Caoimhín Ó Danachair

Ainm eile
  • Kevin Danaher
Dáta breithe
30 Eanáir 1913
Dáta báis
14 Márta 2002
Áit bhreithe
Áth an tSléibhe; Áth Té, Co. Luimnigh
Gairm bheatha
  • Bailitheoir béaloidis
Naisc
  1. Ainm
  2. VIAF
Eolas

I 1934, thosaigh Caoimhín Ó Danachair — nó Kevin Danaher, mar a ghlaoití air ní ba mhinice — ag bailiú béaloidis ina bhaile dúchais, Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh ar son Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930-35) agus i 1935, nuair a bhí sé fós ina mhac léinn sa tseandálaíocht i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, mhol bainisteoir Árd-Mhúsaem na hÉireann, Adolf Mahr, go rachadh sé in éineacht leis an eitneolaí aitheanta Sualannach Åke Campbell ar thuras páirce go Gaillimh agus Maigh Eo. Chuir an Coimisiún cuireadh chuig Campbell agus Sualannach eile, Albert Nilsson, obair pháirce a dhéanamh in Éirinn samhradh na bliana sin. Cuid de straitéis an Choimisiúin a bhí i gceist leis seo, le hoiliúint a chur ar bhaill foirne an Choimisiúin sna modhanna a bhí forbartha ag béaloideasóirí Sualannacha don obair pháirce, cartlannaíocht agus rangúchán. Bhí tionchar mór aige seo ar ghairmréim Chaoimhín, a dhírigh mórchuid dá thaighde ar an ailtireacht dhúchasach, ábhar a raibh Campbell ina scothscoláire ann.

Tar éis do Chaoimhín céim BA a bhaint amach i 1937, chaith sé tréimhse mar scoláire Humboldt in ollscoileanna Beirlín agus Leipzig, áiteanna a bhfuair sé tuiscint ní ba dhoimhne ar na hábhair ghaolmhara sin, an béaloideas agus cultúr ábharach na ndaoine. Bhí air filleadh abhaile i 1939, áfach, nuair a tosaíodh ag ullmhú do chogadh san Eoraip. Ceapadh é mar ‘shaineolaí ar an gcultúr ábhartha’ ag Coimisiún Béaloideasa Éireann i 1940, ach cuireadh isteach ar an gceapachán nuair a glaodh air séirbhís a dhéanamh in arm na hÉireann, áit ar chaith sé an chéad cúig bliana eile mar theagascóir airtléire i nBeairic an Churraigh. D’éirigh leis, i rith bhlianta an chogaidh, taighde a dhéanamh agus a thráchtas MA a scríobh ar ailtireacht dhúchasach na hÉireann. Nuair a tháinig críoch leis an gcogadh, d’fhill sé ar an gCoimisiún agus i 1946 chuir sé tús le clár de dhianbhailiú páirce agus grianghrafadóireachta a thóg chuig go leor ceantar in Éirinn é, ag bailiú ó chainteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí, go háirithe i gceantair Ghaeltachta in iarthar agus i ndeisceart na tíre.

Léigh tuilleadh faoi Caoimhín Ó Danachair sa bhileog seo.

Líon na dtorthaí: 3,483
  1. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00038

    1938

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  2. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00041

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  3. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00042

    Lonnaíocht: tírdhreach

    Caisleán na Circe, Co. na Gaillimhe

  4. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00043

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  5. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00044

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  6. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00045

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  7. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00046

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  8. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00047

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  9. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00048

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  10. Lonnaíocht: tírdhreach

    A001.01.00059

    1937

    Lonnaíocht: tírdhreach

    An tArdán Thiar, Co. na Gaillimhe