mbeadh sé féin mí-shaoghalta anocht. D'fhiafhruig sé dhe an dtiocfhadh sé in aoinfheact leis. Dubhairt sé go raghfadh agus gach aon rud a chonnaich Naomh Pádraig thaisbeán sé dó iad agus má thaisbeán ní fheaca sé dada; chonnaich Naomh Pádraig béithidig móra troma agus daoine bochta agus na mná geala glé-gheala. Chonnaich sé na leanbhaí ná raibh aon éadaigh ortha agus thaisbeán sé seo dó iad agus ní fhacha sé seo dada. Tháinig sé abhaile go dtí an bhFrainnc annsan. Glaoidh sé isteach go dtí áit

  16. Deir na sean-daoine nuair a bhí Naomh Pádraig ag teagasg an chreidimh fíor do Oisín, bhí Oisín costarnacht agus bhí bata ag Naomh Pádraig, agus leig sé dó tuitim ar dhruim cois Oisín. Bhí pian mór ins an áit a rabh an bata ag teacht ar a chois. Shíl sé gur cuid dé'n bhaisteadh a bhí agus d'fhulaing sé an phian. Sa deireadh chonnaic Naomh Pádraig an fhuil ar a chois agus thóg sé an bata.
    Thaisbeán sin dúinn go b'fhulaingeochadh sé rud ar bith ar son an chreidimh fíor.

  17. Nuair a tháinig Oisín ar ais ó Thír na n-Óg bhí Naomh Pádraig in Éirinn roimhe. Bhí sé cinnt air Oisín a athrú go dtí an Fíor Chreideamh agus bhíodh siad ag troid le chéile. Bhíodh Pádraig ag rádh go mb'é Dia an fear ba láidre sa domhain agus go raibh sé indhon rud ar bith a dhéanamh. Uair amháin dúirt Oisín leis "'Á bhfeicfinnse Goll Mac Mórna agus do Dhia ar an gcnocán glas úd thall déarfainnse go mba fhear maith é do Dhia 'á bhfeicfinnse Goll ar lár". Ansin thug sé amharc dhó ar an gcuuid eile de na Fianna a bhí ceangailte le slabhraí in Ifrinn agus sin é an t-am a d'athruigh Oisín. Nuair a bhí Naomh Pádraig 'á bhaisteadh chuir sé an bacla síos trí na cois. Nuair a bhí an baisteadh thart chonaic Pádraig an fhuil, d'iarr sé de cé'n fáth nár inis sé dhó é. Dúirt Oisín gur cheap sé go mba cuid de'n bhaisteadh é. Bhí sé ag taisteal na hÉireann in aoineacht le Naomh Pádraig nó go bhfuair sé bás.

  18. Naomh Pádraig agus Oisín

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamas Ó Luain
    Gairm bheatha
    múinteoir
    Faisnéiseoir
    Seamas Ó Máille

    Nuair fhá Oisín Tí na nÓg dubhairt a bhean leis a scob do thír na n-óg é ná raibh aoinne de fiannaibh Éireann na mbeathaidh in Éirinn anois, "agus seo láir duit agus nuair a ragha tú in Éirinn má thagann tú anuas de'n láir ní fhillfir go brách go dtí Tír na nÓg." Do bhuail Naomh Pádraic leis fé bhun Cnoch na bhFian, agus bhí capall aige Naomh Pádraig agus bhí sé a d'arraig mála mion choirce (oatmeal) chur suas na drom agus d'iarr sé ar Oisin teacht anuas do'n láír agus cabhair a thabhairt do an mála mion choirce do chur suas in drom a chapall féin. "Ná fuileann tú ábalta ar a' mála beag cur suas ar dhrom an chapaill?" arsa Oisín. "Ní chuirfinn," arsa Naomh Padraig, "ná tusa im ' theannta." "Is minic a bhíós," arsa Oisín agus ní dheanfadh meud tá sa mála go léir trí greim bidh dom." "N í fheachaís aon fhear riamh," arsa Naomh Pádraig leis," a cuirfeadh suas ar dhrom an chapaill é." Is

  19. Naomh Pádraig

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Gallóglaigh
    Faisnéiseoir
    Miceál Mac Gallóglaigh

    An chéad sgéal
    Nuiar a bhí Naomh Pádraig ag múineadh an Creideamh-Fíor in Éirinn chúaidh sé isteach i teach. Ní raibh ann ach bean agus a mac. Dubhairt bean an tighe le Naomh Pádraig go bhfeicfeadh daoine an bhaile solus ag teacht aníos ó charraig gach oidhche. Aon duine a bhfeicfeadh an solus sin bhéadh sé marbh. Dubhairt Naomh Pádraig

  20. Naomh Pádraig

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Gallóglaigh
    Faisnéiseoir
    Miceál Mac Gallóglaigh

    leis an gasúr a theacht amach go bhfeicfeadh siad an solus. Dubhairt bean an tighe nach leigfeadh sí amach é go mbéadh sé marbh uirthi. Thug sé an gasúr amach agus nuair a chonnaic sé an solus thosuigh an gasúr ag snaoiseadh. Dubhairt Naomh Pádraig Dia linn do snaois an gasúr arís agus dubhairt Naomh Pádraig Dia is Muire linn do snaois an gasúr arís agus dubhairt Naomh Pádraig Dia is Muire is Pádraig linn. Cúaidh an solus amach an fad. Nuair a bhí sin déanta tosuig na draoidhthe ag rádh go raibh