Líon iontrálacha sa taifead staire: 2813 (Taispeántar anseo na 500 ceann is deireanaí.)
ball sinsearach (stair)
2023-06-08 20:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a dtosach agus dubhairt sé gur bí seo an inghean a bfhearr leis. Chuaidh an bheirt aca isteach sa seomra agus fuair siad iad fhéin réidh le h-aghaidh an bhealaigh. D'imthigh leo moch go maith agus nuair a chonnaic an Rí ag imtheacht iad bhí brón agus briseadh croidhe air. D'imthigh leo thar chnoc agus gleann go dtáinic siad i dtír in Éirinn. Shiubhail leo go dtáinic siad go dtí tigh a athair. Nuair a chonnaic an t-athair ag teacht iad ní rabh fhios aige beo cé bhí ann ach chomh luath agus labhair a Mhac bhí fhios aige gur bé bhí ann. Isteach leo agus nuair a chuaidh siad isteach ní rabh duine ar bith istigh ach máthair agus athair Mhac an Rí. Bhí fáilte rómpa agus chaith siad an oidhche sin le spóirt agus le siamsa. Cupla lá na dhiaidh sin pósadh iad agus bhí bainis seacht lá agus seacht noidhche aca. Níor mhaith le inghean an Rí a bheith in Éirinn agus dubhairt sí le Mac an Rí lá amháin go gearr go mbeadh sí fhéin ag dul abhaile go dtí a h-athair. Dubhairt Mac an Rí léithe gan a dul ach fanacht sa n-áit a rabh sí. Ba cuma léithe. Níor thug sí aon áird ar a chuid cainnte. Maidin bhreágh d'éirigh sí go moch agus ghléas sí í féin i gcóir an bhealaigh. Amach léithe agus d'imthigh go dtáinic sí go tigh a h-athair. Nuair a
ball sinsearach (stair)
2023-06-07 17:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní rabh sé ag déanamh aon mhaith go dtáinig inghean an [!] léith le na dhinnéar aige. Is gearr go dtáinig sí anuas agus dubhairt sí leis a dhul ag ithe a dhinnéar agus go mbeadh na caiple istigh aice fhéin nuar a bheadh sé réidh. Chuaidh sé ag ithe agus nuair a d'éirigh sé bhí na caiple istigh aice. Chuaidh inghean an fhir léith abhaile agus d'fhan Mac an Rí na shuidhe síos go dtáinig am dinnéar. Chuaidh Mac an Rí abhaile ach níor thug sé aon áird ar an fear beag liath faoi na caiple. Chuaidh Mac an Rí a chodhladh le tuitim na h-oidhche mar bhí aistear fada roimhe an chéad maidin eile. D'éirigh Mac an Rí chomh luath agus d'éirigh an ghrian. Bhí an fear beag liath na shuidhe chomh luath leis. "Tá tú ag dul abhaile indiu", adeir an fear beag liath agus is maith an obair atá déanta agat le trí lá. Má is maith leat anois é tá triúr inghean agam agus is maith le duine aca a dhul i n-aonfheacht leat. Chuir an fear beag liath isteach i na seomra é agus bhí an triúr ban istigh sa seomra roimhe. Sí an inghean a bhíodh ag dul le na dhinnéar aige a chonnaic sé
ball sinsearach (stair)
2023-06-06 18:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhul a chodladh thug Mac an Rí a aghaidh ar an leaba. Ar maidin d'éirigh mac an Rí chomh luath agus a d'éirigh an ghrian. "Tá obair agam dhuit a Mhac Rí" adeir an fear beag liath chomh luath agus d'éirigh sé. D'ith sé a bhéile agus amach leis. Sé an obair a chuir sé ar an lá seo snáthad a bhí sa gcró a chaill a shean-mháthair a bheith aige sul a mbeadh an ghrian faoi tráthnóna. Chuaidh Mac an Rí síos agus ní rabh sé ag déanamh aon mhaith go dtáinic Mac an Rí go dtí a dhinnéar. Chuaidh sé ag ithe agus nuair a bhí sé réidh bhí an t-snáthad ag inghean an fhir léith. D'imthigh inghean an fhir léith abhaile. D'fhan Mac an Rí na shuidhe síos go rabh an ghrian ag dul faoi tráthnóna. D'imthigh leis agus an fáinne aige. Nuair a chuaidh sé suas níor thug sé an fáinne don fhear beag liath go dtí go rabh sé ag dul a chodladh. Thug sé dó é ach b'fhearr leis gan é bheith aige chor ar bith. Chuaidh Mac an Rí a chodladh agus bhí sé na shuidhe chomh luath agus d'éirigh an ghrian an tríomhadh lá. Bhí an aimsir istigh aige sa domhan thoir anois ach an lá seo. Dubhairt an fear beag liath leis a dhul amach agus na caiple a chuir isteach. Chuaidh sé síos ach nuair a chonnaic na caiple é rith siad chomh maith agus bhí siad indon.
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 13:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dimthig sé.
D'imthigh mé féin fosta, agus chuala mé gur tháinic an bhean agus an fear le chéile aríst agus gur innis sí dó gurbh í féin an abhchóide agus gur mhair siad saoghal fada agus pléisiurdha.
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 13:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'iompuigh an abhchóide ar an gcosantóir, "imthigh leat as seo agus ná feicim annseo arís thú." Rinne sé réidh chun dul ach glaoidh glór amach i lár na cúirte, níl sé réidh go fóill. hAmarcadh thart agus annsin i lár an urláir, bhí fear an ghaimbín agus ag craitheadh giota pháipéar a rabh rud eigean sgriobhtha air.
"Cá' as a bhfuil tú ag eileamh," arsa breitheamh "Bliadhan as lá indiú thug mé seacht bpunta de óir den fhear seo agus de réir an mhargaidh a rinneadh ba chóir an tairgead a bheith agam anois.
"Bhfuil an tór agat" arsa breitheamh leis an bpriosúnach. "Níl" ar seisean. "Caithfidh tú seacht bpunta de do chuid feóla a chailleadh.
Cé ghearrfas an oiread feóla sin, Gearrfaidh mise é arsa' búistéar a bhí istigh.
"Gabh treo annseo" arsa fear a' dlighe "agus déan é ach má ghearrann tú níos mó nó níos lugha, nó má dhóirteann tú aon deór fola, bainfear an cloigeann díot leis an gclaidheamh bheag seo," a' taisbeáint a leithead.
Ní plé ar bith seo agus d'imthigh sé, "Duine eile a fhiacfas", arsa an abhchóide. Char labhair duine.
Anois arsa sé leis an bpriosúnach gabh
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 13:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
beag agus sgaoil sí leis an mbeithidheach. Ní raibh smig as.
Shiubhal an bheirt le chéile go teach a' dlighe. B'eigean den Dálach a beith ag tabhairt fiadnuise in éadan a chliamhain. De réir cosamhalachta bhí an dlighe ag teacht anuas go trom ar Sheán.
Thosaigh Abhchóide Sheáin len a chuid ceist.
Ní rabh ach fochal amháin as a bhéal nuair a d'amarc gach uile duine a rabh i láthair air. Caidé b' sgéal dó? Bféidir a óige. Bféidir nár bh'eadh. "Is maith an sgéaluidhe an aimsir." Tcidhfidh muid.
"Ar thug an fear seo" arsan Abhchóide, "or duit nuair a phós se do ingean?" Thug. "Cad tuige" arsa sise. D'innis sé dí. "Nár cheannuigh sé í. Cheannui[gh] ar dhóig.
Maith go leór, ar cheannuigh mise beithidheach uait maidín indiú. Cheannuigh go cinnte. Caidé rinne mé leis. Mharbh tú é. Nach raibh cea[d] agam. Bhí ar n dóighe. Tuige nach mbeadh cead ag an duine seo, rud ar bith na mhian leis a adhéanamh. [!]
Níl mé ag congbháil sin uaidh." Tá" arsa fear a' dlighe. "Mar dubhairt tusa cheana féin, ceannuigh sé do inghean agus de réir gach uile chineá[l] do dlighthe is leis féin í. Nach headh. Is eadh" arsa Dálach, agus leis sin chaill se an cás.
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 13:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aige go raibh sí ina h-éadaire. Bhí a shaith anois aige. Tháinic an Chailleach fá dhéin an bhosca cúpla lá in a dhiaidh sin.
Nuair a chuaidh an caiptín ar bórd, d'innis sé an sgéal do Sheán agus tháinic sé abhaile agus é ar mire leis an bhfeirg. Thug sé amach a bhean agus chaith sé san abhainn í. D'imthigh seisean.
Níor báitheadh í. Tháinic sí isteach le tárrtáil crainn, ach d'fág sí eisean agus d'fhastuigh sí. Chuala an Dálach an sgéal agus nuair nach raibh a fear ábalta innse dó cá n deachaidh sí caitheadh isteach san bpriosún, agus ar ball tugadh oscomhair a' dligheadh é.
Chuala a bhean é agus diarr sí ar a máistir an dtiubhradh sé culaith fir dí, agus dubhairt sé go dtiubhradh. Ghléas sí í féin i gculaith an fhir agus ní aithneochadh aoinne í. Ar siubhal léithí chuig teach na cúirte. Cé casadh duithe acht a h athair. Níor aithn seisean í.
"Bhfuil fhios agat" arsa sise leis, "cách a bhfuil beithidheach le díol aige. Níl fhios" ar seisean "bféidir go n déanfadh an ceann seo gnoithe duit. Níl mórán maith ann ach is fearr é na a beith folamh. Cé méad? H innsigheadh dúithe. In diaidh tamailt ag cur leis agus ag baint dó, rinneadh an margadh. Ní luaithe rinneadh ná tharraing sí guna
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 13:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh sé ar bórd luinge. I gcabán an chaiptín chonnaic sé falaing deas crochta ann agus chonnaictheas dó go mbeadh sé an fhoirstin ag a bhean féin, agus dubhairt sé seo leis an gcaiptín.
"Duine an a bhródhamhail tusa a mhic" ars an caiptín "Nach bhfoireóchadh sí bean eile comh maith le do bhean-sa. Ní fhoireóchadh" arsa Seán. "Fan tusa annseo go dtagai[m] arais agus fágaim an soitheach in do mhuinighin go dtí sin," arsa caiptín agus d'imthigh sé leis.
Chuig Cailleach na gCearc dimthigh an caiptín. Dinnis sé dí caidé abhí sé a' iarraidh. "Tá mise leat" ar sise, "ach caithfidh tú a beith istigh i mbosca agam agus teidhfidh tú agus cluinfidh tú gach sórt fá dtaoibh duithe.
Go luath ar maidin lá'r na bhárach, d'imtigh an chailleach agus sgith no staonadh ní dhearna sí gur tháinic sí fhad leis an teach in a raibh bean Sheáin in a comhnuidhe. Cuireadh fáilte mhór róimpí ach arsa sise, "tá mo dheirbhsiúir i gcontabhairt báis, an gcongbóchaidh tú an bosca seo go go dtiocfaidh mé arais. Congbhóchaidh gan amhras" arsa bean a' tighe.
Fágadh an bosca san gcoirnéal, chonnaic sé go raibh sé doigheamhail ach go raibh sí ag caint go mio-shásta léithi féin fá dtaoibh de'n chéile, i [?] a rádh go raibh sé ar shiubhail le mná eile. Bhí fhios
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 13:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cheannuigh do cuid talaimh." Cuaidh agus fuair siad míle fáilte uaidh, agus dfan siad aige trí mhí.
Is doiche go raibh siad a' eirigh rud beag náirighthe ag fanacht chomh-fada leis agus d'imthigh siad ag iarraidh fásta. D'fhástuigh an bheirt. Bhí an fear in a thiománaidhe ag rí agus an bhean ag tabhairt aire den bhanrioghan ag cur éadaigh uirrí agus a mbaint duithe.
Bhí go maith agus cha raibh go holc. D'fan siad annsin tamalt. Lá amháin bhí an fear agus an rí amuigh agus chuir an rí ceist air an raibh aithne aige ar an mhnaoí a bhí ag freastail ar an mbanrioghan. Dubhairt seisean go raibh, agus d'innis sé an sgéal dó ó tús go deireadh. Bhal arsa an rí tá tú fada go leór agam. Bheirfidh mise duit an oiread óir is a cheannóchas do chuid talaimh ar ais aríst.
Fuair Seán óg an tairgead agus cheannuigh sé a áit fhéin ar ais. Mhair an lanamhain go socamhaileach annseo, agus i gcionn tamailt bhronn Dia ortha mac óg.
"Rachaidh mise" arsa Sean, lá, "chuig an rí go dtabharaidh muid ár seacht mbeannachtaí dó fá choinne an oillmaithis a rinne sé. Chuaidh ach bhí an rí ar shuibhail Bhí sé ag baint faoí i Lundain fán am seo. Dimthigh Seán in a dhiaidh go innseochadh sé an sgéal dó.
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 13:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar an taobh eile dó ach ba truime ise ná an tór. Nach mbainfeadh a leitheadh uchtach de dhuine ar bith? Bhainfeadh leóra de bhunadhas aca, ach ní chastar macsamhail Sheáin uirrí gach lá.
D'imthigh sé imbéal a chinn arís ag tabhairt a aghaidhe ar thoigh an fhir-ghaimbín. Níor Shlock a shloinneadh-sa, ach bhí sé comh-chrionna leis. Rinneadh margad eatorra, agus de réir an sgéil ba' é seo é:- "go ndíolfadh Seán na seacht bpuntaí óir bliadhan ó'n lá sin nó go gcaillfeadh sé seacht bpuntaí d'á chuid feóla as áit ar bith in a chorp ba mhian le fear a' ghaimbín." Dhéanfadh Seán dath ar bith ach an cailín deas a bheith aige. Dimthigh sé arais chuig an Dálach. Tomhasadh aríst i féin is an tór, agus an iarraidh seo bhí a shaith ag Seán.
Pósadh iad, agus mhair an bhainfeis naoi noidhche agus naoí lá, agus bfearr an oidhche deireanach ná an chéad cheann.
B'eigean do'n lanamhain a dhul as teach an Dálaigh, go mbeadh seans ag an inghean eile eile, [!] fear a fhághailt, lanamhain greannmair b'eadh iad gan teach, gan díon, gan pighinn.
"Caidé a dhéanfas mar (muid) anois," arsa fear. "Rachamar", arsa sise "chuig an bhfear a
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 11:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bean a' dlighe.
Fear saidhibhir agus sanntach bu eadh Seán Mór Ó Domhnaill as Tír Connaill. Bhí beirt nigheanach aige, ceann aca in a mnaoí ba dhóigheamhla, is ba deise in a cuma, a maoin améin is a sgéimh a chonnaic tú a riamh, agus an ceann eile comh míofhuar is d'féadfadh bean abheith.
Tháinic Seán Óg Ó Cléirigh a' iarraidh na mná áilne mar bhean céile. "Ní bhfuighfidh tú a choidhce í muna a bhfuil a meachan de ór agat", arsa an tathair leis. Bhí fhios ag an bhfear nach raibh sin aige agus dimthigh sé.
Bhí fhios ag an athair go bhfuigheadh an cailín deas, fear lá ar bith. Ní rabh aicí ach an focal a rád agus thiocfadh tréan sgoth fear in a cómhair, ach níorbh amhlaidh leis an ngirsigh eile. Bféidir go bpósfadh sí lá éigin, ach ní ghlacfadh fear ar bith i ar a son féin.
Dhíol Seán Óg Ó Cléirigh a chuid talaimh agus leis an airgead tháinig sé arais arís chuig athair na girsighe Cuireadh an t ór sa sgála agus an cailín
ball sinsearach (stair)
2023-06-05 09:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
duine dhó. Chuaidh sé isteach agus chonnaic sé an fear beag liath na shuidhe a gcathaoir. "Dia dhuit" adeir an fear beag liath. "Dia is Muire dhuit" adeir Mac an Rí. "Is fada an t-aistear ort é a Mhac Rí" adeir an fear beag liath. "Má bhí" adeir Mac an Rí is gearr a bhí mise ag teacht. "Tá obair agam dhuit anois". "Tá sean chró thíos annsin agus chaill mo sean-mháthair fáinne ann fadó agus ba mhaith liom é a bheith agam". "Imthigh leat anois agus bíodh sé agat dhom sul a mbéidh an ghrian ag dul faoi tráthnóna. Chuaidh an fear beag liath síos in aonfheacht leis. Ní rabh sé ag déanamh aon mhaith go dtí am dinnéir. Chuaidh inghean an Ríogh síos le na ndinnéir aige. "Níl tú ag déanamh aon mhaith" adeir inghean an Rí. "Ith do dhinnéar" adeir sí. leis agus béidh an obair déanta agam-sa nuair a bheas tú réidh". Thosuigh sé ag ithe agus nuair a bhí sé réidh bhí an fáinne ag inghean an fhir liath. Chuaidh an cailín abhaile go dtí a h-athair agus d'fhan Mac an Rí na shuidhe go rabh an ghrian ag dul faoi. Chuaidh sé suas go dtí an fear beag liath agus níor innis sé dhó go rabh an fáinne aige chor ar bith. Faoi cheann uair thug sé dhó an fáinne ach bfearr leis an bhfear beag liath gan é a bheith aige chor ar bith. Nuair a bhí sé i n-am aige a
ball sinsearach (stair)
2023-06-04 08:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
beag liath ann. Chuaidh siad ag imirt agus d'éirigh le Mac an Rí arís. Séard a chuir sé air a déanamh an t-am seo chuile seomra a líonta le ór agus le airgead. D'imthigh Mac an Rí abhaile agus d'imthigh an fear beag liath a bhealach fhéin. D'éirigh Mac an Rí chomh luath agus d'éirigh an ghrian. Chonnaic sé chuile cheann do na seomraí líonta le ór agus le airgead agus an ceann a rabh sé na chodhladh. Nuair a chonnaic sé sin tháinig an áthas air. Chuaidh sé síos an chéad lá eile agus bhí an fear beag liath ann roimhe. Chuaidh siad ag imirt agus d'éirig leis an bhfear beag liath an turas seo. "Ta aistear fada rómhat a Mhac Rí" a deir an fear beag liath. Ná h-ith agus ná h-ól aon deór go dtiocfa go dtí mise sa domhain thoir. Chuaidh Mac an Rí abhaile brónach go leór. Nuair a chuaidh Mac an Rí abhaile níor inis sé dhá mháthair go rabh aistear fada roimhe. Bhí sé na shuidhe an chéad lá eile chomh luath agus d'éirigh an ghrian. Thug sé leis mála aráin agus d'imthigh leis agus níor stop sé go dtáinig go dtí an fhairrge. Sheol sé leis ar feadh sheacht lá agus sheacht n-oidhche go dtáinig sé go dtí an domhan thoir. Nuair a chuaidh sé amach as an lung chonnaic sé teach chomh breágh agus chonnaic sé ariamh. Shiubhail sé leis agus tháinig sé go dtí doras an tighe. Bhuail sé ar an doras agus d'osgail
ball sinsearach (stair)
2023-06-03 08:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An sean-fhear agus Mac an Rí.
Bhí fear ann fadó agus chuile lá bhíodh sé síos ag an gcladhach. An lá seo chuaidh sé síos an mhoch agus ní rabh sé abfadh ann go dtáinig long isteach i dtír. Chuaidh sé síos go dtí í agus cé bheadh ann ach fear a rabh gruagh liath air. "D'ia dhuit" a deir an fear. "D'ia is Muire dhuit" a deir an buachaill. "Tá cártaí agam" a deir sé agus ba mhaith liom a dul ag imirt. Má is maith leat é is maith liom é freisin. Chuaidh an bheirt aca ag imirt agus d'éirigh le Mac an Rí. D'éirigh an darna h-uair leis agus an tríomhadh h-uair. Ní rabh ar Mac an Rí ach rud ar bith ba mhaith leis a iarraidh bhí sé le fágháil aige. Séard a chuir an buachaill ar a déanamh an pháirc a líonadh le chuile cineál [!] agus é a bheith déanta le éirighe na gréine. Bhí an buachaill na shuidhe le éirighe na gréine agus chomh luath agus bhreathnuigh Mac an Rí amach chonnaic sé an pháirc líonta le beithigh. Glaodh sé ar athair agus dubhairt sé leis go rabh neart beithigheach againn anois. Chuaidh sé síos an darna lá agus bhí an fear
ball sinsearach (stair)
2023-06-02 21:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ins an áit ar a dtugtar an sean-bhaile tá sé daithte leó. Deir na sean-daoine seo nach raibh teach ar bith ins an áit na bfhuil anois Gur ar an sean-bhaile a bíodh a raibh ar an mbaile ina gcomhnaidhe
ball sinsearach (stair)
2023-06-02 21:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is é Poll Uí mo bhaile comhnaidhthe. Is baile beag é. Tá fiche agus a dó teach ann. Tá seacht dteach ceann slinne ann an chuid eile faoi thuighe. Is é an bhaile is fuide ó dheas san Oileán é. Tá mo bhaile lán le sean-daoine a bhfuil neart sean-sgéalta aca. Tá cuid aca indon cuir síos ar Imtheachtaí an Domhain Thoir is ar Imtheachtaí an Domhain Thiar. Tá Micheál Ó Cualáin ar dhuine aca. Pádraic Ó Loclainn. Seán O Cualáin. agus Siobhán Ní Chualáin, Michéal Ó Cualáin agus Nóra Ní Chualáin, Máire Ní Donnchadha, Máire Ní Lochlainn, Micil Ó Conghnaile, Máire Ní Bhéartha, Pádhraic Ó Culáin, Miceal Ó Gríobhtha, Colm Ó Lochlainn, Liam Ó Cualáin, Nóra Ní Chualáin agus Colm Breathnach. Tá a lán sean-bhallaí agus sean fhothracha i mo bhaile agus thíos in iochtar baile
ball sinsearach (stair)
2023-06-01 17:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
le feiceál fós taobh thiar don áit a raibh Donnchadh 'na seasadh. Chaith sé an dara cloc agus bhuail sé Donnchadh agus mharbhuigh sé é. Deirtear gur thuit Donnchadh anuas nuair a buaileadh é agus tá leach san ngarrdha ar thuit sé agus tá fuil uirri. Annsin tháinic Muirinn anoir agus thóig sé an baile agus tugtar Poll Uí Mhuirinn ó shoin air.
ball sinsearach (stair)
2023-06-01 17:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ainmneacha na mBailte.
Poll Uí Mhuirinn.
Tá mé mo chomhnuidhe i bPoll Uí Mhuirinn. Tá Poll Uí Mhuirinn in bParáiste na Ceathramhain Ruaidhe
Tá go leór fothrach tighthe ann agus mo daoine a bhí fadó ann na anois. Is tighthe ceann tuigheadh is mó atá ann. Tá dhá theach a's fiche ann agus níl acht chúig theach ceann slinne ann. Tá tuairim's leath do'n bhaile 'na gCúalánaibh acht dhá theach. Tá trí dhuine dhéag ann faoí dheich mbliana 's trí fichid agus tá gach duine aca indon scéal a innseacht in Gaedhilge. Is í an Gaedhilge an gnáth theanga na ndaoine. Is iad na daoine atá indon scéalta a innseacht in Gaedhilge ná Mícheál, Míchéal, Pádraic, Seán, Nóra, Nóra Ó Cúaláin.
Is é an fáth gur bhfuair Poll Uí Mhuirinn a ainm. Bhí dhá fhathach 'na gcomhnaidhe ann agus sé an tainm a bhí ortha na Muirinn agus Donnchadh. Ba mhaith le chaon duine aca an baile a bheith aige féin. Shocruigh siad annsin lá le dhul ag troid agus an té nach mbeadh buailte is aige sin a bheadh an bhaile. Dimthigh leó lá agus chuaidh chaon duine aca ar an dá chnoc ab'oirde. Chuaidh Muirinn soir agus cuaidh Donnchadh siar. Sheas Muirinn ar chnoc taobh thoir agus sé an tainm áta ó shoin air na an Chnoc Mór. Sheas Donnchadha ar Chnoc thiar agus tugtar Cnoc Uí Donnchadh ó shoin air. Chaith Muirinn cloch anoir agus tá sí
ball sinsearach (stair)
2023-05-31 18:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá sé thoir 's tá sé thiar is tá sé ingairdín i mBlá Clia[th,] ba mó a ghreim ná greim capaill agus ní bhlaisfeadh sé d'aon bhiadh.
Speal.
Leigeadh géim is ní géim bó í, ní géim capaill, 's níl sé beó.
Leac-oighre a bheadh ag sgoilteadh.
Cé'n taobh den chupán a bhfuil an lámh air?
Taobh amuigh.
Fear anoir, fear aniar, fear innseacht mo sgéil agus fear gan croidhe gan fuil.
Litir.
Braithlín bhuidhe ar thaobh an tighe, is deacair i sníomh ná í chárdá[il.]
Grian.
Siúd sa gclúid é agus dhá chéad súil air.
Pota soup.
Tá sé amuigh ort agus tá sé istigh ort agus ní trom leat é.
T-Ainm.
Fear sa ngarrdha agus céad cóta air.
Gas gabáiste.
Casadh mo mhama orm, bhí srón airgid uirthi agus méaracha iarainn, sí chuirfeadh an ruaig ar mo préacháin.
Gunna.
ball sinsearach (stair)
2023-05-30 20:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bairille ar an tsráid 's a dhá ceann dúinte.
Ubh.
Cé méad gob a bhuailfeas an chearc ar an urlár go mbeidh deich ngráinne ithte aici.
Aon ghob amháin.
Deatach sa ngleann 's gan aon dé ann.
Ceó.
An rud a dtógfainn-se glaic air ní chuirfeadh an righ gad air.
Gainimh.
Chuartuigheas is fuaireas. Dob'fhurasta dom fhághail, rud nach bhfuair Dia 's nach féidir leis fhághail.
Máighistir.
Tá sé istigh 's tá sé amuigh agus dheamhan uair nach bhfeicim é.
Leim-tsop.
Mo dhada bocht nocht 's a mhaide faoi'n ucht 's é ag ól deoch as tobar na féasóige.
Frog.
Ceithre bhairille ar an tsráid, a mbéal fútha agus íad lán.
Ceithre shine bó.
Céard a shiubhalas ar a mhullach.
Jack a bheadh i mbróga.
Céard is doimhne ná an fhairrge mhór.
Méaracán táilliúra.
Chím é 's ní fheicim é. Chím é 'do chuideachta. Siubhlann sé an bán is an drúcht is ní bhriseann sé.
Sgáile an duine.
ball sinsearach (stair)
2023-05-29 17:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Triur cloinne do chloinne a chéile chuaidh ag baint slat ar bhruach Loch Éirne. An tslat a bhain siad chaith siad uatha í agus an tslat nár bhain siad thug siad leo í.
Geabha ag piocadh clumhaigh.
Tá trí fichid páiste ag Pádraic ÓFloinn, tá trí fichid mála ag gach páiste aca sin. Tá trí fichid fata ins gach mála aca sin 's cé méad sin fata ag Pádraic ÓFloinn.
Ní raibh ceann ar bith aige.
Fear beag ina sheasamh le claidhe, d'íosfadh sé gach a gheobhadh sé ach ní ólfadh sé uisce.
Teine.
Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche.
Casán.
Droichead ar loch gan maide gach cloch.
Leac-oighre.
Trí cosa nach siubhlann, béal mór nach ndúnann agus tóin gan drioball.
Pota.
Tá sé chomh cruinn le ubhall, tá sé chomh doimhin le cupán agus ní iompróchadh an saoghal é.
Tobar.
Moiltín iarainn agus drioball olna air.
Snáthad a mbeadh snáithe ann.
Tá garrdha beag agam, tá sé lán le beithidhigh bana agus níl ann ach bó bhuidhe amháin.
An teanga agus na fiacla.
Pota óir 's é lán d'fheóil beo. Méaracán.
ball sinsearach (stair)
2023-05-28 09:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh mé suas an bóithrín agus tháinig mé anuas an bóithrín agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim.
Dréimire.
Chuir sé slat aréir agus bhí sé chomh h-árd leis an aer ar maidin.
Deatach.
Chaith mé suas chomh bán le eala agus tháinig sé anuas chomh buidhe le ór.
Ubh.
Capall sa stábla agus í ag rith sna cosa n-áirde agus gan í ag corrughadh aon chois.
Túirne.
Dhá chois ar an talamh, trí cosa in-áirde agus ceann an duine bheó istigh i mbéal an duine mharbh.
Fear a mbeadh pota ar a cheann.
Shiubhal mé agus thóig mé, chuartaigh mé 's ní bhfuair mé. Dá bhfuighinn ní thiubharfainn agus thall nach bhfuaireas thugas.
Dealg.
Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag déanamh eolais agus Tóbaidh ar deire.
Bó a bheadh ag rith le fíbín.
Trí muca dubha, dubha dubhradán ar shliabh fatha fuaradán a n-aghaidh siar ar charraig an rian agus gad ar do ghiall mara dtomhaisidh tú.
Trí chruach mhóna.
Ní fuil 's ní feóil 's ní cnámh é. As fuil 's as feóil a d'fhás sé, biadh do chuile dhuine é agus ní itheann duine ar bith é.
Ciach.
ball sinsearach (stair)
2023-05-27 09:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siúd chugam thríd an sruth fear áilne na gréine, fear an chóta dheirg agus snáithe dearg ina léine.
Gliomach.
Thuit molt le fánaidh aille agus níor briseadh aon chnámh ann.
Seilmide.
Chonnaic mé fear ag tigheacht an bhóthar agus a theach ar a dhrui[m.]
Seilmide.
Mamó ar an lota agus í ag cur alluis.
Mála Braithe.
Dhá bhó bhainne ar chnoc na gaoithe, ceann san oidhche agus ceann sa ló.
An Ghealach 's an Ghrian.
Tá poll ar an teach agus ní h-é an doras é.
Seimléar.
Girrfhiadh sa sliabh agus cú ina dhiaidh.
Snáthad agus snáithe.
Siúd faoi'n gcómhra é, siúd faoi'n stól é, siúd amach an doras é.
Cuileóg.
Tobairín fíor-uisce ar thaobh an tighe agus dubhshlán fear in Éirinn a éadan a nighe.
An ghrian ag sgalladh.
Tháinig sé isteach ar dhruim na ndaoine agus chuaidh sé amach chomh mín le síoda.
Móin.
Tá sé bhus 's tá sé thall agus tá sé ar dhruim na caora ghlas.
Ceo.
Daideó sa gclúid agus dhá chéad cóta air.
Meall gabáiste.
ball sinsearach (stair)
2023-05-26 17:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tomhasanna.
Tobar fíor-uisce i lár an bhaile, bolltaí iarainn 's géarsighe maidí.
Caig Fuisce.
Giorrán bán 's chúl le aill 's é ag gearradh aráin go tiugh.
Bró.
Níl sé istigh 's níl sé amuigh 's cá bhfuil an lá nach bhfeictar é.
An Fár-Doras.
Bhreathnuigh mé amach trí fuinneóig Dhaideó agus chonnaic mé rud marbh ag iomchur rud beó.
Rothar.
Chuaidh beirt fhear amach ag baint chlocha. An méad a bhain síad d'fhág síad 'na ndiaidh íad agus an méad nár bhain thug siad leo íad.
Dhá charróg a bhain díobh a gcuid clumhaigh.
Stáca dubh dorcha indoras gach aon tighe.
Cárnán Aoileach.
Chuaidh mé siar 's aniar an bóithrín agus thug mé na muigíní ar bharra mo chosa liom.
Sneachta.
Teach mór mór é, coinnleóir óir é, tomhais go beo é ná sgaoil thart é.
Na Flaithis.
Siúd chugam fríd an sruth, fear gan léine, fear gan crios, fear na coise caoile cruaidhe is é an truagh nach bhféadaim rith.
An Bás.
ball sinsearach (stair)
2023-05-25 17:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a chúl iompuighthe leis ghoid sé na caoirigh uaidh. Annsin chuaidh sé ar ais go dtí an fear agus dubhairt sé leis go raibh na caoirigh goidthe aige. Thug an fear chúig phunt dó. Lá eile bhí an fear céadna ag dul an bóthar agus tuille caoirigh aige. Chuaidh Jack isteach sa gcoill agus thosuigh sé ag méidhleach. "Sin iad na caoirigh a d'imthigh uaimse an lá cheana", adubhairt an fear. Isteach leis sa gcoill. Chuaidh an buachaill amach an taobh eile agus ghoid sé na caoirigh uaidh. Fuair sé chúig phunt eile. Chonnaic sé an fear lá eile agus ceathramha caorach aige. Chuir sé cóta dearg air féin. Tháinig sé roimh an bhfear agus d'iarr sé an cheathramha chaorach air. Shíl an fear gurb í a bhean a bhí ann agus thug sé dhó í. Fuair Jack chúig phunt eile. Annsin bhí chúig phunt déag aige agus na caoirigh. Tugadh Jack an Gaduidhe Dubh air uaidh amach.
ball sinsearach (stair)
2023-05-25 17:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air, Jack, an Gaduidhe Dubh. Nuair a bhí sé ina ghasúr thug a mháthair faoi deara go mbiodh sé ag goid chuile shórt. Ní raibh a fhios aici céard a dhéanfadh sí leis. Maidin amháin, d'éirigh sí an mhoch agus chuaidh sí ag teach an phobail. Rith an gasúr leis agus bhí sé i dteach an phobail roimh a mháthair. Chuaidh sé ar a glúnaibh agus thosuigh sí ag iarraidh ar Dia céard a dhéanfadh sí leis. Bhí an buachaill taobh istigh den altóir agus dubhairt sé, "Cuir le gaduidheacht é." Shíl an bhean gur bhé Dia a labhair. D'éirigh sí agus chuaidh sí abhaile. Sé an rún a bhí aici a chur le gaduidheacht. Chuir sí ag fear é a múinfea[dh] dó le gaduideacht a dhéanamh. Bhí sé ag foghluim scathamh. Lá amháin chonnaic Jack agus an fear fear ag dul an bhóthair agus caoirigh aige. Dubhairt an fear le Jack dá mbeadh sé indon na caoirigh sin a ghoid go mbeadh sé chomh maith leis féin agus go dtiubharfadh sé chúig phunt dó. Bhí dhá bhróig nua ag Jack. Chaith sé ceann aca ar an mbóthar roimh an bhfear agus chaith sé an ceann eile míle as an áit sin. Nuair a chonnaic an fear an bhróg nua, dubhairt sé leis fhéin nach raibh aon gnótha aige di nuair nach raibh a leath-cheann eile aige. D'imthigh sé leis. Nuair a bhí míle siubhalta aige casadh leis an bhróg eile. "O, a dheabhail," adeir sé, "chonnaic mé a leath-cheann sin cheana. Rithfidh mé ar ais ghá h-iarraidh agus fanfaidh na caoirigh annsin go dtigidh mé." Nuair a fuair Jack
ball sinsearach (stair)
2023-05-24 17:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an diabhal a bhí ann. Bhí na fir óga ag gáire agus ag magadh faoi na daoine mar gheall ar an gcleas a rinne siad.
ball sinsearach (stair)
2023-05-24 17:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí sean-fhear sa tír seo fadó agus ní raibh duine ar bith 'na chomhnuidhe in-éindigh leis. Fuair sé tinn agus as an tinneas fuair sé bás. Bhí beirt fhear óg do'n bhaile in-éindigh leis nuair a fuair sé bás. Leagadar amach é le na thórraimh nuair nach raibh ann ach íad féin. Chuir siad rópa air thar timcheall a ghuailnibh agus síos faoi an mbord sios go dtí a chosa. Nuair a tháinig an oidhche, chruinnigh daoine óga an bhaile isteach le na thórramh. Dubhairt síad le na chéile thall go raibh an sean-fhear an tsean, go mba cheart ceól a chur air agus damhsadh a chur air an torramh. Chuireadar fios ar phíobaire. Nuair a bhí siad uilig cruinnighthe agus an ceol ar bun shuidh an fear óg ag cosa an chuirp. Tharraing sé an rópa. Leis sin d'éirigh an fear caillte suas. Scannruigh na daoine agus thosuigh siad ag rith amach i mullach a chéile an dorus. Ar a dhul amach don píobaire chaill sé mála an cheóil. le raibh d'faitchíos air. Cuireadh fios ar an sagart agus h-innsigheadh an scéal uilig dó. Dubhairt an sagart gur seafóid a bhí orra. Chuaidh sé féin isteach i dteach an chuirp. Ar a dhul isteach dhó sheas sé ar mhála an cheóil. "Má-á-á" adeir an mála. Scannruigh an sagart agus rith sé féin agus dubhairt sé leis na daoine gurbh é
ball sinsearach (stair)
2023-05-23 19:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Níl mé ag iarraidh tada" adeir sé, "ach mo dhóthain le n-ithe agus le n-ól" Fuair sé sin. Nuair a bhí a dhóthain ithte aige thosuigh sé ag smaoineadh ar an gcleas gránna a rinneadar air. Thosuigh sé ag scríobadh an fháin[ne] agus shíl sé nach raibh maith ar bith ann. Tháinig an t-iollar arís go dtí é nu[air] a scríob sé an fáinne. "Mise máistir an fháinne," agus rud ar bith atá ag teastáil u[ait] caithfidh tú a fhághail." "Níl mé ag iarraidh tada" adeir sé ach mé thabhairt suas[."] Chuir an t-iollar ar a dhruim é. "Nuair a gheobhthas mise baladh an aeir béidh mé ag tuitim anuas ach éirigh thusa go léim agus teara ar an mbruach agus tharraing mi[se] suas. Rinne sé sin. "Tá an-ocras orm" adeir an t-iollar nuair a bhí sé thuas. "'S gearr a bheidheas" adeir Pronns William. D'imthigh leis agus mharbhuigh sé cúig go chaoirigh don t-iollar. D'ith sé a dhóthain. D'imthigh leis an iollar annsin agus bhí g[abha] ar an mbaile. Sé an t-ainm a bhí air Cormaic. Bhíodh Pronns William ag obair [a]g an ngabha roimhe sin. Tháinig Pronns William go dtí é lá ag iarraidh oibre agus níor [aithnigh?] sé é. Chuaidh sé ag bualadh uird. "Ní fhaca mé aon fhear chomh maith leat ó d'imthigh Pronns William uaim cheana." Ní raibh sé i bhfad ann gur chuir an bhean óg scéal ag an ngabha cróin a dhéanamh di mar a bhí ag an bhfathach sa domh[an] thíos. Nuair a fuair an gabha an sgéal sin thosuigh sé ag caoineadh mar nach raibh sé indon é sin a dhéanamh dhi. Dubhairt Pronns William leo stopadh go ndéanfaidís sórt ceann lá na bhárach. D'éirigh sé go m[och] ar maidin agus scríob sé an fáinne agus tháinig an t-iollar go dtí é, agus dubhairt sé leis an cróin a bhí ag an bhfathach thabhairt aige agus thug. Nuair a chuala agus [!] dara bean é sin chuir sí sgéal ag an ngabha cr[óin] a dhéanamh di mar a bhí ag a fathach féin sa domhan thíos agus thug a t-iollach aici é. Nuair a chuala an tríomhadh h-inghean é si[n] b'éigean di féin ceann eile fhághailt agus thug an t-iollar ai[ci] í. Nuair a chonnaic sí í d'
ball sinsearach (stair)
2023-05-22 20:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
am ní raibh aon uaireadóir aige. Chuaidh sé do dtí Seághan. "Cé'n fáth ar ghoid tú an uaireadóir uaim." "Nár thairg mé trí h-uaire dhuit í agus níor ghlac tú í." "Rinne tú droch fhaoisdean agus gabh soir go dtiubhrfa mé faoistean eile dhuit." Chuaidh Séaghan soir. Sé'n breitheamhnas aithrighe a chuir an Sagart air, a dhul suas naoí nuaire ar chruach Phádraic. Pádraic an tainm a bhí ar an Sagart agus bhí cruac mhóna aige amuigh ar aghaidh an dorais. Nuair a déirigh an cailín ar maidin, bhreathnuigh sí amach agus sé an chéad rud a chonnaic sí na Seághan ag dul suas 's anuas i mullach na cruaice. D'innis sí do'n t-Sagart é. "Na bí ag leagan na cruaice" adeir an Sagart. "Nach bhfuil mé ag cur mo breitheamhnas aitrighe dhíom," adeir Séaghan. "Ní hé sin an breitheamhnas aithrighe a cur mé ort." "Dubhairt tú liom a dhul suas ar Chruach Phádraic naoí-nuaire. "Nach thusa Pádraic agus nach í seo do chruach." "Tá sé comh maith éisteacht leat." adeir an Sagart.
ball sinsearach (stair)
2023-05-22 20:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé an t-ainm a bhí uirri ná párdún. Shíl seisean gur bí an mhuic a bhí sé a thabhairt dhó. Chuaidh sé soir tráthnóna agus thug sé leis an mhuc gur mharbhuigh sé í. Nuair a chuaidh an buachaill amach le béile na muice ní raibh an mhuic sa stábla.
Chuaidh an buachaill go dtí an Sagart agus dinnis sé dhó é. Chuaidh an Sagart go dtí Seághán. "An bhfaca tú mo mhuic," adeir. "Nach dhubhairt tú indé go dtiubhrfá párdún dhom," adeir Seáin. Ar ndóigh ní hí an mhuic a bhí mé a rádh adeir an Sagart. "Gabh soir ag an bhfaoistean anocht agam." "Tuige nac ngabhfainn." Chuaidh an Sagart abhaile annsin.
Tráthnóna chuaidh Seán ag an bhfaoistean. An fhad is bhí an Sagart ag tabhairt na faoistine dhó ghoid sé uaireadóir uaidh. Dinnis sé i ndeireadh a chuid peacaidh gur ghoid sé í. "Tabhair don té ar ghoid tú uaidh í." adeir an Sagart. "Tiubhrfaidh mé dhuit-se í"
Ní ghlacfa mise uait í, Tabhair do'n té ar ghoid tú uaidh í." Thairg mé uair ceana dhó í agus ní ghlacfadh sé í, ach tiubhrfha mé dhuit-se anois í." "Ní ghlacfa mise uait í, tabhair do'n té ar leis í." Thairg mé faoi dhó cheana í, agus ni ghlacfadh sé í, ach tiubhrfa mé dhuit-se anois í". "Tairg (mé) trí huaire do'n té ar leis í agus muna nglacfa sé í is leat féin." "Thairg mé trí huaire cheana dhó í, agus ní ghlacfadh sé í." Chuaidh sé abhaile annsin. Nuair a chuaidh an Sagart ag breathnughadh ar an
ball sinsearach (stair)
2023-05-22 20:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bí fear ann fadó agus chuaidh sé ag an Aifreann. Sé an t Seanmóireacht a bhí ag an Sagart, rud ar bith a thiubhrfá do'n t Sagart go dtiubhrfá do Dhia é agus gcuirfeadh sé a sheacht noiread ann dhuit. Fear an-bhocht a bhí ann agus ní raibh aige ac aon bhó amháin. Dubhairt sé leis féin go dtiubhrfadh sé do'n t Sagart í agus thug mar bí súil aige go gcuirfeadh Dia a sheacht noiread ann dó. San oidhche nuair a bhí sé ina chodladh chuala sé an bhó ag géimnigh. Déirigh sé. Chonnaic sé í féin agus seacht gcinn eile leis an Sagart. Tháinic an-áthas air, mar shíl sé gur bé sin na seacht gcinn a chur Dia ann dó. Chuir sé an bhó agus na seacht gcinn eile ar an aonach. Nuair a déirigh an Sagart chuir sé an buachaill ag breathnughad ar na beithidhigh. Bhíodar imthighthe. "Rith go dtí teach Sheagháin," adeir an Sagart. "Seans gur b'í an bhó a lean said. Dfiafhruigh an buachaill do Sheáin ar tháinic an bhó. Dubhairt sé gur tháinic sí féin agus seacht gcinn eile agus gur chuir sé ag an aonach iad. D'imthigh an buachaill abhaile go dtí an Sagart agus chuaidh an Sagart go dtí Seáin. "Cé'n fáth ar dhíol tú mo cuid beithidheach," adeir sé. "Nár dhubhairt tú ó'n altóir Dia Domhnaigh, rud ar bith a thiubhrfá do'n t Sagart go gcuirfeadh Dia a sheacht noiread ann duit," adeir Seáin. Tiubhrfa mé párdún dhuit," adeir an Sagart. Bhí muc ag an Sagart agus
ball sinsearach (stair)
2023-05-22 18:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a d'éirigh sé an maidin thug sé a aghaidh ó thuaidh agus a aghaidh ó dheas agus d'iarr ar Dhia a chur ar a leas. "Má tá tú an do" ars an fathach, "cuir síos mo bhricfeasta" "Ní chuirfead" adeir sé, "ach éirigh thú féin agus cuir síos é. Ní raibh mise imo shearbhónta ag m'athair féin" Éireóchad ars an fathach, le fonn thusa a bheith ar mo dhinnéar agam." "Beidh le féachaint," arsa Pronns William. Nuair a bhí an bricfeasta ithte aca d'fhiafruigh an fathach dó cé ar bhfearr leis ag carraidheacht ar leacracha glasa nó sáthadh sgeana glasa i mbolg easnacha a chéile. "B'fearr liom ag carraidheacht ar leacracha glasa in-áit a mbeidh mo chosa míne geala ag dul in-uachtar." Leis an sgéal mharbhuigh sé an fathach.
Nuair a bhí an lá agus bliadhain thuas tháinig síad ag an bpoll. Annsin leigeadh anuas an rópa. Chuir sé an bhean ba shine isteach ann agus tharruingheadh suas í. Cuireadh an dara bhean aríst ann. Leigeadh anuas arís é agus bhí an bhean ba h-óige ag iarraidh air féin a dhul suas roimpi féin. Bhí fáinne ar a méir agus chuir sí ar a mhéir é. Dubhairt sí leis cloch a chur sa tubán agus é féin fanacht amach ó'n bpoll faitchíos go ngearrfaidís an rópa. Rinne sé é sin. Nuair a bhí an tubán leath-bhealaigh suas ghearradar an rópa. Bhí sé ceapadh annsin go sgaoilfidís anuas an tubán agus go dtiubharfaidís suas é. Bhí sé an fhad ag béal an phuill agus go raibh sé ag tuitim leis an ocras. Nuair a thuit sé do scríob an fáinne a bhí ar a mhéir le cloch agus tháinig an t-iollar go dtí é. "Rud ar bith atá ag teastáil uait caithfidh tú é fhághailt" ars an t-iollar.
ball sinsearach (stair)
2023-05-21 10:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mé íoc-shláinte dhuit, mo shlaitín draoidheachta agus mo chlaidhe[amh] solais. "Cá bhfuil an claidheamh solais"? adeir sé. "Tá sé faoi an mbuicéad sin tháll." Chuaidh sé anonn agus fuair sé é. "Cé bhfuighfe mé faobhar mo chlaidhimhe?" Féach faoi'n mblucán si[n] tháll é. Ní fheicim blucán ar bith ann níos mó ná do bhlucán mór féin, dá chur ag crónán ag dul suas agus ag feadghail ag dul anuas. Dá bhfaighim-sé mé féin ar mo cholainn féin lán na bhFiann ní chuirfeadh anua[s] mé. Ní le é sin a dhéanamh leat a leig mise anuas thú. Chuir sé géagán gan chrann isteach fríd a dhá chlia[bh] agus tharraing sé ina dhiaidh é. Bhí an bhean ag iarraidh an fear a chongbháil in-éinfeacht leí féin agus dubhairt sé na[ch] bhfanfadh go dtiocfadh sé go dtí an fathach eile. Thug sí béile maith dó ar maidin nuair a [bhí] sé ag dul go dtí an fathach eile. D'imthigh sé leis annsin agu[s] bhí sé n-am dinnéir lár na mhárach nuair bhí sé ag tea[ch] an fhathaigh. Bhí fáilte mór ag an dara bhean roimhe agus th[ug] sí suipéar maith dó. Sgearr go dtáinig an fathach eile agus leath na coille aniar ar a dhruim aige. Futh, fágh, féasóga[ch,] fághaim baladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh, is mór liom g[o] greim thú agus is beag liom go dhá ghreim thú. Níl fhios agam céa[rd] a dhéanfas mé leat mara gcuirfidh mé go seadóg san aer thú, nó faoi mo chosa sa lathach. Tharraing sé a tsrian agus shíl sé taobh an tighe a bhualadh ar a chéile. Chuir Pronns William cois an taobh seo agus cois an taobh eile agus choingbhigh sé amach é. "B'fhéidir duit a bheith an do bhuachaill mhaith" ars an fathach. "Beidh fhios agat-sa go bhfuilim", arsa Pronns William. Nuai[r]
ball sinsearach (stair)
2023-05-20 09:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'iarr sé air an bricfeasta a réidhteach. "Ní réidhteóchaidh," ar sé, "ach éirigh thú féin agus réidhtigh é. Ní raibh mise in mo shearbhónta ag m'athair féin fiú amháin a bheith in mo shearbhónta agat-sa." "Éireóchadh," ar seisean, "le fonn is go mbeidh tusa ag mo dhinnéar agam." "Beidh le féachaint" adeir an t-Éireannach. D'éirigh an fathach agus réidhtigh sé an bricfeasta ach ní mórán a d'ith an t Éireannach. Nuair a bhí an béile ithte agus a sháith ithte ag an bhfathach dubhairt sé, "An fearr leat ag carraidheacht ar leacracha glasa ná sáthadh sgeana i mbolg a chéile." "Is fearr liom ag carraidheacht ar leacracha glasa san áit a mbeidh mo chosa míne geala ag dul in-uachtar agus do chrága mora místuama ag dul in-íochtar. Chuaidh siad ag troid annsin agus bhí an fathach ag tabhairt a dhóthain le déanamh dhó. Tháinig an spideóg go dtí iad agus deiridh an lae ag teacht. "A Éireannaigh bhoicht, oibrigh amach. Má mharbhuigheann sé tú níl aon duine le thú a chaoineadh annseo ná le tada a dhéanamh leat acht mise. Cén ruinne [?] caonaigh a chuirfeas mé ort nuair a thiocfas an gála fuadóchaidh sé dhíot é." Speir an spideóg go mór é. Thug sé cor don fhathach agus chuir sé go dtí na dhá ghlúin san leac é, agus an dar corr go dtí na bhásta agus an tríomhadh corr go dtí na mhuineál. Is tú an gaisgidheach is fearr a chonnaic mé ariamh, ach leig as seo mé. Tiubhraidh
ball sinsearach (stair)
2023-05-19 07:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
raibh ann ach sean-bhean bhocht. D'aithnigh sí go raibh sé strainséarach. Thosuigh sé ag cur tuairisc na mná léi agus dubhairt sí leis go raibh síad ag triúr fathaigh. D'imthigh sé leis agus níor stop sé go dtáinic sé go dtí an teach a raibh an bhean ba shine ann. Bhí fáilte mór aici roimhe. Dubhairt sí leis gur ag triúr fathaigh a bhí síad. Thug sí dinnéar maith dhó. Ba ghearr go dtáinig an fatach agus píosa mór den choill aige le h-aghaidh teine. "Fúth, fáth, féasógach. Fághaim baladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh. Is mór liom de ghreim thú agus is beag liom de dhá ghreim thú. Níl fhios agam céard a dhéanfas mé leat mar a gcuirfidh mé go shéideóig san aer thú nó faoi mo chosa sa lathach." Tharraing sé a rith agus shíl sé dhá thaobh an tighe a bhualadh ar a chéile. Chuir Prince William cois taobh i bhfus agus cois taobh tháll agus chongbhuigh sé amach é. "B'fhéidir duit a bheith ido bhuachaill maith. Béidh fhios agat-sa nach le cóir ná ceart ar bith a thabhairt duit a tháinig mise annseo acht le chuile chóir agus chuile cheart a bhaint dhíot." D'orduigh sé annsin suipéar maith dó. Nuair a d'airigh sé an lá an mhaidin lá'r na bhárach d'éirigh sé. Thug sé a aghaidh ó thuaidh agus aghaidh ó dheas agus d'iarr sé ar Dhia é chuir ar a leas. Nuair a d'airigh an fáthach ina shuidhe é
ball sinsearach (stair)
2023-05-18 20:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí triúr dreáthair fadó ann agus bhí triúr mná óga in-aice leo. Sé an t-ainm a bhí ar an mac is óige, Prince William. Bhí an mac is sine aca ingrádh leis an mbean ba shine, an dara bean ingrádh leis an dara dreáthair agus an ceann ba h-óige aca bhí sé ingrádh leis an gceann ba h-óige. Bhí an triúr mná óga ag siubhal dóibh fhéin lá amháin agus slugadh síos i bpoll iad. Thosuigh an triúr fir óga seo dhá dtóraidheacht agus bhí sé ag cinnt orra iad fhághail, agus dubhairt siad gur síos sa bpoll seo a slugadh iad. Fuair síad rópaí agus cheangail siad ar bhuicéad íad agus chuaidh an mac ba shine isteach sa mbuicéad. Scaoileadh síos an buicéad sa bpoll. Dubhairt siad dhá mbeadh faitchíos air crathadh as an rópa agus go dtabharfaidís aníos arís é. Ní raibh sé leath-bhealaigh nuair a bhuail faitchíos é. Chuaidh an dara fear annsin ann agus bhuail faitchíos é. Dubhairt Prince William go dtiocfadh sé féin ann agus go dtiocfadh sé go talamh. Dubhairt sé dá mbeadh sé beó fá cheann lá agus bliadhain an buicéad a scaoileadh síos arís agus dá mbeadh sé beo go dtiocfadh sé go dtí beáil an phuill. Ba mhara chéile an tír a bhí thíos agus an tír a bhí thuas. Casadh isteach i dteach thíos é agus ní
ball sinsearach (stair)
2023-05-17 18:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
buachaill aige agus chuir sí é le capall ag ól uisce ag an abhainn. Chonnaic sé bean agus triúr mac ag siubhal isteach an abha. "Seineann na méiríní meala agus seineann na h-éiníní ceól, Seineann na méiríní meala agus a bhfuil fhios agat a bhfuil mac an rí beó" Seineann na méiríní meala agus seineann na h-éiníní ceol, seineann na méiríní meala agus níl ann ach go bhfuil mac an rí beo." Shiubhal sí isteach ag an rí annsin, í féin agus a triúr mac. Dhíbir sé an bhean eile.
ball sinsearach (stair)
2023-05-16 20:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí righ fadó ann agus bhí inghean aige. Cailleadh a máthair. Phós sé arís 's bhí triúr ingean aige. Ní raibh an leas-inghean ag fághail ómóis ar bith ó'n leas-mháthair. Chuaidh an leas-máthair agus na triúr inghean ag an Aifreann, Domhnach. D'fhág sí an leas-inghean istigh agus dubhairt sí léithi cáca a dhéanamh do'n mín a chaith sí ar an urlár nó go mbeadh an ceann le cailleadh aici. Tháinig a máthair isteach annsin. Chuir sí culaidh éadaigh uirri. Rinne sí eachail dubh agus chuir sí amach ag an Aifreann í. Bhí mac rí ann agus shíl sé a bróg a bhaint di agus níor éirigh leis. An chéad Domhnach eile tháinig a máthair arís agus chuir sí culaidh níos deise uirri agus chuir sí amach ag an Aifreann í agus thárla an cleas céadna di. An treas Domhnach sciob mac an rí a bróg di. Tháinig sé go dtí an teach seo. Chuir sé an bhróg uirri agus phós sé í.
Faoi cheann trí ráithe bhí mac aici. Tháinig an leas-mháthair ag breathnughadh uirri. Thug sí mada beag léithi. agus chuir sí in-áit an pháiste é. Thug sí an páiste léithi agus bháth sí é. Faoi cheann trí ráithe eile bhí mac eile aici agus rinne an leas-mháthair an cleas céadna. Faoi cheann trí ráithe eile bhí mac eile aici agus rinne an leas-mháthair an cleas céadna.
D'innis an leas-mháthair do mac an rí gur mada a bhiodh aici. Dubhairt sí leis a h-inghean fhéin a phósadh agus í a dhíbirt. Rinne sé amhlaidh. Bhí
ball sinsearach (stair)
2023-05-15 20:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé le crochadh. D'iarr sé cead píosa cainnte a dhéanamh agus aon-duine a thiubhradh éitheach dó an duine sin a chrochadh ina áit féin.
Chuir mise Éire fá choirce aon lá amháin. Lár na bháirea[ch] bhí sé le baint. Thosuigh mé ghá bhaint agus corrán ingach láimh liom. Ní raibh mé i bhfad dhá bhaint nó gur éirigh giorrfaidh as an gcoirce. Chaith mé corrán leis an ngiorrfaidh agus chuir mé i bhfastódh ann é. Bhí an giorrfaidh ag rith ar fud na h-Éireann go deo nó go raibh an coirce bainte. Maidin lár na bháireach ní raibh gráinne den choirce fanta nach raibh goidthe. Bhreathnuigh mé thart agus chonnaic mé Fear na Gealaighe ghá bhualadh. Bhain mé ghá ribe gruaige as cúl mo shean-mháthar agus rinne mé dréimire dhí. Chuaidh mé suas san ngealach agus chaith mé anuas an coirce. Chuir mé i mála é, agus chuir mé ar dhruim sean-chapaill é. go dtéighinn ag an muileann le na mheilt. Ní raibh mé ach leath-bealaigh go dtí an muileann nuair a rinne druim an chapaill dhá leith. Bhain mé crann daraighe agus sháith sé treasna thríd an gcapall é. D'iomchuir sí an mála go dtí an muileann dhom. Faoi cheann bliadhna ina dhiaidh sin d'fhás crann daraighe as druim an chapaill. Bhí nead sa gcrann agus bhí trí bhradán sa nead. Bhí iasgaire ag dul thart faoi seo. "Thug tú do dhearg éitheach," adeir an t-iasgaire, "sin rud nach raibh in-aon nead ariamh." Crochadh an t-iasgaire agus fágadh an fear slán.
ball sinsearach (stair)
2023-05-14 10:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí caisleán sa Tráigh Bháin fadó san áit a dtugtar Tráigh an Chaisleáin air. Bhí go leor daoine ina gcomnhnuidhe ann agus bhí pota óir aca. Tháinig fear ag iarraidh lóisdín orra agus sé dubhairt siad leis nach raibh aon áit aca dó acht codladh ar an teallach go maidin. Nuair a bhí píosa de n-oidhche ann d'éaluigh an fear as an teach san oidhche agus thug sé an pota óir leis. Is gearr gur airigh na daoine imthighthe é agus lean síad é agus ag dul suas ag an Doirín [?] Dara bhí siad ag teacht suas leis agus bhí a fhios aige go mbeadh an pota óir aca agus chaith sé amach sa loch é agus tá sé sa loch ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2023-05-13 08:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a théighidís amach ar maidin d'fhágaidís an cheann is óige istigh le h-aghaidh an dinnéar a réidhteach dóibh. Lá amháin bhí sé ag réidhteach an dinnéir dóibh agus cé thiocfadh isteach acht bean óg. D'innis sí don gasúr cé í féin. Nuair a tháinig an dream eile isteach ag an dinnéar bhí an inghean istigh rompa. Níor mhaith leo í mharbhughadh mar gheall gur bhí a ndeirbhshiúr í. Chuaidh chuile dhuine aca amach an lá seo ag fiadhach agus d'fhág síad istigh an n-inghean. Bhí sé ag glanadh an tighe agus ag cur bláthanna ar na fuinneógaibh. Bhí bláth amhái[n] ann nár ceart di a bhaint agus ar an nóiméad ar bhain sí é chonnaic sí dhá eala dhéag ós a cionn sa spéir, agus sean-bhean na seasamh le na taobh. "Sin iad anois do dhá dhearbhráthair dhéag", adeir an tsean-bhean "agus mar gheall gur bhain tú an bláth sin d'iompuigh siad ina n-ealaibh." "An bhfuil caoi ar bith a bhféadfainn iad fhághail ar ais." "Níl," adubhairt sí, "ach ná labhair aon smid go ceann seacht mbliadhna." Níor labhair sí aon smid go ceann seacht mbliadhna agus tháinig na dhá dearbhráithreacha déag aici arís. Agus mhair sí féin agus iad féin go sona sásta ina dhiaidh sin.
ball sinsearach (stair)
2023-05-12 09:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí righ in Éirinn fadó agus bhí sé pósta. Bhí dhá mhac déag aige agus dá mba inghean a bheadh ar an tríomhadh ceann déag bhí na dearbhráithreacha uilig le marbhughadh. D'innis an mháthair é sin dá clann agus dubhairt sí leo dul go dtí an teach a raibh sí féin ann sul má phós sí. D'imthigheadar leo annsin agus thug sí comhartha dóibh an chaoi a n-aithneochadh siad cén sórt gasúr a bheadh ann. "Crochfaidh mé bratach dearg más gasúr mná a bheidheas ann agus crochfaidh mé bratach gorm más gasúr fir." Bhíodar deich mbliadhna imthighthe an t-am seo agus rinneadar a n-intinn suas ar theacht abhaile. Chuireadar a srón rómpa go dtáinigeadar chomh fada leis an teach. Chonnaic síad an bratach dearg agus b'éigean dóibh imtheacht arís agus íad go brónach. Dubhairt siad le chéile annsin an chéad bhean a chastaí orrab í mharbhughadh.
Sé an tslighe bheatha a bhiodh aca ag fiadhach. Nuair
ball sinsearach (stair)
2023-05-11 06:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé a chosa le sgian a bhí aige. Agus Sin é an fáth a ndóirtear fuil lá Fhéil Mártan i gcuimhne don lá sin.
ball sinsearach (stair)
2023-05-11 06:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Mártan. Bhí sé amuigh ag obair lá, agus tháinig bean déirce isteach sa teach. Bhí páiste ar a druim aici. D'iarr sí gráinne cruithneachtan. Fuair sí é. D'iarr an páiste gráinne den chruithneachtain ar a mháthair. Thug an mháthair dó é. Chaith an páiste sa teine an chruithneacht. D'fhás an chruithneacht ar an bpoinnte. D'imthigh an bhean déirce léithí annsin. Nuair a tháinig Mártan isteach chonnaic sé an chruithneacht, agus d'fhiafruigh sé, céard a thárla. D'innis an bhean dhó. Lean sé an bhean déirce annsin. Chonnaic an páiste an fear ghá leanacht.
"Breathnuigh ido diaidh," adeir an páiste le na mháthair. Bhreathnuigh sí agus shíl sí gur duine a bhí ag dul ag marbhughadh an pháiste é. Bhí Mártan ag ritheacht ach níor fhéad sé a theacht suas leis an mbean. Sa deireadh chas sé abhaile, agus ghearr
ball sinsearach (stair)
2023-05-10 07:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sean-fear. Bhí an triúr fear ag ithe na gé chois an chlaidhe, agus ní raibh a fhios ag an sean-fhear cé goid í.
ball sinsearach (stair)
2023-05-10 07:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé i n-a chomhnaidhe leis féin. Oidhche amháin agus ba í 'Fhéil Mártan a bhí ann, bí gé marbhuighthe aige. Chruinnigh cupla duine isteach ag cuartaidheacht. Bhí pleann déanta suas aca go ngoidfeadh siad an gé. Bhí siad féin agus an Sean-fhear ag cainnt 's ag comhrádh Sa deireadh d'éirigh siad le dhul abhaile. Chuaidh an sean-fear ag breathnughadh ar an ngé. Ní raibh a fhios ag an sean-fhear nach raibh na daoine imthighthe. Chuaidh duine de na fir ag an doras dúnta Chuaidh beirt aca ar bhárr an t Simléir. Bhí mapa tuighe leis an doras taobh istigh ag congbháil an fhuacht amach. Thosaigh an fear a bhí ag an doras dúnta ag tarraingt an mapa amach faoi iochtar an dorais. Shíl an sean-fear gurabh í an bhó a bhí ag ithe an mhapa. Sháith an sean-fear amach an maide leis an mbó a dhíbirt. Nuair a sháith sé amach an maide, rug an fear a bhí amuigh air agus chuinnigh sé greim air go raibh an ghé tugtha as an bpota ag an mbeirt a bhí ar bhárr an t-Simléir. Shíl an sean-fhear go raibh an bhó tachtuighthe ag an maide. Thosaigh sé ag fuagairt ós árd, "Maide i mbéal na bó," "Maide i mbéal na bó." Nuair a chuaidh an sean-fhear ag breathnughadh san bpota. deamhan gé a bhí le fághail aige. "Tá mo ghé bhreágh goidfidh ag duine éigin," arsa an
ball sinsearach (stair)
2023-05-09 07:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sul mar phós sí bhí sí fá gheasa aon tsóirt a d'éireóchadh di gan a dhéanamh faoi ach gáire go ceann seacht mbliadhna. Nuair a bhí sí blian pósta rugadh mad di agus cailleadh é agus ní rinne sí faoi ach gáire. Sean duine a caillthí sa mbaile bhiodh sí ag caoineadh agus nuair a caillthí duine uirthí féin bhiodh sí ag gáire. Bhí sé mar sin go ceann seacht mbliadhna. Ní raibh aon lá do na seacht mblian nach ndhéanfadh sí léine go raibh dhá cheann déag déanta aici agus iad leagtha thart aici. Bhí a fhios aici go raibh na dearbhráithreacha le teacht aici. Dhá n-innsigheadh sí é ní thiocfadh na dearbhráithreacha aici. Níor innis sí d'aon duine go raibh siad le theacht. Bhí an mháthair agus na deirbhshiúracha ag iarraidh ar an bprionnsa í a chur ghá cois. B'fearr leis é féin a mharbhú ná é sin a dhéanamh léithi. Tháinig an dá fhear déag aniar go dtí í. Chaith sí léine ar mhullach gach duine aca, agus bhí siad chomh slán is bhí siad ariamh.
ball sinsearach (stair)
2023-05-08 09:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal.
Bhí rí agus a bhean 'na gcomhnuidhe i gcaisleán fadó. Bhí dhá mhac dhéag aca, agus inghean. Tháinig draoidheadóir thart lá agus chuir sé fá dhraoidheacht íad agus chuir sé go dtí an domhan thiar íad. Bhí an deirbhshiúr fá bhrón sa gcaisleán indiaidh a cuid dearbhráthacha. [!] Tháinig proinnsa [!] óg ghá h-iarraidh agus ní raibh aon fhonn uirthí é a phósadh, ní nach b'iongantach dí féin. Tháinig sean-fhear glic go dtí í agus dubhairt sé léithí é a phósadh agus ní raibh sí ag dul ghá phósadh. Cuireadh comhairle uirthí é a phósadh agus phós sí é. Thug sé abhaile annsin í ina theach fhéin in-áit a raibh a chomhluadar ar fad. Agus eisean a bhí ina righ indiaidh a athair. Bhí a mhuintir ar fad sa teach agus eisean an ceann is sine.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
buidéal fíona le nól. Ghlac sise buidheachas leobhtha annsin. Dubhradar léithe annsin a dhul amach agus cuid den t-sneachta a sguabadh den tsráid. Chuaidh sí agus rinne sí sin go humhal éasgaidh. Nuair a bhí sí amuigh d'fhiafruigh na fir bheaga dhá chéile céard a déanfaidís as ucht chomh lághach is a bhí sí. Bhí na fir bheaga indon a rogha rud a dhéanamh mar ba chuid den t-sluagh sidhe a bhí ionnta. "Tugaimse mar bhuaidh dhí" adeir an chéad fear "go mbéidh sí ag dul 'un breághta chuile lá". "Tugaimse mar bhuaidh dhí" adeir an dara fear "go bhfuighe sí píosa óir faoi na ceann chuile mhaidin
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Leas-Mháthair
Bhí rí agus bainríoghan ann fadó, agus bhí inghean amháin aca. Ba gearr gur cailleadh an bain-ríoghan. Phós an rí arís. Bainríoghan eile a phós sé agus bhí inghean aice fhéin. Bean an mhí shlachtmhar a bhí innte fhéin agus a hinghean agus bhí gráin aice ar a leas inghin. Lá amháin i lár an gheimhridh d'orduigh sí don leas inghean a dhul amach agus ciseán sméara a thabhairt abhaile aice. Bhí fhios ag an leas mháthair go maith nach raibh aon sméara ar bith le fágháil an tam sin, ach shíl sí go gcaillfidhe inghean an ríogh leis an bhfuacht. Nuair a bhí an leas inghean ag imtheacht thug sí léithe píosa cháca a bhruith sí faoi'n luaith agus buidéal uisge le nól. Dimthigh sí léithe annsin. Ba gearr gur casadh isteach i dteach beag ar thaobh an chnuic í. Chuaidh sí síos chuig an teine agus thóig sí amach an droch lón a bhí aice. Ba gearr go dtáinic triúr fear beag isteach, agus thosuigheadar ag déanamh iongantais dhí. D'iarr siad píosa de'n arán agus deoch uisge uirri. "Is dona liom" adeir sí ach roinnfe mé libh é. Ghlacadar buidheachas léithe agus thugadar anuas arán geal aice agus
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhom a theacht" adeir an fear léithe. "Tháinic mé go ngeobhfinn amach cé an fáth a rabh an lá breágh ann nuair a bhí muid ag cur mo mháthair agus droch lá ag cur m'athair" adeir sé. D'éirigh an bhean na seasamh. Bhí teine mhór ar an teallach. Chuaidh sí taobh istigh de'n teine agus chaith sí uair an chluig ann. Nuair a bhí an uair caithte aice ann d'éirigh sí amach as an teine. Agus dubhairt sí leis an bhfear duine ar bith a thiocfadh ar an saoghal ar feadh na h-uaire sin gur béard a déanfí leis é dhóigheadh. Nuair a bhí ann [!] lá ann d'imthigh an fear gur tháinic sé go dtí droichead. Chonnaic sé fear ag an droichead. "Cá bhfuil tú ag dul" adeir an fear a bhí ag droichead leis an bhfear eile. "Tá mé ag iarraidh fhágháil amach cé an fáth a rabh droch lá againn nuair bhí muid ag cur m'athair agus an lá breágh ag cur mo mháthair". "Sin é an fáth" adeir an fear leis an bhfear eile. "Bhí do mháthair go maith ag dul ag an Aifreann agus ní rabh t-athair. "Agus cé an fáth nach bhfuil an saoghal ag éirghe leis an bhfear seo" adeir an fear leis. "Bíonn sé ag obair ró-fhada Dé Sathairn agus ró-luath Dé-Luain." Ghlac sé buidheachas leis an bhfear agus d'imthigh sé leis abhaile.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear agus bean ann fadó. Bhí mac aca. Bhíodh an fear ag marbhú caorach chuile Nodhlaic. Is gearr gur cailleadh an fear annsin agus ní rabh beó ach an mac agus an mháthair. Is gearr gur tháinic an Nodhlaic agus dubhairt an mac go marbheóchadh sé caora. Ach dubhairt an mháthair gan a dhéanamh. Ach dubhairt an mac go marbheóchadh. Is gearr go bhfuair an bhean bás. Bhí an béasa ag an mac a bhí ag athair ach ní rabh sé ag an máthair. Bhí droch lá ag cur a athair ach bhí lá breágh ag cur an mháthair. Agus dubhairt an mac go bhfuigheadh sé amach cé an fáth é sin. Bhí sé ag siubhal leis agus tháinic an oidhche air. Chuaidh sé isteach i dteach. Dubhairt sé go mbeadh sé sa teach go maidin. Bhí fear sa teach agus dubhairt sé leis a fhágháil amach cé an fáth nach rabh an saoghal ag éirghe leis. D'imthigh sé leis ar maidin gur tháinic an oidhche ar arís. Chuaidh an fear isteach sa teach. Bhí bean an tighe na suidhe ar stól ag an teine. "Cé bhfuil tú ag dul" adubhairt an bhean leis an bhfear. "Tháinic mé ag ceapadh gur bheag an mhaith
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus thug sí aníos a chroidhe agus cailleadh Céadhtach.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bád agus thug siad aníos Céadhtach. Thugadar siar i seomra beag é, agus faoi cheann leath uaire tháinic sé aniar doras an t-seomra chó-maith agus a bhí sé ariamh. Dubhairt Máire go raibh sé chó maith dhá fear féin sgathamh sgíth a thabhairt do na fir a thóg ó mhairbh é. "Tá go maith," adeir Céadhtach. Chuaidh sé isteach i seomra beag agus fuair sé culaith éadaigh dhó féin, agus claidheamh. D'imthigh leis ar maidin le fáinne an lae. Suas na cnocáin raithnighe a chuaidh sé. Ba gearr go bhfaca sé na mílte mílte daoine ag teacht aige. "Ó adeir siad níl siad ag teacht indiu". Rith sé chuca agus bhí sé dhá marbhú ina nduine agus ina nduine go rabh sé tuitim na hoidhche go rabh an duine deireannach marbhuigh aige. Is gearr go mbeadh fhios aige cé'n fáth a rabh siad ag éirighe. Ba gearr go bhfaca sé cailleach ag teacht agus buidéal agus cleite aice. Thosuigh sí ag craithfe an uisge ar na saighdiúir. Thosuigh siad ag éirighe. Acht duine ar bith a bhí ag éirighe bhí sé sínte arís ag Céadhtach. Ba gearr gur bhuail sé an chailleach fhéin. Bhí cailleacha ag teacht go rabh deich gcinn marbh aige. Tháinic cailleach sa deire a rabh drioball uirri. Thosuigh sé fhéin agus Céadthach ag troid. Chuir an chailleach a drioball siar ina bhéal
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sí go bráicín beag. Cuaidh sí isteach. Bhí boirdín beag i lár an urláir agus éadach geal síos go talamh air. Bhí trí phláta fataí air, trí phláta feóla, trí chupán anbhruigh. Bhain sí greim agus blogam as gach ceann. Nuair a bhí sin déanta aice. D'airigh sí mar a bheadh toirneach sa t-sráid. Rith sí isteach faoi an mbord. Tháinic triúr fir isteach. Chuaidh siad siar i seomra beag a bhí ann. Bhí a gcuid éadaighe stróice agus fuil go talamh orraibh. Tháinic siad aniar agus chuaidh siad ag ithe. Ba ghearr gur thuit sgian uaidh dhuine aca. Chrom sé le í a thóigeál. Chonnaic sé í seo istigh faoi an mbord. "Tá tú ann a chailín" adeir sé. "Tá" adeir sí. D'éirigh sí amach agus labhair sí. "Cé rabh sibh anois" adeir sí. "Bhí muid ag troid" adeir siad. "Cé'n áit" adeir sí. "Ar oileán a d'fhág a n-athair againn agus tá daoine eile ag iarraidh é a bhaint dhinn" adeir siad. "Tuige nach marbhuigheann sibh iad" adeir sí. "Marbhuigheann muid iad ach bíonn siad beó arís ar maidin" adeir siad. "Muise bhí fear agam-sa tráth agus an fear a marbheóchadh sé ní éireóchaidh sé" adeir sí. "Cá bhfuil sé nó an bhfuil sé beó na marbh" adeir fear amháin aca. "Tá sé thíos ins an mbád" adeir sí. Thug sí dhóibh an eochair agus síos leo go dtí an
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
lean é" adeir an máighistir. Bhí dhá chlaidheamh ag na fir. Lean Máire Céadhtach agus nuair a bhí na fir ag teacht ag binn na sgoile. Bhuail an Lon-Dubh Céadhtach dhá chlaidheamh. Bhain sé an cloigeann dhe. Ní rabh le déanamh ag Máire ach cloigeann Céadhtach a chur isteach i na naprún agus an choillinn a chur faoi na h-asgaill agus imtheacht léithe go dtí an tráigh. An buille a bhuail Céadhtach ar mhéar an Lon Dubh sa gCeardcha sin é an uair a bhain sé an sásamh amach nuair a bhain sé an cloigeann dhe. Nuair a tháinic Máire go dtí an tráigh thóg sí amach a sgian póca. Fuair sí cláirín beag, agus faoi ceann leath huaire bhí an long a bfearr a chuaidh ar fairrge ariamh déanta aice. Chuir sí Céadhtach faoi ghlas thiar i seomra i ndeire na luinge. D'arduigh sí an seól mhór agus sheól léithe faoi cheann seacht n-oidhche agus seacht lá ag seóladh chonnaic sí mar a bheadh préachán sa bhfairrge agus rinne sí air. De réir mar bhí ag teannadh leis bhí fhios aice gur oileán a bhí ann. Tháinic sí i dtír ann agus chuir sí feiste lá is bliadhain ar an luing chomh maith is dhá mbeadh sí gan a bheith ann ach lá. Shiubhail sí suas na tolacha raithnighe go dtáinic
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sul má bhí siad bliadhain is fiche bhí siad sáthach fóghluimta. Chuaidh siad amach ag siubhal ar fud an bhaile mhór. Tháinic siad ag ceardcha agus chuaidh siad isteach. Ní rabh an gabha ins an mbaile. "Leag do mhéar ar an -iarann seo" adubhairt Céadhtach leis an Lon-Dubh. Leag an t-amadán a mhéar ar an iarann agus bhuail céadhtach do'n ord é. Thosuigh an triúr ag cur caonach leis an méar. Nuair a stop an fhuil chuaidh siad ag an sgoil. Chonnaic an máighistir maith an mhéar ach níor labhair sé. Nuair a bhí siad bliadhain is fiche ar sgoil tháinic an dá Rí. Bhí áthas mór orru go rabh siad leis na fir óga a thabhairt leó abhaile. Ach nuair a chonnaic Rí an Domhain Thoir a mhac fhéin (an Londubh) an chaoi a bhí ar a mhéar bhí sé ar buile leis an máighistir. Dubhairt an máighistir nach rabh neart ar bith aige air. Chuaidh siad amach annsin an lá cheana agus bhí an chaoi sin air nuair a tháinic sé isteach. Is fearr do Mháire duine ac a phósadh. D'oscail an máighistir na dá dhoras ar an sgoil ceann ó dheas agus ceann ó thuaidh. Sgaoil sé Céadhtach amach an doras ó dheas agus an Lon-Dubh an doras ó thuaidh. "An duine aca sin anois is fearr leat le pósadh
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rí na h-Éireann.
Bhí Rí in Éirinn tráth agus bhí mac aige. Ba mhaith leis an mac a chuir ar sgoil agus chuaidh sé go dtí an domhan thoir. An lá céadna bhí Rí an domhain thoir le na mhac fhéin a chuir ar sgoil. Chuaidh an dá Rí agus an dá mhac ag an sgoil an lá céadna. Bhí cailín beag ag an máighistir le múnadh. Baisteadh an triúr. Tugadh Máire ar an gcailín, Lon-Dubh ar mhac Rí an domhain thoir, agus Céadhtach ar mhac Ríogh n h-Éireann. Chuaidh an dá Rí abhaile agus chuaidh triúr ag fóghluimh. Faoi cheann seacht mbliadhna tháinic an dá Rí ag breathnú ar a gcuid fir óga. "An bhfuil siad sáthach fóghluimta anois le tabhairt abhaile" adeir na Ríoghte. "Níl siad" adeir an máighistir. "Fág seacht mbliadhna eile iad agus béidh siad cheithre bliadhna déag" adeir an máighistir. Faoi cheann cheithre bliadhna déag tháinic an dá Rí an dara huair. "An bhfuil siad ceart anois" adeir an dá Rí". Níl go ceann seacht mbliadhna eile agus béidh siad bliadhain is fiche" adubhairt an máighistir.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an áit a raibh sí amuigh i gCnoc i Daim [?]
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal faoi Bhean
Do chuaidh bean uair do'n Chlochán ag ceannach ruda faoi Nodlaig. Nuair bhí sí ag dul aniar tháinic an oidhche uirthe. Chonnaic sí solas agus rinne sí air. Do bhuail sí ar an doras. Teach beag a bhí ann, agus bhí sean-bhean agus sean-fhear ann. Do réidhtig an sean-bhean an suipéar dóibh agus chuaidh siad ag ité. Ní raibh faitchíos ar bhit uirthae ac go mbuailfeadh an sean-fhear i lé na sron treasna an bhuird mar bhí sí com fada sin. Nuair bhí an suipéar caithte aca, réidhtigh an sean-bhean suas an teach agus d'fhosgail doras ar thaobh eile de'n teach, san áit nach bhfaca Brighid cheana chor ar bith. Tháinic dá sgór feir agus bean agus píobaire agus thosuigh siad ag damhsa. Sa deire tháinic fear go dtí i féin agus diarr sé a damhsa i. Ní raibh faitchíos ar bith uirthi féin ac ní raibh aon sé pighne aice le tabhairt do'n phíobaire mar thugadh ' cuile duine dhó, ac chuir an fear sé pighne isteach ' na láimh agus thug sí féin do'n phíobaire é. D'imthigh ' chuile dhuine aca suas an bealach céadhna. D'iarr an sean-fhear uirthí sgéal innseacht. Dubhairt sí nach raibh aon sgéal aice. Rug sé uirthí agus chaith sé amach í agus nuair dhúisig sí ar maidin 'sé
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé an cailín. "Cé rabh tusa" adubhairt sé. Tháinic faitchíos ar an gcailín agus chuaidh sí amach. Chonnaic an bhean an cailín. Bhí sí féin agus an cailín ag siubhal agus chonnaic siad teach. Chuaidh siad go dtí an áit a rabh an teach. Bhí bean bheag sa teach agus dubhairt sí an cailín a bheith sa teach seo go ceann tamaill mhaith. Chuaidh sé abhaile agus ní rabh duine ar bith sa teach. Bhí an cailín sa teach eile. Ní rabh sa teach lá amháin ach an cailín. Tháinic fear siubhail isteach. Dubhairt an cailín go rabh sí sa teach seo le fada. Nuair a chuaidh an fear siubhail amach dubhairt sé léithe suidhe síos. Chonnaic sí bean ag teacht. "Cén áit áta tú ag iarraidh"? adubhairt sí. Chuaidh sí féin agus an bhean eile ag siubhal agus ní rabh siad ach tamall beag ag siubhal nuair a tháinic an fear siubhail ag an teach. Nuair a bhí sé ag an teach tháinic faitchíos ar an gcailín. Tháinic an bean abhaile agus bhí sí sa teach nuair a bhí sé in oidhche.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bheith réidh roimhe an rí. Bhí capall bán sa t-sráid agus chuaidh an cailín amach. Nuair a tháinic sí go dtí an ceól bhí áthas uirthe. Bhí bean an tighe ag cainnt leis an rí. Nuair a bhí an ceól caithte tháinic an cailín abhaile agus bhí sí sa mbaile roimh an rí. Bhí an tae réidh ag an gcat. Sgaoil sí an capall síos sa bpáirc. Tháinic sí isteach sa teach agus tháinic an fear. Dubhairt an fear an dinnéar a thabhairt dó. Nuair a bhí an dinnéar ithte ag an rí chuaidh sé amach. An chéad oidhche eile chuaidh sé ag an gceól. Dubhairt an cailín leis an gcat an tae a bheith réidh. Chuaidh sí ag an gceól. Nuair a tháinic an cailín bhí an tae réidh. Tháinic an fear agus bhí an dinnéar réidh ag an gcat. Bhí áthas ar an gcat. Tháinic an rí isteach an doras. An chéad oidhche eile ní rabh sé ag an gceól. Tháinic fear siubhail isteach. "Tá súil agam go bhfuil an oidhche seo sa teach seo agam" adubhairt sé. Dubhairt an cailín go rabh sí ag dul abhaile. Nuair a tháinic sí abhaile ní rabh sa teach ach sean-bhean. Bhí áthas mór ar an t-sean-bhean nuair a tháinic an cailín abhaile. Nuair a tháinic fear an tighe isteach chonnaic
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Annsin ní rabh duine ar bith sa teach ach an cat. Bhí an t-sean-bhean ag ceól i dteach a bhí i ngar do'n teach. Tháinic an rí agus bhí an t-sean-bhean sa teach nuair a tháinic an rí. Dubhairt an bhean go rabh sí ag an gceól. An oidhche eile bhí an rí ag dul ag ceól freisin. Bhí bróga ór ar an mnaoi agus nuair a bhí sí ag teacht amach an doras bhain an rí bróg dhá cois. Chuaidh an bhean amach abhaile agus bróg uirthe. Tháinic sí go dtí teach an Ríogh. Bhí an cat sa teach nuair a tháinic an bhean go dtí é. Bhí áthas air an gcat nuair a tháinic sí. Chuir sí an teine síos. Bhí an bhróg in a láimh ag an rígh ag teacht isteach an doras dó. Nuair a bhí an dinnéar ithte ag an rígh dubhairt sé le bean an tighe an bhróg a thabhairt go dtí an áit a rabh sé. "Cuir an bhróg seo ort" adubhairt sé. Chuir sí an bhróg uirthe. Dubhairt sí le bean an tighe an bhróg a chuir dhá cois. Chuir an cailín aimsire an bhróg uirthe. Chuaidh an rí amach an dara h-oidhche agus bhí an cailín sa teach. Bhí an ceól sa teach. Ní rabh sa teach an oidhche seo ach an cailín agus an cat. Dubhairt an cailín go rabh sí ag dul ag an gceól. Dubhairt an cailín leis an gcat an tae a
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An t-sean-bhean agus an inghean
Bhí bean ann fadó agus ní rabh sa teach ach i fhéin. Lá amháin tháinic fear siubhail isteach. "Tá mé ag iarraidh áit ort" adubhairt an fear siubhail. "Níl aon áit agam-sa dhuit" arsa an bhean leis. "Ná fan annseo mar níl aon áit ann". Chuaidh an fear amach agus níor mhaith leis go dtáinic sé go dtí an teach. Ní bhfad go dtáinic cailín isteach sa teach Ba í an t-sean-bhean máthair an chailín a tháinic isteach. Bhí an bhean an-fhuar mar ní rabh aon teine sa teach. Bhí an cailín agus an t-sean-bhean ag siubhal go dtáinic siad go dtí teach a rabh rí ann. Dubhairt sé go rabh cailín aimsire ag taisteál uaidh. Dubhairt sí leis máthair fanacht sa. [!] Ní rabh duine ar bith sa teach lá amháin ach an t-sean-bean. Bhí cat ag an teine agus dubhairt sí leis teine a chur síos.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sháith sé an tríomhadh ceann ins an talamh. Nuair a tháinich sí chomh fada leis, gheárr sí treasna leath bealaigh le na speil é ach ní geárrfhaidh sí níos fuide é.
"Faobhar, faobhar, a bhainfheadh féar," ar sise, agus chrom sí ar faobhar a chur suas.
"Thug tú d'éitheach, a Chailligh," arsa Micheál, "acht fear maith láidir agus speal mhaith géar," agus leis sin bhain sé na cosa de'n Chailligh. Annsin thug sé an speal ar ais go dtí an gabha. Bhuail an gabha cúpla buille uirthi agus d'imthigh sí ina míle píosaí ar fud na h-áite.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Nuair a bhéas a Chailleach ag tarraingt ar do shála sáit ceánn acu sin ins an talamh taobh díot. Nuair a bhéas sí ghá dhéanamh an dara h-úair déan an rud céadna agus nuair a bhéas sí dhá dhéanamh an tríomhadh úair déan an rud céadna arís." D'imthigh Micheál leis annsin.
Tháinich an lá ar raibh sé le bheith ag baint fhéir don Chailleach Bhéarra. Thosaigh sise istigh i lár an gharradha agus thosaigh seisean taobh amuigh dhi. Bhiodar ag baint leó nó gur airigh sé an Chailleach taobh thiar de. Annsin sháith sé ceann de na biorra cruaidh ins an talamh. Nuair a tháinigh an Chailleach go dtí é, gheárr sí treasna le na speil é.
"Dar fiadh" ar sise "ba láidir an chréacht i sin." Bhíodar ag baint leó no gur airigh Micheál taobh thiar dó í arís agus sháith Micheál an dara biorra cruaidh ins an talamh. Nuair a tháinigh an Chailleach chomh fada leis an dara ceann, gheárr sí treasna le na speil é agus dubhairt.
"Tá an chréacht sin níos láidre na an ceann eile." Bhíodar ag baint leó arís nó gur airigh Micheál taobh thiar dó í, agus
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Bheul chaithfidh an speal seo a bheith chomh maith agus go ngeárrfhadh sí lomra olna ar bhárr an uisge agus gan an t-uisge a chorruighe,"
Ó tá's agam-sa an bean a tug an teagasg sin duit," arsa an gabha, "agus is an-trioblóideach an rud é sin a dhéanamh, acht tríálfaidh mé é." Nuair a bhí an speal ar nós speile ar bith eile shíl Micheál go raibh sé críochnuighthe agus dubhairt,
"An bhfuil sé críochnuighthe anois?"
"Go bfóiridh Dia ort," arsa an gabha, "níl, na leath críochnuighthe fós." Bhí sé ag méiseáil léithe agus ag cur 'chuile shórt stuif uirthi, no go raibh sí críochnuighthe 'sa deireadh.
"Anois," arsa an gabha, tá sí indhon an rud a dubhairt tú, a dhéanamh."
"Go raibh maith agat" arsa Micheál, agus bhí sé ag imtheacht leis.
"Fan go fóill," arsa an gabha, "níl aon goir agam thú a leigint chun bealaighe léithe, nó go mionóchaidh tú ar an leabhar nach leagfhaidh tú cloch faoi bhun an cláir uirri agus go dtiubhraidh tú ar ais agam í, nuair a bhéas do gnótha déanta léithe."
"Déanfhaidh sin," arsa Micheál.
Annsin thug an gabha trí biorra cruaidh dó, agus dubhairt.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
di an bhfuil aon teagasg aici le tabhairt ar ghabhann ar bith a bheadh indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Gobán.
"Déanfhaidh sin," arsa Micheál agus d'imthigh sé.
Bhí sé ag imtheacht leis no go bhfúair sé an bhean a bhí i gceist.
"An bhfuil aon teagasg agat ar ghabhann ar bith a bheadh indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Micheál.
"Ní fáightear teagasg gan airgead," ar sise.
"Cé mhéad áta uait," arsa Micheál.
"Bonn," ar sisi.
"Déanfhaidh sin," arsa Micheál agus thug sé bonn dhi.
"Bheul anois," adeir sí, "teirigh ag a leithéide seo d'fhear agus abair leis speal a dhéanamh duit a bhéas chomh maith agus go mbeidh sí indhon lomra olna a gearradh ar bhárr an uisge agus gan an t-uisge a chorruighe." Is ag a h-athair féin a chuir an bhean é.
Dimthigh Micheál leis nó go dtáinich sé go dtí teach an gabhann.
"An bhfuil tú indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Micheál.
"Go deimhin táim", arsa an gabha, "déanaim-se spealtacha le h-agaidh gach duine."
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh Gobán agus a mhac air. 'Sé an t-ainm a bhí ar an bfear Micheál Ó Céidigh agus do chomhnuigh sé i gCluain Oibh atá i bfoisgeacht cheitre mhíle go baile Mór na Gaillimhe.
"Dia dhíobh" arsa Micheál le Gobán agus a mhach.
"Dia 's Muire dhuit," arsa Gobán. Bhíodar tamall ag cainnt agus annsin dubhairt Gobán.
"An misde dhúinn fiafhruighe cé'n áit a bhfuil tú ag dul."
"Ní misde, muis" arsa Micheál, "tá mé ag dul ag baint dioghaltais de'n Chailleach Bhéarra mar gheall ar mo bheirt dhriotháir a mharbhuigh sí ag baint fhéir." San am sin bhí chúig phunt le fághail ag duine ar bith a bhainfheadh na cosa de'n Chailleach Bhéarra ag baint fhéir.
"Ach ní fheichim aon speal agat" arsa Gobán.
Níl aon speal agam" arsa Micheál, "acht tá mé ag dul ag cuartú gabhann a dhéanfhas speal mhaith dom.
"Ní dhéanfhaidh aon gabha timcheall na h-áite seo speal sáthach maith duit," arsa Goban. "Teirigh ag a leithéide seo de bhean agus geohaidh tú í ag nigheachán éadaigh in abhainn. Fiafhruigh
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mharbhochadh an gadhar go rabh fuil ar a bhéal. Is gearr gur bhreathnuigh sé isteach faoi an leabha agus chonnaic sé an sionnach agus é marbhú. Thug sé leis an sionnach agus chuir sé é fhéin agus an gadhar i bportach. Nuair a chuala an cailín beag go go [!] rabh an gadhar caillte thosuigh sí ag caoineadh agus annsin bhí fhios aige annsin céard a rinne an sionnach. Nuair a bhí fhios ag an bfear é sin bhí an bhrón air.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Sean-Fhear Liath agus Mada an Rí.
Bhí fear fadó ann agus ní raibh sa teach ach é fhéin agus a inghean. Bhíodh sé amhuigh go minic ag fiadhach é fhéin agus a gadhar. An lá seo chuaidh sé amach ag fiadhach agus d'fhág sé an cailín beag sa mbaile agus an gadhar. Nuair a bhí an fear imthighthe chuala an gadhar rud éicint ag an doras. D'osgail sé é agus céard a bheadh ann ach sionnach. Shíl an sionnach nac mbeadh sa mbaile ach an cailín beag ach is gearr go rabh fhios aige sin. Nuair a tháinig an sionnach isteach ní dhearna an gadhar ach breith air agus é mharbhú. D'fhág sé istigh faoi an leaba é. Chuaidh sé amach taobh amuigh den doras ag fanacht le fear an tighe. Bfhada leis go rabh fear an tighe ag teacht le go mbeadh sgéal breágh le n-innseacht aige. Nuair a tháinig fear an tighe abhaile chonnaic sé fuil ar bhéal an mhada í dhearna sé tada ach breith ar a ghuna agus é mharbhú. Bhí an fear ag ceapadh go bé an chaoi a mharbh an gadhar an cailín beag. Nuair a chuaidh sé isteach fuair sé an cailín beag sa leaba. Ní rabh fhios aige ó Dhia anuas céard a
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aice cé an chaoi le dhul isteach. Nuair a shíl sí a dul isteach baineadh an chloigeann di. Nuair a chuala an cailín sin bhí an áthas uirri agus d'imthigh léithe abhaile.
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 22:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
thabhairt isteach agus is deachair sin a dhéanamh. Tá fhios agam sa céard is fearr dhuit a dhéanfadh. Cuir caonach ar thóin an tsiothláin agus tabhair isteach an t-uisge chuige. Thug an cailín an t-uisge isteach. "Is maith an cailín thú" a deir sí. Shuidh sí síos anois ag an teine agus cas amhrán. Is gearr gur thuit an tsean-bhean na codhladh. Bhí fhios ag an gcailín go rabh mála óir thuas sa silméar agus nuair a fuair sí an tsean-bhean codhladh [!] thug sí léithe an t-ór a bhí i bfolach. Shíl sí nach mbeadh fhios ag an t-sean-bhean é. Nuair a bhí sí ag dul amach an doras d'éirig an t-sean-bhean agus amach léithe indhiaidh an chailín. Nuair a chonnaic an cailín ag teacht í rith sí chomh mhaith agus bhí sí indhon. Ní fhaca an t-sean-bhean chor ar bith í mar bhí sí imthighthe. Nuair a bhí an bhean beagnach i ngar do mhuileann a bhí ann casadh fear uirri. "Dia dhuit" a deir an tsean-bhean. "Dia is Muire dhuit" a deir an t-sean-bhean. Ní fhaca tú aon ghearr-chaile ag dul an bóthair. Chonnaic" a deir an fear tá sí thuas sa muileann. "Ní fhaca tú aon mhála aice" Chonnaic a deir an fear "tá sé thuas sa muileann aice". D'imthigh an bhean léithe agus is gearr go dtáinig sí go dtí an muileann. Ní rabh an tsean-bhean istigh sa muileann ariamh agus ní rabh fhios
ball sinsearach (stair)
2023-04-26 18:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
eile. Is gearr go dtáinig an gadhar go dtí í. D'iarr an gadhar rud le n-ithe uirri ach dubhairt sí leis go rabh aráin aice agus é a bheith ag ithe go mbeadh sé tuirseach. Thosuigh an gadhar ag ithe go rabh sé tuirseach. D'imthigh an tríomhadh h-inghean léithe agus is gearr go dtáinig sí go dtí an teach a dtáinig an bheirt eile. Bhuail sí ar an doras agus d'fhiafruigh an glór taobh istigh "céard a bhí ag teastáil uaithe." "Dubhairt an cailín go rabh obair ag teastáil uaithe." Má tá obair ag teastáil uait tá neart agam sa dhuit." Bhfeicheann tá [!] an siothlán sin tabhair leat é agus tabhair isteach a lán uisge." D'imthigh an cailín léithe go dtí an tobar brónach go leór. Nuair a tháinig sí go dtí an tobar ní rabh fhios beó céard a dhéanfadh sí. Chuir sí an t-uisge sa siothlán an chéad uair ach níor fhan aon deór ann. Chuir sí an darna h-uair ann é ach níor fhan aon deór ann. Chuir sí an tríomhadh h-uair ann é ach níor fhan aon deór ann. Shuidh sí síos mar bhí fhios aice go rabh sí le marbhú. Ní rabh abhfadh na suidhe go dtáinig an gadhar céadna aice agus a tháinig ag an tobar. "Dia dhuit" a deir sé léithe. "Dia is Muire dhuit" a deir an cailín. "Tá brón éicint ort a deir an cailín. Chuir an tsean-bhean atá sa teach sin thíos amach ag iarraidh uisge mé agus ní rabh mé indhon é a thabhairt liom mar níor thug sí dom ach siothlán le é
ball sinsearach (stair)
2023-04-25 19:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'imthigh an gadhar leis brónach go leór. Nuair a bhí sí réidh d'imthigh léithe. Is gearr go dtáinig sí go dtí teach a rabh solus ann. Bhuail sí ar agus labhar an glór taobh istigh. D'fhiafruigh sí céard a bhí ag tastál uaithe. Dubhairt an cailín go rabh obair ag tastál uaithe. Tara isteach a deir an duine taobh istigh. Chuaidh sí isteach agus sí sean-bhean le taobh na taobh. [!] "Tá obair ag taisteál uait" a deir an tsean-bhean má tá anois tabhair isteach lán an tsiothláin go uisge. Chuaidh sí amach leis an siothlán ach chinn sé uirri an t-uisge a thogáil. Chuaidh sí isteach ag an tsean-bhean agus dubhairt sí léithe nach rabh sí indhon é thógáil. Bhain an tsean-bhean an cloigeann gan cailín beag le slaitín dhroidheachta. Nuair a bhí an darna h-inghean bliadhan imtighthe dubhairt an tríomhadh h-inghean go rabh sé i n-am aice fhéin imtheacht. Chuir an mháthair síos cáca agus d'fhiafruigh sí cé mbfearr léite cáca mór agus a mallacht no cáca beag agus a beannacht. Dubhairt an inghean gur bhfearr léithe cáca beag agus a beannacht. D'imthigh sí léithe agus thosuigh an máthair ag cur beannacht na dhiaidh gur glan sí as a h-amharc. Is gearr go dtáinig an tríomhadh h-inghean go dtí an tobar céadna a dtáinig an bheirt
ball sinsearach (stair)
2023-04-24 18:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh sí isteach agus bhreathna sí thart i chuile áit agus chonnaic sí sean-bhean na suidhe cois na teine. "Cé bhfuil tú" a deir an tsean-bhean.
Tá mé ar lorg oibre a deir sí" "Má tá" deir an tsean-bhean "ta neart oibre agam sa dhuit". Téirigh amach go dtí an tobar agus tabhair isteach lán an tsaothláin do uisge". Chuaidh sí amach agus is gearr go dtáinig sí go dtí an tobar. Shíl sí an t-uisge thogáil ach chinn sé uirri. Rinne sí an darna h-uair agus an tríomhadh h-uair é ach chinn sé uirri. Chuaidh sí isteach go dtí an tsean-bhean agus dubhairt sí léite nach rabh sí indhon é thabhairt isteach. Chuaidh an tsean-bhean suas i seomra agus thug sí anuas an tslaitín droidheachta. Bhuail sí an cailín léithe agus rinne sí cloch ghlas do. Nuair nach [!] an inghean is sine ag teacht abhaile dubhairt an darna h-inghean go rabh sí fhéin ag dul ag imtheacht. Lá amháin d'fhiafruigh an mháthair do cé bhfearr léithe an cáca mór agus a mallacht no an cáca beag agus a beannacht. Dubhairt an dara h-inghean gur bhfearr léithe an cáca mór agus a mallacht. D'imthigh léithe agus ní rabh sí abhfadh ag siubhal go dtáinig sí go dtí tobar agus shuidh sí síos ag caitheamh lóin. Is gearr go dtáinig gadhar go dtí í. "Tabhair píosa aráin dhom" a deir sé léithe ach dubhairt sí leis imtheacht go rabh sí gann aice fhéin.
ball sinsearach (stair)
2023-04-23 11:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An t-sean bhean agus a triúr inghean.
Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Lá amháin dubhairt an inghean is sine go rabh sé i n-am aice fhéin. a dul ar aimsir. Dubhairt an inghean le na máthair cáca a chuir síos. Chuir an mháthair síos é. D'fhiafruigh an mháthair de ar mbfearr léithe an cáca beag agus a beannacht no an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt an inghean gur bhfearr léithe an cáca mór agus a mallacht. D'imthigh an inghean agus bhí an máthair ag chuir mallachtaí na diaidh gur glan sí as a h-amharc. Bhí sí ag imtheacht agus ag síor imtheacht go dtáinig sí go dí tobar. Shuidh sí síos ag caitheamh lón. Ní rabh sí ach ag ithe nuair a tháinig gadhar go dtí í. D'iarr sé píosa oirri ach dubhairt sí leis imtheacht. Tá an méid seo aráin gan agam fhéin. D'imthigh an gadhar leis brónach go leór. Nuair a bhí sé ithe aice d'imthig léithe. Nuair a bhí píosa siubhlta aice bhí sé i ngar a bheith oidhche. Is gearr go bhfaca sí solus agus tháinig sí go dtí é. Chuaidh sí go dtí an doras agus bhuail sí air. Labhair an glór taobh istigh agus dubhairt léithe a dul isteach.
ball sinsearach (stair)
2023-04-22 21:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dubhairt seisean go bhfághfaidh sé na coin. Fuair. Chuir sé go Baile-Átha-Cliath in a gcoinne agus chomh luath is thangadar thosuigh ar an seilg. Ní raibh a leitheid d' seilg ann ariamh. Nuair d'eirigh an girrfiadh thug sí a h-aghaidh ar Cill-Chiaráin agus ar ais arís agus ní raibh na coin in ann tada a dhéanamh acht féachaint uirri acht go díreach sul ar tháinig siad go botháinín in a raibh sean-bhean in a' chomhnuidhe i Malaidh Árd d'éirigh le ceann de na madaidh breith ar a' chois dheiridh agus greim a bhaint aistí acht d'éirigh léi éalodh uaidh. An chéad amharc eile a thugadar ní girrfiadh a chonnaic siad acht sean-bhean criónna agus i gonta sa gcolpa. Ní rachadh na coin i ngar nó i ngoireacht dí acht chuaidh marcach amháin suas léithe agus chomh luath is chuaidh thuit a chapall marbh faoi.
"Seadh" a deir [?] an chailleach annsin "tá libh an babhta seo acht má tá ciall agaibh ní bhacfaidh sibh liom-sa a thuilleadh"
Chuaidh siad leó abhaile agus níor bhacadh leis an nGirrfiadh i Malaidh Árd as sin amach
ball sinsearach (stair)
2023-04-21 18:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Giarrfiadh i Malaidh Árd.
Tá treimhse de phortach árd leath-bhealach idir seo agus Droichéad Nuadh in a mbíonn fir óga an cheanntair ag foghalaireacht anois féin agus in a mbíonn an "geim" go flúirseach i gcomhnuidhe. Fadó bhí girr-fhiadh mór donn le feiceál ann uair ar bith a rachadh einne acht cé gur bhfaca chuile duine é níor fhéad an duine ba mó misneach agus foighid breith uirri. Sa deireadh nuair thuit an rud céadna amach d'chuile duine - fiadhach fada gan toradh dubhradar go raibh éigin aisteach ag baint leis an nGirrfiadh céadna. Chuadar go "fear eólasach" sa gceanntar agus mhínigheadar an sgéal dó. Dubhairt seisean nach mbéarfaidh siad go deó uirri go bhfághfaidís dá choin dhubha gan fiú is ribín bán ionnta. Ní raibh seans aca ar a leitheid acht chuala Dáibhiseach - an tighearna talmhan an chainnt
ball sinsearach (stair)
2023-04-20 18:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhéadh siad réidh leis an damhsa, thiubhradh an lánamhan óg an chraobh báire go lánamhain óg ar bith eile a mba leo sa gcruinniú
Chaitheadh siad sin báire a sheasamh an Domhnach dár gcionn nó an tír a fhágáil agus bhí pósaidheacha go leor dá ndéanamh as an obair sin. D'fhéad chuile dhuine damhsa mar d'fógair sé, go raibh an lá caithte mar bhí an píobaire íoctha ag Coilín an Bháire agus Buachaill an Bháire.
ball sinsearach (stair)
2023-04-19 18:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Báire
Ceapadh báire ar fhear agus bean le h-aghaidh an Domhnach dár gcionn. Dhéanadh an bhean óg féasta mór ag teach a h-athair agus aon bhean déag aici mar chomhluadar, gléasta le ribíní. Thiocfadh fear óg agus aon fhear déag aige, d'íosfhaidís agus d'olfhaidís a sáith. Rachadh siad amach ag bualadh báire agus craobh-báire ag an lánamhan óg. Bhaileochadh Paráisde ag bualadh báire, báire gualanna, bfhéidir go bhfeictheá fiche duine leagtha sa talamh in éinfheacht. Bhuailfhidís báire go mbeadh siad tuirseach. Bhíodh píobaire i láthair agus ghreadadh barraile pórtair ann. Rachadh an lánamhan óg amach ag damhsa i lár na páirce agus ceithre duine fichead i gcuideachtain, gléasta le ribíní agus gan aon duine eile in a measc.
ball sinsearach (stair)
2023-04-18 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mach ba óige siar. Is iomdha bóthar a siubhal sé. Oidhche amháin bhí sé amuigh agus ní raibh fhios aige cé raib sé ag [?] dul: Connaic sé solas agus rinne sé air, agus céard a bhí ann ach dún mór. Chuaidh sé isteach ann. Is geárr a bhí sé isthigh, nó go dtáinic cat mór bán isteach. D'fan sé sa dún no go raibh sé bliadhain ann, ac is geárr gur cuir an cat bán in iúl [?] do go raibh an bliadhain caithte ac dhá lá "Ó" ar seisean "nac orainn atá an tubaiste" "Ná bhiodh faitchíos ort" adeir an cat bán "bain an cloigeann daomsa." Do bháin sé an cloigeann dí agus céard a bhí innte ac bean bhreágh. Do chuaidh an mac abhaile agus b'aige a bhí an bhean badh deise agus badh é a bhí na Rí.
ball sinsearach (stair)
2023-04-17 17:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal Faoi Rí
Do bhí Rí ann uair amháin agus bhí triúr mac aige. Nuair a bhí an Rí ag eirghe sean do ghlaoid sé chuige ar an triúr mac, agus dubhairt leob go raibh sé ag eirghe sean, agus go gcaithfead siad dul ar fud an domhain, agus an té is deise a mbeadh bean aige go b'sin é a bheadh i na Rí nuair a caillfí é féin. D'imthigh an triúr mac leob. cuaidh an
ball sinsearach (stair)
2023-04-16 16:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an cáca leis díreach. Sa deire chuaidh sé isteach i bpoll agus céard a bhí istigh sa bpoll ac sionnach agus d'it sé an cáca
ball sinsearach (stair)
2023-04-16 16:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal
Bhí bean ann uair amháin agus rinne sí cáca. Do ghlaoidh sí isteach ar a mac Páid. Dubhairt sí leis aire mhaith a thabhairt do'n cháca go raibh sí féin ag dul go dtí an tobar. Nuair fuair Páid imthighthe i chuaidh sé go dtí an copord agus fuair sé buidéal. Dhóirt sé braon ar an gcáca. Do thosuigh an cáca ag méadú nó gur chroch sé an clúdach do. Sa deire léim sé amach as an bácús, rit sé thárt timcheall ar an teach, isteac faoi'n mbord. Dó sil Páid a dul roimhe ac chuaidh sé amach an doras síos an bóthar. (Do sil) Nuair chonnaic an mháthair an cháca síl sí dul roimhe, ach chinn sé uirthi dhul roimhe Nuair a chonnaic an táilliur an cáca síl sé dhul roimhe ac chinn sé air. Rith
ball sinsearach (stair)
2023-04-15 09:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an tráth sin d'oidhche. Chuaidh sí amac go bhfeicfead sí é. Chonnaic sí éan deas gorm ar crann sgeiche sa ngarrdha Lean sí an t-éan go dtáinic sí go lios mhór. As an lios tháinic ceol ag rád:
"Sideogaí, Sideogai, Sideogaí,
Páiste Mháirín grád bán na sidhe
Iteann mil agus olann sé fíon(n)
Ach ná tabhair dhó buachaill an tige"
Bhí a fhios ag Máirín annsin gur ins na sidheogaibh abhí Pól. Nuair a chuaidh sí abhaile ghléas sí luibh dhó agus thug dhó i le n-ól. [.?] Leigheas an luibh an páiste agus chin[n] sé ar na sidheogaibh é a choinneál.
ball sinsearach (stair)
2023-04-14 18:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgeal.
Bhí bean ann fadó. Bí sí pósta agus bhí aon pháiste mic aicí. 'Sé an t-ainm a bhí air Pól. Páiste láidir abhí ann ach nuair a bhí se sé bliadhna d'aois bhuail tinneas é. Chuaidh sé ar a leaba agus is ag dul i ndonact a bhí se i n-agaidh an lae. Se deiridh ceap a mháthair Máirín, gur ins na sidheogaibh a bhí sí.
Aon oidhche amháin agus í ghá fhaire ag colbha na leabtha d'aire sí éan ag cheol taobh amuigh de'n fuineoig. B'aisteach le Máirín ceol a chloisteá(i)l
ball sinsearach (stair)
2023-04-13 19:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
simléar agus thug a bhean anios as.
ball sinsearach (stair)
2023-04-13 19:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal
Do bhí fear ann uair amháin agus bhí mach aige
Do bhíodh sé ag iasgach cuile lá, ac lá da raibh s[é] ag iasgach, ní raibh sé ag fágháil aon bhreac. Do cuir maigdean mara aníos a cloigeann. "Má tugann tú do mhac dom bhéarfad go leor iasg duit" adubairt sí. Dubairt sé go dtiúbarfad. D'fhágadh sé go leor iasg chuile lá. Nuair bhí an mac fásta suas d'innis sé do é. D'imtigh an mac leis agus chuaid sé ag obair ag feilméar, agus faoi ceann sgathaimh phós sé inghean an rí. Do bí sé fhéin agus an bhean ag siubhal cois na fairrge lá agus tháinic an mhaighdean mara agus sgiob sí leithe é. Dubhairt an bhean go dtiubharfadh sí ceirtlin sioda di nac mbead caithte go bráthach. Thug sí di an cheirtlin agus leig sí ar ais airiste é. Do bhí siad lá eile ag siubhal cois na fairrge agus sguab an mhaighdean mara an bean leithe. Ní raibh fhios aige céard á deanfad sé. Chuadh sé go dtí sean rí glic a bhí san ait. "Triomuigeann simlear na maighdean mara chuile aon seachtu bliadhain" ars an rí g [!] agus Dé Ceadaoin seo chugainn a thriomóchas sé arist". Chomh luath agus fuair sé tirim é cuaidh sé g [!] lé currach go dtí an áit. Chuaidh sé síos an
ball sinsearach (stair)
2023-04-12 17:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Paidir.
A Mhuire Mháthair a mháthair Rí na n-uball nach agat atá na grástaí go bráthach nach rachaidh ar gcúl.
Ó thárla mise ar lár is gur chaill mé mo lúd go dtugaidh tú go Parrthas mé san áit a bhfeicfe mé tú.
A mhic an gcloiseann tú an gleó atá i na ndiaidh go mór sa ngleann
Ná bíodh faitchíos ort a mháthair sábhála ár n-athair sinn. Go mba dún daingin an dún a bhfuil muid ann. Go mba sluagh dall an sluagh atá i na ndiaidh sa ngleann agus go mba sluagh sídhe an sluagh atá romhainn. A Árd-Rí an domhain ós tú a fuair an eochair go sgara tú do chochall tarainn. Ámhén.
Nuair a thiocfas tú chuig Crois an Mhisinéir abair:- Umhluigim dhuit a Chrois, beannuigim dhuit a Chríost go gcuiridh tú ar mo leas mé go dtaga mé annseo arís.
ball sinsearach (stair)
2023-04-11 18:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
siad ar a cheile. Ní raibh aon turas ann ariam ó shoin.
Tobar Mhám Aon
Tá an tobar sin ainmaidhthe de naom Pádhraigh. Tá leabhadh agus loc ann freisin atá ainmaidhthe de Naom Padraigh. Deirtear go bfuil an t-uisge atá i lár na locha comh dearg le fuil.
Uair amháin dhá raib Padraigh ag teacht cuig an tobhar déirigh tarb droch-mhuinte amach roimhe le h-agaidh marbhughadh. Rúg Padraigh ar a bhacal agus bhí sé ag bhualadh an tairb no gur mharbhuigh sé é. Sin é an fáth go bfuil an tuisge dearg i lár na loca. Deir siad go bfuil leigheas san uisge le beithidhigh a leigheas.
ball sinsearach (stair)
2023-04-11 18:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Toibhreaca Beannuighthe
Fuair mé an méid seo seancus ó mo mátair, agus fuair sise ó na máthair fhéin a thug turas ann. Tá trí no ceathair de tobhair beannuighthe sa bparáisthe seo. Tobhar Dhoire an Bhrosg i Leitirmoir. Tobhar Mámh Aon i Mám Aon. Tobar Cirán i GCill Cireán.
1. Tobar Doire na Bhrosg
Tá sé suidhthe taob amuigh de coill i gcriatrach tuairim sé mhile on sgoil seo. Níl lá áithire ar bith le turas a thabhairt ann anois act bíodh fadó. Deir lucht an t-seancuis gur uair éighin sa bfogmar a tugaidís an turas.
Uair amáin bhí sochraidh i Leitirmoir agus an lá a raibh an corp dhá cuir nigh bean a cosa sios sa tobar a bhí sa roiligh. Dimtigh an t-uisge as an roilig agus táinig se amach annsiud. Sé naom Maoilín atá luaidhthe leis an /\ sin acht deir daoine eile go b'é naom Padraigh atá luaidhthe leis. Bíod turas dhá thabhairt an t-amh seo den bhlian fadó acht níl anois, mar bí troid ann lá phátrúin fadó. Más fíor de lucht an t-seancuis bí an abainn atá ag gabhail siar maol dearg le fuil de bhárr na trodha.
Sé an t-ainm a bhí ag muinntir ar an troidh ná 'caitheadh na bponann' mar ní fághadh oireadh is dornán amáin coirche sa mbaile nar bhuail
ball sinsearach (stair)
2023-04-10 10:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Na deicmhaidhthe
Caithfeadh an tineónta bíodh sé bocht nó saidhbhir an deichmeadh chuidh do thorthaí na talmhan a thabhairt do'n tighearna agus tiubhradh seisean do'n mhinistéar Protustúnach é le é a chothughadh. Theigheadh an tighearna agus beirt nó triúr póilíní thart ag bailiughadh na ndeicmhaidhthe. Mar a mbeadh na tineóntaí sásta na deichmhaidhthe a íoc bhéarfadh an tighearna agus na póilíní air agus caithfheadh siad amach as an teach ar fad é. Rinne siad an cleas sin le Peadar Breathnach as Leitirmóir. Ní raibh torthaí an-fhairsingh an blhiain áirithe seo agus nuair a tháinig an tighearna agus na póilíní thart ag bailiughadh na ndeichmhaidhthe ní raibh Peadar sásta iad a íoc. Chaith siad Peadar amach ar an mbóthar agus níor chuala mé ariamh cé ndeachaidh sé.
ball sinsearach (stair)
2023-04-09 11:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ag iarraidh cíos air ní raibh sé aige. Rug an tighearna air agus chaith sé amach ar an t-sráidh. Béigin do Pháidín bocht a ghabhail i chomhnuidhe i n-éinfeacht le na mhac a bhí pósta leath-mhíle ó na theach fhéin.
Bhí smacht géar ag an tighearna talmhan ar na tineóntaí. Dá bhfeiceadh an tighearna tineónta ar bith ag eirghe deiseamhail sa saoghal d'árdóchadh sé an cíos air i gcroth is go leigfeadh sé faoí.
Bhí Pádhraig Ó Máille ag dul chuig an aifreann domhnach amháin agus bhí péire bróga nua air. Cé a chasfaidh air chomh tráthamhail is a bhfaca tú ariamh acht an tighearna talmhana. Beannuigh sé do Pádhraig agus níor dubhairt níos mó. Ní raibh blas ar bith acht go raibh an teine faduighthe ag Pádhraig ar maidin Dé Luain nuair a bhí an tighearna ag an doras aige agus d'árduigh sé an cíos air. Deirim-se leat go raibh sé suas le cupla bliadhain aríst sul má fuair Pádhraig aon phéire bróg mar bhí faitcíos air roimh an tighearna uaidh sin amach.
ball sinsearach (stair)
2023-04-08 12:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tighearna talmhan an cheanntair.
Ba iad tighearnaí talmhan an ceanntair, ná Berridge, Henry Robinson, Thomas Kern, agus Martyn. Bhí siad suas le dhá sgór bliadhain san áit.
Eallach nó cuid do thorthaí na talmhan a thugadh na daoine mar cíos dóib.
Ba do bhunughadh gallda iad.
Bhí Berridge i na chomhnuidhe amhuigh ag sgríb, agus an triúr eile na gcomhnuidhe i gCill Aidhthne i n-aice Uachtar-Árd.
Ba fear géar sanntach a bhí in Berridge i dtaobh cíos, agus nuair a cailleadh é ní mórán a chaoin tineóntaí na h-áite i na dhiaidh.
Nuair a cailleadh Berridge ba é Henry Robinson a tháinig i na tighearna ar thalamh an cheanntair i na dhiaidh.
Ba fear géar a bhí in Henry Robinson agus is iomdha tineónta bocht a chuir sé as seilbh a chuid talmhan.
Is maith a's is cuimneach le mo shean athair nuair a chuir sé Páidín Ruadh tineónta bocht a bhí i na chomhnuidhe i ngleann chat a's seilbh a chuid talmhan.
Nuair a tháinig an tighearna
ball sinsearach (stair)
2023-04-07 16:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Fiabhras
Nuair a lobh na fataí cailleadh na mílte daoine leis an ocras. Nuair a bhí na daoine dhá gcailleadh chomh tréan sin deirigh galar uathbhásach sa tír an fiabhras.
Bhí na daoine dhá gcailleadh ins na garrannta agus chois na gclaidheacha.
Bhí bean thiar i Muicneach-idir-dhá-Sháile a dtugaidís Máire Thomáis Seóige uirthe. Cailleadh a fear agus a cúigear mac aon oidhche amháin.
Bhí sí fhéin go dona freisin agus ní raibh sí indon an sé chorp a thabhairt go dtí an roilig.
Rug sí ortha ó dhuine go duine agus thug sí amach iad ins an gharraidhe ba goire don teach. Rinne sí poll sa talamh agus chuir sí na sé chorp gan cóntra ar bith i n-einfeacht síos sa bpoll, agus chaith sí roinnt créafóg ós a gcionn.
Cupla seachtmhain i na dhiaidh sin cailleadh í fein chois na teine i na teach féin agus d'fan sí ann gur thuit an teach uirthe.
ball sinsearach (stair)
2023-04-06 18:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Gorta
Ag mo athair a chuala mé an seanchus seo, agus chuala seisean ag a shean-athair é mar bhí sé beó le linn an ghorta.
Tháinig oidhche mhór sneachtadh faoí Fhéile San Seáin, agus nuair a deirigh na daoine ar maidin bhí dath dubh ar na barrannaí.
D'fág na daoine na fataí amhlaidh go dtí an fóghmhar a bhí chugat agus ní raibh fata beó ins an talamh mar a raibh corr áit annseo agus annsiúd.
Tháinig an dubhachan ar na fataí an dara bliain freisin acht an té a chuir fataí an tríomhadh bliain bhí toradh faoí céad orta. Fataí a bhíodh ag na daoine ar gach béilidhe a chaithidís an uair sin.
Nuair a lobh na fataí agus nuair nach raibh aon fata ag na daoine béigin do na daoine a gabhail ag iththe brochán min bhuidhe.
Bhí Sasanach i na chomhnuidhe thíos i n-Doire an Fiaidh agus bhí siopa beag aige.
Na daoine a bhíodh ag teacht isteach agus amach sa siopa ag ceannacht cuid do na rudaí a bhíodh dhá ndíol ann thug sé cupla chloch min bhuidhe dóib le cabhrúghadh leó.
ball sinsearach (stair)
2023-04-05 18:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fada ar do thóir mé agus ós rud é go bhfuil tú annsin go bhfanfaidh tú annsin" ag breith ar a claideamhe a's ag baint an chloiginn dó.
ball sinsearach (stair)
2023-04-05 18:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
amuigh a's dubhairt sé liom nach dtiocfadh sé isteach nó go n-innsithi sgéal gan aon bhréag dhó; Chuile chineál feola a chur isteach sa bpota atá ar a dhruim aige ag imtheacht; agus nuair a bheadh an sgéal innsighthe bheadh an fheoil bruithte a's go shuidhfeadh sé síos annsin as go n-íosadh sé a dhóthain di.
"Fan go fóillín" ars mac an Rí "sin an fear a raibh mise ar a thóir".
Rachaidh mise amach aige a's is gearr go mbeidh an sgéal innsighthe. Bhuail mac an Rí amach. D'ionnsuigheadar feín a chéile go ndearnadar cruadhán gon bhogán a's bogán gon cruadhán; go dtugadar toibreacha fíor uisge aníos thríd na leacracha glasa. Annsin chuimnigh mac Rí Eireann nach raibh fear a shínte nó a caointe le faíl. Thug sé cor dó a's cuir go dtí na bhásta é, an dara cor go dtí na asgaill, agus an triú cor go dtí na mhuineál.
"Do char a's do chuimre" arsa Mac Dabharnáin "a's lig as seo mé."
"M'anam" arsa mac Rí Éireann "gur
ball sinsearach (stair)
2023-04-04 20:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar seisean "an bhean a shaothruigh mé a's an bhean a shábháil mé a's tiúra mé liom abhaile í ag m'athair a's mo mháthair. Dfhág sé slan a's beannacht ag an Rí a's tháinig sé feín a's í feín abhaile go dtí teach a athara a's a mháthara. Chomh luath a's tháinig siad abhaile chuir an Rí goirmsgoil amach ar fad an oileáin. Chruinne muinntir an oileáin chuig an mbainis. Nuair a bhí an bhainis dhá caitheamh tháinig fear go dtí an doras. Deirigh an sean-Rí. Chuaidh sé amach a's diarr isteach é.
"Nílim ag guil isteach" ar seisean "nó go bhfághaidh mé fear a innseóchas sgéal gan aon bhréag dom. Nuair a innseóchaidh sé sin dhom ar seisean cuirfe mé mairtfheoil, caoirfheoil, mucfeoil a's chuile cineál eile g'eoil a marbhuigheadh ariamh síos sa bpota seo ar mo dhruim Nuair a bhéas an sgeál innsighthe beidh an fheoil bruithte agus iosaidh mise mo dhóthain di. Tháinig an Sean Rí ar ais go dtí 'na áit. Leig sé osna a's chuir sé rata as an teach.
"Fear faoi gheasa tú a athair" ars an mac
"Ó" ars an t-athair "tá fear annseo
ball sinsearach (stair)
2023-04-03 19:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"A bhuel" ar seisean Caithfe mé a ghuil isteach, agus isteach leis go dtí an fear bhí istigh. Bhí pota mór ar a dhruim ag teacht aige seo. "Is dóighe" arsa mac Rí Éireann leis "gur tú an fear a bhfuilim-se ar a thóir". Dionnsuigheadar feín a chéile. Chaitheadar trí oidhche a's trí lá ag troid. Ar an triú lá deirig le Mac Dabharnáin mac Rí Eireann a bhualadh a's gur fhág sínte é. Annsin leag sé an pota mór anuas air agus shuidh sé ar an bpota. Oidhche a's lá a chaith sé na shuidheamh air a's nuair a shíl sé mac Rí Éireann bheith plúchta faoin bpota deirigh sé a's thóig an pota. Nuair a thóig sé aníos an pota chonnaic sé beó é. Deamhan blas a rinne sé acht ritheacht le n-anam.
"Bhuel anois" arsa mac Rí Éireann "má's gaisgidheach tú gabhfaidh tusa ar mo thóir-sa Ní leanfaidh mise níos fuide thú". Ní dhearna sé acht filleadh ar ais go dtí an long a's bhí míle fáilte ag na mná óga roimhe
Buail sé abhaile go dtí teach na mban óg. Chuir an sean Rí céad míle faílte roimhe. "Anois" ar seisean "féadfaidh tú do rogha bean aca a phósadh". "Pósfaidh mé
ball sinsearach (stair)
2023-04-02 09:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
liom m'fhear cheóil acht deanfainn pleota breágh g'amadán. Síos leis go dtí teach na bainse a's buail sé an doras. Fiafruigheadh cé bhí ann. "Amadán" ar seisean a's sgaoileadh isteach é. Pé'r bí cén mísg a rinne sé an chéad uair rinne sé a sheacht n-oiread an uair seo. Tháinig mac Rí Éireann anuas go mbuaileadh sé a's go gcuireadh sé amach é. Ní dhearna mac Rí Eireann acht breith air, a's é ceangal dhá chéile a's é chaitheadh sa gclúid go maidin. "Cén bás a bfhearr libh a thabhairt air" ar seisean maidin lár na bháireach. "Bás ar bith a thogróchas tu feín ars an cúlódar. Fuair sé ceithre cinn go chaiple, agus tharraing sé ó na chéile é. Dfág sé an t-oileán fré chéile ag an bhfear ba mheasúla a bhí ann acht é bheith faoi árd-chíos aige feín go bráthach.
Bhí sé ag deanamh ar an mbaile a's na haon bhean déag i n-éinfeacht leis. Tháinig sé go dtí an t-oileán seo a's chonnaic sé fear ann istigh. "Manam" ar seisean "go mbéidir go bé seo an fear atáim a tóruíocht. "Má dheanann tú mo chomhairle-sa" ars an ingin ba sine "ní ghabhfaidh tú isteach annsin. Tá mo dhóthain deanta agat anois."
ball sinsearach (stair)
2023-04-01 10:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
níor fhág sé long aca gan bathadh le gach uile iarraidh. "Anois" ars an caiptín leis nuair a bhí an méid sin deanta aige siubhail leat liom go dtí mo theach. Chaith mac Rí Éireann an oidhche sin leis. "Caithfe mé imtheacht anois" ar seisean maidin lár na bháireach. Síos leis ag an bhfairrge. Tharraing sé amach a sgian a's a phíosa mhaide a's rinne sé long mhór luachmhar láidir gan bun cleite isteach ná barr cleite amach a's chaon chleite ag deanamh ceól sidhe is fasgaidh dhá chéile. Isteach leis go léim innte. Thug sé a tosach go mhuir a's a deire go thír a's níor stop sé ariamh gur bhuail sé tír a's talamh istigh ag mac Rí na dturcach arís. Bhí goirm sgoil amuigh ag mac Rí na dturcach go raibh sé le pósadh lár na bháireach. Tháinig sé go dtí teach na caillighe seo a's diarr loistín na hoidhche go maidin. "Nach mór an t-iongnadh" ar sise "nach ar an mbainis atá tú" "Cá'il an bhainis" ar seisean. "Tá" ar sise "mac Rí na dturcach a's ingin an Rí dá bpósadh amáireach". "M anam" ar seisean "nar chuala mé blas ar bith faoi go dtí anois acht béidir go mbéinn sáthach luath fós." "O" ar sise ní leigfear isteach anois acht fear cheóil a's amadán. "Muise" ar seisean "níl aon rath
ball sinsearach (stair)
2023-03-31 18:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus pioc amach an ceann is fearr leat. Bhuail sé síos go h-íochtar na luinge. Bhí sé ag gul thríd na claidhmhí go bfuair sé sean-claidheamhe a bhí ithte le meirg. Chraith sé é agus bhain sé seacht dtonna meirg dó. Bhuail sé aníos arís.
"Anois" ars mac Rí Éireann "cé sibh-se"
"Bhuel" ars an caiptín "mise an fear atá ag imtheacht ar thóir fear nach bhfuil fhios a'm faoin domhan cé é feín nó cén t-ainm atá air. Gaisgidheach a tháinig a'inn tá os cionn lá a's bliain ó shoin agus thug lámh conganta dhom feín a's mo dhrárachaí. Mhara sé a raibh roimhe a's níor thaobha sé muid ón lá sin go dtí an lá indiu. Tá an fathach a's a chuid luingis istigh ar an talamh aige arís go mbaine sé an t-oileán fré chéile amach, a's tá mise ag imtheacht a's ag síor-imtheacht ar thóir an fhir sin." "Mise an fear sin" arsa mac Rí Éireann. "Anois bhfuil aon mhaide maith i do luing". "Tá a's neart" ars an caiptín. "Tabhair leat do long anois" ar seisean "agus coinne í mar déarfas mise leat". Dimthigh leo a's níor stop siad ariamh go dtáinig siad go dtí an áit a raibh an fathach a's a chuid luingis. Thosuigh sé ag góilt ortha leis an gcuaille mór a's
ball sinsearach (stair)
2023-03-30 18:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
filleadh ar ais arís nuair a deirigh mac Rí Eireann go ghlan-léim gon carraig agus chuaidh sé isteach sa mbád aca. Thugadar go dtí an caiptín é. "Cé thú feín" adeir an caiptín leis. "Ní duine uasal thú ná caiptín luinge" adeir sé "a's dhá mba eadh (yea) sgaoilthea as seo mé" "Is fíor dhuit" ars an caiptín agus sgaoil sé an ceangal bhí air. "Anois" ars an caiptín nuair bhí sé sgaoilte "cé thú feín". "Ní duine uasal ná caiptín luinge thú" adeir sé "a's dhá mba eadh ní cheistneó mé go bhfuigthea mé nighte glanta bearrtha "Is fior dhuit" ars an caiptín agus fuair sé nighte glanta bearrtha é. "Anois" ars an caiptín "cé thú feín". "Ní duine uasal thú ná caiptín luinge" adeir sé "a's dhá mba eadh thiúra culaith eadaigh dhom". Tugadh dhó an chulaith éadaigh. "Anois" ars an caiptín "cé thú feín". "Ní duine uasal thú ná Caiptín Luinge" adeir sé "a's dhá mba eadh thiúra rud le n-ithe dhom." Tugadh a bhéile dhó. "Anois" ars an caiptín "cé thú feín". "Ní duine uasal thú ná caiptín luinge" adeir sé "agus dhá mba eadh chuirá claidheamhe i mo láimh" "Bhuel" ars an caiptín níl aon chlaidheamhe agam annseo acht gabh síos go h-íochtar na luinge. Tá neart annsin
ball sinsearach (stair)
2023-03-29 17:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chuir sí an fainne a bhí aice ar a méir feín isteach ar a mhéir. Annsin chaith mac Rí na dturcach amach sa bhfairrge é agus dfhilleadar abhaile. "Bhuel" cuirim-se faoi gheasa na bliana tú" ars an inghin ba sine "gan fhios a bheith a'd an fear nó bean mise ná mo dhrifuracha go ceann lá 's bliain a's má bhiónn muid 'na dhiaidh sin a'd beidh muid go brathach a'd." Bíodh sin mar adubhairt tú arsa mac Rí na dturcach.
Bhí sé ag imtheacht ar bharr na tuinne. Ní raibh baoghal múchadh ná báthadh air chúns bhí an fainne ar a mhéir. Sa deireadh cuireadh isteach ar charraig mhór é. Bhí sé ar an gcarraig annsin go bhfaca sé long ag gul thairis lá. Thosuigh sé ag glaodhach a's a béiceadh.
"Tá" arsa caiptín na luinge "duine eicínt istigh ar an gcarraigh sin a's is fearr díbh a ghul isteach ag feachaint cén sort duine é feín."
Cuaidh ceathrar fear a's bád isteach go dtí é. Nuair a chonnaiceadar chomh fiadháin a's bhí sé bhuail sgannradh iad agus ní gabfaidís níos fuide. Dfhilleadar ar ais. Chuir an caiptín ceathrar eile amach. "Ná tagaid ar ais agam-sa gan é bheith agaí ag teacht díbh" ar seisean.
Chuadar isteach a's ma chuaidh feín sganntradar nuair a chonnaiceadar é a's bhíodar ag brath ar
ball sinsearach (stair)
2023-03-28 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar meisge. Tig leat annsin do rogha baís a thabhairt air. Bhí go maith, ditheadar an dinnéar. "Cuirim geall leat" arsa mac Rí na dturcach "nach bhfuil aon fhear sa domhan atá i n-an an oiread fuisge liom ól".
"Cuirfe mise geall leat go n-olfaidh mé an oiread leat" arsa mac Rí Éireann.
Dól agus dfanadar ag ól gur thuit mac Rí Eireann ar meisge. Ní dearna mac Rí na dturcach acht breith air a's é cheangal a's é chaitheamh sa gclúid go maidin.
"Anois" ar Seisean le na h-aon bhean deag ar maidin lár na bháireach, "cén bás is fearr libh a thabhairt air." "Bhuel" ars an bhean ba sine aca "níor mhaith linn go bhfuigheadh sé bás ar bith". "Is leis bás fháil" ar seisean agus pér bí cén bás a déarfas tú sin é an bás a gheobhas sé". "Tabhairt leat mar sin é" ar sise "a's caith amach sa bhfairrge é agus leig dó bás fháil ar an bhfairrge".
"Deanfaidh mé sin" ar seisean. Chroch sé leis é ar mullach aille os cionn na fairrge le na chaitheadh amach. "Anois" ars an bhean ba sine "Táim ag iarraidh aon achuiní amháin ort. An dtiúra tú cead dom aon phóg amháin a bhaint dó sula gcaitfe tú amach é." "Tiúrad" ar seisean. Nuair a chrom sí leis an bpóg a bhaint dhó
ball sinsearach (stair)
2023-03-27 17:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"A níl sé i mo chailíocht" adeir sé "filleadh go mbeidh 's agam cé tá ar an oileán". Bhuail sé isteach. Cé bheadh annsin acht mac Rí na dturcach. Bhí aon nduine a's fiche ag mac Rí na dturcach ag torruíocht mná deasa. Nuair a tháinig mac Rí Éireann isteach ar an oileán chonnaic sé na h-aon bhean déag i n-éindigh leis. "Muise ní fhaca mé mo saoghal ariamh mná chomh breágh a's tá leis an bfear seo, adeir mac Rí na dturcach Bhuail sé suas go dtí na shean fhear glic. "Cén bás a thiuras muid air go bfuighidh muid na mná óga atá leis" ar seisean leis an sean fhear glic. "Bhuel anois" ar seisean tá do dóthain le deanamh a'd. "Anois" ar seisean "níl aon fhear sa domhan indiu i n-an cainnt ar an bhfear a bhfuil tú ag plé leis, a's ní bfuighidh tú an ceann is fearr ar sin go brathach go guire [!] tú ar meisge é." "Agus cén chaoi a gcuire mé ar meisge é." adeir mac Rí na dturcach. "Teire anois a's dean poll síos sa talamh san áit atá tú do shuidhe. Annsin faigh funnel mór fada a's cuir taobh istigh go do léine í. Cuir geall leis nach bhfuil aon fear sa domhan i n-an an oiread fuisge leat feín ól. Dearfaidh seisean go bhfuil agus tosóchaidh sé ag ól. Bí tusa á leigint síos sa bhfunnel a's ní bheidh aon deóir ólta a'd, agus beidh seisean ag ól go dtuite sé
ball sinsearach (stair)
2023-03-26 11:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a's a réabadh. Bhí chuile dhuine ag gáirí
"Cén tughdar gáirí sin agaí" adeir an fathach mór. "An t-amadán" ar siad-san
"Leigidh dhó" ar seisean "go dtiocfaidh mise síos aige a's smachtóchadh mise an t-amadán"
Nuair a tháinig an fathach anuas aige ní dhearna mac Rí Éireann acht é cheangal a's é chaitheadh sa gclúid. "Fan annsin anois" ar seisean "go maidin".
"Cén bás a bhfearr libh a thabhairt air" ar seisean leis an gcúlódar maidin lár na bháireach. "Bás ar bith a thogróchas tú feín" ar siadsan. Ní dhearna sé acht é chur chun baís. Annsin dárduigh sé an fear ba mheasúla ar an oileán a's rinne Rí ar an oileán dhó acht é bheith faoi árd-chíos aige feín go bráthach.
Maidin lár na bháireach tharraing sé amach a long é feín a's na haon inghin déag an Rí agus bhí sé ag imtheacht a's ag sior-imtheacht a deanamh abhaile. Chonnaic sé oileán uaidh nach bhfaca sé a's é teacht amach. "Manam" ar seisean "go mbéidir gurb é seo an áit a bhfuil mo tharraing".
Má dheanann tú mo comhairle-sa adeir an inghin ba sine de chlann an Rí ní iarrfaidh tú a ghuil isteach annsin acht deanfaidh tú ar an mbaile
ball sinsearach (stair)
2023-03-25 08:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
seisean "nar chuala mé blas ar bith faoi acht bféidir go mbeinn sáthach luath fós". "Ó" ar sise "Ní leigfeár isteach anois tú" "Ní leigfear isteach anois acht fear ceóil a's amadán". "Muise níl aon ráth liom m'fear cheóil acht dheanfainn pleóta breágh g'amadán" ar seisean, "An bhfuil aon mhála a'd". "Muise níl aon cheann a bhfuil aon chúis ann" ar sise. "Gabh síos ag an siopa a's tabhair agam aníos bánnlá a's fiche g'anairt." ar seisean. Síos leithe a's thug sé aníos bánnlá a's fiche g'anairt a's snátha a's snáthaid. Thosuigh sé feín a's an chailleach ag fuaghail, a's nuair a bheadh greim curtha ag an gcailleach bheadh seacht ngreim deag curtha aige-san. Soir leis ag teach na bainse a's an mála aige. Bhuail sé an doras, a's fiafruigheadh cé bhí ann. "Amadán" ar seisean agus sgaoileadh isteach é. Nuair a tháinig sé isteach bhí an Suipéar leagtha ar an mbord. Dheamhan blas dá raibh ar an mbord nar shac sé síos sa mála a's nuair a bhí an mála lán aige ní dhearna sé acht a ghuil go dtí an doras a's é chaitheamh amach gur chuir sé treasna ag teach na caillighe é. Isteach leis arís. Dheamhan blas dhá raibh á raibh ag teacht ag an mbord nach raibh sé a briseadh
ball sinsearach (stair)
2023-03-24 18:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
íocshláinte sé leighfeas thú". Ghearr sí a méir a's thum i gceann de na baraillí í a's cén áit a gcuirfeadh sí í acht isteach sa mbaraille nimhe. Bhuail pian í, a's ní dhearna sí acht í thumadh sa mbaraille íocshláinte. Isteach le mac Rí Éireann sa mbaraille íocshláinte a's nuair bhí sé nighte glanta ann bhí sé chomh slán chomh sliún a's bhí ariamh.
"Té sibh feín" arsa mac Rí Éireann le na mná. "Aon driufúr déag muid" ar siad-san "leis an Rí a raibh tú i na theach a leithide seo g'oidhche agus tá mise le pósadh amáireach le fathach an oileáin a's beidh mo dheichniúr drifurachaí na gcailíní aimsire aige chun's mhairfeas sé".
Maidin lár na bháireach cuireadh gairm sgoil amach faoi dhéint na bainse. Ní raibh duine ar an oileán nar chruinnigh isteach ag teach na bainse. Bhí sean chailleach chearc ag an bhfathach a's bhuail mac an Rí chuice síos tráthnóna deireannach. Diarr sé loistín.
"Muise nach mór an t-iongnadh nach ar an mbainis atá tú" ars an chailleach leis.
"Cá'il an bhainis" ar seisean. "Ó" ar sise "nach bhfuil 's a'd go bfhuil an fathach mór a's inghin an Rí dhá bpósadh amáireach" "M'anam" ar
ball sinsearach (stair)
2023-03-23 18:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a uilleann a bhualadh ar i n-aghaidh na caillighe a's leis an bfáisge a thug an chailleach dhó chuir sé a uilleann treasna trithe agus mharbhuigh sé í.
Nuair a bhí sin deanta aige bhuail sé siar a's é na chroiceann go dtáinig sé go dtí an t-oileán seo.
Bhí aon inghin déag an Rí istigh i ngrianán ar an oileán céadna agus chonnaiceadar an fear óg ag deanamh ortha. "Tá an fear is breághchte ar leag mé mo shúil ariamh air ag gul siar annsin" ars an inghin ba sine aca "agus tá sé loithti leóinte: Tá rud istigh annseo a'inne agus dhá bhféadadh muid é thabhairt dó leigheasfadh sé é. Teannaidh i leith annseo a dhriurachaí go mbainidh mé 'ur ngruaig anuas dibh agus deanfaidh muid dréimire a thiúras isteach annseo é". Chuala mac Rí Éireann an chainn[t.] "Níl aon cháll dhuit rud ar bith dhá short a dheanamh" ars seisean acht fosgail an fhuinneóg a's ní gaisgidheach mise mar a bhfuil mé i n-an a ghuil ge léim isteach thríd an bhfuinneóig.
H-oscladh an fhuinneóg. Deirigh sé ge léim agus isteach leis san áit a rabhadar.
"Bhuel anois" ar sise "Tá dhá bharaille annseo baraille nimhe a's baraille íocsláinte acht níl 's a'm cé aca is fearr". "Acht fan go fóil" ar sise "gearrfaidh mé mo mhéir a's cuirfidh mé isteach i chaon baraille í a's pér bith cé aca an baraille
ball sinsearach (stair)
2023-03-22 19:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
'chaon taobh dó. Ní fada bhí sé sínte nuair tháinig an sean ghiorrán bán a phoitín a's a chleitín aige. "Eirigidh suas a bhuachaillí" a deireadh sé a's é cuimilt an chleite dóibh. "Foill leat a shean ghiorráin bháin" adeir sé "na cuir níos mó na seasamh nó má chuirir ní liom-sa a chuideós siad". D'ionnsuigh sé feín agus an sean-ghiorrán bán a chéile acht má dionnsuigh feín ní fada sheas sí dhó. Luigh sé siar arís. Ní fada bhí sé 'na luighe nuair a tháinig sean chailleach mhór mhillteach a poitín a's a cleitín aice a's thosuigh sí ghá gcur na seasam. "Foill leat a chailleach adeir sé "ná cuir níos mo na seasamh nó má chuirir ní liom-sa a chuideós siad.
"Ná ba fearr a bhéas tú a mac Rí Éireann" ars an chailleach acht tá mise réidhtighthe romhat Tá naoi n-orlaigh go phlát iarainn ar mo mhuineál-sa, tá naoi n-orlaigh go plát chruach ar mo chliabhrach, tá naoi n-orlaigh cruaigh g'ingne ar mo chosa, tá naoi dtroighthe go dhruball iarainn anuas ar mo thóin le na gcuirfidh mé chun báis tú"
Chas sí a druball iarainn tar timpall air.
Is annsin a chuimnigh mac Rí Éireann air feín. Thosuigh sé dhá faisge leithe isteach. Nuair a bhí sé faisgithe leithe isteach bhí sé ag ceapadh go raibh sé réidh. Ní dhearna sé acht a lámh a bhualadh ar a brollach agus
ball sinsearach (stair)
2023-03-21 20:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhá thrian siúil a'd orainne. Dimthigh leis. Níor stop sé go dtáinig sé ar an gcéad chroc. Ní fhaca sé duine ná deoraidhe annsin. Tháinig sé ar an dara croc. Dheamhan duine bhí ann. Tháinig sé ar an tríomhadh croc. Chonnaic sé dubhachan na talmhan ag teacht aige. "Tá a'm anois" ar seisean. D'ionnsuigh siad feín a chéile go raibh diún a's deire an lae ag deanamh ar a chéile gur chuimnigh mac Rí Éireann nach raibh fear a shínte ná a chaointe le fághail. Níor fhág sé ceann ar cholainn nach raibh sínte aige ag dul faoi gun ghréin.
"Cén mhaith dhom a dhul abhaile anocht" ar seisean "a's gan fhios agam cé h-iad seo ná céard tá á ndeanamh beo." Luigh sé faoi. Tharraing sé corp faoi, corp as a chionn, corp le ch'aon taobh dhó. Ní raibh sé i bhfad na luighe nuair a chonnaic sé an sean fhear ateacht a phoitín a's a chleitín aige. "Eirigidh sua a buachaillí" a deireadh sé a's é ag cimilt an chleite dóibh. Bhíodar ag eirghe na seasamh. "Fóill leat a bhuachaill" adeir mac an Rí "ná cuir níos mo na seasamh nó má chuirir ní liom-sa a chuideós siad."
Ní dhearna sé acht na cloigne a bhaint den méid a bhí na seasamh agus annsin bhain sé an cloigeann den sean-fhear é feín. Sín sé siar aríst. Tharraing sé corp faoi, corp as a chionn, corp ar
ball sinsearach (stair)
2023-03-20 18:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tuitim amach le n-ár gcliamhain thug muid an t-oileán sin dó. An bhliain na dhiaidh sin arís tháinig sé ag iarraidh an triomhadh oileáin, agus tá muid ag troid leis anois le seacht mbliana acht tá muid chomh dona anois is bhí muid ariamh. Níl aon fhear á mharbhóchaidh muid sa ló nach bhfuil beo san oidhche agus iad romhainn lár na bháireach le troid. "Manam go mbéidir go dtiurainn-se lámh conganta amáireach díbh" arsa mac Rí Éireann.
Chaitheadar an oidhche sin go spoirtiúil, trian le sgéaluiocht, trian le fiannuiocht agus trian le sanam sáum. Blas na meala ar gach aon ghreim a's níor itheadh aon greim tur gur eirigh an lá. Chuaidh siad a chodladh. Maidin lár na bháireach deirigh an triúr fathach, agus fuaireadar a mbricfeasta agus bhí mac Rí Éireann na chodladh. "Suarach an gaisgidheach é seo" arsa fathach aca "a's gan é corruighe gen leabaidh fós". Chuala mac Rí Éireann é agus deirigh sé go léim. "Is dóighe" ar seisean "narbh fíu dibh glaodhach orm acht b'éidir go mbéinn sathach luath fós". Dith sé a bhricfeasta. "Ní lá conganta é mara bhfágaidh mé sa mbaile indiu sibh" arsa mac Rí Éireann. "Cén bealach a ghabhfas mé anois."? "Muise" ar siad-san "tá an casán sathach buailte a'inne agus lean dhó. Tá trí chroc romhat. Má théigheann tú ar an dara croc beidh trian siúil a'd orainne a's mhá théigheann tú ar an triomhadh croc beidh
ball sinsearach (stair)
2023-03-19 09:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
blogam as. Rug sé air a sgian agus bhain píosa den fheoil go [?] chaon phláta go na trí plátaí agus dól sé blogam as chaon mhuigín go na trí muigíní antra. Nuair a bhí ithte is ólta aige dairigh sé an torann ag teacht. Ní raibh sé g'am aige a ghuil i n-áit ar bith acht isteach faoin mbord. Táinig triúr fathach isteach, agus shuidheadar isteach ag an mbord. "Bhain duine eicínt" arsa fathach aca "ruainín go mo spoilín feola-sa." "Muise ní dhearna sé aon choithís liom-sa acht an oiread leat" arsa fathach eile aca. "Ní dhearna ná an choithís liom-sa" ars an fathach eile. Ba ghearr gur thuit rúinín feola ar an urlár ó dhuine aca agus chrom sé le na thógáil, agus céard d'fheicfeadh sé istigh faoi'n mbord acht mac Rí Éireann "Gabh 'mach as seo agam" ars an fathach. Tháinig sé amach. "Cé thú feín" arsa fathach aca. "Mise mac Rí Eireann" ar seisean "acht cé sibh-se." "Triúr dreáir muide" ar siad-san "agus bhí aon driúr amháin againn. Tháinig fathach as an domhan thiar tá seacht mbliana ó shoin agus diarr sé í. Bhí ceithre oileán a'inn sul a cailleadh ár n-athair a's ár máthair acht nuair a cailleadh iad tháinig an fathach agus dubhairt go gcaithfeadh muid ceann de na h-oileáin a thabhairt dó. Thug muid sin dó. Tháinig sé an bhliain na dhiaidh sin agus dubhairt go gcaithfeadh muid oileán eile a thabhairt dó. Ní raibh aon fhonn orainn sgaradh leis an dara oileán acht leisge.
ball sinsearach (stair)
2023-03-18 08:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuir athair na mná céad fáilte roimhe.
"Anois ó thárla gur shábhail tú í tiubhraidh mise dhuit í le pósadh a's leath mo ríoghacht a's mo rioghacht uilig réis mo bháis", ars an t-athair.
"A ndomhnach is maith liom í fháil" ars mac Rí Éireann "a's má fhillim choithin bféidir go bpósainn í a's mara bfhillfeadh bíod a seans aice."
Ar maidin lár na bháireach deirigh sé dubhairt a thrá, nigh a lámha, agus dimthigh leis. Bhí sé ag imtheacht a's ag síor imtheacht go raibh diún a's deire an lae a deanamh ar a chéile, agus chonnaic sé oileán i bhfad uaidh a's ní i ngar dhó. "M'anam" ar seisean "go dtiocfaidh mé isteach annseo go bhfeicfidh mé a mbeadh tuairisg ag aon nduine san áit a bhfuil mé ag dul." Isteach leis agus tharraing sé suas a long thug ceangal na seacht mbliain uirthe théis go mbéidir nach mbeadh sé ann acht uair a chluig. Chonnaic sé teach uaidh. Rinne sé air agus isteach leis. Dheamhan duine ná deoraidhe bhí istigh roimhe. Chonnaic sé trí phlata feola agus trí mhuigín antra leagtha ar an mbord. "Manam" ar seisean leis "go bfhuil ocras orm-sa agus is beag a aireóchas pláta ar bith aca seo má bhainim-se ruainín dhe agus is beag a aireóchas aon mhuigín aca má bhainim
ball sinsearach (stair)
2023-03-17 09:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dómhadh h-ingin déag a's mara dtiubhradh m'athair annseo mé bháitheadh an fathach an t-oileán fré chéile."
"Níl aon cháll imnidhe dhuit" arsa mac an Rí agus chaith sé féin a's í féin tamall fada a cainnt a's a cómhradh go bhfaca sé long luachmhar láidir ag teacht go dtí é. Bhí iomradh na gceadtaí uirthe a's gan uirthe acht aon nduine amháin.
"Go mba seacht míle measa a bhéas tú bliain ó 'niu" ars an fathach, "marach a feabhas a's shiubhail mé bheadh mo bhean phósta tugtha a'd leat."
"Ní ag iarraidh ceart ná cóir ort a tháinig mise indiu" adeir mac an Rí "acht le ceart a's cóir a bhaint dhíot".
Dionnsuigheadar féin a chéile go ndearna siad cruadhán gon bhogán, agus bogán gon cruadhán go raibh diún a's deireadh an lae a deanamh ar a chéile, gur chuimnigh mac Rí Éireann air féin nach raibh fear a shínte ná fear a chaointe le fághail. Ní dhearna sé acht a chlaidheamhe a tharraing agus a chloigeann a bhainnt de. Nuair a chonnaic muinntir an oileáin an fathach mór marbhuighthe ritheadar le na n-anam, mar shíleadar go mbaithfeadh an fear seo an t-oileán fré chéile.
Thug sí leiteh abhaile go dtí na dhinnéar é.
ball sinsearach (stair)
2023-03-16 19:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nigh sé a lamha dubhairt a thrá, a's bhuail sé síos 'un an trágha. Rug sé ar a sgian bheag a's ar phiosa mhaide agus rinne sé long mhór, luachmhar laidir gan bun cleite isteach ná barr cleite amach acht chaon chleite a deana(mh) ceól sidhe a's fasgaidh dhá chéile. Isteach leis go léim innte. Thug sé a tosach go mhuir a's a deire go thír. Leis a siubhal a bhí faoi ní bhéarfach sé ar a ngaoith Mhárta bhí roimhe a's ní bhéarfadh an ghaoth Mhárta bhí na dhiaidh air. Bí sé ag imtheacht a's ag síor-imtheacht go dtáinig sé i n-amharc oileáin. Bi cruinniú mór millteach daoine ar an oileán.
"A dhearbhrathair a m'anama go mbféidir gurb é seo an áit a bhfuil mo tharraingt."
Bhuail sé tír, thug ceangal na seacht mblian ar an luing thréis go mbféidir nach mbeadh sé ann acht uair a chluig. Céard a bheadh annsin acht barioghan óg na suidhe i gcathaoir óir, a's cathaoir airgid le na h-ais. Bhuail sé chuice suas. "Go cé'n fath annseo thú" arsa mac an Rí leithe. "Mise an dómhadh h-ingin déag a bhí ag m'athair", ars an cailín óg "a's níl aon bhliain le dhá bhliain déag indiú, nar tháinig an fathach mór agus thug ceann go mo dhreifiúrachai leis. Mise an
ball sinsearach (stair)
2023-03-15 21:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mac Dabharnáin, Mac Rí na Beinne Brice.
Bhí rí i nÉirinn fadó. Aon mhac amháin a bhí de chúram air. Nuair a bhí an mac seo i n a bhuachaill óg cuireadh 'un na sgoile go dtí Mainineán é. Nuair a bhí seacht mbliana istigh aige leis seo fagadh seacht mbliana eile aige é. Nuair bhí na ceithre bliana déag thuas fagadh aige seacht mbliana eile é. B shin bliain is fiche. "Anois" arsa mac an Rí "bhfuil sé sa domhan indiu aon fhear níos fóghlumta le cleasa luatha agus gaisge ná mise. "Well anois" ars a mháighistir níl le do shárú acht aon fhear amháin. "Cé é feín" adeir mac an Rí. "Níl fhios a'm" adeir sé "cé'r b'as é nó cá 'il sé na chomhnuidhe, acht Mac Dabharnáin, mac Rí na Beinne Brice is ainm dó.
"Cuirim-se faoi gheasa bliana mé feín" ars mac an Rí "gan an dara hoidhche a chodladh ar aon leaba ná an dara béile a ithe ar aon bhord go brách má's faoi thalamh nó as cionn talmhan a bhéas sé go bhfághfaidh mise 'mach é".
Deirigh sé ar maidin lár na bháireach.
ball sinsearach (stair)
2023-03-14 11:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dfosgail an uain. Bhí an cú thiar ann agus an slabhra óir uirthe. Chuir sé an luch síos sa bpurs agus thug sé leis an sgathán agus an rásúr. Bain sé trí maide i gcoill na n-Uileann agus chaith sé amach i Loch Mám Aon iad. Cuaidh sé ar ais go dtí an sean-fhear. Chuir sé an luichín ag róstadh agus ba ghearr go raibh súgha ag tuitim aiste. Thosuigh sé dhá chuimilt dhá shúile agus rinne an t-Éireannach an rud céadhna. Thosuigh sé ag gairí. "Cén fáth do gháirí?" ars an Lochlannach. "Níl orm acht a dhul abaile agus tá na cnuic lán le ór" ars an t-Éireannach. "Seo anois rúinne de'n fheóil dhuit is ith" ars an sean-fear. Dith is ní fhaca sé aon bhlas níos mo. Sin é an uair a dubhairt sé 'marach an fheóil ba mór a bfiú an t-anbhruith'.
(A Chríoch)
ball sinsearach (stair)
2023-03-13 16:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Lochlannach agus an t-Éireannach.
Bhí long ag seóladh fadó agus racluigheadh í agus báthadh na daoine aiste. Tháinig aon Éireannach amháin slán go Críoch Lochlainn aiste. Bhí sé lá ag siubhal nuair a tháinig sé go dtí garraidhe a raibh daoine ag craitheadh féir ann.
"Éireannach thú" ar siad-san. "Seadh" ar seisean "agus tá mé ag iarraidh lóistin go maidin" "Ní againn-ne atá comhairle ar an teach chor ar bith" arsa duine aca "acht ag mo sean-athair atá istig ar a leaba agus tá an t-amharc caillte aige le aois. Nuair a chraitfheas sé láimh leat deanfhaidh sé smudar dhe le gráin ar Éirinn, acht seo cnáimh capaill dhuit agus coinnigh in do láimh í."
Nuair a tháinig sé isteach chraith an sean-fhear laimh leis agus rinne sé smúdar don chnáimh chapaill. "Muise cén áit in Éirinn a rugadh thú" ar seisean "In Uachtar Árd má bhí tú ariamh ann" "Bhíos go deimhin. An bhfuil fhios agat cá bfhuil cnoc Leitir Creamh. Tá uain sa gcnoc sin agus tá cú agus slabhra óir uirthe tiar ann agus luichín, sgathán agus rásúr. Cuirfhidh mé long go h-Eirinn leat má thugann tú an luichín, an sgathán, agus an rásúr chugam acht ná bain leis an gcú. Bainfidh tú trí maide i gcoill na n-uileann agus caithfidh tú amach i Loch Mhám Aon iad atá níos doimnhe ná neamh na n-éall" Thug sé an long dhó le teacht anall agus purs leis an luch a chur siar ann. Tháinig sé go dtí an cnoc
ball sinsearach (stair)
2023-03-12 09:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rígh "agus ba cheart dhuit rud eicínt a tabairt dhom" "Níl agam acht an carbad seo faoí láthair" adeir an Rí "agus muna mbeidh agam acht é nuair a chasfar orm aríst thú tiubhraidh mé dhuit é"
Chuaidh sí isteach doras agus amach doras eile agus bhí sí roimhe arís ag an doras céadhna. "Tá mé casta dhuit aríst" adeir sí leis "agus céard a gheall tú dhom" "Creidim gur fiór dhuit é" adeir an Rí. Béigin dhó a thabhairt dhí agus cead aige fhéin siubhal abaile.
(A. Críoch).
ball sinsearach (stair)
2023-03-12 09:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
naoí naonbhur agus naoí gcéad cruinnighthe aige.
Nuair a bhíodar ag teacht bhí an sneachta dhá gcaochadh An chéad sgoláire a bhreathnuigh amach nuair a chonnaic sé na naoí naonbhur agus naoí gcéad thuit sé i lagar. "Cé'n fáth do lagar" adeir an máighistir. "Dhá bhfeicfeá-sa an t-iongantas a chonnaic mise" adeir an sgoláire "thuitfeá fhéin i lagar."
Dfosgail an máighistir é fhéin an doras agus nuair a chonnaic sé an t-arm bhíos aige cé bhí ann. "Eirigh suas" adeir sé leis an sgoláire "agus coinnigh cainnt leó go réidhtighidh mé an teach. "Is deas mar thóig tú mise in mo leadóg o'n luaith go dtí an teallach" ars an sgoláire. "Ní am cainnte é acht gabh amach" adeir an máighistir. Amach léithe agus dimthigh na filí ó'n Ríogh ar fhaitchíos go gcuirfheadh sí aon chruadh-cheist ortha.
"Gabh buadh agus biseach a Rí" ar sise "ní bheidh cothúghadh gé glas ag m'athair go bráthach ar an bfeilm agat fhéin agus ag do cuid láithreachaibh. Dheamhan lá ná oidhche a chaithfheas sibh annseo nach gcaithfhidh sibh íoc air" "Cé mhéad atá tú ag iarraidh" adeir an Rí. "Lán d'oirne d'or ó gach duine agaibh" ars an ingean bheag. Roinn an té a raibh sé aige leis an té nach raibh agus thug 'chaon dhuine aca lán a glaice d'ór dí.
"Tá mé ag dul ag pósadh" adeir sí leis an
ball sinsearach (stair)
2023-03-12 09:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An inghean bheag
Bhí máighistir ann fadó agus ní raibh sé ag múnadh acht seacht ndradhuighthe filídheachta den chruadh Gaedilge. Tháinig mac Rí Neifinn as Cúige Mumhan dhá mhúnadh aige. Nuair a bhí sé múinte aige dfiafruigh sé dhí ar mhúin sé mac Rí ná prionnsa ariamh comh maith is bhí sé fhéin múinte aige.
"Mar ar mhúin" ar seisean "bronnaim Dún lógh go ceann lá is seacht mbliadhna ort éilighim cíos an uair sin ort nó ná éilighim."
Bhí an lá is seacht mbliadhna istigh go dtí trí lá. Chuir mac Rí Néifinn triúr filí ag éileamh cíosa ar an Máighistir. Nuair a tháinig siad caitheadh comh maith sin leó is nar leig an náire dhóibh an cíos iarraidh. Bhíodar leath-bealaigh abhaile nuair a dubhairt duine aca go mba mhór an naíre a beith ag dul abaile agus gan aon chíos aca.
Dubhairt an té b'aoirde i bpáighe leis an té ba isle i bpáighe a dhul dhá iarraidh, acht dubhairt sé nach ngabfhadh. Chasadar ar ais aríst agus diarradar an cíos ar an máighistir.
"Dheamhan pinghinn cíosa a d'íoc mé ariamh leis agus ní íocfad na choidhche" adeir an máighistir. Tháinig an triúir filí abhaile leis an sgeala seo.
"Ó muise" adeir an Rígh "is aige a chaithfheas mé an Nodhlaig agus bochtóchaidh mé anuas go mór é."
Chruinnigh sé mór-uaisle an Chúige go raibh
ball sinsearach (stair)
2023-03-11 08:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus chaith mé amach é lé mo ghablóig bhig agus bhí an stábla chómh glan lé pálás. Bhí gach duine sgannruighth[e] nuair chonnaic siad é seo. Annsin chaith sí amach [gráin] eile agus rith an chearc cuige acht fuair an coillea[ch í agus] dubhairt an chearc leis ar chuimhnigh sé ar an [lá] ar chuir a athair é ag toruigheacht an fháinne sa[n?] lochán agus chuile braon uisge a caitheamh sé ama[ch] buailte isteach id aghaidh aríst é agus nuair táini[g] mise agus chaith amach braon lé cupáin bhig ag[...] ar iompodh boise agus fuair mé an fháinne d[uit?] Annsin chaith sí amach gráin eile agus rith a[n] chearc chun é fhághail acht rug an choilleac [air?] agus bhain sé an gráin dí. Sheas an chearc su[as] agus dubhairt sí "an cuimhne leat an lá a chu[ir] mo athair tú ag tarraingt an chrainn gur bu[ail] gach géag go talamh thú agus tháinic mise am[ach] agus chuir mé snáth síoda air si gur tharraing m[é] duit agus anois tá tú ag iarraidh an gréim a [bhaint] díom "Á" nach tú an coilleachín gránna." Bhí m[ac] an rí ag eisteacht leis an méid sin agu[s] chuaidh se go dtí a athair agus d'innis sé an s[céal] ó thuas go deireadh ó'n lá a d'fág sé pálás [a]
ball sinsearach (stair)
2023-03-10 07:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
acht léimfheadh suas air agus bhuail a phus ar [béal] an phrionnsa agus ó shoin níor chuimhnigh ar ing[hean] an t-oighre. Fhad is bhí an prionnsa ag déanamh a[n] méid sin bhí inghin an t-oighre ag fanamhaint l[eis] acht nuair cheap sí go raibh sé ró fhada sa pálás c[huaidh] sí suas ar crann mór a bhí ag fás in aice an tobai[r.] Nuair /\ sí tamall annsin tháinig bean Gabhair go dtí an t[obar] fá dhéin cana uisge agus dhearc sí síos sa tobar. Chon[naic] sí an bhean bhreágh agus cheap sí go mba é a sgáth f[éin] abhí sa tobar. Thoisigh sí ag mallachtú agus ag rádh nár chea[...] féin a bheith pósta do shean-ghabhar dubh. Chaith sí an can[a] annsin agus d'imthigh sí leis. Nuair cheap an gabha go rai[bh sé] in am d'on mhnaoí bheith ag teacht, chuaidh sé féin go dtí a[n tobar] agus fuair sé an cana caithte annsin ag an dtoba[r.] Dhearc sé síos sa tobar agus bhí fhios aige nach é a sgá[th] abhí ann agus dhearc sé suas ar an gcrann agus chonnaic sé an bhean áluinn. D'iarr sé ar an [mhnaoí] teacht anuas agus tháinig sí agus d'iarr uirthí céar[d] chas an bealach sin í. Tá mise ag dul ó bhaile go [baile?] agus tháinich mé annseo go bhfeicfinn ce'n sórt [duine?] a bhí ionnta agus sin é an fáth ar tháinig mé g[o dtí] an tobar mar bhí fhios agam go mbéadh na daoi[ne]
ball sinsearach (stair)
2023-03-09 22:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhéidh sé i meadhon oidhche glaoidhfidh sé am[ach] aríst "bhfuil tú i do codhladh, a mhic rígh Éireann," [agus] freagreóchaidh an toirtín atá i lár na leaptha "ní'l go fóill" agus nuair bhéidh sé breacadh an [lae] glaoidhfidh sé amach aríst "bfuil tú i do codhl[adh] a mhic rígh Éireann" agus abróchaidh an trío[mhadh] toirtín go bhfuil mac rígh Éireann agus [a] inghean leath-bhealaigh go h-Éirinn anois. Eireóc[haidh] m'athair díreach annsin agus chuirfidh sé dialla[it] ar an eic sleamhain dhubh agus eireóchaidh sé san a[...] agus ní bhéadh sé i bhfad go mbhéidh sinn ceapuighth[e.] Chuala mise m'athair ag rádh uair amháin nach rai[bh] an bás indhan do go gcasfaidhe air gaisgi[dheach] a mbainfheadh an claidheamh soluis féin dhe a[gus] a marbhóchaidh leis é agus ar an adhbhar sin [...] mé claidheamh m'athair liom agus béarfaidh mé dhuit é agus nuair fheiceas tú é ag teacht ró-gar do'n bhád chaith leis an gclaidheamh solu[is é] agus tiocfaidh splannc teine as an gclaidhea[mh] amuigh san bhfairrge a mharbhóchaidh é. Thug sé do [an] claidheamh soluis agus chroc sé ar a bhásta é [Nuair?] scáil an lá amach dubhairt sí leis dearcadh [in a]
ball sinsearach (stair)
2023-03-08 17:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
díot agus má tá féin níor leig m'athair gaisgidhe[ach] as an áit seo araimh [!] agus tá dúil aige tusa a m[harbhú] anocht id chodhladh agus ma geallann tusa dhomsa g[o] dtabharfá go h-Éirinn mé agus go bhpósaidh tú mé [i] ríoghacht d'athara bhéarfaidh mé slán as an ngábha[dh] seo thú. Thug an prionnsa a lámh agus a fhocal di g[o] ndéanfaidh sé sin agus nach raibh rud ar bith d'fhé[ad] sé a dhéanamh dá mbéadh an bás d'fuilint féin [...] raibh sé in áirigh uirtí
"Anois," ar sise, "nuair thiocfas deirea[dh an] lae beir greim ar an snáth síoda seo agus tiocfai[dh] crann leat gan aon trioblóid agus cuir istea[ch i] gclos é agus tiocfaidh m'athair chugat mar is gn[áthach] leis. Fiafreóchaidh sé díot ar tharraing tú an crann a[gus] nuair a theasbáinfhaidh tú é do déarfaidh sí leat "[Tá] go maith a mhich rígh Éireann, ní bréag a rádh gur gaisgidheach thú." Béarfaidh sé órdú do'n cailín mar [is] gnáth leis thú a chur i gcodhladh i g croiceann an [tsean]-chapaill. Gaibh isteach tusa i do sheómra acht na [bí] id chodhladh. Béidh trí toirtín déanta agam agus cuirfidh mé ceann ag bárr na leaptha ceann i [lár] na leaptha ceann eile ag cos na leaptha ag[us]
ball sinsearach (stair)
2023-03-07 20:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sin agus go gcaithfidh sé an lochán a thiormú agus an fháinne a chur ar ball dhó an oidhche nó go mbainfeadh sé an ceann de. Thug [an] prionnsa canna leis agus d'imthigh le[is] go dtí an locán agus thosuigh sé dhá thiorm[ú] amach acht gach canna dhá gcaithfeadh sé a[mach] buailte dhá ceann isteach ina aghaidh arís[t.]
Bhí mar sin go meadhon [lae] go dtí go raibh sé dubh brónach marbh sáithrad fliuch báidhte. Tháinig inghean an oighre am[ach] an tarna lá agus bhí truagh is misúr aic[i agus] bhain sí cupán beag as a póca agus chai[th] amach trí braon as an locán. Thiormúigh an l[ochán] ar an noiméad agus fuair sí an fháinne g[an] trioblóid ar bith agus thug sí do'n bprionns[a í.] D'fan inghin an oighre sgáthamh ag cómhrádh l[eis] agus dubhairt sí leis gan dhul isteach g[o dtí] an pálás go mbéadh sé in am stopaidh. S[an] tráthnóna chuaidh sé isteach go dtí an seómra [agus] shuidh sé síos. Níor bhfada dhó go dtáinig an t-o[ighre] isteach, d'fiafruigh sé de an bhfhuair sé an fháin[ne] agus dubhairt sé leis go bhfuair agus thug sé dhó [í.]
ball sinsearach (stair)
2023-03-06 18:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
lae ar na bhárach tháinig an t-oighr[e] agus dubhairt sé leis go raibh stábla annsin amuigh nar ghlanadh le h[?...] céad bliadhain agus go raibh air [a] ghlanadh agus sean-snáthadh a cha[ill] a mháthair mhóir ann fiche bliadha[in] roimhe sin a fhághail dhó agus mu[na] dhéanfadh sé sin go mbainfeadh sé a[n] ceann de.
Bhí go maith is ní raibh go holc go bhfuair an prionnsa a phíce agus gur bhuail air ag gla[nadh] an stábla acht deart dá gcaithfe[adh] sé amach nach mbuaileadh isteach [ina] h-aghaidh aríst é go dtí go raibh an creatúr bocht beagnach préachta. In [am] dinnéir tháinig inghean an oighre amach mar bhí suim mór aici i[ns?] an bprionnsa ó chonnaic sí é i dtosach agus bhí truagh mór aici dhó[.] Bhain sí gabhlóg beag as a póca a[gus] chaith sí deart beag de'n aoileach a[mach]
ball sinsearach (stair)
2023-03-05 09:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
é. Annsin d'fiafruigh an prionnsa d[e] an raibh fáirnéis aige i dtaoibh Oigh[re] na Coille Glaise sa domhain thoir "T[á"] ars an seanfear, "acht is maith an f[ear] tú má thigheadh tú arais choidhche mar duine ar bith a chuaidh go dtí [...] níor tháinig sé arais. Amárach cai[thfidh?] tú do chúl a chur lé talamh agus d[ul?] in aghaidh na fairrge móire. Bhéarf[a mé]
bád dhuit a bhuaileas cuan agus ca[ladh] faoí caisleán Oighre na Coille Glai[se] sa domhain thoir." Maidin lae ar na b[hárach] chroc sé suas a chuid seól mór b[uc]óideac bacóideach agus gach rud eile a bhí feileamhnach dhó ar fairr[ge] agus sheól sé leis i mbéal na fair[rge]
móire. An siubhail nach raibh an bhád [dhá] dhéanamh san lá bhí sé dhá dheanamh s[an] oidhche agus ar an naomadh lá bhua[il] sé cuan agus caladh faoí Caisleán Oighre na Coille Glais san dom[hain] thoir.
ball sinsearach (stair)
2023-03-04 09:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
is a lámha chíor sé a chuid gruaige, ag[...?] agus d'iarr sé ar Dia é chur ar a lea[s.] Nuair abhí sé réidh chun imtheachta dubhairt an fear leis fanacht ins an áit a raibh sé acht dubhairt an prionnsa leis nach bfhéadfadh sé fanacht.
"Mar," air seisean, tá orm t[rí] lá a chur isteach ag Oighre na Coi[lle] Glaise san domhain thoir. Chuir an prionnsa air an bhróg agus d'imth[igh] sé leis agus bhí deón agus deirea[dh] an lae ag tigheacht air nuair casadh [é?] isteach i dteach an dara seanfhir a[n] dara oidhche. Bhí an seanfhear istigh roimhe agus bhí fáilte mór aige roim[h] an bprionnsa óg agus ní raibh fhios aige cé'n áit a shuidheadh sé nó a sheasa[dh] sé. Fá dheireadh ghléas sé biadh dhó agus n[uair] bhí a bhiadh ithte, chuir an prionnsa fáirnéis de'n bhfear an raibh bun ná tuairisg ar Oighre na Coille Gla[ise]
ball sinsearach (stair)
2023-03-03 18:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis go raibh brón air i dtaoibh an sgéil. [...] ar seisean" "ós rud é go bhfuil ort imtheach[t] ní leigfeadh mé dhuit imtheacht gan bheith armáilte go maith,." Annsin d'imthigh an Rí as an seómra.
Maidin lae ar na bhár[ach] sul ar chorruigh an prionnsa dá leabaidh tháinig an t-athair chuige 'un an seóm[ra] agus bhí leis culaith maith gaisgidhea[chta.] D'éirigh an prionnsa agus chuimil sé bo[s] dá shúile, bos dá éadan agus d'iarr sé Dia é a chur ar bhealach a leasa. Gléa[s] sé air a chulaith gaisgidheachta abhí déant[a] de'n t-síoda h-ionghail abhfearr fiadh is snátha claidheamh breágh minánach liná[...] Éireannach. Bhí trí faobhar air, faobhar [...] gearrtha, faobhar bearrtha, agus faobha[r] un cosgarach. Ar an dtreas faobhar [bhí] sé sgríobhtha i mbárr a sgéithe agus a chlaidheamh go mba é árd-gaisgidheacht [an] domhain é agus fear cosgarach na g-céadtha.
ball sinsearach (stair)
2023-03-02 18:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bheith aca lé'n na tabhairt do'n té a gnóthuighe[adh] an cluice agus dubhairt an prionnsa g[o] mbéadh púnt lé fághail ag an duine a chuirfeá an cluice amach ar an duine eile. Thosuigheadar ar an g-c[luiche] agus d'éirigh lé mac righe Éireann gur ch[uir] sé an cluiche amach ar an bhfear a tháinig isteach agus fuair sé an púnt. Annsin dubhairt an fear a tháinig isteach go n[...] a aimsa an geall a ainmneadh agus dubhairt an prionnsa leis go mba e[...] "Anois" ar seisean, ma thógann tú an cluice seo thógamsa orm féin céad p[unt] a íoc leat agus ma thógamsa an cluice chaithfidh tú do lámh d'onóir a thabhairt dhom go dtiubhairfidh tú seir[bhís?] trí lá go Oighre na Coille Glaise sa domhan thoir agus dubhairt an phrio[nnsa] go raibh sé sásta. Shuidh siad síos ag cluiche cúig ficead agus d'éirigh leis an bprionnsa go ndeachaidh sé f[...] do'n céad déanamh. Bhí bród an domh[ain]
ball sinsearach (stair)
2023-03-01 18:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
athar go dtáinig se arais aríst agus dubhairt sé leis nach bhpósadh sé bean eile sa domhain acht an bhean sin. Briseadh an cleamhnas abhí idir é féin agus an mhnaoí eile. Posadh é lé inghin an oighre agus an prionnsa agus is iomdha lá chaith siad in a dhiaidh sin. Nuair fuair an seanrí bás fuair a mhach an coróin agus gach duine a bhí faoí, a cheart.
ball sinsearach (stair)
2023-03-01 18:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ag teacht go dtí an tobar", "ar sise. An féidhir leat loistín a thábhairt dhom ar feadh ráithe. Dubhairt an gabha go mbéadh agus bhogadar leo go teach an ghabann. Nuair chonnaic an seanrí a mhach sa mbaile aige chuir sé roimhe a mhac a phósadh lé ingin rí a chinnte eile agus gléas sé féasta mhóir agus thug sé cuireadh do'n saidhbhir agus do'n daibhir teacht go dtí an bhféasta. Nuair chuala inghin an oighre é sin d'iarr sí ar an ngabhann an raibh cead aice dul go dtí an bhféasta agus dubhairt an gabha go raibh. Gléas sí suas agus chuaidh sí go dtí an féasta. Ar feadh na h-oidhche bí cuile dhuine ag deanamh gach sort cleas. Nuair abhí gach duine tuirseach de'n obair d'iarr inghin an oighre cead cleas a imirt agus dubhairt gach duine go raibh agus fáilte. Chuaidh sí go dtí an bórd. Thóg sí amach dhá gráin eórna as a phóca is rinne an dá gráin chearc is coilleach. Thóg sí amach gráin eile agus rith an chearc chun na gráine a fhághail nuair a rug an coilleach greim uirthí agus bháin sé a gráin dí agus d'ith sé féin é. "Ara" a choilleachín grána" ars an chearc" nach cuimhnigh leat an lá a chuir mo athair ag glanadh an stábla thú agus chuile deart dá raibh tú ag chuir amach bhí sé ag teach isteach id shúilibh agat aríst nuair tháinig mise cugat
ball sinsearach (stair)
2023-02-28 19:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
siad an bóthar go dtí an dara driotháir. Bhí fáilte mór ag an sean-fhear rómpa. Bhí spórt an domhain aca an oidhche sin agus ar mhaidin an lae in a dhiaidh sin bhuail siad an bóthar aríst agus bhí sí tuirseach go leór nuair casadh isteach ag an driotháir a b'óige díobh iad agus ní raibh fhios aige céard a dhéanfeadh sé dóibh ar feadh na h-oidhche agus ar mhaidin an tríomhadh lae d'éirigh siad go moch chun déanamh ar pálás a athar. Shiubhal siad leo go dtáinig siad cómh fada lé tobar abhí ar ghluais baile abhí faoí'n asacht ceathramhadh de mhíle ó'n bpálás, "Anois ar sise, fanfhaidh mise annseo ag an dtobar agus gabh tusa go dtí an pálás go bhfeicfidh tú cé'n sórt fáilte a bhéas ag an rí rómhainn agus gaibh arais annseo cugamsa leis an scéal agus má leigean tú daoine ná beithidheaca baint lé do bhéal go dtigfhidh tú arais cugamsa ní cuimhneóchaidh tú go bhfaca tú mé ariamh. Shiubhal an prionnsa leis annsin agus tar-éis cúig nóiméad déag chasadh isteach é i dteach a athar. Bhí gach duine ag cur fáilte roimhe agus ag iarraidh é a phógadh acht ní leigfeadh sé dhóibh. Shuidh sé síos ar bhínsín sa párlús agus lean sgrios ar coileán abhí sa pálás nuair d'imthigh an prionnsa agus bhí aithne aige air
ball sinsearach (stair)
2023-02-27 18:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhiaidh go bhfeichfeadh sé an raibh tada ag tigheacht. Dhearc agus dubhairt sé nach raibh. Tamall in dhiaid sin dubhairt sí leis dearcadh in a dhiaid go bhfeicfeadh sé ar raibh tada ag tigheacht agus dubhairt sé nach raibh. Tamall in a dhiaidh sin dubhairt sí leis dearcadh in a dhiaidh go bhfeicfeadh sé an raibh tada ag tigheact. Dhearc agus dubhairt go bhfeaca se mótair mór dubh ag teacht san aer. "Anois", ar sise, "sin é m'athair ag teacht agus chruthuigh tú bheith i do ghaisgidheach no muna cruthuigh bathfhaidh sé sinn Sheas lé hais stiúir an bháid agus déan mar dubhairt mé leat." Nuair tháinig an t-athair go dtí an bád chaith sé an claidheamh leis agus mharbhuigh sé é agus thuit sé féin agus an claidheamh isteach san bhfairrge agus chuir sé sin deireadh lé Oighre na Choille Glaise Seól siad leo annsin go h-anamnúil curamach gur bhuail siad cuan agus calaidh faoi theach an sean-fhir a thug an bád dhó. Bhí fáilte mór ag an sean-fhear roimhe go mór-mhór nuair chonnaic sé an bhean bhréagh abhí aige agus dubhairt nach raibh bean in Éirinn bhí chómh breágh léi. Chaith siad an oidhche sin go siamsamhail agus ar maidin lá ar na bhárach bhuail
ball sinsearach (stair)
2023-02-27 18:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
nuair a béidh fhios agat go bfhuil gach duine in a gcodhladh siubhail amach thusa agus béidh mise ag fanacht ag an ngeata romhat.
Rinne an prionnsa mar dubhairt inghean an ríogh leis agus nuair a bhí fhios aige go raibh gach duine in a chodhladh, shiubhail sé amach agus bhí sí ag an n-geata mar gheall sí. Shiubhail leobhtha annsin go dtí an bád agus chuaidh siad ar bórd. Chroc siad suas a gcuid seólta móire bucóideachta bacóideachta agus d'fág siad slán agus beannacht ag an domhain thoir agus thug aghaidh ar talamh na h-Éireann.
"Anois," ar sise "bhí dúil ag m'athair tú mharbhú anocht i do chodhladh mar bhí eagla air dul chun troda leat nuair chonnaich sé do chulaith gaisgidheachta agus do claidheamh agus nuair chonnaich sé go ndhearna tú na teasgaíní a chuir sé ort mar ní raibh súil ar bith aige go ndéanfá agus nuair shíleas m'athair go bhfuil gach duine timceall na cúirte i na gchodhladh glaoidhfheadh sé amach "bhfuil tú i do chodhladh,' a mhic rí Éireann." Freagreóchaidh an toirtín atá ag bárr na leapthan, "ní'l go fóill".
ball sinsearach (stair)
2023-02-26 09:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Tá go maith" a mhich Righe Eireann," ar seisean ní bréag a rádh gur gaisgidheach thú agus thug órdú do'n cailín builín de'n arán donn, deoch de'n tríomhadh linn a thabhairt dhó ar a shuipéar, agus é a cur a codhladh i gcroiceann an tshean-capaill. Maidin lá ar na bhárach tháinig an t-oighre chuige agus dubhairt sé leis go raibh crainn ins an g-coill sin thios agus go raibh sé míle bliadhan d'aois agus go gcaithfeadh sé é thairraingt as na préamhaca lé neart a dhá láimh agus muna mbéadh sé istigh sa gclos aige um thráthnóna go mbainfeadh sé an ceann de. Síos leis go dtí an crann agus rinne sé iarracht é a tharrach acht nuair leag sé a lámh ar géag buailfeadh an géag go talamh agus bhí se i gcruadh-chás go meadhon lae nuair tháinig inghean an oighre amach mar ba ghnáthach leithí agus chuir sise snáth síoda timcheall ar bun an chrainn agus tharraing sí an crann as an dtalamh gan trioblóid ar bith. D'fág sí an snáth síoda ar an gcrann agus dubhairt leis an bprionnsa breith air nuair bhéadh sé dhá chur isteach sa gclos é agus go dtiocfaidh sé leis gan aon stoirim "Anois," ar sise, "ta do gheallamhaint curtha
ball sinsearach (stair)
2023-02-25 09:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis agus ar iompú boise bhí an stábla cómh glan le pálás. Fúair sí an snáthad ar an urlár agus thug sí dhó í. Chuaidh an inghean isteach go dtí an pálás arís acht d'fhan an prionnsa san áit a raibh sé go dtí am stopaidh um thráthnóna agus annsin chuaidh sé go a sheómra féin agus shuidh sé síos agus níor bhfhada dhó go dtáinig an t-oighre chuige agus d'fiafruigh sé dhé an bhfuair sé an t-snáthad agus dubhairt go bhfuair agus thug sé dhó í. "Ta go maith," a mhach Righe Éireann" ar seisean, "ní bréag a rádh gur gaisgidheach thú. Annsin dubhairt sé leis an g-cailín aríst builín de'n arán donn, deoch de'n tríomhadh linn a thabhairt dó i gcóir a shuipéar agus é a chur a chodhladh i g-croiceann an t-seanchapaill.
Maidin lae ar na bhárach dubhairt an t-oighre leis go raibh lochán ar chúl na coille agus gur chaill a seanmáthair fáinne óir ann trí céad bliadhan roimhe
ball sinsearach (stair)
2023-02-24 18:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig sé amach as an mbád agus chuir sé feistiú lá is bliadhain uirthí, bíodh is nach mbéadh sé ann acht trí lá. Bhuail sé leis suas go dtí an caisleán agus bhí fáilte mór ag gach duine a raibh thart ar an g-caisleán roimhe mar shil siad nac dtiochfaidh sé arais. Isteach leis go dtí an pálás agus chuir sé fios ar an Oighre féin agus níor bhfada dhó go dtáinig sé na láthair agus chuir céad fáilte roimh mach Righe Éireann agus thug sé léis é go dtí an cistíneach a bhí i gcúl an chaisleáin agus dubhairt sé leis suidhe síos agus go n-innseóchaidh sé dhó an obair a bhí sé dhá chur air maidin lae ar na bhárach. Annsin d'imthigh sé as an seómra agus nuair bhí sé imthighthe chualadh ag thabhairt órdú do chailín builín d'en aráin donn agus deoch tríomhadh linn a thabhairt dhó ar a shuipéar agus e a chur a chodhladh i gcroiceann an t-sean chapaill. Maidin
ball sinsearach (stair)
2023-02-23 18:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aige agus dubhairt an seanfhear gur b'in é an chéad uair a chuala sé go raibh a leithéid ar dhruim an domhain, "acht," ar seisean "bhéarfaidh mé bróg duit a thiubhaireas go dtí driotháir eile dhom atá ina cómhnuidhe ar cúl aille ar bruach na fairrge móire agus tá cuan táirighthe tigheacht thart lé cúl na h-aille go dtí béal a dhorais agus is ann a bhuaileann gach bád calaidh as aon páirt de'n domhain a bhíos ag tairraingt ar Éirinn agus má tá [< bhfuil] eolas ag aoinne sa domhain tá sé aige. Annsin chuir sé an bhróg air agus d'imthigh leis agus bhí deón agus deireadh an lae ag tigheacht air nuair casadh isteach i dteach an tríomhadh seanfhir an tríomhadh oidhche. Cé fáilte a bhí ag fearaibh eile roimhe bhí i bhfad níos mó fáilte ag an tríomhadh seanfhir roimhe. Chuir sé céad míle fáilte roimh mach Righe Eireann. Mhuch sé lé pógaí é, bháith sé lé deoraíé [!] agus thiormuigh sé lé brat mín síoda is rollaí
ball sinsearach (stair)
2023-02-22 18:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhog leis agus bhí sé ag siubhail go dtáinig deón agus deireadh an lae sin agus casadh isteach é i dteach nach raibh ann acht sean-fhear agus bhí fáilte mór ag an seanfhear roimh mach an righe. D'iarr an seanfhear air céard cas ar an mbealach íorghúalta seo é chómh mall sin san lá agus d'innis an prionnsa dhó mar thárlaidh agus d'iarr sé air an raibh bun ná tuairisg Oighre na Coille Glaise aige lé thabhairt dó agus dubhairt seisean gur b'in é an chéad uair a chuala sé go raibh a leitheid ann. "Acht" ar seisean, "tá bróg agam annseo agus cuir ort é agus béarfaidh sé thú go dtí driotháir eile atá agam agus tá seisean i bhfad níos sine ná mise agus bhféidhir go bhfuil tuairisg aigesan. Nuair bhí an suipéar ithte aca chuadhar a chodhladh. Lá ar na bhárach, go moch ar maidin dhúisigh an prionnsa óg, nigh sé a aghaidh
ball sinsearach (stair)
2023-02-21 19:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar an bprionnsa mar bhí fhíos aige nach raibh lé fághail aige inéis sin acht cúig eile agus go mbéadh an céad punt gnóthuighthe aige. Acht go mí-ádhmhail dó ar an dara déanamh ní bhfuair sé acht díghadh na gcártaí agus fuair an stráinséar an cluice gan stad ar bith.
"Is liomsa an chluiche seo" ars an stráinshéar. "Is leat go ceart creasta" ars an bprionnsa, agus nuair dubhairt an prionnsa sin d'imthigh an stráinséar mar a tháinig é. Nuair tháinig an t-athair isteach leis an mbíadh dhó an oidhche sin d'innis an mac dó mar thárla agus ar seisean, "ní'l cead dhá oidhche a codhladh in aon teach na go bhfághaidh mé fios ar Oighre na Coille Glaise sa domhain thoir agus tá mé ag cheapadh go gcaithfeadh mé mo bhealach a throid go dtí an áit"
Dubhairt an t-athair
ball sinsearach (stair)
2023-02-20 18:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal
Tháinig an Dearg Mór as Tír Lochlann. Tháinig sé ins an aer agus bhí sgiatháin agus clúthach air. Tháinig sé anuas ins an áit a raibh na Fianntaibh. "Ce'n pastime a bhíonn annseo ag do cuid fir" adeir sé le bean an tighe. "An chloch a chaitheamh thar an teach agus gan í leigeann ar an talamh." Rinne sé an Job. Tháinig sé isteach annsin agus bhí cabhar mine ar an ngreidill. Rug sé air agus d'ith sé an greidill agus eile. Nuair a bhí sin déanta aige bhí Conán ins an gcliabhán in-a pháiste. "Cé'n aois an leanbh" adeir sé le bean an tighe "trí ráithe adeir an bhean. Chuir sé a mhé[ar?] in-a bhéal annsin agus dáisc sé air. "Mar an bhfuil sé acht trí rátha is maith na gearráin fhiacla atá aige" Bhí siad dhá chur annsin ag damhsa agus bhí sé faoí dheirea[dh] ag tuitim ar an talamh le lagar.
Bhí Goll Mac Móirne annsin le cur ag troid leis. Annsin fuair Goll spúnóg uibheacha ó chailleach cearc agus ní raibh aon ubh a díosfadh sé nach raibh brigh seacht n-uibhe ins gach ubh agus mharbhuigh sé an Dearg Mór
ball sinsearach (stair)
2023-02-20 18:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Oighre na Coille Glaise.
Fadó fadó bhí rí in Éirinn. Bhí sé pósta agus bhí mac aige agus bhí dúil mór ag an mac in imirt cártaí. Bhí a athair ar buile leis agus ní raibh fhios aige cé'n caoí a mbainfeadh sé an droch nós sin as agus cheap sé ar sheift. Chuir an t-athar é isteach i seómra dhó féin agus nuair abhí sé ag cur an glas ar an doras d'iarr an mac impídhe air na cártaí a thabhairt dhó sa seómra ionnus go mbéidh sé ag breathnughadh ortha agus thug an t-athar dhó iad. Dhún sé an doras annsin agus chuir sé an glas air. Nuair a bhí sé cúpla lá sa seómra tháinig fear chuige tríd an mballa. D'fhiafruigh an fear de an raibh cead aige cluiche a imirt leis agus dubhairt an prionnsa leis go raibh agus fáilte agus shuidhe siad síos chuig an mbórd, acht sul ar thosuigheadar ar an gcluiche dubhairt an fear a tháinig isteach go mba cheart rud eicín a
ball sinsearach (stair)
2023-02-20 18:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siubhail liom 'un na leice móire, níl faobhar go leór ar mo lann. (lár adeir sé)
Annsiúd a sgairteas muide Fianna Fáil, ag ithe, ag ól agus ag bronnadh séad, agus cén t-iongantas leis an gceannphoirt ba mhó ach cé'n t-athrú cortas a tháinig ar an bhfear maol.
"D'ar m'fhocal dhíbh" arsa Conán, "nach ar mhaithe leis a bhí mé, ach mar bhí sé go húmhal sin do'n bhás gur mhór an biorán air é fhágáil beo.
Cuireamar slán é, dá thoil féin, i bhfuirm chéadta gan an cú.
Níl aon bhliadhain ar feadh dhá bhliadhain déag nár chuir an gruagach ón nGréig currachán lán d'ór le haghaidh óil ag an bhfear maol.
Siúd orraibh a Fhianna Fáil agus ólaigidh go folláin deoch.
Nó a bhfaca sibh 'mo cheann ariamh níos fearr ná'n fear beag gearr a gcaithfinn leis cloch.
Sgríobhas an giota seo ó Eamonn O Lorcáin, Béal a' Daingin, ar an 7-11-'37. Tá sé tuairim 67 bliain.
Níor bhféidir leis aon mhíniú a thabhairt faoi.
ball sinsearach (stair)
2023-02-19 12:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
VI
Tá an dlighe seo ar chlann na h-Éireann
Le na dtabhairt do'n Fhrainnc más féidir.
Tá'n Sasannach san iarraidh ortha
Anois le fada an lá
'Séard dubhairt Lloyd George 's Haigh linn
Nach bhfuil faoi luighe na Gréine
Fir chomh maith 's tá in Éirinn
Dá bhféadaidís a bhfághail.
ball sinsearach (stair)
2023-02-19 12:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
III
Más le toil na Righte an sgéal seo
Na fir a thabhairt as Éirinn
Reidhteóchaidh Eaglais Dé dhúinn
An sgéal ar fad ar ball.
Ach anois más é toil Dé é
Ní éileochaidhmíd aon réidhteach
Ach troidfimíd do Éirinn
Le súil na Flathais d'fhághail.
IV
Tá ceann an chreideamh Gaedhealach
Ghá ngrádhughadh uilig le chéule
Bígidh dílis seasmhach dÉirinn
S ná téigheadh aon fhear ar gcúl
Mar anois tá'n chontabhairt ghéar
A' teacht go héagcórach ar Éirinn
'S mara sábhálaidh Asbail Dé sinn
Ní bhéidh in Éirinn aon fhear beo.
V
Tá an tEireannach buadhartha brónach
'S a Dhia dhílis ní gan úghdar
A' dul 'un troda ar son a thíre
'S gan arm ina láimh.
Tá súil le Righ na Rigthe a'm.
'S leis an maighdin bheannuighthe naomhtha
Go mbéidh an Sasannach dá chlaoidheadh
'S gur ag an nGaedheal a bhéas an lá
ball sinsearach (stair)
2023-02-19 12:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An t Saighdiúireacht Fóir-éigeantach
Má thárluigheann leis an sgéal seo
Na fir a thabhairt as Éirinn,
Béidh cogadh gan aon bhréag ann
'S dóirtfear fuil go leór.
Béidh Sasanaigh 's Sinn Féinnidhe
A' troid 's a' marbhú 'chéile
'S mara ndéanaidh Muire Réidhteach
Ní bhéidh in Éirinn aon fhear beo.
II
Gluaisighidh a chlann na hÉireann
'S cuidighidh le na chéile
Mar níl dul ó bhás go léir againn,
Is fíor go dtiocfaidh an lá.
Cuimhnighidh ar ár dTighearna
A crachadh 's a céasadh
Má fhághaimíd bás ar son na hÉireann
Ní chlaonfamaíd ón mbás
ball sinsearach (stair)
2023-02-19 09:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
corcra chrón-dearg.
A Choin, uasail 'Bhrain an Ríogh,
is leat an toll (tomhall deir sé) fá chairt.
Is leat an chailleach chúnlach.
Is leat an buaidh ingach cath dá mhéad,
ach ná féach fút ná thart, ach Cor agus claidhmhe coileán,
Annsiúd d'éirigh Bran suas agus d'imir an cluiche gaisge mar ba chóir, agus d'ar an dá láimh sin ort a Phádraig d'fhág sí ar lár an cú dubh.
"Mar sé'n breitheamhnas a ghnímse féin anois," a deir Conán, "agus deir siad liom go bhfuil sé ceart, an dís againn a dhul 'un spáirne agus an té againn a bhéas ar lár an ceann a bhaint de."
Annsiúd thug Conán an sineán, agus níorbh é sin féin an sineán réidh. Cé bhfastóchach sé an t-óglach ach i ngreim sitheáin agus cnámh géill.
Annsiúd síneas an gruagach siar. Shín sé amach a dhá chois agus a dhá láimh. Tháinic leithéad foraise 'na dhruim. Cupla dronán beo i gcúl a chínn, le eagla roimh a bhás a bheith faoi lámha an fhir mhaol.
Annsiúd tarraingeas Conán a lámh go luath agus chúl í go luath ar ais.
ball sinsearach (stair)
2023-02-18 09:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i riocht síneadh ar an bhféar, nuair nach raibh ach dhá chréacht ar an gcú dubh.
"Mo chrádh go ráidhte a Fhinn agus a Ghuill Díomais atá i do neart nach breágh nach mbuaileann tú ar do choileán féin agus fionnfhuadas a thabhairt di as péin an bháis.
Nó más leisge atá ort do mhéar a chur fá do ghéill tabhair domsa í go fóill agus béidh mo dhóthain feasa agam féin aríst go deo."
"Mo chrádh go ráidhte, a Chonáin, tusa atá faoi ghroid agus faoi fheirg, dá gcuirinnse mo mhéar faoi do ghéill go fóill nár liom féin í aríst go deo."
Ach mar sin féin chuir Fionn a mhéar suas agus aisti fuair sé fios nach raibh in-án an cú dubh a chlaoidhe go h-éag gan a hainm féin a ghlaodhach 'na haghaid - 'Cor'
"A Chonáin Mhaoil Bháin déan dán do do choileán féin agus beidh an cú ar lár ar ball ach a hainm féin a ghlaodhach 'na haghaidh - Cor."
Ceithre cosa buidhe a bhí faoi Bhran, dhá taobh dubh, agus tár (bolg) geal.
Druim uaithne os cionn seilg, agus dhá chluais
ball sinsearach (stair)
2023-02-17 18:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dá dtéightheá a' seilg indiu ná i mbárach dá dtugthá cúl ná cnáimhín do'n fhear mhaol.
Ach mar sin féin leigtear "Ceann-dá-sgúch" síos ar chunntar ná h-éirigheann di lot.
An gruagach beag a tháinic léithi go dtiubhrfaidh mé féin do theangmháil cloch."
Annsin leigeadh Ceann-dá-Sgúch síos agus níor bhfada gur eirigh di an lot.
Ní túisge ná bhí ionntódh bainte as an ngruagach beag a tháinic léithi.
Nuair a chaitheadh an fear maol cloch, mar ní fhaca tú ariamh stoirm a' séideadh sop ná cith a dul taobh aniar de loch, níos míne ghéire bhíodh a' tigheacht ná Conán Fial ag caitheadh cloch.
"Mo chrádh go ráidhte a Fhinn agus a Ghuill Díomais atá 'do neart, bheirim maithteannas dhíbh ar Confairt Fianna Fáil, ach tógaidh dhíom an fear maol 's a chuid cloch".
Ann sin tógadh ceann-dá sgúch suas go honórach uasal a ghuailnibh fear.
Ach ar Thúrla níor leag dúrla "gur iarr sé cú aríst ar Chonlaid Charaid.
Ann sin leigeadh an slabhra ó Bhrághaid Bhrain, cé go raibh sí onórach go leór, bhí sí
ball sinsearach (stair)
2023-02-17 18:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Laoi na Con Duibh
Lá dá raibh Fionn, flaith na bhFiann, go bhfacadar ar thaobh na leargan fear cochall deirg agus con duibh.
Ba deirge a ghruadh ná an rós agus bhí a shaoi? [!] órda ar dath na súl.
Bhí an ola chorporáilte 'na láim agus slabhra óir ar bhrághaid a chon.
Ar thigheacht dó i mbun an tsluagh, d'iarr sé cú ar Chonlaid Charaid.
Ar thúrla níor leag dúrla ach ag iarraidh cú ar Chonlaid Charaid.
Aon fhiche déag coileán con a chuir sé ar lár an lá sin.
Ar thigheacht do'n mhochánach an dara lá go neamh-sgáthmhar imeasg na bhfear.
Ar thigheacht dó i mbun an tSluagh, d'iarr sé cú ar Chonlaid Charaid
Ní raibh aon chú againn ar an bhFéinn an uair sin, ach cú an Riogh, mar bhí Bran.
A Chonáin Mhaoil Bháin ní leigfeá "Ceann-dá-Sgúch" síos, mar shúil is gur leithi
d'éireóchadh an lá."
"Mo chrádh, go ráidhte, a Fhinn, má's measa liomsa gan coileán con thú ná mé féin
ball sinsearach (stair)
2023-02-16 18:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bonn bán aige, de bhárr millteannas an ghearáin. Leig an Conchubharach a ucht isteach ar an gclaidhe agus rinne sé an t-amhrán ann sin.
Ní bhfuair mé an t-amhrán go fóill.
"Amhrán na Bhóitéirí" ceann eile a rinne Séamus O Concubhair.
ball sinsearach (stair)
2023-02-16 18:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ua Conchubharaigh - Séamus O Concubhair agus Pádraic O Concubhair - in Árainn a bhíodar ar dtús. Tháiniceadar amach go Conamara annsin. Bhí Padraic sa gCeathramhadh Ruadh agus Séamus i nGarumna.
Sé Séamus a rinne an t-amhrán sin
"An Dá Chreideamh"
Cuireadh i gcló é sa "Stoc" blianta beaga ó shoin
Sé Pádraic a rinne "Amhrán an Ghearáin".
San am a raibh sé in Árainn bhíodh líon dá shaothrú ar an Oileán. Ghnitheadh na daoine féin obair an lín uilig. Ghnídís snáth dhi le haghaidh eangacha agus eile. San am áithrid seo bhí an líon ag muinntir an oileaín agus é sgartha amach aca i nGarrdha Bán dá thuaradh. Chuaidh gearán le fear eile isteach sa ngarrdha san oidhche agus thosuigh sé dá ionfairt féin san líon. Thosuigh an líon a' casadh timcheall air agus faoi dheire ní raibh ann ac meall mór lín agus gan an gearán le feiceál chor ar bith. Nuair a tháinic na daoine agus a chonnnaic siad an bhail a bhí ar a gcuid lín bhí siad a' dul le cois, le fear an ghearáin. Casadh fear an ghearáin le Pádraic O Conchubhair ar maidin, agus Padraic a' dul 'un na trágha. D'innis sé an sgéal do Phádraic. Bhí sé a' ceapadh nach bhfágfadh óinéaraí an lín
ball sinsearach (stair)
2023-02-15 18:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An t Saighdiúireacht Fóir-éigeantach
Má thárluigheann leis an sgéal seo
Na fir a thabhairt as Éirinn,
Béidh cogadh gan aon bhréag ann
'S dóirtfear fuil go leór.
Béidh Sasanaigh 's Sinn Féinnidhe
A' troid 's a' marbhú 'chéile
'S mara ndéanaidh Muire Réidhteach
Ní bhéidh in Éirinn aon fhear beo.
Gluaisighidh a chlann na hÉireann
'S cuidighidh le na chéile
Mar níl dul ó bhás go léir againn,
Is fíor go dtiocfaidh an lá.
Cuimhnighidh ar ár dTighearna
A crachadh 's a céasadh
Má fhághaimíd bás ar son na hÉireann
Ní chlaonfamaíd ón mbás
ball sinsearach (stair)
2023-02-14 18:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Freagraí
(1) an bhean a bhí ag gáirí
(2) A h-anáil.
(3) dhá chois.
(4) Dia
(5) frachóg
(6) bogha ceatha
(7) gliomach
(8) an gaoithe
(9) ceann dá mbéadh sí sághach fada.
(10) gunna.
(11) Eiteallán.
(12) tlú.
(13) Do teanga agus do chuid fhiacla
(14) Ádhamh agus Eábh.
ball sinsearach (stair)
2023-02-14 18:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tomhaiseanna
(1) Bean ag gol agus bean ag gáirí, bean agus a putógaí le na sála; cé aca sin an bhean ba chráidhte?.
(2) Cé'n cuid ar dtús de'n bhó a théigeanns amach sa mbearna?
(3) Cé mheád cos ar dhá sgór caorach ar an mada agus ar an máighistir?
(4) Cé thé an duine nach bhfuil aon mháighistir air?
(5) Chonnaic mé fear indé cloigeann dearg ar cloch in na bholg agus maide na laímh.
(6) Feicim ar an aer é droichead mhór dearg air is ní féidir le aoinne siubhal air.
(7) Siúd é thríd an sáile é fear áilne na gréine fear an chóitín ghorm agus snáthaín dearg ina leíne.
(8) Airigheann muid é ach ní fheiceann muid é Buaileann sé clár a n-éadain ach ní fheiceann muid na dhiaidh sin é.
(9) Cé meád ruball ar an ngealach?
(10) Fear caol cruaidh na sheasamh leis an gcruach níl pútóg na chorp nach bhfuil a craitheadh leis an olc.
(11) Cé'n bád a sheólann nach dtéigheann ar aon fhairrge?
(12) Dhá chois fhada as dhá ghualainn árd air is cloiginín beag.
(13) Lán páirce do caoire bána agus bó mhór dearg eatorra istigh.
(14) Cé iad nach rugadh ariamh?
ball sinsearach (stair)
2023-02-13 18:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ní cháillfhidh siad mórán ó'n sgoil indhiu". Béidh rud le déanamh chuile lá agus coinneóchthar duine aca agus sa deire béidh cuid mhaith cáillte aca.
Ní raibh gluaisteán, ná, bus, ná rothar, le feiceál, ná aon ghléas taistil eile le fághail an t-am úd inghach eile áit dá dtabharfá t-aghaidh mar atáid anois. Ní raibh le fághail ach an cárr capaill agus an cárr asail agus adeirim leat go mbaintí obair asta sin fhéin. Bhíodh na mná fhéin ag tarraingt mhóna, agus feamuinne le cléibh ar an ndruim agus ag sníomh lín le tuírní. Chuala mé gur iomdh[a] bean ins an gceanntar seo a raibh dhá thúirne aic[e] fadó.
Tá mé ag ceapadh nach bhfhuil an líne seo fíor:-
"B'aoibhinn a bheith beo ins an am fadó".
mar sin é an t-am a raibh na daoine ag saothrú a mbeatha go cruaidh le allus a gcnámh.
ball sinsearach (stair)
2023-02-12 09:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ndícheall.
Bhíodh plúr agus bainne agus im agus min-choirce agus gach rud ghá gcuid fhéin aca.
D'fheicfheá na mná maidineacha sathairn agus iad ag dul go Gaillimh agus a gcuid ciseán faoi na n-asgallaibh aca - lán d'ím agus d'uibheacha.
Dubhairt mo shean-mháthair liom gur minic a shiubhail sí fhéin cheithre mhíle dhéag go Gaillimh le ciseán chomh maith. Tá sí básuighthe ó shoin. Ar an satharn is mó a théighidís ann. D'innis sí dhom faoi an t-am a raibh sí fhéin ag dul ar sgoil agus an méid oibre a bhíodh le déanamh aice nuair a thagadh sí abhaile. Chaith sí tamall maith in Albain.
Tá dearmad déanta agam ar leath an mhéid a dubhairt sí liom. Bhí na daoine an-bhocht timcheall Chonamara an tam úd, ach má bhí fhéin choinnigheadar suas an obair.
Ní raibh mórán oibre le déanamh ins an teach (úd) an tam úd ach an méid a ghnítí san oidhche, ach gach duine ag obair ar an bhfeilm.
D'fhágadh an t-athair agus an mháthair na páistí ar sgoil fadó go mbídís ó shé bliana déag go dtí fiche bliadhain d'aois.
Ní raibh na daoine chómh leisgeamhail an t-am úd is atá siad anois, rud ar bith a bhíonn le déanamh anois déarfhaidh siad, "Coinneóchaidh muid duine de na gasúir seo ó'n sgoil indhiu agus déanfhaidh siad é,
ball sinsearach (stair)
2023-02-11 11:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Slighe bheatha na ndaoine sa gceanntar seo fadó.
Bhí na daoine ag obair go cruaidh sa gceanntar seo fadó seachas mar atáid anois.
Bhí sé an-deacair aca a dhul chuig an Aifreann, ná a[g] an siopa, ná chuig aontaigh, ná aon áit eile dár theastuigh uatha, go mór-mhór na daoine a bhí 'na gcómhnuidhe timcheall na n-oileán.
Ní raibh aon droichead ann ná mórán bád ach an oiread. Chaithfheadh na daoine a bhíodh ag teacht amach as an Máim[..?] go Leitir-Móir, fanacht go mbíodh sé 'na thrághadh agus bhíodh casán cloch déanta aca ins an áit a bhfuil an droichead anois, timcheall ceathramha míle ar fad.
Bhíodh beagán curadóireachta déanta ag gach dhuine dhó fhéin agus dhíolfhaidís an fuighleach.
Bhíodh an móin ibfhad níos fairsinge an t-am úd ná mar atáid anois, agus ar an ádhbhar sin bhíodh go leór le (deana) díol aca. Corr uair bhíodh siad máll ag an aifreann mar gheall ar go mbídís ag fanacht leis an taoille.
Ní bhíod cainnt ar chuairt no damhsaí, nó pléaráca an tam sin, ach obair - obair ag gach duine.
San oidhche bhíodh na mná ag sníomh, ag cárdáil, ag cniotáil, ag fuagháil, ag deárnáil, ag iarnáil, agus go minic ag nígheachán agus gach obair eile a bhíonn le déanamh ag mnaoi tighe.
Bhíodh túirne ag an teine aca agus iad ag obair ar a
ball sinsearach (stair)
2023-02-10 17:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dimthigh siad abhaile annsin agus bhí gach rud le déanamh ag an gcailín aimsire.
Bhí mac óg ins an teach seo agus bhí sé an-mór leíthe acht sa deire phós siad.
Dfág siad an teach go moch ar maidin sul dá raibh aon duine ina suidhe. Ba teach mór do bhí san teach seo agus an lá ar imthigh siad thug siad leó go leór biadh le nithe
Bhí siad ag imtheact nó go dtáinic siad go dhtí teach mór. Bhí go léor daoine istigh rompa.
Cuireadh fáilte mhór rompa agus cuireadh ina suidhe síos ag an teine iad.
Dfiafruigh siad dhoibh cá raibh siad ag dul ag iarraidh lóistín. Tiubharfaidh muidhne daoibh sinn agus fáilte. Thug siad seomra deas doibh agus mhair siad go maith uaidh sin amach.
ball sinsearach (stair)
2023-02-10 17:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí triúr inghean aige.
An lá seo dubhairt duine acha go raibh sí sághach fada annseo agus go raibh sí ag dul ag saothrú a beathadh dhí féin.
Dimthigh sí leí nó go dtáinic sí go dtí teach beag a bhí isthigh i measg crainnte.
Taínic sí go dtí é agus shiubhail sí isteach ann Bhí sé lán le geataí óir taobh istigh ann
Bheannuigh sí isteach agus d'fhreagair sean bhean í agus dubhairt sí lei suidhe síos agus í féin a théitheadh leis an teine. Faoí ceann sgathamh tháinic fear agus beirt cailíní isteach. Labhair siad léithe agus d'fiafhruigh siad de ceárd a bhí uatha nó cá raibh siad ag dul. Dubhairt sí go raibh ag tóruigheacht oibre.
"Sin é a theasthuigh uainne anóis" a dubhairt sé.
Ní bhéidh muidh ag iarradh ort tada do déanamh anois go maidin le conghnamh Dé.
Nuair a tháinic an (maidin) oidhche thosuigh an ceól agus an damhsa agus bhí an-spóirt acá nó go dtáinich an maidin
Bhí daoine ann agus iad gleásta go han-gholánta
Ní raibh sé i bfad nó go dtáinic fear mór árd isteach agus éadach dearg air.
Níor aithne duine ar bith é. Dimthigh sé aríst gan mórán achair.
Bhí an lá ann agus stad an céol.
ball sinsearach (stair)
2023-02-09 18:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
déarfhaidh an t-athair agus an mháthair le chéile -: "Coinneóchaidh muid duine de na gasúir seo ó'n sgoil indhiu, agus dhéanfhaidh siad é, ní cháillfhidh siad mórán ó'n sgoil indhiu ar chuma ar bith."
Béidh rud eicínt le déanamh gach lá agus coinneóchtar duine aca agus sa deire béidh cuid mhaith cáillte aca.
Tá mé ag ceapadh nach bfhuil an líne seo fíor:- "B'aoibhinn a bheith beo ins an am fadó." mar b'shin é an t-am a raibh na daoine ag saothrú a mbeatha le allus a gcnámh.
ball sinsearach (stair)
2023-02-09 18:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Corr uair bhíodh na daoine máll ag an aifreann mar gheáll go mbídís ag fanacht leis an taoille.
Ní bhíodh cainnt ar chuairt nó ar dhamhsa nó pléaráca an t-am sin, ach obair - obair ag gach duine.
San oidhche bhíodh na mná ag sníomh, agus ag cárdáil, ag cniotáil, ag fuagháil, ag iarnáil agus gach obair a bhíonn le déanamh ag mnaoi tighe.
Bhíodh túirne ag an teine aca agus iad ag obair ar a ndícheall.
Ní raibh cárr ná rothar, ná bus, ná gléas taistil ar bith ag imtheacht an t-am úd ach cárr capaill nó asail.
D'fheicfheá na mná maidineacha sathairn agus iad ag dul go Gaillimh agus a gcuid ciseáin (faoi) ina lámhaibh aca - lán d'im agus d'uibheacha.
Dubhairt mo shean-mháthair liom gur minic a shiubhail sí fhéin cheithre mhíle déag go Gaillimh le ciseán ime agus uibhea[cha.]
Bhí an tír an-bhocht an t-am úd thart timcheall Connamara go mór-mór.
Ní raibh mórán oibre le déanamh ins na tighthibh an t-am úd ach gach duine ag obair ar an bfheilm agus ag saothrú na talmhan.
D'fhagadh an t-athair agus an mháthair (na) a gclann ar sgoil fadó go mbídís ó shé-déag go dtí fiche bliadhain d'aois Ní raibh na daoine chomh leisgeamh[ail] an t-am sin is atá siad anois.
Rud ar bith a bhéas le déanamh ins an mbaile anoi[s]
ball sinsearach (stair)
2023-02-08 18:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mar do mhairfheadh na daoine ins an gceanntar seo tamall bliadhanta ó shoin.
Bhí sé an-deacair ag na daoine maireachtáil ar an oileán seo fadó sul má rinneadh droichead ná bóthar annseo.
Bhí sé cruaidh go leór ar na daoine a bhíodh ag teacht ag an aifreann, nó ag aontaigh, nó ag an siopa, [g]o mór-mhór iad seo a bhíodh 'na gcomhnuidhe timcheall na n-oileán.
Ní raibh mórán báid le (déanam) fághail an t-am sin, agus bhíodh ar na daoine fanacht go mbíodh sé 'na thrághadh.
Sul má rinneadh an droichead bhí casán cloch déanta ag na daoine ins an áit a bfhuil an droichead anois timcheall ceathramha míle ar fad. [T]ógadh balla annsin chaon taobh de'n droichead agus bhí [a]n áit an t-sábháilte annsin.
[T]á ráillí iarainn gach taobh de'n droichead ar [f]haitchios go dtuitfheadh aon rud isteach ann.
Bhíod beagán curadóireachta déanta ag gach duine dhó [f]héin agus dhíolfhaidís an fuighleach.
Bhíodh an mhóin níos fairsinge an t-am sin ná mar atá anois agus ar an ádhbhar sin bhí níos mó le díol aca ná mar atá anois.
[I]s féidir an casán a fheiceál faoi'n droichead fós a mbíodh na daoine ag dul treasna air fadó.
ball sinsearach (stair)
2023-02-07 20:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Deanamh sin", arsa an fear a bhí san mála. D'fhosgail an fear eile an mála agus chuaidh sé fhéin isteach ann agus leig sé amach an fear eile
Dúnad an mála annsin agus chuaidh gach duine in a mbealach fhéin.
Faoí cheann tamaill tháinic an bheirt o'n teach ósta agus chaith siad an mála amach san bhfairrg[e.]
ball sinsearach (stair)
2023-02-07 20:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí triúr mac ann fadó agus bhí go leór saidhbhreas aca
Bhí an duine ba shine dhíobh seo ag éirighe sean agus ní raibh sé indhon tada oibre a dh'éanamh
Dúbhairt an bheirt eile lé chéile lá amháin nach níocfhadh sé iad fhéin a bheith ag cothú an fhir eile nuair nach raibh sé fhéin indhon a bheatha a saothrú.
Bhí siad ag cuimhniú ar rud dona lé na chur faoí chois ach ní raibh siad indhon.
Faoí dheire chuimhnig siad ar é a bháthadh agus chuir siad isteach í mála é lé na bháthadh
D'arduigh siad leo é ins an mála é nó go dtug shiad go bruach na haibhne móire.
Dimthigh an bheirt mhac go dtí an teach ósta agus dfhág siad an mála agus an mac ar bhruach na haibhne.
Nuair a fuair an mac a bí ins an mála imthighte an bheirt eile tósuigh sé ag sgréachaoil agus ag rádh ós árd "go flaithis atá mé ag dhul, "go "flaithis atá mé ag dul,"
Bhí fear ag siúbhal an bhealach agus chuala sé é, agus dúbhairt sé, "Más go Flaithis atá tú ag dul rachaidh mise ann in táit.
ball sinsearach (stair)
2023-02-06 13:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an ceann is sine agus pós í.
Chuaidh sé abhaile agus rinne sé amhlaidh agus mhai[r] sé go sonasach ní ba mhó.
ball sinsearach (stair)
2023-02-06 13:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé leis go raibh an sagart a' glaodhach air.
D'fhiafruigh an sagart dhe cá raibh sé ag dul D'innis sé an sgéal de'n t-sagart agus dubhairt an sagart leis gur bhé fhéin a athair.
D'fhiafruigh an sagart dhó a bhfaca sé aon mhaide ag dul síos leis an sruith.
Dubhairt sé gur casadh.
"Sin í do mháthair" ar seisean, agus sin é an saoghal atá aice ó cailleadh í agus tá mise in mo shagart ó cailleadh mé.
Sé an fáth a bhí leis na trí lá bhreágh a fuair do mháthair: sin é an méid soláis a bhí le fághail aice. agus budh é sin an méid pionós a bhí le cur dhíom agamsa ná an choigchíos a fágadh mé istigh mar gheall ar an droch aimsir.
Cuireadh teachtaireacht liom ar seisean. agus d'innis sé dhó iad.
"Abair leis an gcéad fhear gur b'shin tuighe a ghoid sé (ón) ó na charas-críost agus mara nglanaidh sé amach ón sgraith í go mbeidh an braon anuas ann go bráthach."
"Abair leis an dara fear gan a bheith ag obair moch Dia Luain ná a bheith ag obair deireannach Dia Sathairn".
"Abair leis an tríomhadh fear gur triúr naomh atá aige agus nuair a rachfas tusa abhaile, iarr
ball sinsearach (stair)
2023-02-05 09:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh sé isteach i dteach a raibh triúr ban óg i lár an teallaigh ann agus an t-athair agus an mháthair ar chaon taobh de'n teaghlach.
D'iarr sé lóistín agus fuair sé é agus fáilte.
D'fhiafruigh fear an tighe dhó cá raibh sé a['] dul. D'innis sé an sgéal do fhear an tighe. Tá triúr inghean agamsa agus níl aon duine a te[acht?] dhá n-iarraidh orm agus má fhághann tú fios dhui[t] fhéin fágh fios dhomsa.
D'imthigh leis ar maidin agus bhí sé a' siubhal nó gur casadh droichead leis.
Chonnaic sé maide ag dul síos le fánaidh a[r?] an sruth. Bhí bean 'na suidhe i lár an mhaide agus bhí mada ar chaon taobh dhí Nuair a racfhadh an maide síos ar thaobh thagadh an mada agus bhaineadh sé greim aiste agus nuair a rachfadh an maidhe suas thagadh an mada eile agus dhéanfadh sé an cleas céadhn[a.] "Is cosamhail le mo mháthair í sin," adeir an fear leis fhéin.
Bhí sé ag siúbhal nó gur (g) chuala sé clog dhá bhualadh.
Chonnaic sé sagart ag léigheamh Aifrinn agus bhí cléireach amháin ag freastal air.
"Is cosamhail le m'athair é sin" ar seisean le[is] fhéin. D'imthigh leis agus budh ghearr go dtáinic an cléireach suas aríst leis, agus dubhairt
ball sinsearach (stair)
2023-02-05 09:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
thuit an oidhche air.
Casadh isteach i dteach é agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt bean an tighe go bfhagheadh agus fáilte acht nach raibh tada le nithe aca le tabhairt dhó. Nuair a tháinic fear an tighe isteach d'fhiafruigh sé de'n fhear a bhí istigh roimhe cá raibh sé a' dul.
D'innis sé an sgéal (de) d'fhear an tíghe, agus dubhairt fear an tighe leis go raibh sé fhéin ag cur tuighe ar an teach le blianta agus go raibh braon anuas ag an doras fós agus nach raibh a fhios aige céard budh chionntach leis, agus má fhághann tú fios dhuit fhéin fágh fios dhomsa adeir sé.
Lá ar na bhárach d'imthigh leis an (b) mac budh shine leis agus casadh isteach i dteach é.
D'iarr sé lóistín agus fuair sé é agus fáilte. D'fhiafruigh fear an tighe dhó cá raibh sé a' dul. D'innis sé an sgéal dhó.
Dubhairt fear an tighe, "Tá mise ag obair moch Dia Luain agus déidheanach Dia Sathairn agus tá mo dearbhráthair ar an taobh eile de'n t-sráid agus ní dhéanann sé acht buille fánach ó Luan go Satharn agus tá neart airgid aige, agus má fhághann tú fios dhuit féin fáigh fios dhomsa."
D'imthigh leis an mac budh shine ar maidin agus bhí sé a' siúbhal nó go raibh sé 'na oidhche. air.
ball sinsearach (stair)
2023-02-05 09:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí fear ann fadó agus phós sé.
Bhí a bhean an-chruaidh agus ní thugadh sí déirce ar bith uaithe.
Thugadh an fear déirce do gach duine.
Bhí triúr mac aca.
Níor maith leis an mnaoi go dtabharfadh an chlann aon déirce uatha.
Fuair an bhean dhá mhada allta agus do shaghadadh sí na madraí in gach duine a thagadh ag an doras.
Faoi cheann tamaill fuair sí bás agus níor tháinic aon trí lá ariamh chomh breágh leis na trí lá (la) a raibh sí dhá cur. Faoi cheann tamaill cailleadh an fear agus chaith sé coigcíos istigh sul má féadadh é a chur le droch-aimsir.
Fágadh istigh é ar feadh coigcíose, agus ní raibh a fhios ag aon duine cé'n fáth a bhí leis an droch aimsir.
Dubhairt an mac budh shine go rachfadh sé féin a' siúbhail timcheall nó go bhfhaghad[h] sé amach cé'n fáth a bhí leis na trí lá breá[gh] a fuair a mháthair agus an droch-aimsir a fuair a athair dhá thoramh.
Bhí an mac budh shine a' siúbhal nó gur
ball sinsearach (stair)
2023-02-04 09:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
acht ní féidir liom í a leigean abhaile leat mar tá an oiread ealadhain múinte agamsa dí agus nach bfhéadfainn déanamh dá fuireasbha.
"Is féidir leat do bheirt dearbhráthar a thabhairt abhaile leat."
Buail sé buille de shlaitín draoidheachta ortha agus bhí siad mar a bhí ariamh. D'imthigh leis abhaile agus thug sé a bheirt dearbhr[áthar] leis.
ball sinsearach (stair)
2023-02-04 09:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí sé ag dul thar an gcrann ubhlaí thuit ceann sa mullach air, acht níor bhac sé leis.
D'imthigh sé leis indiaidh na mbeithighidh agus bhí sé ag dul thar shean-bhalla agus chonnaic sé bean a raibh luch ag dul isteach agus amach 'na béal. acht níor leig sé air fhéin é. D'imthigh leis indhiaidh na mbeithighidh nó go dtáinic sé go dtí abhainn agus bhí ar na beithighidh dul treasna na h-aibhne. Nuair a bhí siad tar an abhainn uilig acht an ceann deire, chuaidh sé fhéin de léim ar a druim.
Chonnaic sé gur fuil a bhí san (uisge) abhainn ináit uisge agus bhí a chosa shíos san abhainn agus é a' dul treasna. Nuair a bhí sé ar an taobh eile de'n abhainn bhí a chosa tollta.
Bhí an fear a d'fhan sa teach ina dhiadh [!] taobh tháll roimhe.
"Is tusa an buachaill is fear [!] a bhí ariamh agam ar sé" agus Is mise Rí an Domhnaigh".
Nuair a bhí tú a' teacht d'airigh tú feadaoil agus ba é an diabhal a bhí a' cur cathúghad ort agus an uair a thuit an tubhla ort ba é an diabhal a bhí san ubhla. agus an bhean a chonnaic tú thug sí deoch bainne cuinneóige a raibh luch báidhte ann do fhear a cuireadh de phionós uirri ar an saoghal eile luch a bheith a' dul isteach 'na béal nó go mbeadh sásamh iomlán tughta ann aice.
Bhí do bheirt dearbhráthar annseo acht ní dhearna siad an rud a d'iarr mise orthabh agus sin iad an dá mheall salainn atá taobh amuigh de'n doras. Sin í do deirbhshiúthar atá pósta agamsa
ball sinsearach (stair)
2023-02-03 07:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
shocruigh sé é seo taobh amuigh de'n doras.
Faoi cheann bliana eile dubhairt an tríomhadh mac le na mháthair. "Tá mo dhearbhráthair imthighte as an teach seo le bliain, agus mo dhearbhráthair eile le dhá bhliain, agus mo dheirbhsiúthar le trí bliana. agus is suarach an mac mise mara rachfainn ar a dtuairisg".
D'iarr sé ar a mháthair cáca a dhéanamh dhó.
Rinne sí agus d'fhiafruigh sí dhe cé acab dob fhearr leis an leath-mhór agus a mallacht nó an leath-bheag agus a beannacht.
"Muise ní mórán maitheasa dhomsa an leath-bheag acht is fearr liom do bheannacht ar chuma ar bith."
Thug sí an leath-bheag agus a beannacht dhó agus d'imthigh sé Casadh ag an droichead céadhna é agus chonnaic sé an solas céadhna. Rinne sé air agus chuaidh sé isteach sa teach. D'aithnigh sé gurbh í a dheirbshiúthar a bhí sa teach agus daithnigh sise é. Tá tú ag teacht le do bheó acht béidir nach nimtheóch tú le do bheó.
Ba ghearr gur tháinic an fear isteach agus bhí sé gléasta in éadach bán agus chaith sé gabhail éadaigh bána ar an urlár. "Leag isteach i dtaiscidh iad sin arsa sé le bean an tighe." agus fáigh biadh agus leaba don strainséara. seo.
Rinne sí amlaidh.
Ar maidin dubhradh leis an strainséara na beithighidh a sheóladh amach agus gan áird a thabhairt ar thada a chloisfadh sé agus gan bacadh le tada a fheicfadh sé.
Rialadh amach na beithighidh dhó agus d'imthigh leis.
D'airigh sé feadaoil acht níor thug sé aon áird air.
ball sinsearach (stair)
2023-02-02 10:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(D'imthigh leis)
D'iarr sé ar a mháthair cáca a dhéanadh dhó.
Rinne sí amhlaidh agus d'fhiafruigh sí dhó cé acab dob fhearr leis an leath-mór agus a mallacht nó an leath bheag agus a beannacht
Muise pé ar bith céard a dhéanfas do beannacht ní morán maitheasa dhomsa an leath-bheag.
Thug sí an leath-mhór agus a seacht míle mallacht dhó agus d'imthigh sé. Tháinic sé go dtí droichead agus chonnaic sé an solas céadhna a chonnaic a dhearbhráthair eile.
Rinne sé air agus daithnigh sé gurbh í a deirbhshiúthar a bhí sa teach.
"Muise tá tú a' teacht le do beó acht b'éidir [?] nach nimtheóchadh tú le do bheó" adeir sí leis.
Ba ghearr gur tháinic an fear isteach agus é gléasta in éadach bán. agus chaith sé gabhail éadaigh ar an urlár agus bhí fuil ar chuid acab.
"Leag isteach idtascidh iad sin adeir sé le bean an tighe agus tabhair biadh agus leaba do'n fhear seo go maidin"
Rinne sí amhlaidh. Ar maidin nuair a d'éirigh muinntir an tighe d'ith siad a (mbéilidhidhe) mbéilidhe agus fuair an fear seo chuile órdughadh mar a fuair a dhearbhráthair roimhe. D'imthigh sé leis indhiaidh na mbeithigidh agus thárla gach rud dhó mar a thárla dá dhearbráthair roimhe. sin
Chaith sé an lá ag iarraidh breith ar an ubhla agus sa tráthnona nuair a tháinic na beithighidh abhaile ní bainne a bhí aca acht fuil.
Rinne fear an tighe meall salainn eile dhó [?] seo agus
ball sinsearach (stair)
2023-02-01 18:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a mbéilidhe. Annsin dubhairt fear an tighe leis an strainséara na beithighidh a thiomaint agus iad a leanacht agus go rachfaidís fhéin 'na náit fhéin.
Rialadh amach na beithigidh dó agus cuireadh indiaidh a chéil[e] iad. Dubhairt fear an tighe leis gan áird a thabhairt ar rud ar bith a chloisfeadh sé agus gan breith ar rud ar bith a chaithfidhe leis acht na beithigidh a leanacht i gcomhnuidhe.
D'imthigh leis agus ba ghearr gur airigh sé feadaoil agus bhreathnuigh sé 'na dhiaidh.
D'imthigh sé leis agus bhí sé ag dul thar chrann ubhlaí agus thuit ceann acab air. Shíl sé breith air acht chinn sé air Chaith sé píosa maith a' déanadh spraoi leis an ubhlaí acht ní raibh sé indhon breith air.
Bhí na beithigidh imthighthe as a amharc anois agus ní raibh a fhios aige cad a dhéanfadh sé acht d'fhan sé a' déanadh spraoi leis an ubhla.
Tráthnóna tháinic na beithigidh abhaile agus bligheadh iad acht ní bainne a bhí acha acht fuil.
Nuair a tháinic an strainséara abhaile bhí a fhios ag fear an tighe céard a rinne sé.
Thug sé leis é agus rinne sé meall salainn dhó agus shocruigh sé taobh amuigh de'n doras é.
Fá cheann bliana eile dubhairt an dara mac le na mháthair. "Tá beann [!] imthighthe as an teach seo le dhá bhliain agus tá mo dhearbhráthair imtighthe as le bliain agus is suarach an mac mise mar a rachfainn ar a dtuairisg."
ball sinsearach (stair)
2023-01-31 20:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rí an Domhnaigh
Aon uair amháin bhí baintreach ann a raibh triúr mac inghean aice. Nuair a bhí an inghean roinnt sean d'imthigh sí léi. Nuair a bhí sí bliain imthighthe dubhairt an mac ba shine. "Tá bean imthighthe as an teach seo le bliain agus is olc an fear mise muna rachfainn ar a tuairisg". Dubhairt sé le na mháthair cáca a dhéanamh dhó Rinne sí é agus d'fhiafruigh sí dhó cé acab dob fhearr leis an leath-mhór agus a mallacht nó an leath-bheag agus a beannacht. "Muise pé ar bith céard a dhéanfas do bheannacht ní morán maitheasa dhomsa an leath-bheag agus tabhair dhomh an leath-mhór. Thug sí an leath-mhór agus a seacht míle mallacht dhó.
D'imthigh sé leis agus bhí sé ag siúbhal nó go dtáinic sé go dtí droichead. Chonnaic sé solas agus rinne sé air. Chuaidh sé isteach san teach a raibh an solas ann.
D'aithnigh sé (an) gurbh í a dheirbhshiúthar a bhí ann. agus d'aithnigh sise gurbh é a dearbhráthair do bhí ann.
"Muise tá tú a' teacht le do bheó acht béidir nach níomtheóchadh tú le do bheó" adeir sí leis.
Ba ghearr gur tháinic fear isteach a bhí gléasta in éadach geal agus chaith sé gabhail éadaigh bána ar an urlár agus bhí fuil ar chuid acab.
"Leag isteach i dtaisce iad sin" arsa sé le bean an tigh. agus "tabhair biadh agus leaba do'n fhear seo go maidin" Rinne sí amhlaidh.
Ar maidin nuair a déirigh muinntir an tighe, d'ith siad
ball sinsearach (stair)
2023-01-30 17:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal Beag fá Thaidhbhse.
Bhí mo mháthair aon oidhche amháin ar thórramh in Eanach Mheadhoin agus bhí sé deireannach san oidhche. Bhí a drifiúr in éinfheacht léi. Bhí roinnt mhaith daoine san teach ag an am, agus ba gheárr ghur chualadar an caoine amuigh ar an bhfairrge. Chuaidh cuid de na daoine amach ar an t-sráid agus ní fhacadar tada ach chualadar go leór ag caoine. Bhfhacthas dhóibh agus tháinigeadar isteach agus tháinig an-fhaitchíos ortha - nidh nach iongnadh.
Nuair a bhí mo mháthair agus a drifiúr ag dul abhaile an oidhche sin bhíodar ar crathadh leis an bfhaitchíos ag ceapadh go naireóchaidís an caoine arís.
ball sinsearach (stair)
2023-01-29 09:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fuair sí iad. Chuaidh sé saus [!] ar mullach an tighe gearr sé an féar agus chaith se anuas ar an talamh é Ó arsa [!] ce'n sórt féar Naomhtha tusa nó cé bhéad airgid a tubras mé duit Níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis. Ní raibh se ibhfhad imtighthe go bhfacaidh sé teach araibh torn mór isthigh ann. Chuaidh sé isteac ann agus bhí an bean istigh agus í ag deanamh léine do'n t-sean-fhear sé'n chaoí a raibh mála plúir anuas ar a mhullach aice agus í ag gabhail go slis ar. Céard tá tú ag iarraidh dhéanamh mar sin arsa an fear a tháinic isteach. Tá mé ag iarraidh léine a dhéanamh do'n t-seanfhear sin nach raibh aon snátha go léine ar le rátha arsa an bhean. Bhfuil sgian ná siosúr agad ar seisean tá arsa an bean fuair sí siosúr agus thug sí dó é agus sgaoil sé aníos mullach an t-seanfhir Ó arsa an bhean cé'n sórt fear Naomhtha thusa nó cé bhéad airgid a thubharfhas mé duit níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis agus ní raibh on mhilleán aige ar a bhean féin uaidh sin amach mar chonnaic sé a dhóthain óinseacha.
ball sinsearach (stair)
2023-01-29 09:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fuair sí iad. Chuaidh sé saus [!] ar mullach an tighe gearr sé an féar agus chaith se anuas ar an talamh é Ó arsa [!] ce'n sórt éar Naomhtha tusa nó cé bhéad airgid a tubras mé duit Níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis. Ní raibh se ibhfhad imtighthe go bhfacaidh sé teach araibh torn mór isthigh ann. Chuaidh sé isteac ann agus bhí an bean istigh agus í ag deanamh léine do'n t-sean-fhear sé'n chaoí a raibh mála plúir anuas ar a mhullach aice agus í ag gabhail go slis ar. Céard tá tú ag iarraidh dhéanamh mar sin arsa an fear a tháinic isteach. Tá mé ag iarraidh léine a dhéanamh do'n t-seanfhear sin nach raibh aon snátha go léine ar le rátha arsa an bhean. Bhfuil sgian ná siosúr agad ar seisean tá arsa an bean fuair sí siosúr agus thug sí dó é agus sgaoil sé aníos mullach an t-seanfhir Ó arsa an bhean cé'n sórt fear Naomhtha thusa nó cé bhéad airgid a thubharfhas mé duit níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis agus ní raibh on mhilleán aige ar a bhean féin uaidh sin amach mar chonnaic sé a dhóthain óinseacha.
ball sinsearach (stair)
2023-01-28 08:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhá iarraid nuair a bhí sí thiar bhuail sí a cois faoí agus dhoirt sí é. Déirig an fear ó na bhéile cá bhfuil tú ag dul arsa an bean. Tá mé dul go bhfheiceadh mé a bfuil aon oinseac beo chomh mór leat arsa an fear Bailigh sé leis annsin. Bhí sé ag imtheacht leis nó go bhfacaid sé bean agus ciseóg aice agus í ag iarradh an ghrian a tharraingt isteac sa teach. Céard tá tú ag iarraid a dheanamh mar sin arsa an fear. Tá mé ag iarraid an grian a tarrainghthe isteach sa teac ar sise. An bfuil aon ghró agad ar seisean Dubairt sí leis go raibh tabhair dom é a dubairt sé thug sí do agus chuir sé poll mór sa mballa agus tháinig solas breág ón ngrein isteac. Ó ce'n sórt fear Naomhtha tusa ar sise no cé bhéad airgid a thubhras mé duit. Ní mé ag iarraid aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis Ní raibh sé ibfhad imthighthe go bfacaid sé bean agus ropa ar bhó aice agus i ag an bhó a tarrainghth suas ar an teach go n-iteadh sí an féar breág a bhí ag fás thuas ar mhullach an tighe. Céard tá tú ag iarradh a dheanamh mar sin ar seisean. Tá mé ag iarradh an laogh agus an bó atá ag fághail bháis leis an ocras a thabhairt annseo go n-itheadhís an féar breág.
Imthig leat ar seisean agus fáth dréimre agus curán
ball sinsearach (stair)
2023-01-27 18:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal
Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ag iarraid mná i dteach. Fuair sé an bhean agus faoí ceann seachtaine phósadar, agus bhí bainnis mhór aca. An lá na diaid sin bhí an fear ag dul amach ag obair, agus dubairt sé leis an mbean cáca a bhéid déanta aice roimhe agus crusca fíon a bhéid tarrainghthe aice as an mbairrle bhí shiar sa séomra le h-agaidh an dheinneir. Rinne sí an cáca agus chuir sí sios san mbacús é lé bácáil. Nuair a bhí sé bacáilte thóg sí é agus leag sí ar an urlár e an fhad is bhéadh sí ag baint an fhíon as an mbairrle. Chuaid sé siar san séomra le h-agaid an fíon a fhághail nuair a bhí sí shiar tháinig an mada isteach agus sgiobh se leis a cáca. Lean sí trí garraidhe ón teach é ach ní raibh si indon teact suas leis. Cas sí abaile annsin agus nuair a tainigh sí isteach bhí gach a raibh dfhíon san mbairrle ar fud an úrláir Nuair connaic sí an fíon ar fud an urláir Rug sí ar sgian agus doscail sí trí mála pluir a bhí shiar sa séomra eile agus thriomuigh sí an fíon leo. Nuair a tháinigh an fear isteac ag a dhinnéar, d'innis an bean do ceard a tarla den cháca agus de'n fhíon agus de'n plur. Tá go mait arsa an fear acht ar fhan deóir ar bith de'n fhíon sa gcrúsca. tá an crusca lán thiar sa séomra arsa an bean agus í ag rith siar
ball sinsearach (stair)
2023-01-26 18:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dubhairt sí le gach uile shnátha a bheith na bhréidín aice sul dá dtiocfhadh an tráthnóna. Chuaidh an cailín isteach i seomra agus ní raibh sí indon cos ná lámh a leagan ar an snátha Ba ghearr go dtáinic bean isteach a raibh "srón fhada uirthe. Thosuigh an bhean ag obair agus ba ghearr go raibh bréidín déanta de'n t-snátha aice. D'imthigh an bhean annsin agus dubhairt sí leis an gcailín gan innseacht d'on bhean cé a rinne an bréidín. Tháinic an bhean isteach tráthnóna agus bhí sí chomh buidheach sin d'on chailín gur fhiafhruigh sí di a bpósadh sí a mac. Dubhairt an cailín go bpósadh agus fáilte. Phós sí féin agus an mac annsin agus fuair siad cailín aimseardha. Ní raibh aon rud le déanamh aice ach i na suidhe síos agus a' breathnughadh uatha. Mhair siad go maith uaidh sin amach.
ball sinsearach (stair)
2023-01-25 17:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go raibh an olann in a shnátha aice.
Dubhairt an bean leis an gcailín a rádh le bean an tíghe gurab í fhéin a rinne an snátha. Dubhairt an cailín go ndéarfhadh. Tháinic bean an tíghe tráthnóna agus bhí buidheachas mhór aice ar an gcailín.
Annsin d'ith an cailín a béile agus chuaidh sí a chodhladh. D'éirigh sí go moch aríst ar maidin agus thug an bhean isteach i seomra í a bhí lán le flainnín agus dubhairt sí léi ball de cuile éadach a bheith déanta aice sul dá rachadh an ghrian faoí tráthnóna. Chuaidh an cailín isteach san seomra agus ní raibh sí indon snátha a chur sa t-snáthaid, ní hé amháin ball de chuile éadach a bheith déanta aice. Ba gearr go dtáinic bean isteach a raibh "cos fhada" uirthe agus thosuigh uirthe ag obair go dian agus ba gearr go raibh ball de chuile éadach deanta aice. Annsin dubhairt sí leis an gcailín dá bhfiafhruigheadh an bhean dí an í féin a rinne an t-éadach a rádh gurab í. Annsin tháinic an bhean isteach agus dubhairt sí go mba togha cailín í amach is amach. Annsin thug an bhean isteach í agus d'ith sí a béile. Chuaidh sí a chodhladh agus d'éirigh sí go moch ar maidin. Thug an bhean isteach i seomra í a bhí lán le ceirthlíní snátha
ball sinsearach (stair)
2023-01-24 17:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'fhan sise taobh amuigh agus d'imthigh mac an Rí isteach.
D'fhiafruigh muinntir an tighe dhó a raibh aon cheird aige, agus dubhairt sé go raibh sé indhon cliabhaín éanacha a dheasú go maith.
Caitheadh anuas go leór cliabhain éanacha aige, agus budh ghearr go raibh siad chomh nua is bhí siad ariamh.
Budh ghearr go raibh árd-mheas air aca agus bhí sé ag fághail eochair chuile sheomra san teach.
Ar deire fuair sé eochair an t-seomra a raibh an téan istigh ann.
An oidhche seo nuair a bhí gach duine san teach in-a gcodhladh, chroch sé leis an téan amach san meadhon-oidhche.
Nuair a bhí sé tamall beag ó'n teach dubhairt sé leis féin, "ní bheidh mise ag iomchur an chása seo mar béidir nach bhfuil tada ann agus is fearr dhom é a osgailt".
D'osgail sé an cás agus thosuigh an téan ag ceól agus chuir sé a chodhladh gach a raibh 'na ndúiseacht, agus dhúisigh sé gach a raibh 'na gcodhladh.
Dhúisigh sé muinntir an tighe agus lean siad mac an Rí.
"Cé'n sórt gaduidhe bó nó caorach thusa" adeir siad, "nó céard a bhí dúil agat a dhéanadh orainn."
"Muise ní gaduidhe bó ná caorach mise adeir sé, acht mac rí ó'n Domhan thiar a tháinic ag iarraidh an chliabháin agus an téan atá istigh ann agus d'innis sé an sgéal ar
ball sinsearach (stair)
2023-01-24 17:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí bean ann fadó agus bhí sí pósta.
Bhí aon inghean amháin aice.
Ní dhearnadh an inghean blas ó rugadh í ach í na suidhe síos ó mhaidin go h-oidhche.
Aon lá amháin dubhairt a máthair léi nach mbeathóchadh sí fhéin í níos mó agus go gcaithfheadh sí imtheacht léi agus a beatha a shaothrughadh. D'imthigh sí léi annsin agus casadh bean dí agus dubhairt an bhean go raibh sí ar thuairisg cailín. Dubhairt an cailín go rachadh sí léi. D'imthigh an bheirt aca go dtí an teach. Lá'r na bhárach d'éirigh an cailín go moch. Réidhtigh an bhean a bricfeasta don chailín annsin agus d'ith sí é. Annsin thug an bhean isteach i seomra í nach raibh ann ach olainn agus dubhairt sí léithe gach uile ribe de'n olann sin a bheith in na shnátha aice sul dá rachadh an ghrian faoí tráthnóna. D'fhan an cailín suas sa seomra agus ní raibh sí indon lámh ná cos a leagann ar an olann. Bhí sí annsin agus í na staic. Ba ghearr go dtáinig bean isteach thríd an bhfuinneóig a raibh "láimh fhada uirthe. Doibhrigh an bhean seo uirthe ag déanamh an t-snátha agus ba ghearr
ball sinsearach (stair)
2023-01-23 18:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí a fhios annsin go mba nimh é an fíon a thug an leas-mháthair do'n leas-inghin.
Rugadh ar an leas-mháthair agus lasadh í i mbarraile tearra.
Do mhair an leas-inghean go sona sásta ní ba mhó.
ball sinsearach (stair)
2023-01-23 18:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
muinntir é.
An lá seo chuaidh bean chomharsan isteach agus bhí an fear san seomra.
Dubhairt an bhean go raibh an chapall ag dul soir an bóthar. Rith an fear amach agus d'fhág doras ar oscailt. Chuaidh an bhean siar san seomr[a] agus fuair sí an (bhean s) leas-inghean san leab[a] agus fuair sí biorán suain fá na h-ionga. Tharraing sí amach é agus déirigh an leas-ingin aniar san leaba.
Nuair a tháinic an fear isteach dubhairt an bhean leis go raibh an leas-inghin beó aríst. Bhí bean eile san teach agus dubhairt sí go bfanfadh sí ann acht go gcaithfeadh sí fios a fhághai[l] ar chuile rud a bheadh idir muinntir. an tighe. An oidhche seo dubhairt an leas-mháthair go raibh gnó aice de'n leas ingean agus chua[idh] siad siar san seomra.
Dubhairt an bean go gcaithfeadh sí fh[éin] fios fhághail ar gach rud a bhí le rádh aca[.] Chuaidh siad siar san seomra agus thug an leas[-]mháthair gloine fíona do'n leas-inghean.
"Caithfidh tú é sin a thasbáint dhomsa" adeir an bhean.
Bhi cat ag siúbhal ar an urlár agus chaith sé braon do'n fhíon aige agus dól sé é.
Phléasg an cat ar an nóiméad.
ball sinsearach (stair)
2023-01-21 10:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na bhárach.
Chuaidh an leas-mháthair síos ag an bfairrge dá nígheachán fhéin agus dhubhairt sí léi fhéin "Is deas an bhean mise".
Labhair an glór agus dubhairt sé go raibh a leas-inghin níos deise ná í a bhí istigh ar oileán. Chuaidh an leas-mháthair abhaile agus dubhairt sí le na fear go gcaitheadh sí an-leas-inghin a fheiceál. D'imthigh léi féin agus a fear agus chuaidh siad isteach ar an oileán.
Chuaidh siad ar cuairt ag an leas-inghean.
Bí an oiread sin lúthghair ag an leas-inghean rómpa agus nár fhan sí leis an doras a fhoscailt acht chuir sí a dhá lámh amach thríd an bfhuinneóg. Chuir an-leas-mháthair biorán suain isteach fá ionga láime an leas-inghin.
Thuit an leas-inghean marbh ar an nóiméad. Ní raibh a fear sásta í a chur acht chuir sé síos i gconra í leag sé siar san seomra í, agus chuir sé glas ar an doras.
Annsin thóig sé as an gconra í agus leag sé san leaba í agus chuir sé meadhchan na mná de chlocha sa gconra agus chuir sé an chonra.
Gach lá théidheach an fear siar san seomra agus thosuigheadh sé a' caoineadh.
Níor mhaith leis go rachfadh aon-duine san seomra acht é fhéin. D'innis an leas-mháthair dhá
ball sinsearach (stair)
2023-01-20 18:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Labhair an glór aríst agus dubhairt go raibh a leas-inghean níos deise ná í.
Chuaidh an leas-mháthair abhaile agus dubhairt sí le na dearbhráthair agus le fear eile an leas-inghin a thabhairt aice agus a croidhe agus a h-aobha a thabhairt aice fhéin le nithe.
D'imthigh leis an mbeirt agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile dubhairt an fear gur mhó[r] an peacaidh í a mharbhúghadh.
Dubhairt an dearbhráthair go gcaithfidhe í a mharbhu[ghadh.] Más láidre an fear thusa ná mise adubhairt an fear eile. Mharbhuigh an fear an dearbhr[áthair] agus thug sé a chuid aobha ag an leas-mháthair[.] Dubhairt an fear leis an leas inghin gan fanacht níos fuaide i dtigh a sean-mháthair, ach[t] imtheacht léi.
D'imthigh leis an leas-inghean go dtáinic sí chomh-fada le oileán nach raibh ar acht teach amháin. Chuaidh sí isteach san teach agus bhí teine breágh shíos ann agus shuidh sí síos ar chathaoir ann. Budh ghearr go dtáinic cat isteach agus dubhairt sé léi go raibh naoi gcat eile ag teacht isteach agus go stróiceadh siad ó na chéile í. Tháinic na cait isteach agus stroiceadar ó na chéile í. Chuir an cat seo caoi uirri agus d'fhiafruigh sé dh[í] a bpósfadh sí é agus dubhairt sí go bpósfadh. Rinne an fear cat dhe fhéin agus pósadh iad lá a[r]
ball sinsearach (stair)
2023-01-20 18:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí fear ann aon uair amháin agus phós sé cailín óg. Bhí aon inghin amháin aca. Faoi cheann tamaill cailleadh an bhean agus chuir an fear an inghean ag a shean-mháthair le aire a thabhairt dí.
Phós an fear an dara h-uair.
Chuile lá théigheadh an bhean síos ag an bhfhairrge dhá nígheachán fhéin agus ag snámh.
An lá seo chuaidh sí síos agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
Labhair an glór agus dubhairt go raibh a leas-inghean níos deise ná í.
Nuair a chuaidh an bhean abhaile dubhairt sí go gcaithfeadh sí croidhe agus aobha an leas-inghean a fhághail le nithe.
Cuireadh beirt fhear ag iarraidh an leas-inghean le na marbhughadh agus a croidhe agus a h-aobha a tabhairt ag a leas-mháthair.
Dubhairt an bheirt fhear le chéile gur mhór an peacaidh an leas-inghin a mharbhughadh agus casadh sean-mhadra leó agus marbhuigheadar é agus thugadar a chroidhe agus a aobha ag an leas-mháthair, agus dith sí iad[.]
Lá ar na bhárach chuaidh an leas-mháthair síos ag snámh aríst agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
ball sinsearach (stair)
2023-01-20 18:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí fear ann aon uair amháin agus phós sé cailín óg. Bhí aon inghin amháin aca. Faoi cheann tamaill cailleadh an bhean agus chuir an fear an inghean ag a shean-mháthair le aire a thabhairt dí.
Phós an fear an dara h-uair.
Chuile lá théigheadh an bhean síos ag an bhfhairrge dhá nígheachán fhéin agus ag snámh.
An lá seo chuaidh sí síos agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
Labhair an glór agus dubhairt go raibh a leas-inghean níos deise ná í.
Nuair a chuaidh an bhean abhaile dubhairt sí go gcaithfeadh sí croidhe agus aobha an leas-inghean a fhághail le nithe.
Cuireadh beirt fhear ag iarraidh an leas-inghean le na marbhughadh agus a croidhe agus a h-aobha a tabhairt ag a leas-mháthair.
Dubhairt an bheirt fhear le chéile gur mhór an peacaidh an leas-inghin a mharbhughadh agus casadh sean-mhadra leó agus marbhuigheadar é agus thugadar a chroidhe agus a aobha ag an leas-mháthair, agus dith sí iad[.]
Lá ar na bhárach chuaidh an leas-mháthair síos ag snámh aríst agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
ball sinsearach (stair)
2023-01-20 18:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí fear ann aon uair amháin agus phós sé cailín óg. Bhí aon inghin amháin aca. Faoi cheann tamaill cailleadh an bhean agus chuir an fear an inghean ag a shean-mháthair le aire a thabhairt dí.
Phós an fear an dara h-uair.
Chuile lá théigheadh an bhean síos ag an bhfhairrge dhá nígheachán fhéin agus ag snámh.
An lá seo chuaidh sí síos agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
Labhair an glór agus dubhairt go raibh a leas-inghean níos deise ná í.
Nuair a chuaidh an bhean abhaile dubhairt sí go gcaithfeadh sí croidhe agus aobha an leas-inghean a fhághail le nithe.
Cuireadh beirt fhear ag iarraidh an leas-inghean le na marbhughadh agus a croidhe agus a h-aobha a tabhairt ag a leas-mháthair.
Dubhairt an bheirt fhear le chéile gur mhór an peacaidh an leas-inghin a mharbhughadh agus casadh sean-mhadra leó agus marbhuigheadar é agus thugadar a chroidhe agus a aobha ag an leas-mháthair, agus dith sí iad[.]
Lá ar na bhárach chuaidh an leas-mháthair síos ag snámh aríst agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
ball sinsearach (stair)
2023-01-19 17:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí fear ann aon uair amháin agus phós sé cailín óg. Bhí aon inghin amháin aca. Faoi cheann tamaill cailleadh an bhean agus chuir an fear an inghean ag a shean-mháthair le aire a thabhairt dí.
Phós an fear an dara h-uair.
Chuile lá théigheadh an bhean síos ag an bhfhairrge dhá nígheachán fhéin agus ag snámh.
An lá seo chuaidh sí síos agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
Labhair an glór agus dubhairt go raibh a leas-inghean níos deise ná í.
Nuair a chuaidh an bhean abhaile dubhairt sí go gcaithfeadh sí croidhe agus aobha an leas-inghean a fhághail le nithe.
Cuireadh beirt fhear ag iarraidh an leas-inghean le na marbhughadh agus a croidhe agus a h-aobha a tabhairt ag a leas-mháthair.
Dubhairt an bheirt fhear le chéile gur mhór an peacaidh an leas-inghin a mharbhughadh agus casadh sean-mhadra leó agus marbhuigheadar é agus thugadar a chroidhe agus a aobha ag an leas-mháthair, agus dith sí iad[.]
Lá ar na bhárach chuaidh an leas-mháthair síos ag snámh aríst agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
ball sinsearach (stair)
2023-01-18 18:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Thug an Rí an cliabhán óir agus an téan a bhí istigh ann dhó agus d'imthigh leis.
Annsin chuaidh siad abhaile agus tháinic an sionnachín suas aríst leis, agus dubhairt sí leis gan a bheith chomh-seafóideach is go dtabharfadh sé an cliabhán dá leas-mháthair
Bhí an leas-mháthair tuas ar mhullach an tighe agus í gar dá bheith básuighthe.
Caithfidh mé suas an cliabhán seo agat adeir mac an Rí acht beir thusa air agus ná leig dhó tuitim."
Chaith sé suas é agus shíl an leas mháthair breith air acht thuit sí anuas agus briseadh a muineál.
Bhí an teach agus chuile shórt dá raibh ann aige annsin. Bhí an bhean óg agus an stailín, agus an craiceann muice, agus an coileán coin, agus an chlaidheamh soluis, agus an téan agus an cliabhán ag mac an Rí dhó fhéin ar deire.
Nóta.
Budh í an sionnachín máthair mhac an Rí a bhí básuighthe le tamall roimhe sin agus bhí draoidheacht aice.
ball sinsearach (stair)
2023-01-18 18:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a bhí indhon í [?] a mharcaidheacht.
Chuaidh mac an Rí agus an bhean ar capall eile.
"Anois adeir an sionnachín ná bhí chomh seafóideach is bhí tú an chéad uair, ná tabhair an stail seo do Rí[gh?] na gColumhan Órda acht déanfaidh mise stail dhíom fhéin agus tabhair dhó mé".
Rinne an sionnachín stail dhí fhéin agus thug mac an Rí isteach go dtí Rí na gColumhan órdha í.
Chuir Rí na gColumhan Órdha isteach san stábla í agus thug sé an craiceann muice agus an coileán Coin dhó
D'imthigh leó agus tháinic an sionnachín suas aríst leó.
Nuair a bhí siad gar dá bheith san Ríoghacht Ó Thuaidh dubhairt an sionnachín le mac an Rí gan a bheith chomh-seafóideach is bhí sé an chéad uair, agus gan an craice[ann] muice ná an coileán coin a thabhairt do's na Cailleac[ha] Dubha, acht go ndéanfadh sí fhéin coileán coin dhí fhéi[n] agus í a thabhairt dhó agus mála beag eile a bhí aice.
Rinne an sionnachín coileán coin dí fheín agus thug ma[c] an Rí do's na Cailleacha Garbh í agus fuair sé an Claidheamh Soluis uatha.
D'imthigh leis aríst agus Tháinic an sionnachín suas leis
Nuair a bhí siad gar dhá bheith san Domhan Thiar.
"Anois adeir an sionnachín, ná bí chomh-seafóideach is bh[í] tú an chéad uair agus ná tabhair an chlaidheamh seo do'n Rí acht déanfaidh mise claidheamh dhíomh fhéin agus tabhair dh[ó] mé". Rinne sí claidheamh dhí fhéin agus thug mac an Rí go dtí an Rí í.
ball sinsearach (stair)
2023-01-17 18:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a chonnaic an bhean mac an Rí ghlac sí gráin ar an bhfear a bhí sí ag dul a' phósadh agus chuir sí suas dhó.
Annsin dubhairt an bhean nach bpósfadh sí aon fhear acht fear a chaitheadh an geata de léim agus é a' marcaidheacht ar chapall.
Bhí go leór daoine ag an ngeata agus capall ag gach duine aca.
Bhí cuid aca ag briseadh a gcuid muineáil ag iarraidh an geata a chaitheadh de léim.
Tháinic an sionnachín agus mac an Rí chomh fada leis an ngeata agus chaith an sionnachín é de léim agus bhí mac an Rí a' marcaidheacht ar a druim.
Is tusa an fear a phósfas mise adeir an bhean.
D'imthigh le mac an Rí agus leis an mbean agus an sionnachín.
"Ná bíodh tusa chomh seafóideach is bhí tú cheanna ná tabhair uait an bhean seo anois acht déanfaidh mise bean dhíom fhéin agus tabhair isteach ag an Rí mé agus cuirfidh sé isteach san seomra mé agus tiocfaidh mé amach (fá) tré pholl na heochrach aríst agus tiocfaidh mé suas libhse".
Rinne an sionnachín bean dhí fhéin agus thug mac an Rí chuig Muinntir Uí Dhúgáin í agus chuir an Rí isteach san seomra í agus do chuir sé glas ar an doras
Fuair mac an Rí an stail agus d'imthigh leis féin agus an bhean óg.
Tháinic an sionnach bheag suas aríst le mac an Rí.
Chuaidh an sionnachín ag marcaidheacht ar an stailín agus budh é
ball sinsearach (stair)
2023-01-16 18:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé ag bearradh agus ag cíoradh capaill.
Faoi cheann cúpla lá bhí árd-mheas air agus bhí ag fágháil eochair chuile stábla.
An oidhche seo chroch sé leis an stail agus chuaidh sé a' marcaidheacht uirri.
Ní raibh sé indhon í a marcaidheacht agus thosuigh an capall a' seitreach.
D'airigh an líon-tighe é, agus leanadar é.
"Muise cé'n sórt gaduidhe bó nó caorach thusa, adei[r] siad nó céard a bhí dúil agat a dheanamh ár gCapall breágh a ghoid uainn.
"Muise ní gaduidhe bó ná caorach mise adeir sé, acht mac rí a raibh geasaí le fuasgailt aige.
Muise más mar sin atá an sgéal agat-sa ní bheidh do bhás orainne acht cuirfidh muid fá gheasaí thú gan an dara hoidhche a chodhladh ar aon leaba n[á] an dara béilidhe a itheadh ar aon bhord nó go dtuga tú chugainn annseo an bhean atá ag dul a['] pósadh amáireach acht gan í a bheith pósta atá ins na Tíortha Theas.
D'imthigh le mac an Rí agus casadh an sionnachín leis aríst. "Ó muise adeir sí nár dhubhairt mé leat gan a dhul a' marcaidheacht ar an stail.
Rinne an sionnachín each dhí féin aríst agus chuaidh mac an Rí ar a druim aríst.
Bhí an bhean agus fear agus beirt eile ag dul amach an gea[ta] le dhul a' pósadh.
ball sinsearach (stair)
2023-01-15 10:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chrochadh uainn."
"Muise ní gaduidhe bó ná caorach mise adeir sé acht mac Rí a raibh geasaí le fuasgailt aige agus d'innis sé an (cui) sgéal ar fad dhóibh.
"Muise má's mar sin atá an sgéal agat-sa ní bheidh do bhás orainne" adeir siad acht cuirfidh muide fá gheasaí thú gan an dara béilidhe a itheadh ar aon bhórd ná an dara hoidhche a chodhladh ar aon leaba nó go dtuga tú againn annseo an stailín atá ag muinntir Uí Dhúgáin san Ríoghacht Theas.
D'imthigh le mac an Rí agus é go brónach agus casadh an sionnachín leis aríst.
Bhí an-chantal uirri agus brón acht mar sin féin rinne sí each dhí féin agus dubhairt le mac an Rí a dhul ar a druim.
Rinne sé amhlaidh.
Dimhthigh leó agus nuair a bhí siad gar dhá bheith san Ríoghacht Theas dubhairt an sionnachín le mac an Rí a dhul isteach agus thug sí siosúr agus raca beag dhó.
Dubhairt sí leis freisin gan dul ag marcaidheacht ar an stail mar nach raibh sé indhon í a marcaidheacht.
D'imthigh mac an Rí isteach agus d'fhiafruigheadh dho a raibh aon chéird aige agus dubhairt sé go raibh sé go maith ag cíoradh agus a bearradh caipail. Is tú a theastuigheann annseo a deir siad.
Chuaidh sé amach go dtí an stábla agus thosuigh
ball sinsearach (stair)
2023-01-14 09:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go dtuga tú chugainne annseo an Coileán Coin agus an craiceann muice a bhfuil chuile leigheas ann atá a[g] Rígh na gColumhan Órdha, agus má fhághann tú dhúinn é béarfaidh muid dhuit an chlaidhaimh soluis".
D'imthigh le mac an Rí agus é brónach go leór.
Casadh an sionnachín aríst leis agus bhí sí an díombhuaidheach dhó.
"Tá tú an-do-chomhairligh" adeir sí.
Rinne sí each dhí féin, agus chuaidh mac an Rí ar a dru[im.] D'imthigh leó go raibh siad gar dá bheith ag tighe na gColumhan Órdha.
Dubhairt sí leis a dhul isteach agus má éirigheann leat adeir sí, ná h-osgail an mála a bhfuil an Craiceann Muice thíos ann agus na buail an cluigín atá fá mhuineál an Choileáin Coin.
Chuaidh mac an Rí isteach agus fiafruigheadh dhó a raibh aon cheird aige agus dubhairt sé go raibh.
Faoi cheann cúpla lá bhí árd-meas ar mac an Rí, agus [?] fuair sé eochair chuile sheomra san teach.
Ar deire thug sé leis an craiceann muice agus an Coileán Coin, acht bhain sé an iomarca siúbhail as an gCoileán agus thosuigh an cluigín ag bualadh.
Dairigh an Rí é agus lean sé féin agus muinntir an tighe é.
"Muise cé'n sórt gaduidhe bó nó caorach thusa adeir sia[d] nó céard a bhí dúil agat a dhéanamh an coileán coin agus an craiceann muice a bhfuil chuile leigheas ann a
ball sinsearach (stair)
2023-01-13 18:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ariamh roimhe sin.
"A bhfuil aon cheird agat" adeir siad.
"Tá" adeir mac an Rí, tá mé go han-mhaith ag deasú claidheamhana.
Is tú a theastuigheann annseo adeir siad.
Thosuigh siad ag caitheamh claidheamhte aige agus budh ghearr go raibh siad chomh nua is bhí siad ariamh.
Faoi cheann cúpla lá bhí árd-mheas air, ag na Cailleacha Dubha, agus fuair sé eochair chuile sheomra san teach. D'fhan sé seachtmhain in-aoinfheacht leis na Cailleacha Dubha.
An oidhche seo thug sé leis an claidhaimh, agus bhí na Cailleacha 'na gcodhladh.
D'osgail sé an áit a raibh an chlaidheamh istigh acht bhí lochlann [!] geal ar fuaid na háite agus dhúisigh sé duine de na Cailleacha Dubha.
Dhúisigh sise an chuid eile agus lean siad mac an Rí.
"Cé'n sórt gaduidhe bó nó caorach thusa adeir siad, nó céard a bhí dúil agat a dhéanamh ár gclaidheamh soluis bhreágh a ghoid uainn."
"Muise ní gaduidhe bó ná caorach mise adeir sé, acht mac Rí ó'n Domhan Thiar, agus d'innis sé an sgéal ar fad dhóibh".
"Muise má's mar sin atá an sgéal agat-sa ní bheidh do bhás orainne", adeir siad, acht cuirfidh muide fá gheasaí thú gan an dara h-oidhche a codhladh ar aon leaba ná an dara béilidhe a itheadh aon [!] bhord nó
ball sinsearach (stair)
2023-01-12 18:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fad dhóibh"
"Muise más mar sin atá an sgéal agat-sa ní bhe[idh] do bhás orainne" adeir siad, acht cuirfidh muid fá gheasa thú .i. gan an dara béilidhe a itheadh ar aon bhord ná an dara h-oidhche a chodhladh ar aon leab[a] nó go dtuga tú chugainne annseo an chlaidhaimh soluis atá ag na Cailleacha Dubha atá san Ríoghacht ó Thuaidh.
D'imthigh le mac an Rí agus casadh an sionnach[ín?] aríst leis. Bhí sí an-díomhbhuaidheach dhó acht mar sin féin rinne sí capall dhí féin aríst agus dubhairt sí leis a dhul ar a druim.
Rinne sé amhlaidh.
Nuair a bhí siad gar de thighe na gCailleacha Dubh[a] dubhairt an sionnachín le mac an Rí a dhul isteach agus gan an chlaidheamh a osgailt nó go dtabharf[adh] sé chuice fhéin í.
"Nuair a bhuailfas tú an doras" adeir sí, fiafróchfa[idhe] dhíot a bhfuil aon cheird agat agus abair go bhfuil." "Ní fhaca siad siúd fear ariamh cheanna agus ní bheidh a fhios agat céard a dhéanfas siad leat, ach[t] bí deas cineálta leó".
D'imthigh mac an Rí isteach agus d'fhan an sionnachín taobh amuigh.
Bhí na Cailleacha Dubha an-fhiadháin ar dtús agus ní raibh a fhios acab céard a dhéanfadh siad le mac an Rí, mar ní fhaca siad aon fhear cheanna
ball sinsearach (stair)
2023-01-11 18:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
'Ó Muise' adeir an sionnachín, "ní mórán maitheasa atá san lón san agat", agus Fan istigh go dtagaidh mise isteach. Budh ghearr go dtáinic an sionnachín ar a[is] agus bhí gé mhór marbhuighthe aice. Phioc sí an ghé agus bhruith í.
Nuair a bhí an ghé bruighte d'ith mac an Rí agus [?] an sionnachín í.
Chuaidh an sionnachín amach aríst agus thug sí isteach slám luachair agus chaith sí i gcoirnéal an tighe í agus dubhairt le mac an Rí síneadh ann go maidin.
Rinne mac an Rí amlaidh.
Ar maidin d'imthigh leis an sionnachín agus le mac an Rí.
Rinne an sionnachín capall dhí féin, agus dubha[irt] le mac an Rí a dhul ar a druim, agus nach mb[eadh] siad i bhfad ag dul do'n Domhan Thoir.
Rinne mac an Rí amhlaidh, agus d'imthigh leó do'n Domhan Thoir.
Nuair a bhíodar gar de theach an Rí dubhair[t] an sionnachín le mac an Rí a dhul isteach agus má éirigheann leat adeir sí, "ná h-osgail an cása a bhfuil an téan istigh nó go dtuga tú chugam-sa annseo é."
Thug sí píosa cruadhach dhó agus dubhairt sí leis "nuair a racfadh sé isteach go bhfhiafróchfaidhe dhó a raibh an [!] cheird aige" agus dubhairt sí leis a rádh go raibh sé indhon cliabháin éanachaí a dheasú go maith.
ball sinsearach (stair)
2023-01-10 18:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a chodhladh ar aon leabaidh, ná an dara béilidh a iteadh ar aon bhord, nó go dtugaidh tú chugam-sa annseo, an cliabhán óir agus an téan atá istigh ann atá ag Rí an Domhan Thoir".
"Níor thug mise mo breith fós" adeir mac an Rí.
"Cuirm-se fá gheasa tú adeir sé a dul suas ar bharr an chaisleáin agus fanacht ann go dtagaidh mise ar ais agus punainn tuighe choirce a thabhairt leat agus an ghaoith anoir agus aniar a bheith ag séideadh air, agus gach gráinne coirce dá dtuitfidh as a bheith fastuighthe agat sul dá mbeidh sé (tuighte) tuithte ar an talamh".
"Ó, leig dhom adeir an leas-mháthair agus leigfidh mé leat agus ní iarrfaidh mé ort dul do'n Domhan Thoir chor ar bith"
Caithfidh tú na geasaí a coingbháil adeir mac an Rí mar is tú féin a thosuigh iad.
D'imthigh mac an Rí leis le dhul don Domhan Thoir agus budh ghearr gur casadh sionnachín beag leis. Labhair an sionnach leis agus d'fhiafruigh sé dhó cá raibh sé ag dul nó a bhfanfadh sé in aoinfheacht léi féin go maidin. Dubhairt sé go bhfanfadh.
D'imthigh leis an sionnachín annsin agus lean mac an rí í. Chuaidh siad suas go dtí teachín beag a bhí i leath-taobh an chnuic, agus shuidh siad síos ann.
Thosuigh mac an rí ag iteadh lóin do bhí aige.
ball sinsearach (stair)
2023-01-09 17:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tug an Rí an mac i láthair agus bhí sé bliain is fiche an tam seo.
Chuaidh an Rí amach ag fiadhach an lá seo agus bhí an mac ag dul in aoinfheacht leis nuair a d'iarr an leas-mháthair air fanacht istigh ag[us] go rachfadh siad ag imirt chártaí.
"Dubhairt seisean nach raibh sé indhon aon imirt a dhéanadh".
"Muise adeir sí nach mór an náire dhuit é, dá dtagadh (aon) daoine annseo anocht ag imirt chár[taí] agus an comhaireamh a bheith aca acht fear amhái[n] agus gan tusa a bheith indhon seasamh dhóibh." Suidh síos agus múinfidh mise dhuit é, adeir an leas-mháthair.
D'imthigh an Rí amach ag fiadhach agus chuaidh mac an Rí agus an leas-mháthair ag imirt chártaí. Ghnothuigh mac an rí an chéad chluiche.
"Tabhair do bhreith anois", adeir an leas-mháthair
"Muise cé'n bhreith a thabarfainn" adeir sé, acht tú éirghe de do chathaoir agus suidhe aríst uirri.
Ghnothuigh mac an Rí an dara cluiche freisin.
"Tabhair do bhreith anois" adeir an leas-mháthair.
"Muise cé'n bhreith a thabharfainn" adeir sé.
Ghnóthuigh an leas-mháthair an tríomhadh cluiche.
"Tabhair do bhreith anois", adeir mac an Rí.
"Muise ní beag dhuit-se a thúisge" adeir sí. "Cuirm-se fá gheasaibh thú gan an dara h-oidhche
ball sinsearach (stair)
2023-01-08 11:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Stail Uí Dhúgháin.
Bhí Rí ann aon uair agus bhí mac amháin aige. Cailleadh a bhean nuair a bhí an mac cúpla bliain agus chuir an Rí an mac go dtí a shean-mháthair le aire a thabhairt dhó.
Phós an Rí an dara huair.
Lá amháin chuaidh sé amach ag fiadhach agus d'fhága sé a bhean istigh.
Tháinic bean feasa isteach go dtí a bhean agus d'fhiafruigh sí dí cé'n fáth gur phós sí baintreabhach.
"Ní baintreabhach atá pósta agam," adeir sí.
Seadh, adeir an bhean feasa agus tá mac leis ag a shean-mhátair le fada agus thug sí aire dhó, ó bhí sé 'na pháiste.
D'imthigh an bhean-feasa annsin.
Nuair a tháinic an rí isteach dubhairt a bhean leis go mba baintreabhach a bhí ann. Dubhairt seisean nár bheadh acht dubhairt sise gur bheadh mar go raibh mac leis ag a shean-mháthair. D'innis an Rí annsin dhí gur baintreabhach a bhí ann.
Dubhairt sí nach níosfadh sí aon greim nó nach nólfadh sí aon greim nó go dtugadh sé an mac i láthair.
Dubhairt an Rí nach dtabharfadh acht béigin dhó é do dhéanadh.
ball sinsearach (stair)
2023-01-07 10:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ag teacht é, Chuaidh sé i bhfolach air. Tháinig an buacaill isteach agus d'iarrfaidh sé de'n bhean ce'n áit a raibh an mháigistir
"Níl fhios agam", arsa an bhean. "Mar a bhfuil fhios agad-sa air, is gearr (fios) go mbéidh fhios agam-sa air", arsa an buacaill agus d'oscail sé doras an t-sheomra. Bhí an máigistir thiar ann agus gheall sé don bhuachaill go ndéanadh sé gach rud a d'iarrfaidh se air. Anois arsa an buachaill báth do bhean féin agus pós mo mháthair-sa. Tá go maith arsa an fear agus chuaidh go dtí an abhainn le haghaidh a bhean a bháthadh acht thuit an bheirt aca san abhainn agus báthadh iad.
Bhí an teach agus an talamh ag an mbuachaill agus ag a mháthair.
ball sinsearach (stair)
2023-01-06 18:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tabhair aire do na caoirigh sin amuigh agus ná leig d'aon mhactíre íad a mharbhu arsa an fear.
Chuaidh an máighistir amac in-éinfheacht leis an mbhuachaill agus thusbáin dó an áit a raibh na caoirigh. Ní raib an fear ibhfad imtighthe abhaile nó go dtáinig an mactíre agus mharbhuigh an buachaill é agus thug sé isteach marbh ag an bhfear é. "Is tusa an buachaill is feárr a bhí agam ariamh arsa an fear", act téirigh amach anois agus tabhair isteach trí cinn de na beithidigh fiadhaine atá san gcoill. Chuaidh sé amach agus b'fada go dtáinic sé isteach agus iad aige.
Téirigh soir don domhan shoir agus tabhair anoir an ceann atá ar thigh na bhfathach.
Chuaidh an buachaill soir agus b'fada go dtáinic sé aríst agus ceann tighe na bhfathach aige.
Nuair a tháinig sé isteach bhí litir sgríobhtha ag an bhfear roimhe agus dubhairt se leis an mbuachaill í thabhairt soir aca freisin. Tug sé soir í agus nuair a léigh siad í dubhairt siad leis go raibh an mháighistir ag iarraidh é mharbhú, agus an bhfuil sibh ag dul mo mharbhú arsa an buachaill, níl muid arsa ar siad san, acht teirigh abhaile anois agus marbhuigh an máighistir é féin. Tá go maith arsa an bhuachaill agus chuaidh sé go dtí teach an mháigistir. Nuair a chonnaic an máigistir
ball sinsearach (stair)
2023-01-05 18:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgeal
Bí bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aice. Bhi sé bliadain is fiche d'aois agus níor éirigh sé as an gcliabhán ariamh agus níor labhair sé aon fhocal cainnte. Tháinigh bean isteach lá agus dubhairt sí da (bead) bhféadfaidhe a dhinnéar a choinneál uaidh go ceann cupla lá go labhróchadh sé. Níor tugadh dó go ceann cupla lá agus sa deireadh d'iarr sé a dhinnéar agus ar bpoinnte agus tháinig cainnt dhó. D'éirigh sé as an gcliabhan freisin agus bhí sé comh h-árd is go racadh sé ó'n mbinn shoir de'n teach go dtí an bhinn thiar. Annsin dubhairt sé lé na mháthair go raibh an teach ro-bheag agus gcaithfidís imtheacht as. An lá ina dhiaidh sin dimigheadar agus bhíodar ag imhtheacht leo no go dtáinig siad go dtí teach mór. Bhuaileadar an doras agus leigead isteach iad. Dubhairt an buachaill go raibh sé ar lorg máighistir. Tá go maith arsa fear an tighe "fan thusa annseo acht caithfidh do mháthair imtheacht" nó ní bhéid aon nídh le n-iththe aice annseo. "Tiubhradh mise cuid de mo dhinnéar féin dí", arsa an buachaill Ta go maith arsa an ear féadfhaidh an bheirt agaibh fanacht annseo mar sin. Ac Ce'n obair a bheas le déanamh anois agam arsa an fear. Téirigh amach agus
ball sinsearach (stair)
2023-01-04 18:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
íoc mé ar ais ariamh é agus tháinic mé ais [!] anois lé rádh leat-sa an cliabh fataí a íoc ar ais.
"Iocfadh mise ar ais é sin arsa an bhean nó muna níocfhadh íocfhaidh mo dheirbhshúir ar ais é,"
Na bac lé do dheirbhshúir," arsa an fear ach dean thú fhéin é
Leis' sin dimthigh an fear agus ní fhaca an bhean ní ba mho é
Deirtear gur sgeál fior é seo thárla sé i dteach éigin idir Leitir-Mór agus Eanach-Mheodhan
An bean a chonnaic é tá sí beo fós
ball sinsearach (stair)
2023-01-03 18:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí fear ann fadó agus fuair sé bás.
Bhí a dheirbhshúir in a comhnuidhe í dteach lé féin ach an fear seo in a chomhuidhe [!] leí sul a bhfuair sé bás
Nuair a fuair sé bás níor mhair aoinne lé na dheirbhshúir
Níor raibh aon oidhche ó cuireadh an fear seo nár airigh a dheirbhshúir rud éigin ag an an [!] doras ar nós mada ag ní leigfhadh sí isteach é nuair a fosgluigeadh an doras agus seo isteach cuice a dreáthair a bhí básuighte leis an fad úd, agus é ag cur fola.
Bhí fuil ar a chosa agus ar a éadan agus ar a lámha.
Bhí sé go díreach mar a bhí sé nuair a fuair sé bás.
"Nach dtagadh mada annseo agatsa chuile oidhche arsa an fear," "Thagadh", arsa an deirbhshúir.
Sin é an mada a stróic mise ó chéile arsa an fear.
Ní raibh aon bhróga ar an bhfear ach an oireadh.
Sé an fáth a dtáinic mise annseo arsa an fear "Nuair a bhí mise ar an saoghal ghoid mé cliabh fataí o'm m'olcail agus níor
ball sinsearach (stair)
2023-01-02 16:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal faoí Shinéad Ní Sheacsannaigh
Bhí bean ina comhnaidhe i Leitir-móir fado dár m' ainm sinéad Ní Sheacsannaigh.
Bhí sí pósta le dearbhráthair de Phroinsias Ó Flathartaigh.
Bhí sí sgatham ina comhnaidhe i nGarumna. Ní as an tír seo a tháinic sí chor ar bith ar dtús.
Bean an-ghrádh diamhail a bhí intí. Déanfadh sí arán agus leagfhadh sí taobh amuigh ar an bhfuinneóg é agus cead ag duine ar theastuighead sé uaidh a thabhairt leis.
Bhíodh sí ag tabhairt sail de na daoine freisin. Sa deire thug sí faoí deara nach mbíodh na daoine ag cur ná ag déanamh tada act gach rud a bfághdís a glacadh.
(Níl) Sén áit a raibh an teach aice san áit a bhfuil teach na nGárdaí faoí láthair. Bhíodh an-cháill uirthí ar feadh i bhfad.
Níl fhios agam cén áit ar cailleadh í.
ball sinsearach (stair)
2023-01-02 10:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí bean ann fadó agus bhí aon mac amháin aice. Níor chuir sé aon chois faoí ó rugadh é.
Sén áit a raibh siad ina gcomhnaidhe thiar i Leitir caladh.
Ní raibh fhios aice cén chaoí a leigeasfhadh sí é. Bhídís a rádh go mbíodh leigheas ag na sagairt fadó.
An lá seo dubhairt sean-bhean éicint lei a dhul go dtí an sagart agus nach n-éiteóchadh sé iad.
Ba é an t-Athair Eibhistín a bhí ins an áit seo an t-am sin.
Chuaidh sí féin agus an gasúr go dtí an sagart thosuigh sé ag léighteóireacht os a chionn go ceann tamall maith
Faoí ceann sgatham déirigh an gasúr ina sheasamh agus shiubhal sé. amach an doras Bhí sé sa mbaile i dtosach ar a mháthair.
Ba deirbhshiúr de Thomás Mac Giolla Gairibh í.
ball sinsearach (stair)
2023-01-01 10:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí bean ann fadó agus bhí aon mac amháin aice. Níor chuir sé aon chois faoí ó rugadh é.
Sén áit a raibh siad ina gcomhnaidhe thiar i Leitir caladh.
Ní raibh fhios aice cén chaoí a leigeasfhadh sí é. Bhídís a rádh go mbíodh leigheas ag na sagairt fadó.
An lá seo dubhairt sean-bhean éicint lei a dhul go dtí an sagart agus nach n-éiteóchadh sé iad.
Ba é an t-Athair Eibhistín a bhí ins an áit seo an t-am sin.
Chuaidh sí féin agus an gasúr go dtí an sagart thosuigh sé ag léighteóireacht os a chionn go ceann tamall maith
Faoí ceann sgatham déirigh an gasúr ina sheasamh agus shiubhal sé. amach an doras Bhí sé sa mbaile i dtosach ar a mháthair.
Ba deirbhshiúr de Thomás Mac Giolla Gairibh í.
ball sinsearach (stair)
2022-12-31 10:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Lá amháin chuaidh sí go dtí an sgoil agus nuair a tháinic sí abhaile bhí droch sgéala roimpe.
Bhí a máthair básuighthe agus bhí fhios aice go maith cen saoghal a bhí in dhán dhí uaidh sin amach. Bhí sochraide mór uirthí Bhí daoine go leór ann as gach áit.
Nuair a bhí sí bliadhain cáillte phos an t-athair aríst agus shil an inghean go mbéa[dh] droch shaoghal aice fhéin uaidh sin amach.
Bhí páiste ag bean an fhir ní bhíodh saoghal chomh breágh ag an leas inghean uaidh sin amach.
Lá amáin bhuail an leas-mháthair í agus d'imthigh sí leí go dtí a sean mháthair. agus dinnis sí a sgéal dhe.
Dímthigh sí féin agus a leas-mháthair leí go dtí an teach.
Mharbhuigh siad an leas mhathair agus a h-inghean ní raibh fhios cé a mharbuigh iad.
Chuaidh sí féin agus a inghean abhaile annsin agus iad sásta go maith leó feín.
ball sinsearach (stair)
2022-12-30 10:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
maghadh faoí. "Tabhair dhom ceánn aca," 'deir sé.
Thug an buachaill siopa ceánn dhó agus d'íoc sé é.
Bhí sé sásta leis an saoghal anois agus dfhill sé ar ais abhaile
Nuair a bí sé ag treasnú na gcnoc ar an mbealach abaile thuit an crúsga uaid agus briseadh é. San ám ceádhna d'eirig girrfhiadh amach as tom agus cheap mo duine gur as an gcrúsga a d'eirig sé agus gur capall óg a bhí ann.
Thósuig sé ag béicigh agus ag sgreadach agus ag rádh dhá mbeadh sí sin aige go mbeadh an capall ba luaithe i gConnamara aige. Cuaidh sé abhaile annsin agus níor labhair sé ó shoin ar an mbaile mór.
ball sinsearach (stair)
2022-12-29 10:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí buachaill óg in a chomhnuidhe i gConamhara fadó agus ní raibh mórán céille ag mo dhuin[e] bocht.
Chuala sé cainnt ar Ghaillimh go minic agus dar leis féin cheap sé go mba cheart dhó fhéin a dhul ag breathnú ar an mbaile mór.
Amach leis í gcoca féir agus rinne sé súgán-seic dhó fhéin agus chuir sé ar a chapall é agus bhuail sé fhéin a' marcuidheacht uirthi agus thug sé a agai[dh] ar Ghaillimh.
Níor bhfhios dhom c'én t-achar a chaith sé ar an mbealach, ach shroich sé an baile mór uair éigin san lá.
Ar nóigh bhí mo dhuine bocht iongantach agus [?] na tíghte móra a chonnaic sé agus sheas sé suas ar an mbóthar ag breathnú in a thimcheall.
Ba geárr go dtáinic gárda agus tug don bhóthar é as an mbealach.
Chuir sé an chapall isteach í stábla éigin agus chuaid sé isteach í siópa.
Chonnaic sé crúsgaí móra ann agus d'fhiafruigh sé don bhuachaill siopa céard a bhí ionnta. "Uibheacha capaill," arsa an buachaill siopa ag
ball sinsearach (stair)
2022-12-28 10:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní bh'fada a bhí sé ann gur chuala sé an sean-fhear bocht dhá mharbhú ag a bhean fhéin agus fear eile.
An tríomhadh oidhche bhí sé san mbaile aige fheín. Bhí a mhuinntir in a gcodhladh roimhe, agus isteach leis. Las sé solus agus chonnaic sé fear agus bean ar an leaba.
Rug sé ar an dtuaigh go mbuaileadh sé an fear eile ach chuimhne sé ar an gcomhairle a fuair sé agus d'fhan sé go maidin.
Nuair a dhúisigh an bheirt chonnaic siad an fear agus d'aithnigh siad é agus bhí fáilte mhór aca roimhe. Gheárr siad amach an cáca agus céard a bhead isthigh ánn ach a páighe.
Bé sin an uair a dinnis an fear dhóibh i dtaobh na gcomhairlí agus an chaoí ar shábháil siad a anam dhó.
D'fhan sé san mbaile uaid sin amach agus chaitheadar an chuid eile dá saoghal faoí sheán agus faoí rath agus mara raibh an tádh ortha ní raibh sé orm-sa.
ball sinsearach (stair)
2022-12-27 09:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
faoí. Rinne bean an tíghe cáca mór agus péire cácaí beaga agus thug sí dhó lé haghaidh an bhóthair iad. D'ith sé an péire bheag ar an mbóthar ach níor bhlas sé don cheánn mhór.
An chéad lá ar raibh sé ar an mbóthar casadh fear siúbhail leis.
Shiúbhail an beirt tamall an bóthar go dtáinic siad chomh fada lé coill.
Tar liom-sa an bealach seo arsa an fear siúbhail tá cosán ann agus rachaidh muid amach ar an mbóthar arís. Chuimhnigh an sean-fhear ar an gcomhairle a cuireadh air agus níor bhac sé leis an bhfear siúbhail.
Mar sin d'imthigh chaon duine aca ar a mbealach fhéin. Ba geárr a bhí siúbhalta ag an sean-fhear nuair a chuala sé an fear siúbhail ag sgreadach agus é dhá mharbhú.
Bhuail mo dhuine a chroidhe annsin agus é lán tsásta lé na chomhairle. Shiúbhail sé leis annsin go raibh an oidhche ag teacht agus chuaidh sé isteach i dtig beag ar leath-taobh an bhóthair.
Ní raibh ann ach sean-fhear bocht agus cailín óg agus fuair sé loísthín ann.
D'fhiafruigh an lóistéara d'fhear an tíghe an í sin a inghean agus dúbhairt sé narbh í ach a bhean. Chuimhnigh an fear bocht a [!] an gcomhairle a cuireadh air agus d'éirig sé in a sheasamh agus amach leis agus luighe sé síos í gcoca féir amuigh san bpáirc.
ball sinsearach (stair)
2022-12-26 10:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal
Bhí comhludar beag na' gcomhnuidhe uair amháin í náit éigin san tír seo agus bhíodar an-bhocht.
Lá amháin dúbhairt an tathair go gcaithfheadh sé a dhul ag saothrú a bheatha, agus mar sin d'fhagh sé a bhean agus a mhac san mbaile agus d'imthigh sé leis.
Ba geárr a bhí siúbhalta aige nuair a casadh fear leis a bhí ar thóir buachaill aimsire agus chuaidh mo dhuine leis. Thaithnigh an áit leis maith, agus ní raibh aon chainnt aige corruigh as.
Bhí sé go díreach mar bhí Oisín i d-Tír na nÓg níor airigh sé an tám ag dul thart, nó go raibh sé chúig bhliadhna déag ánn.
Sin é an tám a chuimhne sé ar a pháighe agus ar a bhaile, agus ar a comhludar agus dúbhairt sé lé fear an tíghe go raibh sé lé dhul abhaile.
Chuir fear an tíghe ceist air mar seo:--
cé a bfheárr leat anois do pháighe ná trí chomhairle a chuireas mise ort; cheap an sean-fhear go mhaith an rud á an chomhairle agus thóg sé í.
Seo iad iad arsa fear an tíghe:--
Más cám nó díreach é an ród tá an contabhairt mhór san aith-giorra. Ná fan in aon teach go deo, a mbeidh cailín óg pósta ag sean-fhear ann, agus ná déan aon rud san oidhche a mbeidh aithmhéala ort ar maidin
ball sinsearach (stair)
2022-12-25 09:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
isthigh gur chuir sé cogadh ar bhean an tíghe. D'éirig an bheirt agus bhíodar ag lascadh a chéile go míllteach, nuair a tharraingh mo dhuine an tslaitín ó na chóta agus buaileann i gceart lár an éadan í, agus thuit sí mín marbh faoí na chosa.
Is annsin a labhair an tslat agus dúbhairt, "rinne mise an cleas ceádhna lé do bheirt dreáthbhair fhéin.
Amach leis agus bhuail buille d'en tslat orraibh agus d'eirigh siad suas in a "bhfir,"
D'éirigh an bheirt suas agus shiúbhail an triúr abhaile lé chéile agus chaith siad an chuid eile dá saoghal fá sonas agus faoí seán lé chéile.
ball sinsearach (stair)
2022-12-25 09:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí triúir mac aice. Dúbhairt an mac dob oige lá go raibh sé in ám aige fhéin imtheacht ag saothrú a bheatha. D'imthigh leis lá ar na bháireach agus bhí sé ag siúbhal go raibh an oidhche ag teacht agus an lá ag imtheacht, go bhfaca sé solus í bhfad uaid agus ní i ngar dhó agus rinne sé air.
Ní raibh ins an teach ach sean-bean agus fuair sé loístín na hoidhche ann.
Nuair a bhí an suipéar itthe aca d'iarr an sean-bhean ag cor-chorruigheacht é.
Dúbhairt seisean nach rachfhadh, act tharraingh sí amach é, agus rug an bheirt ar a chéile.
Bhí seisean ag fágail an cheánn a bfheárr uirthi nó gur bhuail sí buille d'en tslat draochta air agus rinne cloch aoil dhe agus chaith amach san bpáirc é.
Nuair nach raibh aon sgéala ag teacht ó'n gcéad mhac, dúbhairt an dara mac go gcaithfheadh sé fhéin a dhul ar lorg a bheatha
Mar sin d'imthigh leis go moch ar maidin agus bhí sé ag siúbhal go máll tráthnóna gan teach nó duine dhá chastaíl leis.
Bhí an oidhche ag teacht agus an lá ag imteacht, agus san deire chonnaic sé solus beag í
ball sinsearach (stair)
2022-12-25 09:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhfad uaid agus ní í ngar dhó, thriall sé air go deifireach.
Bhuail sé isteach agus d'iarr sé dídion na hoidhche agus fuair sé sin.
Ní raibh san teach ach sean-bhean agus cat.
Go domhain amach san oidhche d'éirigh an tsean-mhnaoí in a seasamh agus chuir gotha troda uirthí fhéin. B'éigin d'en loístéoir eirige agus a dhul ag cor-corruigheacht leithe.
Bhíodar mar sin ar feadh í bhfad ach san deire buail an tsean-chailleach leis an tslaitín draochta é agus rinne cloch aoil dh'e agus chaith amach san bpáirc é leis an gceánn eile.
Ar feadh an áma seo bhí an mac ba sine ag éirige mí-fhoideach agus d'innis dhá mháthair sin. Chuir a mháthair comhairle air, agus ba í seo an chomhairle, "Is cuma c'en teach rachfhas tú ann ach breathnuigh faoí an mbárr doras ag teacht isteach dhuit.
Shiúbhail leis annsin gur bhuail sé an teach céadn[a] a dtáinic an bheirt dreáthbhair ann bliadhain roimhe seo.
Ar dhul isteach doras an tíghe dh'e bhrethnuigh sé faoí an mbárr-dhoras agus fuair sé slaitín-draochta ann.
Chuir sé faoí na chóta é agus shiúbhail leis isteach san teach. Ba geárr a bhí sé
ball sinsearach (stair)
2022-12-24 09:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a chualadh an leas-mháthair an sgéal sin is beag nár cailleadh í leis an olc.
Ní raibh fhios aice cén deis a b'feárr dí le h-aghaidh í a chur chun báis. Dimthigh sí feín agus a h-inghean go dtí teach an Ríogh. Níor leigeadar orrtha féin gur b'iad a bhí ann chor ar bith.
Bhí inghean óg ag bean an Ríog óig agus bhí sé féin imthighthe leis ag fiadhac agus ní raibh aon duine istigh act iad féin. Marbhuigh siad an páiste uirthí agus dimthig siad abhaile annsin. Rinneadar an cleas cheana leis an bpáiste eile agus dubhradh go ise a mharbhuigh é. Bhí siad le haghaidh í a lasadh i mbairrile teara. An lá a raibh sí ag dul dhá lasadh bhí go leór daoine ag breathnú uirthí. Leigeadar saor í sa deire agus sí an leas mháthair a lasadh. Mhair sí go maith uaidh sinn amach.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-12-23 15:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí bean ann fadó agus bhí sí pósta le mac Rí.
Bhí aon inghean amháin aice. Bhíodh an-chion (aige) aice uirthí Ba geárr gur cailleadh an mháthair agus ní raibh aon saoghal breágh aice uaidh sin amach.
Ní raibh an bhanríoghan acht bliadhain cáillte nuair a phós an Rí aríst. Ní raibh siad i bfad pósta nuair a ghlac sí gráin uirthí. Bhíodh sí dhá bualadh go trom gan údar ar bith. Ba geárr go raibh inghean eile aice féin agus ní bhíodh sí dhá bualadh chor ar bith. Lá dár bhuail sí í dimthigh sí lei in aghaidh a cinn roimpe nó go dtáinic sí go dtí tornóg aoil. Ba geárr gur casadh mac Rí dhe. Dfiafruigh sé dhe an bpósadh sí í agus dubhairt sí go bposfadh.
Dimthigh siad leó nó go dtáinic siad go dtí an chúirt. Thaithnigh sé sinn go maith leis an ríogh nuair a chonnaic sé iad. An lá ar phós siad bhí banais bhreágh aca go ceann seachtmhaine.
Thug an Rí leath a Ríogact dhoibh agus an leath eile nuair a gheobhfhadh sé féin bás.
Thaithnig an cainnt sinn go mór leis an mbeirt. Bhí an Rí an-tsean agus bhí fhíos ag an mach go mba geárr go bfághadh sé bás. Nuair a fuair sé bás dfág sé an leath eile aige annsin. Cuireadh go maith an Rí Bhí an-cumhadh ag an mac in a dhiadh.
ball sinsearach (stair)
2022-12-22 09:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal An Dá Rí.
Bhí dhá Rí ann fadó agus bhí duine aca ina Rí ar Chonnact agus ceann eile ina Rí ar Chúige Mumhan. Bhí ingean ag Rí Chonnact agus d'iarr an Rí eile í le pósadh.
Ní raibh aon fhógham ar an Rí í a thabhairt dhó le pósadh mar ba protastúnach a bhí ins an Rí. Dubhairt an Rí a bhí ar Chúige Mumhan go marbhócha[dh] sé é féin agus a inghean mar a bpósadh sí é. Bhí an-fhaitchíos ar an Rí roimhe. Sa deire thug sé dhó í le pósad. Bhí triúr cailíní ag Rí Chonnact agus dubhairt duine aca go n-imréocadh sí cleas ar an Rí le h-aghaidh an cailín a leigint saor.
Lá na bainse chuir duine aca nimh ar an gcúpan don phrotastúnach agus chomh luath agus a d'ól sé an tae (ag) cailleadh é.
Annsin bhí an cailín saor ón Rí agus dfan sí sa mbaile in-éinfheact le na h-athair.
ball sinsearach (stair)
2022-12-22 09:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
í féin ann anoct agus dubhairt siad nach leigfeadh.
Dimthig siad leó go dtí an céol lá ar na bhárac. Ba geárr go dtáinic an tsean-bhean go dtí aríst agus thug sí éadach agus bróga dhe.
Rinne sé cailín den chlog agus each den chat.
Dimthig sí léi go dtí teach an cheóil agus níor aithne duine ar bith í. Nuair a bhí sí ag dul abhaile thuit an bhróig dhí agus fuair mac an Rí í.
Diarr sé de gach duine an dtiocfhadh an bhróig ortha acht ní raibh sí ceart ag aon duine.
Chualadh an Rí go raibh a leithid seo go bhean bhreág ann. Chuir sé sgéala go dtí í tháinic sí i láthair agus bhí an bhróig ceart aige. Phós sí féin agus mach an Rí agus mhair siad go maith uaidh sin amach.
ball sinsearach (stair)
2022-12-22 09:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí triúr inghean aige Ba gheárr gur cailleadh an mháthair orra.
Ní bhíodh an bheirt deirbshiúr eile ag tabhairt ceart ar bith don deirbhshiur eile.
Ní bhíodh snátha de na seact n'éadaigh uirthi. Bhí ceól le bheith i dteach mór an oidhche seo agus diarr sé an leigfidís í féin chuig an gceól agus dubhairt siad nach leigfeadh.
Dimthigheadar leó annsin go dtí teach an cheóil. Ní raibheadar i bhfad imthighthe nuair a tháinic sean bhean isteach go dtí í. Thug sí culaith bhréagh éadaigh dhe agus bróga gloine.
Bhí draoidheacht mhór ag an tsean mhnaoí. Bhuail sí buille dhá slataín draoidheacta ar an gclog agus rinne sí each dhe. Dimthigh sí léi go dtí teach an céoil nuair a tháinic sí isteach níor aithne duine ar bith dhá raibh ag an gceól í.
Níor fhan sí ann act go dtí an dó-dhéag. Annsin d'imthig sí abhaile. Bhí sí sean-tuirseach san mbaile roimh an bheirt eile.
Nuair a tháinic siad abhaile bhain siad an t-éadach dhí agus na bróga.
Dubhradar go raibh bean bhreágh ag an gceól anoct agus diarr sí dhiobh an leigfidís
ball sinsearach (stair)
2022-12-21 18:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Caith an sean-fhear fanact san teach in-éinfeact leis an sagart an oidhche sin.
ball sinsearach (stair)
2022-12-21 18:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Chuala mé sgéal faoí shidheóg a bhí dhá fheiceál shiar ag an gCaladh Beag tá sé taobh de teach Sgoile Leitir-Móir.
Oidhche amháin bhí Tomás Mac Ghiolla Gairibh agus an sagart ag dul siar go Leitir-Caladh ag cuir an ola ar fhear.
Bhí sé i bfad amach san oidhce agus bhíodh sé ráidthe go mbíodh taidbhse dhá fheicéal shiar ag an gCaladh Beag an tam sin.
Bhí siad aniar ag an gCaladh Beag nuair a d'airigh siad slabhra thíos ins an gclada[ch] agus tháinic faitchios ar an (sg) sagart act níor tháinic faitchios ar bith ar an bfear. Sheasadar go ceann sgatham ag féacaint an bfeicfídís tada act ní fhaca. (act) Bhíodís ag aireactáil ar rud i gcomhnaidhe.
Bíodh daoine dhá rádh nach mbíodh faitchios ar bith ar shagart fadó.
Bhiodar an-tuirseach agus shuidheadar síos le na sgithe a leigint. Tháinic an-faitchios ar an sagart. Thosuigh an sagart ag urnaighe agus ag leigheam. Sa deire bhíodh an rud ag teact agus ag imtheact.
Dimthig an (rud) fear agus an sagart abhai[le] agus a dhothain faitchios ar an sagart.
ball sinsearach (stair)
2022-12-20 18:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag teact anoir as (ble) Baile Átha an Ríogh. Bí sé i bhfad amach san oidhche ní raibh aon duine lé feiceál aige.
Ní raibh sé i bfad anóir nuair a d'airigh sé rud éicint ag siubhal na dhiadh.
Imthigh a dubhairt an fear leis agus dubhairt sé nach n'intheóchadh.
Bhí an fear ag ceapadh gur'b é an diabhal do bhí ann. Tháinic faitchios ar sa deire. Ní raibh páidirín ná sgabal ná tada beannuighthe ar an bhfear le h-aghaidh é féin a choisreacan.
Bhí (fa) asal aige freisin. Sa deire chuimhnigh sé ar féin agus sgar sé a dhá láimh amach ar an gcroich Chéasta do bhí ar an asal mar bhí an t-asal beannuighe ariamh. Chomh luath agus a leag d'imthigh sé uaidh isteach go dtí teach sgoile Bhéal an Daingin.
Is fear as an Sgonsa do bhí ann.
Tá sé ráidthe go mbíodh an diabhal le feiceál ann.
ball sinsearach (stair)
2022-12-19 18:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aríst í. Dubhairt sé annsin go mbainfheadh sé an clár de'n chomhnra. Bhain sé an clár dhe agus ní raibh innte ach sguab fhraoch. "Cá bhfuil an drifiúr anois no an í an sguab seo í." Thugadar an fear ag an teach leó. D'iar[r] an fear an dreabhthair ba sine chuig a theach go dtasbáinfea[dh] sé a dhrifiúr dhó. Dubhairt sé nach rachadh. D'iarr sé an dara mac agus dubhairt sé nach rachadh. Dubhairt an mac do b'óige leis go rachadh sé fhéin in-éinfheacht leis. Fuair sé an capall agus d'imthigh an bheirt aca ag triall ar an teach. Bhí sé ag tuitim na h-oidhche, nuair a bhí siad ag teacht ingar do'n teach. Bhí an drifiúr na seasamh sa doras. Thuit an dreabhthair nuair a chonnaic sé í. Tháiniceadar isteach. Réidhtigh sí biadh agus deoch dóibh d'óladar agus d'itheadar a sáith. Nuair a bhíodar réidh d'iarr an dreabhthair abhaile í. Dubhairt sí nach rachadh mar a dtiocfhadh an fear a shábháil í in-éinfheacht léithe. D'iarr sé cead ar a athair thug an t-athair sin dhó. D'imthigheadar annsin. Chuaidh an bhean ar an gcapall in-éinfheacht leó. Tháinic siad go dtí an teach cuireadh fáilte rómpa; Tháinic na comharsanna uilig ag breathn[uigh] uirre. Tháinic an fear a bhí ag dul dhá pósadh cheana agus d'iarr sé ar an athair aríst í. Dubhairt sé nach dtiubharfhadh sé d'aon fhear í ach an fear a thug uaidh na sídheóga í.
ball sinsearach (stair)
2022-12-18 10:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
eochair agus chuaidh sé amach agus d'osgail sé an doras agus chuaidh sé isteach ann. Chonnaic sé comhnra leagtha ar an urlár sgannruigh sé nuair a chonnaic sé í. Chuir sé an glas ar an doras arís agus chuaidh sé isteach abhaile. Bhí an mac na shuidhe roimhe D'iarr an t-athair dhe a bhfacaidh sé rud ar bith aréir agus dubhairt sé nach bhfacaidh. Chuir an mac ar a bhróga agus chuaidh sé amach sa sgioból. Chuaidh sé anonn go dtí an chomhnra agus bhain sé an clár dhe. D'fhiafhruigh sé den bhean a bhí innte a raibh sí na codhladh agus dubhairt sí nach raibh. Dubhairt sé lei éirighe suas. Rug sé ar ghualainn uirthe agus thug sé isteach abhaile í. Chuaidh sí siar sa seomra nó go raibh an bricfeasta réidh. Tháinic sí aniar annsin Dith sí agus d'ól sí a d'óthain. Nuair a bhí sí réidh dubhairt an mac lei a dhul abhaile go dtí a h-athair agus a máthair agus dubhairt sí nach rachadh. Dubhairt an mac léi go rachadh sé fhéin ann agus dubhairt sí leis go bhféadfadh sé. Thug sé leis an capall agus d'imthigh sé leis nó go dtáinic sé in gar do'n teach. Chonnaic sé an corp agus an t-sochraide ag dul soir an bóthar. Tháinic sé anuas de'n chapall agus d'fhágaidh sé san bpáirc é. D'fhiafruigh sé de na fir a leigfheadh siad faoí an gcorp go ceann tamaill é agus dubhairt siad leis go leighfheadh. Chuaidh sé faoí an gcorp agus nuair a bhí sé tamall fútha bhuail sé anuas faoí an mbóthar í, rinne sí torann mór. Bhí faithchios ag cuid aca roimhe. Bhí siad ag ceapadh gur taibhse a bhí ann. Chuaidh sé fútha aríst agus ní túisge a bhí sé fútha ná chaith sé anuas
ball sinsearach (stair)
2022-12-17 10:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag dul ag pósadh inghean feiliméara. Bhí spré mhór le fághail aice.
An oidhche seo bhí sé fhéin agus í féin ag damsa ar an urlár. Thuit sí agus gortuigheadh go mór í. Níor dhubhairt aoinne Dia linnis [!] Muire lei nuair a thuit sí. Lá'r na bháirach fuair sí bás. Nuair nach dhubhairt aoinne tada lei nuair a thuit sí tugadh ins na sídheógaibh í.
Bhí fear óg ag siubhal an bóthar oidhche agus chonnaic sé comhnra ag dul soir roimhe an bóthar agus triúr fear ghá iompar agus nuair a bhíodar ag droichead leagadar an chomhnra anuas ar leath-taobh an droichid. Tháinic an fear go dtí iad agus dubhardar leis an chomnra a thabhairt thar an droichead dhóibh. Dubhardar fhéin leis go dtiocfadh siad in-éinfheach[t] leis agus dubhairt sé leó nach dtiocfhadh. Thug sé leis an chomhnra agus chuir sé ar a dhruim í agus thug sé thar an droichead í. Bhí crois ar an droichead agus níor fhéad na triúr fear a dhul thairis mar ba sídheóga a bhí ionnta. Thug an fear leis abhaile an chomhnra agus chur sé isteach sa sgioból í agus chuir sé an glas air go maidin. Chuaidh sé isteach abhaile agus chuaidh sé a chodhladh. Ba é an t-athair an chéad duine a d'eirigh ar maidin. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé doras an sgiobóil dúinte agus ní raibh fhios aige cé'n fáth a raibh an glas ar. Chuaidh sé isteach abhaile agus thug sé leis an
ball sinsearach (stair)
2022-12-16 18:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ghnotactail ar a chéile an lá sin. Sa tratnóná bhí an cuplá acha tuirseach. Rinne an león mor eile fear dhí fhéin agus thánaigh sé abaile ag teachain na baintrighe agus é an-tuirseach. Lár na bhaireach dimtigh sé leis arist san aith a raib an león mór. Chuimnigh sé air an leon-mór agus cuaidh sé féin agus é fhéin ag troidh agus ni raib an bhuaidh ag ceactar aca sa tratnóna. Cuaidh an fear abaile arist agus é go tuirseach tairnigh. Dhith sé a shuipear annsin agus chuaidh sé chodladh. Dubairt an n-ingean le na matair annsin go leanfadh sé é. Lean sé lear na bhaireach agus chonnaich sí ag déanam fear dhí fhéin é agus ag ionsuidhe an leoin eile. Bhí siad ag troid go raib sé na meadhon lae agus annsin bhí an leon eile ag fagáil an cheann a bhfearr air. Annsin dubairt an león eile dhá bfuighead sé féin buidheal o'n na leitidh seo dé thobhar go marbuigeocadh sé é. Nuair a cualadh sise é sin thugh sí aige an buidheal agus níor sheas an león eile dhá noimeadh dhó. Rinne sé fear do féin annsin agus doscail sé an león mór agus fuair sé an nubh. Rinne sé seabach dho féin annsin agus dimtigh leis no go dtánaigh se ag an teach. Chonnaich sé an fatach mór ag teacht cuighe agus chaith sé an n-ub leis agus mharbuigh sé é. Bhí an bean aige ar an n-oileán annsin agus biodar go bfuair siad bas.
ball sinsearach (stair)
2022-12-15 18:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a dhéanamh dhí féin agus a dul ina roga aith. Dimthigh sé agus rinne sé seabach dhó fhéin agus ghread sé leis Chonnaich sé teach thíos faoí agus disligh sé anuas agus bhreathnuigh sé isteac tridh an bfuinneogh agus connaich sé an bhean istigh a bhí aige ar an n-oileán. Rinne sé dréolán teasbuigh dhó fhéin agus cuaidh sé isteac tré pholl a bhí ar an dorás. Rinne sé fear dhó féin istig. Chraith an bhéan laimh leis agus dubairt sé go b'é an bosca cipiní sólais a thugh sé as Eirinn a dfag i féin ag an bfatach mor arist. Dfiafruigh sé dhí an bfeidir é chur un bais ar aon bhealach. Dubairt sé dhá bfeadfadh sé a anam fhaghail go bfeadfad é achur un bais. Ní bhíod an bean ag labairt smid ar bith roimhe seo leis an bfatach mór. Rinne sí mór leis lár na bhaireach agus dubairt sí go mbeidis an ceanamhail ar a chéile. Sé an aith a bfuil mo anam sa istig i nubh agus an nub istigh i mbolg laca agus an laca i mbolg león ar a leitidh seo de oileán agus sin rud nac bfuighe tusa. Dinnis sí é sin dhó. Rinne sé seabach dhí féin annsin agus ghread sé leis. Tanaigh sé sa teac a raib an bhainthreac ann ar an noilean agus dfan sé ann sa n-oidhche. Lár na bhaireach dimtig sé leis nó go dtánaig sé san aith a raib an leon mór agus chomh luath agus a thánaigh chuimnigh sé ar an león mór agus bhí sé féin ina leon mhór. Chuaidh sé féin agus an león mór eile ag troid annsin agus ní dhéarna ceachtar aca aon
ball sinsearach (stair)
2022-12-14 19:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cuir sí boscha cipíní solais ina phoca i nganfhios dh[ó] agus nuair a shroich sé an toileán ní fheacha sé tadha bean na teach. Shuidhe sé síos agus bhí sé an bhron. Chuir sé láimh ina phóca agus fuair sé an bosca an[n] agus cháoin sé a dhóthain. Chaith sé lá ag siubal an oileán agus ní fheaca sé tada agus leis an oidhche thánaigh sé isteach i dteach agus ní raib istigh ann acht baintrea[ch] agus a h-ingean. Bhí failthe mhór aca roimhe mar nac bfhaca siad aon fhear isteach acha ó cailleadh an fear a bhí aca féin. Lar na bhaireach chuaidh sé ag siubhal arist agus chonnaich sé leon mór agus seabach agus dreólán teasbaigh ag troidh faoi seán-capall. Dubairt siad nac ndeanfadh siadh aon reidhteach no go ndeanfad mach Seáin iasgaire as Eirinn siotchán. Dubairt ceann aca go raib sé ró-fada uatha le hagaidh siotchán a dhéanamh Dubairt an ceann eile go raib sé taob thíar dé'n claidhe sin thall. Glaoidh siadh air agus rinne sé siotchán eatorra. Bhí sé ag dul ag imteacht annsin act ghlaoidh siad air go dtabarfadh siad brónntas dhó. "Dubairth an león mór am ar bith a gcuimhneóchaidh tú orm sa feadfad tú león mór a dhéanamh dioth féin agus imteacht in do rogha aith." Dubairt an seabach an rudh ceadhna amh ar bith a gcuimhneóchaidh sé a fhéin go bfeadac sé seabac a dhéanamh dhí féin agus a dhul ina róga aith. Dubairt an dreolán teasbuigh an rudh ceadhná amh ar bith a gcuimneochadh sé ar féin go bfeadfad sé dreolán teasbuigh
ball sinsearach (stair)
2022-12-14 19:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
breagh dhá atáir agus da mháthair agus sé an tainm a bhí ar seán "The high Fisher man of Ireland. Nuair a bhí sé dhá bhliadhain imtighe dubhairt sé leis an mbean go gcaithfead sé dhul abaile go bfeicfeadh sé a atair agus a mhátair. Dubairt sé leis ma bhí sé ag dul go heirinn dhá dtughad sé aon blas leis a'r crutaigh Dia riam as eirinn nac bfeicfeadh sé aon amach uirrte féin arist go luath. Chuir sí an soiteach leis. Dubairt sí leis go bfagfadh an soitheach é san aith cheadhna ar fhagh sé. Nuair a tanaigh sé ngar de'n talamh do stad an badh agus chuaidh an bad fadá amach agus cuaidh sé isteach inntí. Thanaig sé ag an teachain a raib siadh i dtosac agus ní raib ann acht sean-bhean a bhí ag tabairt aire dé chéara. Dfiafruigh sé dhí cé'n ait annseo a raib Seán an iasgaire gus seárd dubhairt leis go raib "hotel. aighe annsin huas gus fear ar bith a thabharfad seán an iasgaire air go raib ceadh aige é chaitheadh. acht tabair The high fisher man of Ireland air. Chuaid sé suas ag an teac na' raib a atair agus a mháthair ann. Ní raibh fhios aca cé bhí ann. Faoi dheireadh daitnuigh siadh é agus ní raibh fhios aca céard a dheanfad siad leis le failthe roimhe mar bhí siad ag cheapadh nach bhfeichfead siadh aon amach go deo air. Nuair a caith sé mí annsin sa mbaile dubairt sé go gcaithfead sé a dul ar ais go dtí an bean arist. Bhí a mháthair ag iarraid bronntás a chur leis ach chuir sé suas dhóibh. Annsin nuair nár ghlach sé tada
ball sinsearach (stair)
2022-12-13 19:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgeal faoi Mac Sheáin an iasgaire.
Bhí fear ann fado agus bhí aon mhach amhain aigh[e.] Sé an t-slighe bheatha a bhí aca ag iasgach' gus an méid a bhiod marbh aca sa trathnóná chaithfead sé dhíol le haghaidh shuipéir dhoibh féin. Bhí sé féin agus an mac lá amuigh ar an gcuan chonnaich siad long ag teacht go dtí iad agus stad sí amuich ar an gcuan agus tháinigh bean go dtí iad i mbád fada. "Bail ó Dia ort a Seáin déir sí" go mba hé dhuith adéir Seán. Ma leigan tú do mhach liom sa adubairt sí nil aon lá dhá dtiocfaidh tú annseo nac mbeidh do bhádh lán le h-iasg. Dubairt Seán nach leigfeadh sé leithe a mhach ar iasg na fairrghe. Rug sí féin ar an dorugha agus chomh luat agus a rugh locruigh sí an bádh le iasg dhó. Nuair a chonnaich seán an tiasg thugh sé toil ar an mac a leigint leithe. Dimtig siadh isteach sa soiteac. Se'n sort duine a bhí inntí bean a bhí faoí dhraoidheacht ag fatac agus ní raib aon fhaghail ar an oileán a rabadar na gcomhnuidhe go dtiocfad Mac Sheáin iasgaise [!] as Eirinn gus nuair a thiocfad bhí sí féin agus an t-oilean toighthe ó dhraoidheact go deo. Nuair a sroicheadhar an toileán thugh sí suas ag an teach é agus reidhtigh sí suas é le culaith bhreagh eadhaigh agus le cuile shórt eile dár teastui[gh] uaidh. Bí sé ag cur airgeadh abaile ag a mhuinntir nó gur chuir sé an oireadh abaile agus a rinne teach
ball sinsearach (stair)
2022-12-12 19:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Duine ar bith a mbíodh cos nó lámh nó aon bhlas dhá chorp briste théighidís go dtí é agus shocróchadh sé an rud a bhíodh briste.
Fuair sé bás trí bliadhna ó shoin.
Tá a bheirt mhac beo agus tá siad chomh maith leis an athair. Tá aithne mhaith agam ortha. Is minic a théigeann daoine go dtí iad má bhíonn féith na cnámh curtha amach in aon áit 'na gcorp.
Dubhairt an bhean a raibh draoidheacht uirthe leis an bfhear ar thug sí an leabhar dó dá mbéadh sé gan an leabhar a osgailt go ceann seacht mbliadhna nach mbéadh aon dochtúr chomh maith leis.
ball sinsearach (stair)
2022-12-11 09:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal faoi oileán atá in Árainn.
Deirtear go bhfuil oileán in Árainn agus go dtriomuigheann sé in éadan gach 'le seachtmhadh bliadhain.
Aon uair amháin tháinig bád aniar ar an bfhairrge agus bhí beir[t] fhear innte. Stad an bád agus dubhairt duine aca leis an duine eile aire a thabhairt do'n bhád go ndeargóchadh sé a phíopa. Dhearg sé a phíopa le splainnc agus chaith sé an splainnc amach sa bhfairrge. Thriomuigh an t-oileán ar an nóiméad. Tharraing siad an bád suas ar an oileán agus chuaidh siad istea[ch] idteach. Bhí bean ag siubhal ar an urlár an t-am seo. "Nach breágh an bhean mise" adeir sí. "Is breágh muise" adeir seisean. "Nach breágh an bhean mise," ar sise, "Is breágh muise adeir seisean. "Nach breágh an bhean mise", adeir sí arís. "Is breágh muise, bail ó Dhia ort" adeir sé "Ó a chladhaire" adeir sí "is dona a chruthuigh tú nár dhubhairt tú é sin i dtosach. "Tá mise annseo le fada" adeir sí "agus tá mé faoi dhraoidheacht annseo, agus tá mé ag fanacht go dtógfhaidh duine eicínt an draoidheacht dhíom". D'imthigh an draoidheacht de [!] annsin agus thug sí leabhar do'n fhear agus dubhairt sí leis gan é a fhosgailt go ceann seacht mbliadhna. Nuair a chuaidh se abhaile bfhada leis go nosglóchadh sé é agus faoi cheann cheithre bliadhn[a] d'osgail sé é agus léigh sé gach a raibh ann. 'Na dhiaidh sin ní raibh aon dochtúr cnámha chomh maith leis ach dá bhfanfa[dh] sé go mbéadh na seacht mbliadhna thuas ní bheadh aon dochtúr ar an domhan chomh maith leis.
ball sinsearach (stair)
2022-12-10 10:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Bhail anois a athair", arsa sise. "ní dheárna mé aon bhlas do do chomhairle ariamh agus tá súil agam go dtiubharfaidh tú céad dhom shuipéar maith a chaitheamh." Dubhairt sé go dtiubharfhadh agus fáilte.
Chuir sí fios ar mhuinntir na h-áite agus tháinigeadar. Annsin (m) nuair a fuair sí ar aghaidh a chéile iad, chuir sí fios ar an ngárda.
Dubhairt Caitlín annsin go gcaithfeadh chuile dhuine sgéal a innseacht agus go n-innseóchaidh sí féin an chéad sgéal.
Dubhairt sí annsin go raibh sí ag brionglóidí aréir ar a colceathar, go dtáinig sí isteach i dteach aréir ag beirt fhear.
Annsin dúbhradh léi stopadh nach raibh cuma ar bith ar an sgéal sin.
"Bhail más bréag é", adeir sí, "seo í láimh mo cholcheathar agus is aisteach an cleas é."
Ach seo é an buachaill a leig amach mise agus pósfaidh mé é.
Phós Caitlín agus an buachaill annsin agus bhí an méid óir agus airgid a bhí san teach aca.
ball sinsearach (stair)
2022-12-09 18:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
isteach an méid airgid a bhí aice a bhí aice [!] a thabhair[t] dó. Choisrig sí í féin agus tháinig faitchíos uirthe Dubhairt sé leis an mbuachaill breith uirthe agus a clogann a leagann ar an mbloc.
Bhain sé an dá láim di i dtosach agus nuair a bhí na lámha caitte siar aige, rug an bhean a bhí thiar orra agus choinnigh sí iad.
Bhain sé an cloigeann di annsin agus chaith sé siar é mar an gcéadhna. Dubhairt sé annsin go raibh bean eile le theacht fós agus muna raibh sí istigh go dtiocfhadh sí.
Annsin dubhairt an fear go ngabhfadh sé féin a chodhladh agus go bhfanfadh an buachaill ag faire an dorais. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc rinneadar amhlaidh.
Nuair a cheap an bhean a bhí san seomra go raibh an fear i na chodhladh. tháinic sí aniar go dtí an buachaill.
D'iarr sí cara agus comairce ar í a leagan amach agus thug sé sin dhí agus leig sé amach í.
Chuaidh sí abhaile go dtí a h-athair agus a máthair annsin agus ní raibh súil ar bith aca léi. mar bhí go leór ban ar iarraidh san am sin.
Caith sí cheithre lá agus cheithre oidhche gan eirghe.
Dubhairt a h-athair annsin go raibh sgannradh éigin uirthe. Deirigh sí ar maidin an cuígeadh lae agus dubhairt sí le na h-athair.
ball sinsearach (stair)
2022-12-08 22:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí bean an fadó agus sé an t-ainm a bhí uirthe Caitlín Dhána. Ní dhéanfadh sí comhairle a h-athar ná a máthar. Bhíodh buachaill ag tigheacht go dtí í agus bhíodh sé ag cur chomhairle uirthe gach a bhfeicfeadh sí do airgead a thabhairt léithe.
Dubhairt sé léithe a dhul go dtí a theach san oidhche amáireach agus mar a mbéadh sé féin istigh gan imthigheacht nó go dtiocfadh sé.
D'imthigh sí léithe go dtí teach an fhir.
Ní raibh aon duine istigh roimpe.
D'oscail sí an doras agus chuaidh sí isteach.
Nuair a bhí sí istigh d'oscail sí doras an t-seomra agus bhí sé lán le colainneacha daoine. D'oscail sí seomra eile agus bhí sé lán le lámha mná. Bhuail faitchíos annsan í agus ní raibh a fhios aice céard a dhéanfadh sí.
Bhrúgh sí í féin isteach idir na lámha, mar bhí sí ag ceapadh dá dteigheadh sí amach go mbéadh sí marbh. Ach ghuidh sí ag Dia agus d'fhan sí istigh. Ba gheárr gur airigh sí an fear agus an buachaill ag tigheacht agus colceathar do Chaitlín aca. Bean deas óg a bhí innte. Shuidh sí síos le píosa cainnte a dhéanamh. Dubhairt an fear leis an mbuachaill an tuagh agus an bloc a thabhairt. Dubhairt an fear leis an mnaoí a thug sé
ball sinsearach (stair)
2022-12-07 19:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leigfidís ag an gceól í féin ag an gceól [!] amáireach agus dubhairt siad nach leigfadh.
D'imthigh an bheirt leó aríst go dtí teach an cheóil lá na bharach.
Budh ghearr go dtáinic an t-sean-bhean isteach go dtí í aríst agus thug sí éadach agus bróga aríst dí.
Rinne sí each de'n chlog agus rinne sí chailín de'n cat.
D'imthigh an cailín léi go dtí teach an cheóil, Níor aithin duine ar bith í.
Nuair a bhí sé an dó-dhéag d'éirigh sí chun dul abhaile agus nuair a bhí sí ag dul amach an doras thuit bróg dí agus choinnigh mach an rí í. D'fhiafruigh sé de gach duine a dtiocfadh an bhróg orrab agus d'fhiach gach duine le haghaidh an bhróg a chur orrab acht níor fhéad siad.
Chuala mac an rí go raibh a léithid seo de bhean bhreágh ann agus chuir sé sgéala go dtí í. Bhí an bhróg eile aice agus phós sí féin agus mac an Rí agus mhair siad go maith uaidh sin amach.
ball sinsearach (stair)
2022-12-06 19:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Budh gearr gur cailleadh an mháthair ortha.
Ní bhíodh an bheirt eile ag tabhairt ceart ar bith do'n deirbhshiúr dob óige. Ní bhíodh snáth de na seacht n-éadaigh uirthe.
Bhí ceól le bheith i dteach mór an oidhche seo agus d'iarr an inghean dob óige an leigfidís ag an gceól í agus dubhairt siad nach leigfadh D'imthigheadar leó go dtí teach an cheóil.
Ní rabhadar i bhfad imthighthe nuair a tháinic sean-bhean isteach go dtí [!] agus thug sí culaith bhreágh éadaigh dí agus bróga gloine.
Bhí draoidheacht mór ag an tsean-bhean.
Bhuail sí buille ar an gclog agus rinne sí each dhe, agus bhuail sí buille ar an gcat agus rinne sí cailín dhe.
D'imthigh sí léi go dtí teach an cheóil.
Nuair a tháinic sí chuig teach an cheóil níor aithnigh duine ar bith dá raibh istigh ag an gceól í. Níor fhan sé ann acht go dtí a dó-dhéag. Nuair a bhí sé an dó-dhéag d'imthigh sí abhaile
Bhí sí sean-tuirseach san mbaile roimh an mbeirt eile agus bhí gach rud déanta aice.
Nuair a tháinic siad abhaile dubhairt siad go raibh bean bhreágh ag an gceól anocht, agus d'iarr sí ortha an
ball sinsearach (stair)
2022-12-05 18:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go raibh biorán suain 'na chluais.
Chaith an Foghlaer urchar agus bhain an biorán suain as cluas Chois ar Gualainn.
Thosuigh Polláire na Gaoithe Móire ag séideadh agus choingbhuigh sé Inghin an Rí ar deire agus thug sé Cos ar Gualainn chun tosaigh. agus bhí sé sa m'baile roimh inghin an Rí. Fuair Con an Inghin agus go leór seódaí luachmhara. agus thug sé abhaile leis í.
ball sinsearach (stair)
2022-12-05 18:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Caith suas lochan uisge sin thíos, adeir an Rí le Con. Is géarr an mhoill orm-sa é sin do dhéanadh ar so[n] mo mháighistir adeir Tart Mór.
Rug Tart Mór ar an lochán le na bhéal agus chaith sé suas ar an tsráid é.
'Caith síos aríst é' adeir an Rí.
Chaith Tart Mór síos é.
Caithfidh tú féin agus mo inghin dul de'n Domhan Thiar agus buidéal fíor uisge a thabhairt as, agus má's túisge a bhéas mo inghin annseo ná tusa. ní bhfaghaidh tú mo inghin a Chon, adeir an Rí. Déanfaidh mise ar son mo mháigistir é arsa (D'imthigh) Cos ar Gualainn.
D'imthigh le Cos ar Gualainn agus le inghin an Rí. Leig Cois ar Gualainn síos an dhá chos ar an mbóthar agus d'imthigh leó.
Bhí go maith. agus bhí Cos ar Gualainn agus inghin an Rí ag casadh abhaile.
Dubhairt inghin an Rí le Cos ar Gualainn go mbfhear[r] dhóibh suidhe síos agus sgíth a leigeann.
Shuidheadar síos agus thuit Cos ar Gualainn 'na chodhladh. Chuir inghin an Rí biorán suain i gcluais Chos ar Gualainn.
D'imthigh le inghin an Rí agus bhí sí gar de'n teach nuair a dubhairt Con gurbh fhada a bhí Cos ar Gualainn amuigh. Cuir cluas le héisteacht cluais air féin, agus dubhairt sé go raibh Cos ar Gualainn 'na chodhladh, agus
ball sinsearach (stair)
2022-12-04 10:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
'Cé thú féin', adeir sé.
Is mise Tart Mór. 'Suidh isteach' adeir Con.
D'imthigheadar leó agus budh ghearr gur casadh fear eile dhóibh. 'Dia dhuit a Chon' adeir sé.
'Dia agus Muire dhuit,' adeir Con.
'a dtóigfá mé' adeir sé. ?
'Cé thú féin', adeir Con. ?
Is mise an Foghlaer is fearr san Domhan.
Suidh isteach adeir Con.
D'imthigheadar leó go dtángadar go dtí an Domhan Thoir. Bhí an Rí ag fanacht taobh amuigh ar an tsráid leó.
"An tusa atá ag teacht ag iarraidh mo inghin" adeir an Rí.
Is mé adeir Con.
Ní bhfaghaidh tú í mara a bhfuil tú féin agus í féin indhon an dá chloch mhóra sin thíos a thabhairt aníos agus iad a leagan taobh thuas de'n teach.
'Is gearr an mhoill orm-sa é sin do dhéanadh ar son mo mháighistir adeir Stothan Iarann' Chuaidh Stothán Iarainn agus Inghin an Rí síos go dtí na clocha. Rug Stothan Iarainn ar ceann amháin agus chaith sé suas ar an tsráid í.
Ní raibh inghin an Rí indhon cor a bhaint as an gcloich eile. Caith síos aríst í adeir an Rí
Chaith stothán Iarainn síos aríst í.
ball sinsearach (stair)
2022-12-02 17:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
imthigheacht ins an long ar eltóg í do bhualadh de'n tsla[it] sa mullach, agus uair ar bith a m'beadh fonn air teacht anuas as an long ar eltóg í do bhualadh thiar ar deire.
D'imthigh Con leis ins an long ar eltóg agus budh ghearr gur casadh fear leis.
'Dia dhuit a Chon' adeir sé.
'Dia agus Muire dhuit', adeir Con
A dtóigfá mé, adeir an fear. 'Cé thú fhéin'? adeir Con. Is mise Stothán Iarainn.
Suidh isteach. adeir Con.
D'imthigheadar leó agus casadh fear eile leó.
Dia dhuit a Chon, adeir sé.
'Dia agus Muire dhuit', adeir Con.
'A dtóigfá mé, adeir sé?
Cé thú féin, adeir Con?
'Is mise Polláire na Gaoithe Móire.'
Suidh isteach, adeir Con.
D'imthigheadar leó agus budh ghearr gur casadh fear eile leó. Dia dhuit a Chon, adeir sé.
Dia agus Muire dhuit adeir Con.
A dtóigfá mé, adeir sé?
'Cé thú féin' adeir Con.
Is mise Cos ar Gualainn. Suidh isteach adeir Con.
D'imthigheadar leó agus casadh fear eile leó
'Dia dhuit a Chon adeir sé. Dia agus Muire dhuit ade[ir] Con. 'A dtóigfá mé' adeir sé?
ball sinsearach (stair)
2022-12-01 18:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'eitigh sé é, Faoi cheann bliain is lá arís tháinic sé a bhaile agus ní raibh aon long ar eltóg déanta aige.
Dubhairt an tríomhadh mac le na mháthair go raibh sé féin ag dul ag déanamh long ar eltóg, agus go m'bearr dhí cáca dhó dhéanamh dhó. Rinne sí dhá cháca dhó. Ar maidin d'fhiafruigh sí dhó cé aca dob fhearr leis an cáca mór agus a mallacht nó an ceann beag agus a beannacht. Dubhairt sé go m'bfhearr leis an ceann beag agus beannacht a mháthar.
Dubhairt sé go raibh inghean Rí an Domhain Thoir le fághail ag duine ar bith a dhéanfadh Long ar Eltóg. Thug sí an cáca beag agus a beannacht dhó agus d'imhthigh sé. Con a b'ainm dhó.
D'imhthigh leis agus casadh an madra beag céadhna leis agus a casadh le na bheirt dearbhráthar.
D'iarr an madra píosa de'n cháca air. Thug sé dhó é. Bhí an madra an bhuidheach dhó.
Is ag dul ag déanamh Long an Eltóg atá tú adeir an madra beag le Con. agus éireóchaidh leat. Do bhí do bheirt dearbhráthár annseo an lá cheanna agus d'iarr mise píosa de'n cháca ortha, acht níor thug siad dhom é, adeir an madra. beag.
Thosuigh an madra beag ag bailiú píosaí ádhmaid agus fá cheann bliain is lá bhí an long ar eltóg déanta aca.
Thug an madra beag slaítín do'n tríomhadh mac agus dubhairt sé leis, uair ar bith a mbeadh fonn air
ball sinsearach (stair)
2022-11-30 19:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Long Ar Eltóg.
Bhí baintreach ann fadó agus bhí triúr mac aici. Nuair a bhí an mach budh sine bliain is fiche d'aois dubhairt sé le na mháthair cáca do dheanamh dhó mar go raibh sé ag dul ag déanamh long ar eltóg.
Rinne an mháthair dhá cháca dhó agus ar maidin lá ar na bhárach nuair a d'éirigh an mac budh shine d'fhiafruigh sí dhó cé acab dob fhearr léis, an cáca beag agus a beannacht nó an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt sé go m'bfhearr leis an cáca mór agús a mallacht.
Thug sí an cáca mór agus a mallacht dhó agus d'imthigh sé. Bhí sé ag imtheacht agus casadh madra leis. D'iarr an madra píosa de'n cháca air acht nío[r] thug. Faoi cheann bliain is lá arís tháinic an mac abhaile agus ní raibh aon long ar eltóg déanta aige.
Dubhairt an dara mac le na mháthair cáca a dhéanamh dhó féin mar go raibh sé ag dul ag déanamh long ar eltóg. Rinne a mháthair dhá cháca agus d'fhiafruigh sí dhó cé acab dob fhearr leis, an cáca mór agus a mallacht nó an cáca beag agus a beannacht.
Dubhairt sé go m'bfhearr leis an cáca mór agus a mallacht. Thug sí sin dhó agus a mallacht agus d'imthigh sé. Casadh an madra beag céadhna leis.
D'iarr an madra beag píosa de'n cháca air, acht
ball sinsearach (stair)
2022-11-29 18:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
buailte rómpa. Rinneadh amhlaidh.
Ba ghearr go dtáinic mac 'Harry Stotle' fá chúthac agus nuair a chualaidh sé an tsúisteóireact, isteach leis.
D'fhiafruig sé dhíobh a bhfacadar aon triúr fear a dul thart.
"Chonnaic a mh'anam", ar siadsan, go bhfuil siad thall sa teach ósta sin tall.
Anonn le mac "Harry Stotle" agus fághann sé an triúr fear go sultmhar sa teach ósta. Ní raibh smid na smeaid ann ach é breith ar an dtriúr agus baint na dtrí gcinn díobhtha. Crochann sé leis na cinn agus as leis abhaile.
Caitheann sé na cinn ar an urlár go gliondarach ag an athair.
"Óra a dhiabhail" adeir an t-athair, ní hiad an triúr ceart a fuair tú. D'imir siad aríst ort. Tá mise réidh.
Shín Harry Stotle siar agus fuair sé bás.
ball sinsearach (stair)
2022-11-28 18:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá siad ag imtheacht ar nós na gaoithe agus tá siad mílte agus mílte as seo anois. Níl goir ná gaobhar agad a theacht suas leo.'
'O maise, más mar sin é," adeir mac 'Harry Stotle', tá sé comh maith dhom filleadh abhaile".
D'iompuigh sé ar ais agus as go brath leis abhaile nó gur innis sé an sgéal do'n athair.
"Óra a dhiabhail" adeir an t-athair, b'shin duine aca. Tháinic sé ar ais le tusa chur amugha; ach imthigh a chladhaire agus téigh 'na ndiaidh agus tabhair agamsa a dtrí chloigeann nó is gearr an bás uaim.
As go brath leis an mac aríst 'na ndiaidh agus bhí sé ag imtheacht ar nós na gaoithe nó go raibh sé gar go maith dhóibh aríst.
Bhí fhios aca-san go raibh sé tóir ortha, agus bhíodar ag dul tré áit a bhfacadar triúr fear a bualadh arbhair.
Bhuaileadar bleid ar an triúr fear. Dubhradar go mba thogha súisteóirí iad féin agus go mbfearr do'n triúr eile na súistí thabhairt dóibh agus a sgith a leigean. Thugadar luach deoch do'n triúr súisteóirí eile agus dubhradar leo bualadh anonn chuig an teach ósta agus deoch a ól agus go mbéadh fur-mhór an arbhair
ball sinsearach (stair)
2022-11-27 10:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mbfearr dhóibh bualadh leo agus 'Harry Stotle' a fhágail annsin.
D'imthigh leo ach ní rabhadar i bhfad imthighthe gur hairigheadh imthighthe iad. Chuir "Harry Stotle" a mhac 'na ndiaidh agus dubhairt leis rith le n-anam, go cinnte go mbíad an triúr dearbhrathar iad agus go raibh a chnaipe féin deánta muna dtugtaí ar ais beo nó marbh iad.
Bhain an mac as agus ba ghearr go raibh sé a' teacht suas leo. Dairigheadar-san 'na ndiaidh é. Bhíodar faoi seo, a' tarraingt ar chuan a raibh ortha a dhul thairis. Fuaireadar fear báid a thug treasna iad le luas lasrach agus nuair a bhíodar treasna dubhairt an mac a b'óige leis an mbeirt eile go rachadh sé féin treasna sa mbád aríst agus go gcuirfeadh sé moill ar mhac Harry Stotle mar go raibh sé an-ghar dhóibh an uair sin.
Ar ais aríst leis an bhfear óg sa mbád. Cheangail sé an bád agus shiubhail leis agus ba ghearr gur casadh mac "Harry Stotle" dhó. D'fhiafruig sé de'n fhear óg a bhfaca sé aon triúr fear a dul an bealach nó measfadh sé a mbéadh sé féin in don a theacht suas leo. "Chonnaiceas a mh'anam", adeir an fear óg, Is mise a chuir treasna iad sa mbád.
ball sinsearach (stair)
2022-11-26 09:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
croctha aige ach nuair a tagadh sé go dtí'n crann dheamhan an tuagh féin a leagadh sé air. Bhí sé i gcaitheamh na haimsire ar an obair seo.
Chuaidh Harry Stotle féin chomh fada leis go bhfaca sé an obair a bhí air.
"Ara, cén sórt obair í sin ort", ar seisean leis an bhfear óg.
"Maise triúr dearbhrathar againn a bhí ann", ar seisean, "agus nuair a d'iarramar ar gcuid ar ár n-athair dubhairt sé nach raibh tada aige le tabhairt dhúinn ach crann. Thug sé a raibh faoi thalamh agus os cionn talmhan do dhuine againn, thug sé a úr a críonna do duine eile, agus tug sé a cham agus a dhíreach do'n duine eile agus chinn sé orrain déanamh amach. cé againn ar leis an crann.
"Ó, leis an té ar thug sé a cham agus a dhíreach dhó an crann", ar sa Aristotle, "ach fág mar sin anois é go n-ithidh tú do bhricfast ar dtús."
D'ith an triúr a mbricfast, agus nuair a bhí sin deánta chuadar in ainm's a dhul ar ais 'un a gcuid oibre aríst; ach in áit sin, sé'n chaoi a ndeachadar i gcomhairle ó bhí 'chaon eólas aca a theastuigh uatha aca go
ball sinsearach (stair)
2022-11-25 09:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus is féidir leat leanacht leat ar an tsuisteáil 'na dhiaidh sin.
Ba ghearr go dtáinic an teachtaire ar ais théis a beith a' glaodhach ar an bhfear a bhí a' glanadh na sgioból.
"Ara", ar seisean, "is cosamhail le fear buile é siúd. Níl faic déanta aige; ach sé n chaoi bhfuil sé, caitheann sé dhe a léine agus cuireann sé air a bháinín in áit, annsin caitheann sé de a bháinín agus cuireann sé air a léine aríst, agus mar sin atá sé a' caitheamh na haimsire. Chuaidh Harry Stotle féin amach go bhfeicfeadh sé mo dhuine.
Nuair a chonnaic sé an fear óg ar an obair seo, d'fhiafruigh sé dhe cén fáth a raibh sé ar an obair seo.
"Maise", ar seisean, "sin iad báinín m'athar agus léine mo mháthair agus níl fhios agam cé aca is goire dhom.
"O" adeir "Harry Stotle" is goire dhuit do mháthair? ach fág mar sin anois é go n-ithidh tú do bricfasta ar d'tús.
Ba ghearr go dtáinic an teachtaire aríst agus sgéal chaillighe an uathbháis aige nach raibh fear na luaighe a déanamh faic ach a' teacht de rása go dtí an crann agus an tuagh
ball sinsearach (stair)
2022-11-24 09:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí a gcuid cleas leagta amach aca roimh ré, agus anois fuaireadar a gcuid uirlíse fá réir, agus chuaidh 'chaon duine aca i gcionn a ghnó féin.
Nuair a bhí sé in am bricfeasta cuireadh teactaire amach ag glaodhach orra. Chuaidh an teachtaire ar dtús go dtí an fear a bhí in éadan an tsúiste. Sé an chaoi a raibh sé sin roimhe, súiste mór aige agus thugadh sé rása mór agus an súiste crochta aige, agus an oiread uathbháis agus teannadh a' teacht leis 's go sílfeá go mbuailfeadh sé cruach de 'chaon bhuille. Chuaidh an teachtaire ar ais agus d'innis sé do'n mháighistir cén sórt obair a bhí ar fhear an tsúiste. Chuaidh Harry Stotle amach go bhfaca sé féin ceárd a bhí ar bun. Nuair a connaic sé mo duine leis an ealadhain seo d'fhiafruigh sé dhe cén fáth a [?] raibh sé ar an obair sin. "Maise tá", ar an fear óg, "níl fhios agam cé is goire dhom an spéir atá os mo chionn na an spéir atá fum."
"Ara, a dhuine chroidhe," adeir Harry Stotle, nach bhfuil fhios agad gur goire dhuit an spéir atá os do chionn, ach ar aon nós, tar isteach chuig do bhricfast anois
ball sinsearach (stair)
2022-11-23 08:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"An fear ceadna atá uaim", ar sa fear a' tighe, "tá stáblaí annsin amuigh a theastuigheas a ghlanadh go han-ghéar agus deánfaidh tú an obair.
Ba gheárr eile gur bhuail an tríomhadh fear isteach, agus é féin ar lorg máighistir.
"Cén obair atá tusa indon a dhéanamh", arsa fear a' tighe.
"Níl fear ar bith ion-churtha liom a' bhaint choille", ar seisean.
"Is tusa an fear ceadna atá uaim" ar sa fear an tighe, tá go leór coille le gearradh agam.
Anois cén triúr iad seo a tháinic ach an triúr dearbrathar, agus níor leigeadar ortha féin go raibh eolas ar bith aca ar a chéile.
Agus cén fear a chuir aimsear ar an triúr ach "Harry Stotle" (Aristotle) Nuair a tháinic an oidhche cuireadh an triúr a chodladh. Maidin lá'r na bhárach d'éirigheadar agus dubhairt "Harry Stotle" leo go bhfearr dhóibh a dhul i mbun a gcuid oibre go ceann tamaill go mbéadh an bricfeasta réidh.
"Tá go maith" ar siadsan, agus amach leo.
ball sinsearach (stair)
2022-11-22 16:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhealach féin.
I gcionn tamaill tháinic an mac ba shine go dtí teach. Bhuail sé féin agus fear a' tighe bleid ar a chéile.
"Cá bhfuil tú ag dul mar sin", ar san fear leis.
"Maise tá mé ar lorg máighistir", ar san fear óg
"Agus ceárd atá tú indon a dheánamh"? ar san fear leis.
"Máise níl súisteóir ar bith in-chinnte orm", ar san fear óg.
"Is tusa go díreach an fear a fheileas mise" ar san fear leis, tá dó no trí de chruachaí arbhair le bualadh agam agus déanfaidh tú an obair go deas.
Bhí go maith, ní i bhfad eile gur bhuail fear óg eile isteach agus beannuigheadh dhó.
D'fhiafruigh fear an tighe dhe cá raibh sé ag dul agus dubhairt seisean go raibh sé ar lorg máighistir.
"Agus cén obair obair [!] atá tusa indon a dhéanamh arsan fear.
"Bhuel", arsan fear óg, "níl fear ar bith indon sgiobóil a ghlanadh agus a chartadh chomh maith liom.
ball sinsearach (stair)
2022-11-21 21:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bás 'Aristotle'
Bhí fear ann babhta a raibh triúr mac aige. Nuair a bhí an chlann suas cheapadar go raibh sé in am aca imtheacht agus tháinic an mac ba shine -uig an athair agus d'iarr air pér bith rud a bhí le fághail aige.
"Dheamhan blas sa domhan agamsa" ar san t-athair, "ach an crann sin amuigh agus bhéarfaidh mé a bhfuil faoi thalamh dhe agus os cionn talmhan duit-se."
Tháinic an dara mac agus d'iarr sé a chuid féin, agus dubhairt an tathair an rud céadna nach raibh aige ach an crann agus go dtiubhrfadh sé a cham agus a dhíreach dó.
Tháinic an tríomhadh mac ag iarraidh a choda agus bhí an sgéal ceadna ag an athair dhó, - nach raibh aige ach an crann, agus go dtiubhrfadh sé a úr agus a chríonna dhó.
Bhí an triúr mac chomh dona anois 's bhíodar ariamh - ní raibh fhios aca cén chaoi a roinnfidís an crann. Dubhradar ann sin go raibh sé chomh [!] dhóibh imtheacht leo agus go mbféidir go bhfuighidís amach ar chaoi éicint cé aca mba leis an crann.
D'imthigh leo 's thóg gach duine aca a
ball sinsearach (stair)
2022-11-20 09:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar uair a dó-dhéag díreach phléasg an toirneach agus an lasair agus réab sí roimpe.
Bí an buachaill ar an gcnoc agus chonnaic sé an millteannas a bhí an lasair a dhéanamh ach lean air ag léigheamh as a leabhar urnuighe. Chonnaic sé an dún a bhí déanta ag a athair dhó dá chur in aer.
Nuair a bhí an lasair thart agus gach rud ciúin tháinic an buachaill anuas de'n chnoc slán sabháilte.
ball sinsearach (stair)
2022-11-20 09:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus eile a thabhairt leis agus a dhul isteach sa dún seo.
"Tuige a athair", ar's an buachaill "a bhfuil tú ag iarraidh orm a dhul isteach annsin".
"Ó" ar san t-athair, "tá an áit deas cúlráideach agus ní bhéidh rud na duine a' cur isteach ort ann".
"Ó" tá mé ceart go leór ar an mbealach sin mar tá mé" a deir an buachaill, "agus ní cheapaim gur ab é sin an fáth atá agad le mé chur ann."
Bhí sé leis an athair gur innis an tathar dhó cén fáth a bhí aige féin leis an dún a déanamh.
"Ó," más mar sin é deir an buachaill ní ceart agus ní feidir a dhul in aghaidh tola Dé. Níl aon fhaitchíos agamsa roimh an toirneach ná roimh an lasair agus ní rachaidh mé i bhfolach ar cheachtar aca.
Ní raibh maith do'n athair a bheith leis agus nuair a tháinic an lá i náit a dhul sa dún, thugh an buachaill leis a leabhar urnuighe agus chuaidh sé suas ar an gcnoc a b'áirde san áit.
ball sinsearach (stair)
2022-11-20 09:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
réaltóg a bhí sa spéir tamall thar an áit a raibh sí. Ba droch thuar an réalt sin a bheith san áit sin agus an páiste a' teacht ar an saol Dá bhféadfaidhe moill a chuir ar an bpáiste go mbéadh an reált sin bailighthe as an áit a raibh sí bhéadh an chontabhairt thar an bpáiste. Anois nuair nár bhféidir sin a dhéanamh, nuair a bhéas an páiste sin chúig bhliana dhéag, ar uair an dó-dhéag an lá sin tiocfaidh an lasair agus marbhóchaidh sí é.
"Tá go maith", ar san t-athair, "cuirfe mise stuaim ar an sgéal sa gcaoi nach marbhóchaidh sí é."
Nuair a bhí an gasúr gar do bheith 15 bhliana thosuigh an fear a' déanamh dúin mhóir fá thalamh sa gcaoi go bhféadfadh an buachaill óg a dhul isteach ann nuair a bhéadh an chontabhairt a' teannadh leis.
Anois thosuigh an buachaill a' dul ar aghaidh thar bárr i neart, i n-eolas agus go mór-mhór i gcráibhteacht. Bhíodh a leabhar urnuighe aige dólámh. Nuair a bhí sé 15 bliaina [!] d'aois dubhairt an tathair leis a chuid leabhar
ball sinsearach (stair)
2022-11-20 09:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sa seomra. Thar éis tamaill labhair an sgoláire le fear an tighe. "Maise", a deir sé, an misde dhom fiafruighe cé'n fáth a ndeachaidh na mná sin siar sa seomra".
"Á" adeir fear an tighe, "páiste atá a' teacht ar an saol agus mná na comharsan iad sin atá a' teacht isteach".
Chuaidh an sgoláire amach ar an tsráid annsin, agus thosuigh sé a déanamh staidéir ar na réalta. I gceann tamaill cuir sé sgéala isteach go dtí an bhanaltra a bhí i gcionn na mná, mara raibh an páiste ar an saol fós, moill bheag a choinneál air dá mbféidir chor ar bith é.
Chuir an bhanaltra sgéala uaithi nár bhféidir a dhul in aghaidh Tola Dé agus go raibh an páiste ar an saol anois. Tháinic an sgoláire isteach annsin agus níor dhubhairt sé níos mó.
I gceann cúpla lá d'fhiafruigh fear an tighe dhe cé an fáth bhí aige le iarraidh moill a choinneál ar an bpáiste. "Maise tá," ar seisean, bhí mé ag iarraidh moille a chuir air go dtéigheadh
ball sinsearach (stair)
2022-11-19 08:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cá fios duit i bfuil tú i ndán adeir seisen leis an mbláchach. Gul i seasamh ina bréga atá tusa adeir an blácach. Sead ar an boinnte adeir seisen. Tosaidh talamh cathra. Ní túise [!] a bhí an láimh crochta ag an mbrúnach ná bhí an bláchac anuas. Dimthigh sé leis annsin amach go dtí an geataí agus cuir sé a láimh. i na a póca agus tug sé cúig púnt de'n fear a bhí i ngreim sa grephóll agus grecad sé léis. Nuair a táinig sé annsin é an uair a leighan an sean-fear ag éirigh. D'fiafruigh an tsean-fear de ce'n fáth nár duisigh tú mé adeir sé. Ní aire mé fein éirigh go dtí anois adeir sé. Is gearr go dtáinig an sgéala isteacht go raibh an blacach marbhuigh is gearr go dtaíng na daoine isteacht ag caitheamh bainnis faoi an sean-fear a beidh beó. Tosaigh chuile ag tosnuigh agus bhí bhí [!] sé cinnte ar cuile daoine fagháil amach cé marbuighe é. Bhí bean óg tiar sa seómra agus dubhairt sí má mise beó is é an fear atá ag buitléara a marbuighe an blácach. Cuiread mise ceist ar adeir an sean fear agus mas duine uasal é ní deánamh sé bréag liom Dfiafruighe de [!] de é, agus dubhairt an sean-fear deirigh sé liom.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-19 08:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an sgéal dó. Annsin dith sé a bhéile agus cuaidh sé a codladh. Nuair a déirigh sé maidin tug a athair trí céad púnt aniar as an seomra aige agus tug sé dó é agus dubhairt sé leis imteacht leis agus gan amarc [?] a feiceál ar arís go bráth arís. Dimhtigh sé leis agus cuaidh sé ar a loísdín agus bhí sé ar a leabhadh agus ba ghearr gur aire se gasúr ag fóghairt an papéar agus bhí cailín sa teach agus dubhairt sé leithe a dul amach agus an paipéar a tabhairt isteach aige. Cuaidh sí, agus tosaigh sé dhá léigheamh agus coinnaic sé sa bpaipeár go raibh fear a tóreacht buitealra. Déirigh sé agus dith sé a bheile agus dubhairt sé le bean an tighe go raibh sé ag dul go dtí fear a coinnaic sé sa bpáipéar a tórreacht buitéalra [?] agus fagadh mé mo mála annseo go bfeiceadh me a dtiubaradh siad obair dom, Cuaidh go dtí an fear agus socruigh sé leis. Is gearr ina diaidh gur gur [!] fear eile treas ar an sean-fear le dul i troid. Nuair a táinig lá na troide dubhairt an sean-fear leis é a dúiseacht ar maidin. Dubhairt an fear eile go mbféidir nach n-aoireach sé féin éirigh. Nuair a cuaidh an sean-fean [!] a codladh. Tug an fear eile a capall, agus cuaidh sé ag iarraidhe amhála agus cuaidh sé ar ais go dtí an páirt a raibh an troid a beidh ann. Tug sé a capall go dtí an geata agus dubhairt sé le fear greim a coinneál ortha Annsin tosaigh sé ag siubhal na páirce agus ba gearr gur casaid an bláchach leis agus dubhairt an blácach gur fad go raibh sé sin, ag teacht go bfághach sé rí leis
ball sinsearach (stair)
2022-11-19 08:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí duine uasal ann fada agus bhí triúir mac aige. Faoi cean sgatha maith pós an mac ba sine agus cuireadar an mac ba óige ar sgóil. Taínig an maighistir annsin ag rádh nach raibh sé inán aon blas a déanamh dhó. Annsin dubhairt an máighistir é a chur ar sgóil árd. Cuireadh Fuair an driothar postha amach sin nach raibh sé ag dul ar aon sgoil agus taínig sé le sgéala ag a athair agus níor creid an t-atháir é. Dubart an driothar annsin comh luath agus a deireach sé féin ar maidin go radach sé ag an sgoil go bfeiceach an mbeadh sé an ann. Cuarta sé cuile ait ins an sgoil agus ní raibh ann. Cuaidh sé go dtí an balla mór agus fuair sé istigh i dteach osta é agus é dálta. Tug sé abhaile go dtí a athair é agus dinnis
ball sinsearach (stair)
2022-11-18 18:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
níosfadh tú mé. Cuaidh an sionnach ag altú an coileach agus nuair a doscal sé a bhéil ag dul altú an coileach léim an coileach amach as a bhéil agus dimthigh sé. Annsin seárd a dubhairt an sionnach nuair a dimtigh an coileach uaidh. Mo mhallacht go doe [!] gach aon rud a altós an biadh go mbeadh sé ithte i dtosach aige. críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-18 18:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-sgéal.
Bhí na ceara amuigh lá breágh gréine dá gcartadh fhéin ins an lufadh agus níor aire siad araimh an sionnach go dtáinig sé sa n-áit a raibh siad Léam an coilleach suas sa gcrann agus dubairt sé go beag an bean a bí aige fhéin ar an sionnach. Cuala an sionnach é agus dubhairt sé leis teacht anuas agus nach bfhuil duine ar bith ag cur tréas ar a chéile anois. Ní creidim é arsa an coilleach mar ní faca mé leabhar ná i bpáipeár fós é. Bhí go maith annsin go ceann coicigheasa eile agus bhí siad amuigh arís lá breágh agus ceárd a toigeach ortha acht an sionnach. Rug sé grem ar an gcoileach. agus dubhairt sé nach breágh an coileach é seo. Dfreagair an (sionnach) coileach é, agus dubhairt sé má tá mé comh breágh sin adeirim leat is fearr duit me altú sul [< suas?] a
ball sinsearach (stair)
2022-11-17 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
annsin daire an bean é agus déirigh sí agus cuir sí míle fáilte roimhe. Annsin cuir sí síos an tae agus cuaidh sí gá réidheach agus nuair a bhí sé réidhtighe aice. Dfiarfiadh sí dhó an raibh mórán airgead aige anois, agus dubhairt. sé go dtug sé ar trí comharla é. Annsin gearr an bean an cáca agus céard a geibheadh sí ins an gcáca an púnt is fiche. Ceín fáth a ndeárna tú bréag lom a deir sí, nach bhfuil an tairgead annseó. adeir sí. Táinig aongatas ar an bfear annsin Dinnis an fear de gur ban sé píosa as cóta an fear eile agus gur coinnuigh sé é. an domnach na diadh dubhairt an sagairt é agus dubhairt sé go dtubharach siad trí céad don té a dinnseóch doibh cé a marbuigh é tar éis an aifreann cuaidh sé isteach go dtí an sagar [!] agus dinnis sé an sgél dhó go bé (féin) an té a raibh an píosa bannte as a cóta gur bé a marbuigh é. Fuair sé na trí céad púnt.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-17 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bothar leis a bhí ag dul trí coill. Ní raibh sé i bfad ó bhaile gur dubhairt an ceannuighe go mba. ceart dóigh a ghuil an bóthar eile sé i bfad imtighe gur aire sé an ceannuighe ag scréachail agus bhí athas air. annsin bhí sé ag eírigh deirneach ar agus cuaidh sé isteach i dteach agus ní raibh istigh roimhe ach an sean-fear agus dfhiafruigh sé de i raibh loísdín na haoidhe le faghaíl aige agus dubhairt an sean-fear nár rabhas aige no go dtiocfadh an bean isteach. Ba gearr go dtáinig an bean isteach agus an fear agus nuair a coinnaic sé an bean óg seo pósta ag an sean-fear, cuaidh sé amach agus ba gearr gur (dtaínig) casaidh cruach féar air agus rinne le a áit isteacht innte. Ní raibh sé i bhfad san oidhche gur aire sé torn ag teacht ag an gcruach. agus bhí faithchíos air. Daire sé an bean agus an fear ag cainnt agus seárd a bhí siad ag rádh go marbhuigheadh siad an tsean-fear agus go gcuireadh sé sa n-iomair. é. Annsin bain sé píosa amach as a cáta [?] agus coinnuighe sé é. Nuair a fuair sé an lá d'imtighe sé leis agus bhí se sé [?] sa mbhaile faoi ceann sgatha gun oidhche. Nuair a sroich sé an baile scéard a bhí sa doras roimhe sean-cleíb agus bhí iongatas air. Cuaidh sé isteach agus las sé an solas agus cuaidh sé fadadh na teine. Cuaidh sé siar sa doras agus coinnaic sé an fear agus féasóg air agus cuir sé iongatas agus dfiall sé ar ais agus fuair sé rasúr agus bhí sé thiar sa dosas aríst nuair a cuimnigh [?] sé gur bh'é a mach é agus freisin coimhnigh sé ar an gcoimharla a tug an sean-fear dhó.
ball sinsearach (stair)
2022-11-17 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgeál.
Bhí fear ann fadó agus cuaidh sé go dtí trí éicint ag dul ag saothruigh airgeadh. Dfág sé a bean agus a mac i na diaidh. Nuair a bhí sé bliadhain is fiche imthighe. Dubhairt sé le fear an tighe go raibh sé ag dul abhaile agus go gcaithfeadh sé an tairgead a tabhairt dhó. Nuair a bhí sé gá tabhairt do dubhairt sé go raibh trí comharla aige fhéin. Dubhairt an fear eile annsin go gceannóch sé fheín uaidh iad. Tug sé púnt is fiche dhó ar na trí comharla. Ar maidin nuair a bhí sé imtheacht tug fear an tighe 2 cáca dhó ach dubhairt sé leis gan ceann aca a iththe no go dteigheadh sé abhaile, acht céard a bhí déanta aige an an púnt is fiche istigh sa gcáca aige. Ní raibh sé ibfad [?] o'n teach go dtaínig sé suas le ceannuigh. Bhí siad ag siubhail ar feadh sgatha mór gur casadh
ball sinsearach (stair)
2022-11-16 19:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an tamadán a cuir. Acht ba gearr go dtaíng an tamadan aniar on drosas. Diarr sé biorrán grúaige ar an gcailleach le hagaidh rud a cuiadh [!] ina cluais aréir a baint as. Annsin dubhairt annsin [!] leis an bfear é a tabhairt amach i amháireach ag fiadhach, agus go racfaidh sí féin sa gcrann agus go dtosách sí féin ag glaodhach. Cuaidh siad amach ar maidin agus cuaidh an cailleach sa an gcrann ag glaodhach. Ba gearr gur airigh siad an cuach ag glaodach sa gcrann. Tá an cuach ag glaodach dubhairt an maigistir. Ní hí an cuach ceart í dubhairt an tamadán Caithfidh mé léithe a dubhairt an tamadán. Níl sé ceart urchar a caitheadh leis an gcuach. Dubhairt an maighistir. Caith an tamadán agus tuit an cailleach ar an talamh Ó dubhairt an máighistir tá mo máithir agat tá tú ag fagháil locht orm a deir an tamadán Bain an tamadán na cluasa de'n maíghistir annsin agus fuair sé a cuid airgead agus cuaidh se abhaile Pós sé agus tá go leór gasúr ann ó soin.
ball sinsearach (stair)
2022-11-16 19:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ag a cuid dreabhratharcha. Dubhairt sé le na máighistir nuair cuaidh sé abaile gur báthadh na muca air. Tearm i néindigh liomsa a dubhairt an maigistir. Cuair [!] agus nuair a bíodar gar den den póll dubhairt an t-amadán beídir go mbaithfidh iad fhéin agus cuaidh siad abaile aríst San oidhche dubhairt an maighistir leis an mbuachaill an méid seo píosa leathair a beidh glannta aige amaireach. Nuair cuaidh an máighistir a codladh san oidhche. cuaidh an buachaill agus marbuighe sé an bullan, ba bfearr a bhí sa stábla, agus glan sé an leathar leis an ngeir a bhí sa mbullán. Ar maidin nuair a deirighe. an máighistir. Bhí an leathar glannta aige. Dfiafridh an máighistir dé cen bfhuair sé an géir. Dubhairt sé gur bé an bullán a marbhuighe sé Ní bfhuair an máighistir aon locht air. Lá amáin dubhairt an Cailleach leis an maighistir gur bfeárr dó anocht biorr dearg a cuir na Cluais nuair a beadh sé na codladh. Bhíodh sé ag éisteacht san doras. San oidhche fuair an tamadán gabhar agus cuir sé sa leabadh é agus cuaidh sé féin isteach faoi an leaba. Tosaigh an gabhar ag sreannadh codlalta. [!] Dairigh an cailleach é agus duisigh an Cailleach an fear agus dubhairt sí go raibh sé na codladh agus an biorr a cuir ina cluais. Cuir agus ar maidin dubairt an Cailleach go raibh sé na [?] am
ball sinsearach (stair)
2022-11-16 19:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dubhairt an dara mach go rachaidh sé fhéin ag cuartú oibre. Casadh an fear céadhna dhó a casaidh dhá dreáthbar eile, agus diarr sé obair Fuair sé obair. Sé an pághaí fuair sé cúig púnt, nuair glaodach an cuach sa gránn sin amuigh agus an céad duine geobhach locht ar an duine eile iad ag baint na gluasa dhá chéile. Bhíodh ar [< air] an Cailleach a tabhairt amach ar maidin agus níor taithnigh sé sin leis. Taínigh an máighistir agus bain sé na cluasa de'n buachaill agus leig sé abhaile é, agus Dubhairt an t-amadán go racfaidh sé féin ag cuartú oibre agus go mbhainfeadh sé sásamh a dreabhrathacha amach. Casaidh an fear céadhna dó agus fuair sé obair uaidh. Bhí ar an Cailleach a tabhairt amach, agus bhí cúig púnt dó nuair a glaodach an cuach sa grann. Tug an buachaill amhach an Cailleach agus leag sé a toin ar neantóigí. Diafhruigh an cailleach di cé an tainim a bhí air. Mé féin dubhairt sé. Cuaidh an Cailleach isteach agus bhí sí caoinigh, Dfiafridh an fear dé ceárd a bhí ortha. Mé féin a doigh mé féin deir sí Más tú arsa an fear ní mórán sgéil tú. Lá ar mbáireach, cuaidh an t-amadán ar an aonach. Bhí muca aige le díol. Bain sé na cluasa agus na driubaille de na muca agus cuir sé síos i bpoll uisge é agus dfág sé cuid aca aníos agus cuir sé na muca abaile
ball sinsearach (stair)
2022-11-16 19:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí triúr dearbhrathar ann fadó. Amadán ba eadh duine aca. Lá amháin dimthigh an mac ba sine ag cuartú oibre. Ba gearr gur Casaidh maighistir dó. Diarr sé obair ar an maighistir Fuair sé sin. Sé an pághaí, fuair sé cúig punt nuair a glaodhadh an cuach sa grann sin amuigh, agus an céad duine aca a geobhach locht. ar an duine eile iad ag baint na gcluasa dá chéile. Bhí cailleach sa teach, agus gach maidin nuair a bíodh sé i nám. breacfasta caithach an buachaill an cailleach a tabhairt amach an t-sráid agus fannacht annsin go mbheadh an breacfasta ithte. An dara lá tosaigh an buachaill ag clamsán. Tainig an máighistir agus bhain sé an dhá cluais de'n buachaill. agus leigh sé abaile
ball sinsearach (stair)
2022-11-15 19:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'iarr sé uirthe smaoineadh an triomadh huair, acht sé an freagra cráidthe céadhna a fuair sé. Ní dearnas a deir sí annsin Dfiafruigh sé dí ar cuimnighe sí ar an gcota dearg a tug sí do'n mnaoi bhocht an lá geimridh úd ar Dé. Acht biomadh sin bliadhain a cuaidh tart agus uisge a cuaidh le fannaidh ó soin. agus bí dearmad glan deanta aice air. Smaoinigh sí aríst, agus faoi deire, cuimnigh sí ar an lá úd, ar an tsean-mnaoi liom, agus ar an gcaoi a bogadh a croidhe, agus láithreach táinig an cóta dearg úd. Much, an céad teine, agus much an dara teine. agus much an treas tinne, leigead ise isteach saor i Ríogacht Dé.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-15 19:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
goid ná fuadach, ar comarsa ná ar námháid araimh. Dimthigh an óige agus an aois, agus mar bhí na bliadhanta ag dul tart, is ag dul cun cruadhais a bhí sise faoi deire fuar sí bás. Tug sí a h-aghaidh ar Párrthas agus ba geárr gur bain sí na geataí amach. Bhí Naomh Peadar annsin roimpe, agus má bhí fhéin, ní aon deagh cosamlacht a bhí air. Dubhairt sé léithe nach bfeadfadh sé í a leigeann isteacht go ndearna sé aithrighe ina a peacadh. Acht fág seo liomsa ar seisean. Ní raibh le dul ar a cúl ná ar a h-agaidh aice. agus béigin dí é a leannacht go dtáingeadar comh fada le Purgadóir, áit a raibh trí cinn de teinnte móra. Dóighfeadh an cead ceann Gaillimh, ba measa dara ceann, acht loisfigeadh an treas ceann an tsean buacaill fhéin. Ní mór duit, arsa peadar dul tré lár gach teine acap sin, sul á leigfear isteach i Riogacht Dé tú. Chraith an Creatúr bocht le h-uathbhas agus le faitcíos. Acht ar seisean, má tug tú déirce do duine ar bith araimh ar son dé. leigfear isteach tú. Ó Dia, [?] arsa sise, ní dearna me déirce ar aon mac máthar dár rugadh araimh. Smaoinigh aríst a deir Peadar. Ní dearna adeir [?] an athuair
ball sinsearach (stair)
2022-11-15 19:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí bean ann uair, agus bhí sí comh gortach sin. Nach dearna sí déirce ar saidhbhir na ar, daidhbhir, an dá lá ar a mair sí.
Ceart go leór, Nuair a bhí sí óg. Glac sí truagh ar bhean boicht liom a bhí cromhta leis an aois, agus feannta leis an bfuacht. Nuair buail, buail sí cnag ar an doras, agus diar déirce ar Son Dé, bhog croidhe na mná agus tug sí cóta trom dearg di. Acht ón lá geimridh sin níor thug sí luach féorlinge, daon mac máthár dá dtáinig chuig an doras. Tar éis sin bean maith a bí innte, nár cuireadh cóir araimh, na leit, agus nach
ball sinsearach (stair)
2022-11-14 19:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgeál.
Bhí fear i gconnamara fadó, agus bhí beirt ingean aige Bhí ingean aca posta i gconndaé an Cláir, agus bhí an ingean eile sa mbaile. Lá amháin, bhí an fear ag seoladh an mba isteach i ngarraidhe. Bhá gearr gur labhair glor os a cionn agus dubhairt sé leis cei'n fáth nach ag do socroid do ingean atá tú a deir an glór. Ní raibh a fios agam a deir sé go raibh sí caillte. Níl aon beallach agam a tabharas ann mé Tabarfaidh mise ann tú a deir an glór. Nuair a sroich siad teach na socroidí, bhí sé gar a beidh na oidhche. Ní raibh a fios ag an ingean a bhí sa mbaile cear a bhí ag coinnéal moille ar a h-athair. Cuaidh sí go dtí an garraidhe. Agus fuair sí a h-atair caillte annsin. Tug sí abaile é agus cuir sí é. Bhí a dearbhrathair ag an sagart agus diarr sé ar an bean a posadh. Tá sin scriobhadtha ceadna.
ball sinsearach (stair)
2022-11-13 11:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
haoghail, ní mór duith an poll sin a líonadh sul a leigfear isteach i Ríoghacht Dé thú. Bhí chroidhe an fhir dhá chéasad le dólás agus le brón acht ní thiochfadh leis deór a chaoineadh. Faoi dheire déirigh aon deór mór amháin na shúil. rith síos ar a ghruadh agus isteach sa bpoll agus leigeadh isteach go na flaitheas é.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-13 11:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear ann fadó, agus bhí a chroidhe chomh chruaidh leis na cloca glasa. Fuair a bean bás agus níor shíl sé aon deór. Fuair a chlann bás agus níor shíl sé aon deór. Níor shíl sé deór oireadh agus aon deór amháin i rith a shaoghal. Faoi dheire, fuair sé féin bás, Rinne sé ar gheataí na bhflaiteas agus bhí Naomh Peadar ann roimhe. Bhí gruim ar Naomh Peadar agus níor leig sé isteach é. Fág seo liom-sa arsa peadar. Dimthigheadar leó gur shroicheadar poll mór. Anois arsa Peadar ó thárla nár shíl tú aon deór i rith do
ball sinsearach (stair)
2022-11-12 10:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis ar an mbothar agus é cáilte agus dubhairt sé dhá mbaineadh sé na cosa dhe agus go mbéidir go dtostach siad uaidh, nuair a bheadh a chosa féin tuirseach. Bhuail sé na cosa faoi na éasgail agus thosuig sé ag siúl. Ba ghearr gur thuith sé deirneach air agus chuaid sé isteach i dteacín uaigneach a bhí ar leathaoibh an bhothair Caitheamh málaí faoi agus chuaidh sé a chodladh agus nuair a déirig sé ar maidin chuir sé air a bhróga agus dfág sé a chuidh ina dhiaidh agus nuair a déirig an fear chonnaic sé na cosa ar an tealach, agus dubhairt sé leis an bhean. "Féaca cosa an fhear agus cá ndeáca an chuidh eile dhe.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-12 10:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear ann fadó, agus bhí bheirt mhac aige agus bhí duine aca tinn i gcomhnaidhe agus chuaidh an driotháir eile go dtí an dochtúr ag cuartú leigeas dó agus thug an doctúr leigeas dó ach go gcaitheadh sé a beadh ag siúl. Chuaidh sé ag imteacht leis ar maidin agus faoi cheann sgata mór, casadh fear
ball sinsearach (stair)
2022-11-11 18:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tabhairt beatha dhó. Thosuigh sé féin ag tabhairt beatha. gan bhean agus gan chlann faithcíos go niompo an bhean agus na gasúir leis an mínistéara. Ach séard a bhí an fear a dhéanamh ag dul ag Aifreann ag an sagart agus ag dul ar urnaige ag an ministéara agus fuair an ministéara amach go raibh sé dhá dhéanamh agus d'fhiafruigh sé dhó cé'n fáth a raibh sé dhá dhéanamh agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ar Aifreann ag an sagart mar gheal ar fhéin agus go raibh sé ar urnaighe aige san mar gheal ar an mbó.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-11 18:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear ann fadó, agus bhí bó aige, agus ní raibh aon bhlas aige le n-ithe ná le tabhairt gan bhó. Agus dubhairt sé go radach sé go dtí an sagart agus go n-iarrach sé stúf. air dó féin agus gan bhó. Chuaidh agus dubhairt an sagart leis nach dtiubhradh. Chuaidh sé go dtí an meinistéara annsin, agus thug an muinistéara neart beatha dhó impú leis féin, agus dubhairt an fear go niompuach. Chuaidh sé abhaile agus nuair a chuala an sagart go raibh an ministéara ag
ball sinsearach (stair)
2022-11-10 18:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
iarraidhe buidéal eile aríst. Tháinigh, agus thug sé buidéal eile dó. [?] Nuair a bhí sé dhá thubhairt de dubairt sé leithe nuair a bheadh sé sin caithte a dhul go dtí an sráthán agus buidéal uisge fháil agus é a leagann ar an driusúr agus bhiadh gá ól chuile uair uair a bheadh sé ag troid, agus thug sí leithe é. agus nuair a bhí sé caithte chuaidh sí go dtí an sraithán agus fuair sí an buidéal uisge, agus uaidh sin amach, bhí siad féin ag fáil láthach le chéile.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-10 18:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear agus bean ann fadó agus bíodís ag troid i gcomnaigh, lá amháin, tháinig fear isteac ag cuarteacht agus dinnis an bhean dhó go mbíodís ag troid i gcomhnaige agus dfhiafruigh sí dó a raibh leigeas aige agus dubhairt sé go raibh. Fan annsin adeir sé go dtiubhradh mise buidéal dúit agus nuair a thosos sibh ag troid i gcomnaidh ól blugom as an mbuidéal dúit agus choinnig do bhéal dúinte go mbeadh an fear ré, agus nuair a bhéas an buidéal caithte agat, teara ag
ball sinsearach (stair)
2022-11-09 18:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé, acht bhí ag an doras rómham, nuair a thiocfas mé. Chuaidh an fear ag iarraidh an uisge agus bhí an bhean ag an doras roimhe. Bhuail sé an t-uisge anuas uirrthe, anois adeir sé, nach bhfhuil tú féin fliuch chomh mhaith liom-sa agus téig dhá iarraidh.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-09 18:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear ann fado, agus bhíodh sé ag obhair i gcomhnaidhe. Bhí a bhean leisgeamhail agus bhíodh sí ag faire ar an bfear le gac rud a dhéanam. Aon lá amháin bhí an fear ag teacht ag an doras agus bhí sé fliuch mar bhí an lá ag báisteach. D'iarr an bean air cliabh móna a thubhairt isteach. Chuaidh sé ag iarraidh an móna agus nuair a bhí sé ag teacht leis an móin. Dubairt an bhean leis a dhul ag iarraidh buicéad uisge ó thárla go raibh sé fliúch. Racaidh adeir
ball sinsearach (stair)
2022-11-08 19:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chaith sé ar an gcasán iad. Rinne na gasúir bealac amach as an gcoill aríst. Lá ar na bhárach cuireadh amach amach [!] na gasúir aríst san gcoill. Bhí píosa de chaca na phóca ag an mbuachaill beag agus chaith sé ar an gcasán é agus fuair na gasúir sa gcoill aríst. Acht chíonn ar na gasúir bealach fághail amach as an lá seo. Bhíodar ag siúbhal sa gcoill gur casadh teach beag ortha. Chuaidh siad isteach sa teach agus ní raibh aon duine sa teach rompa acht cailleach. Diarr siad lóistín fuair siad é agus fáilte. Faoi cheann cúpla lá chuir an chailleach an buachaill beag faoi ghlas i stábla. Bhíodhach an cailín beag ag tabhairt a béilidhe chuig an mbuachaill beag gac lá agus chuireach sí isteac chuige é i bpoll a bhí ar an mballa, Lá amháin dubhairt an chailleach leis an gcailín beag pota uisge chuir síos mar go raibh sí ag dul ag marbh an bhuacaill bheag. Nuair a fuair an cailín beag an chaileach cromtha síos ós cionn an phota. Chuir sí isteach in dhiaidh a mullaigh sa bpota an chailleach agus bruitheadh í. Annsin leig an cailín beag amach a dearbráthair as an stábla. Ba leis na gasúir an teach agus an talamh ní ba mo.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-08 19:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí mach is inghean aige. Cailleadh an bhean agus phós sé aríst. Bhí a leas mháthair an olc leis na gasúir. Oidhche amháin bhí na gasúir ina gcodhladh agus bhí an leas mháthair agus a n-athair ag cainnt le chéile thíos ag an teine. Bhí na gasúir ag éisteach leó. Séard bhí siadh rádh le chéile na gasúir thabhairt amach sa gcoill amárach, agus iad a fhághailt amuigh ann. Ar maidin nuair a dith siad a mbreacfasta. Dimtigh leó amach sa gcoill. Bhí lán a phóca de chlocha beaga ag an mbuachaill agus
ball sinsearach (stair)
2022-11-07 19:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an fear posta [< pósta] aríst agus ní fhéadfadh sé dhul dhá h-iarraidhe.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-07 19:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an fear posta [< pósta] aríst agus ní fhéadfadh sé dhul dhá h-iarraidhe.
ball sinsearach (stair)
2022-11-07 19:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ón teach. Lá amháin bhí an bhean seo ag tabhairt tabhairt [!] beatha chúig na muca. Chonnaic sí bean ag teacht agus ag tabhairt cuid de'n bheatha leithe agus dhá ithe. Níor chuir sí aon suim innte. An dara lá tháinig an bhean aríst agus rinne sí an rud céadna a rinne sí an chéad lá. Nuair a chuaidh sí abhaile san oidhche d'innis sí dhá fear na taobh. Tabhair leat chuig an teach amáirach í agus tabhair bídh de má thagann sí inéinfacht leat. Lá ar na bhárach tháinig an bhean aríst. D'fhiafruigh an bhean seo dhe cé'n fáth i bheith annsin. Tá mé sa gclochar sin thall le bliadhain deir sí inéinfacht le na sideogí. Acht níor ith mé aon bhlas dhá gcuidh beatha fós. An dtiocfaidh tú chúig an teach inéanfacht liom-sa agus beidh biadh níos fearr le fágail agat. Chuaidh sí inéanfacht leithe agus fuair sí biadh uaithe. Lá amháin dubhairt an bhean séo, le bean an tighe peann agus dubhach a thabhairt de mar go raibh sí ag dul ag sgríobh litir abhaile chuig a fear. Aithneóchadh sé mo chuid sgríobhnóireacht agus tiocfadh sé mo iarraidh. Chuir tusa an litir seo san bposta. Rinne sí amlaidh. Nuair a fuair an fear an litir chuaidh sé go dtí an sagart agus dinnis sé an sgéal dhó. Dubhairt an sagart leis gan a dhul dhá h-iarraidh. Mar má thagann sí, ní bheadh agat i gcomhnaidhe acht troidh. Bhí
ball sinsearach (stair)
2022-11-07 19:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal
Bhí bean ann fadó agus oidhche amháin, agus chuaidh sí amach ag siúbhalóid. Ní raibh sí ibhfad ó na teach ceap sí gur leag dúine éigin láim ar a gualainn. Nuair bhí sí tamall imtighthe amach chuaidh an fear amach agus fuair sé cáillte a bhean tamall ón teach. Thug sé abhaile í agus chuir sé tóraidh uirri. Tháinig sean-mná an bhaile isteach ag an tóraidh. Dubhradar le chéile nár cósamhail leis an bean a bhí ann chor ar bith. Cuireadh an bhean. Bhí bean eile ar an mbaile agus bhíodac sí ag tabhairt beatha ag muca a bhí tamall
ball sinsearach (stair)
2022-11-06 09:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
le bean an tighe an dhá léine ba bréaghta a bhí aice d'fághail ullamh dó féin agus so'n ghasúr i gcóir na h-oidhche. Chuaidh an gasúr agus an sagart a chodhlad in aon leabhaidh amháin an oidhche sin agus faoi cheann tamall de'n oidhche, bhí an sagart agus an buachaill fé Ríoghacht na bFlaitheas agus is annsin a bhí an dinnéar aca ar maidin.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-06 09:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí an bhliadhain thart agus dubhairt an sagart le bean an tighe gurb bfearr a bhí an gasúr bliain ó shoin nuair tháinig sé chuca ná bhí sé anois i gcionn na bliadhna. Bhí an sagart ag ceapadh nach raibh sé ag tabhairt a dhothain biadh dhó. Chuaidh an bean ag faire agus chuir sí a súil ar pholl an ghlais san áit a raibh sé ag ithe. Sarar a ith sé aon chuidh dhá bhiadh rinne sé dhá leath dhe, agus chuir sé leath go dtí an pictúir. Tháinig sí annsin agus dinnis sí de'n t-sagart é. An bfágar aon chuidh de'n bhiadh fághta ag an bpictúir. Ní fhághaim ar sise A adeir an sagart is mhaith an bhlian atá déanta aige sin. Labhair an pictúir annsin leis an ngasúr. Is iomdha bricfeast agus dinnéar agus suipéar atá tú ag tabhairt domsa le bliadhain agus táim-sé ag tabhairt cuireadh dinnéar dhuithse le h-agaidh na h-oidhche anocht, arsa an pictiúr. Ragha má fhágáim cead ó mo mháigistir. Dimthigh sé ar lorg cead an t-sagairt, Abair léithe arsa an sagart go bfuigir agus fáilte, ach cead dom-sa a bheith in aoinfheacht leath. Chuaidh sé agus dubhairt sé leis an bpictiúr go raibh an cheadh fachta aige o'n na mháighistir, ach é féin a ligint in aonféacht leis. "Abair leis bheith inaoinfheacht leat," arsa an pictiúr" Tháinig an sagart annsin agus dubhairt an sagart annsin
ball sinsearach (stair)
2022-11-06 09:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bean an tige dinnéar a thabhairt dóibh, nuair a thiocfadh siadh go dtí an tighe. Chuadar go dtí doras na cistinigh agus bhualadar ar an doras. D'fosgail bean an tige an doras agus chuadar isteach. Bhíodar fliuch taréis na báistige, agus bhí an teintái[n] 'a fliuchadh ag tuitim as a gcuid éadaigh. Nár leige an saoghal dom sibh arsa an bhean an tighe. Tá an t-úrlár go léir fliuch agaibh. Chualaidh an sagart í. D'éirig sé agus chuir sé a cheann san doras agus dubhairt sé léithe gan a bheith ag tabhairt aon droch-chainnt dóibh-sin, acht dinnéar a fhágáil dóibh go beó. Nuair a bhí an dinnéar ithte aca. Dimtigh an bhean bhocht agus an bheirt óg agus d'fan an mach críonna ag an sagart. Dubhairt an sagart le bean an tighe seomra le h-aghaidh codlata agus seomra le h-aghaidh biadh a thabhairt do'n bhuachaill. An seomra a raibh sé ag caitheamh an bídh ann, bhí pictúir de'n Mhaighdean Mhuire, ar crochadh ann agus ceap an gasúr gur bean í a bhí na beathaidh, Mar bhí an gasúr óg agus ní raibh aon eolas ar phictiúrí aige. An chéad bhéile a tháinig chuige. Nuair nach bhfhaca sé aon ghreim a teacht go dtí an mnaoi. Rinne sé dhá leith de'n bhiadh agus chuir sé leath go dtí an pictúir. Bhíodh sé ag oibriú leis mar sin ar feadh bliadhna é ag tabhairt leath gach béilidhe a tháinig chuige go dtí an pictiúr.
ball sinsearach (stair)
2022-11-06 09:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
píosa de'n bhotar a bhíodh íseal an fliuch. Bhí gac duine ag teicheadh o'n uisge agus ag dul isteach sa talamh. Nuair a tháinig an bhean bocht agus an triur gasúir go dtí an t-uisge chuaidh an mháthair agus an bheirt óg isteach san talamh agus bhí sí ag iarraidh ar an ngasúir críonna teacht isteach Á arsa an gasúr. críonna. Nár chuala tú cad a dubhairt an sagart éinne a choimheádfadh an bothar díréac nach mbeadh aon bhaogal air. "Ara". mo thruag thú", arsa a mháthair, ní hé sin an bothar díreac. a bhí an sagart ag rádh ach bothar eile. Is cuma liom-sa a mháthar arsa sé, cad é an bothar é, ach gheobhadsa an bóthar díreach. Gabh sé thríd an uisge. Cé a bhead ag éisteacht leis an ngasúr ach an sagart agus capall aige. Maith an buachaill "adubhairt an Sagart". D'fiafruigh an sagart de'n mhathair an ligfeadh sí in éanfacht leis é ar feadh bliana. Tá an gasúr óg agus déanfa sé an a cuirfe mé mar churam air. Tabharfa mé biadh agus deoch maith dhó, agus beagáinín turastal le na chois. Ní bheidh aon easba air " ligfe mé "a athair, arsa an bhean bhocht. Mar is fearr dó i bheith i dtaobh éiginteacht 'ná a bheith in aoinfeacht liom-sa. Téigir siar go dtí mo theach agus déarfadh le bean an tighe dinnéar maith a thabhairt díbh, mar a bfeice mé féin sibh, adubhairt an sagart. Dubairt an sagart le
ball sinsearach (stair)
2022-11-06 09:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Bothar Díreach
Bhí bean bhocht ann fadó agus bhí triúr mac aiche. Lá amháin, bíodar ag dul go dtí séipéal. Bhí an lá an-fhliuc ar fad. Dubhairt an mháthar go raibh an t-Aifreann dhá rádh nach raibh aon gnó aca a n-agaidh a thabhairt air. Chuadar isteach ag an Aifreann agus nuair a bhí an t-Aifreann ráidhta bhí an sagart ag seanmóir, agus dubhairt sé san t-seanmóir. Éinne a choimeadfádh an bóthar díreac nac mbeadh aon bhaoghal air. Nuair a bhí an t-seanmóir ráidhte bhí na daoine ag dul abhaile agus ghluais an bhean agus an triur leanbh leó. Bhíodh
ball sinsearach (stair)
2022-11-05 09:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
púnt leis an mbaintreach le tabhairt de'n Tigearna. Is mise a bhí cáilte an lá sin, agus téig abhaile anois. Tabhair sgheala chuig do dhaoine muintreacha atá ar an bfairrge. Nuair a bhí an méid sin ráidthe ag an bfear chuaidh sé de léim síos faoi an mbád. Annsin chuimnigh an fear ar na chúig phúnt, agus chuaidh sé abhaile. Ar maidin ní raibh aon bhád a bhí ar an bfairrge nach raibh báidte.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-05 09:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
daoine leis agus ní raibh aon mhach aiche acht mac amháin agus cailleadh é, agus ní féidir leó an chuirp a chúir, gan chuig phúnt a íoch agus níl aon airgeadh ag an mbaintreach le tabhairt de'n Tighearna. Muise is dona na daoine sibh deir sé leó. Mar a bhfuil chuig phúnt agaibh. Tá chúig phúnt agam-sa deir sé agus tabarfá mé duith e, adubhairt sé leis an mbaintreach, agus má bhíonn tú indon mé a íoc go deo, Íoch mé agus mar a mbeidh ní iarfa mé ort é. Cuireadh an cuirp annsin. Bhíodhach an fear seo ag iasgach go minic. Bhíodhach triúr sa mbád i gcomhnaidhe in éanfacht leis. Lá amháin nuair a bhí sé ag dul ag iasgach ní raibh duine den na fir le dul in-éanfacht leis. Bhí sé tinn. Bhí gac bád imthighe amach ag iasgac acht an bád seó. Ba ghearr go dtáinig fear óg go dtí é. Chuaidh an fear seo, isteach san mbád sé obair ar fhear an bháid. Fuair sé obhair uaidh. Nuair a bhí an bád tamall amuigh ar an bfairrge dubhairt an fear seo leo bheith ag dul abhaile. Mar ba ghearr go mbeadh sé ina ghála agus bád ar bith a bheadh amuigh go mbáthfaí í. Ní raibh siad ag tabhairt aon áird air. An cuimhneach leat deir an fear seo, le fear an bháid an lá a raibh tú ag dul go Condaé Chorcaigh ag díol ime, agus a raibh contraigh taobh amuigh de'n doras agus díoc tusa chúig
ball sinsearach (stair)
2022-11-05 09:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear ann fadó, agus bhí sé ag dul ar aonach. I gCondaé Chiarraidhe a bhí comhnaidhe air, agus go Conndaé Chorcaigh a bhí sé ag dul ar an aonach. Ag marcaidheacht ar chapall a bhí sé agus ualach ime aige, le díol. Bhí sé ag siubhal ariamh go bfhacha sé contraigh taobh amuigh de'n doras agus bhean ag caoineadh ós chinn an chontraigh. Dubhairt sé leis féin gur cheart dhó an chontraigh a leigeann roimhe D'fan sé tamall maith ag fanacht go dtéigeadh an chontraigh roimhe. Acht sa deireadh chuaidh sé isteach go dtí na daoine a bhí san teach, agus d'fhiafruigh sé dhóibh cé'n fáth nach raibh siadh ag chuir an chuirp. Baintreach í sin adubhairt na
ball sinsearach (stair)
2022-11-04 18:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fear a bhí ag iasgach de'n fhear a bhí ag teacht ón Aifreann, an ndíolfad sé leath an Aifreann leis, agus dubhairt an fear go ndíolfadh. Cé mhéad a bheideas tú ag iarraidhe air adeir an fear leis. Púnt adeir sé. Fan annsin go dtéigh mé abhaile, go ngéibheadh púnt ó mo bhean. Fuair sé an púnt ó na bhean agus thug sé é do'n fhear a thug leath an Aifreann dhó. Chuaidh an bheirt aca abhaile, agus ní rinne an fear sin fallaí ar an Aifreann ní ba mhó.
ball sinsearach (stair)
2022-11-04 18:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal.
Bhí fear ann fadó, agus Domhnach amháin. Bhí se ina shuidhe le éirge na gréine, Bhí an mhaidin go han bhreágh agus dubhairt sé le na bhean go raibh sé ag dul ag iasgach ar an aill a bhí tamaill o'n teach. Go mbeadhach sé in am a dhul ag an Aifrinn. Dimthigh sé leis, agus bhí sé ag fágáil go leór éisg. Dimthigh an t-Aifreann as a choimhnig, Ar deireadh chuaidh sé abhaile. Bhí a bhean teagtaidhe ón Aifreann. Bhí an fear as a chéill nuair a bhí an t-Aifreann cáilte aige. D'imthigh sé leis annsin agus ba ghearr gur casadh fear ar an mbothar leis, a bhí ag teacht ón Aifreann. Bheannuigh siadh dhá chéile. D'iarr an
ball sinsearach (stair)
2022-11-03 19:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sean-fhear as a sheasamh. Dimtigh an fear agus thugh se deoch uisghe chuig an sean-fhear. D'innis an fear de'n t-sean-fhear chuile nídh i dtaobh an t-sagart a bhí ag iarraidhe na muiche. Sé an fáth a raibh an sagart ag iarraidhe na muiche adeir an sean-fhear. Mar tá do inghean agus dearbráthair an t-sagart pósta, agus ní raibh aon airgeadh acha le na bpósa acht an mhuich. Ó má tá adeir an fear, tá an sgéal mílte.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-03 19:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a bhí sa mbhaile. céard a bhí ag coinneál moille ar a h-athair, Chuaidh sí go dtí an garraidhe agus fuair sí a h-athair cáillte ann Thug sí abhaile é agus chuir sí é. Bhí dearbhráthair ag an sagart agus d'iarr sé ar an bhean é a phósadh. Ní raibh aon airgead aca a phósach iad. Ach muich a bhí ag an mbhean agus dhíol sí í agus bhí airgead aice. Pósadh iadh, San oidhche tháinig a h-athair ag an doras acht ní leigfeadh an inghean isteach é mar bhí sé curtha aiche roimhe sin. Ní raibh aon áit ag an bhfear lé dul a chodhladh san oidhche, ach dul isteach i stábla na muc. Ní raibh sé i bfhad istigh sa stábla go dtaínig buachaille an t-sagairt ag iarraidhe na muiche. Ní gheibhtear an mhuch "adeir an fear". D'imthigh an buachaill ar ais go dtí an sagart, agus dinnis sé an sgéal dó. Chuaidh an sagart agus an buachaill ar ais go dtí an stábla. Bhí an sagart ag dul ag tabhairt leis an mhuic ach ní leigfeadh an fear leó í. Nuair a tháinigh an Domhnach, dubhairt an fear leis féin go raibh sé ag dul ag an Aifreann. Nuair a chonnaich na daoine ag teacht é, dinnis siad de'n t-sagart é. Má tá sé ag teacht adeir an sagart, ní bheidh mise ar an altóir roimhe. Rith an sagart agus rith na daoine. Acht sean-fhear amháin, nach raibh indon rith. Thuith an
ball sinsearach (stair)
2022-11-03 19:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear i gConnamara fadó, agus bhí beirt ingean aige. Bhí ingean acha i bposta i gCondae an Chláir, agus bhí an inghean eile san mbhaile. Lá amháin bhí an fear ag seóladh na mba isteach i ngarraidhe. Ba ghearr gur labhair glór ós a chionn agus dubhairt leis "cé'n fáth nach ar shocraidhe an ingean a bhí sé. Ní raibh a fhios agam adeir sé go raibh sí cáillte. Níl aon bhealach agam a thabharfadh ann mé adeir sé. Tabharfa mise ann thú adeir an glór. Nuair shroich siad teach na sócraidhe. Bhí sé gar a bheith na oidhche. Ní raibh a fhios ag an inghean
ball sinsearach (stair)
2022-11-02 19:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
liom í a chaiteamh. adeir an fear. Chuaidh siadh abhaile annsin agus dfan an bheirt acha san teach go bfhuair siadh bás
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-02 19:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus do thug sé dhó é. Dubhairt sé leis a dhul go dtí an fathach, agus go bé an obhair a bheadh le déanamh aige ag chuir na caillighe isteach agus amach tar-éis chuile bhéile. Chuaidh sé go dtí an fathach, agus dubhairt an fatach leis fanacht ag obhair aige féin agus d'fan. Bhí sé ag chuir na caillige isteac agus amach ar feadh an am. Lá amháin chaith sé i dtom neantogaí í agus thosuigheadh sí ag sgréachaogail. Céard atá ort adeir an fatach léi "mé féin, mé féin" atá adeir sí más tú, tá tu ceart. Ar maidin lá na bháireach. Dubhairt an fathach leis an bfear, rudaí na gcaiple a ghlana agus iad a bheith glanta aige roimhe féin. Nuair a tháinig an fatach dubhairt sé leis an bfear go gcaithfeadh sé ropa féir a thabhairt anoir as an ngarraidhe. Nuair a bhí an féir tugtaí anoir aige, chuaidh an fear agus an fathach ag iarraidhe uisge ag an tobar, agus dubhairt an fear leis go dtiubharach sé an tobar anoir, agus dubhairt sé leis gan a thabhairt Lá amháin chuaidh siad ag marbhuighe éanacha agus rinne an chailleach chuach de féin agus chuaidh sí suas i gcrann agus thosuigh sí ag glaodach. Chaith an chuach sin adeir an fathach leis an bhfear, agus chait sé í. Ó arsa an fathach tá mo mháthair marbuidhghe agat, tá tú féin le marbuigh. Nach tú féin adubhairt
ball sinsearach (stair)
2022-11-02 19:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí go maith. Bhí an fear ag chur na caillige isteach agus amach tar-éis chuile bhéile agus ba gearr go bfuair sé locht uirrthe. Ní bheidh mise dhá cuir seo, isteach ná amac níos fuidhe adeir seisean, leis an gcaileach agus bhain an fatach an chluais dhe. Dimtigh an dara mac annsin agus thug sé cáca leis. Ní raibh sé i bfada ag siubhal gur casadh madadh leis, D'iarr sé píosa cháca ar an bfear agus dubhairt sé leis nach dtiúbharach. D'imtigh an fear leis annsin, agus ba ghearr go dtaínigh sé go dtí teach an fhathaighe. D'fiafruigh an fathach dhe cé raibh sé ag dul agus dubairt an fear leis gur ag iarraidh obhair, fan agam-sa agus sé an obhair a bheideas le déanamh agat mo mháthair a chuir isteach agus amach cuile lá tar-éis chuile bhéilidhe, agus má fhághann sibh aon lucht ar a chéile, go mbainfaidís an chluais dhá chéile, Bhí go maith, bhí an fathach ag éisteach leobhta lá, ag troid agus bainead an cluais dóibh, mar geall go bfuair sé lucht ar a chéile. Dimtigh an fear leis annsin, agus tháinig sé abhaile, Dimtigh an triomhadh mach annsin, agus thug sé féin cáca leis. Ní raibh sé i bfad ag siubhal gur casadh an mada leis. Diarr an mada píosa de'n cháca ar an bfear.
ball sinsearach (stair)
2022-11-02 19:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí triur mac ann fadó, agus bhí gráin aca ar a chéile. Chuaidh fear aca ag cuartú obhair agu thug sé cáca leis ag imteacht dó. Casadh mada air agus diarr sé píosa dé'n cháca ar an bfhear, agus dubhairt sé leis nach dtiúbharach. Dimthig an fear leis annsin agus casadh fathach air. Dfiafruigh an fathach dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé leis gur ag iarraidh obhair a bhí sé, Fan agam-sa adeir an fathach leis agus d'fan sé ag obhair aige. Sé an obair a bheadh le déanamh aige máthair an fhathaighe a chuir isteach agus amach thar éis chuile bhéile, agus dubhairt an fathach leis ghá bfáigidís aon lucht ar a chéile go mbainídís an chluais dhá chéile.
ball sinsearach (stair)
2022-11-01 20:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fágháil. chun mé a leigheas, Chuaidh an bhean bhreoithe suas san seomra agus dubhairt sí leithe gan aon ní a innseacht d'aon duine go dtí go gcailfí í féin agus a fear. Thosuigh sí uirthe ag innseacht an sgéal mar seo. Bhí mé annseo ar sise, agus bhí cáirdeas Críost liom ar an mbaile agus níl aon lá dá dtagadh sé isteach nach ndearadoch sé an píopa agus thugadh sé dom é le ghal a bhaint as. Tháinig m'fear féin isteac lá agus chonnaic sé an píopa agam, agus níor ndearnadh sé ach breith ar thuaigh a bhí ann agus mhairbh sé an cáirdeas Críost. Tá sé curtha annseo fé leic an tealladh agus níl a fhios ag aon duine cá bhfuil sé. Má bhíonn a fhios ag aon duine go bhfuil sé ann adeir sise. Is mó mo thrioblóidh-feín ná do thrioblóid-se.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-11-01 20:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí bean ann uair amháin agus bhí aicídh uirthe, agus ní raibh aon ní ag déanamh aon leighis di. Dubhairt bean eile léi dul go dtí bean ná mbeadh aon ní ar an saogal ag déanamh aon bhuartha dhi, ná aon trioblóid uirthe agus léine a fhágáil ar iasacht uaithe agus go leighisfeadh an léine í. Bhí sí ag cuimhnige annsin cé hí go ragadh sí ag dul ag fágháil an léine uaithe. Cuimhnigh sí ar bhean annsin, nach raibh aon trioblóid san saoghal uirthe, ná aon ní ag déanamh aon bhuartha dhe. Chuaidh sí go dtí í agus dinis sí a chás de agus d'iarr sí an léine uirthe le í a leigeas, mar dubhairt siad liom ar seise, gur ó do léitheid, nac bhfuil aon bhuartha ná trioblóid uirthe, do chaithfinn í
ball sinsearach (stair)
2022-10-31 18:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tón an channa. Tháinig sí abhaile agus thug siad faoi ndeara nach raibh aon uisge aice. D'fhiafruigh siad dhe cé raibh an canna. Bhris mé an canna ar sise. Ní thubharfadh mo léithidh de chailín deas uisge agaibh. Cailín deas atá ionnam ar sise, feiceadh sibh mé thíos ins an tobar. Ní thiubharfaidh mé canna uisge abhaile cugaibh níos mó, "ar sise," Nuair a chualadh an buacaill an rud a bhí sí tar éis a rádh. Chuaidh sé isteach d'aithnigh sé an cailín a bhí ins an gcrann. Thug sé anuas í agus thug sé isteach in-a theach í agus lá r na bhárach pósad an bheirt aca. Bhí bainis lae is bliana acha agus an lá deireannach comh maith leis an gcéad lá.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-10-31 18:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'athair ag teacht ar an gcapall bhachach. Chuir do lám isteach i gcluais dheis go ghearráin agus féach an bfeichfidh tú tada ann." Chuis sé a láim isteach i gcluais dheis an ghearráin agus fuair sé slamann alluis. Breathnuigh do dhéidh, adeir sí agus abair "Fairrge ar do chúl agus bothar deas roimhe amach. D'imthigh sé annsin agus tháinigh an fhairrge mhór 'n-a ndéidh agus bothar deas roimhe. Tháinigh an fatach agus an sean-chapall-bán aníos chuig an fairrghe agus luighe siad síos agus d'ol siad an fhairrge uilig acht aon channa amháin, agus cailleadh an bheirt. Anois adeir an' cailín "Tá tú sa mbaile ag do theach féin, agus nuair a rachaid [?] tú isteach ná leig do aon duine póg a bhaint díoth. Má phógfaidh an duine aca thú bíodhach cuimne agat orm-sa 'na dhéidh. Bheidh mise ag fanacht leat taobh amuigh. Thug seisean capall an cailín leis agus chuaidh an cailín san gcránn. Nuair a chuaidh an buachaill isteach in-a theach bhí átas mór orra uilig é a fheiceál agus bhí siad ag crathadh láimh leis agus dhá phógadh. Tháinig an madadh anuas agus ligh sé láma agus éadan an bhuachalla agus níor smaoinigh sé air an gcailín ní ba mó. Bhí cailín óg sa teach seo, agus maidin lá'r na bhárach chuaidh sí ag iarraidh canna uisge. Nuair a bhreathnuigh sí síos san tobar connaich sí sgáile an cailín eile a bhí thuas san gcrann. Smaoinigh sí gur bé a sgáile féin a bhí ann, chaith sí uaithe an channa agus bhris sí an
ball sinsearach (stair)
2022-10-31 18:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
póta. Nuair a chualaidh an fathach an sgéal seo thuit sé ina codhladh. Shaoil sé go raibh an buachaill bruithte san bhpota. Shiubhal leat arsan cailín, agus rachaimíd ar siubhal o'n chaislean ar fad". Chuaidh siad amach ins an stábla agus thug siad amach an dá ghearrán ab fearr a raibh ann. Nuair a mhuscail an fathach chuaidh sé suas ins an seomra ag féacaint a raibh an buacaill sa bphota ach ní raibh sé ann. Bhí a fhios aige go maith go raibh an beart ar siubhal agus chuaidh sé amach ins an stábla ach ní raibh tada ann ach sean-chapal[l] bacach. Thug sé amach é agus chuaidh sé ar a lorg. Breathnuigh i do dhéidh" arsa cailín, agus féac i bfheiche[..?] Tá d'athair ag teacht adeir sé, ar an sean-chapall bhacach" Cuir do láimh isteach i gcluais dheis do ghearráin agus feach an bfeiceann tú tada ann. Chuir sé a lá[imh] isteac i gcluais an ghearráin agus fuair sé sleamann gainimhe ann. Breathnuigh do dhéidh arsa an cáilin agus abair "Sliabh agus creagacha 'do dhéidh agus bothar deas roimhe. Rinne sé é sin agus tháinigh sliabh mór agus creagacha 'na ndéidh agus bothar deas roimhe. Tháinic an fathach aníos chuig an sliabh mór agus na creagacha agus b'éigin do dul ar ais agus tuagh agus casúr fágháil chun casan a dhéanamh fhríd na creagacha agus na sléibhte móra. Bhris sé na creagacha agus na sléibte go bfhuair sé casan thríd. Amharc aríst agus fiac an bhfeicfidh tú duine ar bith ag teact, arsan cailin. Feiceamh [!]
ball sinsearach (stair)
2022-10-31 18:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na bhárach d'éirigh an buachaill agus chuaidh sé chun na coilleadh. Bí sé indéidh an gearráin, siar a's aniar. Acht cha dtiocfadh leis a ghabhadh. Shuidh sé síos agus thosuigh sé ag gol. Tháinic an cailín amach le na ndinnéar. "Céard atá ort indiu ar sise. Tá an obair seo le déanamh agam agus ní bheith sí réidh a choidhche ar seisean, Is cuma adeir an cailín ith do dhinnéar agus chuir do cheann ar m-ucht go n-amharcfaidh mé ann. Thuith sé ina chodladh agus nuair a mhuscail sé bhí an gearrán i n-a sheasamh láimh leis agus rópa ar a mhuinéal. Thug sé an gearrán abaile leis chuig an chaislean agus dubhairt an fathach leis go raibh an obair réidh anois agus a shuipéar fágháil agus a dhul na chodhladh. Fuair sé a shuipéar agus chuaidh sé a chodhladh. Bhí eagla mhór ar an fhathach roimhe an mbuachaill anois. Nuair a bhí an buachaill ina chodhladh chuir an fathach póta mór ar thaobh na leabtha. Bhí ropa ag dul thríd an urlár san gcaoi go bféidir leis an leabhaidh a ionntodh bun os cionn agus an buachaill a ligint isteach san bpóta. Smaoinigh sé go dtuitfeadh an buachaill isteach agus go mbeadh sé bruithte sa bphota. Chuaidh an fathach síos san seomra eile chun greim a fágháil ar an rópa idir an dá am, tháinic an cailín isteac agus mhuscail sí an buachaill. Nuair a tharraing an fathach an rópa thuit píosa mór adhmaid isteach sa
ball sinsearach (stair)
2022-10-31 18:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
siubhal ag cuartughadh an chaisleain agus nuair a tháinig sé chuig an teach, bhuail sé ar an doras Ní raibh sioc ná sneachta ar an teach ná ar an talamh a bhí thart air. Tháinig an fathach féi[n] ag an doras agus bhí aithne aige ar an mbuachail[l.] "Tar isteach", ar seisean, agus gheobhfaidh mo inghean do shuipéar dhuit. Maidin lá'r na bhárach d'éirigh an buachaill go moch. Fuair sé a bhreicfasta, agus dubhairt an fathach leis go raibh an obair seo, le déanamh aige - stábla a ghlanadh amach nár glanadh le seacht mbhliain roimhe leis. Thosuigh sé ar an obair acht gach a gcuirfid sé amac thiocfadh a trí oiread isteach aríst. Faoi dheire thug sé faoi ndeara nac raibh maith ar bith dhó a bheith ag obair agus shuidh sé síos agus thosuigh sé ag gol. Tháinic ingean an fhathaigh amac lá, agus d'fiafruigh sí dhe. Cé'ard a bhí air, nó cé'n fáth nach raibh sé ag obair. Tá an obair seo le déanamh agam agus ní bheidh sí réidh a choidhche. "Ó is cuma, adeir sí, ith do bheilé agus chuir do chionn ar m-ucht go n-amharcfaidh mé uaim. Thuith sé ina chodladh agus nuair a muschail sé bhí an stábla glanta amach. Nuair a tháinic an oidhche chuaidh sé abhaile [?] chuig chaislean agus fuair sé a shuipéir ann. Is maith an buachaill thu, arsan fathach. Beidh obair eile romhat ambárach dul 'na coilleadh cun gearran a ghabhadh nach raibh gaibhthe le seacht mbliain agus rópa a chuir ar a mhuinéal. Maidin lá'r
ball sinsearach (stair)
2022-10-31 18:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí buachaill bocht san tír seo, fado. Lá amháin chuaidh sé amach cuartughadh saidhbhreas. Casadh fathach mór air. Cá bhfuil tú ag dul arsa fathach. Té mé ag cuartughad sairbíse arsan buachaill Tá buachaill ag teastáil uaim-se arsan fathach, agus buachaill ar bith a ndéanfas mo chuid oibre, gheobhaidh sé mo' ingean agus mo chuid airgeadh. Más maith leat a theacht chugham go dtiocfaidh an sioc agus an sneachta ar an tír seo. Beidh sioc agus sneachtmhain, agus ní bheidh greim sneachta ar mo theach-sa, Beidh tú indon mo thige a aithint ar an dóigh sin, acht caitfidh tú fannacht san mbaile nó go dtigead an sneachta. D'fhan an buachaill go dtáinig an sneachta agus dimthigh sé ag
ball sinsearach (stair)
2022-10-30 09:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
annsin, dubhairt an cat go raibh míoshásamh mór air mar nach raibh teach a mháistir leaghtha amach mar ba chóir dhó a bheith mar bhí siadh imthighthe le coicthidhis as. Sílim go bhfuil sé sáthach leaghtha amach, adeir an rí. Ní raibh fhios agam-sa i n-am ar bith ariamh go raibh Mac Uí Airt 'na fhear chomh uasal agus tá sé. D'imthigh an rí abhaile annsin, agus d'fhag sé a ingean go socair sásta i n-a dhiaidh. Tá mac Uí Airt agus an cat, agus inghean an rí go sochair sásta i dteach an fhathaigh ariamh ó shoin.
Críoch.
ball sinsearach (stair)
2022-10-30 09:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
annsin, dubhairt an cat go raibh míoshásamh mór air mar nach raibh teach a mháistir leaghtha amach mar ba chóir dhó a bheith mar bhí siadh imthighthe le coicthidhis as. Sílim go bhfuil sé sáthach leaghtha amach, adeir an rí. Ní raibh fhios agam-sa i n-am ar bith ariamh go raibh Mac Uí Airt 'na fhear chomh uasal agus tá sé. D'imthigh an rí abhaile annsin, agus d'fhag sé a ingean go socair sásta i n-a dhiaidh. Tá mac Uí Airt agus an cat, agus inghean an rí go sochair sásta i dteach an fhathaigh ariamh ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2022-10-30 09:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
rí de'n fhear a bhí ghá bhfaire, cé leis an méid sin beithidheach, "Le Mac Uí Airt iad arsa an maor, Is mór an lán beithidheach atá agat, A Mhich Uí Airt arsa an rí. D'imthigheadar leobhtha go dtáinigh siad go dtí an áit a raibh na caoirigh, D'fiafruigh sé de'n mhaor cé leis an méid sin caorach. Dubhairt an maor gur le mac Uí Airt iad "Ba gara, is onórach an fear é Mac Uí Airt "Arsa an rí." Bhí siad ag imteacht leobhtha go dtáinig siad go dtí an pháirc a raibh na caiple ann." D'fiafruigh an rí d'e'n mhaor cé leis an méid sin caiple," Le Seán Mac Airt," arsa an maor "Ba gara, is saidhbhre Mac Uí Airt go mór ná mise a dubhairt an rí. Thiomháin siad leobhtha agus bhí Seán leanamhaint an chait go bhfaca sé ag iompódh síos é go caisleán an fhathaigh. Nuair a chuaidh an cat isteach go dtí an fathach rinne sé cleasa toil, trí h-uire [!] thíos ag béal an dorais. Dubhairt sé leis an bhfathach: "Sin rud nac dtiocfadh leat-sa a dhéanamh! "Thiocfadh liom-sa a dhéanamh go cinnte! arsa an fathach leis an gcat. Ní thiochfaidh leat seo a dhéanamh "arsa an cat" ag teacht thart agus ag déanamh luchóige de fhéin." Thiocfadh liom a dhéanamh go cinnte" arsa an fathach, Deanann an fathach luchóg de féin. Nuair a fuair an cat 'na luchóg é sgiobann sé an cloigeann de. Nuair a bhí an fathach marbh ag an gcat chuaidh sé amach ar mhullac an tighe ag gloadach air a mháistír, ar an rí agus ar a chuid fear. Nuair a chuaid siad isteach
ball sinsearach (stair)
2022-10-30 09:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an chaoi a bheadh orm", Ná bac thusa leis sin arsa an cat "Déanfaidh mise thusa níos saidhbhre ná é féin. Pósadh an lánamhan annsin. Bhí ithe agus ól aca, ar fead suim aimsire, agus dubhairt an cat le Seán go raibh sé chomh maith dhó a bhean a thabhairt abhaile. Cé'n mhaith díom-sa í tabhairt liom anois, nuair nac bfuil aon áit agam a dtiubhrainn í", Lean mise adubhairt an cat", chuile bhóthar dá rachaidh mé go bráthach go bhfeiceadh tú mé ag seasamh agus ag glaodhach ort. Bhí go mhaith, bhog siad an bóthar, agus dimthigh an cat rómp[a] go dtáinig siad go dtí státa mór a bhí ag fatha[ch] Casadh páirc mhór bheithideach leis an gcat, dubhairt sé leis an bhfear a bhí ag faire go dtiubhradh sé chuig punt dhó, acht a rád gur le Mac Uí Airt na beithidhigh dá bhfiafruigheadh an rí dhe cé leis iad. Bá ghearr a bhí sé ag siubhal gur casadh páirc mhór lán de chaoirigh leis an bhfathach. "Seo chuig punt duit anois, acht nuair a thiochfas an rí anuas, má fhiafruigheann sé cé leis an méid sin caorigh, Abair gur le Mac Uí Airt iad. D'imthigh an cat leis annsin go dtáinig sé go dtí áit a raibh trí páirceanna lán le caiple. Anois ar seisean, béarfaidh mé chúig punt duit acht abair leis an rí gur le Mac Uí Airt na caiple sin, Bhí go maith go raibh an rí ag boghad aníos, go dtáinig sé go dtí an pháirc a raibh na buláin inntí. D'fiafruigh an
ball sinsearach (stair)
2022-10-30 09:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
iad féin agus teac an rí. Dubairt an cat le Seán é féin a chaitheam ins an abhainn le na chuid éadaigh a fhliuchad. Chait sé é féin ins an abhainn agus d'fliuch sé é féin, agus rith an cat cuig an rí agus dubhairt sé gur éirigh miatha dhá mháistir "Thuit sé ins an abhainn ar seisean "agus fliuchadh a chuid éadaigh, agus tháinig mé go bhfuighinn culaidh éadaigh le n-aghaidh nó ní thiochfaidh sé isteach'. Chuir an rí amach an chulaigh a b'fearr a bhí aige cuig Mac Uí Airt. Thug an cat go dtí a mháistir iad. Chuir an Máistir air iad, agus shiubhal sé isteach 'n-a árd-dhuine uasal, agus bhí fáilte mhór ag an rí roimhe, Chaith sé é féin agus an cat, annsin ar feadh seachtmhaine iad féin agus an rí. Súl má raibh an tseachtmhain istigh thuith sé féin agus inghean an rí i ngrádh le chéile. Dubhairt an cat leis an rí go mbeadh bród mór air dhá dtigeadh leis féin agus leis an rí cleamhnas a dhéanamh idir an lánamhan óg. Thosuigh an rí ag gáiridhe agus dubhairt sé gur ag a mháistir a bhí sin le déanamh. D'imthigh an cat go dtí a máistir agus dinnis sé an cás dó. C'én chabhair a bheadh dhomh-sa pósadh a dhéanamh nuair nach mbeadh aon áit agam a dtiubhrainn í, agus b'feidhir go mbainfeadh an rí an ceann díom dá bpósainn a inghean, nuair a d'fheicfeadh sé
ball sinsearach (stair)
2022-10-30 09:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh an cat chun na dúthaighe agus mharbhuigh sé trí cinn de choiníní. Thug sé leis na trí coiníní go dtí teach an rí, agus dubhairt sé leis an rí gurb trí coiníní a chuir a mháighistír cuige, Céard is ainm don mháistir, arsa an rí leis an gcat. "Mac Uí 'Airt", ar seisean. "Abair le do mháistír go bhfuil mé an-bhuidheach dó, mar gheall ar na coiníní. D'imthigh an cat abaile chuig a mháistir. "Caithfidh mé dul chun na dúthaighe i mbárach go marbhuighidh mé tuilleadh coiníní a bhéarfas mé chuigh an rí." D'imthigh sé an dara lá agus trí cinn de coiníní aige go dtí an rí. Seo trí cinn de coiníní a chuir an mhaistir cugat, a rí, arsa an cat." Abair le do mhaistir" arsa an rí "go bfhuil mé an-bhuidheach dhe, agus abair leis go mbeadh buidheachas mór agam air dhá dtaghach sé seachtmhain ar cuairt chun mo thige," goidé an t-ádhbhar go bhfuil Mac Uí Airt chomh maith dhom, cor ar bith! "Déarfaid mise sin leis agus fáilte", arsa an cat "más tig leis ám a spáráil le teacht ar cuairt," Chuaid an cat go dtí a mháistir, dinnis sé an cás dó, "Ara" cé'n caoi a dtiocfa[dh] liom-sa dhul ar cuairt chuig teach an rí, Ná bac leis, arsa an cat "cuirfidh mise ceart th[ú] D'imthigh sé féin agus a mháistír, agus bí abhainn idir
ball sinsearach (stair)
2022-10-30 09:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Sean-Sgéal."
Bhí fear ann fadó, agus bhí triur mach aige, agus nuair a bhí sé ag fáil bháis, roinn sé an oighridheacht, agus ní raibh le roinnt aige acht, capall, bó agus cat.
D'fág sé an bhó ag an mach ba siné acha d'fág sé an capall ag an dara mac, agus d'fág sé an cat ag an mac a b'oige = ag Seán, Dubhairt an cat le Seán gur le teann droch-mheasa air féin fágadh an cat aige, "agus b'féidir" "ar seisean" go mbéinn-se chomh maith dhuit leis an mbuin nó leis an gcapall, acht caithfidh tú slat éadaigh fháil domh-sa agus mála a dhéanamh dhe." Fuair sé an t-éadach, agus rinne sé máilín dó.
ball sinsearach (stair)
2022-10-29 09:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
connaic siad í. Is gearr go dtáinig Pádraig agus beagnach thuit sé féin. Cuireadh aríst í, agus cuireadh fios ar an sagart aríst. Is fearr dhúinn í fhaire anocht a dubhairt an sagart. Is gearr go bhfaca siad Pádraigh ag teacht. Thóig sé an cailleach aríst agus cuaidh sé ag caraoidheacht leithe. Leag Pádraig an cailleach an céad uair acht leag sisé Pádraig dhá uair eile. Síl mé go raibh tú cáillte a dubhairt an sagart leis an gcailleach.
ball sinsearach (stair)
2022-10-29 09:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
déanfidhmíd leithe chor ar bith" arsa Seán. "Cuartú an óir' atá sí" arsa Pádhraig a d'fhág sí na diaidh. Chuir Seán an tór faoí na cloigeann. Cuireadh aríst í. An oidhce sin thóig Pádhraig aríst í agus thug sé leis an tór, a bhí faoi na cloigeann. Thug sé leis í go dtí siopa Sheán agus chuir sé páipéar té ina láimh. Nuair a táinigh cailín an t-siopa amach ar maidin thuit sí as a seasamh nuair connaich sí an cailleach. Is gearr go dtáinig Seán agus a bhean amach agus thuit siad féin nuair a chonnaic siad an cailleach. Ní raibh sé an-fhada go dtáinig Pádraig agus bhí iongantas mhór ar féin. Cuireadh fhios ar an sagart annsin leis an uaigh a bheannuigheadh. Cuireadh aríst í. Dubhairt an sagart leó má deirigh sí cheana ní éirigheóch sí aríst. Nuair a bhí Seán ag dul ag íoc airgead. Níor tóig an sagart aon airgead uaidh. Acht dubhairt sé leis muc a coinnéal do. Dubhairt Seán go gcuinneoc. Cuirfidh mé an buachaill dhá h-iarraidh i mbárach dubhairt an sagart. An tríomhadh oidhche thóig Pádraig an cailleach agus tug sé leis í go dtí an áit a raibh na muca agus marbuigh sé chuile ceann aca acht ceann amháin. Cuir sé dhá láim na caillaighe ar an sgian agus sáith sé an muic. Ag déanamh amach go bhí an cailleach a marbuigh na muca. Nuair táinig buachaill an t-sagart ag iarraidh na muice. túit sé as a seasamh. Is gearr go dtáinig Seán agus a bean agus an cailín ag breathnuigh ar na muca. Connaic siad an cailleach ag marbh na muice. Tuiteadar as a seasamh nuair
ball sinsearach (stair)
2022-10-29 09:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí beirt dearbhráthair ann fadó agus bhí cailleach sa teach ann agus ba [?] ghearr go bhfuair sí bás. Bhí go léor airgid aice. Sé an t-ainm a bhí ar an mbeirt mhach. ná Seán agus Pádhraigh agus bhí an bheirt aca pósta. Bhí teach ag Seán dhó fhéin agus bhí teach ag Pádhraig dhó fhéin. Cuireadh an chailleach annsin. Ar maidin lá ar na bhárach. Nuair a déirigh Seán ar maidin Bhí an chailleach 'na seasamh leis an doras ag Pádraig. Nuair d'fhosgail Seán an doras ar maidin thúit an chailleach isteach sa teach. Thuit Seán nuair a connaic sé an cailleach. Bhí Pádhraig an bhocht agus ba mhaith leis cuid de'n airgead a d'fhág an chailleach 'na dhiaidh a fhághail Is gearr gur éirigh an cailín agus bean an tighe agus thuit an bheirt aca as a seasamh freisin. Cuireadh fios ar Pádhraig agus nuair connaic sé an cailleach túit sé féin. "Meastú céard a
ball sinsearach (stair)
2022-10-28 20:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
anuas ag an teine agus ar maidin d'imthigh sé. An tríomhadh oidhche a táinig sé. Cheangail an fear den leabaidh é. Ar maidin nuair a bhí sé ag dul ag imtheacht bhí sé ag tarraint an leabhaidh leis. Sgaoil an fear an púca agus chuaidh siad siar sa seomra. Annsin thug an púca bairrle de'n fear agus d'fhiafruigh an fear de'n phúca cé'n fáth a raibh sé ag imtheact mar sin. Dubhairt sé gur chuir sé a bean agus seisear páisdí as teach agus as talamh, agus ní bhfuigeadh mé duine a tuaireas an oiread seo airgid dhí agus a rachaidh tú go dtí í agus beidir go maitheach sí dhuit é. Beidh mise in m'éan ar an gclaidhe agus léir mar beidh sí ag maithead dhuit beidh mise ag eirghe bán. D'imthigh sé leis annsin agus casadh an bhean dhó. D'innis sé an sgéal dhi Bhí sí ag maitheadh dho. D'éirigh an-t-éan bán. Nuair a chuala bean an tighe gur chuir sé faithchíos air shagart. Cuir sí a clann ag tógál easgaraí agus chaitheadar faoi sa leabaidh iad. Cuir siad an oiread faithchíos ar agus cuaidh ar an sagart. Cuaidh sé a bhaile go dtí an sagart agus dinnis sé an sgéal do. Fuair sé maitheans ón sagart annsin.
ball sinsearach (stair)
2022-10-28 20:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí fear ann fadó agus chuir sé faithchíos ar shagart. Cuaidh sé ag faoistean ag an sagart agus d'innis sé an sgéal de'n tshagart. Dubhairt an sagart leis nach bhfuidheac sé aon mhaitheanas uaidh go gcuirfheadh an oiread faithchíos ar agus a cuireadh ar féin. D'imthigh leis an bhfear agus cuaidh sé ag obair. Dubhairt fear an tighe leis go dtuireach sé chúig-púnt dhó dhá bhfannach sé sa teach sin thíos anocht. Dubhairt an fear go bhfannach. Chuir siad teine agus leabaidh sa teach dhó agus thug siad biadh dhó. Nuair a chuaidh sé a chodladh bhí púca ag torn ins an seomra. "Is mór an díthcéille atá ort" adeir an fear nach dtéigheann anuas ag an teine. Is gearr go dhtáinig sé anuas. Ar maidin d'imtigh an púca. San oidhche aríst tháinigh sé
ball sinsearach (stair)
2022-10-27 18:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bíodh a fhios agaibh a bhfuil aon duine istigh. Chuarta siad an tampall agus fuair siad an ceannaigh istigh. Strócadar an ceannaigh mór agus ditheadar é. Bhíos ag an gceannaigh beag annsin go bhfearr an fhírinne ná an bréag.
ball sinsearach (stair)
2022-10-27 18:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sgéal dhó. Dubhairt sé sin leó gur fearr an fhírinne. Bhain an ceannaidhe mhór na súilibh as an gceannaidhe beag agus chaith sé isteach sa tampall é. Ní raibh sé ibhfad istigh ann, gur táinig trí cat isteach ann. Cé'n sgéal atá ag mamh anocht adeir cat aca. Níl aon sgéal ag mamh mara a bhfhuil aon sgéal ag rígh na gcat. Níl aon sgéal ag rígh na gcat ach go bhfuil inghín an rígh aréir é. Chaith mé ribéací sa mbainne uirthe agus tá sí tínn, agus ní féidir leó í laigheas. Go bhfuigheadh sí braon gan uisce atá sa tampall seo. Nuair d'imthigh na cait amach chuaidh an ceannuigh go dtí an tobar agus nigh sé a shúilibh trí h-uaire le uisce an tobair. Táinig a amharc aige aríst. Tug sé braon de'n uisge leis. Cuaidh sé go dtí inghín an rígh agus thug sé dhí le nól é agus leigheas sé í. Phós an ceannaidhe agus inghín an righ. Fuair sé céad-phúnt ón rígh as ocht a inghean a leigheas. D'imthigh sé leis annsin agus casadh an ceannaidh mór dhó. Cá bhfuair sé na súilibh aríst agus an tairgead. Dubhairt an ceannaigh beag gur sa tampall. Is fearr dhuit na súilibh a bhaint as-amsa a deir an ceannaigh mór Bhain sé na súilibh as an gceannaigh mór agus chaith sé isteach sa tampall é. Ní raibh sé i bfhad istigh ann gur tháinig trí chat isteach ann. Cé'n sgéal ag mamh anocht a deir cat aca. Níl aon sgéal ag mamh mara a bhfhuil aon sgéal ag rígh na gcat. Níl aon sgéal ag rígh na gcat. Ach go raibh duine éigin istigh aréir a thug an sgéal amach mar tá inghean an rígh léigheasta. Ach cuartaí anocht agus
ball sinsearach (stair)
2022-10-27 18:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Ceannaidh beag agus an Ceannaidh mór.
Bhí dhá cheannaidh ag siúbhal an bhóthar lá amháin Bhí siad ag sáruigh ar a chéile gur bfearr an bréag ná n fhírinne. Cuir siad chúig-phúnt le chéile gur bhfhearr an bhréag ná an fhírinne. Casadh fear orra agus d'innis siad an sgéal dhó. Dubhairt sé leó go fuide téigheann an bréag ach go sheasaimhaila an fhírinne. Chuir siad sé mála raghnaí lé chéile annsin gur bhfearr an bhréag ná an fhírinne. Casadh fear eile ortha agus d'innis siad an sgéal dhó. Dubhairt sé sin go fuide téigheann an bréag ach go seaseann an fhírinne níos fuide. Chuir siad a gcuid súilibh le céile annsin go bhfearr an bréag ná an fhírinne. Casadh fear eile ortha agus d'innis siad an
ball sinsearach (stair)
2022-10-26 20:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
[a]on shúim annsin. D'imthigh leis agus bhí sé ag siúbhal nó go dtáinig sé go dtí loch agus fuil a bhí sa loch sin. Chuaidh na beithid go léir de léim tríd an loch agus nuair bhí [a]n bhó deidhneach ag dul amach thríd an loch chuaidh sé ag marcaidheacht a [!] an mbó go ndeachaidh sé ar an taobh eile de'n loch agus bhí an fear annsin roimhe agus dubhairt sé leis an mbuachaill gur bé an buachaill a bfhearr a chonnaic sé [f]ós é. D'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cé'n phághaí a bheadhach sé ag iarraidh. Dubhairt sé go mbeadhac sé ag iarraidh a bheirt [d]earbhráthar a bhí ar gach taobh den doras a déanamh beó. Dubhairt [s]é go ndéanfadh, agus dubhairt sé go mbéadhach sé ag [i]arraidh a dheirbshiúr a thabhairt abhaile. Dubhairt an fear [l]eis nach bféadfadh sé í a leigeann abhaile mar tá an oiread sin cleasanna múinte agam-sa de is nach bféadfainn déanamh gán í anois. Rinne sé a bheirt dearbhráthar beó aríst. Cuaidh siad abhaile annsin agus mhair siad go sásta níos mhó.
ball sinsearach (stair)
2022-10-26 20:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhí [!] ag na ba in áit bainne. Bhí a fhios aige nach raibh a dlighe coimhlíonta aige. Ní rinne fear an tighe act cnop eile salann dhe agus é leagann ar an taobh eile de'n doras. Annsin dubhairt an tríomadh mac le na mháthair go raibh sé féin ag dul ar thuairisg a dheirbhshiúr a bhí imthighe as an teach le trí bliadhna agus a dhearbhráthair a bhí imthighe le dhá bhliadhain agus a dhearbráthair eile a bhí imthighe le bliadhain. D'fhiafruigh a mháthair dhó cé bhfearr leis an cáca mór is a mallacht ná an cáca beag is a beannacht. Dubhairt sé go bfearr leis an cáca beag is a beannacht. Thug sí an cáca beag dhó agus a beannacht agus d'imthigh sé. Bhí sé ag siubhal leis casad isteach sa teach céadhna é ar casadh a dhearbhráthara roimhe. D'iarr sé lóistín fuair sé é agus fáilte. Ní raibh sé ibhfad istigh go dtáinig fear isteach agus é gléasta in éadach bán. D'iarr sé ar a bhean béilidhe a réidteach de'n fear. Nuair bhí a bhéilidhe ithte aige chuaidh sé a chodladh. Nuair d'éirigh sé ar mhaidin. thug fear an tighe amach go dtí an stábla é agus chuir sé go leór beithidh amach roimhe na líne agus dubhairt sé leis rud ar bith a d'fheiceach sé ná rud ar bith a chloiseach sé gan aon áird a thabhairt air. D'imthigh leis agus ba ghearr gur casadh isteach sa mboithrín é chuala sé feadhghail acht níor chuir sé an tshúim innte. Bhí sé ag siubhal gur casadh an crann ublaí leis. Thuit ubhla agus bhuail sé sa mullach é níor chuir sé aon suim ann. D'imthigh leis indhiadh na mba agus bhí sé ag du[l] amach trí shean-balla agus chonnaic sé cloigeann mná agus bhí lúch ag dul amach is isteach na béal. Níor chuir sé
ball sinsearach (stair)
2022-10-26 20:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rinne fear an tighe cnop salann dho agus leag sé taobh amuigh den doras é. Annsin dubhairt an dara mach le na máthair go raibh sé féin ag dul ar turaisg a deirbsiúr a bhí imtighe as an teach le dhá bliadain agus a dearbráthair a bhí imtighe as an teach le bliadhain agus is dona an duine mise mar a dteigh mé ar a dturaisg. Dfiafruigh a máthair dho cé bfearr leis an cáca mór is a mallacht ná an cáca beag is a beannacht Dubhairt sé gur bfearr leis an cáca mhór. Fuair sé an cáca mór is a mallacht agus dimtigh leis. Bhí sé ag siubhal ariamh nó gur casadh isteach sa teach céadhna é a casadh a dearbrátair. Diarr sé loistín fuair sé é [a]gus fáilte. Daithne sé gur bhí a deirbsiúr a bhí sa teach. Ní raibh sé i bfad istigh go dtáinig fear isteach agus é gléasta [i]n éadach bán. Dubhairt sé leis an mbean beilidhe a réidhteach den fear. Annsin chuaidh sé a codladh agus nuair [a] déirigh sé ar maidin dith sé a bhreacfasta agus annsin thug fear an tighe amach go dtí an stábla é agus chuir sé na beithidh amach roimhe na líne agus thug sé comhairle dó rud ar bith a d'fheiceach sé ná a chloiseach sé gan leigeann air féin a bhfeiceach sé é. D'imthigh leis agus bhí sé ag siúbhal gur casadh bóithrín leis. Chuaidh sé isteach ann agus ba ghearr gur chuala sé feadhghail acht níor thug sé aon áird ar. Ba ghearr gur casadh crann ubhlaí leis agus thuit ubhla agus bhuail sé sa mullach é, síl sé breith air acht chíonn ar. Níor aire sé an tám ag imtheacht go raibh na ba imthighe as a amhrach. Chuaidh sé abhaile agus bhí na [b]eithidh sa mbaile roimhe agus iad dhá mbleaghán acht fuil a bhí
ball sinsearach (stair)
2022-10-26 20:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dfiafruigh a máthair do cé bhfearr leis an cáca beag is a beannacht ná an cáca (is a beanna) mór is a mallacht. Is fearr liom an cáca mór a dubhairt sé. Tug a máthair an cáca mor is a seacht míle mallacht do. Bhí sé ag siúbhal leis ariamh go dtáinig sé go dtí droichead. Connaic sé solus i bfad uaidh. Rinne sé ar. Bhí teach ann cuaidh sé isteach agus diarr sé loistín fuair sé é. Bhí bean óg sa teach roimhe. Daithne sé gur bhí a deirbsiúr a bhí ann. Ní raibh sé i bhfad istigh go dtáinig fear isteach agus é gléasta i néadach bán. Dubhairt sé leis an mbean béilidhe a réidhteadh de'n fear. Annsin chuaidh sé a chodhladh agus nuair deirigh sé ar maidin agus nuair dith sé a breacfasta tug fear an tighe amach ag an stábla é agus cuir sé amach roimhe go leor beithidhe agus cuir sé na lína iad. Dubhairt fear an tighe leis rud ar bith a dfeiceac sé ná cloiseach sé gan leigeann ar féin a bfeiceach sé é. Dubhairt sé leis go raibh fhios ag na beithidh iad féin cá rachaidís. Dimtigh leis agus bhí sé ag siubhal trí boithrín agus cuala sé feadhgail acht níor tug sé aon áird ar. Bhí sé ag siubhal leis gur casadh crann ublaí leis thuit ubhla agus bhuail sé sa mulach é, síl sé breith ar acht níor fhead sé. Ar deiread bhí na beithidh imtighe as a amhrac. Ní rinne sé acht teacht abhaile. Bhí na beitidh sa mbaile roimhe agus iad ag bleagán na mba roimhe. Ní raibh ag na ba acht fhúil ináit bainne Bhíos aige annsin go maith nac raibh a dlighe coimhlíonta aige.
ball sinsearach (stair)
2022-10-26 20:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean-Sgéal.
Bhí bean ann fadó agus bhí triúr mach agus inghean amháin aice. Lá amháin dubhairt an inghean le na máthair go raibh sí féin ag dul ag saothrú a beatha. D'imthigh léithe agus bhí sí ag siúbhal nó gur casadh teach léithe. Chuaidh sí isteach sa teach agus d'iarr sí obair. Ní raibh sa teach roimh an gcailín acht fear óg. Thug sé obair dhí. Nuair a bhí an cailín bliadhain imthighe ón na máthair dubhairt an mach ba shinne oidhche amháin le na máthair dhá cáca a déanamh dhó mar go raibh sé ag dul at toríacht a dheirbshiúr a bhí imthighe as an teach le bliadhain agus is dona an duine mise mar a dtéigh mé ar a tuairisg. a dubhairt sé.
ball sinsearach (stair)
2022-10-25 19:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
choinnibh. "Chuirfe mé mo mhac fhéin in-a choinnibh" ars an duine uasal. Chuir sé é chuig teach an mhac ar capall. Nuair a tháinig sé chuig an teach d'iarr sé an rud ar an mnoi. D'oscail an bhean chómhra mór agus dubhairt sí "tóg amach é níl mise in-ann." Nuair a dhruid sé anonn rug sí greim air thart ar a chosa agus cuir sí isteach sa chómhra é agus cuir sí an leac air. Cuir sí fios chuig an tighearna annsin agus b'éigean d'on tighearna a fear féin a leigint abhaile chun a mhac fen [!] féin d'fhágail. Sean fhocal é "is fearr ceann maith ná fiche droch-cheann.
ball sinsearach (stair)
2022-10-25 19:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ann déanfhadh sé suas leis na cailíní, agus innséochaid siad annsin dó aon rud a chluineach siad ráidhte leis. D'innis cailín amháin dhó an lá seo go raibh sé le'n mharbú nuair a bheadh an teach mhór déanta aige. Chuaidh sé abhaile agus thug sé a mhach leis. D'iarr sé air an bóthar a ghiorra dhó agus thosuigh an mac ag rith. D'fill an t-athair abhaile nuair a chonnaic sé an mhac ag rith. An dara lá thárla an rud céadhna agus an tríomhadh lá nuair a d'fhill siad abhaile d'iarr a bhean air cé'n fáth ar tháinig siad abhaile. D'innis sé dí amhlaidh mar a bhí an scéal "Ó a amadáin" ars a bhean "innis sgéal chomh fada leis is féidir leat agus sin é an chaoi chun an bhóthair a ghiorra." An lá in-a-dhiaidh sin thosuigh an mhach ag innis sgéal dó agus bhí a fhios ag a athair annsin go dtug a bhean comhairle dhó. Nuair a bhí an teach mhór gar a bheith críochnuighthe d'innis cailín dó go raibh siad le'n marbhú anois. Tháinig an tighearna amach lá amháin agus d'iarr sé do'n saor cloch an bhfacha sé teach chomh breágh leis riamh. "Ó" ars an saor cloch tá sé cam, agus tá rud agamsa sa mbhaile a dtugann siad corr i n-aghaidh an corr agus cam i n-aghaidh an cam agus tá sé sin in-ann é a dhiriú agus caithfe mé dul in a
ball sinsearach (stair)
2022-10-25 19:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Grinn-Scéal
Seo é an sean-scéal a chuala mé. Bhí fear ann fadó agus soar [!] cloch a b'eadh é. Bhí aon mach amháin aige. Lá amháin chuir sé an mac chuig an mhargadh lá ama [!] agus thug sé craiceann caorach dó agus dubhairt leis gan teacht abhaile chuige féin gan teact an craiceann sin agus a luach. D'imhthigh an mach chuig an mhargadh agus chuile dhuine a d'iarrfhadh dhó luach an craiceann déarfhadh sé "craiceann agus a luach." Bhí sé a dhul thar teach mhór agus bhí cailín aimsire ann. Thóg an cailín an craiceann agus bhain sí an t-olann de agus bhain sí leath den craicean[n] dhe freisin. Annsin thug sí pighinn go leith agus an méid eile don craiceann dhó arís. Nuair a tháinig sé abhaile chuig a athair dubhairt sé leis í sin a phósadh. Phós sé i agus thug sé leis abhaile í. D'iarr tighearna talamh air teach a dheanaidh dhó fhéin. Thosuigh an saor cloch ghá dhéanamh, agus bhí an tighearna le'n a marbhú nuair a bheadh an teach mór déanta aige ar eagla go ndéanfhadh sé teach chomh deas leis do dhuine ar bith eile. Chuile áit a bheadh an saor cloch ag obair
ball sinsearach (stair)
2022-10-24 20:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bpilleanaí. Acht núair a d'fheach sí ó dhuine go duine orra agus núair a chonnaic sí na greainnceanna gránda agus na stráosanna cama a chuir na pilleanna orra go léir cuir sí sean-sgairt gáire aistí a cluineadh ar fud an tighe.
"Sin a raibh uaim" ars an feairín beag gorm go ndéanfá gáiridh maith ó do chroidhe amach. Tá an niosgóid cléibhe briste. Tig leat dochtúirí na bpilleanaí a leigean chun bealaigh ní theastóchaidh síad níos mo uait." Tháinig an Rí agus sé a bhí go háthasach riméadach bródamhail.
Thug sé mála óir an duine dóbhtha. "Seo anois" ars an feaírín beag gorm le gabha na gceachtaí, "biodh an dá mála óir agat agus déarfaidh tú fhéin go bhfuil tú íochta go maith ar shon do sean-chapaill agus do sean mná caillighe. Bhog an feaírín beag gorm amach agus ní fhaca an gabha dí ba mo é. Cheannuigh an gabha teach áluinn agus duithche ó'n righ agus níor bhac sé le gaibhneacht arís.
ball sinsearach (stair)
2022-10-24 20:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Dochtúir mise" ar seisean, "seo é mo buachaill agus tig liom d'inghea[n] do leigheas má tugann tú cead dom." Geall an Rí meadhchan na beirt[e] í n-óir buidhe dóibh a inghean leigheasadh.
Thug sé leis a buachaill agus chuadar í lathair na hingine agus ar ndoigh bhí na dochtúirí thart uirrí agus gan goir aca aon chabhair a thabhairt dí agus bhí sí liathta aca ag a gcuid cainnte fóghluimte. "Tig liomsa an ríoghan seo do leigheas í n-imtheacht uaire" ars'an feairín "acht go nglanfaidh chuile dhuine eile amach acht amháin mise agus mo bhuachaill" glan na dochtúirí amach. Labhair an feairín beag gorm leithe. "Niosgóid chléibhe tá ort" ar seisean leithe. "Cuireadh na dochtúirí céadhna sin niosgóid cléibhe ar an gcat le na gcuid foghluma."
"Seo seilmidi", ar seisean leithe ag baint boiscín beag amach as a phóca, "agus cuirfidh mé ar an ngreideall ar an teine iad go léaghaidh mé iad." Rinne agus leagh. "Tabhair dom anois crap maith súithe" ar seisean. Thug. Chuaidh annsin go ndearnaidh sé pill í n-aghaidh gach dochtuir a bhí cruinn do'n súithe agus de shugh na seilmidí agus rud éigint eile a chuir sé as boiscín a bhí aige leis.
"Caithfidh mé ceann an duine a thabhairt do na dochtúir[í] mórdálacha seo leis an dallachan a ghlanadh dá meabhrach cuin. [?] Fhads bheas íad dá gcathadh biodh tusa ag féachaint go géar orra. Feicfídh tú rud a dhéanfas maith dhuit." Chuir sé na dochtúir [!] í bhfáinne thar[t] ar an leabaidh í na suidhe í gcathaoireachaibh. Thug pill an duine diobhtha de na pilleanaí a rinneadh de'n súithe agus de na seilmidí.
Tháinig meangadh gáire den ríogan ar feicéal na dochtúirí ag cathadh na
ball sinsearach (stair)
2022-10-24 20:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gan maise agus b'fhéidir gurab sin é an chaoi a bheadh i ndhán dí le deagh-chruth agus deise a chur innti."
Chuaidh sé isteach agus thug amach a bhean agus buail sé buille casúir uirri gur leag marbh í. Sháith isteach sa teine í agus tharraing amach gur buail cúple [!] buille casúir uirri acht níor tháinig deagh-chruth ná maise di acht bhí sí chomh marbh le cloch. "Muise mo seacht míle mallacht duitse, a fhirín bhig ghuirm" ar seisean. B'éigean dó glanadh as an áit agus an tír fhágáil mar bhí saighdúiri ar a thóir.
Bhí sé ag siúbhal is ag siubhal is ag siubhal Lá amháin cé d'fheicfeadh sé ar thaoibh chnocainín bhig acht an feairín beag gorm. Bhagair an gabha a láimh leis. "Diúltuighim duitse a firín bhig ghuirm" ar seisean leis "ó's tú a d'fhág an seachrán orm." Tháinig an feairín beag gorm í leith chuige. "Ná diúltuigh dom," ars'an feairín leis. "Ceal nach rabhais tuirseach de'n phraisigh mná sin mar thug tú uirrí go minic agus bhí sise tuirseach díotsa? tá sibh cothrom anois"
"An bhfuil?" ars an gabha. "Tabhair dhom uait anois" ars an feairín leis, "agus deanfaidh mise fear saidhbhir díot. Tá inghean an Rí tinn agus dochtúirí na cruinne thart uirrí agus gan a leigheas le faghail aca acht leigheasfaidh mise í agus tiocfaidh tusa liom." Siubhiladar le chéile go dtáinig síad go teach an Righ. Bhuail síad ar an doras agus leigeadh isteach iad. Fiafruigheadh diobhtha céard a thug annsin iad agus dubhairt an feairín beag gorm go dtáinig síad annsin le inghean an Rí do leigheas.
Cuireadh fios ar an Righ. D'fhiafruigh an Rí dé céard a thug annsin é.
ball sinsearach (stair)
2022-10-24 20:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
m'fhiacail," ars' an gabha, "sin gaibhneacht nach bhfacaidh mise a leithid cheana ariamh. Bfheidir go bhfuil ag Dia gurabh shin é an bealach a bheadh í ndán domhsa cruidhthe a chur suas mar na fhead mé aon bhealach eile d'fhogluim ariamh. Bhéarfaidh mé isteach mo shean-ghearán ó tá crudh ar bogadh leis agus féacfaidh mé le gaibhneacht an fhirín bhig guirm."
Thug. Gearr an chos de le buille tuaighe agus shaith sa teine í. Thosuigh an chos ag bhruith is ag doghadh agus béigean dó an capall a mharbhughadh sa deireadh. "Mo sheacht mhíle mallacht duitsa a firín bhig guirm", ar seisean.
Ní raibh sé seachtmhain in-a dhiaidh sin go bhfaca sé i leith arais aniar an feairín beag gorm ar a chapall beag bán agus sean-bhean ar a chulaibh aige. Sheas sé ag doras na ceardchan. D'ísligh sé agus tháinig sé isteach agus thug an tsean-bhean leis.
"An bhfuil aon rath ort ag déanamh mná óige de sean-mnaoi?" ar seisean leis an ngabha. "Dar mfhiacail" ars an gabha "acht sin obair nár fhéach mé ariamh léithe. Níl de rath liom acht ag déanamh céachtanna." Ní dhearnaidh an feairín beag gorm acht buille casúir a bhualadh sa gclár éadain ar an tsean mnáoí go ndearnaidh sé staic dí. Rug uirri agus sháith sa teine í. Rug uirri arí[s] agus tharraing amach í agus bhuail cúpla buille casúir uirri agus bhí sí na mnaoi óig dathamhail deagh-chumtha. D'imthigh leis an bhfear annsin agus an bhean óg ar a chúlaibh aige.
"Dar m'fhiacail" ars an gabha "acht sin bealach breagh réidh le mnaibh a dhéanadh déagh-chumtha deas. Tá sean-phraiseach de bhean agamsa gan slacht
ball sinsearach (stair)
2022-10-24 20:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Feairín beag gorm
Bhí sean ghabha fadó ann agus ní raibh aige acht aon mhac amháin agus bhí an mac sin fhéin i n-a leath-amadán. Bhí sé mí-stuamdha ciotach in gach uile cinéal slighe. Chaith sé seacht mbliadhna ag dul annseo agus annsiúd ag fóghluim a cheirde. Bhí sé beagnach chomh dall an lá deiridh is bhí sé an chéad lá acht amháin go raibh sé go han-mhaith agus deaslámhach ag déanadh agus ag deasughadh céachta.
Thug an sean-ghabha comhairle dhó annsin ag fághail bháis dó gan aon obair ceardchan a ghlacadh idir lamhaibh acht céachtaí agus go ndéanfadh sé cúis maith go leor. Níor ghlac. Bhí sé ag dul ar aghaidh go deas agus fuair sé bean agus spré acht nach bean óg na bean slachtmhar na spré mhór a fuair sé.
Aon lá amháin chonnaic sé ag tigheacht aige anoir an bóthar feairín beag gorm ag marcaigheacht ar chapall beag bán. D'isligh an feairín beag gorm ag doras na ceardchan agus d'fhiafruigh sé de'n gabha an gcuirfeadh sé crudh ar a chapall dó. "Ní fhéadainn", ars' an gabha, "níl mé í n-ion tada a dheánamh acht ceachtanna". Tharraing an feairín beag an capall isteach sa gceardchain. Rug sé ar tuagh agus le aon buille amháin ghearr sé an chos de'n chapall. Sháith sé síos an chos agus píosa beag iarainn sa teine agus le cúpla buille casúir ní fhacaidh tú ariamh acht an crudh deas a bhí curtha ar an gcois aige. Sháith sé faoi'n gcapall an chos agus amach leis an gcapall chomh slán is bhí sé ariamh is an feairín ar a mhuin. "Dar
ball sinsearach (stair)
2022-10-24 20:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal faoi thaidhbhse.
Bhí fear ag teacht abhaile ó Dhún Mhór go Baile an Mhuilinn oidhche amháin agus é ar meisge. Bhí air dul thar roilig. Bhí an oidhche fliuch agus bhí cóta breágh mor fairsing air.
Ag dul thar an roilig dhó chonnaic sé an rud bán seo agus cóta bán éadtrom air. Ars' an fear leis "ara cé'n diabhail atá ort a shean-sgraiste." "Cad chuige nach bhfuil cóta maith ort cosamhail liomsa." "Siubhail leat" ars' an taidhbhse "nó ní bheidh an ceann sin i bhfad agat a dhuine chóir".
D'imthigh an fear leis agus sídheóg ina dhiaidh agus a mhaisge fhéin dubhairt an taidbhse cúpla focal leis fhéin gur thuit an fear í lagair í lár an bhóthair gur bhain an taidhbhse a chuid éadaigh dhe acht amháin a bhríste.
Núair dhúisigh an fear bhí náire mór air agus níor ól sé áon deór uaidh sin amach.
ball sinsearach (stair)
2022-10-23 09:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Caodhlaigh an t-ainm a bhí ar an bhfear a bhí in a chomhnaidhe ins an teach roimhe sin. Lá amháin leigeadh an cú seo in a dhiaidh agus bhí sé an-ghar dó nuair do rith sé isteach ins an teach. Bhí an cú dá cuartughadh annsin agus fuair sé é síos i bosca féar agus marbhuigh sé é. Tugadh a bhaile an girrfiadh go dtí an teach a raibh an cú in a comhnaidhe agus crochadh suas ar an mballa é acht ar maidin bhí sé imthighthe. Díoladh an cú annsin le fear as Co. Luaghaighe agus thug an fear abhaile é acht tar éis cúpla lá bhí sé ar ais arís agus rith sé isteach go dtí a mháighistear agus thosuigh an cú ag caoineadh ar a dhícheall. Tháinig an fear as Co. Luaghaighe arís agus thug sé an cú leis act níor mhar an cú acht cupla lá mar bhí sé go h-an-bhrónach. Níl fhios agam c'én chaoi ar bhfuair sé an bealach a bhaile amach act ar chor ar bith tháinig sé ar a chosaibh féin
ball sinsearach (stair)
2022-10-23 09:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal faoi shionnach
Tá cuid de na h-ainmhidhthe atá ins an tír seo an-ghlic mar an sionnach, an mada agus an cat. Seo sgéilín beag faoi an sionnach ag teasbáint a ghliocas dúinn.
Bhí fear in a chomhnaidhe i Lis Caomhaigh fadó agus bhí go leor lachan aige. Aon mhaidin amháin agus é ag dul amach ar an tsráid d'fosgail sé doras tigh na lachan agus céard a chífeadh sé isteach sa teach act na lachain ar fad marbh agus madairín beag dearg in a luigheadh i lár an tigh marbh freisin mar a shíl sé. Níor fhéad sé tada a dhéanadh acht rith isteach go dtí a bhean chun i a innseacht agus tháinig siad amach ag rith chun an madairín a fheiceál act ní raibh aon mhada ann bhí sé imthighthe. Ní hé mada a bhí ann act sionnach.
Tá sgéal le innseacht agam faoi chú agus is cú-ghlic a bhí ann. Bhí girrfiadh in áit eicínt in aice na h-áite seo agus níor fhéad cú ar bith breith air mar nuair a bhíodh cú in a dhiaidh rachadh sé isteach i sean teach agus sé
ball sinsearach (stair)
2022-10-22 10:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an taidhbhse amach an fhuinneoig. Fuair siad a páiste féin aras arais. [!]
ball sinsearach (stair)
2022-10-22 10:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal faoí Thaidbhse
Bhí daoine ann aon uair amháin agus bhí páiste beag aca. Thuit an páiste tinn uair amháin agus ní raibh a fhios ag an athair no ag an mháthair céard a raibh uirthe. Aon lá amháin d'imthigh an t-athair agus an mháthair go dtí an aonach agus bhí an sean-athair sa bhaile ag tabhairt aire dó'n páiste agus bhí sé ag bogadh an clíabháin.
Nuair a bhí sé ag bogadh an cliabháin tamaillín tóg an páiste amach a phiopaí agus tosuigh sé ag seinm ar na piopaí. Bhí an sean-fhear ag eisteacht leis agus súile móra air. Dubhairt sé leis an sean-fhear gan inseacht lé duine ar bith go raibh sé ag seinm ar na phiopaí.
Nuair a bhí an t-athair agus an mháthair ag teacht isteach cuir sé na phiopaí
faoí an pilléar. Dubhairt an sean-fhear leo nuair a tháinig siad isteach gur taidhbhse páiste a bhí ann. Cuir siad pota uisge sios annsin lé é a dhoghadh agus nuair a bhí an pota uisge shíos aca d'imthigh
ball sinsearach (stair)
2022-10-22 09:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus ní fhaca sé an girrfiadh uaidh sin amach
ball sinsearach (stair)
2022-10-22 09:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal faoi Thaidhbhse
Bhí bean in a comhnaidhe i gCaisleán Uí h-Aicéid fadó agus Ó Mainín an t-ainm a bhí uirrthe. Gach lá bhíodh an bhean seo in a suidhe ar bhárr a theach féin in aice leis an similéar agus nuair a d'imtheóchadh sí thagadh sean bhean críona caithte in a h-á[it.]
Bhí an olann an-gann an uair sin freisin agus nuair a bhíodh olann ag teastáil ó aon duine rachadh siad go dtí an bhean sin agus thiubhrfeadh síse olann daobhtha agus ní raibh sí fhéin gearr i n-aon rud aríamh.
Nuair a bhíodh mo shean-athair ag dul go baile an Mhuilinn an uair sin léis féin thagadh girrfiadh amach as páirc agus siubhaladh sí le na thaobh go dtí áit eile. Bhíodh sé mar sin le fada go dtí aon oidhche amháin nuair a chonnaic sé an girrfiadh bain sé a hata dhe agus rinn[e] sé crios Críosta idir é féin agus an girrfhiadh
ball sinsearach (stair)
2022-10-22 09:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
[-]
ball sinsearach (stair)
2022-10-22 09:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgeal faoi thaidhbhise
Bhí fear ann aon uair amháin d'arbh ainm Peadar Ó Muláin. Rinne sé teach nuadh agus an fear a rinne an teach dó níor thug sé aon airgead dó agus fuair sé bás gan an tairgead a thabhairt do'n fhear. Bhí aon mhac amháin ag an bhfear agus lá amh