Líon iontrálacha sa taifead staire: 23
ball sinsearach (stair)
2020-03-26 20:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
A little way below Mickie Byrd's on the right as you face for Drogheda, there is a big stone. On this stone, there is the shape of a thumb-mark. It is said by some people that St. Patrick threw this stone from Tara, about five miles away, and that it is his thumb-mark that is on it. Other people say that it was a giant who threw it from Tara.
ball sinsearach (stair)
2020-03-26 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Long ago there came men from the West of Ireland to help the farmers in Co. Meath to do the harvest. Five men were working with Pat Magrane, a farmer, now living in the Rock Road, Walterstown, and according as he paid them their wages, they put the money in a bag and hid it until they were going home again. They were telling Pat that they all began their journey together on a Sunday. At the end of the harvest they used to meet again count what they earned and go off home together.
ball sinsearach (stair)
2020-03-19 12:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
airgead a shábháil agus nach raibh a fhios aca cén fáth. Agus an bhfuigheadh sé fios dóibh féin freisin.
Bhuail sé amach aríst maidin an tríomhadh lae agus bhí sé ag siubhal aríst go dtainic an oidhche. D'iarr sé loistín agus fuair sé sin.
Thugadar sin faoi deara go mba strainséara é agus d'fhiafruigh dé céard a thug an bealach é. agus d'innis sé dóibh. Ní raibh aon duine 'sa teach acht an t-athair agus an mháthair agus aon inghean amháin. agus bhí sé in am pósta go maith aicí agus nach raibh aon fhear ag iarraidh an inghin orra. agus an spré mór a bhí le fághail aici. Dubhairt an fear go dtiubhradh sé fios aige cén fath acht a bhfuigheadh sé féin fios. Bhuail sé amach arís agus bhí sé ag siubhal gur chuala sé clog an Aifrinn ag bualadh agus ba mhaith leis an t-aifreann a fhágháil. Chonnaic sé teach an phobail uaidh acht bhí cuan beag fairrge idir é féin agus an seipéal. Ní raibh a fhios aige cén chaoi a ndéanfadh
ball sinsearach (stair)
2020-03-19 11:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
h-oidhche i dteach agus fuair sé é. Thug muinntir an tighe faoi deara gur stráinséara é agus d'fhiafruigh siad de cérbh as é nó céard a thug an bealach é. D'innis sé dóibh agus dubhairt siad leis fios a fhághail dóibh féin an fáth go raibh taobh an tighe (den teach) faoi dhíon agus nach raibh ar an taoibh eile acht sgraith. Agus an taobh a raibh an díon air go raibh an bháisteach anuas ann agus an taobh nach raibh air acht sgraith ní raibh báisteach ar bith anuas ann.
Dubhairt sé leis fios a fhághail dó dá bhfuigheadh sé féin fios agus d'imthigh leis maidin lá ar na - bhárach.
Bhí sé ag imtheacht gur thuit an oidhche air agus d'iarr sé lóistín 'sa dara teach agus fuair sé é agus d'iarr siad an rud céadna air agus d'innis sé dóibh. Bhí an t-athair agus an ceathrar mac in a dtáilliúra agus d'innsigheadar dó go rabhadar ag obair ó mhaidin go faoithin agus go raibh sé ag cainnt orra aon
ball sinsearach (stair)
2020-03-19 11:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann fadó. Ní raibh deirbhshiúr ná dearbhráthair aige acht bhí a athair agus a mháthair beo. Ní raibh aon fhear ar an domhan ba lághaighe ná an t-athair agus ní raibh bean ar an domhan ba dhroch-mhúinte ná an mháthair. Cailleadh a mháthair ar dúis agus ní raibh aon lá le fághail ba bhreághtha ná an lá a bhí sí ghá cur agus nuair a cailleadh an t-athair ní fhéadfaidhe aon lá a fhághail níos measa ná an lá a bhíodar ghá chur.
Thug an mac suantas mór do seo agus dubhairt go mbeadh sé ag siubhal go bráthach go bhfághadh sé amach fáth an lá bhreágh a fuair a mháthair ghá cur ,a bheith chomh h-olc agus an droch-lá a fuair a h-athair a bhí cómh lághach. D'imthigh sé leis maidin lá ar na bhárnach agus bhí ag imtheacht leis gur thuit an oidhche. D'iarr sé lóistín na
ball sinsearach (stair)
2020-03-19 11:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí an máighistir sgoile ag tabhairt ceacht ar chaoirigh agus dubhairt sé leis na páistí go bhfuil olann le fághail ón gcaoirigh. D'innis sé dhobhtha freisin go ndéantar cótaí, pluideanna, báiníní agus rudaí eile as olann. Bhí buachaill beag amháin ag deire an rannga agus chonnaic an máighistir ag breathnú síos ar a bhríste é; ceann deas ceannasna a bhí ann.
"Anois cé as a ndearnadh do bhríste a Phádraic" ars an máighistir,
"As sean-cheann a bhí ag mo dheaide" arsa Pádraic
ball sinsearach (stair)
2020-03-10 21:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Oidhche amháin chuaidh Séimidh Mór ólta. Bhí sé go h-ólta sin go dteachaid sé ar seachran.
Tháinig sé go dtí sraidh agus bhí sgaifte fir i n-a seasam ar an tsráid, agus ní abrochainn morán na go rabh bráon astoigh acu fósta.
Sgairt sé amach an fear a b'féarr ar an tsraidh.
Tháinig fear amach darb' ainm Cóilín agus throid siad tamalt maith. Throid siad go bfhuair Cóilín súil dubh.
Tá tú fada go leór arsa Seimidh
ball sinsearach (stair)
2020-03-10 11:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tá scéalta aca fha Íosa caidé mar gabhadh é an chead uair, agus ní hé an dóigh ceadhna atá sé aca agus tá sé againn.
Deir siad go rabh sé na luighe ins an fhásach na luighe na chodladh nuair a gabhadh é. Leig siad saor é agus annsan d'imthigh siad fa choinne tuilleadh lúdhaigh fa choinne cuidiughadh leo Íosa a mharbhughadh. Bhí cúpla duine aca agus ní rabh dúil aca é chur chun báis, agus bhí an mhuintir eile ar mire nuair a chualaidh siad an scéala seo. agus dubhairt siad leo go gcuirfeadh siad duine aca ar thaobh amháin de agus an duine eile ar an taobh eile, agus rinne siad sin. Nuair a fuair siad tuilleadh daoine tháinic siad arais agus sgaifte mór aca ann.
Nuair a bhí siad ag teacht fa ghiotha do Íosa bhí Sé na chodladh agus thoisigh sé a bhriongloidí agus sé an bhronglóid a bhí aige shil sé go dtug sgaifte de dhroch fhir leo é, agus go dtug siad
ball sinsearach (stair)
2020-03-10 11:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Níl sgéal ar bith ann anois nach bhfuil fhios againn uilig fa Ár Sláinuightheoir acht tá séan daoine eile ann agus tá fhios (ag na) aca séan sgéalta fa Ár Sláinuightheoir nach bhfuil fhios ag na daoine óga aon dath fa na sgealta sin. Tá na sgéalta seo aongantach séan ar fad. agus tá sgéalta aca fa Naomh Mhuire agus fa Naomh Seosamh. Tá fhios aca uilig caidé mar d'éirigh leo agus caidé mar fuair siad uilig bás. Na séan daoine atá ann anois
ball sinsearach (stair)
2020-03-09 23:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh dhá fhichid caora fríd geafta
Dá fhichid eile na dhiaidh sin,
Cúig, sé, seacht, agus a h-ocht
Trí agus a dó cá mhéid sin
= Cúig
An rud a chaithin an fear bocht ar shiubhal
Cuireann an fear saidhbhir in a phóca
Goidé sin
= Smug
Bhí sé trí seachtmhaine nuair a bhí Adham mí
Agus nuair a bhí Adham ceithre scór
Ní rabh sé acht ceithre seachtmhaine
Goidé sin
= An Gealach
Bunnóg beag arán agus sgála de ghrabhrogaí
Cáide sin
= An Gealach Agus Na Realtogaí
Cé mhéid cos atá faoi dhá fhichid chaora,
Fear agus a mhadadh
= Beirt
Nigh mé mo lámha in uisge
Níor rith sé no níor chuir sé
Do thriomuigh mé mo lámha i dtuaile nar chardaladh ariamh
An Driúcht Agus An Grian
Tá sé fada agus leathan agus tá ruibín glas ag gach taobh
An ród
ball sinsearach (stair)
2020-03-09 23:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí mé ag gabháil 'un tráigh
Casadh orm deich mná
Deich sac le gach mhnaoi
Bhí deich gcat in gach sac
Agus deich bpisín in gach cat
Idir saic, cait, pisíní, agus mná
Cá mhéid a bhí ag gabháil ún tráigh
= Mé Féin
An fear a rinne é níor chaith sé ariamh é
Agus an fear a chaiith é ní fhaca sé é
Goidé sin
= Conóir
Caithim suas é comh bán le sneachta
Agus tuitinn sé anuas mar ór bhuidhe leachta
Goide sin
= Uibh
Teach beag nach mbéadh ábalta luchóg a choinneál
Tá oiread bhfuinneóg air is bhéadh ar teach an rí
Goidé sin
= Mearacán
Tá capall beag agam le muineál iarann
Agus comh gasta agus ritheann sé itheann sé an rópa
Goidé sin
= Tuairne
ball sinsearach (stair)
2020-03-09 23:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I
Chuir mé mo phisín siar go béal traigh,
Mharbhuigh sé caora le fear as an áit;
Níor fhág sé a'n stiall uirthi isteach go dtí'n crámh
'Gus níl rógaire beag sa tír seo,
Acht mo phíalaigh cat bán
II
Ta mála mór mine toigh Séimin Mac Seáin,
A's níor fosgladh a bheal le sé bhliadhain deug,
Gur léim an cat bán o'n bhéim go dtí'n bheal;
Sgaoil sé na téadaí 'gus leis sé'n min ar lár.
III
Bheirim-sa mo mhallacht dó'n té mharbhuigh an cat bán,
Is iomdha sin rud a bhearfad sé 'un toigh'
Bhéadh an eascon ó'n díog leis, 'gus an sinaolach ó'n tom;
Bhéadh an coileach 'gus an chearc fhraoch leis
Gan sgíthiste gan chom
ball sinsearach (stair)
2020-02-23 05:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mhinistéara agus chuireadar i bpoll eile é agus chuireadar an gabhar i n-a ionad.
Tháinig póilí ar lorg cuirp an mhinistéara. D'iarradar ar an amadán an áit a raibh an ministéir curtha do thaisbeáint dóibh. Chómh maith do dhein.
D'osgaileadar an uaigh agus sé an chéad rud a chonnacadar ná na h-adharca. Bhí aithne ag an amadán ar ceann de na póilí agus labhair sé leis mar seo "A Thaidhg an raibh adharca ar an ministéir".
ball sinsearach (stair)
2020-02-23 04:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fad ó bhí cúigear buachaillí 'na gcomhnuidhe i n-áit éigin i gCiarraidhe. Fuair an t-athair agus an máthair bás nuair a bhíodar an-óg.
Bhíodar an bhocht agus ní raibh rud le n-ithe acu. Bhí duine des na dearbhrátharachaibh in a amadán agus bhí ministéir in a chomhnuidhe san áit agus bhí sé an shaidhbhir.
Cheapadar go mairbheóchadh siad é agus chómh maith do dheineadar. Do thógadar an t-airgead a bhí aige agus do chuireadar i bpoll san bportach é, agus d'fhilleadar abhaile agus nuair do chuimhnigheadar ortha féin bhí eagla ortha go sgéithfeadh an t-amadán ortha agus do mharbhuigheadar gabhar agus níor bhaineadar an croiceann de agus d'árduigheadar corp an
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 01:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní áirim na fir pósta níor dúbhairt mé táda fós fútha
Tá airgheadh le fághail acú gan anró.
Píosaí deasa feola le brúith 'gus le rósta.
'Gus nach rí deas an t-ól dóibh an t-anbhruith.
7
Tá sgólairí na Geadhaltacht ag fághail beata máith dá réir sin
Dá punt in airgheadh na blainá do gach páiste.
Is go bfácas ámh in n-Éirinn go gcúirfidh orra géibheann
Dá labróidís an geadhilghe le na máighistir.
8
Nár cóir go mbéadh muid sásta le feabhas an ceart atá fáighte ainn.
Is go máirfeadh muid go sasta sa tir seo.
Is go ngabadh muidhe buidheacas le Uachtarán ár dtíre.
Is go riaghileocadh sé go h-eafochdach na daoine.
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 01:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Gabadh muidhe buidheachas le Uachtarán ar dtíre.
Is a liachtaí bliain atá caithte againn faoí anró.
Ó tháinigh Seánain Duidhe isteach is cúr sé muidh faoi daorsan
Is fágadh muid faoí gear smacht ar naimhidh
2
Nach mór atá an t-arú deanta go bhfuil lasganaí sa gcíos ainn
'Gus airgheadh le fághail ag saothrú talamh láidir.
Is go bhfácas ámh sa tír seó dhá mbhéadh do góltás saothrúigte
Go bfógrócadh an tighearná ort é fhágail.
3
Tá tálta bán na hÉireann ó Córcaigh go Beann Éadar
Ag tabairt crúitneacht buidhe, tabac, agus abhar suicra
Tá feilméaraí treana ag baint obair as an gceachta
'Gus slige bearta a lámhaí chúile stróinse.
4
Dhá dtósocadh coghadh amháireach 'gus gan an crúitneact a béith fásta
'Béadh daoine ag ithe cáitniní sa tír seo
Is a liactaí fear a bhéadh cráithe is tobach ag sul í ngánthan
Is gan gráine aige le cúr ar tóin a píopa.
5
Tá sean n-daoine críona ag fághail deic sgilleacha Dé h-Aoine baíntreacaí 'gus díleachtaí comh h-árd leó.
Fír óga ar fúd na tíre ag fághail ó córoin go dtí sé píosa
Acht a gcúidh cártai a fághail sínealte ó na gardaí.
6
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 01:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
B'é naomh Mochúda naomh patrún na h-áite seo. Do bhí mainistir beag aige in aice le tobar a bheannacha agus nuair a théigheadh aoinne suas go dtí an tobair do théighidís isteach sa mhainistir ag paidireóracht agus d'fhanaidís ann ar feadh oidhche agus bhíodh a gcuid bidh féin acu. Deirtear gurab é naomh Mochuda a chur an tSeana Séipéil ar bun agus go bhfuil sé curtha in aice an tSéipéil agus gach aoinne a théigheann an trio caitheann siad cloch ar an uaigh in onóir do naomh Mochúda mar is mó leigheas sé.
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 01:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an mbhothar. Cad a dhein sé ná carn scioláin a chur agus iad a leasúghadh ón dtráig le múr agus feamanach agus gach aon saghas eile a bhí ag fás ar an dtráig
Ní beag eachtra acht a raibh de phrátaí aige agus gan puinn acu ag muinntir an pharróiste. Tá na casáin is na comhngar i liath-choill mar a bhíodar fadó níor bhai(...) aoinne leo ó shin. Nuair a theigheadh na daoine go dtí an Aifreann maidin La Nodhlag ó Liath-choill is amhlaidh a shádhidis bior iarainn tríd cúpla fód móna chun solus a dhéanamh dóibh féin mar bhí míle go leith de phortaibh le siúbhal acu sar a raghadís go dtí an bothar mór.
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 01:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An bóthar atá ag teacht anoir go leath-choill is ins an mbhliadhan 1898 a deineadh é. Casán agus cómhngar a bhí ann roimis sin Deineadh bóthar deire an chairn san mbhliadhan 1891 Tá an dá bhothair ag bualadh i gcoinnibh a chéile ag calaphort go nghlaodhtar Zetland Pier air. An t-Athair Mac Dómhnall a fuair airgead i gcóir cuid de bhóthar liath-choilleach agus dhein muinntir an bhaile féin an cuid eile dhe. Bhí furmhór d'fhearaibh an pharóiste ag obair ar bhóthar Dhoire an Charn mar déirc do b'eadh é. Bhíodh cailíní leis ag obair air ag tarach scailpeacha nó asair. Ní dheineadh cuid de's na fearaibh a bhí ag obair ar an mbóthar acht a n-ainimneacha a fhreagairt ar mhaidin agus annsan filleadh abhaile chun a ghnó féin a dhéanamh. Bhí fear amháin 'na chómhnaidhe i liath-choill darbh ainm dó Seán Ua Cruadhlaoich. Bhí ainim airgid air agus dá bhrí sin ní bhfuair sé aon obair ar
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 00:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ófrálimíd suas an Choróinn Mhuire seo mar onóir agus mar ghrádh anoct do Dhia agus ar san na n-anamacha sear linn anamacha ár leanbh ár n-athaireacha ar máithreacha ar ndritharacha ár ndeirféaracha agus ár lucht cáirde Má tá cor pian, peaca nó purgadóireacht
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 00:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Luighim le Dia go luigh Dia liom
Eirighim le Dia go n-eirighe Dia liom
Dia mar Athair is Muire mar Mháthair
Flaithis Dia mar tharracas is diúlimíd do'n áirseón
Solas na bhflathas go bhfeicimis tu
Ceóil na n-aingeal go gcloisimíd thu
Solas na soillse radharc na tríonóide
Grásta na foidhne in aghaidh na h-éagórtha
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 00:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
annsan ar an bpáiste gur leis an dorn san
Ceist -: Cad é sin thíos?
Freagra -: Arán is ím.
C. -: Cá bhfuil mo chuid-se?
F -: Tá sé fé'n sop
C -: Cá bhfuil an sop?
F -: Do dhóigh an teine é
C - Cá bhfuil an teine?
F - Do mhúc an t-uisce é
C. - Cá bhfuil an t-uisce?
F -. D'ól an damh é.
C. - Cá bhfuil an damh?
F. - Do mhairbh an búistéir é
C. - Cá bhfuil an búistéir?
F. - Tá sé thíos annsan tá sé shuas annsan idir dhá charn cloch agus an té labhaireadh nó gáireadh ar dtúis gheobhaidh sé erí buile dorn treasna cnámh a dhroma agus trí miotóig as a láimh.
ball sinsearach (stair)
2020-01-12 00:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo deas a dheineadh na páistí fadó, do bhailighidís go léir timcheall ceann an bhúird. Cuireadh páiste acu a dhorn ar an mbhórd annsan cuireadh páiste eile a dhorn féin anuas ar sin, cuireadh an tríomhadh páiste a dhorn féin anuas ar an tarna dhorn agus mar sin dóibh go dtí go mbheadh a n-dóirne go léir ós cionn a chéile. Annsan cuireadh páiste acu ceist ar an bpáiste gur leis an dorn is aoirde sa stáca
Ceist-: Cad é sin anáirde?
Freagra-: Ceann an stáca.
An céad páiste -: leog ar lár é go dthí an tacha so amáireach. Tógann an páiste gur leis an dorn uachtarach ar dhorn anuas don. stáca Cuirtí an ceist ceadhna chun an páiste gur leis an dorn is aoirde arís agus tógadh seisean anuas a dhorn mar an gcéad páiste Mar sin dóibh chun ná bhíodh acht dhorn amháin ar an mbhórd. Cuirtí ceist eile