Líon iontrálacha sa taifead staire: 275
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 14:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
báid leó gur raibh cead ag na Catoilicig Aifreann d'éisteach níos mó, mar go raibh Rí nuadh i gcróinn i Sasana agus go raibh stop curtha leis an drochdhlíghe. Do chaitheadar iad féin ar a nglúnaibh ag tabhairt buidheachais do Dhia agus iad do thabhairt saor so.
Seo í an phaidir a dúbhadar sar a n'imthigheadar as an Oileán:—
"A Athair mhic do thalmhuig grian agus muir
Bhí sa Sasanaig in earraid linn lé fada go dtí indiú
Do sgaoilis eadrainn do bheannacht is go bhfanadh sí againn
Is gur lé taithneamh dúinn do scara[is] sinn ós na Sasanaig dubh."
Sin í an phaidir do bhí aca dhá afráil suas chuin Dé na Glóire i dtaobh iad do thabhairt saor. D'imthigeadar leó i bhaile agus tá Aifreann dá rádh riamh ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 14:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
phreab fear an tSasanaig suas agus dúbhairt go mbeadh fhios aige féin cad a bhí ann. I ndul i méid a bhí an glór i gcómhnuide. D'imtigh an fear amach ach ní túisge amuig é ná tuigeadh dhóibh gur thuit an cuas síos. D eirigeadar agus chuadar amach ach ní bhfuaireadar tásc ná tuairisg air ó shoin agus ní raibh an cuas tuitighthe ach an oiread.
Tháinig ana scannradh ortha i dtaobh ná fuaireadar beó ná marbh é. Dúbhairt an sagart gur míorbhúilt é, ach gur dócha ná raibh sé ag imteacht i gceart. Lé línn dóibh feachaint amach iseadh a chonnacadar an bád a chuir siar san Oileán iadh an chead uair iad ag teacht chúcha.
"Seadh," ar siad lé chéile, "tá bogadh éigint ar an saoghal agus an bád do bheith ag teacht. Do tháinig an bád fé na ndéin agus dúbhairt criú an
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 14:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ins na cuaiseanna ag trial ar na clocha lé heagla go gcidhfeadh báid na Sasanach iad a bhí ar dtóir timcheall na n-oileán. Séipéal beag do b'eadh é seo. Ach ba chum leó ach an t-Aifreann. Istig a bhíodh an sagart agus an cléireach ach amuig a bhíodh na daoine mar bhí sé ana bheag.
Aon lá amháin dúbhairt an cléireach leis an sagart gur mhaith an rud ainmneacha do sgríobh ar an Áltóir chuin go gcidfeadh na daoine do thiocfadh na ndiaidh gur anso d'fulaingeadar féin a bpeacaí chuin a n'anam do shabháil. Ach ní féidir na hainmneacha beaga so do léigeamh anois mar táid ró aosta. Oidhche amháin agus iad ins na campana do chualadar mar a bheadh glór toirníghe. Do thuigeadar go raibh fear aca ana mhor leis na Sasanaig. Do
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 14:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa mbliadhain 1654 ní raibh cead ag Caitoilicig Aifreann d'éisteach. Thagadh sagairt i bhfad ó bhaile ag léigheamh Aifrinn cois na bh'fotharacha dos na daoine. Sa mbliadhain 1840 tháinig sagart agus mórán daoine aníos go dtí caladh an Daingin ó Bhaile Átha Cliath mar bhí an tóir na ndiaidh ag na Sasanaig. Ba chuma leis na Caitoilicig an uair sin ach Aifreann.
Do thógadar leó bád seólta agus líonadar an bád do bhiadh lé heagla go mbearfadh gairid ortha. Do sheóladar ón nDaingean aníos siar go dtí Inis Mhic Faoileán. Do bhí morán campana aca. Do bhíodar ag tógaint an tSéipeal seo dhá mhí mar ní leigfeadh eagla dóibh dul síos
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 13:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
amach ar an bhfarraige. Tá áit mhór deanta do táthan ann, agus tá seana thógaint ann in áit go mbíodh an sagart ag léigheamh an Aifreann. Tá an tógaint sin imthighthe chuin fáin anois. D'fan an sagart ann ar feadh tamaill mhaith, ag léigheamh an Aifrinn ach níor tháinig aon tóirídheacht air an fhaid bhí sé san áit seo.
Is annso leis do théigheadh Lord Ventry agus a bhean ag caitheamh dínnéir sa samhradh.
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 13:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí an saoghal go cruaidh ag na sagairt bochta an tráth san. Do bhídís ar teicheadh i ngach áit agus do b'é an seift ná culaith tailliúra nú culaith gábhann do chuir las amuigh ortha agus a gculaith féin istigh. Do bheireadh cruadhtan maith ar na sagairt bhochta agus do deiridís an t-Aifreann i n-áiteannta uaigneacha.
Scéal.
Uair amháin do chuaidh sagart ar teicheadh ó'n namhaid agus culaith an táilliúra air. Do bhí a chuid eadaigh féin las istig air. Sé an áit a chuaidh sé ná amach ar speir chaol dainnséarach atá ag rith amach ó Thúr an Daingin. Tá an speir seo ag rith
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 13:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i dtaobh ná bíodh faic le deanamh aca san do chaithidís anuas ar an dtalamh iad féin lé bárr goibh. Ach nuair a chualaidh an Tighearna Talmhan an méid sin do chuir sé fios go Sasana ar "Gun Boat" agus do tháinig dhá cheann acu isteach go dtí an gcaladh. Do thosnuig an troid san ach do chuaidh an sagart parróiste amach agus do dhéin sé síothcháin eatortha agus níor deineadh aon iarracht ar mhuinntir Bhaile an Fheirtéirig do chur as seilbh riamh ó shoin.
Is ón lá san amach a tugadh "Captain" ar Thomás Ó Ma[..]ún.
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 12:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chuid fear mar seo.
"Fix Bayonets boys," arsa sé. "Stick to your pikes my boys," arsa Capain Martin agus nuair do chonnaic Bob an méid sin, gach fear agus a pike ullamh aige, tháinig eagla air agus dúbhairt sé lé na chuid fear chasadh ar a sáil.
Tráthnóna thiar do bhí oiread guibh ar na pílars gur chuadar ar thóir na bhfear a bhí na n-aonar agus do leanadar iad agus na fearaibh ag feadhail chúcha agus bé an áit a chuaidh na fearaibh ar teicheadh uatha ná go caladh na mbád i mBéal Bán, agus do chuireadar síos naomhóga agus do tháinig na pílars ar barra. Do bhí na fearaibh sa naomhóga amuig ar an línn agus iad ag feadhail fé na pílaras. Agus
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 12:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
comhlaí do's na dóirse agus ní raibh aon rud lé deanamh ar an dtighearna ná ag na pílars mar bhí na daoine féin imthighthe as na tighthe agus níor bh'féidir leó iad do chuir as seilbh. Taréis tamaill eile do tháinig sgeal chúcha go rabhadar ag teacht aríst. Do bhí fear na chómhnuidhe ar na Gortadúbha go raibh ana mhisneach aige. Do bé an ainm a bhí air ná Captain Martin.
Do chuir sé sgeala go dtís na daoine, an áirighthe sin fear do theacht ó gach parróiste agus píce dhá bheann do thabhairt leó mar ghléas airm. An tráthnóna roimh teacht an tSiriam agus captaen na pílars .i. Bobin Grey do tháinig na daoine lé chéile agus thugadar leó ranna, piocoidí sluaiste, agus do ghearradar trinnsí ar gach taobh do's na bóithre
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 12:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
in a raibh súil go siúbhlóchaidís.
Lár na abháireach do tháinig suas lé dhá chead ón nDaingean. Do bhí cairteacha agus trucaillí acu nú go dtangadar go dtí "Imlea". San áit sin a bhí na bóithre geárrtha ortha agus do chaitheadar teacht amach an san. Do bhí Captain Martin ann leis agus a chuid fear féinig. Do shocruig an Captain a chuid fear lé chéile anáirde ar na clathacha agus níor bhfada a bhíodar ann nuair a ghaibh an dream cúcha agus do bhíodar socruighthe ag an Captain leath mhíle do bhóthar ar gach taobh agus do chuaidh sé féin ar an dtaobh thoir agus do bhí sé féin (ar an dtaobh) ag siúbhal anoir cois ar chois lé Bobin Grey. Nuair a thangadar chómh fada lé saipeal Bhaile an Feirtéirig do tháinig eagla ar Bobin agus dúbhairt sé lé na
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 12:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
comhlaí do's na dóirse agus ní raibh aon rud lé deanamh ar an dtighearna ná ag na pílars mar bhí na daoine féin imthighthe as na tighthe agus níor bh'féidir leó iad do chuir as seilbh. Taréis tamaill eile do tháinig sgeal chúcha go rabhadar ag teacht aríst. Do bhí fear na chómhnuidhe ar na Gortadúbha go raibh ana mhisneach aige. Do bé an ainm a bhí air ná Captain Martin.
Do chuir sé sgeala go dtís na daoine, an áirighthe sin fear do theacht ó gach parróiste agus píce dhá bheann do thabhairt leó mar ghléas airm. An tráthnóna roimh teacht an tSiriam agus captaen na pílars .i. Bobin[?] Grey do tháinig na daoine lé chéile agus thugadar leó ranna, piocoidí sluaiste, agus do ghearradar trinnsí ar gach taobh do's na bóithre
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fadó do thuit cíos cúpla bhliaidhain nú trí ar Bhaile an Fheirtéirig. Ní mór do mhuinntir an bhaile a bhí ábalta ar an gcíos do dhíol mar bhíodar go bocht dealbh.
Taréis tamaill i mí Iúil do tháinig tuairisg chúcha go gcuirfí as seilbh iad agus d'imthigh an sgeal ar fuaid na dúighthe. Do bhí ana thruagh ag na daoine dóibh. An lá a bhíodar chuin teacht do chuir muinntir an bhaile a gcuid ba go dtí goirt eile ar fearach. Do mhúchadar a gcuid teinteacha agus do chuir na mná a gcuid bainne go dtí mná iasachta chuin é a choimeád. Do bhaineadar na
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar fad. Gach aon lá deireadh sí, "Geóbhaidh árthach maol aniar agus tabhairfaidh sí léithe gach aon fhear láidir" ach sé a deireadh sí, "Ní hiad is measa liom ach fear an bhainne."
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ó Baile an Fheirtéirig. Do tháinig bád eile ós na Gortudúbha. Do chuaidh cuid do mhuinntir Bhaile an Fheirtéirig ar bórd. Taréis tamaill d'eirigh achrann idir an dá dhrom. Do chaith muinntir Bhaile an Fheirteirig cró iarann anuas ar mhuinntir Dhúnchaoin chuin iad do mharbhú ach isteach na naomhóig féin do chuaidh sí agus do báthadh a raibh innte slán mar a n-innstear é. Do tháinigh gach duine do mhuinntir Dhúnchaoin saor. D'imthi[gh] an t-árthach léi agus an méid a bhí do mhuinntir Bhaile an Feirtéirig innte ar bórd. Sar ar thuit an oidhche do shúncáil sí i "gCúl na mBeann". Do deineadh bainnteach is fiche an uair sin.
Lé línn na huaire ceadhna do bhí cailín óg ins a' Bhaile Uachtrach thiar. Do bhí sí ana shímplidhe
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Timcheall lé céad bliadhan ó shoin do chonnaic muinntir an Oileáin árthach ag gabháil anóis an "Ród". Do bhí cuma ana bhriste uirthi. Do chuaidh naomhóg fé na dhéin. Do chuaidh seana fhear dar bh'ainm Ó Ceárna ar bórd. Do ghaibh iongantas mór é toisg ná raibh aon fhear ar bórd. D'órduig sé dóibh dul abhaile aríst mar ná raibh aoinne ar bórd ach amhailt. Do chuadar abhaile agus níor fhéachadar siar ar an árthach as son amach. D'imtigh an t-árthach léi agus do chonnaic cuid do mhuinntir Dhún Chaoin iad. Do chuadar ar bórd. D'imtigh an t-árthach léi nú gur chuaidh sí isteach go dtí "Cuan an Choill". Do tháinig mórán báid
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus stocaí, agus mórán rudaí eile innti. Do tugadh móir-cuid dos na rudaí saor aiste.
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa mblian 1916 do báthadh long lé hais cósta an Bhloscaod in aice lé "Carraig an Lochair". Do b'é an ainm a bhí uirthi ná an "Quebra". Do tugadh gach aoinne aiste lé báid. Do bhí gach saghas olla mhaitheas innte. Do fuair muinntir an Oileáin Móir chuid dóibh. Bhí fíon, ubhla
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
naomhóg ón Oileán ag iasgach photaí ar an dtaobh theas don Oileán agus do fuaireadar an bád agus í i mbaoghal a báidhte.
Do thugadar an fuireann aiste agus nuair a bhí an t-árthach ag dul fé uisge do bhí an captaen ag gol. Do tugadh go dtí an mbaile seo iad agus do fuaireadar biadh agus eadach trom ann. Tráthnóna thiar do chuadar abhaile.
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Timcheall lé trí bliana ó shoin ar an séamhadh lá de Mheitheamh do báthadh í seo. Ba mhor go léir an lá báistighe é. Do bhí
ball sinsearach (stair)
2017-12-11 09:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aon cheann dos na teanceanna annso lá na dhiaidh. Tháinigh Steam Trawler annso. Níor tháinigh an bád beag chuige isteach mar bhí an fharraige ró shuaidhte. Tháinigh sí in aice leis an bPointe.
Dúbhairt sé gur tháinig sé chuin a rádh leó gur bhuail Oil Tanker is ná raibh aon nídh innte ach cómhluí is íle. Do báthadh í seo sa mblian 1914.
Do fuaireas an teólas so o Phádraig Ó Ghuithín. Tá sé tuairim dhá bhlian is trí fichid.
ball sinsearach (stair)
2017-12-05 09:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tamall maith de bhlianta do ghaibh long aniar ó America. Do thuit an ceó ortha. Do bhí sí ag imtheacht léith[i] nú gur tháinigh sí go dtí Ceann Srath[a.] Do bhí sí lán de thanceanna íle is do chipíní adhmaid. D'imthigh an íle go léir ar an bhfarraige. Níor fhan aon éan ar an bhfarraige ná gur mhairbh an íle. Do bhí beirt fhear an lá so ar an dtráig. Do chonnacadar raic ag deanamh isteach ortha. Súd amach duine acu chuin go mbeadh an raic aige féin. Do bhí an fharraige ag dul suas go dtí na chromáin air. Bheir sé ar an raic .i. cómhla bhreágh bhuidhe a bhí ann go raibh glas uirthi. Bhí go leór íle ar an bhfarraige ach d'aistrig an ghaoth is níor tháinigh
ball sinsearach (stair)
2017-12-04 21:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
poll mór isteach ínnthi chun a coirce a mheilt. Do bhíodh na seana mhná ag teacht go dtí an dtig agus mála mór coirce ar a ndream aca cun é mheilt dóibh. Nuair a báthadh an Daggory do bhí a lán gráinne buidhe ínnthi agus do dheinidís cistí do. Nuair a bhí an cruitneact ag imtheact ar an bhfairrige agus théigdís ag triall ar agus mheilidís é agus dheinidís arán de. Do dheinidís min choirce nuair a mheilidís an coirce dólaidís an min coirce le arán buide agus le iasg buide a bhíod anáirde ós chionn an ghail aca cun é bheit ag buidheú. Do bhíod oile róin dá ól aca agus oile an truisge agus oile an mhíol mhór. Tinne deanta de rubháin a bhíod aca insan geimread mar sí is feárr a bhíod cun lasad.
ball sinsearach (stair)
2017-12-04 21:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i gcómair an gheímridh. Do bhíod long aca agus dheinidís puirseac (Praisea[ch)]. Do chuiridís sáspan plúir síos air stán agus d'fliuchaidís é le huisce te. Nuair a bhíodh an t-iasg beirigthe do dheinid[ís] é mhionú [?] agus bhainidís as na cnámha agus chaithidís síos ar an bplúr is air an uisge é agus chuiridís ag beiriú é ós chionn na teine agus nuair a bhíod sé ag fliuchaidh do chaithid[ís] oniúin síos air. D'ithidís é nuair a bhíod sé beirighthe. D'ithidís le prátaí é. Do bhíodh iasg buidhe aca le prátai agus le bainne gabhair agus le bainne caorach. Do théigheadh Tomás Pháidí Mhóir suas agus chrúdhadh sé na caoire is na gabhair agus thugad sé abhaile é is dólad sé é le arán buidhe é.
Feóil. Feóil gabhair agus feóil caorach a bhíod aca i gcómair na Nodlag. Do mharbhuígidís caora nó gabhar gach
ball sinsearach (stair)
2017-12-04 21:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhainidís báirnig agus thugaidís leó stán sáile mar is mar sin is deise a bhíonn na báirnig. Do chuiridís ag beiriú iad agus d'ithidís iad le bainn[e] reamhar géur ag b'shin é an biad mai[th] láidir. Do bhainidís slaidí agus thugaidís leó sáile. Do chuiridís síos i gcorcán mór é. Do bhrúghaidís é le dhá shlis mhór agus bhídís dá bhrúgh[adh] thíos ins an gcorcán go dtí go mbíodh sé brúighte go maith aca. Nuair a bhíod sé beirighthe te d'íosfá do mhéaras[ta] na dhiaidh do bheadh sé cómh breágh san. D'ólaidís an sáile té agus an t-ará[n] buidhe.
Do bhíodh arán coirce aca leis. Do bhí bró chun meilt ag Tomás Phaidí Mhóir (Púncán). Do fuair sé thuaidh i mBaile na nGall é agus thug sé leis adthuaidh. Do bhí ruth mór uirthe agus lámh mhór. Do bhí
ball sinsearach (stair)
2017-12-04 21:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nodlaig. Do théigheadh na fir siar ins na h-oileáin ag marbhú coiníní agus is mó tráthnóna a tháingeadar abaile agus beart mor aca de coiníní saille. Do chuiridís ag beiriú iad síos i gcorcán mór agus d'ólaidís an anairthe a bhíod ortha le arán buidhe agus is é a bhíodh go breágh. Na mná na féadfadh an t-arán buidhe do dhéanamh fadó dheinidís leite bhuide ina ionad. Do chuiridís sceiléad mór ar an dtine agus chuiridís leath an sceiléaid de mhin bhreágh bhuidhe síos ins an chorcán, agus d'fliuchaidís í le huisge te. Nuair a bhíod an mhine ag fliuchaidh ar an dteine do chaithidís dorn eile mine uirthe cun í dhéanam reamar. Nuair a bhead sí beirigte annsan do chuiridís amach ar mheis mor í agus bainne gabair na teannta agus dithidís í go breág.
Do théighidís ar an dtráig agus
ball sinsearach (stair)
2017-12-04 21:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i gcómair an gheímridh. Do bhíod long aca agus dheinidís puirseac (Praisea[ch)]. Do chuiridís sáspan plúir síos air stán agus d'fliuchaidís é le huisce te. Nuair a bhíodh an t-iasg beirigthe do dheinid[ís] é mhionú [?] agus bhainidís as na cnámha agus chaithidís síos ar an bplúr is air an uisge é agus chuiridís ag beiriú é ós chionn na teine agus nuair a bhíod sé ag fliuchaidh do chaithid[ís] oniúin síos air. D'ithidís é nuair a bhíod sé beirighthe. D'ithidís le prátaí é. Do bhíodh iasg buidhe aca le prátai agus le bainne gabhair agus le bainne caorach. Do théigheadh Tomás Pháidí[n] Mhóir suas agus chrúdhadh sé na caoire is na gabhair agus thugad sé abhaile é is dólad sé é le arán buidhe é.
Feóil. Feóil gabhair agus feóil caorach a bhíod aca i gcómair na Nodlag. Do mharbhuígidís caora nó gabhar gach
ball sinsearach (stair)
2017-12-04 20:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aca. Annsan chuirdís isteac san stán so é is chrothaidís plúr air gach taobh de. Chuiridís ag bácáil san ngrideal í. Nuair a bhíodh se bácálta te d'ithidís le bainne fuar é. Sin é an sórt aráin a bhíod aca an uair sin. Ní raibh aon chur amach aca an uair sin ar thé ná ar arán bán. Má bhíod an steaimpí ró fhuar air maidin leis an mbainne fuar chuiridís ag téigheamh ar an ngriodal é. Bhíod Boxtaí aca leis dá itheadh. Is prátaí a dheinead an t-arán seo act ní cuirdís puinn prátaí ins an arán seo mar is tóstálta a bhíod sé seo. Bhíodh bonn iarainn aca go mbíod spiaraí beaga anáirde air agus annsan an t-arán air an mbonn iarainn. Bhácaláidís Boxtí fén luaith leis.
An t-Iasg. Iasg garbh a bhíod aca théighidís ag marbú Pollóg agus ag marbú deargáin agus ag marbú ballaig
ball sinsearach (stair)
2017-12-04 20:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Arán buidhe. Sé an t-slige a deinidís arán fadó. D'faigidís rud stáin go mbíod deantúis an oigin air. Chuiridís min ann is d'fhliuichaidís í. Chuiridís ag bácáil in ghriodal é go mbíodh seastán thíos fé. Bhíod trí cosa fésin go dtugaidís "braind" air. Cistí mine is bainne a bhíodh aca.
Steaimpí. Dheinidís an steaimpí le prátaí. D'faighidís bosca stáin is doscailí[dís] é is chuiridís puill ann le tairne. Ceangluídís le hadhmad é agus bhíodh sé na ghráta annsan. Bhídís ag scríobadh na bprátaí air nó go mbíodh boscaoid lán aca. Annsan chuiridís isteach in éadac na prátaí. Bhíod beirt bha[n] dá fhásgad go dtí go mbíod sé brúighte
ball sinsearach (stair)
2017-12-01 10:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(Seán Mhichíl) agus dearbhráthair de Sheán Ó Duinléi (Seán Eógain) agus Seán Ó Guithín. Níor bhfuaireadh aoinne aca act dearbráthair de Seán Ó Duínnléi. Do fuairead é seo i mbun Fána. Do b'é seo an t-am ná raibh aon biad ag na daoine.
Is ó Seán Tom Ó Ceárna a chualadh é seó. Tá sé hoct deag is dachad de bhlianta.
ball sinsearach (stair)
2017-12-01 10:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an Inis.
Thug sé bacla móna leis. Las sé teine is do chonnaic fear dár ainm Tomás Thoamáis Ó Ceárna í (Tomás an Phúncáin). Do chuaidh sé abhaile agus chuaidh naomóg ón Oileán siar lára na amháireach. D'fan Pádraig Ó Dálaig thiar an oidhche sin acht níor thuit aon chodhladh air. Do tháinig sé abhaile lá na dhiaidh. Tá an fear seo ag maireachtain fós.
Do chualadh an sgéal seo ó Eiblís Bean Uí Cheárna. Tá sí trí fícead bliadhan.
Timcheall leath chéad bliadan ó shoin do chuaid triúr fear ón Oileán siar go Inis na Bró ag marbú phollóg. Do bhíodar ag marbhú thiar ar an Laoch. Do bhuaileadar ar fhochais agus báthadh iad. Dearbráthair de Seán Ó Ceárna
ball sinsearach (stair)
2017-12-01 10:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mór. Bhí fear aca amuigh ag baint iascáin air charraig is dá chur i málaí. Sé an ainm a bhí air sin ná Pádraig Ó Dálaig agus Seán Ó Séaghadh. Bhí Seán ag ainnliú na naomhóige. Tháinig feóthan gaoithe air. Bhí sé ag lapadaíl chun dul anáirde ar an gcloich acht d'imthig sé síos. Do tháinig sé aníos agus do bhí an fear eile ag iarraidh an rann a chur chuige act bhí sí ró ghearra agus dá mbeadh maide rámha aige do bheadh an duine eile saor sábhálta. Do tháinig an naomhóg isteach chuige agus bhí obair aige ag iarraidh an naomhóg a chur ar a béal agus bhí obair air chun an t-uisce a chur amach aisti. Bhí dhá mhaide innte agus dhá dhola agus ráimh sé míle go leith de fharraige go dtí caladh Inis Mic Fhaoláin. Do chuir sé suas i gcladach mor í agus bhí ana faitíos do bhí ana uaigneas air. Chuaidh sé suas annsan go dtí a thig a bhí ins an
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an tighearna inaon áit gairid dóibh. Bhíodar ró fhada uatha. Sé an áit go bhfuil Bannc na Mumhan anois an áit go mbíodh tig an tighearna Mullins.
Do cuireadh na Feirtéirig amach as a gcuid talmhan i bParróiste an Feirtéirig. Lord Ventry a dhéin an beart san. Chuadar síos ar an dtráig an fhaid sin agus thógadar tighthe beaga agus bhíodar ag maireachtaint ar iasg agus ar thalamh sgóir ar feadh cúig mbliadhna. Fuair an chuid críona bás agus annsan leigeadh isteach aríst iad.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na talmhan. Do briseadh ortha. Do chuireadh as Bhaile an Góilín iad tuisg gur protustúnaig iad. Is thóg an riaghaltas Coláiste Íde ann. Tá an coláiste sin lán do Chaitlicig is tá séipéal dheas istig ann. Do chuir tighearna eile is captain chun talmhan a roinnt thíos timcheall Bhaile an Mhuillin. Roinn é is fágadh na daoine bóchta gan aon chuid den dtalamh. Is mar sin a deineadh an feall ar na daoine fadó.
Is mó daoine a cailleadh leis an ocras is gan ach codhla amuigh fén spéir aca. Is mó chuid aca a tugadh leis a chuid leabthacha is a chuireadh i bpoll thíos ins na cuaiseanna iad. Nuair a tháinig na báillí annso fadó ceap na daoine go gcuirfí as na tighthe iad. Bhí gach seanabhean is a tocht chlúmh ar a drom aici a chur i bpoll. Ní fios cad a dhéanfhaidís dá mbeadh
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aici scoil Cill Mhic a Domhnaig, an fhaid a bhead sí ann is ag a clann na diaidh. Thóg sí tig nuadh is bhí a hathair in aoinfheacht léi. Phós Cáit is mhaireadar go lántsásta acht tá Cait Bhán is a fear marbh anois is Flathais Dé go bfuighidh a nanam.
Lord Ventry. Do bhí cúirt mór aige seo i mBaile 'n Ghóilin. Is innte anois atá Coláiste Íde. Sasanaig ar fad a bhí ann. Do bhí Lord Ventry ana chruaidh. Bhaineadh sé an stoc dos na daoine. Do chuir sé fear as a chuid talmhan i dtaobh ná raibh sé ag díol cíosa is roinn sé an talamh air na daoine a bhí ag díol an cíosa leis.
Lord Mullins. Do bhí sé sin is Lord Ventry ag obair as láimhaibh a chéile. Beirt dearbhrathair a b'eadh iad. Do chuiridís báillí go dtí sna daoine ná bíodh aon chíos a dhíol aca. Tosnuigheadar ag roinnt
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is mílte eile nách iad. Bhí Cáit Bhán ana óg an uair sin. Súagán a bhíodh timcheall uirthi is í na baclainn ag a hathair. Gheibheadh sé Ceann Sléibhe aniar. Ní leigtí isteach in aon áit iad mar bhí spíarí ag Bess Rice. Isteach fé bhéal leice a théighidís. Théigheadh a hathair Seamus Bán ag soláthar teine di. Gheibheadh sé cúpla spré is chuireadh sé fén leic é chun í a bheith te. Oidhcheannta bhídis istig i dtig acht bhíodh scéigthe aige na spiairí ortha is chaithidhis a bheith ag imhtheacht. Bhíodar ag chaitheamh an tsaoghail go hana bhocht.
Bhí Cáit Bhán mór an uair sin. Bhíodh truagh aige sna sagairt dos gach aoinne acht ní raibh aon leigheas air. Thóg an t-Athair Domhnall Ó Súilleabháin air láimh í. Chuir sé fé scrúdú i dTráidhlí í is dhéin sí é. Cailín ana mhaith i gcóir leitireachta a b'eadh í. D'fág an sagart le n'uacht
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ag triall uirthi á rádh léi ná raibh cead aici a bheith istig in aon tig nú éinne a leigfheadh isteach í go mbeidís féin amuich leis. Bhíodar seo ag díol an chíosa. Cailleadh an bhaintreach amuigh ar an mbóthair. Do bhí na tighearnaí talmhan ana chruaidh an uair sin.
Do tháinig tighearna mná annsan i bhfánn. Do bhí sí ana chruaidh ar fad. Chaitheadh sí amach na daoine ná féadfad an cíos a díol. Do chuir sí báillí annso. Bhí báille i dtig annso chuaidh sé anáirde air bárr an tighe. Tig tuighe a b'eadh é. Sháig an bhean an díos isteach na cheathrú. Siúd an fhuil ag teacht. D'imthigeadar is seana bhlas air a gcosa aca. Níor thánadar riamh ó shoin san Oileán.
Do chuir Bess Rice — an tighearna — amach as a dtig Cáit bhán is a hathair i dtaobh ná rabhadar ag díol an chíosa. Caitheadh amach air an mbán iad
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé Lord Cork an tighearna a tháinig ó Chorcaig. Tháinig sé annso isteach timcheall dachad bliadhan ó shoin. Ní hé féin a tháinig acht a chaptaén. Thóg sé ó mhuinntir an Oileáin gach naomhóg agus bád a bhí aca is thug leis iad.
Do chuir Lord Cork amach baintearach as a tig thíos san Leitir Ubhach. Ní raibh sí ag díol aon chíosa mar bhí sí bocht. Ní raibh aon chlann aici. Ní raibh aici acht an taon bhó amháin. Do chaith sé amach ar an mbán í. Bhí sí annsan is n'feadar sí cá bhfanfadh sí. Leig cómharsa isteach í acht i lár na h-oidhche chuir Lord Cork agus an captain
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na báid amach agus b'éigin dóibh imtheacht agus tabhairt fé'n dtráig bháin. Chuireadar na pílears agus na báillí i dtír ar an dtráig. Bhí casán caol ag dul suas agus d'fan muinntir an Oileáin ar bhárr rómpa i mbarra an chasáin. An céad gárda shín sé a lámh go dtí fear ón Oileán chun cabhair a thabhairt do. Bheir fear an Oileáin ar chaol láimhe air an ngárda agus thairring sé chuige aníos é. Nuair a fuair sé leath-slíghe é bhog sé do'n láimh agus sgaoil sé síos é. Bhuail an chéad fhear air an dara fear agus mar sin dhóibh gur buaileadh thíos iad. Níor marbhuigheadh iad tuisg gur san ngainimh a buaileadh iad. Ba ghairid Dia leó na báid rómpa an uair úd chun teicheadh le na nanam.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 17:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chun an t-Oileán a d'aistriú amach agus é a chur in áit éigin eile. Nuair a bhraith muinntír an Oileáin iad bhí an cúrsa ró deannach chun ollmhú cogaidh a dhéanamh.
Do bhailigheadar le chéile. Chuireadar na páisti agus na mná ag bailiú cloch mar tháinig an chúrsa ró thapaidh. Sar a raibh na báid anuas ag an árthach, bhí ualach chloch bailighthe aca agus ba mhaith chuige iad chun go gcuirfidís an ruaig ar mhuinntír an bháid dar leó. B'seo isteach dá bhád, iad lán do ghárdaí agus báilí agus d'aram. Dheineadar isteach fé'n gcaladh agus nuair a fuaireadar istig iad siúd leó ag chaitheamh anuas na gcloch ó Bhárr na faille i mullach an chinn ortha.
Thug an Siriam órdú chaithte dos na pílears agus dheineadar. Do chosain an port muinntir an Oileáin agus na clocha agus mharbhuigheadar ceathrar. D'imthig
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí cíos trí bliana tuitthe ar an Oileán Thíar fadó timcheall céad bliadhna ó shoin. Do bhí an tighearna talmhan ag lorg an chíosa ó lá go lá agus ó bhliadhain go bhliadhain. Ní aontuighidís é a thabhairt do mar dubharadar nách aon talamh fóghanta a bhí aca féin agus níor bh'eadh leis. Níor thaithnig Sasana riamh leis na h-Oileáin agus b'ait leó a bheith ag díol airgid as thalamh ba cheart dóibh féin a bheith aca agus a sínsear rómpa. Bhí spirid na nGaidheal ins na h-Oileánaig riamh agus a chómhartha go raibh tá an Ghaedhluinn ar feabhas aca.
Do tháinig an lá gur tháinig an "Gun boat", go béal na trágha; í lán do arm agus do bháilí agus do ghárdaí
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí cloch thíar in Innis Mhic Fhaoileáin agus a lán ainmneacha sgríobhtha uirthi. Tháinig fear anúas ó Bhaile Átha Cliath ag feachaint uirthi. Nuair a chonnaic sé í d'árduig sé leis í. Basán beag ceithre cúinneach a b'eadh í.
Stocán an t-Sagairt. Tá sí seo amuch ar an nDún. Tá a lán ainmneacha sgríobhtha uirthi le h-ógham. Ní féidir linn iad a léigheamh. Tá sáipéil beaga san Innis act níl aon stair ag baint leó gur féidir liom a bhaint amach.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an rud a bhí aici acht sabhrain buidhe agus í ag deanamh seóidh ar an leac leis. D'imthigh sí léi i gcionn tamaill agus thug sí sgúird agus thug sí léi ceann eile aca.
Do ghlac an t-sainnt an fear bocht agus sháig sé chúichi agus fuair sé an dá shabhrain anuas ar an lic na dhiaidh. D'innis sé an sgéal do mhuinntir an bhaile. D'imthigheadar san amáireach a raibh san mbaile agus thosnuigheadar ag réabadh an óir dar leó. Acht ní fuaireadar faic. Sé chaill an fear nár fhan fada leis féin agus geobhadh sé an phluais go raibh na sabhrain acht bhí sé ró meagnaiseach chun an airgid.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear i mBaile na h-Abha tamall de bhliadhanta ó shoin. Bhí sé thoir san áit go nglaodhthar an Gleann mór air. Tráthnóna breágh ghréine chonnaic sé eas agus í ag déanamh spóirt an domhain — ag léime agus ag tógaint a lapaí agus cad é damhas. Bhí sé ag ealú leis go dtí gur chuaidh sé gairid di
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí beirt na gcomhnuidhe i nDúnchaoin fadó. Bhíodar ana bhocht. Oidhche amháin bhí duine aca na chómhnuidhe in Ghleann Dearg. I gcaitheamh na h-oidhche tháinig sgata cait le chéile agus chuireadar i núil do dul in áit áirighthe agus ná cídhfeadh sé lá bocht as san amach na shaoghal. Do dhéin sé amhlaidh agus nuair a chuaidh sé san áit fuair sé mála mór óir agus as san amach ní raibh lá bocht na shaoghal aige.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Níl acht aon reilig amháin san áit seo ar a nglaodhthar reilig Rinn an chaisleáin. Deir chuid des na daoine go bhfhuil sí coisrighthe. Tá sgata uaigeacha ann. Clocha móra glasa as a gcionn agus cupóga, leanntóga, bláthanna agus fear glas ag fás as a chionn.
Is innte a chuirtear na leanbhaí beaga a cailltear annseo. Cuirtear na leanbhaí gan baiste innte chómh maith. Tá bean uasal a fuaireadh ar an bhfarraige fadó lán do órnáidí agus do rudaí luachmhara churtha san reilig seo. Tháinig a muinntir féin chun í a thógaint leó agus í a chur in áit éigin eile. Nuair a chonnacadar í fé na chuid órnáidí d'fágadar ann í. Ní cuirtear aon daoin[e] móra innte anois ach leanbhaí.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgairt Phiarais. Do chaith Piaras Feirtéar seala dá shaoghal sa phluais seo ag teicheadh ós na Sasanaig a bhí ar a dthóir.
Sgairt na n-Ógánach. Do bhíodh gabhair dá gcrúdhadh agus is dóca gur b'sin é an chiall gur glaodhadh air é.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rinn Dhuinléibhe. Bhí prátaí curtha aige fear do mhuinntir Duinléibhe innthe.
Rinn muinntir Seaghdha. Bhí prátaí agus a lán rudaí churtha aige muinntir Seaghdha innte seo.
Rinn na Ciorlaic.
Rinn an Chaisleáin. Bhí caisleán ag Piaras innte seo.
Rinn an t-Seóil Bháin. Tá deanamh seóil ar thaobh di.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 16:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
súilíní agus bhí cuirleón san t-súil roimis in ionad coinín.
Rinn Charraig an airgid. Tá carraig cloiche thuas sa chladach agus ar fhéachaint uait air, tá niamh airgid innti.
An Rinn bháin. Í a bheith na rínn dheas bhán agus fear ag fás uirthí.
Rinn Thaidhg. Do fuair Tadhg poll coinníni innte agus ba mhór an seódh a bhain sé do choinníni aiste.
Rinn na nÉan. Bíonn a lán eanluighthe stopaighthe uirthi.
Rinn chuas na basa. Tá bas mór cloiche uaidh amach.
Rinn an tobair. Tá tobar fíor uisge in aice leis.
Rinn Chuas na Rón. Tá pluais rón innte seo.
Rinn Chuas na Finnise. Tá oilean beag amuich na bhéal ar a nglaodhthar Innis.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rinn na croise. Sé an chiall gur tugadh rinn na croise uirthi seo ná cloch bheag a bheith as a chionn agus deanamh na croise a bheith uirthi.
Rinn Mhuidhe. Fear é seo a chaitheadh a saoghal thíos ar an rinn seo ag marbhú bhalaig.
Rinn Chladaí an tobac. Árthach a bhíodh ag imtheacht le tobac gan fios. Chuireadar suas san cladaí seo i bpoll é.
Rinn na gCruthóg. Bhíodh neadacha aige sna cruthóga ináirde na bhárr seo.
Rinn an Chúirleóin. Ní raibh an ainm seo uirthi seo acht le gairid. Sé an chiall gur tugadh uirthi é ná: chuaidh buachaill lá ag cur
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
atá ag gabháil tríd.
Cuas an Phuirt. Tá árdán de phort mór as a chionn seo.
Cuas Chúileán an Uisge. Tá uisge ana dhoimhin ann i gcúi[l] chloch.
Cuas an Sgannaill. Bíonn daoine ag iasgach bhalaig ann.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cuas na gcrosán. Is annseo a dheineann na crosáin a gcuid neadacha.
Cuas faill bhig. Is le na mhéid a tugtar "beag" ar seo.
Cuas an ghamhna. Chuaidh gamhain le faill annseo.
Cuas na basa cró. Sé an cuas is aoirde san Oileán é. Tá dhá leac dheasa ag síneadh amach uaidh ar nós dá bhais duine.
Cuas an tóiteáin. D'iompuig sé seo ruadh dóighte ón dtriomacht bliadhain amháin.
Cuas ceanna duibhe. Ar fhéachaint uait ar seo ba dhóigh leat gur ceann dubh atá air.
Cuas na péiste. Deirtear gur tháinig piast isteach annseo fadó ón bhfharraige.
Chuas an ghleanna briste. Tá gleann mór ag a bhruach seo sgéitheann sé anois agus aríst ó'n uisge
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cuas an tairbh. Do thuit tarbh breágh annseo fadó.
Cuas an Ghearradh. Cuas fada gearradh é seo. Tá gearradh mór sa talamh isteach ag bun an phuirt.
Cuas an bháid. Tá sé seo cosumhail le cuan agus téigheann na báid ar cosaint ann ón droch aimsir.
Cuas dall. Do léim dall é seo mar cheap sé gur gleann a bhí ann.
Cuas na h-Innise. Tá oileán beag amuich na béal go ngaodhtaí "Innis" agus tugtar Cuas na hInnise ó soin air.
Cuas na Rón. Tá pluais annseo istig aige na róinte agus téigheann siad i bhfolach ó'n mbrothall ann.
Cuas Thomáis Dhonnachadh. Chuaidh Tomás Ó Donnach[..] le faill annseo.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ceann an Ghuirt. Sé seo an gort is feárr a thugadh biadh agus dá bhríghe sin tugadh "ceann na ngort" ar nú "roghad na ngort".
An Gainimh. Bíonn sé seo bán gléigeal san ngeimhreadh aige gainimh shéideáin.
Port an Adhneáin. Tá a lán eadhnáin ag fás ann.
Beárnan gearradh. Tuisg é a bheith chómh gearradh agus bearna a bheith i gcúinne éigin do i gcomhnuidhe.
Gort an áird. Tá árdán mór san ngort seo.
An Fothrach. Deirtear go raibh tig fadó ann.
An Gort Nuadh. Sé seo an gort is deannaighe a tógadh.
An Seana ghort. Tá a chumadh ar seo go bhfhuil sé ana chríonadh.
Beal na trágha. Tá sé seo ar thaobh an bhóthair ag dul go dtí an dtráig.
An crosaire. Gort atá idir dá chasán.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní leigfeadh aon chaoire tarais an bpáirc aniar — mar fuair sé í mar fheirm.
An Trasnán. Bhíodh sé seo á chur soir siar fadó acht tá sé a chur síos suas anois.
Cúil an chamraig. Is dócha go b'eadh bághadh ártach nú rud éigin annseo fadó agus go b'eadh bhí sgata corpnaibh ann.
An Gort fada. Sé seo an gort is fuide ar an mbaile.
An t-Isleán bán. Áit ana lom a b'eadh é seo. Ní fásadh ann acht fear fada bán agus ní mór go mblaiseadh aon ainmhidhe é.
Tobar an phúca. Bhí tobar annseo fadó. Deirtear go mbíodh rud éigin i bhfuirm phúca le feisgint ann. Níl an tobar ann anois acht tugtar an ainm ar na guirt fé na bhun.
An Talamh garbh. Tuisg fear agus talamh garbh a bheith ann.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Poinnte an Ghoba. Sé an chiall gur tugadh an ainm seo air ná go bhfhuil sé ag gobadh amach san bhfarraige.
Gort na gcearc. Tuisg talamh breágh bog a bheith ann, bhíodh a mbíodh do chearca ar an mbaile bailighthe istig ann.
An Gort bán. Bhí sgoil agus sáipéal aige sna Bánaig annso. Thugadaís biadh dos na leanbhaí bochtha ag iarraidh iad a mhealladh, acht mo léir nuair a bhog an saoghal thugadar droim láimhe leis.
Rinn Chaisleáin. Bhí caisleán aige Piaras annso. Is innthe atá an reilig indiu.
An Leaca. Tá sí seo na seasamh fíorsgeóbhach agus tá sé chómh sleamhain le gloine.
Cúlóg an Mhaoir. Maor caoireach a bhí ann
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 15:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní labharann siad acht Gaedhluinn níl aon Bhéarla aca. Níl ann acht dá sheanafhothrach ná bhfhuil róaosta — tig cruiceóige act ní ón seana saoghal é agus túr.
Do théigeadh na mílte des na daoine óga go America fadó. Tá sé ráidhthe go bhfhuil talamh an Bhlascaoid ar an dtalamh is feárr san doman chun cur. Fásann fiar breágh fada ann.
"Bainne is bleachtas", mean saoghalta na sean-daoine.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 14:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"An bhfhuil faic le rádh agat?"
Do labhair an fear agus d'innis sé an sgéal tríd agus tríd do.
"Is tusa an fear gur fiú an t-seóid tú," ar seisean.
Do thug sé an inghean le pósadh do agus leath a ríoghachta.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 14:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gúnadh rinnce á chur aca ortha agus cótaí de chleití agus nataí agus bróga ná feacaidh súil daonda ariamh.
Nuair a bhíodar ollmhuighthe ar a dtoil, as go bráth leó síos go náit mhór leathan; do leanaig an garsún riamh agus choidhche iad leastig des na clathacha go shroiseadar áit go raibh báid ag dul treasna go dtí caisleán mór árd agus gach saigheas ceóil agus soisile agus an uile ola-mhaitheas ann. Do léimeadar isteach insna báid bheaga agus chuadar treasna. Do léim an buachaill isteach i mbád agus chuaidh treasna go dtí an caisleán chómh maith le cách. D'fhanadar annsan go dtí gur ghlaoídh na coillig ar maidin ar rinnce agus ag damhas. D'imthigeadar abhaile ar an gcuma a thánadar.
Bhí an garsún na seómradh ceadna rómpa. Tháinig an rí agus dubhairt,
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 14:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
rí agus thuit an cronn ar mhac baintríghe. Chuaidh sé go dtí na daoine muinnteardha sarar imthig sé chun slán báis d'fágaint aici. Do labhair an bhean agus dubhairt, "Anois a mhac ógh, níl ag do mháithrín acht tusa agus má imthighean tusa geobhaidh sí bás. Níl agat le deanamh acht croiceann na caoireach san thíos a cheangailt leastig dod' chuid éadaig. An deoch chodhaltach úd a gheobhair, leig ort go n-ólfair é; leig ort tuiteam id' trom shuan. Act a mhic mo chroidhe ná hól é acht leig leastig síos de'n chroiceann é."
Do dhéin an fear amhlaidh; nuair a tháinig an inghean leis an gcupán, do chaith sé leastig síos de'n chroiceann é agus annsa[n] léig sé air go raibh sé na thom-shuan. Nuair a d'imtig an inghean uaidh thóg sé aniar a cheann agus thosnuig ar a bheith ag féachaint. Do chonnaic sé istig san t-seomradh iad agus gach saigheas
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 14:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
pósadh. Bhí san go maith is ní raibh go holc. Do chuaidh an garsún isteach san t-seómradh agus nuair a bhí sé timcheall a deich a clog istoidhche, tháinig an inghean ba chríne chuige agus dubhairt leis an raibh tart air.
"Tá go fíor," arsa an garsún.
Do shín sí chuige cupán de dheóch ioldathach. Tháinig dúil aige ann agus thóg sé an cupán agus d'ól sé a sháith.
Le na linn sin tháinig trom chodla ar an ngarsún. Ní mhúsgail sé go dtí maidean. Tháinig an rí. Bhuail sé a lámh ar a ghualainn agus dúbhairt sé, "Anois a fhir mhaith innis dom do chúntas tríd is tríd."
Ní raibh faic le rádh aige. Thóg an rí leis é agus chuir chun báis é. Chuir sé buachaill eile inna áit agus é fé sna geasa céadna. Do dhéin an inghean críonadh an rud ceadhna leis. Tháinig an rí ar maidin agus chuir chun báis é. An tríomhad oidhche d'imthig an
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 14:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí rí agus a bhean na gcómhnuidhe i gcúirt mhór uair. Bhí dá dhuine deag d'ingeanacha aca. Do chaithfheadh gach aoinne do'n dá dhuine déag péire nuadh de bhróga a fhághailt gach lá.
Lá amháin do labhair an rí agus dubhairt sé ná féadfhadh sé féin a bheith ag ciomad bróg mar seo dóibh mar gur ag chaitheamh airgid i bhfásta é. Lá ámháin do cheap sé plean — ceann de gharsúin a bhí san comharsanacht, chuir sé isteach i seomra é go raibh fuinneóig mór ar a thaobh. Dubhairt sé leis mar a mbeadh fhios aige ar maidin connus a chaithidís na bróga agus cá mbídís go gcuirfheadh sé chun báis é. Má bheadh fhios aige go dtabharfhadh sé leath do na rioghacht do agus an inghean ba chríne le
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 14:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
thóin an phoill. D'eirig sé aríst agus mac ealla á bhaint amach aige agus farraige a chur leastuas do'n bhaile aige. Chaith sí an dara púróg cloiche leis.
Le na linn sin d'éirig sé aníos na phrionsa uasal, uaibhreach óg. Croth sé lámh léi agus dubhairt, "Is tusa a inghean óig a sábháil mo bheatha dom."
Chuadar go dtí cúirt a n-athar agus chaith siad cúpla bliadhain annsan ag cur aithne ar an áit. Phósadar annsan agus bhí flaith trí lá agus trí oidhche ortha. Mhaireadar go lántsásta as san amach gan buairt gan brón.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 14:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chroidheach ag déanamh ar chrosaire agus í go huaigneach nuair a labhair an guth.
"A inghean óig, éist éist. Sé do bheatha atá ann. Crot suas tú féin. Féach rómhat na trí cloichíní, prioc suas iad. Chuir i dtaisge iad. Nuair a thiocfhaidh an t-ainmhidhe chun tú itheadh caith cheann leis. Nuair a thiocfhaidh sé an dara huair caith ceann eile leis agus an tríomhad uair éireóchaid sé suas na phrionsa. Béarfhaidh sé boróg ort. Tabharfhaid sé don chúirt tú. Caithfir cúpla bliadhain innte. Posfair annsan é."
Tháinig misneach ar an gcaillín. Chuaidh sí ar aghaidh. Nuair a shrois sí an chúirt, cuiread fáilte roimpe. Cuiread go dtí an dtig í. Leath uair nó mar sin d'eirig an t-ainmhidhe. Tháinig faitíos uirthi. D'éirig sé an dara huair chaith sí an dara cloch leis agus chuaidh ar
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 13:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
shoir, agus shiar. Nuair a chualaidh sé cad a imhthig air ba ghóbair nár imthig sé as a mheabhair. Théigheadh sé ar bhruach na habhann seo gach uile lá ag gol go fuidheach. Gach dara mí d'eireigheadh an breac grándha seo agus chuireadh sé farraige as cionn an tighe bhig a bhí ar bhruach na habhann agus é i reachtaibh é a slogadh leis shiar na ghoile.
Cuireadh gairm amach annsan go gcaithfheadh caillín éigin teacht agus dul sa tig bheag úd agus guthaí an ainmhidhe a thabhairt fé ndeara. Do bhí leas mháthair agus a hinghean dó deag bliadhanna na gcómhnuidhe i mbaile beag. Do bhí gach aoinne á rádh go níosfhadh an tainmhidhe sin an té a raigheadh san tig. Bé siúd buacas na leasmhátharach mar bhí fuath an oilc na chroidhe dí. Dubhairt sí léi bailiú léi agus dul san tig. Do thosaig an caillín bócht ag gal go fuidheach agus í go briste
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 13:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuireadh chun búird é, tugadh biadh, deoch, ceól, rinnce gach saigheas soilt do.
I ndeireadh an láe dúbhair[t] an spéir bhean leis an óganach í a phósadh. Dúbhairt sé go dána ná déanfhadh dá mbeadh a compórd seacht n-uaire ní ba bh'feárr ná mar a bhí sé. Tháinig buile feirge ar an seana bhean a bhí gan focal i rith an láe agus dúbhairt, "Ní geobair bás go mbeir seacht slata mar feitheidh[e?] fharraige." Do sheóladar abhaile é agus ar dhul treasna na h-abhann, ar aon pléasg amháin thóg sí leis é agus ní bhfhuaireadar a thuairisg go tamall maith na dhiaidh sin. Bhí an fathach chríonadh ag imtheach[t] le buileadh agus báiní.
Do chuaidh sé ar fuaid na mbailteacha ag búirig is ag imthea[cht] as a mheabhair ag lorg a mhic. Sa deireadh tháinig sé go dtí an tig seo agus d'innseadar an sgéal do shíos, shuas
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 12:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fathach mór na chómhnuidhe sa domhan thoir fadó. Ní bhíodh aon chúram air acht ag chaitheamh léimeacha, imirt cloichí, chaitheamh ualaí, agus ag cur a chuid óir trí na chéile. Bhí sé na chómhnuidhe istig i gcoill ar thaobh srotháin agus abhainn mhór doimhin ar faid cúpla slaite uaidh.
Bhí aon mhac amháin aige agus maidir le na chuid áilneachta níor bh'féidir chur síos air. Bhí spéir-bhean cúpla míle uaidh. Do chualaidh sí mar geamhall air an bhfhear. Chuir sí chuireadh chuige teacht ar chuaird na cúirt lá áirighthe in am áirighthe. Do thoilig sé leis. Ghluais an t-óganach leis. Nuair a bhain sé amach an tig, cuireadh na mílte fáilte roimis.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 12:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do dheineadar socrú. Do phósadar. Do maireadar go lán sásta as san amach gan buairt gan brón.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 12:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cóireamh an óir. D'ealuig an inghean ba críne agus chaith síos an bheirt agus strac na málaí as a lámha. Thuit an lámhnúadh bhocht agus marbhuigheadh iad gan súil leis.
Do rith an caillín isteach go dtí na dreabsúr agus í go gliondrach tuisg an gníomh fearamhail a bhí deanta aici. Ní creidfheadh a dreabhsúr óg chuige í. Thánadar anuas agus chuireadar an tig i dtreo[.?] Bhí ba, capaill agus eallaig aca. Deineadh an inghean chríonadh obair an tighe amuich tuisg gur b'í an inghean ba ládaire í. Dheineadh an inghean óg obair an tige istig.
Lá amháin tháinig fear go dtí an dtig. Bhí sé ag fiadhach ins na sléibhte. Tháinig sé agus fuair sé biadh agus deoch. Nuair chonnaic an inghean crionad é thut sí i ngrádh leis. Thuit sé féin i ngrádh léi chómh maith. Do cheap sé ná raibh a léitheid as cionn talmhan maidir le na dheiseacht.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 12:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ceart annsan fé mara bhí sé rómpa. I gceann tamaill na dhiaidh sin chualadar mar a bheadh fothram ag teacht. Siúd leó anáirde i mbárr an tíghe. Tháinig fathach mór granda isteach é féin agus a bhean.
"Óam, faghaim bolath an Éireannaig bradach," arsa an fathach. "A mhnaoí choir téir ar a thóir," ar seisean le na bhean.
Déin sí amhlaidh act bhí sí ró leisgea[mh]ail chun dul go bárr an tighe.
"Ara," ar seisean leis an bhfatach, "iseadh tuigtear duit é. Bolath an méidh daoine atá ithte ó mhaidean agat atá tú ag fághail."
"Is dócha go fíor tú a bhean chóir," ar seisean.
Bhí dhá mhala óir le na dtaobh an tráth seo. Nuair a bhí leath-úair chodhalta déanta aca d'eireigheadar; gluaiseadar leó agus chuadar amach ar chlaidhe mór a bhí in aice faille móire. Siúd leó ag
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 12:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bochtha seo acht an biadh ba mheasa le h-itheadh, crústaí chruaidh aráin agus deoch uisge. Is minic a chaoin na caillíni a máthairin dhilís féin.
Lá amháin fuaireadar buirdeóg, líonadar suas le biadh é agus bhuaileadar an bóthar fada chun a bhfortún d'fághailt. Bhíodh oidhche annso aca agus eadartha annsúd. Lá amháin agus an oidhche ag tuiteam, na gadhair ag amhastraig ar an ngealaig, na láireacha ag dul ag sgáth na cuipóige, i bhfad ó bhaile chonnacadar solus. Dheineadar fé na dhéin. Bhaineadar amach é ar gheala an láe. Cad a bhí ná caisleán beag ag baint le fathach éigin is gan tig ná daoine na thimcheall.
D'osgluidear an dorus agus seo léo isteach ceann ar aghaidh. Do shuidheadar do ollmhuigheadar béile dóibh féin de gach saigheas bhídh. Do chuireadar gach nidhe na
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 11:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí bean agus fear na chómhnuidhe fadó i dtigín beag i dtaobh sléibhe. Bhí beirt inghean aca agus bhíodar thar bárr le na gcuid deiseacht. Bhí a leicin de dhath an róis is a bhfolt de dhath an óir bhuidhe, is a snódh de dath an ealla. Bhíodar múinnte, béasach deagh-iomprach.
Fuair a máthair bás is gan iad ró chríonadh. Do phós a n-athair bean eile. Bhí leas mháthair ano[is] aca. Do bhíodh ana fhormad aici leó agus bhíodh sí in éad is in aosantas de síor leó. Chun sgéal gearra a déanamh do, bhí inghea[n] aige an leas mháthair. Ní fhéadfadh an cat feachaint ar a deiseacht. Ba dhual máthar dí a bheith ag gabháil agus agus ag síorthroid leis na caillíni. Ní fághadh na caillíni
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 11:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
annsan an troiblóid a bhí churtha aca an an mnaoí bhoicht agus go mbeadh sé chómh maith dóibh é a rádh léi.
"Tá sé ró déannach anois againn agus tá an iomarca duaig churtha againn uirthi. Ní bheadh aici acht sin a chaitheamh le slait an drothaidh roimh gheala an láe ámáireach agus tiocfaidh a chuid páisti féin abhaile cúichi."
Do bhí an bhean amuich agus chluas le héisteacht uirthi. D'imtig sí agus bhuail sí leis an mbean eile. D'innis sí an sgéal dí tríd is tríd.
Nuair a tháinig geala an láe amáireach bhuail sí chúicí an bheirt agus chaith sí le slait an drothaid iad. Tháinig a bheirt féin abhaile chúichi agus maireadar go lán sásta as san amach.
Fuaireas ó Eiblín Ní Cheárna é.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 11:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na fear. Sé an biadh a bhí aici ná bárnaigh. An faid a bhí sí as baile d'órduig sí do dhuine des na cómharsain dul agus a ceann a chur thar doras agus feachaint le heagla go mbeadh na páistí tuitthe amach as an gcliabh[án]. Dhein sí amhlaidh. Nuair a chuir sí cúinne an tighe dí chualaidh sí an bús istig. Do chuir sí cluas le héisteacht uirthi féin. Seo é an chainnt a chualaidh sí.
"An cuimhin leat cat Mhaighbhe?"
"Is cuimin mhuis agus seacht gcatha roimis."
"Ciuca is sine tú ná an ceó?"
"Is sine mise fé dhó!"
"Ciuca is sine tú ná an ghrian?"
"Is sine mise fé thrian."
"Dá fhaid atáim ar an saoghal ní fheaca riamh biadh braimilleóige ar ghort go dtí indiu."
Do bhíodar ag chur trí na chéile
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 11:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fadó ariamh bhí bean bhocht na cómhnuidhe i náit úaigneach. Do bhí cúpla aici. Do shocraig sí cliabhán chluthmhair te dhóibh cois na teineadh. Bhí na leanbhaí ag dul i gcríne ó lá go lá agus ó bhliadhain go bhliadhain act mar sin féin ní raibh borradh ná méid ag dul ortha. Bhí an bean bocht clipighthe aca. Théigheadh sí 'on bhaile mór dóibh gach lá ag triall ar luibheanna agus deochanna ba dhóigh léi a deanfadh mhaitheas dóibh. Act ní raibh aon mhaith di ann. Do dhein sí cliabhán mór leathan dóibh annsan agus chuir isteach ann iad.
Lá amháin chuaidh an bhean le biadh ar an ngort go dtí na fear
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 11:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mar ní féidir leis na púcaí aon lámh a dhéanamh an fhaid a bheadh 'uisge ulta' istig. Nuair a bheadh sé caithte amach b'féidir leó a roghadh rud a dhéanamh.
Bhí seana mhná annseo fadó agus mar a mbeadh istigh acht mná agus gan aon fhear ann, níghidis cosa an chailig mar b'é fear an tighe an cead dhuine a nigheadh a chosa. Tá níos mó gréasaí san bhaile anois ná bhí fadó. Ní gréasaighthe ceart iad acht foth-ghréasaighthe.
ball sinsearach (stair)
2017-11-30 11:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhíodh daoine ann fadó ná chaitheadh aon bhróg go mbídís fiche bliadhan d'aois. Bhíodh inginne a gcos briste, sgóiltighthe i gcoinnibh na gcloch agus iad tagaighthe tinn ón dtalamh ceal na mbróg. Bhíodh oiread croicinn air a gcosa agus a dhéanfádh bróga do dhaoine anois. Lóipíni a bhíodh cneatálta ag baile ná bíodh aon bhonn chúcha a bhíodh air na garsúin san gheimhreadh mar thagadh oidhear ortha agus méisgrí na gcosa.
Gabhdís na mílte de bhróga adhmaid ar an bhfarraige annso. Ní bacaidís le iad a chaitheamh mar bhídis ró íseal agus ag tuiteam dóibh agus bfuiriost tuiteam leó agus a bheith máchaileach na ndiaidh.
Uisge na gcos. Deirtear nách ceart do dhuine uisge na gcos a chaitheamh amach
ball sinsearach (stair)
2016-09-19 18:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I live in the townland of Killann and in the Parish of Killann and in the barony of Clankee. There are about 30 families in my townland. The name most common is Reilly. These Reilly's are descendants of the Great O'Reilly's of Breffny who fought against the English.
There are not many houses thatched; most of them are slated. There are about five people over seventy years of age. There is an old man named 'Pat Garrity' say's a few words in Irish. He also say's his prayer's in Irish. He is about eighty years of age. This is how Killann got its name. There was an old saint in Cavan called St. Anne. She was buried in the this Graveyard. There was an old chapel there also. In this Graveyard there is a man buried. He was 8ft 6ins in height. He fought against the English and was killed. The people say his name was George Reilly.
Winnie Sheridan
Killann
Shercock,
Co. Cavan.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 16:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar na fighteáin chun an plainnín a d'figheadh leis.
Cuda an turainn.
An ceap, cluasa, an slionán, an fáilleóg, na gadraí, pionnaí chun na gadraí a fhásgadh, an tromá[n], an fearsaid, an roth, an t-sreanng, spócaí, an mol. Deintí a lán úsáide dóibh seo fadó chun snighte. Acht is beag a úsáidhthear anois é. Tá gach rud le fághail san t-siopa agus fágann san na túirne díomhaoi[n.] "Níl aon ghaoth ná go séideann do dhuine éigin." Tá cúig nú sé de cheanníbh ar an mbaile seo fós. Ní bhíonn siad díomhaoin mar is maith an úsáid a bhaineann na seana mhná asta chun snáith[ín] olna a dheanamh chun stocaí na bhfear.
Ní'l aon fear ar an mbaile seo fós ná gur b'iad na stocaí tighe a rogha. Níl puinn meas chuige ar na stocaí gan foithin gan fascadh a cheannuigheann na buachaillí óga aca.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 16:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Connus plainnín a dhéanamh.
An olann a nigheadh agus a ghlanadh agus í a smeara le h-oíle; bean abhrais a fhághailt agus bean cárdála ag deanamh roiléití; an bhean abhrais ag sníomh go tiugh air an dturann. Deineadh sí dá sórt snáithín an dlúth agus an t-inneach.
Deilbh.
Sé an dlút a deilbhightear air an bhfalla. Sé an chuma a deilbhightí é seo ná cipíní a chur isteach san bhfalla thíos agus thuas, an dréimirde a bhuala idhir dá lothta ceann tíos agus ceann thuas. Dá cheirtlín mhóra air lár an thighe; ceann gach snáithín a chur isteach sa fáinní agus a bheith síos suas ó chnis go cnis. Bhíodh cnis ar gach ceann de'n phlainnín chun é a deilbh i gceart. Taithighe maith nár mór duit a bheith agat chun é a deilbh i gceart.
An tineach.
Chaithfeadh sé a bheith agat chun é a thabhairt go dtí an bhfighdeóir chun é a chur
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 16:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na soillse a lasadh lár an laé. Bhí gach aoinne ag imtheacht ag paidireóireacht agus á gcaitheamh féin air a nglúine ag guidhe Dé; ag chaitheamh uisge beannuighthe. Thuit an báisteach na tuilltibh. Bhí na tighthe ag lúbhadh agus na daoine scannraidhthe. Siúd an fothram ag splannaca agus tóirneacha. Na splannca ag pléasgadh i gcoinnibh na dtighthe. Tháinig a leithéid do scannradh air na daoine is gur cheapadar gur b'é deireadh an t-saoghail é. Do bhuail ceann amháin an túr agus leag sé é.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 16:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ceathair nú cúig de bhliadhanta ó shoin bhí an aimsir go h-aoibhínn. Ba mór an seó an brothall.
Lá amháin tháinig an doircheacht, do dhuibh na tighthe, do dhuibh an áit, do dhuibh an domhan. Do chaitheadh
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 15:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Timcheall leath chéad bliadhan ó shoin san Nodhlaig tháinig triomacht millteach. Ní geabhfá braon uisge dá dtabharfá do bheathadh air. Bhí trí nú ceathair de toibaireacha ann agus thriomuigheadar suas. Do chaitheadh (seana) mná agus fearaibh dul le na mbucaidí dá mhíle ó bhaile go dtí tobar nár triomuig riamh .i. tobar an "Buailteóra" chun biadh na Nodhlag a d'ollmhú. Do bhí an féar iompuighthe ruadh air na cnoic agus é iompuighthe bán air na páirceanna - gach rud spallta.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 13:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mná d'á gcrúdhadh agus na gamhna 'cu d'á dtógaint,
Bhuachaill mear eadtrom a chasfhadh iad tar teórainn
Ná loingeas ar farraige, is ná feadar-sa cá ngeobhaidh sí.
—Aillilliú.
Níor b'feárr liomsa buarach a bheadh orm ná an bhualtach;
Níor b'feárr liomsa crios a bheadh orm ná an bhuarach;
Ceólta sídhe na cruinne bheith d'á síor chur im' chluasa,
Ba bhinne liom géimneach mo bhuaibh ag teacht chun buaille.
—Aillilliú
Inghean d'aodhaire 'seadh mé féineach gan amhras
A bhíodh 'na chómhnuí thiar cois Leamhna,
I mbotháinín íseal, doras ar a cheann air,
Fuinneóg ar a thaobh is me ag aodhaireacht mo ghamhna.
—Aillilliú.
Máirnéalach loinge a thóg leis mar chéile inghean d'aodhaire bó – agus sin í an chainnt a bhí eatortha.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tógaidh uaim na húpaí seo, tá mo ghlúine acu geárrtha,
Is fachtar domsa gúinín do dhúthchas mo mháthar,
Fallaing fairsing lúbach, is púmpa socair sásta,
Na ba lem' ais ag búithrig is na gamhna geala bána.
—Aillilliú
Is toice beag gan chéill tú, is ní féidir liom tú a mhúineadh,
Is fada fairsing Éire, is an réime atá fúinne;
Tabharfhad fíon ó'n nGréig chúghat, is féiríní i dtrúncaibh,
Glac a's beannacht Dé 'gat, is ná héilim do dhúthaig.
Cuirfheadsa síodaí síos agus suas ort,
Ribíní dearga ag ceangailt do chuid gruaige,
Ór buidhe ar do chóisdí is neart a bheith 'á luascadh;
Is cead a bheith i gcuideachtain le strapaire duine uasail.
—Ailliliú
Is mór mhór go mb' fhearra dhom macha maith bó agam,
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Eibhlis Bean Uí Ceárna a fuaireas é seo. Tá timcheall timcheall trí fichid agus ó'n' a máthair a chuala sí é.
--
Tráthnóinín beag aoibhinn is me suidhte san mbuaille,
Cé casfaí sa tslighe chúgham ach strapaire duine uasail,
D'iarr sé go bpósfainn é, d'iarr sé go cruaidh é,
(nó: Bheir sé ar láimh orm is d'fáisc sé go cruaidh í)
Ag thóg sé leis sall me ar bórd luinge móire.
2.
Tógaidh uaim an té seo, ní réidhtigheann sí liúmsa, (nó: leamsa)
Fachtar bainne géar dom is fíor bhraon do'n leamhnacht,
Sé do chleachtuigheas féineach, gach maidean laé Samhraidh,
Mo chilléirí fairsing gléigeal, d'á riaradh ar mo ghamhna.
Aillilliú na gamhna, na gamhna bána,
Aillilliú na gamhna, na gamhna b'iad a b'feárr liom
Ghabhaidís siar a's aniar cois calaidh,
Is níor b'feárr leó tráighte é, ná lán suas go barra.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mhuiris Ó Catháin an Bloscaod Mór, Dúnchaoin, Daingean a chuala an scéal so.
--
Bhí beirt sean-mhná ina suidhe cois teine lá i mBaile Móir. Bean iasachta ab eadh duine acu agus bean an tighe an bhean eile. Dhearg bean an tighe an phíp agus shín sí go dtí an seana bhean eile í. Nuair a bhí a dóithin caithte do'n bpíp ag an mnaoi iasachta shín sí go dtí bean an tighe í agus dúbhairt:
"Seo duit í, agus beannacht dílis Dé le hanam na seacht sinnsear a d'fág sinn araon."
Níor thapamhla an phíb na póca ag bean an tíghe ná gur siubhal sean-bhean eile an t-úrlár aníos agus suidh eatortha istig.
"Ó níor fhágabhair aoinne agamsa," ars í.
B'é an t áidhbhirseóir a tháinig i bhfuirm seana mhn[á.] Theastuig uaidh seans d'fághail ar an nguidhe a chur ar a thaobh féin chun go raghadh na hanamacha chuige féin. D'á mbeadh gal do'n bpíp ag an sean bhean bheadh seans aici a rogha guidhe a thabhairt.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mhuiris Ó Catháin a chuala an giota so.
--
Mise an file clamparach is lom do gheárr a chos
Sa duibhré reamhar gan splannc dom mheabhair anáirde ar chloich.
(Shuidh sé síos annsan agus chrom ar aor a chúmadh ar an gcloich.)
A charraig mheiscreach, bhéalthanaidhe tá lán do'n olc,
An tuille bhraonach go reabadh tú le fanaidh ghuirt,
Nár leig me féinig chómh déannac san oidhche thort.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
clár eadan agus í ag chur iarann teine uaidh.
Freagra: Splannc tóirnighe.
--
Ceist: Cím chúgham aniar trí capaill trí fiaidh trí phoilíní óir is trí phócadáin fiaidh.
Freagra: Sochraid.
--
Muc ag tómhach is í (uibhe) beirbhthe.
--
Bairlín bhán ar thaobh an tsléibhe,
Fuinneóigín gloine uirthi is doraisín chré.
—Súil duine.
--
Reatha sa chró is a thón san oighean.
(Tón an oighin féin)
--
Duibhín Ó Duibh, thar farraige anoir ag innsint scéil gan bhréag gan cóir.
—Litir.
--
Cad is coime ná an abhainn?
—Snáithín Stoca.
--
Cad is doimhne ná an farraige?
—Tón puill.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fuaireas nead fuiseóige i sliabh, i bpollaín dian daingean docht, fé bhun an chúilín casta craobhaig, is a bhfuil aon mac rí in Éirinn a réidhteóchaidh mo cheist[?]
Freagra:
Fear a cailleadh agus dhein fuiseóg nead i bpoll a shúl nuair a loibh a chuid feóla.
--
Ceist:
Cím chúgham aniar láir glas is í ag seitrigh, spara iarainn trí na
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar ghleann Dé go dtéighmíd;
Ar Pháis Chríost go smaoinimíd,
Srian le nár dteangain go gcuirimíd,
Aithrighe Naomh Auguistín,
Deóracha Máire Maigdilín,
A fhuasclóir Naomhtha na cine daonna
Go dtugair na grásta san dúinn.
Amen.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 12:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do thabharfhainn nídh fós dom stór nar gheallas di
Beidh rósta a's smearadh 'gainn ar uachtar cláir;
Beidh ciotal nó dhó sa ló ar scalladh 'gainn,
Agus feóil mhion agam le tabhairt dom' bháb.
Gach aon oidhche san mbliadhain ag triall chun halla 'gainn
Is mar bhárr ar gach greann beidh rogha an phuins eadtrainn;
Le tabhairt dom mhaoineach nidh nar gheallas di
Is a stóir ná deirir go bhfaighead síothcháin.
Thabharfhainn-se cíos 'gus é a dhíol ar maidin
Do'n té a ghlacfadh mo ghnó ar láimh;
Do bhrúghfadh an tsúil ag mo strúille sean-duine
Is do thiocfhadh go tapaidh i gcóir é a lámhach.
É do thabhairt dá bhádhadh amach i lár na farraige,
Nó é do thabhairt 'on díg is an claidhe a leagadh air.
Níor bhfeárr liom do shlighe ná an phíp a chnagadh aige
Nó go bhfághfaí marbh thú uair roimh lá.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 11:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
A ríogan m'anama m'acfuinn má's méinn leat,
Geóbhair aer gach margaidh ar síor grianán,
Cuirfead seál daor dathach casta go glúine ort
Agus bróg chaol canta go mbeidh téip na brághaid.
Ceangal ár bpósta a stór mar gheallais dom,
Is faid a bhead beó aon ghleó ní bheidh eadtrainn,
Is ná leigfeá go deó me ag siúbhal bhóithre ag lealaireacht,
Trom críonna aindhis gan bhrigh im' chnámh.
Dá gcuirfeá mise igcóisdí ag siubhal bhóithre ag lealaireacht,
Agus ór buidhe thabhairt i gcúl mo la-mha dom
Ní fheadfhainnse bheith ag éisteacht le claonairt seanduine
A bhíonn san oidhche ag cneadaig a's ag síor channrán.
Rachad go deimhin im' bhaidhbre mearathaill,
Ag siubhal na gcoillte mar a bhfaghfar scartha me
'Sé an seanduine crúnca do dhúbhaidh mo leaca-sa
Mo chroidhe a thug taithneamh do'n óig fear breágh.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 11:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí beirt fhear agus beirt bhan ag siubhal lá. Bhuail fear leó agus stad na mná chun é a ceistiú.
"Cá bhfuil slighe na háite seo?" ars iad.
"Inneósfhad san díbh, má innseann sibh dom cé hiad na fearaibh sin rómhaibh," ars an fear.
"Déanfham san," ars iad.
"Is iad ár n-athracha iad. Is iad ár bhfearaibh iad, agus siad athracha críonna ár leanbh iad," ars iad.
Connus san?
Bhí an bheirt fhear pósta cheana agus cailleadh a mbeirt bhan. Bhí ingean ag gach duine acu agus thug an fear thall an ingean san le pósadh do'n bhfear abhfus, agus dhein an fear abhfus an rud ceadna. Sin mar a bhí an scéal amhlaidh.
--
Ailp saille fé bhun crainne is gan aon easna ann.
—Slimide.
--
Ceithre slata míne réide, ag siubhal an tsléibhe is a mbéil fútha.
—Ceithre sinní bó.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 11:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mar do rug an bhó mhaol is bhí laogh aici an "Druimfhionn Donn Óg"
Is ar maidean an laé seadh do bhreagas-sa an ainnir fé dhó.
'Siad crosa dúbha an tsaoghail seo do léig mé im ghiolla imbun Daill,
Ag imtheacht trísna sléibhte ag leaghadh a's ag briseadh mo chroidhe;
Mo róipín im' láimh trí bhóithríní pludaig go doimhin,
Is is é mo dhá bhrón a bheith pósta le duine gan radharc.
Má's duine i mbun Daill túsa a Rí bhean taithneamhach óg,
Buaidhirt aigne tríd ná bíodh ort, mairg ná brón;
Mar gur bhinne led' chroidhe istig ná síor chluig ag bualadh sa Róimh
Mise a bheith sínte síos leat maidean chiúin ceódhaig.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 11:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(Eibhlís Bean Uí Ceárna)
--
"A bhean-an-tighe séimh, cuir déirc amach chun an daíll,
Ollan, nú lionn, nú píosa de'n mhuic as an oighean,
Má táid agat spártha a dhian ghrádh is a thaithneamh mo chroidhe,
Ní chuirfir go bráth níos feárr é ná é a chur chun an Daíll."
2.
"Bhí do bhean annso indé is tá tú féin indiu ar a bonn"
"Ní raibh mo bhean annso indé ach táim féin indiu ann gan dabht;
Mar tá mo bhean-sa san chré go tréith a's leac le na ceann,
Is d'á cómhartaí san féin tá léintín lobhtha ar mo dhrom."
3.
"Ar chasadh duit glaodhaidh a's beidh déirc i dtaisce 'gam rómhat"
Ar chasadh dom ghlaodhas a's bhí deirc i dtaisce ag mo stór;
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 11:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
is do raghainn anonn,
Is do scríobhfhainn chúghat líne le bárr mo pheann
Ach is iomdha bealach fuar fliuch agus bóithrín cam
Atá idir mise a's an baile beag go mbíodh mo dhian ghrádh ann.
A Mhuire dílis céard a dhéanfad má imthígheann tú uaim,
Mar ní'l eolas chun do thighe 'gam, ná chun do chian bhaile cuain;
Tá mo mháithrín fé leath-trom is m'athair san uaig,
Tá mo charaid go léir in earraid liom is tusa i bhfad uaim.
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 11:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Amhrán eile ó Eibhlís, Bean Uí Cheárna
--
Fuaireas féirín lá aonaig ó bhuachaill deas,
Is céad póg an lá na dhiaidh san, ó rogha na bhfear;
Míle léan ar an té adéarfadh ná gur tú mo shearc,
A bhuachaill néata is deise is aon áit, is go n-éalóchainn leat.
Tá féirín lem' chéad shearc im' phóicín thíos,
Is ar Éire ní thógfadh sé an brón dom chroidhe,
Nó go n éagfad is go ndéanfar dom cómhra crainn
Is na dhéidh sin go bhfásfhaidh féar glas tríom lár ainíos.
2.
Má's ag imtheacht duit beir mo bheannacht leat is go dtéighidh tú slán,
Mar níor imthighis nó gur mheallais an croidh[e] tá im' lár,
Níl airgead agam go leanfhainn tú, fiacha luing ná báid,
Tá an fharraige na tonntaibh eadtrainn is ní h eól dom' snámh.
3.
D'á mbeinn im' bhádóir is deas mar rámhfain[n]
ball sinsearach (stair)
2016-01-29 11:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(Ó Sheán Ó Súilleabháin a fuair scolaire scoile é seo. Tá sé timcheall trí fichid bliadhain)
--
1.
Tá réaltan leanbach go hárd leas-tuaidh,
Tá rós agus finneacht le fághail ina gruadh,
Tá a croidhe gan cealg agus í 'na suan,
Agus is binne guth a cinn ná an chláirseach mór.
2.
'Sí an réaltan leanbach do grádhas-sa ar dtúis,
Mar do thug mo chroidhe-se taithneamh di, thar mhná na Múmhan;
D'á mbeinn-se ins na creathaí-dúbha, agus an bás ós mo chionn,
A shiúirín ná tréig me agus éalaig liúm.
3.
Tá dlaoithe eile aici nár áirimhigheas fós,
Tá an chneas is deise 'ci ná an t-airgead beó
Tá beóla is binne aici ná an chuach nó lón
Ná ag éanlaith dá chruinne d'á gcuirim suim na nglór.
--
Tá a thuille annso ach theip orm é d'fághail.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 10:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Thug grádh croidhe dod' gheal píp in uaigneas,
Is do bheartuigheas go luath ort mar mhnaoi,
Marcuigheacht ar m'each buidhe seadh a fuair sí,
Cómh fada síos le Cluain Meala an Ghrinn.
D'eirígheas im sheasamh do'n stiúir sin
Is do chuadhas san iallait deas donn,
Is in aimhdheóin a maireann dá gaolta
Do raghainn-se do léim ar a drom.
Mar ba mhinic me i gcogadh na bpiléar léi,
Is me stropálta im' léine i mbun cúil,
In arm rí Shasana ní ghéillfhinn,
Go sínfear go daor mé san úir.
Do shiubhluigheas cúig cúigí na h-Éireann
Is talamh an éisc ar dtúis,
As san go Sasana an Bhearla,
A's gach Oileán d'á mb'fhéidir liom a siúbhal.
Mo chuid fola 'á dortadh 'na braonaibh,
Is fortún an tsaoghail ós mo chionn;
Ach anois ó táim gabhtha ní féidir
Go leigfí me a dhaoradh gan chúis.
Tá scéal deas ag gabhail leis seo, agus beidh sé ins an gcéad leabhar eile - an chéad scéal ann.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1.
Gheobhainn-se ba caoire is gamhna,
Is cnapánach do crón chaillig crón;
Is seisreach capall chun treabhtha,
Is trí fichid mionnán gabhar óg.
B'feárr liomsa cailín ceannsach
Siúd is ná geillfeadh sí í seóid,
Ná caillig is a mór scata gamhna
Cé go ndearfaí gur cabhair iad d'fhear óg.
2.
Ar mo gabháil dom trí machaire an stuama,
Is me ar lorg mo stuaire cailín
Do dhearcas tig slinne i bhfad uaim-se
A's gan teacht braoin-anuas air, ná aníos.
Cé bheadh ann ach Neilí mo stuaire,
Ar chathaoir na n-uasal 'na suidhe,
Is lem' chleasaidheacht gur bheartuigheas i d'fuadach
A's do scaoileas a chuacha léi síos.
3.
A Neilí, ná bíodh doiligheas ná buaidhirt ort,
Ó rángaís ar buaidhream mar ataoi,
Mar nach dailtín do bheathuigheadh ar cuaird me
Ach strapaire do bhuachaill mear groidhe.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is fada liom féin go ndeineann oidhche do'n lá,
Is fada liom fé go dtéigheann an t-uisce do'n tráig,
Is fada liom féin go nglaodhann na coillig go h-árd
Is b'feárr liom ná an saoghal go mbeinn féin i bhfochair mo ghrádh.
Mo chreach is mo dhíth gan míle faid ins an lá,
Aiteann is fraoch sa tslighe go mbeimís ag gabháil;
Mise sa díg is na mílte tor ar mo scáth
Is grádh geal mo chroidhe a bheith sínte idir mo dhá láimh.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mo chreach is mo chás nách claoidhte an galar an grádh,
'Sis mairg go mbíonn sé air, mí nó seachtmhain nú lá,
Mar do bhris sé mo chroidhe is do chlaoidh sé an t-asna im lár,
Is codhladh ní bhfhaighinn ach ag taidhbhreamh ar mo dhian ghrádh.
2.(léigh línte in ord 1, 2, 3, 4)
1.Do casadh sluagh sidhe orm síos chun lios Bhaile Ghá,
3. Dubhairt duine acu liúm go ciúin, go tais is go tláth;
2. Is d'fiosruigheas díobh cad é an nidh do leighisfeadh an grádh,
4. An rud a théigheann ins an gcroidhe ná scaoiltear as é go bráth.
3.
Cuid dos na mná bíonn grádh acu d'fhearaibh an tsaoghail,
Tá cuid dos na mnáibh is bíonn grádh acu do bharracha a méar,
Ní mar sin dom ghrádhsa níl grádh aici d'aoinne ach dom féin
Is go bhfeicfead-sa an lá go gcuirfheadh fáinne isteach ar a méir.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Beir litir uaim Dé Domhnaig, is tabhair í do rún mo chléibh
Ar eagla í a bheith pósta ag an stráille ó bhárr an tsleibhe;
Ní'l sagart ins an deósas do phósfadh í lem mhalairt féin
Ná go mbainfhinn do a chlóca, is ba dóigh liom gur mhaith an scéal.
Tá gaoth aindeas is tóirneach is mór sruth le h-abhainn na laoi,
Tá sneachta ar na bóithre agus mórshioc d'á meascadh tríd,
Ní chluinim ceól (fuaim) ag róinte, ná ceól bínn ag éin ar craoibh,
Ó chailleas-sa mo stóirín 'sí a tógfadh an ceó do'm chroidhe.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is buachaillín fíor óg me, go bhfóiridh orainn rí na nGrást
Thug searc do chailín óg deas i dtig an ósda le cómhrádh geárr,
Ní raibh caidhp uirthe ná clóca ná búclaí buidhe deanta as phrás,
Ach téip i gcluais a bróigín 'sí mo stór í go bhfaighid me bás.
2
Ach ní dod' ghoirtín eórnan a stóirín a thug me grádh,
Ná dod' chúpla cóifhrín do'n ór buidhe dá mbeidís lán;
Dod' chapaill ná dod' bhólacht go deó deó ní chuirfhinn trácht,
Ach blas dod' chúpla póigín is dóigh liom gur b'iad ab' fheárr.
3.
Is mórdha duit-se a éinín ag léimrig ó crann go crann,
Dá neosfainn brigh mo scéil duit do b'féidir go ndeanfá rún
Beir litir uaim fé shéala go dtí cúil craobhaig na bhfoltaibh bhfionn
Go bhfuil mo chroidhe d'á céasadh is nach féidir liom codhladh ciúin.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go raghainn 'on uaigh,
Ó fágadh chómh dealbh sa tsaoghal me is mo charaid go léir faoi fhód
A Dhia go dtugair chúghat féin [me] ó thugais mo chéad searc uaim.
Raghadsa is mo Chittí ag Bháilcéireacht amach fés na sléibhte cuain,
Nú in Oileáinín mhara linn féinig, mar a dtagann na héin chun suain;
Bheinnse annsúd d'á h-aodhaireacht is na gaobhar ní leigfhinn aon fhuacht
Do thabharfhainn-se sealad d'á bréagadh is do chuirfhinn mo laogh chun suain.
Ach ceannóchad-sa bheist agus bríste a sheasóchaidh le saoghal na bhfear
Mo fheasóig ní bhéarrfaidh me choidhche nó go bhfásfaidh sí síos ar fad;
Fágfaidh me ag sileadh liom síos í fé mar a bheadh ollan ar chaora ghlas
Is mar a bhfaighidh me bean ins an dtír seo rachaidh me síos ar fad.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá sioc agus sneachta ar na caorthaibh a's mise liom féin 'á siubhal,
Ag feachaint cá bhfeicfinn mo spéir bhean a bhí baclach péarlach fionn;
Ba ghile ar a com í na Bheineas, ba binne ar a béal í ná'n fhliúit.
D'á bhfeicfinn mo chumann na haonar, do rachainn do léim ' na clúid.
2.
Tógfhad-sa tint (tent) i gCill-Airne is cloisfear d'á rádh me fós,
Nó thíos i gCaiseal Uí Cheárna, mar a seinntear na táinte ceól,
Mar a mbíonn a nead ag an bhfiach dubh a's an fiolar ag éigheamh chun chuain,
A's mise ag achairt chun Dé ghil gan solas an laé a bhreith uaim.
3.
Is a Chittí nach náireach an scéal é mar a chuiris-se féin díom suas
Is gur gheallais do'n tsagart ná déanfá mo mhalairt
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(Eamonn an Chnuic)
Cuireann Pádraig Ó Guithín an cheathramha so leis an méid a bhí ag Eibhlis Bean Uí Ceárna.
Mo chreach is mo dhíth,
Mar do chuireadar me im' luighe,
le seanduine críonna aosda.
I stablán tighe fuar feanaideach gan chrích
Ach eiriceach claoidhte méiscreach.
Mar do bhriseadar mo chroidhe,
'Gus dheineadar eiriceach díom.
Anois táim ar uireasbadh céille,
Do bhaineadar díom scafaire an ghrínn,
Do thógfhadh gan nídh sa tsaoghal me.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 09:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Eamonn a' Chnuic (4)
Cé hé sin amuigh ar maidin go moch,
Ag réabadh mo doruisín dúnta;
Mise Eamonn an Cnuic atá báidhte fuar fliuch
Ó shíor siubhal sléibhte is gleannta.
Mo ghrádh tú is mo chuid ní'l áit agamsa duit,
Muna gcasfhainn ort bun mo ghúna
Mar go bhfuil pudar go tiugh d'á shéideadh amuigh,
A dhéanfadh sinn araon a mhúscailt.
2
Má seasuighim-se 'sa rith go seachtmhain ó indiu
Tiocfad go minic ad' fheachaint,
Is fágfad-sa 'gat, bábáinín mic,
In imeall do bhrollaig gléigeal.
Mo ghrádh tú is mo chuid is ná deinse é sin
Is ná cuimhnig ar an olc a dheanamh,
Mar d'á bhfágfá sa agam bábáinín mic
Níor b'aon tairbhe duit sa tsaoghal é.
Sé mo léan ghéar a bean gan me féin is tú seal
Siar is ó dheas chun lonndain,
Nú sa Ghréig amach ó Éirinn ar fad
Mara leigfhinn seal mo rún leat.
ball sinsearach (stair)
2016-01-19 08:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mo sheanduine. (3)
(a)
Cuadhasa 'on Daingean ag iarraidh tórraimh,
Pípeanna a's tobac is cláracha cómhrann,
Ar theacht abhaile dom tuirseach tráthnóna
Seadh bhí mo shean-dhuine ag caitheamh a thóna.
Oró a sheanduine bascadh is dóghadh ort,
Oró a sheanduine leatsa ní gheóbhad-sa;
Oró a sheanduine leatsa ní gheóbhad-sa
Luigh ar do leabaidh is gur marbh a eireóchaidh tú.
(b)
Dá bhfaighinnse mo sean-duine báidhte i bpoll móna,
Tabharfhainn abhaile é is do dheanfhainn é a thórramh,
Bhainfhinn an croiceann do is dheanfhadh sé bróga
Is chaithfhinn amach go dtí na buachaillí óga é.
(c)
Dá mbeadh agam corcán bainne bainne caorach,
Suaidhte beirbhigthe i bhfochair a chéile;
Cloch gorm 'na bharra ag fiuchaidh gan traochadh
Thabharfhainn dom' sheanduine é d'fonn a bheith réidh leis.
Oró a sheanduine leatsa ní gheobhad-sa,
Oró a sheanduine nár bheiridh an fóghmhar ort,
Oró a sheanduine leatsa ní gheobhad-sa,
Luigh ar do leabaidh is gur marbh a eireóchaidh tú.
ball sinsearach (stair)
2015-12-04 09:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is truagh nach lánamha phósta sinn, ar bhórd luinge ag dul anonn.
Is do chuireas litir scríobhtha go dtí mo dhianghrádh le cúnntas cruaidh,
Is do chuir sí chúgham airís í go raibh a croidhe súd chómh dubh le gual,
A com ba ghile is ba mhíne na síodaí is ná clúmh na n éan,
Is is buadhartha cráidhte a bhímse nuair a smaoinighim ar ghrádh mo chléibh.
Thíos ar cé Phoirtláirge atá an t-árthach ag brath le gaoith,
Chun me a thabhairt thar sáile is go bráth airis ní chasfhaidh me,
Beidh mo mhuinntir a's mo cháirde go cásmhar ag gol a's ag caoi,
Is anois ó raghaidh me thar sáile céad slán ag grádh mo chroidhe.
ball sinsearach (stair)
2015-12-04 08:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Beannacht ó Rí na h-Aoine chun an oileáinín go bhfuilim ann,
Mar b'feárr liom lá gus oidhche ann, ná bliadhain ar an mbaile úd thall,
Mar is ann do bhíodh an ríl againn, ceól píopa is leann ar chlár,
A's slán chun an choirn bhuidhe úd do bhíodh d'á líonadh do'n bhrannda ab' feárr.
II
Is eireóchadh-sa amáireach gan spleádhchas le congnamh Dé,
Is ní fhanfhad ins an áit seo go bráth ar feadh mo shaoghail,
Mar is é mo chúmha ná trághfhaidh do chráidhidh is do mharbhuig me,
Is go deimhin is olc ar bás atá indán dom má scaraim léi.
III
Ar choinnleach ghlas an fhóghmhair bhuidhe i stóirín seadh dhearcas tú,
Ba dheas do chos i mbróigín is ba ró-dheas do leagan súl,
Do ghruaig ar dhath an óir buidhe na cóirní go fighte dlúth,
ball sinsearach (stair)
2015-12-04 08:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is go mbeadh mo stór i dtig an óil agam an fhaid a bheimís ann.
Tá bean ar Shráid an Mhuilinn agam, a's bean ar Sráid Thráighlí,
'Gus bean ar Sráid an Daingin agam, 'sí is mó a chráidh mo chroidhe,
Sin triúr ban ag siubhal lem' ais, ach anois ó táim gan brigh,
Ní'l bean agam ná gnó 'gam di ó scaras le grádh mo chroidhe.
ball sinsearach (stair)
2015-12-04 08:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is a Dhia dhil nár b'aoibhinn dom is grádh mo chroidhe bheith ann.
III
An gcuimhnigheann tú ar an oidhche úd fé bhun an chrainn féir (? "do chrainn féin", b'féidir)
An gcuimhnigheann tú ar na cainnteanna a bhíodh eadrainn araon,
Tusa ag tabhairt na mionnaí, ach an peaca bíodh ort féin,
Bíodh do ragha do mhnáibh an domhain agat, ach beadsa ag luighe liom féin.
IV
Dá mbeadh lán na páirce báin agam do bhuaibh is do laoighibh,
Tuille 'gus láin báid agam do ghinithibh bhreághtha bhuidhe,
Is duitse féin a bhearfainn iad, a rúin is a laogh mo chroidhe,
D'fonn ár mbéile a bheith le chéile againn le linn an drúcht 'na luighe.
V
Dá mbeadh heels 'gus tops fem' bróga is cóir orm chun siubhail,
Do raghainn gach maidean Domhnaig ins an áit go mbíonn mo rún;
Annsúd ná tógfaí notice duit an óige a chur led' chom,
ball sinsearach (stair)
2015-12-04 08:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Amhráin iad so atá tagtha anuas ó bhéal. Níl puinn aca ag an aos óg anois ach táid tógtha ag an leanbhaí scoile anois ó dhaoine atá ó's cionn trí fichid.
Táimse ar an mBaile
I
Táimse ar an mbaile seo le bliadhain agus trí lá,
Dá mbeadh fhios ag mo mhuinntir é, ní chodlóchaidís mórán,
Dochtúirí na Frainnce níl mo leigheas acu le fághail,
Go dtiocfhaidh péarla an chúil chraobhaig is go mbearfhaidh ar mo láimh.
II
Tá mo mhuinntir d'á shíor rádh go gcaithfead dul anonn,
Ach iarraim ar Mhuire is ar Íosa, a's nár faighidh siad long na bád
Ach d'á mbeinnse amuigh san' oidhche fé dhuilleabhair glas na gcrann,
ball sinsearach (stair)
2015-12-04 08:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Go bhfuil mo shliocht ag búiribh béar ghlas d'á dhaoradh in éagcóir.
Beidh fáil do thinntibh craorac as gach áit d'á dtimcheall déanta,
Dá n-áireamh síos le chéile, ar dhaor bhruid d'á ndóghadh;
Is gach fánaidhe dubh dá ndaorfar, d'á mbághadh san taoide in éinfeacht,
Sceimhle is anfhaithe an laé úd go mbeiridh ortha beó.
Bhí an Senior Proprietor ann is ar imthig riamh ar stré uainn,
'San giúdach dubh nár ghéill riamh do Mach Dé teacht fós,
Tiocfhaidh siad súd in aoinfheacht go húmhal sa chreideamh Gaedhealach,
Sin cúig ar chúig seo déanta d'fág críoch le mo sceól.
ball sinsearach (stair)
2015-12-04 08:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Maidean aoibhinn aerach, ar uair na maidhne im' aonar,
Cois bínn-sín glas na gcaora is bá neamhrach a snógh;
Cois abhainnte b'fheárr le tréimhse, bhíodh báid is coite maol ann,
Bhíodh flúirse do gach éisc ann is an ealla gheal ar snámh.
Ar m'eirghe suas trém' néal dom, do dhearcas ainnir taobh liom,
Do smaoinigheas nár bh'aon bhean saolta í, is gur baoghal dom im treó.
An tú an Mhaighdean mhúinte bhéasach, nó Clíodhna o'n gCarraigh léith san,
? D'fág Dia na luighe seal éacht lag, d'fág Éire go deo.
(Táim amhrasach faoi an gceathramha so)
Is ciúin deas banamhail béasach do labhair an bhuime liom féinig,
Ní h-aoinne beó do'n méid sin d'ár léighis ortha fós,
Ach cúilfhionn dúbhach ar straé seal thar lear i bhfad óm' ghaoltaibh
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 22:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar Chaoire:
An chrithir-olla: An iomarca feóla fé ndeara an galar. Deirtear má baintear fuil as an ainmidhe go ndeineann sé bogadh dóibh – an chluas nó an t-earball a gearradh beagán.
Léith-uisce: Luibh iseadh é seo a itheann na caoire agus a thagann chun galair dóibh. Caithtear brath ar an ndochtúir chun leighis dóibh.
An Chrúibíneach: Tagann so ar bhuaibh agus ar chaoire. Aol a chaitheamh thíos fes na hainmhidhthe agus iad a chur isteach sa chró a deintí fadó. An t-aol a dhortadh timcheall an úrláir.
Aguisín.
Leigheas eile air an gceathramha dhuibh – Gairleóg (luibh a fhásann sa thalamh) a thabhairt le n-itheadh do'n ainmidhe.
Builg uisce: Galar a thagann ar capaill agus ar bhuaibh.
(i) Min-ruis a beirbhiú agus deoch a dheanamh di ar uisce beirbhthe an leigheas dóibh.
(ii) Leigheas eile - Teine d'adú thíos fé bholg an ainmidhe agus í a théigheadh go maith. Deineann an teas agus an deathach an t-uisce do bhaint ina shileadh ó cheann an ainmhidhe.
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 22:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Timcheall an bhaile a chuala na cúnntaisí seo thíos, agus siad na leigheasanna ceadhna a chloisim amuigh ar an mín-tír dóibh.
Ar bhuaibh.
An Bhruinne dhearg: An sceach dhearg a bheirbhiú agus an t-uisce a thabhairt le n-ól dom mboin. Faightear leigheas maith dochtúra anois air.
An cheathramha dubh: Cuirtear snáthad ina gceathramha, nó grainne éigin a chur isteach in a gceathramha.
Galar Cam: Ar bheithidig is mó a thagann sé. Tá loigín nó clais áirighthe i gclár-éadan an ainmhidhe, agus má tiomáintear tairgne go cruinn tré'n bpaisde san, ritheann an droch-stuif amach agus deineann san faoiseamh ar inchinn an ainmhidhe, agus téigheann sé i bhfeabhas indhiaidh a chéile.
Galar na péiste: Ar ghamhna óga is mó a thagann so. Is mór an truagh an t-ainmhidhe bocht mar buaileann an galar go tapaidh é, agus bíonn sé á chaitheamh féin le pian. "Snaidhm na Péisde" a dheanamh le córda ó's cionn an ainmhídhe an leigheas air.
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 21:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(iii) Turas Chaitilíne a thabhairt i dTeampall Fionn Trágha.
An "Ruadh". Dheineadh mná-leighis "uisce an ruadh" ach is beag duine go bhfuil a fhios acu cionnus é a dhéanamh mar choimeádaidís an fios chúcha féin.
Faithíní - (i) Luigín uisce cloiche gan lorg.
(ii) Píosa muic-fheóla a chur i bhfolach i gan-fhios
(iii) Biorán a chur i bpoll claidhe cloiche agus gan a rádh le h-aoinne gur dheinis a leithéid.
Fail - (i) Sceit obann a bhaint as an nduine.
(ii) A rádh leis gur ghoid sé rud éicin ó dhuine éicin. m.sh. "Ghuidís máilín an tsalainn ó Máire Ní Bhriain" – ceann coitchianta.
(iii) Do dhá mhéir a chur id' cluasa, agus duine eile a thabhairt deoch uisce dhuit le linn an ama céadhna.
Aguisín.
Leigheas eile ar an "Ruadh". Billeóga oidhneáin a bhíonn ag feachaint ar an bhfarraige a chur leis an mball tinn.
"Uisce an Ruadh" – Dheineadh na sean-mhná é seo le meascán do chloch gorm, cuirt, agus luibheanna agus rudaí eile a bheirbhiú agus ana leigheas iseadh í.
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 21:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ceann tinn nó odhar - Oidhneán a bheirbhiú agus an t-odhar a nígheadh leis an uisce a bheadh ' na dhiaidh.
Loscóidí - (i) Slándas beirbhighthe agus salann a chur a chur mar phlástra leó
(ii) An 7adh mac
(iii) Ceirí a dheineadh sean-mhná mar bheirbhíghdís galúnach, siúicre, gráinne plúir agus braon bainne i dteannta a chéile agus bhíodh ana-shúghadh braoin ag baint leis. Plástara galúnaighe a thugtaí air.
Teine Dhia - T'ainm a scríobhadh le dubhadh (ink) timcheall ar an bpaiste tinn.
Dóghadh talmhan - (Galar a bhíodh an-mhinic ar leanbhaí toisc iad a bheith cos-nochtuighthe) Seilmide brúighte idir phlaosc agus eile a chur mar ceirí leis an áit tinn.
Dathacha - An paiste tinn a chlogadh le neanntóg. Plástra clogtha a tugtaí air. Tá luibh eile leis ann (Ní heól a hainm dom fós) í seo a bheirbhiú agus an t-uisce a ól - ana leigheas iseadh é.
Tinneas fiacaile - (i) Trí scréach a bhaint as fhrog idir na fiacla.
(ii) Do theanga a chuimilt do airc luachra.
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 21:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gcoifrín glaise ag an Rí,
Go ndiúltóchainn do phóg a dhian stóir, cé go milis liom í.
Do chos dheas i mbróigín agus is gleóite a's is deas í do shiubhal,
Ní deise liom iad ná claonadh 'gus leagant do shúl;
Ní'l sé sa deósais aon óig fhear is deise ná tú;
Is do ghruadh mar na rósa, t'rum póigín a's beimíd ag siubhal.
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 21:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siubhal siubhal a ghamhain ghil, i dtús an tSamhraidh, nó an dtiocfair liom féin,
O thuaidh fés na gleannta, nó in oileáinín mhara mar a dteigheann an grian fé;
Ba, caoire ná gamhna, ní éileóchainn leat-sa mar spré,
Ach mo lámh dheas féd' coimín, is cead labhairt leat go dtí uair a dó-dhéag.
2.
Tá siad d'á rádh go bhfuil ádh na mban deas orm féin;
Is má táid a dhian ghrádh ní fuláir nó ní deifir duit é;
Ach go dtugas naoi lá, naoi dtráth is aon tseachtmhain déag,
Ag cúirtín mo ghrádh ag baint fáinnní do bharraibh a méar.
3.
Is a chogair is a stór cad é an brón atá timcheall do chroidhe,
Tá lán do dhá bhróige do dheóracha ag sileadh leat síos;
Is go mb'feárr ná an choróinn atá i
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 21:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí rí agus banríoghain ann fadó agus bhí dhá mac déag acu, agus bhí an banríoghain ag súil leis an tríomhadh duine déag. San am san do marbhuigheadh na buachaillí nuair a saoghaluightí na cailíní.
ball sinsearach (stair)
2015-11-23 21:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nár thug beagán tuisgeana duit i dtúis do shaoghail,
Is moch ar maidin do chuirfhinn chúghat brígh mo scéil
Beir mo bheannacht leat, nó go gcasfar ort in uaigneas mé.
IV
A Mhuire dhílis ceard a dhéanfhad má imthígheann tú uaim,
Ní'l eolas chun do thíghe agam, do theaghlach ná do chlúid,
Tá mo mháthair ar leabaidh sínte is m'athair san iúbhair,
Tá mo mhuinntir go léir in earraid liom a's mo ghrádh i bhfad uaim.
V
Má's ag imtheacht duit a mhúirnín go bhfillidh tú slán,
Mar is dearbhtha gur mhairbh tú an croidhe im' lár,
Níl airgead agam go leanfhainn tú, fiacha luing ná bád,
Tá an fharraige na tuillte eadrainn is ní heól dom snámh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-23 21:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
III
Beirim féinig mo mhíle slán leat a Bhaile na gCrann,
Is gach baile beag eile go mbíodh mo thriall-sa ann
Mar is mó bealach salach fliuch agus bóithrín cam.
Atá idir mise a's an bhaile go mbíodh mo dhian ghrádh ann.
IV
Do léigfinn leabhar Gaedhilge is Laidean duit ar neóin,
Is do scríobhfainn chúghat síos iad le bárr mo pheann,
A bheith ag ealódh i ngleanntán sléibhe a's ag fáscadh com,
Is an lá ná féadfhainn bean a bhréagadh, níl an báire liom.
IV
Tabhair mo mhallacht do d' athair is dod' mháithrín féin
ball sinsearach (stair)
2015-11-23 21:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo mar cloistear i gCorca Dhuibhne é. Ó Phádraig 'ac tSíthig, Baile na h-Abha, Dúnchaoin, a scríobhas síos é.
I
Síleann céad fear gur leó féin mé, nuair a ólaim lionn,
Is téidheann a dhá dtrian síos liom, ag cuimhneamh ar a gcómhrádh liúm,
Sneachta séidhte 'gus é a síor chur fé Shliabh na mBan bhFionn,
Is go bhfuil mo ghrádh-sa mar bhláth na n-áirne ag an Draighneán Donn.
II
Is dá mbeinnse féin im' bhádóir is deas do rámhfhainn an fharraige anonn,
Is do scríobhfhainn chúghat líne le bárr mo pheann,
Faríor ghéar gan me féin is tú a chráidh mo chroidhe,
I ngleanntán sléibhe le h-eirghe gréine is an drúcht 'na luighe.
ball sinsearach (stair)
2015-11-23 21:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is d'á raigheadh sé in aon bád eile sa deósas,
Do brisfí is do leónfaí a com.
VIII
Tháinig a cille thar sáile ó Shasana ar bhárr na dtonn,
A snaidhmeanna anall ó Uibh Ráthach ar a bhfhásann air bláth na n-abhall,
Dair an chuid eile d'á fráma an 'helm' an bogha is an stiúir,
Sin tosach agus deire ar mo bhádsa is cé a dhéanfhadh a pátrún.
IX
Beirim buadh agus barra do'n lóchar ná feaca riamh fós le luach,
Mar ní rithfheadh léi an lóndubh ná an smólach, an fiolar, an seabhac, ná'n chuach,
Bhí tosach is deire uirthi a dóithin, is í leathan 'na drom anuas
Sál ó thalamh go gleóidhte, agus a cille breágh nua fé suas.
ball sinsearach (stair)
2015-11-23 21:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nó an gcualabhair gur deineadh aon árthach a thug bliadhain agus lá ar an bPoll,
Nóa ab' ainm d'á máighistir fuair gradam ó Árd Rí an domhain,
Is gur dhóigh liom go mairfheadh mo bhádsa bliadhain agus lá na deabhaidh.
VI
Ag deanamh ar eadtrath bó dom seadh leigeas mo lóchar uaim,
Bhí cheithre maide uirthi, tairringthe geárrtha is iad deanta do'n bhfuinnseóig chruaidh,
Níor bhfada a bhí caithte do'n oidhche nuair a bhí sí siúd síos go cruaidh,
Le scudáin bhreágh ghlasa is le líonta is le fearaibh bhreágh groidhe gan ghruaim.
VII
Nár mhór an obair do'n bhfeóthan a bhog í a's a thóg í suas,
Do chaith seacht slata nó dhó í, a's do chaith ar a srón í i gcuas.
Cuaidh speara cois cille sa lochar is níor dhein san innte ach poll
ball sinsearach (stair)
2015-11-23 21:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mar mheasaim níor cruithnigheadh aon árthach ó cuireadh an Áirc ar Poll,
Do thiocfhadh timcheall chómh breágh léi a's ní theipfheadh go bráth an domhain.
III
Ag an mBeannaig a chuireas fá sheol í, go fairsing an Ród anuas,
Bhí a cille ar bárr uisce do'n mbórd san, agus an charraig do thóg sí suas,
Bhí siota breágh fairsing fé chóir glan agus a h-aghaidh ar an nDún ó Thuaidh,
Is gur b'é adubhairt na fearaibh gur dhóigh leó gur thairrig sí an Céibh i leath-uair.
IV
Léan agus díth ar na geáill úd a cuirtear go bráth ar pholl.
Mar bíonn fearaibh i gconntabhairt a mbáidhte nuair a thagann an gála trom
Ní mar sin dom chleithire báid-se bíonn an 'guide' acu go hárd sa chrann,
Is níor bhfeárr léi ciúineas Laé Sheain aici ná an anaithe bán na deabhaidh (diaidh).
V
An gcualabhair go dtáinig an t-ár úd ós na Flaithis, is gur bhádhaidh sí an domhan,
ball sinsearach (stair)
2015-11-23 21:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Deirtear gur file dárb 'ainm do Dómhnall Mac Dómhnaill, a mhair i bParróisde an Fhirtearaig, a chum é seo leanas idtaobh báid a goideadh uaidh.
—Fuaireas na focail ó Pádraig 'ac tSithig, Baile-na-habha, Dúnchaoin.
I
Bliadhain a dathad is dóigh liom seadh d'imthig mo lóchar uaim,
Fé shlata is fé anairt a dóithin is í déanta do'n bhfuinnseóig chruaidh,
Ní raibh bád ó Chaiseal go Bófort, ná as san go dtí an t-Oileán Mór,
Do thiocfhadh timcheall chómh breágh léi, is í ag tógaint an fheóthain suas.
II
An té a chídhfheadh gabhtha mo bhádsa fé anairt i ngála trom,
Uisce ar a gonaill anáirde is an chuid eile chómh nárd le Teamhar,
ball sinsearach (stair)
2015-11-22 17:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
as a phóca. Thairring sé pictiúir dá láimh féin ar an bpáipéar. "Aithneóchaidh sé an méid seo," ar sé le Seán.
Dein Seán mar dubhradh leis. Cé bheadh sa mharbhán ach athair fhir an tighe. Ba thapaidh d'aithin sé a lámh. As san amach ní raibh sprid ná púca sa tig. Bhí an oiread san buidheachais ar Dómhnall ag fear an tighe gur thug sé a inghean le pósadh do. Mhaireadar go léir go sásta as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-22 16:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fear isteach agus iad ag iomchur cómharann. Thógadar fear amach aisti agus chuireadar le hais na teine é. D'imthig an cheathrar. I rith na hoidhche chuaidh Dómhnall agus an saighdiúir agus an marbhán a chodhladh. B'é an saighdiúir a bhí istig ar fad agus bhí fuinneóg bheag in aice leis. I lár na h-oidhche thosuig an fear marbh taobh amuigh ar bhrúghadh isteach go dian.
"Má's maith leat a bheith sa leabhaidh, fan socair innti," arsa Dómhnall.
Ach lean a fear amuigh ag brúghadh agus ag brúghadh go dtí gur chuir sé Domhnall amach tríd an bhfuinneóig. Ach níor bhog Dómhnall.
Do labhair an marbhán le Dómhnall is dubhairt, "Is mó duine a chómhnuig sa tig seo ach níor tháinig do mháighistir-se fós ann. Tá trí prócaí óir annso fé leic na teine. Tabhair leat iad ar maidin. Bíodh ceann agat féin. Roinn an chuid eile ar na boicht agus tabhair ceann do'n bhfear gur leis an tig seo."
"Ó, ní creidfí me," arsa Dómhnall.
Thairring an fear eile páipéar agus peann
ball sinsearach (stair)
2015-11-22 16:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
San imtheacht dó, do bhuail sean-shaighdiúir leis. D'fiafruig an sean-shaighdiúir do cá raibh a thriall. Dubhairt Dómhnall 'á fhreagairt ná raibh a fhios aige.
Dubhairt an sean-shaighdiúir leis gluaiseacht leis féin agus go raibh a fhios aige cá raghaidís. Dubhairt sé go raibh a leithéid seo do thig ann, agus go raibh púcaí 'á feiscint ann.
D'imthig an bheirt leó gur thángadar go dtí an dtig. Do leigeadh isteach iad. Cuir fear an tighe an glas ar an ndoras agus d'imthig sé leis. Dubhairt Dómhnall leis an sean-shaighdiúir dul síos i seómra agus muga leanna a thabhairt aníos chuige. Nuair a bhí an sean-shaighdiúir ag cromadh síos do labhair an colann gan cheann leis.
"Is liomsa é sin," ar seisean.
Seo suas an saighdiúir bocht agus é i ndeire na feide le scannradh. Chuaidh Domhnall síos.
"Is liomsa é sin," arsa an colann gan cheann.
"Má's leat," arsa Dómhnall go tighearnamhail, "ní leat an méid seo," agus do líon sé a mhuga. Bhuail sé suas agus d'óladar é. I gceann tamaill tháinig ceathrar
ball sinsearach (stair)
2015-11-22 16:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí beirt dearbhráthar in a gcómhnuí i mbaile beag in aonfhacht le na máthair uair. Bhíodar beó bocht agus bhí lá an chíosa ag glaodhach ortha. Dubhairt a mháthair le Dómhnall dul go dtí Gaillimh ag díol ualach coirce. D'imthig sé leis agus ceannuigheadh an t- ualach uaidh. Nuair a bhí san déanta aige do scuir sé an capall taobh amuigh do thig agus thug sé coirce agus deoch dó. Chuaidh sé isteach, agus bhí beirt istig ag imirt chártaí. D'iarradar ar Dhómhnall dul ag imirt leó agus do chuaidh. Buadhadh gach pinginn uaidh. Chuaidh sé abhaile ansan, agus níor mhór an mhaitheas d'á mhuinntir saothar a laé.
Cuireadh le hualach eile é an dara lá. Thárla an rud ceadhna, ach buadhadh an capall, an chairt, agus an coirce uaidh an turas so. Dubhairt sé leis féin go mb'feárr do gan a aghaidh a thabhairt ar an mbaile in aonchor annsan, agus níor dhein sé ach an bóthar bán a thabhairt air féin.
ball sinsearach (stair)
2015-11-20 15:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ars é leis féin airís. Rug sé ar an dtuaigh agus bhain sé an ceann as an soitheach. D'eirig an bhean amach go mear. Chuir sí an fear ag triall ar chulaith manaig. Bheárr sí a ceann agus chuaidh sí isteach i mainistir, agus glacadh léi.
Dhein cailín na mbráithre rud éicin as an slighe agus is í Morain a daoradh san eagcóir. Cuireadh triail uirthe agus daoradh í chun í a dhóghadh istig i dteine tarraig.
Tugadh amach í agus bhíodar chun í a dhóghadh. D'feachadar timcheall agus seadh a bhí ná cóisde breágh dearg ag deanamh ortha agus an mháthair bhaistíghe istig ann.
"Ná cuir aon cheist orm anois a mháthair bhaistíghe," arsa Morainn. "Tá siad 'om dhaoradh annso ach is cuma liom."
Dubhairt an mháthair bhaistighe ná raibh aon mhilleán ar Mhorainn, agus scaoileadh saor í. D'árduig sí léi ar an gcóisde í a's cad a bhí ach a triúr leanbh istig sa chóisde aici. Bhí sceitimíní ar Mhorainn bocht. Thug an cóisde go dtí tig a fir féin í agus muna raibh áthas ar an rí í d'feiscint ní lá fós é.
ball sinsearach (stair)
2015-11-20 15:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar maidin ní raibh tuairisc an leinbh le fághail. Bhí sé imthighthe ag an máthair baistighe. Saoghaluigheadh beirt leanbh do'n mbannríoghain óig in a dhiaidh sin. Dhein an mháthair bhaistighe an cleas ceadhna. Mhairbh sí an leanbh deirinneach agus cuimil sí a chuid fola do bhéal agus do eadaighe leabthan an chailín (b'sin í máthair na leanbh). Nuair d'eirig mac an rí ar maidin dubhairt sé gur bh'amhlaidh a d'ith sí na leanbhaí agus bhí sé ar buille. Fuair sé soitheach mór agus chuir sé isteach ann í agus d'órduig sé an soitheach a chaitheamh isteach sa bhfarraige. Deineadh amhlaidh.
T'réis tamaill tháinig uaigneas ar mhac an rí agus chuir sé scéala amach aoinne a gheóbhadh í, í do thabhairt chuige.
Bhí iascaire thíos ar an dtráig lá. Chonnaic sé an soitheach mór. Siúd abhaile é agus fuair sé tuagh, agus chrom ar cheann an tsoithig d'oscailt leis an dtuaigh.
"Ná mairbh mé, ná mairbh me," ars an ghuth istig. Tháinig eagla ar an bhfear agus chaith sé uaidh an tuagh.
"Is ait an rud dom eagla a theacht orm i lár an laé,"
ball sinsearach (stair)
2015-11-20 15:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Níor leig sí uirthi go bhfeaca sí í, agus siúd anáirde staighre airís í. I gceann tamaill tháinig an mháthair bhaistighe isteach sa t-seómra chúiche. "Cad a chonnaicis nuair a chuadhais síos staighre?" ars í le Morainn.
"Ní fheaca faic a mháthair baistighe," arsa Morainn.
"Cuirfhead amach as mo thig tú muna bhfuil tú chun é a innsint dom," ars an mháthair baistighe.
Ruaig sí Morainn bocht amach as an dtig agus d'imthig sí roimpe ag siubhal an bhóthair gan fhios aici cá raibh sí ag dul. Sa deire casadh isteach i dtig rí í agus tógadh in aimsir sa tig sin í. Thuit mac an rí i ngrádh léi agus pósadh iad taréis tamaill. Do rugadh mac óg dóibh. Bhí dháréag ban choimhdeachta ag an bprionnsa nua. Tháinig an mháthair bhaistighe agus d'fhiafruig sí do Mhorainn cad a chonnaic sí nuair a thuit an cheirtlín óir síos staighre uaithe.
"Ní fheaca faic," arsa Morainn.
ball sinsearach (stair)
2015-11-20 15:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí Morainn cheithre mbliadhna déag do tháinig a máthair-baistighe airís. Cheap an t-athair go mbeadh cuid mhór airgid aige an turas so do'n' inghin. Ach ní raibh aici ach trí leabhair.
"Ná feic a bhfeicfir", "Ná chlois a gcloisfir" is "Ná habhair ach an nidh is maith leat féin", b'iad san na leabhair a bhronn sí uirthi.
Nuair a bhí an cailín bliain is fiche do tháinig a mathair baistighe airís agus thug sí léi chun a tíghe féin í an turas san. Ar an slighe dóibh do ghabhadar trí bóithrín beag cumhang salach. Dubhairt an cailín gur grándha an bóthar é seo agus dubhairt a máthair baistíghe go raibh sé maith a dóithin di. Chuadar isteach i gcúirt mhór ghroidhe a's ní raibh aon duine eile in a gcómhnuí ionnta. Do thug sí snáithín síoda do'n chailín le sníomhadh, agus chuir sí anáirde in uachtar an tighe í. Taréis tamaill do thuit an cheirtlín amach as a láimh agus do thuit sí síos staighre agus b'siúd an cailín ina diaidh. Nuair a tháinig sí anuas go bun an staighre cad a chonnaic sí ach an mháthair baistíghe agus í ag imtheacht in a muileann gaoithe.
ball sinsearach (stair)
2015-11-20 15:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí fear agus bean in a gcómhnuí in áit an- iargcúlda. Saoghaluigheadh inghean dóibh agus ní raibh aoinne timcheall ortha a raigheadh chun baistidhe leis an leanbh. Taréis tamaill do chonnacadar chúcha cóisde dearg agus bean istig sa chóisde. Dubhairt an bhean go ndeanfhadh sí féin máthair baistighe do'n leanbh d'á mbeadh cead aici a rogha ainm a thabhairt ar an leanbh. Dubhairt an bheirt go rabhadar sásta. D'árduigh sí léi an leanbh 'on tséipéal agus ghlaodhaig sí Morainn mar ainm uirthi. Thug sí abhaile annsan í agus dubhairt sí go dtiocfhadh sí ar a thuairisc i gceann seacht mbliana.
Choimeád sí a gheallamhaint agus tháinig sí agus bronntaisí deasa aice go dtí an leanbh. Gheall sí go dtiocfhadh sí i gcionn seacht mbliana airís.
ball sinsearach (stair)
2015-11-20 15:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Gach nuadh i dtig is é is mó a gheibheann cion.
Cé'n áit ar buaileadh an chéad tairgne?
Ins an bpúint.
Cé'n taobh do'n chupán ar a bhfuil an chluas?
Ar an dtaobh amuigh.
Cuaidh dá athair agus a mbeirt mac isteach i dtig ag ól. Scilling a chaitheadar. Tistiún an piúnt ab' eadh an lionn, agus d'ól gach duine acu piúnt. Cionnus é sin?
—An sean-athair, a mhac san, agus mac a mhic.
An sean athair, agus a mac = an dá athair.
An t-athair agus a mac san = beirt mhac.
∴ Ní raibh ann ach triúr fear.
Cheapfá gur léas ar thalamh duit é. (Duine a ceapfá a bheadh ana mhaith ar féachaint air.)
ball sinsearach (stair)
2015-11-18 09:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Mise an Bás," ars an stracaire.
"Ó árduigheann tusa na daoine chun siubhail leat," arsa Seán. "Déanfhair-se mo chúram sa."
Ghluais an bheirt leó go sásta.
Taréis tamaill chualaidh Seán agus an Bás go raibh fear an-shaidhbhir sa cheanntar an-bhreóidhte. Do bhí Seán an-mhaith i gcóir leighis, agus dubhairt sé leis féin go raibh chómh maith aige triail a bhaint as a chuid leighis.
Chuaidh sé go dtí an bhfear breóidhte agus leighis sé é. Dubhairt an Bás le Seán aoinne go bhfeicfheadh sé é féin ag a cheann, gan an duine sin a leigheas. Chualaidh Seán scéal eile t'réis tamaill. Fear saidhbhir eile a bhí breóidhte agus é ag dul dos na dochtúirí é a leigheas. Chuaidh Seán chuige agus cad a bhí ach an Bás ina sheasamh ag ceann an dhuine bhreóidhte. Dúbhairt Seán le muinntir an tighe ná raibh an duine breóidhte socair i gceart sa leabaidh. Do shocruigheadar san é agus chuireadar a chosa sa treó go raibh a cheann cheana agus do leigheas Seán é.
Fuair Seán mala mór óir má 'seadh ó mhuinntir an tighe. D'imthig sé chun bóthair agus bhí an lá an- bhrothallach. Suidh sé i ndíg an bhóthair agus cé a bhuailfheadh chuige ná an bás.
"Níor thugais aon áird orm,"
ball sinsearach (stair)
2015-11-18 09:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear i mbaile áirithe uair agus Seán ab' ainm do. Bhí sé pósta agus saoghaluigheadh mac do. D'imthig Seán leis ar lorg duine a dhéanfhadh Cáirdeas Críost do'n leanbh.
Bhuail fear óg deagh-phearsanta go maith leis lá. Cheistig sé Seán agus d'innis Seán a scéal do.
"Ó déanfadsa dul i gCáirdeas Críost leis an leanbh," ars an scafaire.
"Cad is ainm duit?" arsa Seán.
"Mise Íosa Críost," ars an fear óg.
"Ó deineann tusa daoine bochta do dhaoine saidhbhre agus daoine saidhbhre do dhaoine bochta," arsa Seán. "Ní dhéanfá-sa an gnó in aonchor dom."
D'imthig Seán leis airís. Sa tsiubhal do bhuail stracaire d'fear gioblach leis agus a dhá órdóig coise amach trí na bhróga stolta.
"Seadh a Sheáin cad tá uait indiu?" ars an stracaire.
D'eachtraig Seán do agus dubhairt an fear eile go raghadh sé féin chun baistighe leis an leanbh.
"Cad is ainm duit?" arsa Seán.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhíos ag gabháil amach thar beárna[in] do chonnac fear beag 'na shuidhe cois an chlaidhe agus é ag cantaireacht do féin:
'Druimín Ó Luachair is ainm dom
Druimín Ó Luachair is ainm dom
Is ní fios do'n gcailín é.'"
Phreab croidhe an chailín mar bhí an rún scéithte. Ba dh'óbair nár chuaidh sí as a meabhair le neart áthais.
Tháinig an fear beag go tóirtéiseach amáireach.
"Ó céad fáilte rómhat a Dhruimín Ó Luachair," ars an cailín.
Chaith an fear beag an snáithín uaidh ar an úrlár agus siúd amach tríd an bhfuinneóig é ar nós splannc tóirnighe. Bhí sé ar buille a's ar báinní le neart feirge.
Ach níor bhfada i na dhiaidh sin ná go raibh scéal nua san áit. Pósadh mac an rí agus an cailín seo. Bhí baineise trí laé is trí oidhche acu, agus do bhí íseal agus uasal ar aon cóir agus chothrom ag an mbaineise sin.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Thosnuig sí ag gol le bárr canncair lá. Níor bhfada mar sin di nó gur phreab firín beag bídeach isteach ar an úrlár chúiche. D'eachtraig sí a sceal do. Dubhairt an fear beag léi go sníomhfhadh sé féin an snáithín óir di d'á bpósfadh sí é. Dubhairt sí leis ná pósfadh sí aon fhear go deó ach mac an rí agus mara bpósfhadh seisean í ná pósfadh sí go deo. Dubhairt sí leis go mb' feárr di an snáithín óir a shníomhadh di, agus nuair a bheadh sí féin in a Bannríoghain ná dheanfadh sí dearmhad ar a mhaitheasaí.
"Tá ciall agat ach go h-áirithe," ars an firín grándha. "Tiocfadsa airís amáireach agus má bhíonn fios m'ainme agat sníomhfhad an snáithín duit, ach mar a mbeidh caithfir me féin a phosadh," ar seisean.
Bhí an cailín bocht ar mire le scannradh roimis, agus bhí sí lán chinnte ná beadh fios a ainme aici.
Bhí sí go dúbhach tráthnóna nuair a bhuail a h-athair isteach t'réis an lae.
"Bfuil aon eachtra agat dom t'réis an lae?" ars í leis.
"Tá mhuis, eachtra neamh-choitchianta go maith," ars an t-athair."
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí rí fadó ann agus chuir sé fógra amach p'é cailín a shníomhfhádh snáithín óir do gur b'sin í an chailín a ghlacfhadh sé mar bhean chéile.
Bhí cúirt mór ag an rí i lár coille agus ní raibh faic le deanamh aige ach an lá a chaitheamh ag fiadhach agus ag marcuíocht do féin ar a shástacht.
Bhí tig beag eile sa choill mar ar chómhnuig feirmeóir bocht agus a aon-inghean. Bhí a bhean caillte, agus bhíodh an cailín ag déanamh gnó an tighe. Bhí sí ar fheabhas chun sníomhtha ach níor fhéad sí riamh snáithín óir a shníomhadh.
Aon lá amháin bhí an rí ag marcuíocht do fhéin agus chonnaic an cailín é. Thuit sí i searc a's i síor ghrádh leis agus dubhairt sí ná pósfhadh sí aon fhear eile go deó ach é. I gcionn tamaill chualaidh sí an scéal i dtaobh an t-snáithín síoda, agus bhí sí ana thrí chéile feachaint cad ba cheart di a dhéanamh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
A Íósa, déan díon dom' anamh bocht féin,
Díbir gach droch smaoineamh is an peaca ó nár mbéal,
Tabhair an slighe glan díreach d'ár n-anamh chúghat féin
Sar a sínfear sinn síos san leabaidh beag caol.
A Rí na nAingeal a's a Athair Mhac, ríar an ádh,
A Mhichíl Naomhtha árd Aingeal, bí farainn ar uair ár mbáis.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An chéad aon beidh Éire ag Sasanaig thoir,
An tara h-aon ní bheidh tréan i nGearaltach dhuibh.
An tríomhadh h-aon ní bheidh aon i nDuithche Ealla d'á gcuid,
An ceathramhadh h-aon beidh lucht léighinn ar lorg a gcirt.
An cúigmheadh h-aon beidh lucht léighinn gan ceangal ar bith,
An seamhadh h-aon is tréith mar bheidh mairbh is cuirp
An seachtmhadh h-aon, mo léir cé chuirfidh na fir.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ciúiniú na h-oidhche buanú na scríbe (no na síne).
Tá sé ráidhte riamh nuair a chailleann duine a náire go gcailleann sé a mheas.
Do dhuine gan náire is fusa a chúram a dhéanamh.
Má's maith in aonchor sinn, is maith in aoinfheacht sinn.
Tosach iománuíochta is deire rámhuíochta.
Is feárr cuigeann an dá shlinneán ná cuigeann an dá chorcán.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cabhair a's cairde a's grásda ó Dhia chughainn,
A chabhair gach lá a's táimíd 'á iarraidh,
Sacraimint na haithrighe go neartuighidh Dia dhúinn,
Is m' anam féd' choimirce a Mhuire a bhuime an Tíghearna.
Luighmíd fed' theármoinn a Mhaighdean Glórmhar,
A Mháthair Dé a réaltann eóluis,
A Bhannríoghan na bhFlathas freagair is fóir me
Is beir leat m'anam go cathaoir na Gloire
Déirc de shólás is d'aoibhneas síorruidhe na bhFlathas d'ar m'anam anois a's go deó.
Amen.
A Chroidhe a dhoirt gach braon dod' chuid fola ar ár son, go lasaidh ár gcroidhe-ne le grádh dhuit.
Ó A Mhaighdean Mhuire do rugadh gan an peaca, guidh go gcuirfheadh Dia ar ár leas sinn anois a's go deo.
Amen.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siar leis. D'aithnigheadar féin a chéile go maith. D'eachtruig sí a scéal dho tríd síos. D'innis sí dho i dtaobh an fhiolair agus an Chaisleáin, a's mar gheall ar an dtairngreacht. Bhí sé ar buille. Bhuail sé air a chulaith airm is éide a bhí sa mháilín bóthair aici. Amach leis go dtí an sean bhean, agus loirg an sean chlaidheamh uirthe.
"Tá sé thíos fé'n leabaidh," ar sí, "a's b'féidir le Dia go ndéanfá rud éicin mar is mór atá cuma an mhisnig ort."
Siúd amach é. Thairring sé stiall ar an roith, agus dhein sé dhá loma leath di. Cualathas an fothrom a's an torann, a's leis sin thuit an Caisleán in a phleist. An chrapadh na súl bhí an doircheacht agus an diamhaireacht a's an scamall dubh árduighthe do'n mbaile beag. Bhí loinnir na gréine air, rud nach raibh le ciantaibh, agus bhí an duairceas imthighthe dos na daoine. Gheal na sráideanna a's na póirsí chúmhanga, is bhí alltacht 'na gcroidhe i dtaobh cómhacht an ghaiscidhig a fhóir ortha. Siúd anonn go dtí an gCaisleán é, a's fuair sé an cromblach caillighe thíos fé's na clocha. D'árduig sé leis a scárlaod a's a raibh do shaidhbhreas ins an bhfothraig. Thug sé leis a bhean abhaile go h Éirinn, is muna raibh teinnte cnámha 'á lasadh dóibh níor lá fós é. Geallaim duit go raibh buidheachas ar an bPeidléar bán.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 21:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ó'n bhféar, a's bhuail sé air suas éadach na mná. Bhí sé ag imtheacht roimis nú gur shrois sé caladh phort. Chonnaic sé ualach mór boscaodaí 'á gcur ar bórd. Is minic a chonnaic sé na boscaodaí ceadna sa bhFrainnc 'á dhéanamh ag an mnaoi nuair a bhíodh aon díomhaointeas uirthi. D'feach sé ar cheann acu is bhí ainm an bhaile 'n ar deineadh iad, a's litreacha tosnuig a hainme thíos na bhonn. Tháinig scitimíní air mar bhí fhios aige go raibh sí beó pé áit a bhí sí. Chuir sé cúnntas an bhaile ar mháirnéalach.
"O Dia linn," ars an máirnéalach, "baile fé toirmeasc é sin, is ní théigheann aoinne 'na goir[e]. Níor mhair aon duine iasachta riamh a thug a aghaidh ar an áit sin."
Chaith sé amhras annsan gur greim éigin a bhí ar a mhnaoi féin ins an áit, a's dhearbhuig sé go gcaillfheadh sé féin an t-anam nú go saorfhadh sé í. Seo chun siúbhail é. Buaileadh isteach sa tig in a raibh sí é. Cheap an tsean bhean istig gur bean óg a bhí tagtha chúiche. Cheistig sé í i dtaobh aon stróinséir a bhí ar an mbaile. Dubhairt an bhean leis go raibh fear ár óstuidheacht aici féin agus go raibh sé thiar i seómra ag déanamh boscaod.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 20:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dtiocfhaidh mac rí Éireann chun í a chlaoidhe is go mbeidh inár gcumas ár gceann d'árdú annsan. Tá shean-chlaidheamh annsan thíos fé'n leabaidh a's an té a leagfhaidh an roth mhuillin sin amuigh léi sin é an té a leagfhaidh an Caisleán, mar tuitfhidh sé in aonfhacht leis an roth."
Bhí an rún ag an mnaoi annsan agus chuimhnig sí go dtiocfhadh a fear féin luath nú déannach a's gur dhóichighe gur b'é a bhí luaidhte sa tairngreacht.
"Coimeádfhad-sa tú an fhaid is mian leat fanúint ach i gcúnntas an tsaoghail ná cuir do cheann amach thar dorus mar tá an áit seo go nimhneach," ars an t-sean bhean.
Ba dheacair leis an mnaoi claoidhe le h-aon áit is gan tuairisc a fir aici. Ach cad a bhí le déanamh aici? Thosnuig sí ag figheadh boscaodaí mar chaitheamh aimsire is ba mór an seódh chúcha í. Bíodh scata deanta aici in aghaidh na seachtmhaine a's sheóladh an tsean bhean chun an chaladh phuirt di iad, a's dheinidís scata airgid ortha.
Nuair a dhúisig an gaiscidheach b'ait leis cá'r imthig a bhean, nó cad a thárla di. Ní raibh stiúruightheóir na eólus le fághail aige, a's bhí sé i gcruadhchás. Bhí an scarlaod imthighthe leis. D'oscail sé an máilín bog, a's cad a bhí ann ach éadach na mná. Bhí a chuid éadaig féin tais
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 20:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
uachtrach i shean-chaisleán diamhair. Bhí spící móra iarainn timcheall fallaí an Chaisleáin sin. Bhí an oidhche cíordhubh uaigneach, a's ní raibh fhios aici cár fhág sí a fhear. Ní fheadair sí thoir ó thiar, a's bhí sí d'á dhalladh amach ag an saoghal. Chonnaic sí baile beag dorcha tamall uaithe agus chuaidh sí fá na dhéin. A leithéid ní fheaca sí ariamh. Bhuail sí uirthi culaith an fir a bhí ins an mailín bóthair aici. Chuaidh sí isteach i mbothán beag a bhí i mbéal lána grándha salach. Bhí aindiseóir seana mhná craptha sa chúinne, agus feasóg liath uirthi le canncar is le críonnacht, a's nuair a chonnaic sí an péarda duine uasail chúiche aníos an t-úrlár baineadh preab aisdi. B'ait léi cad a sheól ina leithéid d'áit a leithéid d'fear mór groidhe galánta.
"Buail chúgham aníos a chroidhe go gcimileóchaidh me cuid do'n súithe seo dhuit go ndéanfhad ar nós mhuinntir an bhaile seo thú. Baile diamhair é a chroidhe atá fé draoidheacht ag cailleach atá sa Caisleán úd thall. Mílltear agus coirightear gach aoinne a thagann i ngaor na háite ach ní baoghal duit má bhíonn an súithe cimilte duit," ars an tsean bhean. "Tá an cailleach san 'ár gcrádhadh is 'ár gciapadh riamh, is níl rígh ná rath ar aoinne atá ins an mbaile bréan brónach so. Tá sé sa tairngreacht go
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 20:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí oidhche annso is eadtrach annsúd acu. Oidhche amháin thángadar go dtí com uaigneach cnuic agus luigheadar ann chun codhladhta. Leathadar amach an scárlaod agus tháinig gach saghas bidh anuas air, agus d'itheadar an lán ndóithin. D'fágadar an scarlaod fé chun an chrainn mar ceapadar ná bainfheadh aoinne eile leis iargcúldacht na h-áite.
Thuit an fear d'á chodhla, a's d'fhan an bhean 'á fhaire. I gceann tamaill chonnaic sí an fiolar mór ag máirneáil san aér. Gan aon choinne aici le faic siúd anuas an fiolar agus sciob sé leis an scarlaod. Scannruig an bhean is dubhairt sí léi féin go mbeadh an fear ar mire nuair a dhúiseóchadh sé is go mbeidís i mbaoghal a mbáis gan biadh is ná sroisfhidís baile cuain go deó. Sciob sí léi máilín bóthair an fhir i ndearmhad in ionad a máilín féin agus siúd léi indiaidh an fhiolair. Lean sí an t-éan gan traochadh. Bhí fhios aici go ndeanfhadh a fear codhla seacht laé is seacht oidhche, mar sin mar a bhí ag gach gaiscidheach d'á shórd an t-am san. Lean sí an fiolar go dtí go raibh an capall bán ag dul fé scáth na cupóige is an chupóg ag teiche uaithe, madraí an bhaile is na madraí alla ag amhastaraig, sean-mhná ag dul chun suip t'réis a ndóithín do chúlchainnt is do thobac. Ach lean sí an t-éan. Chonnaic sí é ag léimrig isteach trí fhuinneóg
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 20:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Eirig id' shuidhe sar a dtabharfhad isteach an fear is bun led' ghalar."
"O tóg bog é, bheinn scriosta d'á bhfeicfheadh sé mar seo me; imthig ort go fóil led' thoil go ndeanfhad suas mé féin," ars inghean an rí.
Ghlaoidh sí ar a mná coimhdeachta agus gléasadar í, a's bhí sí chómh maith a's a bhí sí riamh. Bhí sí in a péacóig críochnuighthe nuair a tháinig sí amach go dtí mach rí na h-Éireann. Ollmhuigheadh dinnéar suaithinseach agus bhí nua gach bidh is sean gach díghe ann. Fuair an Peidléar Bán gradam agus buidheachas toisc an galar doi-leighiste a bhaint do Inghean an Rí. Dubhairt an cailín ná pósfhadh sí aoinne ach mac Rí na h-Éireann, agus go n-imtheochadh sí abhaile leis t'réis a bpósta.
Pósadh iad. A leithéid do theasbántas is go fhéasda ní raibh riamh ar aon phósadh! Theastuig ón rí an Peidléar Bán achoimeád go deó, agus d'iarr an Peidléar a thuarasdal a's d'imthig ar a bhealach féin. Fuair sé mála óir, agus bhí sé bog beann ar an saoghal. T'réis tamaill dubhairt mac rí Éireann gur mhithid do féin triall ar thuairisc a athar. Thug rí na Frainnce scárlaod draoidheachta mar bhronntanas do mha[c] Rí Éireann, a's d'imthigheadar chun bealaig, beirt ac[u.]
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí gach aon liaigh is fear leighis is luibh trialta a's gan aon fheabhas ag dul air. Chaith an Peidléir dho a bhranngóidí is d'imthig go cúirt an rí is leig air go raibh leigheas an óig-fhir aige. Bá gheall le siabhradh an fear óg, é snaighte caithte, is gan lúth ná léim ann.
"Ó léir uait, ní breoidhteacht atá ort ach grádh; lean mise agus tabharfhad sa tú go dtí an mbean go bhfuil grádh agat di. Buail ort do chulaith airm is éide is lean mise," ars an Peidléir.
Phreab sé as an leabaidh a's ba shoiléir do chách go raibh fóirithint mhór deanta air. Thug an Rí geall mór airgid dhó, a's leig an mac in aonfhacht leis fé mar iarr sé.
"Turas a thabharfhaimíd ar dhúthaighe iasachta is déanfhaidh sé an-mhaitheas do na shláinte, a Rí Onóraig," ars an Peidléar bán.
Thángadar go dtí Cúirt na Frainnce. Isteach leis an bPeidléar a's leig air leis an Rí gur dochtúir é. Fágadh a chomrádaidhe i seómra ag feitheamh leis. Chuaidh an Peidléar isteach go dtí an óig-bhean a's is í a bhí go h-ologónach buadhartha. Bhí cnead na croidhe.
"Cad é do mheas orm a dhochtúir?" ar sí.
"Ó meas óinsighe, a inghean ó," ars an Peidléar.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 16:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí gach aon liaigh is fear leighis is luibh trialta a's gan aon fheabhas ag dul air. Chaith an Peidléir dho a bhranngóidí is d'imthig go cúirt an rí is leig air go raibh leigheas an óig-fhir aige. Bá gheall le siabhradh an fear óg, é snaighte caithte, is gan lúth ná léim ann.
"Ó léir uait, ní breoidhteacht atá ort ach grádh; lean mise agus tabharfhad sa tú go dtí an mbean go bhfuil grádh agat di. Buail ort do chulaith airm is éide is lean mise," ars an Peidléir.
Phreab sé as an leabaidh a's ba shoiléir do chách go raibh fóirithint mhór deanta air. Thug an Rí geall mór airgid dhó, a's leig an mac in aonfhacht leis fé mar iarr sé.
"Turas a thabharfhaimíd ar dhúthaighe iasachta is déanfhaidh sé an-mhaitheas do na shláinte, a Rí Onóraig," ars an Peidléar bán.
Thángadar go dtí Cúirt na Frainnce. Isteach leis an bPeidléar a's leig air leis an Rí gur dochtúir é. Fágadh a chomrádaidhe i seómra ag feitheamh leis. Chuaidh an Peidléar isteach go dtí an óig-bhean a's is í a bhí go h-ologónach buadhartha. Bhí cnead na croidhe.
"Cad é do mheas orm a dhochtúir," ar sí.
"Ó meas óinsighe a inghean ó," ars an Peidléar.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 16:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siúd leó go dtí cúirt an Rí. Bhí cách na chodhladh. Isteach le beirt acu tríd an bhfuinneóig agus sháthadar biorán suain i mac an rí a bhí 'na codhla. Bhí sé 'na chnap acu. D'árduigheadar leó é go dtí grianán codhladhta inghean rí na Frainnce. Shíneadar leas-muigh di sa leabaidh é. Dhúisig sí. Phrioc sí é ach ní raibh dul air a dhúiseacht. Bhí speabhraidí air. Le fáinne a laé sciobadar as an leabaidh é agus d'árduigheadar leó go h-Éirinn é.
Lá'r na mháireach nuair d'eirig sí bhí an-athrú uirthi. Níor stad sí ach ag cainnt ar an bhfear breágh a chonnaic sí. Ach ní raibh sé le fághail ins an ríoghacht a's b'sin é an clampar. Bhí sí ag dul in olcas agus breóidhteacht throm ag teacht uirthi. D'imir na sidheóga an cleas ceadhna uirthi féin. D'árduigheadar leó go hÉirinn í, a's thuit mac an Rí i searc a's i síor grádh léi. Bhí an bheirt annsan a's ba chúis truaigh iad, grádh acu d'á chéile a's gan a fhios acu cá bhfaighdís an scéal a réidhteach. Muinntir na beirte a's iad ciapaighthe acu, a's a leigheas ag dul do dhraoithe is do dhochtúirí.
Ach bhí an rún ag an bpeidléir bán. Nuair a shrois sé críocha an Rí bhí sé ag éisteacht le gach scéal nua is sean scéal. Chuala sé go raibh mac an Rí in a luighe fé ghalar gan leigheas.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 16:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bagarthach ceadna uirthi. Ní raibh aon leagadh aici le h-aoinne dos na fearaibh óga a bhí 'á h-éileamh.
Aon oidhche amháin bhí an Peidléir bán ar an mbóthar fé na bhealbhóig is a chuid ceirteach. Bhí riastaí na ghuailne ag an mbealbhóig a's é ag mallachtú uirthi. Bhuail sé isteach fé thor draighin, agus é ag cainnt leis féin ar phiolóidí an tsaoghail. Chuala fé fothram agus gleó.
"Ho hó, tá na buachaillí bána chúgham," ars é.
Crap sé chuige sluagh d'fearaibh beaga. Stadadar. Bhí lanntán glas san áit agus thosnuigheadar ag damhas a's ag rinnce ann.
"A cháirde," ars an ceann-phort, "tá bliadhain ó rángamair le chéile, agus tá scata scealta nuadha agaibh dom ó shoin. Chualas-sa go raibh galar gan leigheas an Mhac an rí; níl aon bhreóidhteacht air ach deanfhaimid-ne breoidhte é nuair nach bhfuil. Beidh ana spórt againn air i dtaobh go bhfuil sé chómh saonta a's atá sé. Tá an galar ceadhna ar inghean rí na Frainnce, mar sin é an fear go bhfuil grádh aici dho, agus beidh ár ndóithin gáiridhe againn pé cuma a eireóchaidh linn."
"Sásta a cheannport," a sreach na fir bheaga agus cad é fonn diabluíochta a bhí ortha an t-am ceadhna.
ball sinsearach (stair)
2015-11-17 16:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mhícheál Ó Guithín o'n mBloscaod Mór a chuala an scéal so. Sean-bhean a bheadh suas le céad blian d'á mairfheadh sí a aithris do é is é 'na leanbh.
Bhí mac rí in Éirinn fadó. Buachaill breágh sciamhach ab' eadh é agus bhí saidhbhreas a's oll-mhaitheas an tsaoghail seo go flúirseach aige. Bhíodh mná uaisle na tíre ag teacht ar cuaird chun a ghrianáin ach aon spéis níor chuir sé riamh in aoinne acu. Bhí na mná óga ag baint na sála d'á chéile timcheall air, ach b'sin a raibh d'á bhárr acu.
Bhí sé in aois pósta a's theastuig ó'n a athair go gcuirfheadh sé faoi a's go bpósfadh sé. Deireadh an mac leis go raibh a dhóithin aimsire fós aige. Bhailig an rí a chuid draoithe chun cúis an scéil a nochtadh. Dúbhradar go bhfuil pláinéad ann agus gur saoghaluigheadh an mac fé an bplainéad san, agus go raibh bean in áit éigin go bhfuil grádh aige di ach ná féadfaidís a dhéanamh amach cá raibh sí. Bhí an rí ana-mhío-shásta leó toisc ná féadfhaidís é a réidhteach do.
Bhí inghean rí sa bhFrainnc, agus bhí an crann
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 21:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig sé chun a mháthar agus chomáin sé an doras amach é. Thug sé leis a raibh d'oll-mhaitheas ins an bpluais agus d'fág cuid mhaith in a dhiaidh. Ar an mbóthar abhaile do chuala sé an gearán.
"Fóir orm, fóir orm," ars an guth. Siúd isteach thar claidhe é agus seadh bhí siamhá mná a's í ceangailte do chrann. Snaidhmeanna móra dochta a bhí uirthi, agus fé mar a scaoileadh sé snaidhm téigheadh an greim air féin. Níor bhfada go raibh an bhean saor agus é féin ceangailte do'n gcrann.
"Fan ansan anois," ars an tsean-bhean leis.
"Mise máthair an fhathaig a's chonnac an íde a thugais ar mo mhac."
B'é an Rí (athair a chéile) an chéad duine eile a gaibh an treó chuige ag spaisteóireacht lá.
"Ó fhóir orm a dhuine uasail," ars é.
Dhein an Rí bocht amhlaidh ach chuaidh na snaidhmeanna air féin agus siúd leis an óig-fhear chun siúbhal. Níor aithin an Rí é, bhí sé chómh snaidhte sin ó'n gcrann.
"Bíodh an méid sin agat as an ndroch íde a thugais ormsa," ar sé.
Níor bh'fada gur scaoileadh é agus bhí ana áthas ar an inghean. Ní raibh cruadhtan ná cás ortha as san amach, mar i dteannta gach rud bhí saidhbhreas an fhathaig acu.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 21:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Bead cráidhte ciapaighthe go deó. Caithin a thiocfhaidh lá mo bháis? Bead scólta ag mo smaointe go deó!"
Leis sin do labhair sí leis. Léim sé na sheasamh mar cheap sé gur b'é a spioraid a bhí ann.
"O an beó nú marbh tú?" ar sé.
"Táim beó," ar sí.
Cuir sé na mílte fáilte roimpe a's cheapfá ná coimeádfadh an tig in aonchor é, bhí sé chómh sásta san. Níor tháinig sé chuige féin i gceart go ceann tamaill. Dubhairt sí leis go raibh a fear ag an ngeata a's chuaidh sé amach ag triall air. Bhí an Rí chómh mín le h-uan caorach an t-am san. Thug sé feasda seacht laé is seacht oidhche in a n-onóir is bhí gáirdeachas ar gach aoinne.
Ach ní raibh aon tsástacht ar an bhfear óg gan dul ar thuairisc a mháthar. Ní chreidhfheadh sé gur b'í a dhein faic leis ach gur b'é an fathach ba chúis leis. D'impig a bhean air gan dul mar go bhfeaca sé a dhóithin cheana di, ach ní raibh stad le baint as, d'á dtabharfhadh sí mil ar mheasaibh dho.
Chuaidh sé fé dhéin na pluaise in a raibh seóda an fhathaig, agus ar adhmharaighe an domhain bhí an crios ann. Bhuail sé air anáirde í, agus siúd leis fé dhéin an fhathaig. Chuir sé cómhrac aon-fhir air agus mhairbh sé é.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 21:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Bead cráidhte ciapaighthe go deó. Caithin a thiocfhaidh lá mo bháis? Bead scólta ag mo smaointe go deó!"
Leis sin do labhair sí leis. Léim sé na sheasamh mar cheap sé gur b'é a spioraid a bhí ann.
"O an beó nú marbh tú?" ar sé.
"Táim beó," ar sí.
Cuir sé na mílte fáilte roimpe a's cheapfá ná coimeádfadh an tig in aonchor é, bhí sé chómh sásta san. Níor tháinig sé chuige féin i gceart go ceann tamaill. Dubhairt sí leis go raibh a fear ag an ngeata a's chuaidh sé amach ag triall air. Bhí an Rí chómh mín le h-uan caorach an t-am san. Thug sé feasda seacht laé is seacht oidhche in a n-onóir is bhí gáirdeachas ar gach aoinne.
Ach ní raibh aon tsástacht ar an bhfear óg gan dul ar thuairisc a mháthar. Ní chreidhfheadh sé gur b'í a dhein faic leis ach gur b'é an fathach ba chúis leis. D'impig a bhean air gan dul mar go bhfeaca sé a dhóithin cheana di, ach ní raibh stad le baint as, d'á dtabharfhadh sí mil ar mheasaibh dho.
Chuaidh sé fé dhéin na pluaise in a raibh seóda an fhathaig, agus ar adhmharaighe an domhain bhí an crios ann. Bhuail sé air anáirde í, agus siú leis fé dhéin an fhathaig. Chuir sé cómhrac aon-fhir air agus mhairbh sé é.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 21:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'imthig sí abhaile go meidhreach, agus d'eachtraig sí a scéal dho. Dubhairt sé go raghadh sé ann chun í a shásamh pé scéal é.
D'imthigheadar agus chaitheadar sos oidhche a ghlacadh sar a dtángadar go dtí an lochán. Treabhadar leó. Nigh sé a shúile ins an lochán agus chonnaic sé beagán gealais. An dara lá b'feárr ná san é, agus fé'n dtreas lá bhí sé chómh maith a's a bhí riamh. Cad é áthas a bhí ar an mbeirt acu! Ní raibh innsint scéil air.
Ní raibh sé féin sásta annsan gan iarracht a dhéanamh ar imtheacht ó'n gcoill. Bhíodar ag siubhal rómpa go dtí go dtángadar go dtí cúirt mór.
"O is deallramhthach le cúirt m'athar í," ars an bhean. "Triailfhimíd í pé scéal é agus is cuma linn."
Thángadar go doras na cúirte. Bhí cuma an uaignis ar gach áit. Cá raibh a mná coimhdeachta? Cá raibh a hathair a chuireadh fáilte roimpe fadó? Bhí sé istig na sheómra a's is maith a chonnaic sí é. Bhí a cheann fé agus é ag gol.
Seadh, d'fág sí an fear ag an ngeata a's b'siúd isteach í. Anáirde léi chun a seómra féin. Bhí an glas 'san eochair mar d'fág sí iad. Gléas sí suas í féin agus chaith di na giobail, mar bhíodar uirthi go h-aindhis. Tháinig sí isteach cúl doras ar a hathair. Chuala sí ag osnaighil é.
"O níor cheart é d'agairt uirthi, níor cheart," adeireadh sé.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 20:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh an inghean go dtí an gcaptaoin agus dubhairt sé leis poll a fhágaint ins an mbarraille chun aéir a leigint chúcha. Cuireadh isteach sa bharraille iad agus tugadh chun bealaig iad. I lár báigh deineadh smaoineamh do'n gcaptaoin agus dubhairt sé go mba éagcórach an bheart do féin beirt a bhádhadh toisc grádh a bheith acu d'á chéile.
Nuair a thángadar go ceann talmhan leig sé amach an bheirt acu in áit nach raibh ach coill mhór leathan. Bhíodar i ndroch chaoi. Bhailig sí féin géagáin agus cipíní agus dhein sí saghas botháin. Bhíodh sé sin istig agus í sin amuigh ag fiadhach agus na bailiú cnóite. Chuaidh sí an-fhada ó bhaile aon lá amháin ag foglaéireacht. Sa tsiubhal di tháinig sí go dtí iomaire íseal i lár na coille. Bhí scuaine colúr ag eitilt timcheall ar lochán a bhí ins an iomaire. Ní raibh aon cleite ar na colúir ach cuma meathta dreóidhte ortha. Bíodar ag lúbadh agus ag casadh is ag searradh san aér. Fé mar a léimidís síos san lochán thagaidís aníos fé cleití breaghtha breaca agus lúth agus fuinneamh ionnta. Machtnaigh an bhean gur dócha go raibh leigheas ar ghalar in uisce an locháin, agus cá bhfios di ná go raibh leigheas a fir ann leis.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 20:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Caithfidh sé dul amach ag siubhal in aoinfheacht liomsa amáireach ag feachaint ar mo ghairdíní," ars an Maor le na ingean.
"Ó bhí ana chúramach ina thaobh," ars an inghean. "Leig do a lámh a bheith féd ascaill aige i gcomhnuidhe, mar sin é an nós atá ina thír sin."
Chuaidh sí go dtí 'na fear féin 'á chomhairliú. "Abair lem' athair go bhfuil gach crann id thír féin níos feárr ná aon chrann in a gháirdín féin. Ceapfhaidh sé go bhfuil tú ábalta ar gach rud a thabhairt fé ndeara," ars í le na fear.
"Nach breágh an crann úbhall é sin," ars an maor.
"O tá crann níos feárr ag m'athair ina ubhall ghort," ars an fear.
"Nach breágh an stoc iad san sa pháirc," ars an Maor.
"Níl siad leath chómh maith leis an stoc atá ag m'athair," ars an Dall.
Pé mí-ádh a thárla dhó do thuit na súile as. Thug an rí fé ndeara é agus ba dhóbair do dhul le bháiní. D'imthig sé abhaile a's thug sé íde béil ar a inghean. Dubhairt sé go gcuirfheadh sé féin pionós ortha, agus go mbeadh cuimhne acu ar na cleasanna a imrigheadar air féin.
D'órduig sé bairrille mór a dhéanamh agus iad araon a chur isteach ann, agus iad a chaitheamh amach i lár na farraige. Deineadh amhlaidh agus ollmhuigheadh long mhór chun iad a chur uirthi.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 20:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An lá 'na dhiaidh san d'ollmhuig sí deoch meisceamhail do agus thug sí do le n-ól é. Thuit sé na thoirchim suain. Bhaineadar an bheilt do. Ropadar bior dearg isteach na shúile agus bhuaileadar cic air agus thugadar an doras amach do. "Tá seamróg na gceithre gcluas anois aige má eirigheann leis," arsa duine acu leis an nduine eile.
D'imthig an Dall bocht leis, oidhche annso is eadtrath annsúd agus é 'na gheilt, gan bearradh gan glanachar. Shuidh sé cois tobair. Tháinig dream máirnéalach isteach ag triall ar uisce go dtí an dtobar. Chonnacadar an siabhradh agus ritheadar uaidh le huathbhás. Tháinig an captaoin féin annsan agus thug sé leis an caonaidhe bocht aonrach ar bhórd a luinge. Chuir sé súile gloine ann nuair a chualaidh sé an sceal brónach uaidh. Scaoil sé amach ar caladh phort é nuair a bhí sé tuirseach ó a bheith ar bórd luinge.
Cá mbuailfí isteach é ach i dtig Maor an Éisc agus d'aithin an Inghean go tapaidh é agus tháinig sí ag failtiú roimis. Chuir sí isteach i seómra é. Dubhairt sí leis gan corruighe as an seómra. Pósadh an bheirt cé nach raibh a hathair sin ró-shásta. B'ait leis é a bheith chómh neamh-anamamhail is a bhí sé.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 19:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dúbhairt inghean an Mhaoir leis gan dul abhaile in aonchor, ach fanúint agus í féin a phósadh mar go raibh grádh mór aici dho. Dubhairt sí nach raibh puinn grádh ag a mháthair do, mar d'á mbeadh nach in áit conntabharthach a chuirfheadh sí é, agus go gcuirfheadh sí in áit níos measa amáireach é. Ach ní bheadh sé sásta. D'imthig sé leis fé dhéin an tighe. Bhí canncar agus cráidhteacht ar an bhfathach nuair a chonnaic sé chuige é agus an t-iasc aige.
"Cuirfheadsa deire leis an mbioránach amáireach," ars an mháthair.
Leig sí uirthi a bheith an-olc amáireach.
"Ó téighir agus tabhair chúgham croidhe agus aé an tairbh bhig atá sa choill," ars í le Seáinín. "Damh beag dearg iseadh é agus dein do dhícheall air."
Thug an fathach sean-thuagh mheirgeach dó agus b'seo leis. Léim sé ar mhuin an tairbh agus bhí an tuagh tairringthe aige chun an ainmhidhe fíochmhar a mharbhú nuair a labhair an Damh.
"Fóill ar do láimh a mhic na baintrighe, agus fóir ar mo mháthair, mar is fé dhraoidheacht atáim. Mairbh an fiadh úd thall, agus leig ort gur b'é mo chroidhe-se croidhe an fhiaidh."
Dhein sé amhlaidh, agus thug sé leis croidhe a's aé an fhiaidh chun a mháthar. Leig sí uirthe a bheith ana bhuidheach do.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 19:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an chreasa draoidheachta tríd síos.
Ní scarfhadh Seáinín leis an gcrios. Sa deire chuimhnig sí ar sheift. Dubhairt sí leis an bhfathach go gcuirfeadh sí ag lorg na trí bradáin a bhí ar Loch Dearg é. Loch mhillteach í seo ná maireadh aoinne a théigheadh na goire. D'iarr sí ar Sheáinín dul ar lorg na mbradán di, mar go raibh ana dhúil aici ionnta.
D'imthig Seáinín leis agus bhain amach an loch. Bhí súghadh millteach ins an loch, a bhí 'á suathadh anonn is anall, 'á chaitheamh ar chúl agus 'á leagadh. Féachaint d'á dtug sí suas go ciúmhais an locha chonnaic sé Caisleán breágh nár thug sé fé ndeara cheana. Bhí bean óg áluinn anáirde ar an ngrianán agus í ag briseadh a chroidhe ag gairí faoi. B'iongantach leis cad é'n chúis gáirí a bhí aici. Suas leis chúiche.
"Is tú an fear is feárr a chonnac fós," ars í. "Tá ana sheasamh déanta agat. Níor fhéad aoinne fós na bradáin sin a mharbhú. Mise inghean Maor an Éisc. Cuir an brúscar aráin sin ar an ndubhán san agat agus téighir síos airís, agus tair aníos chúghamsa airís."
Dhein sé amhlaidh. Thug sé na bradain leis aníos chúiche.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 19:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dubhairt sé leó go raibh cúirt bhreágh aige féin agus dul in aoinfheacht leis. Dubhairt sé go bpósfhadh sé an bhainntreabhach a's go mairfidís go léir go sásta.
Bhí an bhean sásta a's níor chás di é. Bhí cúirt mhór ag an bhfathach agus oll-mhaitheas an tsaoghail bailighthe isteach ann. Dubhairt an mac go mbeadh sé féin ag fiadhach dóibh. Bhí ag eirghe leis go hiongantach ins an bhfiadhach agus bhí eagla ag teacht ar an bhfathach roimis bhí sé chómh láidir cumasach san.
Sa tsiubhal do Sheáinín (mac na baintrighe) tháinig sé go dtí an bpluais in a raibh oll-mhaitheas seóda agus rudaí luachmhara ag baint leis an bhfathach. Chonnaic sé crios mór órnáideach a's bhuail sé treasna aniar air a chom í, feachaint an oirfhead sí do. Mhothuig sé ana neart ag teacht ann féin an fhaid a bhí an chrios air. Bhrath an fathach an neart ag imtheacht as féin, agus bhí fhios go maith aige go raibh a chrios ar Sheáinín. D'fág Seáinín an chrios air agus ní raibh aon neart ins an bhfathach agus níorbh fheidir leis aon lámh laidir d'imirt ar Sheáinín.
"Caithfheam rud éicin a dheanamh leis an ngaige sin," ars é le na bhean, "Coileán criochnuighthe iseadh é", agus d'eachtraig di an scéal i dtaobh
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 14:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mhícheál Ó Guithín, An Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Is fada an lá ó chuala sé á aithris é agus sean bhean a bhí in aois a cheithre fichid. Ní mhaireann an tseana bhean san. Cailleadh í timcheall fiche blian ó shin.
Bhí bainntreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Garsún breágh ab' eadh é agus bhí borradh laé is oidhche le thabhairt fé ndeara ann fé mar d'fás sé suas. Ag aoidhreacht ghabhar a chaitheadh sé an lá a's é óg.
B'ait leis an saoghal leadránach a bhí 'á chaitheamh aige. Dubhairt sé le na mháthair go raghadh sé amach ag soláthar a fhortúin do féin. Dubhairt sí go n-imtheóchadh sí féin in aoinfheacht leis agus ná leigfheadh sí as radharc a súl do ló ná oidhche é. D'imthigheadar. Bhí oidhche annso a's eadtrath annsúd acu.
Chuadar isteach i gcoill mhór dhiamhair. Dhall na crainn amach iad agus ní fheadradar ca raibh soir ná siar. Chualadar fothrom mór agus iad i bhfad isteach sa choill. Tháinig fathach mór groidhe fá na ndéin agus chuma ana shásta air.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 14:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mhícheál Ó Guithín, An Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Is fada an lá ó chuala sé á aithris é agus sean bhean a bhí in aois a cheithre fichid. Ní mhaireann an tseana bhean san. Cailleadh í timcheall fiche blian ó shin.
Bhí bainntreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Garsún breágh ab' eadh é agus bhí borradh laé is oidhche le thabhairt fé ndeara ann fé mar d'fás sé suas. Ag aoidhreacht ghabhar a chaitheadh sé an lá a's é óg.
B'ait leis an saoghal leadránach a bhí 'á chaitheamh aige. Dubhairt sé le na mháthair go raghadh sé amach ag soláthar a fhortúin do féin. Dubhairt sí go n-imtheóchadh sí féin in aoinfheacht leis agus ná leigfheadh sí as radharc a súl do ló ná oidhche é. D'imthigheadar. Bhí oidhche annso a's eadtrath annsúd acu.
Chuadar isteach i gcoill mhór dhiamhair. Dhall na crainn amach iad agus ní fheadradar ca raibh soir ná siar. Chualadar fothrom mór agus iad i bhfad isteach sa choill. Tháinig fathach mór groidhe fá na ndéin agus chuma ana shásta air.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 14:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
6. Inghean an rí is í go teann, cúl a coise trí na ceann, fáinne óir ar bhárr a baise, is stúmpa caillig tá sí ann.
Freagra:— Tuagh.
7. Chuadhas go Lonndain is chonnac iongantas, trí corcáin ag fiuchadh is gan aon spré fútha.
Freagra:— Trí corcáin aoil a's uisce ortha
nó Trí tobair fíor-uisce ag brúchtadh aníos.
8. Bíonn sé shoir, is bíonn sé shiar is bíonn sé ina póca ag an mbean liath.
Freagra:— Snaois.
9. Léine a deineadh ní do shíoda, do mhac rí a rugadh le buadh; bhí scáth na gréine trí na taobh, is í gan nighe, gan fighe, gan filleadh, gan fuagadh.
Freagra:— An fhallaing a bhí ar ár Slánuightheóir.
10. Cím chúgham aniar fear na gcosa caola, fear na srian, fear na sruthán, fear na gcnamha cruadha, is mo dhá thruagh mo laoigh gan rith.
Freagra:— Sionnach a chonnaic bó ar thóir a laoigh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 14:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Chuaidh beirt mhac Shéamuis an Daill ag baint chraoibhe maidean bhreágh aoibhinn cheóidh. An méid a bhaineadar d'fágadar na ndiaidh is an méid nár bhaineadar tugadar leó.
Freagra:— Dhá phréachán a bhí ag stathadh a gcuid cleití.
2.Thuit úbhall le faill, connaic beirt é, d'ith dháréag é, shlog aoinne amháin é.
Freagra:— Duine ag itheadh ubhall.
[an dá shúil = an bheirt a connaic é; an fhaill = an scórnach; an daréag = fiacla.]
3. Tá tig annso thiar is geibheann na céadhta slighe ann, is ní bhfaighinnse ná mo chuid éadaig slighe ann.
Freagra:— S. Nead siongán.
4.
Cad é an fás bliana is sia le fághail?
Freagra:— Olann caorach, mar nuair a sníghtear na snáth í, ní bhíonn teóra le na faid.
5. Cím chúgham tríd an sáile peidhliceán na gréine fear an chóta deirg is snáithín dearg na léine.
Freagra:— Gliomach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 14:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siúd an tarbh fé dhéin a leas drifiúr agus d'árduig sé leis í anáirde ar a adharca. D'imthig sé leis tré choill is tré ghleann is tré chnoc fé mar imtheóchadh sidhe-gaoithe agus thug sé leis ó bhaoghal í isteach i dtig breágh. Ní raibh sa tig ach caitín beag dubh. Dubhairt an tarbh leis an gcaitín an tslaitín draoidheachta a thabhairt aníos ó'n seomra agus í a chrothadh ó's a chionn. D'imthig an caitín síos agus chroth sí an tslaitín ó's a chionn. Dhein fear breágh óg do ar an neóimid. D'innis sé a scéal do'n gcailín agus dubhairt sé gur cuireadh fé dhraoidheacht é féin fadó agus go bhfanfhadh an draoidheacht air go dtí go dtiocfhadh díleachtaí a bhainfheadh an draoidheacht do.
Pósadh é féin is an cailín agus mhaireadar go socair sásta gan spleadhchas d'aoinne as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 14:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin ghlaoidh an leas-mháthair chúiche an inghean ab' óige aici agus dúbhairt sí léi cearc a mharbhú agus an fhuil a chur i gcupán chúiche. Luig sí féin sa leabaidh; thug an cailín an fhuil chúiche. Dhoirt sí an fhuil 'na timcheall, d'ól sí bolgam di agus leig sí uirthi a bhí an-olc le breóidhteacht. Tháinig a fhear isteach chúiche agus chonnaic sé an droch chrut a bhí uirthi. Chaith sí amach bolgam de'n bhfuil ó's a chómhair amach agus dubhairt sí go raibh an-dhroch ghalar uirthi.
"Níl aon leigheas le deanamh domsa go bhfaighead scamhóga an tairbh le n itheadh," ar seisean le na fear.
D'imthig an fear agus ghlaoidh ar na cómharsain chun cabhruighthe leis i marbhú an tairbh. Thugadar 'on bhuaille leó é. Bhí gach aon léim aige agus gach aon bhúir agus ní raibh ceart ná smacht acu air. Bhí ana río-rádh sa bhuaille acu. Phioc an bheach an bhean breóidhte go gcas sí brat 'na timcheall agus siúd amach 'on doras í ag feachaint ar an obair. Nuair a chonnaic an tarbh í siúd isteach go dtí an ndoras é agus thug sé chúiche le na adharca agus mhairbh í idir dá línn an dorais. Bhí gach aon bhéic ag a triúr inghean agus iad ag bualad bas agus ag réabadh a gcuid gruaige.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 13:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Thángadar abhaile tráthnóna agus ní raibh faic le hinnsint do'n leas-mháthair ach gur sabhanna a itheadar ó mhaidean. Níor chreid an leas-mháthair iad agus cuir sí an dara inghean in aonfhacht léi an chéad lá eile. Thárla an rud ceadna díreach agus ní raibh aon fhios 'á fhághail ag an leas-mháthair.
Cuir sí an tríomhadh inghean in aonfhacht léi an lá 'na dhiaidh san. B'sin í an inghean go raibh na trí cinn do shúile aici. Bhíodar ag aoidhreacht leó. Chuadar ag itheadh na sabhanna agus thuit an cailín óg d'á codhladh. Ach má thuit níor thuit aon néal codhladhta ar an súil a bhí i gcúl a cínn. Chuaidh an díleachtaí fé dhein an tairbh agus fuair sí a cuid bídh agus tháinig sí thar n-ais. Dhuisig an cailín eile agus níor leig sí faic uirthi. Tháinig sí abhaile agus d'eachtruig sí gach rud do'n leasmháthair. Bhí sí ar buille ar fad agus ní fheadair sí connus a chuirfheadh deire leis an dtairbhín dearg.
Dubhairt sí le na fear lá an tarbh a mharbhúghadh ach bhí ana leisce air. Chuaidh an cailín go dtí an dtarbh agus í go cráidhte agus dubhairt sí go rabhtas chun é a mharbhú.
"Ná bíodh aon eagla ort im' thaobhsa," ars é léi.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 13:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
nuair a bheadh a dhóithín ithte aici.
Dheineadh sí amhlaidh gach lá agus thagadh an biadh breágh chúiche. Nuair a bhíodh a dóithin ithte aici do chuireadh sí an adharc thar n-ais ar an dtairbhín airís. B'ait leis an leas-mháthair connus a bhí sí chómh sláinteamhail chómh sásta, agus an t-easba bídh a bhí uirthi.
D'fiafruig sí do'n leas-inghean lá cad a bhí d'á itheadh aici, agus dubhairt sí gur sabhanna glasa. Níor chreid sí í, mar bhí fhios aici ná féadfhadh sí a bheith chómh maith ar shabhanna.
Aon lá amháin chuir sí an leas-inghean amach agus a h-inghean féin in aonfhacht léi ag aoidhreacht an stuic. Dúbhairt sí léi an leas inghean í a fhaire go maith feachaint an raibh aon nidh le n-itheadh aici. D'imthigheadar leó agus bhíodar ag aoidhreacht leó. Siar sa lá dubhairt an leas-drifiúr leis an gcailín eile an raghadh sí ag itheadh na sabhanna in aonfhacht léi. Dúbhairt sí go raghadh. D'imthigheadar síos go dtí cúinne an ghoirt agus bhíodar 'á nitheadh. Thuit an cailín óg d'á codhla agus chuaidh an cailín eile ag triall ar an dtarbh agus fuair sí a chuid bídh go slachtmhar.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 09:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a chuaidh an mháthair ag cóiriú na leabthan cad a bheadh fé philiúr an gharsúin ach sparáinín óir. Ní dubhairt sí faic le h-aoinne ach le na fear. Bhí an scéal ceadhna ag tuiteam amach gach maidean go dtí go rabhadar leath shaidhbhir go maith. Ní fheacadar aon lá chómh holc leis an lá go rug an mac ar an éan ach go h-áirithe.
I gceann tamaill tháinig an gairmscoile amach ar an ndomhan go léir go raibh dligheadóir agus iústaís ag teastáil i gcóir cúirte. Ní raibh fhios cé bheadh le toghadh mar bhí mórán Éireann ag cur isteach ar an dá phost. Is amhlaidh a bhailig na daoine go léir isteach i bpáirc. Bhí an saoghal go léir is a mháthair sa pháirc. Tháinig an beirt gharsún so an scéil agus bhíodar ion-áirithe do'n bpost chómh maith le cách. Ní fhéadfadh na breitheamhain na fir a thoghadh agus sé seift a ceapadh ná dhá fhaoileán a chaitheamh anáirde sa spéir, feachaint cé air go dtuitfidís anuas. Fé mar a bheadh an nimh ar an aithne cé air a phreabfaidís anuas ná ar an mbeirt dritheár so.
Tógadh iad sa chúirt agus bhí a slighe bheatha bhreágh bainte amach acu gan spléadhchas d'aoinne. Mhaireadar go lán láidir as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 09:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chúghainn agus teastuíonn uaidh an t-éan a bheith le róstadh aige i gcómhair na baineise," ars an garsún.
"O árduig leat síos chuige é p'é cuma a scarfhaimíd leis," ars an t-athair.
Dhein an garsún amhlaidh agus thug an Prionnsa deich púint do ar an éan.
Nuair a tháinig lá an pósta d'imthig an garsún leis síos go dtí tig an bphrionnsa agus bhí sé ag gabháil timcheall an tighe agus isteach is amach 'on chistin. Chonnaic sé éan ar an mbior ag an gcócaire agus í ag tabhairt árd aire do. Théigheadh sí timcheall na cistean ach d'fhilleadh sí airís go tapaidh ar an mbior agus í ag piocadh teine fé agus ag tabhairt an-aire dho.
Chuaidh sí go dtí'n bhfuinneóig uair agus rith an garsún go dtí'n mbior agus sciob leis croidhe an éin agus d'ith sé go tapaidh é. Tháinig an cócaire go dtí'n mbior agus bhrath sí an croidhe imthighthe ach ní dubhairt sí faic.
Chuaidh an garsún abhaile tráthnóna fé mar ba ghnáthach leis. Ní raibh fhios aige go raibh aon rud suaithinseach ithte aige. Cad a bhí scríbhthe ar chroidhe an éin sin ach aoinne a íosfhadh é go mbeadh an t-airgead fé na cheann gach aon mhaidean a eireóchadh sé. Bhí an fhios san ag an bprionnsa.
D'eirig an bheirt gharsún ar mhaidin agus nuair
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 09:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cailín aimsire an doras do. Thug sí an t-ubh anáirde 'on ghrianán go dtí an bprionns[a] agus tháinig sí anuas agus bille deich scillinge aici go dtí an ngarsún.
D'imthig an garsún abhaile agus áthas ó talamh air, agus thug an t-airgead d'á athair. Maidean amáireach bhí ubh eile beirthe ag an éan agus thug an garsún go síos go dtí an bprionnsa é agus fuair sé púnt an babhta so. Fuair sé púnt gach maidean as san amach agus bhí an-áthas ar an ngarsún agus ar a mhuinntir go léir. Bhíodar bog-shaidhbhi[r] ag an éan agus ag na h-uibhe. Bhí sástacht agus aoibhneas sa tig agus bhí ní raibh ceal bídh ná airgead ortha.
Maidean amháin tháinig an phrionnsa féin anuas go dtí an ngarsún agus d'iarr sé air an t-éan a dhíol leis. Dubhairt sé go dtabharfhadh sé deich púint do air.
Bhí croidhe an gharsúna ag briseadh le buairt agus le h uaigneas indiaidh an éin. "Ó a chroidhe ní'l aon ghnó againn an prionnsa a eiteach," ar an t-athair. "Muna mbeadh an Prionnsa ceadhna ní bheadh pighinn ruadh againn le leath-bhliain; is dócha go bhfuil cúram éicin aige dhó."
"Inghean leis atá le pósadh an t seachtmhain seo
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 09:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar ana bhocht ar fad. Bhí beirt mhac acu, leanbhaí ana dheas ar fad ana bhéasach. Bhíodar ina suidhe cois teine agus gan aon teasbach ortha. Bhí an lánamha ag cáiseamh na leanbh mar ní raibh an chéad béile eile le nitheadh acu ná aon nidh chun é a cheannach. Bhí an sneachtadh tuitighthe go trom agus siúd leis an ngarsún críonna ag rith indiaidh éan fé mar ba ghnáth le garsúin d'á aos.
Rith sé indiaidh éin bhig. Theanntuig sé é isteach i bpoll agus rug sé air. Thug sé leis abhaile é agus bhí ana mhórtas air. Dhein sé cás do agus bhí ana mhórtas air.
An mhaidean 'na dhiaidh bhí ubh sa chás. Ubh ana shuaithinseach ab' eadh é agus dath ana dheas air. "Ní fheadar cad a dhéanfaimíd leis an ubh," ars an t-athair. "Tabhair leat síos go dtí an bprionnsa atá thíos sa chúirt í agus b'fhéidir go dtabharfhadh sé rud éicin duit."
D'imthig an garsún leis síos agus an t-ubh aige. Bhuail sé ag an ndoras agus d'oscail an
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 08:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Níor mhaith liom bean go mbeadh leatsa is liomsa aici de ghnáth
Ach mo chéad ghrádh an bhean d'fanfhadh ar aon fear amháin.
V
Má bhíonn tú liom bí liom ós cómhair an tsaoghail
Má bhíonn tú liom bí láimh liom lá agus oidhch'
Má bhíonn tú liom bí liom gach órlach dod' chroidhe
Is sé mo mhíle creach nách liom Dé Domhnaig í mar mhnaoi.
VI
D'aithnigheas féin ag baint na luachrach aréir
Gur thug bean searc a's gean rómhór dom scéimh,
Do chuireas 'mo thoil le na toil is ghluaiseamair araon
Is is minic a bhain bhean slat a bhuailfheadh í fhéin.
VII
Do rómharfhainn, bhainfhinn, chuirfhinn síol duit 'on chré,
Do sheólfhainn na buaibh fé'n ngort is aoirde d'á ngeóbhainn féar,
Chuirfhinn crú fé'n each is mire d'ar shiúbhlaig riamh ar fhéar,
Is go n-éalóchadh bean leó fear ná déanfhadh san féin.
ball sinsearach (stair)
2015-11-16 08:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I
D'ólas deoch i dtig Ó Dómhnaill aréir,
'San sara deoch i dtig beag eile le na thaobh
An tríomhadh deoch níl aga 'gam áireamh ar mo scéal
Ach go n-ólfhainn deoch gan tart ó rún searc mo chléibh.
II
A's a Dhia na bhFeart cad a chas sa dúthaig seo mé,
'S gur mó cailín deas gan fear im' dhúthaighín féin
Do seóladh me isteach i dteach go raibh rún searc mo chléibh
A's chuir an thseana bhean amach me ag casadh an tsúgáinín féir.
III
Is siúd í síos an rígh-bhean áluinn deas óg,
Go bhfuil gruaig a cínn léi síos go sálaibh a bróg,
Tá a com caol cailce is blas an t-siúicre ar a póig
A's a Dhia na bhFeart nach deas mar a shiúbhalann sí an ród.
IV
Is maith liom bean d'fanfhadh bliain le na grádh
Is maith liom bean d'fanfhadh bliain agus lá,
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 22:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Sé dubhairt an dall a bhí sa chúinne gur thuit crúdh ó'n lair bháin."
Tháinig an-stop i mac an Rí mar thuig sé go raibh lucht éigin ar an gcailín. Ach dhírig an mháthair air agus dubhairt sí gan aon áird a thabhairt ar an amadán daill sin.
Bhíodar ag imtheacht 'on tséipéal chun an phósta an lá 'na dhiaidh san, agus nuair a bhíodar ag gabháil thar uaigh na ndritheár labhair an guth sa chrann agus dubhairt, "Ochón Ó, Ochón O," ars an guth, "inghean mo leas-mháthar ag imtheacht 'á pósadh."
Stad mac an Rí suas, agus dubhairt go raibh éigin mí-cheart sa scéal.
"Bagair leat, agus na bac le rudaí gan deallramh mar sin," ars an leas-mháthair.
"O ní dheanfhad," arsa mac a rí, ag filleadh go dtí'n dtig. Chonnaic sé an Ghrian istig agus b'sin é an uair a aithnig sé an botún a dhein sé. D'árduig sé leis an Ghrian agus pós sé í agus bhí saoghal sásta acu gan smacht ó leas-mháthair ná eagla bochtannais as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 22:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rith sí na dhiaidh agus dhein sí an dálta céadhna leis.
Tháinig an drifiúr an lá na dhiaidh san ach tor ná freagra ní bhfuair sí. Bhí fhios aici go raibh ciotrann éicin tuitighthe amach. Chuaidh sí isteach agus sceón innte. Rith sí abhaile agus d'eachtruig sí an scéal d'á h-athair.
"Níl leigheas ar an gcathú," ar seisean, "ach é a mharbhú le foighne."
Thóg sé leis na cuirp agus chuir sé iad ins an ngáirdín tamall ó'n dtig. D'fás crann mór anáirde ar bhárr gach uaighe acu agus bhí barróg 'á mbreith ag na crainn ar a chéile anáirde ar barra agus ba chúis iongna do'n dúthaig go léir é.
Bhí mac Rí tamall maith ó'n áit agus bhí éileamh aige ar an nGréin. Chuir sé scéala chúiche go dtiocfhadh sé chun an tíghe chun an chleamhnais a dheanamh. Cad a dhein an leas-mháthair ach éadach na Gréine a chur ar an nGaoith agus í a chur suas sa phárlús fá dhéin an fhir óig. Socruigheadh an cleamhnas agus ollmhuigheadh cóisire mór agus tugadh cuire dos na cómharsain chun teacht.
Bhí na cómharsain bailighthe i seómra amháin inaice le seómra na baineise. Bhí dall ina measc. Nuair a ghaibh mac an Rí anuas ó'n seómra labhair an dall agus dubhairt —
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 22:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar an méid sin a thárla do'n nGaoith.
Lean an scéal ar feadh tamaill go ciúin macánta. Théigheadh an Ghrian go dtí tig na mbuachaillí agus glaodhadh sí amach:—
"A Art agus a Amhlaoibh, is a Thoirdhealaig big an grinn, oscail an scoilbhín is leigidh isteach an t-aon drifiúirín."
Lá amháin chuir an leas mháthair an Ghaoth in aonfhacht leis an nGréin nuair a bhí sí ag dul go dtís na dritheáracha agus chuala sí an glaodh a dhein sí ortha agus an méid adubhairt sí leó agus thug sí léi abhaile an port san chun a máthar.
Annsan chuaidh an leas mháthair go dtí tig na mbuachaillí agus ghlaoidh sí amach cainnt an drifear agus d'oscladar an doras di mar cheapadar gur b'í a ndrifiúr a bhí ann.
"Mo chroidhe sibh," ar sí leó, "is fada ó chíor aoinne bhúr gceann." Tháinig Art i leith chúiche agus thosnuig sí ag cíoradh a chínn. Chuir sí biorán nimhneach isteach 'na scórnaig agus bhuail sí thairtse go ciúin suas sa chúinne é.
"Nach tapaidh a thuit a chodhla air," ars í. "Buail i leith a Amhlaoibh a chroidhe."
Dhein an garsún amhlaidh agus d'imthig an íde cheadhna air. Ní thiocfhadh an tríomhadh mac in aonchor ina goire.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mháire Ní Cheárna, an Bloscaod Mór, a chuala an scéal seo. Chuala sí é féin is na scealta eile ó na máthair.
Bhí fear fadó ann, fear maith láidir sa t saoghal ab' eadh é. Phós sé agus bhí inghean aige d'ár b'ainm an Ghrian. Bí triúr mac aige, Art agus Amhlaoibh agus Toirdhéalach. Cailleadh an mháthair t'réis tamaill agus i gceann bliana phós sé bean eile.
Bhí inghean aige leis an dara bean agus baisteadh an Ghaoth uirthi sin. Bhí an bheirt cailíní, an Ghaoth agus an Ghrian ag eirghe suas i dteannta a chéile agus iad an-cheanamhail air a chéile. Bhí an leas-mháthair an-mhí[n]eáireach agus an-chruaidh ar na garsúin.
Dúbhairt an t-athair go mb' fearra dó tig a thógaint taobh amuigh doibh féin iad a chur fé glas ann, agus go dtabharfhadh a ndrifiúirín biadh dhóibh nuair a bheadh sé ollamh sa tig. Leigeadh an leasmháthair an bheirt gearchailí i dteannta chéile i gcómhnuidhe. Bhídís ag athrú éadaig agus iad ana cheanamhail ar a chéile. Saoghaluigheadh leanbh do'n nGaoith agus níor leig an Ghrian faic uirthi agus níor labhair sí riamh
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is mise ag iarraidh cabhair an Rí Ghlórmhar mé a stiúradh ins gach bóthar cóir.
IV
Do chuadhas-sa a chodhladh an oidhche úd is d'eirigheas le poinnte an laé,
Bí bhrón ar m'aigne a dhaoine a chuirfheadh na mílte 'on chré,
Bhí an oidhche ag cur sheaca is gaoithe is mo cosa a bhí tnáithte ó'n siubhal,
Is a Mhuire mór sílim-se deóra nuair a shmaoinighim ar Éirinn fhionn.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
'Sí an chúis fé ndeara dom féinig bheith ag fágaint na hÉireann riamh,
Mo dhritheáirín a d'imthig go Wales uaim ag caitheamh a shéamhadh bliain
Do scríobhas litir fé shéal fios freagra nó scéala uaidh,
Is do scríbh sé chúghamsa go heasca a bheith chuige féin go luath.
II
Do chuadhas go Corcaig do'n stair sin is do ránguigheas le luing ar neóin,
Mar a raibh againn cóir Earraig is gaoithe go ndeachamair go poinnte an chuain,
Bhí tonntracha ag imtheacht d'á ndruim síos is do chnagadh a crainn le cóir
Agus mise ag cur slán chun mo thíre ná cídhfhead airís go deó.
III
San Bhrannaisc a cuireadh i dtír sinn mar fearaibh a bhí ann is mná,
Is gach aoinne ag cur tuairisc a ndaoine fé mar ghaibhidís tríd an sráid,
Nuair a scaipeamair féin ó na chéile fé mar scaipfeadh scata éan ar pháirc,
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
III
Is bean dúbhach ar an bhfán tu do rángaig im linn
Suidh annso láimh liom is tabhairt do shlán leis gach buidhean
An tú Maighdean na mánla na dtáithíní buidhe
Nú ar stuairín mhilis mánla sciob Paris ó'n Rí.
IV
Ní h aoinneach do'n méid sin mise féin dár dúbhraís
Ach cailín ciúin Gaedhealach ó'n dtaobh eile thír,
Níor shíneas mo thaobh dheas le haon fhear sa ríoghacht
Ach tóg dom do ghéaga táim deannach ó'm buidheann.
V
Is nuair a thógas mo ghéaga d'á caol/maol camáin síos
Ba ghile ar a taobh í ná an sneachtadh ar an gcraoibh
Ní h iad sluaighte Chnuic Bhreannain do rángaig id líon
Is uaimse do léim sí go dtí réidh Chnoc Mhná Duibhe.
VI
Is ba gile í ná'n sneachta is ná'n t-airgead bán
Ba ghile í ná an fhaoilean ar an linn loch ar snámh;
Ba bhreágh deas iad a cuacha na ndualaibh léi síos
Ar gach taobh d'á guailne ag luasgadh le gaoith.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo é an t-amhrán fé mar atá sé i gCorca Dhuibhne, ach tá leaganacha eile air chómh maith seachas an ceann ata sa leabhair.
I
Is fada dom ar buaidhreamh ag cur tuairisc mo ghrádh,
Trí gleannta dúbhach uaigneach im' ruagairt chun fáin;
A samhail siúd ní bhfuaireas cé gur chuarduigheas a lán,
Go geataí na tuatha go bruach geal na trágha.
II
Casadh mo ghrádh orm is ba náireach liom gan suidhe
Do leagas mo lámh ar a brághaid is ar a croidhe
Sé dúbhairt sí anois fág me is ní hádhbhar duit me
Mar is bean dúbhach ar fán me a thárluig id' linn.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'á gcasfaí do'm spéir bhean is go mbainfinn di póg,
Cad é sin do'n té sin ná baineann san leó.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Má fhanann sí liomsa go slánóchad an bhliain,
Is buachaill deas óg me bheidh fós ann mar cliamhain.
V
Is raghaidh me ar an aonach is díolfhaidh me bó,
Raghad ar an tarna haonach is díolfhad dhá bhó,
Raghad ar an tríomhadh haonach is díolfhad mo stór
Annsan raghaidh me ar an luing is ní casfad go deó.
VII
Is aoibhinn dos na h-éanaibh a bhíonn ag léimrig go hárd,
Is a thagann chun a chéile ar aon chraoibhín amháin
Ní mar sin dom fhéinig is dom chéad míle grádh
Tá chómh fada ó na chéile is tá an réiltín ó'n Spáinn.
VII
Nach aoibhinn is nach aerach do'n té a bhíonn ag ól
Ní bhíonn peaca san tsaoghal air ná aon nidhe dá shórt;
Bíonn a chapaill aige go gléasta ar thaobh cnuic lá ceóig,
Is a chéad shearc ag baile is í ag feachaint na dheóidh.
VIII
Raghad go Cill Chraobhaig ag baint sméara lá ceóidh
Ag baint úbh'la do bharra géagaibh is ag aoidhreacht sean-bhó
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní fios cé chúm é seo, ach is fada i gCorca Dhuibhne é ag na sean-daoine.
I
Is máirnéalach luinge me, do shiúbhlaig a lán,
Is deir siad gur gaige me a mheallann na mná,
Níor stracas riamh a clóca ná ní leónas a lámh
Is níor luigheas riamh ar leabaidh ach an t-aon oidhche amháin.
II
Cos ar do chois is fan faram go lá,
Tá an lón annso im aice is bean an tighe im láimh
Tá an choróinn gheal im' phóicín go dtí aon fheóirling amháin
Is tá an jug ar an mbórd is ba chóir í a bheith lán.
III
Is a mháirnealach luinge ní feicfhir si Dia,
Mar do dheinis me a mhealladh nuair a bhíos-sa gan chiall.
Go siubhalóchainn-se an talamh le gradam id' dhiaidh
Is téighir si san doras mar a bhfuileann tú riamh.
IV
Tá oileáinín beag ar m'eólus go bhfuil fir óga ann ar triall;
Is tá bhrainnse de chailín óg ann, tá gan posadh fós riamh
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dom an bhfuil buaidhreamh ro mór
ar mhac a rí óig," ars an bhean óg.
"Ní shileann a méiríním mille,
Ní sheimeann a cruit ceól
Agus go deimhin tá buaidhreamh ró mhór ar mac an rí óig," arsa Micí.
D'eachtraig sí a scéal tríd síos do'n aodhaire agus d'eachtruig seisean an scéal do mhac an rí.
"Sin í mo chomrádaidhe-se anois agus mo chlann mac," arsa mac an rí. "Raghad go dtí tig na muc 'chaon oidhche feachaint an dtiocfhaidís ann."
Bhuail an bhean agus a triúr mac amach i dtosach oidhche bhreágh gealaighe. Chuadar inaice dorus na cúirte. Bhuail an mac óg buille ar an liathróid a bhí aige, agus cá raghadh an liathróid ach isteach fé cathaoir a athar.
"O hanam 'on diucs," ar sé, "tá mo liathróid imthighthe isteach fé chathaoir mo Dhaid."
Chualaidh an t-athair é. Léim sé d'á chathaoir agus greamuig an ceathrar idir dhá linn an doruis.
D'eachtruig a bhean an scéal do agus is air a bhí an t eirghe anáirde agus an lúthgháir. D'orduig sé an drifiúr críonna a dhóghadh i mbeiste de tharra, agus mhair sé féin is a bhean is a clann go sona sásta as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 21:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé tuairisc a mhná ar a drifiúr críonna.
"O is cuma dhuit connus atá sí sin, níl leanbh ná eile saoghaluighthe di," ars í, "gan í a mhór leigint duit."
"O tá an scéal go maith má tá sí féin go mait," ar sé.
Thárla an rud ceadhna ar feadh trí bhabhtaí. Rugadh triúr mac do'n mnaoi óig agus thug an drifiúr an íde cheadhna uirthi. Chaith sí síos an bhean óg féin ar tríomhadh babhta. Ach bhí a máthair thíos agus thug sí aire di féin agus do'n triúr leanbh. Luig sí féin ina leabaidh.
Bhí sé de bhuadh ag an mnaoi óig go síleadh a méireanna mil chúmhra. Anois ní raibh an scéal amhlaidh a thuille.
Bhí an triúr leanbh ag eirghe suas i dteannta a máthar a's a sean-mháthar fé'n ndroichead. Lá amháin bhuaileadar féin is a máthair síos chun na trágha. Bhí camán óir agus liathróid airgid ag gach leanbh acu, agus iad go súgach aerach.
Cé bheadh thíos i bpáirc rópma ach Mici na Muc, aodhaire an rí. Chuaidh a bhean óg chun cainnte leis agus d'fiafruig sí do an raibh aon bhuaidhreamh ar an rí óg.
"O tá mhuis agus a dhá dhóithin," ars é.
"An silleann a méiríní mille
Nó an seimeann a cruit ceól, nó innis
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 20:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an rí agus d'árduig an soitheach. Thóg sé amach an cailín. Thug sé an bhróg di agus bhí sí díreach oireamhnach di.
"Fan annsan go fóil," ar sí le mac an rí. Siúd amach go dtí'n ngollán í; bhuail í le na slat dhraoidheachta agus tháinig a culaith bhreágh eadaig agus an capall chúiche. Ghléasáil sí suas í féin agus siúd isteach 'on tig í agus an dá bhróig gloine uirthi. Ba d'óbair go gcaillfí a driféaracha le fearg agus le formad.
"Ní fheadfhaidh aoinne a rádh anois ná gur tú mo chailín," arsa mac an Rí agus d'árduig sé leis í. Pósadh iad, agus bhíodar ag maireachtaint go sásta.
Fé cheann bliana rugadh mac dóibh. Bhí mac an rí amuigh ag fiadhach le linn na h-aimsire. Tháinig a drifiúr críonna ar cuaird chúiche nuair a chuala sí í a bheith breóidhte. Nuair a saoghaluigheadh án mac níor dhein an drifiúr críonna ach breith air agus é a chaitheamh síos le drochad mór a bhí cómhgarach do'n áit. Cé a bheadh thíos ach a máthair agus ghabháil sí an babán ina haprún. Chothuig sí an leanbh le draoidheacht thíos fe'n ndroichead.
Tháinig mac an rí abhaile agus chuir
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 19:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bpobal cér'bh í agus cad as gur tháinig sí. Bhí cleití agus ornáidí breághtha uirthi agus cad é galántacht. D'umhluig an capall do'n sagart, agus bhí iongantas ins gach siúl. Nuair a bhí an stair deireannach do'n Aifreann léighte phreab an capall d'á ghlúinibh agus b'siúd an dorus amach iad. Phreab mac an rí na diaidh agus sciop sé an bhróig ghloine d'á chois, agus choinnibh sé an bhróg.
Tháinig sí abhaile ar leathbhróg agus chuir an capall agus an chulaith isteach 'on ghallán. Tháinig a bheirt abhaile agus ba sheacht measa an chainnt a bhí acu i dtaobh na mná uaisle. Dúbhradar go raibh gairmscoile le cur amach ná pósfhadh mac an rí aon bhean ach p'é bean a oireamhnóchadh an bhróg.
Chuaidh mac an rí agus a lucht leanamhna amach ar a gcapaill ar lorg na mná. Thángadar go dtí'n mbeirt. Thriaileadar an bhróg; baineadar na sála agus na hórdóga dóibh féin, ach níor bh'aon mhaitheas é. Bhí an cailín beag óg istig fé bhéal roithig mór an t-am ar fad, le heagla go bhfeicfheadh mac an rí í. Nuair a bhí sé an dorus amach chuala sé an scríobadh taobh istig.
"Cad é seo?" ar sé.
"Banbh atá fé'n soitheach," ars an ingean críonna. Scríob an cailín istig airís agus siúd soir mac
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 19:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siúd léi go dtí an séipéal ag breith ar an ngaoith a bhí roimpe agus gan aon dul ar an ngaoith a bhí na diaidh teacht suas léi. Isteach leis an gcapall agus d'úmhluig do'n altóir agus chuaidh sé ar a dhá ghlúin agus an cailín anáirde san éallait óir. Bhí gach súil sa tséipéal uirthe, agus chonnaic mac an rí go maith í.
Nuair a bhí an stair deireannach do'n Aifreann léighte ag an sagart d'eirig an capall agus d' úmhluigh sé agus b'siúd abhaile é ar luathas gaoithe. Chuir an cailín an capall agus an chulaith isteach sa ghollán agus shuidh sí cois na teine. Ní cheapfá go raibh sí riamh in aon áit ó'n maidean.
Bhí an-chibeal agus an-chur tré chéile ag an mbeirt nuair a thanghadar abhaile. D'fiafruig an cailín beag dóibh an raibh aon scéal nua o'n mbaile mór acu. D'freagaruigheadar go borb í, ná raibh aon bhaint aici sin le h aon rud a thárla agus gur chuma di cad a bhí ar siúbhal.
Bhí an dálta ceadhna ann an Domhnach 'na dhiaidh san. Fágadh an dá phunnan coirce aici le meilt chun aráin a dhéanamh.
Tháinig an mháthair agus chuaidh an cailín go dtí'n Aifreann, agus bhí árd iongna ar an
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 19:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
síos corcán mór uisce chun gach rud a glanadh agus a sciomradh sa tig. Thóg an mháthair an corcán agus bhí ag cromadh ó's a chionn chun a clúdach a bhaint do nuair a phreab an bheirt taobh thiar di, agus chaitheadar síos 'on chorcán í agus bhuaileadar an clúdach anuas uirthi. Bhíodh an iomarca smacht ag an máthair ortha a's b'sin é an gubh a bhí ortha chúiche.
Maidean Dé Domhnaig bhí an-ghíotam acu ag ollmhú chun Aifrinn. An inghean óg a bhí le beith istig mar ba ghnáthach. Cad iad na hórduighthe a bhí faighte aici i dtaobh deanamh aráin agus gnó an tighe!
D'imthig an bheirt agus cad é'n lán a bhí fútha. Thosnuig an cailín beag ar ghol le huaigneas nuair a bhrath sí an tig fúithe féin. Ní raibh aon choinne aici le faic nuair a bhuail bean chúiche aníos an tinnteán. Bhí slat dhraoidheachta na láimh aici agus thug sí 'na dorn do'n inghin í. Dubhairt sí léi imtheacht amach go dtí an ngollán mór a bhí sa bhuaille agus í a bhualadh leis an slat dhraoidheachta, agus go ndeanfhadh sí féin gnó an tighe dí go dtí go dtiocfhadh sí ón Aifreann.
Dhein sí amhlaidh. Tháinig culaith nuatála eadaig agus capall áluinn chúiche. Ghléasáil sí suas í féin agus phreab sí ar an gcapall.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 19:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mháire Ní Cheárna a fuaireas an scéal so leis. Chuala sí ó na máthair é tá timcheall trí fichid bliain ó shoin. I nDúnchaoin a chuala seisean an scéal.
Bhí baintreabhach bocht fadó ann agus bhí triúr inghean aici. Bhí an bheirt ba shine acu ana mhustrach a's an-réim chúcha, ach bhí an ceann óg ana lághach agus b'í peata a máthar í.
Bhí an inghean óg a's a mháthair ina suidhe cois teine lá, agus dubhairt an mháthair léi go mb' fearra dóibh dul suas ar an gcnoc ag bailiú olna. D'imthigheadar. D'fhan an bheirt eile istig ag deanamh aráin. Mheileadar punnan choirce ar an mbróinn agus dheineadar plúr dó, mar sin a dheinidís i gcómhnuidhe. Bhailig an bheirt ar an gcnoc lán aprúin do'n olainn. Thánghadar abhaile agus d' itheadar biadh agus thosnuig an mháthair ag cárdáil na holna.
Bhí mac rí i ngiorracht do'n dtig acu agus bhí an éirim ins an mbeirt chailíní chríonna agus seadh a bhíodar 'á fheachaint le chéile feachaint ce'cu go mbeadh mac an rí acu.
Bhí súil acu le mac an rí lá agus chuireadar
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 19:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cá bhfaghad sa féin father dom bábainín óg,
Sé Eamonn Mágaine nár las riamh le náire,
Mar an bhfaghad ar an sliabh fáin é, nó ar an gcnoc is mó ceó.
V
Mo chreach is mo díocair nar gabhas-sa fe'n sliabh leat
Mar a labhrann na h-éanaibh uair bheag roimh lá,
Go dtabharfhainn mo bhriathar go réidhteóchainn gach ciach duit,
Agus leatsa na dhiaidh sin ní scarfhainn go lá.
VI
Mo chreach is mo díocairt nach lag marbh a bhíos-sa
Nuair a casadh tú im' líontaibh a ógánaig óig,
Go mbeidh sé agat le hinnsint go mbeidh bean eile ag luighe leat,
A's mise ag siubhal tíorthaibh lem' bábáinín óg.
ball sinsearach (stair)
2015-11-15 19:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní fios cé chúm an t-amhrán seo ach is fada 'á chanadh ag na sean daoine ins an mBloscaod agus ins an mBailte tímcheall air.
I
Idir Chorcaig a's Dubhglas seadh do dhearcas an cúilfhionn,
Maidean chiúin drúchta is í im choinnibh sa ród,
Leagas-sa chúgham í ar lanntáinín dúbh-glas
Agus ailliliú dubhairt sí an ar buille taoi a stór.
II
Seacht seachtmhaine ó'n lá san seadh do casadh mo ghrádh liom,
Go ciúin banamhail náireach is í im choinnibh sa ród,
Do labhair sí go tláth liom, ar an gcómhrádh is mó a chráidh me
Is do dhein sí liom gáire is céad míle póg.
III
Sé fháth mo dhí-chéille fé ndeara dom féinig,
Tú a luadhchaint liom mar chéile a ógánaig óig
Mar ná raibh aon bhuachaill ciúin tréitheach i mbun gabhar ná i mbun chaorach
Ná go dtógfhadh me im léintín, lag singil mar táim.
IV
Mo chreach is mo chráidhteacht nuair a eireóchad sa amáirea[ch]
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dhúisig sé é. Dubhairt an ciomádaidhe leis nár ghádh dho teacht mar ná fágfhadh sé féin a chapall in aon droch áit.
D'imthig an fear ar an mbóthar abhaile agus ar an slighe chonnaic sé ceathrar ag iomchur cómharthan ar a nguailne. Leig sé tharais iad agus níor chuir sé isteach ná amach ortha.
Chuaidh sé abhaile agus chuir sé a chapall ar stábla. Do bhí trí cinn do bha istig in aonfhacht leis an gcapall. Ní fada a bhí sé na chodhladh nuair a chuala sé ceann dos na ba ag béicig. D'eirig sé agus do las sé blúire giúise ach ní fheaca sé faic. Chuaidh sé a chodhla agus chuala sé airís an glór.
D'eirig sé agus las sé solus agus seadh a bhí fear mór fada sínte treasna na teine. Thug sé fé ndeara go raibh órdóg mhór fada air. Do chuir sé an tlú 'on teine agus nuair a bhí sé dearg thóg sé amach é agus bhuail sé ar órdóig air é. Dhein an fear trí bhéic móra agus do bhuail sé an doras amach. Chuaidh an fear a chodhla agus ní fheaca sé faic as san amach ná níor chuala sé tásc ná tuairisc ar an mbean ná ar an bhfear mór as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuala é seo 'á eachtraí ag Gobnait Ní Ghuithín, ó'n mBloscaod Mór. Teasbáineann an scéal rud amháin athárla ins an bParróiste idir na daoine maithe agus lucht comhnuighthe na h áite.
Bhí fear fadó ina chómhnuidhe i mBaile'n Fhirtéaraig. Aon lá amháin do chuaidh sí 'on Daingean agus do thuit an lá chun báistighe agus chun tóirnighe. Do chaith sí fanacht sa Daingean go dtí go dtáinig sánas air. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile timcheall a haon déag a chlog do chonnaic sé bean sa Mhám. Tháinig an-uaigneas air agus bhain sé as a chosa é go dtí gur shrois sé sruthán agus lean an bhean é. D'imthig sé leis annsan agus níor tháinig sí treasna an t sruthán in aonchor.
Tháinig sé abhaile. D'innis a bhean do go raibh an capall i bpóna Baile Bhoithín.
"Ó mhuise ní fhanfhaidh mo chapaillín se fe'n mbáistig i bpóna Baile Bhoithín," ar seisean.
D'iarr an bhean air fanacht istig agus pé rud dhéanfhadh an capall gan bac leis.
D'imthig sé leis agus nuair a shrois sé an póna bhí an coimeádaidhe ina chodhladh
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuala é seo 'á eachtraí ag Gobnait Ní Ghuithín, ó'n mBloscaod Mór. Teasbáineann an scéal rud amháin athárla ins an bParróiste idir na daoine maithe agus lucht comhnuighthe na h áite.
Bhí fear fadó ina chómhnuidhe i mBaile'n Fhirtéaraig. Aon lá amháin do chuaidh sí 'on Daingean agus do thuit an lá chun báistighe agus chun tóirnighe. Do chaith sí fanacht sa Daingean go dtí go dtáinig sánas air. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile timcheall a haon déag a chlog do chonnaic sé bean sa Mhám. Tháinig an-uaigneas air agus bhain sé as a chosa é go dtí gur shrois sé sruthán agus lean an bhean é. D'imthig sé leis annsan agus níor tháinig sí treasna an t sruthán in aonchor.
Tháinig sé abhaile. D'innis a bhean do go raibh an capall i bpóna Baile Bhoithín.
"Ó mhuise ní fhanfhaidh mo chapaillín se fe'n mbáistig i bpóna Baile Bhoithín," ar seisean.
D'iarr an bhean air fanacht istig agus pé rud dhéanfhadh an capall gan bac leis.
D'imthig sé leis agus nuair a shrois sé an póna bhí an coimeádaidhe ina chodhladh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá mo charaid go léir in earraid liom, is mo ghrádh i bhfad uaim.
V
'Sé mo ghalar dúbhach gan mé féin is tú a dhian ghrádh mo cléibh,
I gCaiseal Mumhan is gan do leabaidh chúghainn ach an clár bog déil,
Go mbeadh na srutháinaibh ag gabháil tharainn fé dhuilleabhair na gcrann,
Go mbeadh an lóndubh in ár bhfocair is an chéirseach ann.
VI
Dé Domhnaig nuair a chím ag an dTeampull í
Folaig riabhacha is ribíní uaithne ar a ceann le gaoith
A gúinín fada scuabach na ngleanntán fraoigh,
'Sé mo bhuaidhreamh nach liom féin í tráthnóna mar mhnaoí.
VII
Tá píob ag mo mhúirnín is a brághaid mar aol,
Is a cúilín trom trioplach léi síos go féar,
'Sé mo chúmhadh nach san úir síos a síneadh me
Sar ar casadh mé sa chúige.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I
Searc mo chléibhe thugas féin duit, is grádh tré rún,
D'á dtiocfhadh sé do chor sa tsaoghal go mbeinn féin is tú
Ceangal cléibhe eadrainn féinig is an fáinne dlúth
Is d'á bhfeicfinn féineach mo ghrádh ag aon fhear
Do gheóbhainn bás leis an ngalar dubhach.
II
Má's ag imtheacht duit beir mo bheannacht leat is go téidhe tú slán,
Mar níor imthíghis nó gur mheallais an croidhe atá im' lár
Níl airgead agam a leanfhadh tú fiacha long ná bád
Tá an fharraige in a tuilltibh eadrainn is ní heól dom snamh.
III
D'á mbeinn im' bhádóir is deas do rámhfhainn is do raghainn anonn,
Is do scríobhfhainn chúghat líne le bárr mo phínn
Is mó bealach fuar fliuch agus bóithrín cam
Atá 'dir mise is an baile go bhfuil mo dhian ghrádh a[nn].
IV
A Mhuire dhílis cad a dhéanfhad má imthigheann tú uaim
Mar níl eólus chun do thighe agam ná chun do chian bhaile chuain;
Tá mo mháithrín fé leathtrom is mo athair san uaig,
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Guardal uasal óg
Gobadán an bhéil chróin
Crosán an bhéil óir
Forcha an chínn mhóir
Ba mhín liom féin a nglór
Mara mbeadh go dtugadar Tomás 'Ach Donnchadh leó
Siar amach fé'n gceó
I n-Iarthar Inis Bró.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Deirtear so lé linn díghe a caitheamh go mór mhór timcheall na Nodlag nuair a bhíonn braoinín a caitheamh ins gach tig, ach is annamh a chloisfeá é i dtig tábhairne.
Sláinte
"Sláinte an aon-mhic a leag A ghéaga
Ar crann na páise chun sinn do shaoradh
Sláinte na Mná úd a fuair mac gan céile
Agus sláinte Naoimh Pádraig do beannuig Éire."
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 23:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cuir sí an cheist air. Bhuail sé a cheann faoi agus níor labhair sé focal. D'aithnig a bhean air go maith go raibh rud éicin sa treise aige agus d'iarr sí air an scéal d'aithris di.
"Ghaibh an fear óg treasna an leasa lá an ráis agus fuadar maith fé agus an-eirghe anáirde faoi. Chuir sé canncar orm le na chuid mustair agus sháthas amach mo theanga faoi," ars an crapachán.
"O léan id'theanga mhillte, imthig anois agus leighis go tapaidh é," arsa bean an leasa.
D'imthig an crapachán amach tríd an lios agus thug a aghaidh ar thig na baintrighe. Chuaidh sé go dtí leabaidh an bhuachalla. D'feach sé ar a chos tinn agus chimil sé a theanga do'n gcois agus níor thúisce sin ná phreab an buachaill as a chorp amach as an leabaidh agus siúd leis chun a mháthar agus é chómh maith is a bhí sé riamh. D'imthig an crapachán abhaile é féin is a theanga millte.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhuail sí uirthe a bhrat agus d'imthig sé fé dhein an leasa. Siúd isteach tríd an lios í agus fuinneamh innti. Istig i lár an leasa a chonnaic sí an bhean agus í ag nigheachán.
"O nach fada go dtánaís chúgham," ar seisean. "Tá cruadhchás éicin anois ort is dócha."
"Tá," arsa bean tighe. "Tá mo mhac go fann lag sa leabhaidh is luibh ná liagh ní gheobhainn a leighisfhead é. Tá sé na mhairtíneach ó lá an ráis, a's ní fheadar cad a dheanfhad."
Ghlaoidh bean an leasa chúiche a mac ba shine. D'fiafruig sí dho ar léir do gur dhein sé aon díoghbháil do mhac na baintrighe.
"O mhuise níor dheineas-sa faic leis an mbuachaill cóir sin," ar seisean, "ná ní raibh aon chúis agam chuige acht oiread, mar níl óig fhear sa cheanntar chómh macánta leis."
Glaoidh bean an leasa ar a dara mac agus b'é an scéal ceadhna aige sin é. Mhol sé an mac ó thalamh.
"B'fhéidir gur b'é an sean-crannlaoch d'athair atá agat a dhein rud éicin leis," ar seisean.
Chuaidh an buachaill ag glaodhach ar a athair — seanduine grandha cromtha agus cuma ghrándha mí-cheadfach air.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus chuaidh mac na baintríghe ag feachaint ortha. Buachaill breágh faghartha ab' eadh é, agus b'siúd leis ag tógaint gach cómhgair treasna na gcladhthach agus tré sna páirceanna. Ghaibh sé tríd an lios ar an dturas do, agus níor mhór an nath a chuir sé innte mar bhí sé misneamhail neamh-eaglach.
T'réis teacht abhaile ó's na ráiseanna do'n mbuachaill bhuail pian trom 'na chois é agus ní raibh lúth ná tapa in aon phioc d'á corp d'á dheascaibh. Bhí breoidhteacht trom air. D'imthig an mhathair go dtí sna dochtúirí agus thug sí chuige gach duine acu d'á raibh san áit. Chuaidh sí go dtí gach bean leighis agus níor fhág sí luibh ná leigheas gan triail leis an mbuachaill agus mar sin féin níorbh aon mhaitheas é, mar ní leighisfeadh faic é. Ní fheadair sí cad ba cheart di a dheanamh. Bhí sí ag cur 's ag cúiteamh ina haigne féin agus gan réidhteach le fághail aici. Siúd chúiche an cailín aimsire lá agus ars í "Ó nach cuimhin leat bean an leasa gur thugais an stán mine di? Ná fuileann tú i gcruadhchás anois a mháighistreas ach ní fheadarais ná go ndeanfhadh sí rud éicin duit."
Preab croidhe na mná le háthas mar bhí dearmad deanta aici ar bhean an leasa agus ar a geallúint.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mhicheál Ó Ceárna a fuaireas an scéal so. Chuala sé an scéal ag Eóghan Ó Súilleabháin, sean-scealaidhe a bhí in aois a dheich mbliana is cheithre fichid nuair a cailleadh é i 1934. O'n mBloscaod Mór ab'eadh é.
Bhí baintreabhach mná i bParróisde an Fhirtearaigh agus bhí sí go maith as. Bhí cailín aimsire aici, agus ní raibh de chlann aici ach aon mhac amháin.
Lá amháin buail bean chúiche isteach agus ceaintín stáin aici. D'iarr sí lán an ceaintín de mhin ar bhean an tighe ar iasacht. Fuair sí an mhin agus fáilte. D'imthig sí léi annsan. Bhí an-iongantas ar bhean an tighe mar níor aithin sí in aonchor an bhean iasachta. Dubhairt sí leis an gcailín dul 'on doras agus feachaint cé an treó a imthig sí. Isteach 'on lios a chuaidh sí.
Sar ar imthig an bhean iasachta ó'n dtig dubhairt sí le bean an tíghe teacht chúiche féin d'á mbearfhadh aon chruadhchás go deó uirthe agus go ndéanfadh sí fóirithin uirthi.
Tamall 'na dhiaidh san bhí Ráiseanna i gCeanntrágha.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
múchfadh uisce é.
Thairring Fionn buille d'á chlaidheamh sa loirgne air agus do chrap sé chuige go tapaidh iad. Do chuir sé isteach sa teine é, agus thug sé barra dhóghadh maith dho. D'iarr an gaige air é a leigint amach. Do leig. Chuaidh an gaige síos 'on uisce. Bheir Fionn ar cheann air agus túm sé síos san uisce é. D'fág sé ann é go dtí gur múchadh é.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fuair an bhean gráinne míne agus píosa de ghriodall cruaidh tríd agus thug sí dhó le n itheadh é.
"Tá an-fhiacla ag na Fianna," ars é, "má tá fiacla acu a itheann é seo."
"Cad é an caitheamh aimsire a bhíonn acu?" ars é.
"Tá cloch mhór annsan amuigh agus bíonn siad 'á caitheamh anonn agus anall do dhruim an tighe, agus bíd ar thaobh shiar an tighe sar a sroiseann an chloch an taobh eile, agus sin é mar a chaitheann siad a gcuid ama díomhaoin."
Chaith an gaiscidheach so siar í anois. Bhí sí gabhtha aige ar an dtaobh eile sar ar srois sí an talamh. Chaith sé soir airís í agus bhí sí gabhtha aige sar ar bhuail sí an talamh ar an dtaobh eile, ach strac sí a chuid eadaig go léir.
"Tá an obair seo ró chruaidh domsa," ars eisean. D'imthig sé síos chun na trágha agus bhí an t aithghiorra gabhtha ag Fionn agus bhí sé shíos roimis. Bhí tarbh mór shíos agus theastuig ó'n ngaiscidheach é a thabhairt leis. Cuir Fionn na choinne. Bhí gíotam ann mórchuid. Bhíodar ag tarrac an tairbh ó na chéile go dtí go ndeineadar dhá loma leath do'n ainmhidhe agus go raibh a leath ag gach duine acu dho.
Dubhairt an fear le Fionn ná luighfheadh claidheamh air, is na dóghfhadh teine é is ná
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Máire Ní Cheárna, An Bloscaod Mór, Dúnchaoin a thug an sceal so dhom. Tá sí inaois a cheithre fichid.
Aon lá amháin bhí Fionn Mac Cúmhaill ag aoidhreacht ba thíos cois na trágha. Chonnaic sé chuige an fear agus é ag gabháil aniar tríd an bhfarraige, agus cliabh ar a dhrom aige. Gach breac a bhuaileadh leis chaitheadh sé isteach sa chléibh é le na órdóig. D'fiafruig se d'Fionn cá raibh tig na bhFiann. Theasbáin Fionn do é agus threóruig sé é ar an mbóthar. Ghaibh Fionn an cómhgar agus shrois sé an tig roimis. Chuaidh sé isteach sa chliabhán agus agus chuir sé an t-éadach 'na thímcheall.
Tháinig an fear iasachta isteach agus bheannuig bean an tighe do, agus bheannuig sé di.
"Cá bhfuil na Fianna?" ar seisean.
"Táid as baile," ar sise.
"Cad é an t-aos atá an leanbh san sa chliabhán?" ars an fear.
"Tá sé trí bliadhna," ars an bhean.
Chuir sé a ordóig siar 'na bhéal, agus níor dhein "an leanbh" ach luighe uirthi agus í a bhaint do.
"O Níl sí ró óg," ars an fear annsan.
"Cad a itheann na Fianna?" ars seisean.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Gan aon choinne le faic acu seadh a sháidh an fear beag ruadh a cheann aníos chúcha agus dubhairt se leó dul abhaile mar go mbádhfaí iad mar a ndéanfhaidís. Faic eile níor labhair sé ach bualadh leis síos fé'n uisce airís. Tháinig eagla ar an gcriú agus scaoileadar fé abhaile.
Ní rabhadar ach seacht slata ó Chaladh an Oileáin nuair a shéid an stoirm agus an gála agus chruaidh an lá ó thalamh. Dubhradar gur b'é Dia a sheól chúcha an feairín beag ruadh pé hé féin. Ó'n lá san amach níor chuadar ag iascach ins an áit sin, mar bhí fhios acu nár bh' aon dheagh-áit é.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 22:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean eachtra i dtaobh na farraige é seo a chuala go minic aige's na sean daoine san mBloscaod Mór. Deir siad gur tárla sé agus a lán rudaí d'á leithéid nuair a bhíodh an t-iascaireacht fé lán tseól san Oileán.
Fadó fadó riamh tháinig lá ana bhreágh agus chuaidh bád o'n mBloscaod Mór ag iascach tamall maith ó'n Oileán. Chaitheadar amach na líonta agus bhí iasc maith 'á fhághail acu. Níor bhfada ann dóibh nó gur sháidh fear beag ruadh a cheann aníos le hais an bháid. Chómh luath agus a chonnaic criú an bháid an fear ruadh tháinig an-eagla ortha mar cheapadar gur púca a bhí foicighthe acu agus go mbádhfadh sé iad. Do labhair an fear beag ruadh leó agus dúbhairt sé leó teicheadh go géar as an áit agus dul abhaile. Níor labhair sé faic ach d'imthig sé síos fe'n bhfharraige airís uatha. Thógadar isteach na fearaistí iascaig agus siúd leó tamall mór ó'n áit sin agus chaitheadar amach na líonta.
Bhí mórán éisc 'á fhághail acu ann ar feadh tamaill mhaith. Níorbh fada a bhíodar ann nuair nuair a chonnacadar an spéir ag athrú, agus cuma ghrándha ag teacht ar an bhfarraige. Bhíodar ag cainnt le chéile ar feadh tamaill.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fód bog idir dá bog-fhód agus bog fhód idir dhá fhód bog.
Dhoirt cearc muga uisce cois chois an chómhartha.
(É a rádh gan aon anál — deich nuaire.)
Goideadh goideadh an láir bháin,
Níor goideadh riamh láir ab' feárr ná í.
Do gháir sí, is do bhéic sí
Is d'fág sí an tsrathar, an tramar is a thiarthacht is an rud a bhíonn tiar fé na coiripe; d'imthig sí síos go doras tighe an bhradaig agus a ghiolla mhín-bhradaig cuirse uait an láir bháin.
—Cluiche do leanbh é seo. Bíonn sé ag bualadh píosa adhmaid nó páipéar le slait feachaint cad é an focal go léimfidh an píosa sa aér uaidh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a gháirfeadh ná labharfhadh ná theasbáinfheadh a fhiacla go bhfaghadh sé
Fiche buille beag, fiche buille mór
Fiche greim siogáin, agus fiche speach ó láir.
(Bheadh an pionós le fághail annsan ag aoinne sa bhuidhean a thuillfheadh é.)
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(Na dóirne ós cionn a chéile.)
Ceann an stáca, leag ar lár é go maidean amáireach go níosfhaidh sé bluire aráin is ime. Tóg.
Caithidh chúgham an biadh.
Ca'il mo chuidse?
D'ith an luch é.
Ca'il an luc?
D'imthig sí fe'n sop.
Ca'il an sop?
Dóigh an teine é.
Ca'il an teine?
Mhúch an t-uisce é.
Ca'il an t-uisce?
D'ól an damh é.
Ca'il an damh?
Mhairbh an búistéir é.
Ca'il an búistéir?
Cailleadh anuiridh é is cuireadh i mbliana é. D'imthig sé suas fé chabha na lice bige báine is dubhairt sé liomsa p'é
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Suas teaghair, anuas teóghair, buille beag i lár na baise. Leatsa crap a mhéaróigín bhuidhe bhradach san. (Crap an mhéar gur tuith an crann uirthe.)
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mhéirín mhithín mitheáin, ate a bull, ate a ball.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cluiche é seo a bhíonn ag leanbhaí Corcha Duibhne. Imirtear é cois coise.
I
Scitseam, sceaitsium carbhán dansing,
An mó mac atá ag an Rí,
Mac indiu, mac indé is dhá chéad mac i dtóin an tighe
Leatsa sceinneamhaint síos 'on choill is earball gabhair a thabhairt aníos ó'n gcoill.
Ceist
Fios chúghat, fios uait, ceann madra id' stuaic,
Tá beirt annseo ar thaobh an Gleinne,
Cé h-iad san?
(Téigheann duine síos go bun an tighe.)
(Aon ainm ruda nó duine go maith leat.)
Cat is luc nó Fuinneoígín Oir i bhFlathais Dé agus Dréimire Fada san aér nó Paidrín Óir i gcré, agus píce fada san áer, srl.
"Ce'cu acu san a thabharfaidh aníos tú?"
"Dréimire fada san aér."
(Caithfidh an duine go mbeidh an ainm sin air dul síos, agus an fear síos a thabhairt aníos air a dhrom.)
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
isteach is é a raobadh. Bhíodar ag deanamh an-éirleach nó gur ghlaoidh an coileach ar aith-mhaidean. Nuair a chualadar glaodh an choilig seo leó fé dhéin an Dúna ar cos-anáirde.
Lá ar na mháireach do bhí an lá an-bhreágh agus tháinig a fear abhaile. D'eachtraig an bhean do i dtaobh cailleacha an Dúna. Tháinig an-eagla air agus ní fhanfhadh sé aon lá eile ar an Oileán. D'aistrigheadar amach go Dúnchaoin agus thógadar tig ann agus mhaireadar ann as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
arsa bhean an tighe. Leanadar do'n obair ag sníomhadh is ag cárdáil go dtí a h aondéag a chlog. Dubhairt an bhean leó fanúint ag sníomhadh nó go dtiocfadh sí féin ó'n dtobar le h uisce. Siúd léi fé dhéin an tobair agus nuair a bhí an bocaod líonta aici chuala sí an guth ag rádh go raibh na cailleacha ar tighe í a mharbhú. Dubhairt an guth léi rith go dtí'n doras agus a rádh leó go raibh Sliabh an Dúna trí theine, agus nuair a imtheochaidís an t adhan agus an ciotal agus gach rud a bhí istig sa tig a iompó síos suas agus gan aon nidh a leigint uirthi.
D'imthig an bhean abhaile agus scread sí trí h uaire in árd a cinn is a gutha go raibh Sliabh an Dúna ar dearg lasadh. Siúd na cailleacha amach agus iad ag crith le scannradh. D'imthig an bhean isteach agus dhún sí an doras. Dhein sí gach rud d'á ndubhairt an guth léi. Bhuail sé a bheal fé gach árus d'á raibh sa tig. Annsan chuaidh sí a chodhladh. I gceann tamaill tháinig na cailleacha agus dubhradar léi an dorus a dh'oscailt. Bhíodar ag iarraidh ar gach árus a bhí sa tig an dorus d'oscailt dóibh. Dubhairt na háraistí go raibh a mbéal fútha agus ná feadfaidís oscailt dóibh. Thugadar fé dhíon an tighe a bhriseadh
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní triomóchaidh mo leaca, is ní stadfhaidh mo dheór,
Go n-iompóchaidh an dubh dearg is go gcasfhaidh mo stór.
VI
D'á mbeinnse ag baile nó i bhfochair mo ghrádh,
Dheanfhainn rómhar di is brannar le hacmhuinn mo chnámh
Ba caoire ná capaill ní chuirfinn aon tábhacht
Ach ar an gcuisle ná daorfar is me Liam Taylor do ghrádh.
VII
Bhí gruadh ag mo bhuachaill go raibh finne na bárr,
Ní raibh gruaim air ó'n sluasaid ná mairg ó'n rámhainn,
Tá buaidhreamh ró mhór air do dheascaibh a mhná,
Is ar an adhbhar go bhfuascluighidh mac Muire ár gcás.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 21:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I
Aréir is me go deannach cois taobh leasa im luighe,
Is me ag machtnamh dom féinig ar chlaon bhearta an tsaoghail,
'Seadh dhearcas an spéir bhean 'na haonar 'na suidhe
A dhá bais aici d'á phleascadh is i ag gearghol is ag caoidhe.
II
A Bhrighdín na gcochán is an chúil crothánaig bhuidhe
Cá bhfuil cúrsaí do ghearáin go bhfuil an t-ochlán san id chroidhe,
An b'é t-athair nó do dhritheáir no do leannán d'fear chéile
D'imthig ar an bhfán uait go bhfuil an t-ochlán go léir ort.
III
D'freagair mise an óigbhean mhódhmhail mhódhmharach na gciabh,
Ní gaolta ná cómhaltha a dhóigh mo chroidhe im' chliabh
Caoire ná bólacht ná mór stoc ar shliabh
Ach grádh mo chroidhe a seoladh thar bórd luinge siar.
IV
A Bhrighde na mánlacht táim go lán lag id' dheóidh,
Do thabharfhainn le grádh dhuit fíon Spáinneach le n-ól
Do chuirfhinn síodaí in ionaid scáil ort, is tú d'árdach go tig ceóil,
D'á dtiocfá go lá liom go tig an tabhairne chun spóirt.
V
A bhuachaillín báire, éist feasda dod' ghlór,
Teighir uaim abhaile, is tabhair aire dod' ghnó,
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 15:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
is culaith sclábhaidhe air is d'imthig mar aoinne ag obair do féin. Áit cois farraige gur cuir sé fé innte, agus bhí sé ag obair go dian. Lá t'réis oibre do bhuail bean éisc isteach. Cheannuig bean an tighe ladhar éisc uaithe, mar b'í an Aoine a bhí ag teacht. Scoilt sí an t-iasc. Cad a bhuailfheadh léi i gceann acu ná eochair bheag. B'seo an t-iongantas ar siubhal. Bhí an buachaill aimsire istig is focal níor labhair sé go tráthnóna.
Bhuail sé isteach go dtí bean-an-tíghe trathnóna a's loirg an eochair uirthi. Dubhairt sé go ndíolfhadh sé aisti uair éicin. Dubhairt sí ná raibh gnó ná cúram aici féin di.
D'imthig sé an bóthar agus siúd leis go dtí an bPápa a's sceitimíní air. Bhí áthas a's luthgáir ar an bPápa agus dubhairt sé leis an mbuachaill go raibh sé saor anois nó riamh. Bhuail sé air suas a chulaith sagairt 's is é a bhí go mórdhálach áthasach agus bhí sé go maith as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 15:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cad tá le deanamh," ars an Pápa. "Ní feadar cad is féidir a dheanamh anois."
[Tá an tobar san sa Róimh fós agus is iomdha duine a théigeann ag feachaint air.]
"Tá dhá sheans eile agat," ars an Pápa, "agus caithfear eirghe asat mar a mbuadhfair."
Mo ghraidhn an sagart bocht ní raibh ann ach go raibh sé 'na bheathaidh. Dubhairt an Pápa leis dul síos i mbarraille a bhí lán do thairgní agus go léighfeadh sé Aifreann eile feachaint an bhfanfhadh sé na dhúiseacht an fhaid a bheadh an Coisreacan ar siúbhal. Chuaidh an sagart isteach sa bharraille agus bhí sé 'á chrothadh féin anonn a's anall. Bhí na tairgní ag dul isteach tríd. Nuair a bhí an tAifreann léighte ag an bPápa tháinig sé chuige.
"Is maith é seo," ars é, "tá seans anois agat."
Ach nuair a tháinig sé amach as an mbarraille, ní raibh órlach d'á chroiceann gan gonta agus poill. Bhí a chroiceann stolta as a chéile. Cuireadh cóir mhaith air go dtí go raibh cuid dos na creachta cneasuighthe.
Dúbhairt an Pápa leis imtheacht annsan agus má gheobhadh sé eochair bheag go raibh a ainm féin scríobhtha uirthi thíos fé'n bhfarraige go mbeadh sé saor go bráth.
D'imthig an sagart bocht go brisde chroidheach
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 15:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'iarr an sagart ar an scoláire dul go dtí an Easbog ina theannta. Ghluaiseadar araon go dtí an Easbog agus dubhairt an t-Easbog ná raibh faic aige dóibh, go gcaithfheadh an sagart dul go dtí'n bPápa.
Cómh maith d'imtig, agus ar chlos an scéil do'n bPápa bhí sé ana-bhrónach ar fad. Dubhairt an Pápa go léighfheadh sé Aifreann amáireach agus muna dtuitfheadh a chodhladh air an fhaid a bheadh an coisreacan ar siubhal go mbeadh seans aige.
Tosnuigheadh ar an Aifreann a léigheamh agus chómh luath is a tosnuigheadh ar fhocail an Coisreacain bhí an sagart ina chodhladh go sámh. Tháinig an Pápa chuige agus dubhairt sé na raibh aige ach trí seansanna eile agus muna bhfanfhadh sé na dhúiseacht nach fhios cad a thárlóchadh.
"Cuirfhead an cupán so síos sa tobar trí h-uaire agus má théigheann sé go tóin poill trí h uaire beidh mí-seans ort."
Seadh ní raibh codhla ná suan aige, biadh ná deoch ach é go cráidhte suaidhte. Nuair a gheal an mhaidean chuadar go dtí an dtobar agus an cupán óir acu agus ma seadh d'imthig an cupán síos trí h uaire.
"O tá an-dhroch greim ort agus ní fheadar
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 14:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go mbuailfidh an t-uisce coisreacan air.
Bhí san go maith is ní raibh go holc. D'imthigheadar leó fé dhéin an bhaile bhig. Scar an bheirt ó na chéile agus chuaidh an scoláire i dtig leis féin. Bhí iongna air fá an gcainnt achuala sé. Dúbhairt sé go scríobhfadh sé síos gach focal de. Dhein sé amhlaidh.
Saoghaluigheadh an mac do'n lánamhain agus bhí sé na garsún bhreágh deas, agus muna raibh cion air ní lá fós é. Bhí sé ag eirghe suas 'na leanbh breágh agus é na gharsún ana naomhtha ar fad. Chuaidh sé le sagartóireacht agus tháinig an lá go raibh sé ag ollmhú chun an chéad Aifreann a léigheamh. Thosnuig sé ar an uisce coisreacan a chrothadh. D'eirig an scoláire sa phobal agus d'iarr sé air gan an t-uisce coisreacan a chrothadh. Tháinig fearg ar an sagart ach dhein sé rud air. D'iompuig sé isteach agus léigh sé an tAifreann. Nuair a bhí críochnuighthe aige d'iompuig sé amach agus d'órduig do'n duine go raibh an t-ughdarás aige ó chianaibh chun é féin a stop teacht aníos chuige.
D'imthig an scoláire bocht suas. Thairring sé chuige an páipéar agus ars seisean — "Ní ghádh dom a thuille a rádh, tá an scéal ar fad annsan scríobhtha agat." Bhí an sagart an-bhrónach ar fad.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 14:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal é seo a chuala ó Pheig Ní Ghuithín o'n mBloscaod Mór. Tá Peig timcheall sé mbliana is trí fichid d'aois. Rugadh i nDúnchaoin í agus phós sí fear ó'n Oileán timcheall chúig mbliana deag ar fichid ó shoin.
Fadó sa tseana saoghal bhí scoláire bocht ag imtheacht roimis. Lá áirithe bhí sé ag imtheacht roimis agus sa tsiubhal dhó do bhuail seanóir bocht críonna leis. Bhí an bheirt acu annsan ag imtheacht le cois a chéile agus iad ag cainnt agus ag cómhrádh le chéile. I gcionn tamaill dúbhairt an seanóir go raibh sé féin ag dul fé'n mbaile a bhí sall uatha. Dubhairt sé go raibh cúram le deanamh aige ins an mbaile, a's go neosfhadh sé do'n scoláire é d'á mb' annsa leis é a chlos.
"Ba mhaith liom go mór," arsa an seanóir.
"Is mise an diabhal," ars an seanóir. "Tá sean-lánamha annsan thall agus níl aon chlann acu. Bíonn an bheirt ag bruidheann a's ag achrann. Táim se ag dul ann anois agus i gceann bliana beidh mac óg acu. Nuair a eireochaidh sé sin suas beidh sé na shagart. Nuair adearfhaidh sé a chéad Aifreann craithfhidh sé an t-uisce coiscreacan agus is liomsa gach duine do'n phobal
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 14:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal é seo a chuala ó Pheig Ní Ghuithín o'n mBloscaod Mór. Tá Peig timcheall sé mbliana is trí fichid d'aois. Rugadh i nDúnchaoin í agus phós sí fear ó'n Oileán timcheall chúig mbliana deag ar fichid ó shoin.
Fadó sa tseana saoghal bhí scoláire bocht ag imtheacht roimis. Lá áirithe bhí sé ag imtheacht roimis agus sa tsiubhal dhó do bhuail seanóir bocht críonna leis. Bhí an bheirt acu annsan ag imtheacht le cois a chéile agus iad ag cainnt agus ag cómhrádh le chéile. I gcionn tamaill dúbhairt an seanóir go raibh sé féin ag dul fé'n mbaile a bhí sall uatha. Dubhairt sé go raibh cúram le deanamh aige ins an mbaile, a's go neosfhadh sé do'n scoláire é d'á mb' annsa leis é a chlos.
"Ba mhaith liom go mór," arsa an seanóir.
"Is mise an diabhal," ars an seanóir. "Tá sean-lánamha annsan thall agus níl aon chlann acu. Bíonn an bheirt ag bruidheann a's ag achrann. Táim se ag dul ann anois agus i gceann bliana beidh mac óg acu. Nuair a eireochaidh sé sin suas beidh sé na shagart. Nuair adearfhaidh sé a chéad Aifreann craithfhidh sé an t-uisce coiscreacan agus is liomsa gach duine do'n phobal.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 14:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
VII
Is breágh a thagadh claidheamh duit is tú ag marcuigheacht ar do chaol each,
Nó ag seimint na hadhairce is do ghabhair ar 'chaon taobh duit,
Do thógfá an ceó mín-tais do lár chorr an tsléibhe
'Sé mo chumha a William Reilly bheith d'á innsint mar éagais.
Is feárr dul ag fiosrú na trágha ná dul ag fiosrú na droch mná.
Nuair a fhuarann an lámh fuarann an grádh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 13:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
IV
Is Maighdean a's is bainntreach a dhein Dia dom i dtúis m'óige,
Nuair a chuala 'á rádh iad gur bádhadh mo dhian stóirín,
Már d'á mbeinn-sé amuigh san oidhche is mo líonta agam i dtreó cheart
Ar m'fhocal duit a William Reilly ach go leighisfhinn do bhrón duit.
V
A's an saor a dhein an bád úd a dhá láimh go dtréigeadh
Cé nach é an saor a bhí cionntach ach an feall a bhí san déil úd,
Mar dá raghfá go Cionn t-Sáile ag iarraidh an adhmaid a bhí daor ann,
Ní bheadh mo ghrádh bán sa bháidhte ar an dtráig i mBean Éadair.
VI
Is nach mór an truagh í do mháithrín is ní áirighim fós t'athair,
Ná banaltra na gcuacha bána a bhíodh ag tál ort is tú id' leanbh,
Mar ní áirighim do bhean phósta nár chóirig riamh do leabaidh,
Ach nuair a shíl sí a bheith id phósadh gur air do thórramh a bhí an bhainis.
VII
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 13:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ceann eile d'amhráin an Bhloscaoid é seo. Níl aon chúnnta[s] againn air a úghdar, ach is geal leis na sean daoine mar amhrán é a's is minic a bhíonn sé i dtiúin ac[u].
I
Ar maidin Dé Luain is me ag siubhal cois na trágh[a]
Cé casfaí san tslighe orm ach Reilly an chúil bháin,
Do bhí luisne na ghruadhna is a chuid gruaige ag curláil,
Is m'osna go mór é naoi n-uaire ins an lá.
II
Ó an gcuimhin leatsa an lá úd go raibh an tsráid lán do fhearaibh,
Bhí sagairt ann is bráithre is iad ag trácht thar ár n-ainm,
Bhí ceól píoba ar cheann cláir ann, is an chláirseachta d'á spreagadh,
Is dáiréag do mhnáibh mánla ag cur mo ghrádhsa chun leabthan.
III
Is an rabhais se ar an dtriúr úd a chuaidh go Cill Choinnig,
Ag tionnlacan an Athar Peter a bhí in aois a chúig fichid,
Bhí mo shúil-se ar feadh mí leat, ach fóiríor níor chasais,
Is nach truagh bean na haonar is a chéile ar bhárr toinne.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An Bloscaod Mór — Tháinig an ainm ó'n bhfocal "Blosc" a chialluigheann rud a thabharfhadh foithin duit nó a choimeádfhadh an ghaoth uait. Toisc scata oileán bheag a bheith scaipighthe sa bhfarraighe ag deanamh fothanna d'á chéile a thugadh an ainm sin ortha.
Dúnchaoin:— Indhiaidh taoisig de mhuinntir Chuinn go raibh fearthainn aige sa pharroiste sin.
Corcha Dhuibhne: Bannríoghain do Chlanna Míleadh d'ár b'ainm di Duibhinn a tháinig i dtír taobh thiar do'n Dún Mhór agus a chuir chúithe sa ceanntar í féin is a complacht.
An Buailtín — ó'n bhfocal "buaille" nó áit crúidhte na mbó. San áit go bhfuil an tsráid bheag anois is annsan a bhailightí na ba fadó chun iad a chrúdhadh.
Coimineól: Com-an-Iarla an chéad ainm ó Iarla Chorcaige a bhí mar thighearna talmhan ins an áit.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is feárr pota fé'n bhfarraige ná cisde dóighte — mar adubhairt an t-iascaire nuair a tháinig a chriú chuige ar oileán aonrach agus a chisde leath bhacálta aige. Theastuig uatha go raghadh sé ag tarrac 'na dteannta gan mhoill.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An té a dhein í níor chaith sé riamh í
Is an té a chaith í ní fheaca sé riamh í.
—Cómhra.
Méisín chúmtha chámtha, a béal fúithe is a tón anáirde.
—Bairneach ar chloich.
Braitlín bháin ar thaobh an tighe is ce'cu againne a raghaidh 'á nigheadh?
—Scáth na gealaighe.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dubhairt sé ná bheadh sé féin mar dhríodar ná mar fhuighil croiche.
B'sin é an deire a bhí le Piaras Firtéar an taoiseach cródha a dhein maise agus áis d'á mhuinntir maidir le gníomhartha gaile agus filíochta an fhaid a mhair sé.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do dearbhuig an bhean ar Phiaras go ndubhairt sé go bpósfadh sé í. Theic sé ón áit agus chuir an bhean saighiúirí ina dhiaidh. Teich Piaras go dtí an Rinn sa Bloscaod Mór. Bhí dún beag annsan aige agus é ar bruach na faille. Scaoileadh sé le faill an namhaid gach uair a thagaidís ar a thóir. Bhí sé tamall eile i bpoll sa chnoc agus thugadh muinntir an Oileáin biadh siar chuige. "Scairt Phiarais" an ainm atá ar an bpluais a bhí aige.
Dúbhairt Piaras agus é ins an bpluais:—
A Dhia atá thuas an truagh leat mise mar táim?
I mbotháinín uaigneach is nach mór go mothuighim an lá;
An braon atá thuas in uachtar lice go hárd,
Ag tuiteam lem' chluais is fuaim na toinne le m' sháil
Do bhí Piaras Firtéar traochta tnáithte agus sa deire, agus thug sé é féin suas dos na saighdiúirí. Beireadh air i gCaisleán na Mainge agus crochadh é ag Cnoc na gCaoireach inaice Chill Áirne. Do crochadh Easbog agus Sagart in aonfhacht le Piaras. Do thug an sagart cloch do Phiaras le cur siar 'na bhéal. Ní crochfaí go deó é an fhaid a bheadh an chloch san 'na bhéal. Bhris an chroch trí huaire faoi. Sa deire chaith sé an chloch as a bhéal agus
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó's sé úghdar do gach dán,
Go ndubhairt an dall a bhí sa chúinne
Gur thuit crúdh ó'n láir bháin."
D'imthig Piaras leis abhaile agus d'innis sé do na athair cad adubhairt an dall leis. Thuig a athair go maith an dán agus dubhairt sé le Piaras gan an bhean san a phósadh, mar go raibh locht éigin uirthi.
Annsan thug an bhean cuire chun fleidhthe do Phiaras agus chuaidh sé ann. Nuair a bhí an biadh caithte aige d'imthig an bhean anáirde ar an lochta. Dubhairt an dall le Piaras teicheadh mar go raibh an bhean chun é a lamhach.
Do léim Piaras Firtéar amach tríd an bhfuinneoig chómh tapaidh is a chualaidh sé é sin. Phreab sé ar a chapall agus níorbh fada imthighthe é nó go raibh an tóir in a dhiaidh.
Do bhí capall maith aige agus thug sé na cosa uatha. Seo dán a dhein sé ag moladh an chapaill.
An t-each dubh, ní mheasaim gur púca ar shliabh
Mar is úmhal do thairringeóchaidh sí súd an tsrian,
Thug sí an eaga ó Dún Daingin go Daingean Uí Chúise siar.
D'imthig Piaras síos go lár na hÉireann. Bhuail bean leis agus do thuit sé i ngrádh léi. Do bhí Piaras chun í a phósadh mara mbeadh gur Sasanach í.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
thiocfhaidh siad úrla do shnáithín glas a thabhairt leó agus sceach gheal agus buidéal uisce coisreacan. Casaidís an snáth glas ortha féin trí huaire agus deinidís bogha de'n snáithín timcheall ortha féin agus glaodhaidís ar m'ainm-se. Tiocfhadsa chúcha im shaoghal is im shláinte chómh maith is bhíos riamh," ars an bhean.
Scríbh sé an litir go dtí a mhuinntir agus bhí sceón ionnta. Chuadar go dtí an sagart agus d'aithriseadar an scéal fó. Ní leigfheadh an sagart síos go Liosmuaidh é in aonchor, cé go raibh sé i gcás idir dhá chómhairle.
Muna mbeadh an fear a bheith pósta cheana an dara huair raghadh sé síos agus thabharfhad sé abhaile í.
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Mhuiris Ó Catháin an Bloscaod Mór a fuaireas an scéal so. Baile beag i bParróisde Fionntrágha iseadh Cill-a-Ruith agus tá an scéal leathan leathta ar fuaid Gaedhealtachta Dhuibhne.
Bhí bean do mhuinntir Sheaghdha pósta i gCill-a-Ruith. Bhuail sí breóidhte agus cailleadh í. Cuireadh go galánta í de réir nós na háite agus bhí sagart an Daingin ins an tsochraid.
Thíos i Liosmuaidh a bhí feirmeóir agus nuair a théigheadh sé le biadh go dtí a chuid mhuc chídheadh sé an bean ag teacht go dtí beiste na muc ag itheadh an bhídh. Chuaidh sé fé na déin lá. D'fiafruig sé di cad na thaobh go raibh sí ag teacht. D'innis sí do gur cailín aniar ó Chíll-A-Ruith í féin, agus gur sciob na sidheóga isteach 'on lios í, agus go raibh sí annso sa lios anois, agus ná dhéanfhadh sí aon díoghbháil d'á chuid muc.
"Níor bhlaiseas-sa aon bhlúire do bhiadh an leasa fós agus d'á mblaisfhinn chaithfhinn fanacht ann lem' shaoghal. Cuir tuairisc siar go dtí mo mhuinntir teacht 'om iarraidh. Tá an fear a bhí agam pósta ach abair leis ná déanfhad-sa aon toirmeasc idir é féin a's a bhean go deó. Abair leó nuair a
ball sinsearach (stair)
2015-11-14 12:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Tá an fear thiar istig i dtéadán agus a theanga curtha amach aige agus ní fheadar cad é an chúis atá aige orm." Chuimhnigh sí go maith gur marbh a bhí, agus b'seo siar í.
"O mo mhallacht ort, tá sé marbh agat," ars í le Seán trí h uaire.
"Ar m'fhocal duit nár chuireas lámh ná ladhar ann," arsa Seán.
"Ó tá sé marbh," ars í, "cad a dhéanfhad gan é anois?"
"Deanfhad-sa fear chómh maith dhuit," arsa Seán.
Cad adeireann tú ná gur luigheadar féin le chéile agus pósadh iad, agus b'sin é an deire a tháinig le Seán Bhaile na hAbha agus le na chuid bitheamhantuigheachta. Sin é anois agaibh é.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 17:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí Sean imthighthe a's gan blúire do féin ná do'n stail le feiscint. Chuaidh Seán abhaile ar a shocaracht go dtí tig an bitheamhnaig mhóir agus leath a dhá shúil air nuair chonnaic sé Seán agus an stail aige. Bhuail Seán an stail isteach sa phluais a bhí acu, go dtí amáireach, agus bhuail sé amach do féin ó'n bpluais.
"Ar m'anam," ars an bitheamhnach mór le na bhean, "cuirfidh an bitheamhnach óg san deire liomsa ar fad. Caithfhead deire a chur leis i slighe éicin. Ní'l aon rud is fearra dhom a dheanamh ná é a chur 'o'n chroich."
Ghlaoidh sé chuige Seán ar maidin amáireach agus thug sé siar 'on gháirdín é. Bhí croch annsan aige agus stáitse fé na bhun. Dubhairt sé le Seán dul anáirde agus an teadán a bhí ó bharra an phoilín a chur ar a mhuineál, mar gur b'sin plean ná raibh múinte aige fós dó.
"Sé do cheart féin dul anáirde rómham agus é a theasbáint dom." Chuaidh an bitheamhnach críonna an'áirde 'á theasbáint do Sheán. Bhuail sé an téadán ar a mhuineál. Níor dhein Seán ach an stáitse a tharrac agus b'seo anuas ar crochadh é. Bhí sé ag lúbarnaig agus ag scaratuighil agus níor bh'fada gur éag sé. D'imthig Seán isteach go dtí an mbean ar séirse mar dheadh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 16:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Níl aon dul agat uirthi i gcorp an laé," ars an bitheamhnach mór. "Ní raghadh aon amadán ag trial uirthi anois. Bheadh beirthe láithreach ort!"
Níor ghéill Seán do agus bhuail sé síos chun cúirte an duine uasail. Bhí an gaduidhe críonna thíos agus dúbhairt sé leis féin na cídhfheadh sé Seán go deó airís.
Bhuail Seán síos agus bhí sé ag máirseáil timcheall cúirte an duine uasail. D'eirig an duine uasal amach agus bheannuig sé do Sheán, agus bheannuig Seán do. D'fiafruig an duine do cad a bhí uaidh, nó cad a thug chuige é.
"Níor thug aon nidh," arsa Seán, "ach tá fear ansan thuas, an fear is aite d'á bhfeaca riamh; tá sé ag luighe is ag eirghe fé mar a bheadh sé chun rud éicin a ghoid."
"O sé an bitheamhnach mór atá tagaithe indiu airís," ars an duine uasal.
Glaoidh sé ar a bhuachaill agus ar a bheirt mhac agus b'seo suas iad agus b'seo an bitheamhnach sa t-siúbhal. Lean an ceathrar é ar saothar. D'imthig siad thar dhruim an chnoic ó Sheán agus thuit an oidhche agus iad ina dhiaidh. Níor dhein Seán ach iompódh isteach sa tseómra agus an stail a tharrac amach agus preabadh anáirde uirthi agus í d'árdach leis. B'éigean do'n duine uasal agus d'á chómhluadar casadh abhaile
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Garsún a bhí i mBaile na hAbha agus cailleadh a athair. D'fhiafruig sé d'á mháthair lá an raibh cead aige imtheacht ag tuilleamh shlíghe bheatha do féin. D'fiafhruig sí dhó cé an cheárd go mba mhaith leis dul léi. Dubhairt sé gur le bitheamhantuigheacht.
"Léan náire ort," ars ise, "cad a bhéarfadh gur le bitheamhantuigheacht a raghfá."
"O seadh mar dubhairt mo Dhaid liom é," ar sé.
"Ariú ná fuil do Dhaid caillte," ar sí leis.
"Ar m'anam go ndubhairt mar bhíos ag cainnt leis thiar sa Teampull agus dubhairt sé a rádh leat-sa mé a chur le bitheamhantuigheacht."
Níor chreid sí é dar ndóigh.
"Imthig ort sall agus fiafruig dho é," arsan garsún.
D'imthig sí sall agus chuaidh sí 'on teampull. Ghaibh an mac an cómhgar agus bhí sé sa teampull roimpe. Sheasaimh sí ar chlaidhe an teampuill agus d'fiafruig sí dó "Hé a Phadraig, cad é an cheárd go gcuirfhead Seán léi?"
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Girfhiadh ar ghort."
"Cad é an gort?"
"Gort Sheáinín."
"Cé hé Seainín?"
Seainin síreach, Sean suarach, Seáinín Ruadh na gcailíní.
Bhí rí fadó ann is ba reamhar ar rí é.
Tarraigítí síos é, tairrigití suas é. Ba bheó ar chapall é, ba mharbh ar daoine é; is má's gearra leat mo scéal-sa déarfadh airis é.
Scéal scéal, earball ar an éan, láir bhacach bhuidhe, seairrichín sidhe, Liam is a mhac, siar fé leac, madra beag Gaodhlach, is seicide-ram [?].
Ag adú teine le loch,
Ag caitheamh chloch i gcuan,
Ag tabhairt cómhairle do bhean bhuirb,
Nó ag gabháil le ribe ar iarann fuar.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cím an ré i lár an laé imeasc na bóinne bige báine, is mór an obair dom é a rádh trí huaire gan fuaim m'anáil.
(Abair é seo trí huaire gan t-anál a tharrac.)
Gealbhún buidhe buineann ag preabarnaig i dtor cuilinn.
(Abair é seo sé huaire gan stop.)
Gaibheasa lá siar annso, gaibheasa lá aniar annso
Thárla fear liom, thárla bean liom, thárla maidrín gearra glas liom.
Thugadar leótha mé is chuireadar sa chómhra me.
D'itheas mo dhóithin do im na gcómharsan is do arán buidhe eórnan.
Seo amach na gabhair, seo mise na ndeabhaidh
Tuit m'aprún uaim idir dhá scailp;
Ní raibh faic agam a thógfadh é ach cleite circe is earball muice.
"Cá bhfuairis an cnámh san?"
"I mbéal dorais do thighe se."
"Cad a thug ann tú?"
"Ciocras feóla."
"Cad í an feóil?"
"Feóil girfhiadh."
"Cad é an girfhiadh é?"
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí duine bocht saonta cois teineadh uair a's coinín 'á bheirbhiú san oighean aige. Bhí forc i láimh leis. Ní fheadair sé ar domhan caithin a bheadh an coinín beirbhthe.
Bhuail buachaill ó'n mbaile isteach.
"Ariú sáidh an forc innte, a's má théigheann an forc tríthe gan duadh beidh sí beirbhthe," ars an garsún.
"Ab'eadh mhuis," ars an fear eile, "ná raghadh an forc san tríd d'á mbeadh an coinín thiar sa choinigéar."
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na ndaoine in aonfacht
Sceimhle is anaithe an laé úd go mbeiridh ortha beó.
Tá an Saoitheach Preisbitéireach is ar imthig riamh ar straé uaidh
Is an Giúdach dubh ná géillfheadh do mhac Dé a theacht riamh fós
Ac tiocfhaid súd le chéile go h-úmhal fé an gCreideamh Gaedhealach
Sin cúig ar chúig tá déanta d'fág Eirinn fé dhubh-bhrón.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do leigeas chun suain a dheanamh chómh déannach san sa bhfeór.
Níor bhfada dom 'na dhiaidh sin gur chuala an guth ag téachtaint
Ar bhruach na tuinne taobh liom cómh deannach ar neóin
Do phreabas suas im' néallta mar do shíleas nár bh'aon bhean tsaoghalta í,
Bhí a guth chómh guain ar aon mhuir chómh deannach san ar neóin
"An tú an Mhaighdean Ríogh bhean bhéasach nú Clíodhna ó'n gcarraig léith sin,
D'fág digh na luige seal eacht mear d'fag Eirinn faoi bhrón."
V
Is ciúin deas banamhail béasach do labhair mo mhaoin liom féinig
Ní haoinne beó do'n méid sin mise féin d'á ndubhraís,
Ach cúilín dubh tá ar straé seal thar lear ibhfad óm' gaolta,
Go bhfuil mo shliocht ag búraibh an Bhéarla d'á ndaoradh le dubh chóir.
Beidh fuil na teinte chraorach ins gach áit na dtimcheall deanta
D'á scríobh síos le chéile ar dhaor bhior dá ndóghadh
Is níl fánaidhe dúbhach dá daorfar ach bás
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
acu go trean ann
An míol buidhe, broc sa chaol chneis ag spóirt.
III
Bhí an long ag teacht ó'n dtréan muir is a píolóití da héileamh
An rí is a bhuidhean le chéile ag deunamh Éireann ar a bórd,
Bhí an lóndubh, druid is céirseach agus smólaig breaca taobh ann
An chuach fé ghuais an chraobh glais is a héanlaithe na cóir.
Bhí an fiolar ar barra géig ann agus fiacha mara taobh leó
Is gach fowl eile d'á mb'féidir duit léigheamh ar a sórt;
Bhí peacóg ann, bhí pipéad ann, an colúr, an cleabhar is an naoscach,
An traona ag labhairt sa caortha is gan traochadh ar a ghlór.
Is ba bhinne a dtiúin le chéile ná ceolta sidhe na bhfairies,
Ná an barra buadh sheinn Con chéad Cath ar Bhinn Eadair an neóin.
IV
Le haoibhneas na gcaorthann is le ceólta binn na néan so
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 15:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
acu go trean ann
An míol buidhe, broc sa chaol chneis ag spóirt.
III
Bhí an long ag teacht ó'n dtréan muir is a píolóití da héileamh
An rí is a bhuidhean le chéile ag deunamh Éireann ar a bórd,
Bhí an lóndubh, druid is céirseach agus smólaig breaca taobh ann
An chuach fé ghuais an chraobh glais is a héanlaithe na cóir.
Bhí an fiolar ar barra géig ann agus fiacha mara taobh leó
Is gach fowl eile d'á mb'féidir duit léigheamh ar a sórt;
Bhí peacóg ann, bhí pipéad ann, an colúr, an cleabhar is an naoscach,
An traona ag labhairt sa caortha is gan traochadh ar a ghlór.
Is ba bhinne a dtiúin le chéile ná ceolta sidhe na bhfairies,
Ná an barra buadh sheinn Con chéad Cath ar Bhinn Eadair an neóin.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 14:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sean amhrán atá fé mheas san mBloscaod. Pádraig Ó Cearna a aithris dom é. Ní fios cé chéad ceap.
Maidean aoibhinn aerach ar bhruach na Mainge im' aonar,
Ar bhinnsín glas na gcaorthann is ba niamhrach a snógh,
Cois abha a b'feárr le téachtaibh bhí báid agus cuite maola ann,
Flúirse de gach éisc ann is an ealla geal ar snámh.
Bhí lúib na coille craobhaighe gan luascadh ó'n ngaoith ar aon rud,
Ach lonnradh soillseach Foébus ag téarnamh ar neóin;
Mar a mbíodh mil is céir le chéile ag beacha i gcéil d'á dtrean chur,
Is gach toradh d'á mhílse ar ghéagaibh na slaodaibh go feór.
II
Bhí an fhuinnseóg gheal ag téacht ann, an 'Beach' an dair is an déil ann,
Cuillean chaorthan chraobhaigh is caora mar an rós,
Bhí ag teacht ó phréimh ann ó bun go bárr le chéile
Gan chor gan cham gan éislinn is í ag deanamh a crainn seóil.
Bhí an traon is an eilit mhaol ann, bhí an longa
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 14:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Seadh, is dócha gur b'amhlaidh a mhairbh sí ar fad anocht é," arsa a mháthair ins an Domhan Toir. D'árduig sé leis ar maidin í féin is a dáréag ban-choinnleachta. Nuair a chonnaic a mháthair ag teacht iad bhí gach aon scartadh gáire aici.
Dubhairt sé lé na mháthair gur b'í a leas-mháthair a mhairbh é agus gur b'í ingean rí Éireann a leighis é.
Pósadh iad agus bhí pósadh seacht lá a's seacht oidhche acu. Theasbáin an cailín an léine do'n leas mháthair agus b'sin é an uair a chreid sí i gceart an scéal. Mhaireadar go sona sásta as san amach ins an Domhan Toir.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 14:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé aon tuarasdal eile. Bhailig sí léi agus áthas an domhain uirthi é a bheith leighiste aici. Bhíodh sí ag faire air é a theacht gach oidhche na dhiaidh sin. Oidhche amháin tháinig sé isteach tríd an bhfuinneóig agus d'féach sé tímcheall go maith air féin ins an bhfuinneóig. Nuair a tháinig sé isteach ní thabharfhadh sé a lámh in aonchor di, agus dubhairt sé léi gur gheárr go marbhóchadh sé ar fad í, agus go dtabharfhadh sé a croidhe a's a haé go dtí a mháthair.
Dubhairt an cailín gur b'í a leas-mháthair a dhein an díoghbháil agus ná raibh aon lámh aici féin ins na sparaí. D'fiafruig sé di an aithneóchadh sí cé a leighis é agus dubhairt sé go n aithneóchadh go maith.
D'imthig sí uirthe suas i seómra. Tháinig sí anuas agus culaith an tsean-duine uirthi. Tháinig iongna mór ar mhac an rí nuair a chonnaic sé an sean-duine. Dubhairt sé gur b'é sin an sean-duine ceadhna a leighis é. Chaith sí di anuas culaith an tseanduine ós a chómhair amach agus theasbáin sí an léine do ina raibh a chuid fola.
"Is fíor san," ar seisean.
D'fan sé ann go maidean agus bhí biadh agus féasda acu.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 14:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'iarr sí ar an ngeatóir í a leigint isteach. Dubhairt sí gur minic a fuair sí féin lóisdín na hoidhche ins an dtig sin.
"Droch chrích ort," ars an geatóir, "tá do mhalairt do chúram ortha san, mar tá mac an rí ag fághail bháis."
Dubhairt sí go leighisfheadh sí féin é ach í a leigint isteach.
Cuireadh teachtaire go dtí an rí agus dúbhradh leis an sean duine a leigint isteach. Leigeadh. Chuaidh sí isteach sa tseómra ina raibh an fear breóidhte. Ní raibh ann ach go raibh sé na bheathaidh. Leig sí braon do'n mbuidéal ins gach gearradh a bhí ann. Léim sé amach as an leabaidh chómh maith is a bhí sé riamh.
"O buidheachas le Dia a mháthair, tabharfadsa a croidhe agus a haé chúghat anois," ar seisean.
D'fiafruig bean an leighis dó cé hí a bhí i gceist aige a's d'eachtraig sé dí.
"Ní hí a dhein riamh é," ar sisean, "mar is minic a bhímse na tig sin agus tá bratacha dubha anáirde aici le seachtmhain mar gheall ort. 'Sí a leas-mháthair a chuir sparaí iarainn rómhat."
Bhíodar ag pógadh an tseanduine is 'á choimeád go deo, ag tabhairt airgid is gach rud dhó. Dubhairt sé ná tógfhadh sé aon airgead ach an léine gur mhó a chuaidh d'á chuid fola innti a thabhairt dhó. Tugadh dó í, agus ní ghlacfhadh
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 14:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a coimeád ó'n dtig é. Dubhairt sí go mbeadh sí ag imtheacht nó go raghadh sí o'n Domhan Toir. D'imthig sí uirthi agus ní fada ó bhaile a bhí sí nuair a bhuail seana-bheainín bheag léi.
D'fhiafruig an tsean-bhean di cá raibh sí ag dul. D'innis an cailín an cúrsa go léir di tríd síos. Dubhairt an tseana bhean léi ná raibh aon spás ag mac an Rí sin 'á iarraidh ar an mbás ag a croidhe agus a haé a thabhairt chun a mháthar. D'eachtraig sí di mar gheall ar a leas mháthair agus na spáraí iarainn agus cionnus a shmiot sé é féin na gcoinne, agus go raibh sé i mbéal báis. Tháinig brón mór ar an gcailín.
"Seo buidéilín duit," ars an tsean-bhean. "Buailfidh seanduine leat láithreach agus loirg a chuid eadaig air. Nuair a raghair go dtí an Domhan Toir, leig braon d'á bhfuil sa bhuidéal isteach ins gach gearradh ann agus leighisfir é. Ná hiarr aon tuarastal ortha ach an léine gur mó a chuaidh d'á chuid fola innti a thabhairt duit. Tabhair leat abhaile í sin agus coiméad í, mar is ortsa atá gur tú a mhairbh é. Slán agus beannacht agat anois; mise do mháthair."
D'imthig sí uaithe agus bhuail an sean duine léi. Thug sí a culaith féin do'n sean duine agus thug seisean a chulaith féin dí. D'imtig sí roimpe gur chuaidh sí go dtí geata an rí.
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 14:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tig agus b'é an galar ceadhna é ins gach tig acu. D'fhiafruig sí sa tríomhadh tig cad é an chúis a bhí acu go léir uirthe. Dubhairt an bhean léi go raibh bean ag an Rí cheana agus go dtugadh sí cuid do gach béile dóibh féin a bhí bocht, agus nár thug sí féin faic riamh dóibh.
"O mo ghrádh sibh, ní raibh fhios agamsa go raibh aon bhean eile riamh aige," arsa bean an rí. "Níl aon lá eile ná go dtabharfhad díbh gach blúire bídh a fhanfaidh im' dhiaidh."
"An raibh aoinne clainne aige," ar sisean.
"Tá ingean leis sa chaisleán mhór úd thall is dáréag ban coinnleachta 'á faireadh," arsa an bhean bocht.
Tháinig fearg mór ar an leas mháthair.
Thagadh mac rí an Domhain Toir i bhfuirm seabhaic gach aon oidhche go dtí Inghean an Rí agus bíodh ceól a's rinnce a's cleachta acu. Chuaidh an leas-mháthair ag faire ortha oidhche. Dubhairt sí go ndeanfhadh sí díoghbháil éigin do mhac an rí. Tháinig sí agus chuir sí sparaí iarainn amach tríd an bhfuinneóig. Smiot mac an rí na gcoinne an chéad oidhche eile. D'fhill sé abhaile ar a mhathair. Ní raibh aon airce 'á iarraidh aige ar an mbás ach croidhe agus aé an chailín a thabhairt chun a mháthar. Is amhlaidh a bhí bratacha dubha anáirde ag an gcailín agus iongantas an domain uirthe cad
ball sinsearach (stair)
2015-11-13 13:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Eibhlís Bean Uí Cheárna sa Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Fuair sí é ó na hathair atá ag slánú a deich is ceithre fichid. Chuala seisean ón a athair é agus scéal fíor aosda iseadh é.
Bhí Rí ann fadó agus phós sé. Bhí aon inghean amháin aige agus nuair a bhí sí bliain d'aois cailleadh a máthair.
Ní raibh stad ná staonadh le déanamh ag an Rí nó go bhfaigheadh sé bean eile. Thóg sé Caisleán do'n ngearchaile agus chuir sé dáréag ban choinnleachta 'á faire. Chuir sé abhfad ó na chúirt féin í chun ná cídhfeadh an leas-mháthair í.
D'imthig an rí leis agus t'réis dhá lae tháinig sé dtí tig é ina raibh baintreabhach mná. Bhí beirt inghean aici. Dheineadar suas le chéile é agus pósadh iad.
Bhí trí cinn do thighthe bochta i mbéal dorais na cúirte. Lá amháin ghaibh an bhean amach agus shleamhnuigh sí i mbéal tighe acu.
"O Dia linn is Muire," ar sí.
"Ná raibh Dia leat ná Muire," ars an bhean istig.
Chuaidh sí go dtí an dara agus go dtí an tríomhadh
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 23:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Shín an fear úbhall mór go dtí an nduine acu ach níor thúisce coganta acu iad ná gur dhein dhá asal do'n mbeirt acu. Chuaidh sé ag marcuíocht ar an asal mór, agus bhuail sé isteach ina thig féin. Lá ar na mháireach bhí gairm-scoile curtha amach ag Rí na Cúirte ar lorg a inghean agus a chailín. Bhí scian trí ná chroidhe le brón, agus chuir sé amach scata marcach 'á lorg.
Thángadar chómh fada le tig an chleasaidhe agus siúd amach chúcha é. Phreab sé chúcha agus d'fiafhruig dóibh cad a thabharfhaidís do ach tuairisc ar an mbeirt a thabhairt dóibh. Dubhradar go dtabharfhaidís pé rud a bheadh uaidh.
"Téanam isteach liomsa anois agus inneósfhad an scéal díbh," ar seisean.
"An ndéarfá gur b'í sin t inghean agus a cailín," ar seisean.
"Ní chuirfhinn fed' thuairim go mbeidhfeá ag magadh fúinn," ars iad san.
"Fan go fóil agus neósfadsa díbh an ag magadh atáim," ars an cleasaidhe.
D'imthig sé síos is thug sé an t-ubhall beag le n-itheadh dóibh. Níor thúisce coganta acu iad nár dhein daoine dóibh airís.
D'árduig an Rí leis iad go sásta agus ba cuma leis cad a bhí caillte aige leó. Bhí an t airgead agus an tubháille ag an gcleasaidhe agus mhair sé go saidhbhir sásta as san amach.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 23:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhuail Oileán leó agus d'iarr sé ar an gcaptaoin é a chur amach ar an Oileán san. Cuir. Bhí sé ag feachaint ar an oileán, ach fuair sé amach ná raibh faic ag fás ann ach úbhla. Chonnaic sé ubhall mór dearg agus d'ith sé é le hairc is le hampla. Níor thúisce ithte aige é ná gur dhein asal dhó. Bhí meabhair duine aige mar sin féin. Rug sé ar úbhaillín beag lá le na bhéal agus d'ith sé é. Dhein fear do chómh luat is a bhí sé ithte aige. Bhí leigheas an scéil annsan aige.
Bhuail sé chuige ladhar mhaith dos na húbhla breághtha a's a gcothrom dos na húbhla beaga; ghaibh an t-árthach an bealach agus tógadh ar bórd é. Chuaidh sé i d-tír ar an dtráig a fhág sé. Bhuail sé suas fé'n mbaile mór. Chonnaic sé grianán mór, agus cailín óg anáirde ann.
Leath sé amach a chiarsúir agus na húbhla breághtha anuas ortha. Tháinig dúil ag an gcailín ionnta agus d'innis sí an scéal d'á máighistreás.
"Imthig ort síos a's ceannuig cuid acu," ars an máighistreás.
D'imthig sí, ach ní thabharfadh an fear shíos aon úbhall di.
"Abair led' mhaighistreás teacht anuas a's tabharfhad díbh iad," ars seisean.
Dhein sí amhlaidh.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 23:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Triúr dritheár a bhí i dteannta a chéile i dtig a's bhíodar beó bocht.
"Níl aon ghnó annso agamsa, baileóchad liom," ars an ceann óg.
D'imthig sé agus fuair sé lóisdín na hoidhche i dtig mór. D'éirig sé ar maidin agus chuaidh sé amach ar phort ag feachaint uaidh faid a radhairce. Chonnaic sé scuaine éan i mbéal na trágha agus rud éicin 'á tharrac ó chéile acu. Chuaidh sé síos. Seadh a bhí tubháille breágh acu. Bhain sé dóibh é. Cad a bheadh scríobhtha air an dtubháille ach go mbeadh a dhóithin bídh le fághail ag aoinne a leathfadh amach é.
Tháinig sé isteach sa tig. Leath sé amach an tubháile agus bhuail an-iongna bean an tighe nuair a chonnaic sí gach sórd bídh ag tuiteam ar an dtubháile nuair a leath sé amach é.
Bhuaile sé síos ar bhruach na trágha. Chonnaic sé árthach mór ag tarrac air adtuaidh. Shméid sé ar an árthach. Cuireadh bád amach agus tógadh isteach san árthach é.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 23:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"An bhfuileann tú id chodhladh, a Thaidhg," ars seisean leis an leanbh eile.
"Nílim in aon chor," arsa Tadhg.
"An bhfeacaís riamh biadh braimilleóige ag dul ar gort go dtí indiu," ar seisean.
"Ní fheaca mhuis," arsa Tadhg.
"Ce'cu is sine, tusa ná mise," arsa Dómhnall le Tadhg.
"Is fíor ná feadar," arsa Tadhg.
"Cecu is sine, tusa ná an ceó?"
"Is sine mise dhá uair."
"An cuimhin leat cath Mheadhbh," arsa Dómhnall.
"Is cuimhin go maith agus na seacht gcathanna a chuaidh roimis," arsa Tadhg.
Le na linn sin bhrathadar anál na mná leis an bpol[l] agus drondom eile níor tháinig as a bpus. D'imthigh an bhean 'on ghort agus d'eachtraig an scéal dos na fearaibh.
Thángadar abhaile agus rugadar ar challtar céachta agus bhuaileadar isteach sa teine é.
"Beirim do Dhia a bheirt an chliabháin go dtabharfhad loscadh dhíbh ná fuair aoinne riamh é." Thairring sé amach an calltar craorag agus ar fhéachaint tímcheall air [a] bhí an dhá crampaéir ag cur an doruis díobh.
Leath uair 'na dhiaidh san bhuail an bheirt garsún breághtha a t-úrlár aníos go dtí'n lánamhain, a mbeirt mhac féin agus iad in aois a dtrí bliana.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 22:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí bean fadó ann agus bhí beirt leanbh aici i gcliabhán. Cúpla ab'eadh iad.
D'eirigheadar suas go rabhadar bliadhain agus dhá bhliadhain d'aois agus ní raibh méid ná toirt ná crích ag teacht ortha. B'é an scéal ceadhna é an tríomhadh bliadhain. Bhí sí cortha cráidhte acu agus ní raibh fhios aici cad ba chuibhe ná cad ba chóir di a dheanamh.
Ghaibh alltach mná isteach chúiche lá agus do ghlaoidh sí i gcúiláisean uirthe agus thug cogar dí.
"Dá siabhra atá agat sa cliabhán in ionad do bheirt féinig," ars í.
Níor ghéill bean an tighe di cé go raibh sí in amhras gur dócha dur b'amhlaidh a bhí.
Tháinig lá Earraig agus bhí meitheall ag obair sa ghort d'fear an tíghe. Dhein an bhean corcán leitean agus d'árduig sí 'on gort í nuair a bhí sí ullamh aici.
Níor bhfada ó'n ndorus í nó gur chas sí ag faire ar bheirt an chliabháin. Chuir sí a súil le poll sa bhfalla i ngan fhios dóibh.
D'eirig duine acu aniar ar leath-uillinn.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 22:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Connus atá an oidhche a mhic," arsan Gárlach Coileánach le na mhac.
"Tá sí spéireannach réalthannach tirm, ceódhach reódhach fliuch agus í ag iompódh chun seaca," arsa an mac.
"Nach ait an chuma go bhfuil sí," arsan fear.
"Ní haite é ná an fheóil go léir a bheith na haé," ars an mac.
"Cad a bhéarfadh na h-aé í," ars an t-athair.
"Níor thug mo leasmháthair domsa ach an aé," arsan garsún, "agus dúbhairt sí liom gur b'aé ar fad a bhí innte."
B'fada é ag feitheamh leis an seans chun an leasmháthar a ghearán do'n athair, agus fuair sé an seans sa deire.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 22:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Leis an súghadh a thug an phiast do'n dtalamh shúghaidh sí chúiche amach an Breallsún. Má dhein bhuail sé siúd leis an gclaidheamh í agus níor bhfada gur shéid sí fuil shrón. Bhí an cuan lán d'fuil chraoireac dearg agus le buille eile do mhairbh sé an phiast, agus d'fag sé i mbéal na trágha í ag cartadh fola.
Bhí an gaisce dheanta ag an mBreallsún agus siúd isteach é agus mar an raibh sméideadh agus liúirig do, ní lá fós é. D'árduig an Rí leis é go dtí na phálas féin. Thug sé an cailín áluinn le pósadh do agus geallaimse duit nach raibh aon ghádh le na dhul ag tuilleamh a pháigh as san amach, mar b'é a bhí go saidhbhir gan easbadh ná gádhtar.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 22:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí ceathrar dritheár in aon tig amháin uair. Leath amadán breallsúnach ab'eadh duine díobh. D'imthigh sé do féin ag tuilleamh a pháigh a's gan a fhios ag aoinne cá raibh sé.
Bhí rí ar an gceanntar ina raibh an Breallsún ag obair. Bhí inghean áluinn aige agus sé an pláinéad a bhí aici ná go dtiocfadh piast na farraige agus go sloigfeadh sé í nuair a bheadh sí bliadhain a's fiche. Bhí an phiast le h'eirghe amuigh sa chuan chun í d'itheadh, a's bhí sé do gheasa ar an Rí an cailín a bheith na suidhe ar chathaoir ar an lá áirithe san ó's cómhair na trágha amach. Bhí an ríoghacht go léir bailighthe ar bhruach na trágha ag feachaint ar an óigbhean áluinn.
Ní raibh aon fhear sa ríoghacht go mbeadh sé do mhisneach aige tabhairt fe'n bpéist a mharbhú mar bhí fhios acu chómh cómhachtach nimhneach a's a bhí sí.
Bhí an cailín ina suidhe ar chathaoir ar bhruach na trágha agus í ag faire ar an oll-phiast a bhí le teacht chun í a shlogadh.
D'eirig an phiast amuigh. D'eirig an Breallsún istig agus rug ar a chlaidheamh
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 22:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'eirig sí chuige agus bhí sí ag gabháil do. Annsan chuimhnig sé ar Sheabhac na Faille Fuaire a's ar a cháirde eile agus ghlaoidh sé ortha. Tángadar chuige go tapaidh agus stracadar as a chéile an tSíamhá. Bhí sé sásta annsan.
D'oscail an fear doras i seómra ar chúl an tighe agus cad a bhí thiar ann ach triúr cailíní a bhí na bpríosúnaig ag an t-Síamhá.
"Ó Cabhair Dé chúghainn," arsa na cailíní. Thóg na cailíní suas a gcroidhe agus d'eachtraigheadar do'n bhfear.
"Thóg an tSíamhá sinne ó Chloch na mBáirneach agus sin ag baint bháirneach agus táimíd annso ó shoin," arsa na cailíní.
Ghléasadar suas iad féin, an fear agus an bhean agus na cailíní, agus shroiseadar an port go sábháltha.
Bhuaileadar isteach go dtí tig a muinntire thráthnóna. Bhí fáilte agus fiche ag a muinntir rómpa. Bhí tig mór groidhe tógtha acu as an airgead a bhí deanta acu ar an iasc agus bhí tamall maith ag an mac agus ag a mhnaoi ina bhfochair.
ball sinsearach (stair)
2015-11-12 22:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Cuirimse mar chleasa droma draoidheachta ort dul go dtí'n Domhan Toir mar a bhfuil m'aintín a's an caol each donn atá ceangailte do chúl dorais an stábla a thabhairt chúgham. Preab anáirde air ag teacht thar n-ais dhuit a's geallaimse duit ná beidh tú i bhfad ag teacht thar nais."
Tháinig sé go buaille an chailín agus í aige.
"Thair shuas anois ar mhullach na tortóige sin a's léim na staiceanna san síos a's suas," arsa an cailín.
Dhein sé amhlaidh gan mórán moille.
"Ó," ar sise, "tusa an fear a phósfadsa, agus ní phósfad aoinne do deó ach tú."
Chuir sí an scéal fé bhrághaid a hathar agus thoilig sé leis. Pósadh iad, agus is iad a bhí go sásta.
Maidean bhréagh d'imthigheadar beirt acu a's cóisde acu go raghaidís chun muinntir an bhuachalla d'feiscint. Sa tslíghe dhóibh do ghabhadar thar bhothar uaigneach cois fairrge.
Chonnaic an buachaill an taoide a's an uain ag eirghe amuigh sa bhfharraige.
"Ó Dia linn, tá an Siamhá ag teacht ar mo thóir," arsa an buachaill.
Bhí an uain ag eirghe chomh hárd leis na cnoic agus an Síamha istig innti. Le corp draoidheachta thóg an tSíomhá an lánamha isteach sa tonn léi agus isteach go dtí tig fé bhun na mara.
"Nára Dé do bheatha annso," arsan tSiamhá.