Líon iontrálacha sa taifead staire: 2568 (Taispeántar anseo na 500 ceann is deireanaí.)
ball sinsearach (stair)
2020-05-15 14:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Cat bhrátadh" - Tá an seachtmhadh mac den teaghlach gan ingean ar bith a bheith eatorra ábalta cuidde'n aicíd seo a leigheas. Caithfidh sé theacht go dtí an duine atá tinn roimh éirigh gréine agus a anál a shéideadh isteach trí h-uaire i na bhéal . Ní thig leis biadh nó airgead a ghlacadh ar a shon. Caithfear seo a dhéanamh trí mhaidin i ndiaidh a chéile.
"Ruadh" - Leis an 'ruadh' aitigheann dó lámh nó áit ar bith a thig an aicíd ort. Caithfear an leigheas seo a dhéanamh an uair an meadhon-oídhche. Bheirtear im dó'n duine atá ábalta an leigheas a dhéanamh. Théigheann sé ar a ghlúnaibh
ball sinsearach (stair)
2020-03-22 23:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
There is only one holy well in the parish. It is near a spot called Ard Ronan in Dromiskin. The people do not visit it on a certain day that I heard of.
there are no round performed or prayers said. there is no story told about it that I know of. the saint mentioned in connection with it is Ronan. No people have been cured there. there are no cures I can give an account of. There are no special diseases cured at the well.
I got this information from my mother.
ball sinsearach (stair)
2020-03-22 23:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar an phighinn amháin.
ball sinsearach (stair)
2020-03-22 23:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh Paide Tárluigh go Sasain am amháin agus bhí triúr fear eile leis. Tháinig siad go dtí droichead agus bhéadh pighinn le díol ag achan duine le fhaghail trasna an droichead. hí Paidí an láidir ins an am agus d'fhiafruigh sé do fhear an droichid an mbéadh an dath níos mó le díol aige dá mbíodh ultach leis agus dubhairt an fear leis nach mbéadh. Thionntuigh Paidí agus chuir sé an triur eile ar a dhruim agus fuair an ceithre aca thar an droichead
ball sinsearach (stair)
2020-03-22 23:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
rabh fhios ag duine ar bith acu go rabh an duine eile ar a chois is gur ghearr siad píosa de na brístí.
Annsin nuair a d'éirigh an fear ar maidin agus nuair a chuir sé air na brístí dó bhí siad ró goirid ar fad agus b'éigean dó fanacht isitigh ón t-Seipeal.
ball sinsearach (stair)
2020-03-22 23:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
hí fear ann am amháin agus bhí beirt inghin aige. Oidhche Shathairn do bhí ann agus d'iarr an fear ar bhean de na h-ingheanacha giota beag a ghearradh de na brístí a bhí aige nó go rabh sias ró fhada de fá choinne an Domhnaigh. Dubhairt sise na ghearradh, annsin d'iarr sé ar an dara inghean giota a ghearradh díobhtha agus dubhairt sí hach ghearradh.
Chuaidh siad uilig na luighe annsin agus tháinig truagh ar inghean amháin ag smaoitiughadh ar a athair nach mbeadh sé ábalta dhul go dtí an t-Seipeal agus d'éirigh sí agus ghearr sí píosa de na brístí agus chuaidh sí na luighe annsin.
Smaoitigh an dara inghean ar an rud céadhna agus d'éirigh sí agus ghearr sí píosa de na brístí agus chuaigh sí na luighe arais. D'éirigh an fear é fhéin agus ghearr sé píosa díobhtha agus chuaigh sé na luighe arais. Ní
ball sinsearach (stair)
2020-03-22 23:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear agus bean ina gcomhnaidhe ar an bhaile na chnuic timcheall dhá fhichead bliadhain ó shoin. Bhí an bheirt i dtolamh ag troid agus ní thiocfadh le duine ar bith iad a shocrughadh. Ní bheirfeadh duine acú ghreim le h-ithe dó'n duine eile.
Sa deireadh d'éirigh an bhean tinn agus bhí sí i dtolamh na luighe. Ní bhéirfeadh an fear gréim le h-ithe duithe agus fuair sí bás. Annsin dubhairt an fear "má bhíonn sí fhad ag Dia agus bhí sí agam-sa beidh sé cortha go leór duithe."
ball sinsearach (stair)
2019-08-27 12:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Coillte:
This field is the property of Mr Francis O'Hanlon, Lislea. It got its name from its wooded nature.
Garraidh Toirobhealaigh:
This field is the property of Mr Laurence Traynor in the Townland of Lislea. The name is pronounced "Garra Harley". Toirdhbhealaigh is probably the name of a former owner.
Collected by:
Patrick Fearon (14 yrs)
Lislea,
Omeath.
6-1-38
From his granny same address.
(68 yrs)
ball sinsearach (stair)
2019-07-17 14:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
de'n phlainc dhá throighthe ón talamh ar dhóigh go raibh fanaidh leithe isteach. Tógadh an chonair ón talamh annsin agus fágadh ar an cheann árd den chlár í agus sleamhnú isteach thar mhaide an dorais í annsin bhí an urcoid thart agus bhí cead ag gach duine dul isteach.
D'fhiafruigh mé an tráthnóna ceadna sin, is cuimhneach liom, do Sheaghan Ó Searcaigh seanduine de chuid na háite goidén tugdar a bhí aca leis an chonair a shleamhnú isteach mar sin agus é a fhreagair.
Dá dtabharfadh an corp isteach an toighe agus beithidheach chathair chos a bheith beo istigh go mbéadh toramh eile ag fagailt an toighe sin gan mhoill.
Seosamh Ó Gallchobhair, Bun Beag, Tír Chonaill.
ball sinsearach (stair)
2019-07-17 13:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá baile beag taobh thoir de Dhún Luithche a ngoirtear an Dún-ann air. Níl ann ach trí thoighthe. Talamh bocht caorann agus é teoranta le cnuic árda. Eidheann na buachaillí óga go hAlabain 'sa tsamhradh agus tig siad na bhaile arís san gheimhreadh.
san tSamhradh 1916 marbhadh buachaill óg breagh aca seo a bhí ag obair ar an mbóthar iarainn i nGlaschú agus tugadh a chorp na bhaile.
Is cuimhneach liom go soilear an tráthnóna a shroich an gluaisteán arabh an corp air teach pobail Dhún Luithche. hiomprú an chonair annsin míle go leith go shroich siad an baile. Thionntuigh muinntear na háite idir óg agus sean amach agus lean an tóramh no an shochraid, mar is gnathach, go dtáinig siad go teach na faire. Bhí mise, mé fhéin annsin agus seo iad na pisreógaí a chonnaic mé a chuir iongantas an domhain orm. Tugadh ordú an chonair a ligint síos cuig pherse ón doras. Rinneadh sin.
Chuaidh an dearbhrathair a ba shine annsin isteach an toighe agus thug ordú do gach duine a bhí istuigh idir óg agus sean dul amach, annsin cuireadh an cat agus an madadh amach agus hiarradh coimhead a chongbhailt ortha ar eagla go rachfadh siad isteach arís roimhe an chorp. Fuaras plainc annsin agus síneadh amach ón doras í. Tógadh an ceann amuigh
ball sinsearach (stair)
2019-05-16 17:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo sgéal a d'innis Seán Ó Gallchobhair damh aois 74 bliadhna.
As na Machaireacha é.
Seosamh Ó Gallchobhair
Sgoil na nGasúr
Doire Beag
ball sinsearach (stair)
2019-05-16 17:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fuair mé é seo ón mhaighistir
Liam Ó Gallchobhair
ball sinsearach (stair)
2019-04-12 20:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa t-sean aimsir agus go dtí na moillibh bheadh mórán greann agus plérácha da iomchar ar aghaidh ag farraigheacha go h-áiridh nuair a bhain (?) sean duine ar bhar a raibh a shaoghal caithte. Chruinniughadh an t-aos óg isteach i ndiaidh dhul a sholus agus ní chormochadh an mhór chuid aca go bóranacht an lae. Bheadh mórán cleas (?) da imirt aca. Thart a bhróg - Díol an
ball sinsearach (stair)
2019-04-12 20:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go luath is bheadh ceathrar tuirseach, bhí ceathrar eile na áit. Bhain an taobh i bhfos an rása. Níor fhan siad le geafta a fhosgladh ach chuir an choimhnair suas an bhalla na roillge agus isteach leo. Bhí siad i seilbh mar deirfea sul a dtainig an bunadh eile. Thoisigh an bhruigheann eadar an dá thaobh agus ghread siad a chéile. Chuir seo dúradh le coimhlint dul na h-uisge.
ball sinsearach (stair)
2019-03-03 13:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is iomdha deas agus nós a hí ag baint leis na hÉireannaigh fadó acht sílim go bhfuil oiread againn anois as bhí céad bliadhain ó shoin.
An Bhliadhain Úr. Ar oidhche an Nodlaig bheag, bheireann na daoine an méid uisge a bhíos a dhíth órthú isteach roimh luighe na gréine, mar deirtear go ndéantar fíon de'n uisge an oidhche sin, agus fágann siad bamhail de i dtaisce go dtí an mhaidín. Annsin ólann gach duine trí bholgam de, in onóir trí pearsan na Trionóide Ró Naomhtha. Deirtear gurh ar an lá seo a thionntuigh Íosa Críost uisce isteach i fíon ag Cana, ag an bhainfhéis.
Oidhche Féile Bhrighde. Nuair a thigeas Oidhche Féile Bhrighde gnidheann bunadh na háite seo móran crósanna, in ónoir an Naoimh seo.
ball sinsearach (stair)
2019-02-27 23:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Amadán is a follish kind of fellow.
2. Spideóg is a very thin poor child.
3. A hesgy (a thaisce) said to coax a person to do anything, or said in friendship.
4. A cailleach (cailleach) He is an old cailleach is he is a coward, or a bit of a woman.
5. Stad. He put a stad on him (stopped or prevent)
6. Bac. He put a bac to me (didn't let me)
7. Staigí. She is a staigy (a big mopish girl)
8. Stuairí. She is a sturey (a bold girl)
9. Pruiteal. He is a pritchel (a small fat boy)
10. Screistea. He is an old screata (a lazy man)
11. Straoil. She is a strale (an untidy woman)
12. Bordach a creel.
13. Poiríns from póirín (wee poatoes or wee eggs)
14. praisgín (apron)
15. A mhamaí. Sit down a mhamaí (said to a person or child)
16. Buachaillín buidhe yellow flowers.
17. Burdóg thorn flowers.
18. Sean foscadh a straw mat to the door to keep out the wind.
19. Clúdach She had a clúdach (covering) on her head.
20. Luchraman He is an old luc-ra-man (too much to say)
21. Risín She is an old rísín (said to a girl or woman)
22. Grís Ashes with hot cinders through them
23. Spágach big footed: spág = a foot
24. Dol a loop: gad = put a gad handle in a creel
25. Sugán He had a sugán on the horse (a seat)
ball sinsearach (stair)
2019-02-27 23:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An té a bhíos i bhfad amuigh fuarann a chuid air.
Ceannuigh sean rud agus bí gan aon rud.
Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithgiorra.
Scuabann scuab úr go glan.
Níl leaghas nó luibh i n-aghaidh an bháis.
Ná caith an t-suige salach amach go mbéidh an t-uisge glan istigh.
Is glas na cnuic i bhfad uainn ach más glas ní géarmhar.
Is goire cabhair Dé no'n doras.
Tuilleadh mine nó béidh do bhrachan lom.
Ní sheasann sac follamh.
Más olc maol is míle measa an mullach.
Cuir síoda ar ghabhar agus gabhar i gcomhnuidhe é.
Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
Is fearr an t-sláinte nó na táinte.
Ní thig síoda a dhéanamh as cluais muice.
Ná ceannuigh muc i mála.
Is fearr go mall nó go bráthach.
ball sinsearach (stair)
2019-02-27 23:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Meadhb Ní Ghabhann Caoldruim Gort a'Choirce
a sgríobh síos ó bhéal aithris eamoinn Uí Dhubhghain as an haile chéadna. Tá Éamonn 77 de aois agus chualaidh sé an sgéal ó n-athair féin.
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí rí in Éirinn aon uair amháin. Dubhairt sé go dtabharfadh sé a inghean le pósadh do fhear ar bith a d'innseochadh sgéal
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
amharc caidé'n dóigh a bhfuigheadh sé aníos.
Ní rabh sé i bhfad thíos gur smaoithigh an madadh ruadh ar chleas. "Seas thusa ar dó dhá chois cur dó dhá chois tosaigh ar an bhalla. Léimnigh míse ar dó dhroim agus amach thar an halla.
Nuair a bhíos mise amuigh tarraingeochaidh mé tusa amach ar greim aoirce. Nuair a fuair an madadh ruadh amach níor fhan sé le amharc caidé dóigh a dtiocfadh an gabhar bocht amach, agus b'eigean dó fanacht san tobar go dtí gur stiog sé leis an ocras.
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dó thuit madadh ruadh síos i dtobar uair amháin agus ní thiocfadh leis fághail aníos. hí ball árd thart fá'n tobar agus ní raibh poll nó stáire ann. Ní raibh sé i hfad thíós go hfacaidh sé gabhar ag gaháil an bealach. Sgairt sé air an ghabhar. Chuaidh an gabhar bocht síos gan
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh fear amach a bhaint féir lá amháin. Nuair a bhí sé tamall amuigh chuaidh sé a chur. Bhí sé ag gabháil ar fhósgadh, agus chuaidh duradán in a shúil, agus bhí sé ag iarraidh é a fhágháil as agus dubhairt sé "caor chasta ort an raibh áit ar bith agat le ghabhail ar fósgadh áit isteach in mo shúil."
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
20. Ní a ghoid nó a fhuadach a rinne sé é.
21. Is trom cearc i bhfad.
22. Is olc an síon nach maith d'aon/
23. Dhéanfaidh sé spuineóg no millfidh sé adharc.
24. Is maith an sgéaluidhe an aimsear.
25. Rachaidh a chliú áit nach dtéigheann a chos.
26. Gach éan mar oiltear agus gach gréasan mar ádhbhar.
27. Brógaí sa chliabhán agus máirtín sa lathaigh.
28. Rachaidh a chliú áit nach dtéigheann a chos.
29. Is uaine cliú duine nó a shaoghal.
30. Is minic a bhíonn's cú mall fhéin sona.
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tú ar an fhearsaid.
10. Cuairt ghearr agus é a dhéanamh go h-annamh an chuairt is fearr ar bith.
11. I ndiaidh na míonnaí is fearr na mná.
12. Ceann mór na céille bige.
13. Bíonn blas ar an bheagán.
14. Sgoirdeán eilit as gach altán agus éan as gach tom.
15. Foighid léigheas sean ghalair.
16. Ní innsigheann sean ghalar bréag.
17. Ní h-ionann a dhul na haile mhór agus a theacht arais.
18. Ní lá na gaoithe lá na scolb.
19. Ní ón ghaoith a thóg sé é.
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Ní féasta go rosadh
Ní céasadh go posadh
2. Ní uabhar uaisleacht
3. Ní easbhaidh ar bith go h-easbhaidh cáirde.
4. Ocht n-amharc ocht gcuimhne
5. Sgéal gan rún é ó chluinfeas triúr é.
6. Aithnightear cara i gcruaidhtean
7. Aithnigheann mórdheacht modhamlacht
8. An té nach nglacann comhairle glacfaidh sé comhraic
9. Amharc ar an abhainn sul a dtéighidh
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chruinnigh príomhoide na scoile na sean fhocla seo thall agus i bhfus fríd Chonndae Dhúin na nGall. Gach am le scór bliadhain anuas.
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear bocht ann aon uair amháin agus hí sgaifte páistí aige. Ní rabh bainne ar bith le fághal aca agus ní rabh bó ar bith aca fhéin. Tráthnóna amháin bhí an fear ina sheasamh ins an doras. Chonnaic sé bó dhubh ag teacht aníos an pháirc agus chuaidh sí na bhoithigh. Chonnaic siad í agus i gcionn cúpla bliadhain bhí cúpla gamhain aicí lá aonaigh amháin bhí an fear ag dul a dhíol na ngamhna. Chuir sé na gamhna síos an bealach mór. Ní rabh sé i bhfad síos go dtáinig an bhó dubh amach as an pháirc agus d'imthigh sí fhéin agus na gamhna amach ar an fhairrge mhór.
ball sinsearach (stair)
2019-02-26 19:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
phréacháin" mar ainm uirthí. Daoine a hí ag tarraingt learscáil na tíre thart fan cheanntar sin a ghearr an figiur ar an charraig.
ball sinsearach (stair)
2019-02-23 14:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá áit ar bhaile s'againne a dtugtar Loch Bheirrigh Mhaghnuis uirthí agus tá sé corradh le míle ar fad. Is mar seo a fuair sí a h-ainm. Bhí fear ar na Cruacha a dtugtar Maghnus na Feasóige mar leas ainm air agus bhí eallach ar féarach aige ar an bhaile s'againne.
Mach i ndeireadh na Bealtaine tháinig an triomlach agus fuaidh an t-eallach amach ag ól uisge, i mbruach na locha agus cailleadh ceann aca. O'n lá sin go dtí an lá indiú tugadh "Loch Bheirrigh Mhaghnuis" ar an loch.
Tá carraig ar an taobh thall den loch seo agus tá lorg cos préacháin geárrtha inntí agus tugtar "Cos an
ball sinsearach (stair)
2019-02-23 14:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fuair sí a h-ainm. Bhí fear i Mionachulláin san am seo darbh ainm do Seán na Míne agus ba ghnáthach leis án rud airgid a dhéanamh gach bliadhain ar stoc. Bhí adharc bolóige aige a bhí troigh ar fad agus bhí sé lán d'ór aige. Maidin amháin go h-an luath tháinig an tóir air agus rith sé leis an adharc go bruacha na locha agus chaith amach an adharc ann agus ó'n lá sin go dtí an lá seo ní bhfuair aon duine an adharc nó tuairisc ar bith uaithe. Tá an leac ann go fóill a d'fhág sé mar marc i mbruach na locha agus cros géarrtha inntí le sgian póca agus is mar sin a fuair an loch a h-ainm.
ball sinsearach (stair)
2019-02-23 14:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá loch ar an bhaile s'againne "Clochar na n-Gabhar" a dtugtar Loch Leac uirthí. Loch iongantach deas atá inntí agus is é seo an dóigh a
ball sinsearach (stair)
2019-02-23 14:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Teach Phobail a dhéanamh síos annsin. Rinne an sagart seo agus tógadh teach an phobail agus tugadh Cill na Spáinneach air ariamh.
ball sinsearach (stair)
2019-02-23 14:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
máthair bás agus cuireadh í. Bhí an mac leis fhéin annsin. Uair amháin chuaidh sé ar bórd luinge agus tháinig an long i n-éadan carraige agus báthadh deireadh a rabh inntí acht an fear seo. Shabhail na trí Abhé Mairia é. An oidhche sin tháinig teachtaire chuig an t-sagart ag iarraidh air a dhul siar go rabh fear ag fághail bháis. D'iarr an sagart ar an bhuachaill an ugham a chur ar an chapall. Ghréas siad agus d'imthigh siad ag tarrainbt ar an teach. Nuair a bhí siad thart fá spleinc mhothaigh siad an éagnach. D'iarr an sagart ar an bhuachaill an capall a chongbhailt go dtiocfadh sé aníos. Chuaidh an sagart síos agus chonnaic sé an fear ina luighe. Chuir sé an ola air. Dubhairt sé go rabh beilt thart air agus go dtabhairfeadh sé dó é agus
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 20:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí bean ann aon uair amháin agus ní rabh aicí acht aon mhac amháin. Bhí siad iongantach saidhbhir. Nuair a bhí an mháthair ag fághail bháis sgairt sí chuicí ar an mhac agus d'iarr sí air a dhul síos ar a dhá ghlúin agus geallamhaint a thabhairt díthe go n-deirfeadh sé trí Abhé Mairia a rádh gach h-uile maidín agus tráthnóna chuig an Mhaighdean Mhuire ag iarraidh uirrthí cuideadh leis. Fuair an
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 20:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní rabh ann acht caraidh agus leis na tuilteacha d'éirigh na clocha dubh leis an uisge. Annsin bhaist na daoine an Dubhchorraidh air agus Doire na Corradh ar an bhaile s'againne.
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 20:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní rabh ann acht caraidh agus leis na tuilteacha d'éirigh na clocha dubh leis an uisge. Annsin bhaist na daoine an Dubhchorraidh air agus Doire na Corradh ar an bhaile s'againne.
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 20:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo an dóigh a bhfuair Doire na Cradh a ainm. I bhfad ó shoin bhí an baile s'againne i na choillidh mhóir daraigh. Ní rabh droichead ar bith ar an Dubhchorraidh an t-am sin mar atá anois.
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 20:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na h-oifige. Nighfidh uisge mé arsa Conn. Ní nighfidh, ní nioghadh an bhóinn thú. B'éigean do Chonn a dul 'na bhaile agus é fhéin agus beirt Áirinnigh a bheith beó bocht ní ba mhó.
Tá áit síos ins na Rosaibh a bhfuil Coinn léim mar ainm air agus deir na daoine gur mac de Eóin a lean Conn agus léim Conn an áit seo agus d'fhág an fear eile é.
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 20:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"An tú fhéin a bhain an ceann dó" arsa seisean. "Leóga ní mé" arsa seisean ag toiseacht agus ag innse goidé mar bhí. Is maith liom arsa fear na h-oifige na an fear a bhain an ceann dó atá ag leis an airgead a fhághal. Chuir sé ceann Eóin ar na scáalaí agus thug an t-ór de'n fhear. Ag an dó dhéag a chlog tháinig Conn go dtí an oifig. D'fhiafruigh fear na h-oifige dó goidé a bhí leis. Ceann Eóin Ó Baoighill, arsa Conn.
An tú fhéin a bhain an ceann dó arsa fear na h-oifige. Is mé arsa Conn. Tabhair amach go bhfeicfidhme é arsa fear na h-oifige. Chuir sé síos a lámh sa mhála agus bheir greim cluaise ar an ghamhain agus tharraing aníos é. "Cloigean Críostaidhe a bhí ar Eóin" arsa seisean "ní cloigeann brúid a bhí air." "is cuma, mise a bhain an ceann dó." Tá an duais díolta annseo ó mhaidín. Thionntuigh sé ar shiubhal go feargach. Tá tú salach arsa fear
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 15:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
isteach i mála agus d'imthigh ag tarraingt ar Bhaile Átha Cliath.
Nuair a bhí sé fá giota do Bhaile Átha Cliath an oidhche lá ar na bhárach ann. Rinne sé amach go bhfuireochadh sí san teach a ba cpomhgaraidh dó. Ní rabh a nduine san teach acht fear agus bean nó bhí an chuid eile de'n teaghlach ar shiubhal ag áirnéal. Nuair a tháinig an mac a ba shine isteach chonnaic sé an mála caithte i gcionn an toighe. D'amharc sé air agus d'aithin gur ceann Eóin Ó Baoighill a bhí ann. Chuaidh sé amach 'boithigh agus bhain an ceann de ghamhain. THug sé leis mála eile. Bhain sé ceann Eóin amach as mála Choinn agus chur ceann an ghamhain isteach. Chur sé ceann Eóin isteach i mála dó fhéin agus d'imthigh go Baile Átha Cliath. Bhí sé annsin nuair a bhí an oifig ag fosgladh. Chuaidh sé isteach agus d'fhiafruigh fear na h-oifige dó goidé a hí leis. Ceann Eóin Ó Baoghill
ball sinsearach (stair)
2019-02-22 15:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ormsa na leigfinn dó aon nduine a chonnaic mé ariamh an fheasóg a bhaint damh. Le sin bheir an fear greim ar an rásúr agus sgríob sé fhéin an leiceann eile. Bhí sé deánta amach ag an fhear a bhí i n-Áirinn sop féir a dhóigheadh an lá a thiocfadh Eóin. Bhí fear Alt an Chorráin le dul isteach agus an ceann a bhaint dó agus an bhean a bhéadh sé aice leis an léine a fhuaghail. Ba ghnáthach leis peidhre gunnaí leis i gcomhnuidhe. An oidhche a tháinig sé d'fhuaghail an bhean an léine agus líon sí na gunnaí lán uisge. Las an fear a bhí i n-Áirinn an sop agus chuaidh an fear eile isteach agus tuagh leis. Nuair a chualaidh Eóin na daoine ag tarraingt air thug sé iarraidh ar an léine acht ní rabh sé ábalta. Annsin thug sé iarraidh ar na gunnaí acht bhí siad lán uisge. Tháinig sé isteach agus chaith an ceann dó Eóin. Annsin chaith sé an ceann
ball sinsearach (stair)
2019-02-20 21:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
reithe go dtí go dteachaidh siad as amharc agus an chuid eile ag sgairtigh air go a sáith aca diomainte dó. Nuair a d'imthigh sé níor leig an eagla dó dul na baile nó bhí duais amuigh an té a bhainfeadh an ceann dó go bhfuighfeadh sé trom an chinn de ór. Bhí seanduine thoir i Loch Barra agus ní rabh aige acht nighean amháin. Ba ghnáthach leis a bheith acasan agus fear eile a bhí i n-Alt an Chorráin agus fear agus bean a bhí istoigh in Áirinn. Nuair a thigeadh sé go Loch Barra bhainfeadh an fear a bhí annsin an fheasóg dó. Nuair a d'imthigh sé am amháin dubhairt an seanduine gurbh é a bhí amaideach na mbaineann an do'n fhear nuair a bhíonn sé ag baint na feasóige de. Nuair a tháinig sé arais d'iarr sé ar an fhear an fheasóg a bhaint dó. Nuair a bhí leiceann amháin sgríobtha aige bhí an cailín ag sguabadh an urláir. Níl fhios agam arsa seise, acht tá fhios agam dá mbéadh ceann óir
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 22:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus léim na mná suas ar na suidheacháin. Fuair siad greim arais uirthí agus tharraing sé an dara buille uirthí agus chuaidh sí ní ba mheasa annsin. Léim an fear a bhí i bhfolach agus hain sé tuagh amach as láimh an fhir eile agus níór leig an eagla dó aon nduine aca baint dó. Pháise mó shaoghaill a mhná arsa siadsan leis na mná. Cá hfuair sibh an siolpach bhréagh fhir seo. D'innis na mná an sgéal daobhtha. "Fanochaidh tú againne feasta" arsa siadsan. Fuaireochaidh cinnte arsa seisean. Bheir siad greim ar beathadach an eallaigh araist agus tharraing Eóin buille uirthí agus mharhuigh sé í. D'fhan sé aca ar feadh dá bhliadhain. Lá amháin bhí siad ag tarraingt ar theach agus scaifte caorach leobhtha/ D'imthigh reithe amach as an sgaifte. Lean cúpla fear duine é. Is cosamhail go rabh Eóin Ó Baoighill níos gaiste na an chuid eile. Lean sé an
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 22:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
eallaigh caithte síos annsin ag bun an urlair arsa seise agus cuirfidh mise i folach thú nuair a chluinfidh mé iad ag teacht. Ní rabh i bhfad go bhfacas iad ag teacht agus scaifte eallaigh leobhtha. Chuir an bhean i bhfolach é agus chaith na croicne san mhullach air.
Tháinig siad isteach agus thóg gach bean pláta preataí agus feola de na fear fhéin. Nuair a bhí a gcuid deánta aca thosuigh cuid aca ag caitheamh píopa agus thosuigh an chuid eile ag sgéalaidheachta.
Tamall na dhiaidh sin dubhairt fear aca na rah dadaidh fa choinne maidín lá ar na bhárach agus go rabh sé comh maith aca ceann de'n eallach a mharbhughadh. Chuaidh siad amach agus thug isteach ceann. hí adharca uirthí comh mór agus go rabh obair aca í fhághail isteach ar an doras. Annsin thug fear leis tuagh agus tharraing buille uirthí. Chuaidh sí ar mire fríd an teach
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 22:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhá chloigeann déag ban 'na suidhe thart fá'n teinidh. Bhí pota feola ar thaobh amháin de'n teinidh agus pota preataí ar an taobh eile.
Níor labhair duine ar bith leis. Chuaidh sé suas agus thug leis preata. "Shílfeá go bhfuil ocras ort" arsa duine aca.
Duhairt seisean go rabh. D'éirigh sí agus thug pláta feóla agus preataí dó. Nuair a bhí na préataí agus an fheoil itthe aige, d'fhriafuigh dó an rabh a sháith aige. Dubhairt seisean go rabh. Annsin dubhairt sí leis gur b'fhearr dó a bheith ar shiubhal nó go rabh dhá chloigeann déag fear ins an teach agus go mbíonn siad ar shiubhal ag goid eallaigh agus caorach. Chuaidh sé go dtí an doras agus bhí oidhche léanmhar ann. Má théigheam amach arsa seisean, marbh a bhéas mé ar maidin agus tá sé comh maith agam a bheith marbh istoigh le beith marh amuigh. Tá croicn
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 22:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhá chloigean déag ban 'na suidhe thart fá'n teinidh. hí pota feola ar thaobh amháin de'n teinidh agus pota preataí ar an taobh eile.
Níor labhair duine ar bith leis. Chuaidh sé suas agus thug leis preata. "Shílfeá go bhfuil ocras ort" arsa duine aca.
Duhairt seisean go rabh. D'éirigh sí agus thug pláta feóla agus preataí dó. Nuair a bhí na préataí agus an fheoil itthe aige, d'fhriafuigh dó an rabh a sháith aige. Dubhairt seisean go rabh. Annsin dubhairt sí leis gur b'fhearr dó a bheith ar shiubhal nó go rabh dhá chloigeann déag fear ins an teach agus go mbíonn siad ar shiubhal ag goid eallaigh agus caorach. Chuaidh sé go dtí an doras agus bhí oidhche léanmhar ann. Má théigheam amach arsa seisean, marbh a bhéas mé ar maidin agus tá sé comh maith agam a bheith marbh istoigh le beith marh amuigh. Tá croicn
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 22:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí ina chomhnuidhe ins na Rosaibh i bhfad ó shoin darbh ainm Eóin Ó Baoighill agus ba ghnáthach leis a bheith ag díol poitín. Lá amháin d'imthigh sé le lód poitín. Nuair a bhí sé ag teacht arais bhí an oidhche fliuch stoireamhail agus é ag cur go trom. Sa deireadh chonnaic sé solas beag istoigh i gcoillidh agus tharraing sé air. Nuair a chuaidh sé isteach bhí
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 22:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé a bhualadh le na chionn uirrthí comh tuigh agus thiocfadh leis. Ins an deireadh d'imthigh sí ina giotaí beaga agus ó'n lá sin go dtí an lá indiu Cloch an Tuill atá ar an áit sin.
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 18:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
nach rabh fhios aca caidé hí siad ag rádh leigeadh amach iad.
Phill siad na bhaile agus a seacht sáith de'n Bhéarla aca.
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 18:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chongbhuigh fear de'n triúr cuimhne ar na focla seo. Shiubhail siad leo giota eile gur casadh ortha fear a bhí ag rádh "two and sixpence."
Chongbhuigh an darna fear cuimhne ar seo. Shiubhail siad giota maith eile gur casadh ortha fear a bhí ag rádh "the sooner, the better." D'imthigh leo an tríomhadh h-uair, agus níór bhfada go dtáinig siad fhad le fear síonta maol marbh ar thaobh an bhealaigh mhóir.
Sheas siad ag coimhead air, agus gan mhothughadh tháinig na saighdiúirí aníos. D'fhiafruigh siad do'n dara fear "who killed the man." "us three" arsa'n chéad fhear. D'fhiafruigh siad do'n dara fear "what did you kill him for?" "two and sixpence" ar seisean. Dubhairt na saighdiúirí go dtábhairfeadh siad iad chun phriosúin. hal ars' an tríomhadh fear "the sooner, the better."
Tugadh 'na phriosúin iad, acht ní thiocfadh a dhath a dhéanamh ortha mar
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 18:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí triúr fear na gcomhnuidhe i n-áit éigin i dTír Chonaill. Chá raibh Béarla ar ith aca, agus d'imthigh siad go h-Albain dá fhoghluim. Ar dul 'na tíre sin dóibh, shiubhail siad leo, agus casadh ortha fear a hí ag cainnt le dhá fhéirmeóir.
Dubhairt fear aca "us three."
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 18:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chun toigh.
Cuireadh annsin í agus bhí Seán bocht iongantach mío-shásta leis fhéin.
Cúpla lá i na dhiaidh sin chuaidh na páistí amach aríst.
Nuair a bhí siad ag dul suas tarraingt ar an árd chonnaic siad an bhó a bhí marbh ag dul thart ar an árd. D'imthigh siad leó ag rith annsin. Agus iad ag sgairtidh "siud an bhó dhubh." Suid an bhó dhubh."
Nuair a chuaidh siad suas go dtí an t-árd ní rabh bó ar bith le feiceáil aca. Tugadh "Árdan na Bó Duibhe" ar an áit ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 18:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Séan. Bhí teach comhgarach de agus bhí páistí ins an dá theach agus nuair a thiocfadh siad na bhaile ó'n sgoil tráthnóna chuirtí amach iad a choimhéad an eallaigh.
Nuair a rachadh siad amach bhí ardán mór ag bárr páirce Sheáin agus bhíodh na páistí ag déanamh siopa agus toighe beaga ag bun an árdáin. Lá amháin bhí siad amuigh agus bhí bó dhubh ag Seán. Chonnaic siad í ag tarraingt ortha. Chuaidh sí thart ar an árdan agus síos an pháirc agus níór stad sí de'n rása sin gur ghlan sí na claidheacha de léim agus go dteachaidh sí isteach thíos i gcúl toigh Sheáin agus gur briseadh a muineál. Chonnaic a comharsan é. hí páistí Sheáin iongantach sganrigh agus ní thiocfadh siad anuas
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 16:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Shuas i mBaile na Finne tá seal bliadhanta, bhí fear i na chomhnuidhe ann darbh ainm
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 16:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Cormac agus bhí cúpla cú aige. Maidin amháin chuaidh sé amach a sheilg agus tháinig an ceó air. Shiubhail sé leis agus ní rabh fhios aige cá h-áit a rabh sé ag gahail. Sa deireadh chonnaic an cú giarrfhiadh agus d'imthigh sé ina dhiaidh agus d'imthigh an fear i ndiaidh na gconn agus ar maidin fuaireas Cormac an cú agus an giarrfhiadh marbh ag bun na beinne. Tá Beinn Chormaic mar ainm ar an bheinn ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2019-02-19 16:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(Séamus Ó Breanain as Sráith Chaisil a cheap, nuair a chuaidh sé go dtí an Oileán Úr fá thuairim dhá hichead bliain ó shoin. Fuair mé é ó Mháire Ní Thionánaidhe (25 bliain) Mín-an-tSamhaí.)
I measg Sléibhte Thír Chonaill mar seód glas
Tá gleanntán fíor-álainn in a luighe,
'Is fíor-ghrádh mo chroidhe-se do'n bhaoll sin
Ní féidir a choidhche a chlaoidh
'Sé mo ghrádh-sa grádh láidir an deóraidhe
Do'n áit a bhfaca mé an chéad uair an lá,
'N áit a chaith mé le pléisiúr m'óige
Go subhailceach, neamh-bhuartha gach tráth.
A ghleanntáin ghlais ghrianmhar na nóinín,
A bhaile bhig álainn na gcraobh,
A léanta tá breacaighthe le samharcáin,
'S a thigh hig ar imeall an fhraoigh,
Is orraibh-se a mheabhruighim go minic
Cidh gur fada ar shiubhal uaibh ariamh,
Ná ní laigheadann fhad talamh na fairrge
Fíor-ghrádh mo chroidhe na mo dháimh.
Is fíor 'as is fearamhail a mhuintear
A chómhnuidheas go suairceach annseo,
ball sinsearach (stair)
2019-02-14 23:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus tá sé le theacht ar na laetha seo. Anois arsa Deirdre tá mé ag cur a dith ort é innse damh nuair a thiocfas sé. Tamall gearr na dhiaidh sin bhí an bhanaltra síos an staighre agus rith sí suas arís agus d'innis sí da Dheirdre go rabh an fear shíos a rah siad ag trácht air. Naoise an t-ainm a bhí air agus bhí a bheirt dearbhrathara leis fosta, Ainle agus Ardan. Chuaidh an triúr suas chuig an tseomra a rah Deirdre ann agus d;imir siad cluiche fichile. Comh luath is chonnaic Naoise Deirdre thuit sé i ngrá léi agus thuit sise i ngrá leis. Ní rabh ann acht go rabh an cluiche críochnuighthe aca nuair a rith an bhanaltra suas an staighre ag innse dohtha go rabh Rí Uladh é féin ag teacht
ball sinsearach (stair)
2019-02-03 20:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
acht é féin agus annsin nuair a bheadh sí aois a pósta go bpósadh sí eisean. Bhí go maith agus ní rah go h-olc go rabh Deirdre ocht mbliadhna déag d'aois. Lá amháin bhí sí féin agus an hanaltra ag amharc amach ar fhuinneóg báirr. hí sneachta ar an talamh agus níor bh'fhada go dtáinig giorrfhiadh thart agus an chonairt na dhiaidh. Mharbh siad an giorrfhiadh agus tháinig cuid den fhuil ar an tsneachta. Níor bh'fhada go dtáinig fiach dubh thart agus thosuigh sé ag diúl na fola d'arsa Deirdre ma phosam-se aon fhear a choidhche caithfidh a choiceann a heith comh geal leis an tsneachta, a phluca comh dearg leis fhuil agus a ghruaig comh dubh leis an fhiach-dubh, bhal arsa an hanaltra níl ar an domhan mhór acht fear amháin mar sin agus tig sé annseo achan seachtmhadh bliadhain ag
ball sinsearach (stair)
2019-02-03 20:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin bhí Rí Uladh amuigh ag seilg agus chaill sé a bhealach agus tháinig sé fhad le teach bocht a rabh leanbh óg ann. Ar fheiceáil an leinbh don Righ ní dhéanfadh dadaidh gnaithe do acht an leanbh fhághail agus thairg sé na mílte punnta don mhathair agus mar bhí sí sanntach ghlac sí an t-ór. Thug sé an leanbh leis agus fuair sé banaltra le aire a thabhairt dí agus thug sé Deirdre mar ainm uirthi. Chuir sé de fhiacaibh ar an bhanaltra gan í duine ar bith a fheiceáil
ball sinsearach (stair)
2019-02-03 20:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
báitheadh í. Ar maidin lá ar na bharach fuaras an fearghamhain agus an mhuc marbh taobh le taoibh. Mharbh seisean an mhuc agus mharbh an mhuc eisean. Tá na trí mearóga a bhí léithi in a naprún le feiceáil os cionn an uisge go fóill.
ball sinsearach (stair)
2019-02-03 20:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
31. Ná mol agus na cáin an bárr go dtéigh an mhí meadhon amach.
32. Doigheann an t-uisge fuar an fallsóir.
33. Níor gabhadh ariamh iasg at fairrge nar gabhadh ceann eile comh maith leis.
34. An rud nach binn liom nach cluinim.
35. Caidé an cineal anlann a heas againn leis na preataí. An préata beag leis an phréata mhór agus an préata cóir leis féin.
36. Is minic a b'fhearr an timcheall na an aith-ghiorra.
37. Is mór sádhhailte an giarrfhiadh a imthigheas.
38. Is fearr bean mhaith na spré.
39. Seachain an greann a ghortuigheas creatúir eile.
Rann
Is spréadh ar an phósadh is mairg a ghnidheas é,
Is geal ar tús é, is dubh aríst é,
Is iomdha maighdean deas óg a chlaoidh sé.
A cionn ar a glúin is í i dtolamh síor-ghul.
ball sinsearach (stair)
2019-02-03 20:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
16. Binn béal 'na thost.
17. An glór nach dtuigeann an ceann is cuma é ann no as.
18. Is iomdha duine a tcí tú féin is nach bhfeiceann do bhoitheach.
19. Is measa fear ag an teine na beirt ag an tábla.
20. Crann na foidhne an crann is aoirde ins na Flaithis.
21. Fad is mairfhis síol mairfidh forsadh.
22. Ní comhairle na hainise an chomhairle is fearr.
23. Tá sé comh sean-aimsireach le cat a mbeadh póca air.
24. Sguab úr sguabann sí go maith.
25. Táthar ag dreim le muir acht níl le h-uaigh.
26. Ní fheicfidh duine dualagar in a shúil féin.
27. Níor thug Dia ariamh fios da mháthair féin.
28. Tá an gann-chuid milis.
29. Is deise troigh a chos na troigh a ghrab.
30. Marbh le tae agus marbh gan é.
ball sinsearach (stair)
2019-02-03 19:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Is olc an madadh nach fiú fead a dhéanamh air.
2. Is iomdha crann beag a d'fhás ar thalamh lom.
3. An rud a tcí an leanbh a ghnidheann an leanh.
4. Muna bhfuil bolacht ar chnoc agat. Lá suaimhneas ar sop agat.
5. Is minic a gnideas béal na huaighe maith dá bhéal na truaighe.
6. Ma cheannuigheann tú rud nach bhfuil a dhíoghbhail ort, díolfaidh tú rud atá a dhíoghbhail ort.
7.Éist mórán agus can beagán.
8. I maithe leis féin a dheineann an cat crónan.
9. Is fearr suidhe ar an sgáth na ar chlár fholamh.
10. Is ar a mbeasai a aithneochas tú na daoine.
11. Mhallaigh Dia an deifre.
12. An té a gheobhas a shaith saoghail gheobhaidh sé a shaith sgéil.
13. Is farsaing Dia sa chúmhgamlach.
14. Is doiligh olainn a bhaint da ghabhar.
15. Níor dhruid Dia ariamh doras nar fhosgail sé ceann eile.
ball sinsearach (stair)
2019-01-12 20:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dó sin arsa an comharsan na tá an solas is deise aige ins an stábla dá bhfaca mise ariamh. An mar sin atá arsa an maighistir agus ar a theacht isteach don ghasúr dubhairt an maighistir leis go gcuirfeadh sé chun báis é ar an bhomaite é muna dtéigheadh sé amach agus an solas a bhí aige ins an stábla a thabhairt isteach. Chuaidh an gasúr amach agus thug sé isteach an leabhar a rabh ribe na gruaige innti. Anois arsa an maighistir cuirfidh mise chun báis ar an bhomaite thú muna dtéigh tú agus an cailín ar fhás an ribe sin uirthi fhághail damhsa. Ní rabh fhios ag an ghasúr bhocht caidé bhí le déanamh aige. Agus chuaidh sé amach agus d'innis sé an sgéal uilig don chliobóg gorm. Ar ndóigh ar sise d'iarr mé ort gan baint don rud nach mbaineann duit." Gabh isteach agus fiafruigh don mhaighistir an leigfidh sé mise
ball sinsearach (stair)
2019-01-12 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dubhairt sí "ná bain don rud nach mbaineann duit." agus shiubhal sé leis fhad leis an stábla agus cheangal sé an chliobóg. Ní luaithe bhí sin déanta aige ná chuaidh sé ar ais san áit a bhfaca sé an solas. Caidé bhí ann acht leabhar bheag agus ribe gruaige istigh ann agus as an ribe seo a bhí an deallradh. Thug sé leis an leabhar agus d'fhág sé ar bharr an bhalla ins an stábla í. Bhí solas an-bhréagh aige annsin nuair a théigheadh sé amach le féar a thabhairt do na cliobógaí i ndiaidh theacht abhaile ón airneal. Oidhche amháin bhí maighistir an ghasúra istigh ag cainnt le comharsan nuair a tháinig an gasúr isteach agus rinne sé réidh deoch na gcliobóg agus chuaidh amach le í a thabhairt dobhtha fa na lámh. Nuair a chuaidh sé amach thoisigh an maighistir ag moladh an ghasúra a bhí aige "na anois" ar seisean " ní iarann sé solas na dadaidh eile acht féar agus deoch a thabhairt dobhtha fá na lámh" "o is furast
ball sinsearach (stair)
2019-01-05 19:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus bhí na trí clioboigí lán clibín. Chuir sé síos a chos ar an pholl agus thoisigh an chliobóg ag lig ? na coise, agus ins an deireadh leig sé é féin síos uilig. Thosuigh sé ag déanamh mór leis na cliobogaí agus ag piocadh na gclibín dobhtha agus níór b'fhada go rabh siad slíogtha sleamhain aige agus an stábla glansguabtha. Bhí achan rud ag dul ar aghaidh go maith annsin agus badh gnáthach leis an chliobóg ghorm a thabhairt amach leis achan tráthnóna fa choinne tamall marcaidheacht. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, acht tráthnóna amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile ní badh mhoille na mar ba ghnáthach leis chonnaic sé solas an deas in taobh an chasain agus é ag dul thart. D'iarr sé ar an chliobóg seasamh agus chuaidh sé go dtiocfadh sé anuas di. Labhair an chliobóg leis, an chéad fhocal a labhair sí ariamh
ball sinsearach (stair)
2019-01-05 19:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
beag agus deireadh an lae ann. Tháinig sé fhad le caisleán mór agus chuaidh sé isteach. Casadh an maighistir dó agus chuir sé ceist air caidé bhí dhíth air. Dubhairt an gasúr go rabh sé ag cuartughadh fastódh go cionn lae agus bliadhain, agus dubhairt sé leis nach mbeadh dadaidh aige le déanamh acht aire a thabhairt do thrí cliobogaí a bhí ins an stábla, acht nach rabh an nduine istigh san stábla le seacht mbliadhna agus nár glanadh amach é leis an oiread sin ama.
Maith go leor arsa an gasúr dhéanfaidh mise mo dhícheall.
Ba mhaith an mhaise dó, d'éirigh sé go luath maidin lá ar 'na bhárach agus chuaidh sé fhad leis an stábla agus suas ar a mhullach fhad le poll ar a gcuirtí síos fear agus deoch chuig na clioboigí. D'amharc sé síos agus chonaic sé na trí cliobóigí badh deise da bhfaca sé ariamh dhá cheann aca donn agus an ceann eile gorm. Bhí an stábla lán aolaigh
ball sinsearach (stair)
2019-01-05 19:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ní rabh ceachtar aca sásta dhul. Dubhairt siad uilig acht é féin gur bé an mab ba óige ba lugha a rabh le gnóthadh air san bhaile agus gur b'é a chaitheadh imtheacht. Bhal ar seisean. "Rachaidh muid uilig amárach agus cibé is moille a bheas ag teacht abhaile cead aige-san imeacht. D'aontuigh siad uilig leis sin. Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtáinig an trí a chlog lá ar na bhárach agus nuair a tháinig ní rabh a bhaireadh le cuartughadh ag ceachtar aca acht ar shiubhal leo sna mairbh-fháisgidh. Ba mhaith an mhaise don ghasúr a b'óige é. Bhí sé píosa fada roimh an chuid eile go dtáinig sé go gafta na páirce. Chuir sé ar a bhéal agus ar s hrón agus d'imthigh an chuid eile thairis. Ní dhearn sé acht éirigh in a sheasamh agus amharc fa dtaobh de, agus a chúl a thionnodh ar an bheile agus siubhal leis go rabh an abhainn
ball sinsearach (stair)
2019-01-05 18:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí sean lanamhain ann uair amháin agus bhí seachtar mac aca. Lá amháin bhí an t-athair amuigh ag spaisteoireacht thart fá loch agus chonnaic sé sgata lachainn ag snámh ar an loch. Bhí lach amháin agus ní leigfeadh an chuid eile dá gcómhair í ar chor ar bith. Chuir seo iongantas ar an tseachfhear agus chuaidh sé chuig seandall a bhí ins an áit le míniú an sgéil a fhághail uadh. "Ó is furast sin a thuigbheáil" arsa an sean dall. Chuir siad an ceann sin ar shiubhal le ádh a bheith ar an chuid eile. Bhal dá gcuirfinn-se duine de mo chuid mac ar shiubhal a mbeadh ádh ar an chuid eile. Bheadh cinnte arsa an sean dall. Shiubhal an sean-fhear abhaile agus é ag smaointiú ar an rud a chonnaic sé agus d'innis sé de bhean an toighe. Rinne an bheirt suas a n-inntinn sin a dhéanamh. Nuair a d'innis siad an sgéal don dream óg
ball sinsearach (stair)
2019-01-03 20:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé do phóca do chara
Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb
Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin
An rud nach gcuirtear san earrach ní bhaintear é san Fhoghmhar
Ar mhaithe léithe fhéin bíonn an cat ag crónan
Geimhreadh mór cruosach ? slugfaidh sé a bhfuighfidh sé.
Ní fhanann an trágh nó an t-am d'fhear ar bith
Is maith ? ag bó beo nó marbh
Ba mhinic a bhris béal duine a shrón
ball sinsearach (stair)
2019-01-03 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is fearr go mall ná go bráth
Is glas na cnuic i bhfad uainn
Ach má's glas ní féaramhail
Luair ? maith agus geobhair ? maith
Is fearr éan sa lámh ná beirt ar an chrann.
Nodlaig ghlas, roilig mhéir
Cuir síoda ar ghabhar agus gabhar i gcomhnuidhe é.
Ní thig leat olann a bhaint de ghabhar
An té nach bhfuil ciall aige beirfidh an saoghal ciall dó
Sé do mhac do mhac indiu ach sí do nighean do nighean go deo
Is beag ár sáin
Is gairid ár seal
agus tá Dia thuas go fóill
ball sinsearach (stair)
2019-01-03 14:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí triúr Éireannach ann aon uair amhain, bhí siad tughtha dho'n ól. D'ól siad an oidhche seo go dtí san deireadh nach rabh siad ábalta níos mó a ól. Annsin na trí gloinne deireannaigh chuir siad isteach i mbuideál iad agus tháinig siad abhaile agus chuaidh siad 'na luighe. Nuair a bhí sé anonn san oidhche bhuail tart ceann acu agus d'ól sé a rabh san bhuideál. Nuair a d'éirigh an bheirt eile chuir siad ceist ar an fhear seo caidé a tháinig ar an uisge beatha. O tá arsa seisean bhuail tart mise aréir agus bhí mo chuadh ar an tóin agus
ball sinsearach (stair)
2019-01-03 14:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cleas ceadhna. Dubhairt an bhean nár chuir sise amach duine ariamh. Chuaidh sé a luighe i leabaidh na cludaigh. Nuair a tháinig an buachaill isteach d'fhiafruigh sé cé a bhí san choirneál agus d'innis a mháthair dó. D'iarr sé uirthí í a mhusgladh agus a suipéar a thabahirt díthe. Ach leig sise uirthi fhéin go rabh sí 'na codladh agus ní íosfadh sí a dhath. Chuir an buachaill neart eadaigh uirthí ar eagla go mbíodh sí fuar. Ar maidín d'imthigh an cailín agus cúpla lá in a dhiaidh sin posadh í fhéin agus a buachaill.
ball sinsearach (stair)
2019-01-03 14:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cleas ceadhna. Dubhairt an bhean nár chuir sise amach duine ariamh. Chuaidh sé a luighe i leabaidh na cludaigh. Nuair a tháuinig an buachaill isteach d'fhiafruigh sé cé a bhí san choirneál agus d'innis a mháthair dó. D'iarr sé uirthí í a mhusgladh agus a suipéar a thabahirt díthe. Ach leig sise uirthi fhéin go rabh sí 'na codladh agus ní íosfadh sí a dhath. Chuir an buachaill neart eadaigh uirthí ar eagla go mbíodh sí fuar. Ar maidín d'imthigh an cailín agus cúpla lá in a dhiaidh sin posadh í fhéin agus a buachaill.
ball sinsearach (stair)
2019-01-02 19:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí beirt bhuachaill aice agus ní rabh fhios aice caidé an fear acu a nglacfadh sí. D'fhiafruigh sé dó'n mháthair cáid a ndéanfaidh sí agus dubhairt an mháthair leithe mála a thabhairt leithe agus dul a chruinniú. Chruinnigh sí an méid bratógaí a bhí 'san teach agus chuir sí uirthí iad agus nuair a bhí sí gléasta chuaidh sí go teach ceann de na buachaillí agus d'iarr loistín. Dubhairt an bhean a bhí 'san teach nach rabh siad ag coinnealt duine ar bith ach go gcoinneóchaidh sí isean an oidhche sin. Rinne sí sráideóg dithe agus chuaidh an cailín in a luighe. Nuair a tháinig an buachaill abhaile thúsaigh sé ag sgamháil agus bhí sé an midh-shásta le na mháthair cionnus gur choinnigh sí an bhean. D'éirigh an cailín le nabú an lae agus d'imthigh sí abhaile, agus d'innis an sgéal do'n mháthair. An oidhche in a dhiaidh sin chuaidh sé go teach an bhuachala eile agus rinne an
ball sinsearach (stair)
2019-01-02 19:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an fear amach in asgaidh.
ball sinsearach (stair)
2019-01-02 19:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann aon uair amháin agus goid sé muc ó'n sagart. Chuaidh sé ar fhoistín chuig an sagart ceadhna agus d'innis do gur ghoid sé muc. O! arsan sagart caithfidh tú é a thabhairt ar ais do'n fhear ar ghoid tú uaidh é. Bhurfidh mé duit í a shagart ma nglacann tú í. O arsan sagart ní ghlacaidh mise í. Bhal bhí ag dul a thabahirt do'n fhear ar ghoid mé uait í ach ní ghlacfadh sé í. Bhal má's fíór sin arsan sagart thg leat fhéin í a choinnilt.
Tháinig an fear amach annsin agus bhí an-lúthgháir air. Mharbhuigh sé an mhuc. Tamall in a dhiaidh sin fuair an sagart amach garab í a mhuc fhéin a ghoid sé ag tú ? sé an fear chun a dligheadh. D'fhostóidh an fear dlightheoir agus d'innis sé dó mar a tharluigh. Bhal arsan dlightheoir níl dóigh ar bith le fághail reidhthigthe ach seo. Gearr an mhuc ina dhá leath cothrom agus tabhair ceann aca damh. Annsin thig leath a rádh nach bhfuil comh beag as unsa de'n mhuc agat as a tá agam. Nuair a chuaidh sé isteach na cúírte mhionnuigh sé nach rabh comh beag is unsa de'n mhuc aige ná bhí ag an dlightheoir sin thall. Bhal arsan ghiustais níl cuid ar bith ag an duine bhreagh sin. Mhionnuigh an dlightheoir go rabh sé sin fíor agus fuair
ball sinsearach (stair)
2019-01-02 19:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fhad is mairfidh síol mairfidh foirseadh.
Má sheinneann an chuach ar chrann gan duilleabhar díol do bhó agus ceannuigh arbhar.
Na triosdáil a coidhche le hoidhche Fhoghmhair na le cailí (?) Domhnaigh.
Tig an fear ionraice 'na cuid fhéin am eighinteach
Geimhreadh mór craosach slugfaidh sé a bhfuighe sé
I gcúl a bhaic a thoisigheas an t-anró. Is doiligh a sáith de'n chorón a thabhairt do dhroch bhainteoir.
'E réir a chéile gnídhthear caisleán
Ní thuigeann an sathach an seang agus mar dtuigeann féin ní in am.
Níl aon seort amuigh nach nighfeadh uisge ach bean salach.
ball sinsearach (stair)
2019-01-02 19:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Na trí luighe is measa a rinne fear ariamh:
"luighe ó dhroch-theinidh
ar dhroch leabaidh
ag droch-bhean."
ball sinsearach (stair)
2018-07-28 14:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
As an líon a ba ghnáthach leo na cotaí a dhéanamh fosta. Bhruigheadh siad é an chead-uair le na fhágáil ar an bhealach mhór. Thosnuigheadh carrannaí aniar agus siar na mhullach. Na dhiaidh sin chuirtidhe chuig an mhuilteóir é leis an chlúmhdach a bhí taobh amuigh de a bhaint de. Nuair a bhíodh sin deánta leis thugadh na mná na bhaile é agus chárdaladh agus shníomhadh siad é. Chuireadh siad chuig an fhigheadóir annsin é le gréasán a dhéanamh de, agus 'na dhiaidh sin ghnidheadh cótaí, leabthacha camh, agus braithlíneacha de fosta.
ball sinsearach (stair)
2018-07-28 14:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is as sglimhas ? portaigh a ba ghnáthach leo a ndéanamh. Ghearradh siad an t-adhmad le seá, annsin plánaladh siad é le plán. Na dhiaidh sin chuireadh siad na cláirí i gcionn a chéile. Chuireadh siad fonnsaí de'n tseort cheadna ortha. Bhíthear ag deánamh na gcuinneóg an dóigh cheadna.
ball sinsearach (stair)
2018-06-22 15:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Na faoileógaí na luighe ar an talamh thirim.
2. An cat 'na shuidhe agus a thóin leis an teinidh.
3. An bheachóg ag eiteall trasna na fairrge.
4. An madadh ag ithe féir glas.
5. An chorr-mhonadh ag eiteallo'n fairrge agus ag dul 'na chnuic.
6. Fáinne ar an ghealaigh.
7. An súithche ag tuitim anuas an simléoir.
8. Na seilchididhe amuigh go fairrsing ar an talamh.
9. Na seangain eiteógach amuigh ag eiteall.
10. An dubhan-alla crochta anuas ó na ghreasán.
11. Na h-easógaí amuigh.
12. An rón ag snámh ag béal na tuinne.
13. Na muirlis ag gléas.
14. Madadh uisce ar an talamh.
15. Na cearca da gcluimhreadh fhéin.
16. Na fáinleógaí ag eiteall comhgarach do'n talamh.
17. An fhairrge thalaimh ar éirighe i gcúineas.
18. Fuaim ard ag Uaighe na Trágha.
19. Solus an oileáin ag soilliughadh ar an uisce trasna na srotha.
20. Toit na dtoighthe na luighe ar an talamh ísil.
21. An t-iasg beó ar an urlár i ndiaidh theacht ó'n fhairrge.
22. Cnuic Connachta go soilear lefeiceáil.
23. Na lachain ag screadaigh.
24. Na caoirigh ag éirigh ar an chnoc.
25. Na froganna ag teacht isteach 'na dtoightibh
ball sinsearach (stair)
2018-06-21 12:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ins an áit seo fadó agus níor thiúrfaidh sé píosa talmhan de'n sgart le h-aghaidh clois an Teach a' Phobail a dheanamh. Lá thosuigh é féin agus an sagart ag troid, agus dubhairt an sagart "go rachadh sé thart ar a theach féin bliadhain ó indiú." Oidhche bhí sé ag aonach Balla, agus doigheadh i dteach éicint é, agus chuireadh é shoir i Roilig Bréanáin. Chuaidh sé thart ar a theach féin. Tháinig abairt an sgairt fíor.
ball sinsearach (stair)
2018-06-21 11:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Maidin chiúin dár éirigheas amach faoi na coillte
Go cinnte caitheadh saighead tharm
A leigheas ní raibh le fághail,
Seadh dhearc mé an óig bhean meirigh
Faoi bruach na sceithe drainigh
Gheith mó chroidhe le méirig acht níor éirigh liom í faghail.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 09:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bunuigheadh é roimh 1590. Bhí saighdiúirí Cloinne Riocaird ann nuair d'ionnsuigh Aodh Ó Domhnaill Caisleán Bhaile Locha Riach agus in áit cuidiú le na Gaill i mBaile Locha Riach as go bráth leo go Baile na Cille. Tugtar an "t-an Rith Bhaile na Cille" air.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 09:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cruach na Míne
Páirc Ruaidh
Mullach na Muc
Cruac Ruad
Cruach Gráinne
Mullastran
Páirc a tSruthán
Droighnean
Curach Lean
Ard Mór
Ard a Mhullaigh
Molaid Ruad
Mollan Trí Beag
Mullac Scoilte
Caoran
Cruach na mBó
Mullach na Tóirneach
Cruach an Fir Mór
Cruach Loch a Duibht ?
Leachta
Ard Lean
Currach
Páirc Fada
An Garaid Beag
An Garaid Mór
Croc a Gheafta
An Ailt Mór
Currach na hEalte Móire
Ard na Glasgna
Croch Mór
Curraic Fada
Sruthan Geal
Crocha na Cóilleadh
Beanna ag Bun na dTní
Sruthan
Leitir an Anama
Cruacha Gearra
Páirc a Tobar
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 09:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ard na Blaosc
Coimead na Gearrach
Croc na gCasán
Ard na mBó
Párc Fhada
Páirc a tSruthán
Ard Aoibhinn
Ard Ó Tuthail
Páirc a tSléibhe
Páirc Ruadh
Mara Locan
Poll an Abhaille
Cro na gCaor
Min an Fhéidh
Brochac Mór
Brocac Glas
Gleann Lár
Mullach Tairnigh
Cairroigín Breac
Alt an Soc
Cás na gCapall
Poll a Stacín
Loch na mBraon
Ailt Mór
Croc a Molach Mór
Cro na Muc
Páirc Bán
Páirc a Droichead
Portach an Ailibhín
Carraig na nGearr-fhiadh
Croch a Traip
Arda Donn
Loch Salach
Gleann Bán
Mine Cór
Mullan Droichead
Carraig Mór
Croch Beag
ball sinsearach (stair)
2018-05-25 13:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Annsin an giota éadaigh a chur faoi na tamall.
Bhéadh biseach ar an bhó annsin.
Peadar Ó Briain, Árdaidh Bhig, Gort an Choirce, Tír Chonaill.
Is í Brighid Ní Bhriain a d'innis an dóigh leis an im a thabhairt ar shiubhal agus an léigheas, fá'n bhean a bhí thoir i mBaile na Bó. Pádraig Ua h-Árlaí a d'innis fá'n stócach a bhí ar fastódh ar an Lagan agus fá'n fhear as an Bhealtaine a raibh an capall leis. Máire Ní Bhriain a d'innis fán lánamhain a raibh an meathal acu.
Brian Ó h-Árlaí a d'innis fá dhearbhrathair 'Seán Jack', agus Éamonn Mac Ruadhrighe a d'innis fán tórramh i gCill Ullta. As an Árdaidh Bhig, Gort a Choirce Tír Chonaill uilig iad sin.
ball sinsearach (stair)
2018-05-17 19:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Ní tharann cruadhas go dtraaidh an t-earrach agus go rabh dhá uibh ag an fheannóig.
2. Sioc na sludán lán (ní bhíónn sé mairsteanach).
3. An treas lá de ghaoith adtuaidh bealach mór isteach go h-uaigh, ainm oileáin ar cósta Thírchonnaill. (Síochlocaidh an doineann le pásaid a dheanamh ann má gheamann an ghaoth insan aird thuaidh trí lá).
4. An Ghaoth anoir ndeas clia ? fhairge ciúin ar costa Thírchonnaill.
5. Ceann conafach ar maidin earraigh agus lá maith ó shin amach.
6. Nuair a thiocfas an samhradh dheanfaidh mé teach.
Nuair a tháinig an samhradh
ball sinsearach (stair)
2018-05-07 10:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin nuair a bhí Colmcille ag siubhail thart thuit cnaipe de na chóta. Chuaidh sé isteach i dteach a rabh tailliúir agus gréasaidhe ag obair ann.
D'iarr sé ar an tailliúir an cnaipe a fhuaghail agus ní fhuaghallfadh sé dó é. Annsin chuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe agus d'fhuagh an ghréasaidhe an cnaipe dó.
I ndiaidh sin nuair a pholladh an tailliúir a mhéar le na snathadh tigeadh sé fá thuilleadh air, ach is cuma caidé'n poll a dhéanfadh an gnéasaidhe ar a mhéir air ní thiocfadh sé fá thuilleadh air..
ball sinsearach (stair)
2018-05-03 17:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na teineadh nuair a chuaidh sí isteach. Chuir an bheirt fáilte roimpí agus thug cathaoir dithe ag an teinidh. Ní rabh fhios aicí goidé doigh a n-iarrfadh sí léigheas an dúileadáin ar Sheaimín, acht nuair a bhí sí tamall na suidhe ghlac sí misneach agus d'iarr sí ar Sheaimín an dúileadan a bhaint ar shúil a h-athara. Shaoil Seaimín gur greann a bhí sí a dhéanamh acht nuair a d'innis sí a sgéal chreid sé í.
Fuair sé bamhail fíor uisge agus d'fhág ar chathaoir é. Chuaidh sé ar a ghlúnaibh agus thosaigh a phaidreachas nó ag rámais de chineal eighinnteacht. Bhí sé ag corradh an uisge rith an ama. Bhain sé deoch amháin as an bhamhal agus nigh a bhéal leis agus chaith isteach sa bhamhal arís é. Rinne sé seo trí h-uaire agus an triomhadh uair sgairt sé ar Anna Morra (Nighean Roibeaird) agus d'iarr uirthi amharc 's a bhamhal. Nuair a d'amharc sí isteach bhí an aibhleóg a bhí i súil a h-athara istoigh 'san uisge. "Tá biseach ar d'athair anois" arsa Seaimín. Chuaidh an cailín abhaile agus bhí biseach ar a h-athair o'n bhomaite a rinne Seaimín an léigheas.
ball sinsearach (stair)
2018-05-03 17:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear gallda ina chomhnuidhe i Málainn Móir darbh ainm de Roibeaird Morra. Tráthnóna amháin las Roibeaird a phíopa agus chuaidh amach da chaitheamh. Bhí galadh maith ann agus nuair a bhí sé ag dul thart binn an toighe shéid an ghaoth an aibhleóg a bhruigh sé síos i gcionn a phíopa, agus chuaidh giota de'n aibhleóg dhearg isteach ina shúil. Bhí a shúil an nimhneach agus ní rabh sé ábalta rud ar bith a fheiceáil leithi, agus bhí pian iongantacht ann fosta.
An oidhche sin níor chodluigh sé néall. D'éirigh sé ar maidin agus chuaidh sé amach fan teach. Thug buachaill aimsir na comharsan fa dear é, agus d'fhiafruigh do goidé bhí cearr leis. D'innis Roibeaird do, fá mar tharluigh le 'na shúil.
Gabh annsoir Shéaimín Ó Beirne i nGleann Mhálanna arsan buachaill tá leigheas léigheas (órtha) an dúileadáin aige. Bhí Séaimín ina chomhnuidhe míle nó míle go leith ó theach Roibeaird agus bhí a shúil comh dona sin nach rabh sé abalta dul fhad leis, acht chualaidh nighean Roibeaird an rud a d'innis an buachaill do a h-athair agus go brathach leithi agus níór bhain sí a méar de a sróin go rabh sí i dtoigh Séaimín Chiteóige.
Bhí Seaimín agus a bhean na shuidhe cois
ball sinsearach (stair)
2018-04-21 20:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
siubhal.
An Ghraineog Fhéir
Duine ar bith a mbeadh deideadh air. Dá dtarraingeadh sé trí dhealg as an ghraineog fhéir le na bheul, thiocfadh biseach air.
ball sinsearach (stair)
2018-04-21 20:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chonnaic sé an giarrfhiaidh aníos agus arais ag teacht fá'n bhoitheach. Fuair sé a ghunna agus chuir sé píosa shé bpighinn isteach ann. D'fhan sé go bhfeicfeadh sé an giarrfhiaidh arios i ndiaidh tamaill chonnaic sé an giarrfhiadh agus sgaol sé leis agus bhí sé bacach. Ar toradh moille cuireadh fá choinne dochtúra go rabh bean agus go rabh cos nimhneach aicí. Tháinig an dochtúir agus bhain sé píosa sé bpighinn amach as cois na mnaoi. Cúpla lá dhiaidh sin fuair an bhean bás.
An Madadh Ruadh
Deirtear go bhfuil leighis i dteangaidh an mhadaidh ruaidh. Chuaidh gadhar i ndiaidh madadh ruadh lé amháin agus in deireadh an rasa chuaidh an madadh ruadh faoi chliabh. I ndiaidh tamaill tháinig fear fá choinne an chléibh agus nuair a chonnaic sé an madadh ruadh faoi an chliabh. Dubhairt sé gur fada a rith sé acht go fuaireadh greim air sa deireadh.
An Frog
Fad ó shoin nuair a bheadh deideadh ar dhuine gheibheadh siad frog agus cuireadh siad isteach in a mbéal é agus leigheadh an frog trí bheic as féin rachadh an déideadh ar
ball sinsearach (stair)
2018-04-21 20:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An giarrfiadh
An madadh ruadh
An frog
An ghrainog feir
An asog
An luchog
An broc
Deirtear nár chóir na dubháin atá ins an giarrfhiadh a ithe. Deirtear gur chóir an tom bán a bhaint ón ghiarrfhiadh sul a bheirtear isteach un toighe é.
Bhí fear na chomhnuidhe ins an bhaile mhór scór bliadhain ó shoin, thug sé fá dear nach rabh sé ag faghail oiread bainne ó'n a chuid eallaigh agus ba ghnathach leis. Lá amháin chomhaidh sé go bhfeicfeadh sé cá rabh an bainne ag gabhail
ball sinsearach (stair)
2018-04-15 16:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar an loch amháin a dh'iasgaireacht agus siabadh a siubhal iad agus ní bhfuarthas táisg nó tuairisg órtha ó shoin.
Fosda deirtear go rabh fear ag gabhail trasna an chnuic oidhche amháin agus ar maidin fuarthas marbh ag an loch é agus crios ór thart air.
ball sinsearach (stair)
2018-04-15 16:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá dhá loch amuigh i gcúl an chnuic agus bheir siad Loch an Óir agus Loch an Airgid. Deir siad go bhfuil pota óir i loch amháin agus pota airgid sa loch eile agus tá cat dubh ag coimhead a dhá phota. Deirtear go dteachaidh beirt fhear amach
ball sinsearach (stair)
2018-04-15 16:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Deirtear go bhfuil ór i dtaisge ar thalamh Sheáin Mhic Niallghuis ar an Gharbh Ros. Tá an t-ór istoigh i bpóta an-bheag agus tá an póta istoigh i n-abair agus tá sé an-doiligh fhaghail fhad leis.
Lá amháin chuaidh sgaifte fir agus rinne siad iarracht fhaghail fhad leis. Mharbh siad an cat ach tháinig sgaoi de phreacháin agus b'éigean do na fir theicead le na mbeo.
Lá eile rinne sagart iarracht eile fhad leis le spád, ach chuaidh bean de chuid na comharsan amach agus ní leigfeadh sé do a ghabhail fhad leis. Tá an t-ór ann go fóill agus deir cuid de na daoine go mbéidh sé ann go deo.
ball sinsearach (stair)
2018-03-15 22:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fadó, nuair a bhíodh bean ag blighe na bó agus í braon de'n cheud bhainne a dhóirteadh, dhéarfaidhe go mbíodh an bhó tirim roimh seachtmhain ó'n lá sin, agus corr uair fósta bhéadh sin fíor.
Seo sgéal i dtaobh droch amharc:
Bhí fear i n-a choimhnuidhe i Mín na Lárach aon uair amháin darbh ainm Pádraig Ó Briain. Agus bhí fear eile air an bhaile agus tá go fóill darbh ainm Seán Ó Gallchobhair, agus bhí eagla ar chách roimhe nó ghníodh sé droch-amharc ar rud éiginnteacht i ngach teach a dtéigheadh sé isteach ann.
Aon lá amháin tháinig sé isteach ar Phádruig agus cuinneóg bainne ghá bhuaileadh ar an urlár aige. Do tháinig Seán isteach agus shuidh suas
ball sinsearach (stair)
2018-03-15 22:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fa na gcoinne nuair a thiocfadh siad acht an rud céadna.
Nuair a bheitheá ocht nó naoi de bhliadhanta chuirfidh amach an t-Srath Bháin thú ar fástugh gan bróg nó stocaí ar do chos. Ní rabh carrannaí nó traentaí ar bith ag gabhail san am sin agus chaithfeadh siad siubhal amach an aithghiorra.
Nuair a thiocfadh siad na bhaile ar i gcionn sé mhí chuirfidh na sgoile arais iad ar feadh an gheimhridh.
ball sinsearach (stair)
2018-03-15 22:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is iomdha cruadhtan ag baint le muinntear na h-Éireann sa'n tsean am agus fósta amannaí go fóill.
Fad ó shoin ní rabh tae nó arán plúr ar bith le h-ithe ag na daoine. An chead uair a tháinig tae amach d'ith siad na duilleogaí agus chaith siad amach an súgh.
Sul a bhfuair siad amach an úsáid a bhí le tae chaithfeadh an duine a ba shine de'n teaghlach éirigh ar maidín agus poca preataí a bheith bruighthe aca nuair a d'éireochadh an chuid eile dé'n teaghlach. Nuair a bhéadh na páistí ag dul na sgoile chuirfeadh siad trí nó ceathar de phréataí i na bpóca fá choinne a ndinnéir, agus ní bheadh a ghach
ball sinsearach (stair)
2018-03-15 22:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an bád leo. Chuir siad síos ann sgealpach sa charraig é agus shábhail sin iad go dtí maidín.
Chonnaic daoine iad agus chuaidh siad amach ar maidín fa na g-coinne. Bhí siad cor a bheith marbh leis an fhuacht.
Tuile
Fad ó dhoin trí scór bliadhain ó shoin bhí tuile mór ann. Bhí sé ag cur agus tháinig an uisge anuas an sliabh.
Thug sé leis cruach féir agus clampaí mónadh. D'fhág sé clocha na luighe ar an talamh. Mhill sé an talamh uilig. Ní rabh barr ar bith ann an bhliadhain sin.
ball sinsearach (stair)
2018-03-15 22:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Doineann: Tháinig stoirm mhór ar an 28adh lá de Eanáir 1927 aon déag bliadhain ó shoin. Mhair sé cúpla lá. Cailleadh soithigh agus siabhadh ar shiubhal cruacha.
Bhain sé sglátaí ar shiubhal ó na toighthe. Bhí toirneach agus soillseacha leis. Marbhadh cuid mhór bá. Rinne sé poill mhóra amuigh ag na beanna ar an sliabh.
Nuair a chaithfea cloch chluinfea an tuaim ag bun an phoill. Bhí bád ag teacht isteach ó Ailt an Chorráin. Bheir an gálla uirthí léim na fir amach ar charraig agus d'imthigh an bád.
Thoisigh sé ag líonadh agus chuaidh an fhairrge suas go dtí na muinnéáil ortha. Bhí rámha amach as
ball sinsearach (stair)
2018-03-15 21:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Má thigeann duine no beathach ar an t-saoghal seo ar Dhomhnach Cingcise, sul a gheobhaidh sé bás muirfidh sé duine nó rud éigin eile. Bíonn na daoine seo iongantach crósta bheireann na daoine Cingcise ortha.
Níl sé ceart dul un na tragha an lá seo agus níl sé ceart do chos a ghearradh ar bhuideal nó beidh sé iongantach fada sul a gheobhaidh sé biseach. Níl sé ceart na bróga a bhaint díot an lá nó rud a shiubhlainn tú air an lá seo agus tú costarnocht ní fhasfaidh sé níos mó.
Má bhíonn tú brath eirighe go luath an mhaidin seo agus tú a bheith mallag éirghe béidh tú mall le gach aon rud atá tú ag déanamh fríd an bhliadhain.
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 19:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus déan cúpla tuirtín mhín - chuaidhghil a bhéidheas liom 'na cuirme. Chuaidh sí isteach agus rinne sí sin dó agus d'imthigh sé leis árd- tráthnóna 'na chladaigh, thóg amach croc an ime agus d'ith leis go rabh na tuirtíní itthe agus an maoil de'n chroc. Luigh sé siar annsin agus chodhlaigh a sháith.
Tháinig sé abhaile ag teacht an lae agus leig air go rabh sé bog-ólta i ndiaidh an bhaistigh. "c'ainm a thug sibh ar an pháiste agus caidé bhí ann." Páiste giorrsaigh agus tugadh an "Maoil" uirthí arsa seisean go leath-chrosta. "Maise nach gránna an t-ainm é sin ar pháiste ar bith" ars sise "Ná labhair focal amháin ars an madadh ruadh no sgubfaidh mé an cloiginn díot."
Cúpla lá 'na dhiaidh sin agus é ag cóirriughadh 'n chlaidhe os coinne an dorais sgairt sé amach arís Hoi! hoi! hoi! Caidé sin ort? arsa'n chorr. "Tá" ar seisean "fear thall annsin 'mo iarraidh le páiste a chongbhailt le baisteadh." "An bhfuair mise cuireadh?" arsa'n chorr bhocht ag amharc trasna'n chuan. "Cé bhéarfadh cuireadh duitse." ar seisean go feargach "Gabh isteach annsin agus déan cúpla tuirtín mhín - chuaidhghil damhsa agus bíodh siad níos doimhne na na chéad rudaí." Maise ar sise nach ??? iad a dhioghfadh amuigh duine amháin i dteaghlaigh ar bith, agus chuaidh siteach ag readhchain an bhidhe. D'imthigh sé leis árd-tráthnóna ag tarraingt 'na chladaigh
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 19:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Ainm: Máire Ni Choileáin
2. Seoladh: Gleannchoilmcille i dTír Chonaill
3. Aois: 31 bliana
4. Gairm Beatha: Múinteóir Scoile
5. Car tógadh í: Teidhleann, An Charraig i dTír Chonaill
6. Ainm an duine ó'r chualaidh iad: Peigí Ní h-Eigheartaigh (nach maireann)
7. Cá mhéad bliadhain ó shoin: 20 bliadhain ó shoin
8. Aois an duine eile: 60 bliadhain
9. An Áit Chomhnuidhe: Teidhleann i dTírchonaill
10. An Dáta ar sgríobhadh an sgéil: Eanáir 1936
Bhí madadh ruadh agus an chorr na gcomhnuidhe le chéile ag taobh an chladaigh agus teach beag ceann toigheadh aca. Bhí an chorr 'na bean toighe maith agus bhí croc mór ime deánta aicí réidh le h-aghaidh an mhargaidh, ach ní luaithe an croc lán nó tháinig sgeula go rabh cogadh le theacht agus cuireadh an croc i bhfolach i mbeul na trágha.
Lá amháin bhí'n madadh ruadh thuas ag cur tuighe agus sgairt sé amach Hoi! hoi! hoi! Caidé sin ort? arsa'n chorr. "Tá" ar seisean "fear thall annsin 'mo iarraidh le páiste a chongbhailt le baisteadh." Ar h-iarraidh mise?" arsa'n creatúr." Níor h-iarradh arsa'n madadh ruadh," ach gabh isteach annsin
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 14:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
28. Eallach ar crioth ins na boithigh
29. Dath eile ar chraiceann an chrónáin díge
30. Na géacha fiadhaine ag screadaigh
31. Cósda Chonnacht le feiceáil
32. Fáinne thart ar an ghealaigh
33. An rón ag teacht aníos go dtí an cladach
34. An gloine íseal
35. An fhainleóg ag imtheacht
36. Éighe dorcha go an-luath
37. Morán seilidí ar na claidhteacha
38. An mhuc ag cruinniughadh suipín sa chró
39. Stadann na cearca ag breith
40. Fear ag ceangail sugáin ar an teach
41. Na préacháin ag sgreadaigh
42. Nuair atá an chorr mhonadh ag gabhail go dtí an fhairrge
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 14:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. An madadh ag ithe féir
2. Néaltaí dubha sa spéir
3. Na cnuic comhgarach
4. Ceo ar na cnuic
5. Tuar ceatha sa spéir
6. Cat comhgarach do'n teine
7. Na faoileogaí ag sgreadaigh
8. Cat ag nigheadh a aghaidh
9. Cat ag sgriobadh an tábla
10. Bládhairí glasa ar an teine
11. Stríoca dubha ins an fhairrge
12. Séideamh anuas san t-simléir
13. Cuireann an t-asal a chul leis an ghaoith
14. Dath gorm ar an fhairrge
15. Na carraigeacha ag soilliughadh leis an ghréin
16. Na ba an-fhuar
17. Na preachain ag eiteallaigh go h-íseal
18. Dath ruadh ar na cnuic
19. Cubhar bán ar an fhairrge
20. Na lachain ag buaileadh a gcuid eitleog le chéile
21. Na cearca faoi na crainn
22. Gaoth mhór ag séideamh
23. An spideóg ag gabhail isteach ins na toighthe
24. Na caoirigh ag gabhail siteach faoi an bhruach
25. An coirce buailte síos ins an talamh
26. An rón a bheith ag caoineamh
27. Cleite amháin síos ag circe
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 11:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do agus buaidhreadh an t-saoghail do na teaghlacha nach dtug loistín do.
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 11:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí Íosa, Muire agus Ioseph ag siubhail ar an bhelach mhór lá agus thainic cuid saighdiúirí ??? ortha ag iarraidh Íosa do chur chun báis. Thóg Muire léithe an leanbh agus theich sí. Tháinig sí fhad le teach agus d'iarr ortha lóistín a thabhairt dobhtha acht dhiúltaigh siad í. Dhúiltigh í i gcúpla teach. Annsin tháinig sí fhad le teach a rabh leanbh beag ann agus bhí aicid creathnach air. D'iarr Muire loistín sa teach sin agus thug siad loistín dóbhtha agus nuair a chonnaic Muire an aicíd a bhí ar an leanbh bhí truagh aicí dó'n már mháthair agus fuair Muire uisce te agus nigh sí Íosa ann. Ansin d'iarr sí ar an mháthair an leanbh a rabh an aicid air a nigheadh ann. Nuair a rinne sí sin d'imthigh an aicid go h-uile. D'fhan Muire agus Íosa cúpla lá. Dubhairt Íosa annsin go dtabharfadh sé Grásta Dé dó'n teaghlach a thug loistín
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 11:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
arbhair chuir siad ceist ortha an bhfaca siad Íosa. Dubhairt siad go bhfaca siad é an lá a cuireadh an t-arbhar. Shíl na saighdiúirí gur b'é sin cúpla mí ó shoin. Acht bhí dreoilín ins an arbhar agus dubhairt sé gur inde a cuireadh é agus bhí fhios aca annsin nach rabh Íosa i bhfad ar shiubhail agus lean siad é agus ghabh siad é.
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 11:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin bhí saighdiúirí i ndiaidh Naoimh Stiofán agus chuaidh sé i bhfolach i gcrann agus bhí dreilín ins an chrann. Nuair a tháinig na saighdiúirí fhad leis an chrann a rabh sé ann shuidh siad faoi agus i ndiaidh tamaill léim an dreoilín as an chrann agus chuir sé sgannradh ar na saighdiúirí agus d'amharc siad suas agus chonnaic siad an Naomh agus mharbh siad é. Sin an fáth go bhfuil droch-mheas ar an dreoilín.
Sgéal eile fá'n dreoilín. Bhí Íosa ag siubhail i gcuibhreann arbhair lá amháin. Cuireadh é an lá sin acht dubhairt sé go mbéadh sé apuighthe amárach. Bhí na saighdiúirí ar a thoir agus nuair a tháinig siad fhad leis na fir a bhí ag baint an
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 11:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin bhí saighdiúirí i ndiaidh Naoimh Stiofán agus chuaidh sé i bhfolach i gcrann agus bhí dreilín ins an chrann. Nuair a tháinig na saighdiúirí fhad leis an chrann a rabh sé ann shuidh siad faoi agus i ndiaidh tamaill léim an dreoilín as an chrann agus chuir sé sgannradh ar na saighdiúirí agus d'amharc siad suas agus chonnaic siad an Naomh agus mharbh siad é. Sin an fáth go bhfuil droch-mheas ar an dreoilín.
Sgéal eile fá'n dreoilín. Bhí Íosa ag siubhail i gcuibhreann anbhair lá amháin. Cuireadh é an lá sin acht dubhairt sé go mbéadh sé apuighthe amárach. Bhí na saighdiúirí ar a thoir agus nuair a tháinig siad fhad leis na fir a bhí ag baint an
ball sinsearach (stair)
2018-03-10 11:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin bhí Íosa agus Muire ag siubhail ar an bhealach mhór le chéile. Nuair a bhí siad-san tamall ag siubhail tháinig tóir saighdiúirí ag iarraidh Íosa do chur chun báis. Acht nuair a chonnaic Íosa iad thionntuigh sé é féin isteach i n-uan agus thoisigh sé ag ithe i gcois an bhealaigh mhóir agus shiubhail Muire léithe agus d'imthigh na saighdiúirí chomh thuigh agus tháinig siad.
ball sinsearach (stair)
2018-03-07 23:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fhág an tír seo ariamh. Fuair Pádraic Mac Niallghuis an sgéal céadhna ar an Chaiseal, Baile Fearann comhgharach do Chill Fanaid.
ball sinsearach (stair)
2018-03-07 23:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ins an Ghleann seo uair amháin agus bhíodh sé fhéin agus fear ag goid rudaí ó na toighthe.
Lá amháin tháinig an tóir air agus tháinig sé fad le abhainn agus léim sé trasna na h-abhna. Bhí bean in a seasamh ar an taobh eile de'n abhainn agus dubhairt sí, "Is maith do léim," agus dubhairt an fear, "Ní mór, ach an rása a thug mé aon is fiche míle," agus annsin d'imthigh an fear.
Nuair a bhí sé trí fichid bliadhain chualaidh sé go rabh lutha le bheith thall i Sasain. D'imthigh an fear anonn go Sasain agus bhain sé na rásaí agus ní rabh fear ar bith comh maith leir ag léimnigh.
Bhí fhios ag na Sasannaigh nach rabh sé cosamhail le fear eile.
Rith siad i na dhiaidh agus fuair siad greim air agus mharbh siad é.
Nuair a bhí sé marbh d'fhosgail siad é agus chonnaic siad go rabh eiteogaí ar a chroidhe.
Ghlac Pádraig Mac Giolla Easbuic an sgéal seo síos ó na athair Séamus, fear meadhaon aosta as an Chill Fanaid. Feirmeoirí iad nár
ball sinsearach (stair)
2018-03-07 22:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ins an Ghleann seo uair amháin agus bhíodh sé fhéin agus fear ag goid rudaí ó na toighthe.
Lá amháin tháinig an tóir air agus tháinig sé fad le abhainn agus léim sé trasna na h-abhna. Bhí bean in a seasamh ar an taobh eile de'n abhainn agus dubhairt sí, "Is maith do léim," agus dubhairt an fear, "Ní mór, ach an rása a thug mé aon is fiche míle," agus annsin d'imthigh an fear.
Nuair a bhí sé trí fichid bliadhain chualaidh sé go rabh lutha le bheith thall i Sasain. D'imthigh an fear anonn go Sasain agus bhain sé na rásaí agus ní rabh fear ar bith comh maith leir ag léimnigh.
Bhí fhios ag na Sasannaigh nach rabh sé cosamhail le fear eile.
Rith siad i na dhiaidh agus fuair siad greim air agus mharbh siad é.
Nuair a bhí sé marbh d'fhosgail siad é agus chonnaic siad go rabh eiteogaí ar a chroidhe.
ball sinsearach (stair)
2018-03-07 22:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Chuaidh sé thairis féin rud beag."
Deirfidh seo fa fhear a rachadh rud beag as a stuaim. Tá'n rádh seo coitcheann fa na h-oileáin go h-áirid in OIleán Ghabhla.
ball sinsearach (stair)
2018-03-07 22:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
stiallta, agus chóirigh sé iad. Rinne sé saghart d'fhear amháin, agus dlightheoir do'n fhear eile. Bhí an bheirt ar an bhainis aige, agus mhair an bhainis lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach ní b'fhearr ná an chéad lá.
ball sinsearach (stair)
2018-03-03 16:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I bhfad ní chaithfeadh duine ar bith bróga óg nó aosta go dtí go saothrochadh siad a luach. Bheadh siad ar an sgoil fíor cor lá go mbeadh siad naoi mbliadhna. Annsin d'fhágadh siad an sgoil agus d'imtheochadh siad soir chun na Lagain agus chuirfeadh siad isteach seasúr annsin. Gheobhadh siad dhá phunnta san t-seasúr agus b'fhéidir níos lugha corr-uair. Ceanneochadh siad na bróga ar an Lagan agus bheadh siad ortha anoir. Ní bheadh na bróga an t-am sin ach cúig sgillinge.
Sé an cineál bróga a bheadh ionnta - rudaí móra (fada) árda, agus ní bheadh gléas céangailt ar bith ortha. Bheadh siad déanta de leathair ach amháin ins na taoibheanna - "lastic" a bheadh ins na taoibheanna san dóigh nach mbeadh a dhath le déanamh ach a gcosa a saitheadh isteach ionnta. Ní h-ionann an uair sin agsu anois tá bróga ortha anois sul a bhfágfaidhe siad an cliabhan.
ball sinsearach (stair)
2018-03-03 15:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
caitheamh ar an chomhnair.
Tá áit ins an roiligh úr fá choinne páistí nach bhfuair baisteadh ach níl ainm ar bith ar an áit sin.
ball sinsearach (stair)
2018-03-03 15:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá dhá roilig sa parróisde seo anois. Is le na protastúnaigh ceann amháin acu agus is le na Caitlicigh an ceann eile. Ta siad taobh shoir de'n teach pobaill. Ta déanamh cearnógach ortha, agus tá siad ag dul le fánaidh. Níl sean chrosanna ar bith ins an roilig úr, ach tá ins an t-sean cheann a bhí ann roimh an ceann seo.
An duine deireannach a cuireadh ins an t-sean roiligh athair Sheáin Mhóir. Chuirtí Protastúnaigh agus Caitlicigh san roilig. Ní théigheadh an sagart go dtí an uaigh, ach chuirfeadh sé anonn beagán creafóige coisreactha le
ball sinsearach (stair)
2018-03-03 12:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá dhá reilig sa pharóiste anois. Tá siad suithte taobh thoir de na Cealla Beaga. An reilig phrotastunach agus an reilig chaitliceach. Coisreachad í sa bhliain 1872 agus sé an rut atá uirthí MOCCCLXXII. Ba é an t-easbuig Mac Devitt agus an t-Athair Stephenson a chosicrigh í. Cuirtear daoine ins an dá cheann. Tá siad cearnogach. Tá fanaidh leo o dheas. Tá crainn go leór annta. Tá áit ins an reilig úr fá choinne leanbhaí a fuair bás gan baisteadh.
Tá sean reilig taobh thiar theas de na Cealla fósta. Ba leis na Caitlicigh í ar tús ach bhain na Protastúnaigh uatha í. Annsin chuir na Caitlicigh agus na Protastunaigh a muinntear ins an reilig chéadhna. An Caitliceach deireanach a cuireadh ann tá a mhac beo go fóill ins na Cealla. Dochtartach an t-ainm a bhí air, agus sé an fágh gur cuireadh ins an sean-reilig é, an athchuinge deireanach a d'iarr sé le bheith curtha le na bunadh. An chéad duine a cuireadh ins an reilig úr, bá phaiste beag é dar bh'ainm Connolly. Bá athair mór m'athair an seachtmhadh duine a cuireadh ann.
ball sinsearach (stair)
2018-03-02 19:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhíos dearglach le luighe na gréine ann sin comhartha an-mhaith ar an aimsir.
Nuair a bhíos dearglach ins an spéir thig triomlach, cruadhlach agus an ghaoth anoir acht ní thig boglach ar bith.
An ghrian comh dearg le meadar fola sin aimsir mhaith.
Má híonn an spéir dearg le luighe gréine tráthnóna samhraidh sin comhartha go mbéidh lá maith ann lá thar na bhárach.
Nuair a bhíos an tormán ar an fhairrge deich míle soir uainn sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ag teacht.
Nuair a thig splanncanna ins an spéir ó cheann Taobh Léithte go Corrán Binne bíonn cruadhalach air.
Má fheiceann tú Poll a' Ghoill, sé sin, Gunna Mac Suibhne ag Corrán Binne ag scéardadh anáirde bhí ag dreim le doininn.
Nuair a bhíos spéir lomairt na caorach agus breacadh an scadáin agus an mhurlais ann sin comhartha mór boglaigh (scamaill bheaga cosamhail le lomairt caorach).
Na cadhain: nuair a tchí duine iad ag gabháil na gcnoc sin comhartha doinninneacht nuair a bhíonn siad ag tarraingt ar an fhairrge aimsear mhaith a bhíonn leo.
Nuair a bheas an chorr-mhónadh ag an fhairrge agus nuair a thig droch-athrú air imthigheann
ball sinsearach (stair)
2018-03-02 19:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Gníthear cafraidh amach as sillíní coirce agus seo an dóigh a gnítear iad. Cuirtear iad isteach i dtubán agus cuirtear uisge orra. Nuair atá siad dhá oidhche ins an tubán baintear an t-uisge daobhtha agus cuirtear í bpota iad agus cuirtear bainne orra annsin cuirtear an pota ar an teine agus nuair atá siad aon uair amháin ar an teine tógtar iad agus cuirtear amach i plátaí iad agus ithtear iad annsin.
ball sinsearach (stair)
2018-03-02 19:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá mo theach in a shuidhe ar thaobh roilige agus fuair Cill Mhic a Lagha a ainm ó'n roilig seo. Níl an roiligh seo le feiceáil anois mar bhain mo shean athair é ar shiubhail agus níl crosanna ar bith le feiceáil anois. Bhí an roilig seo cosamhail le páirc agus bhí claidhe thart fá dtaobh do agus bhí crann beag deas i lár na roilige agus tá an crann le feiceáil go fóill.
ball sinsearach (stair)
2018-03-02 19:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear 'na chomhnuidhe ag Caisleán na dTuatha uair amháin. Maol Muire an t-ainm a bhí air. Bhí bata mór aige, bata buidhe an t-ainm a thug sé ar an bhata mór seo. Achan lá de'n bhliadhain thug Maol Muire leith phunta íme do'n bhata ar maidin agus an leith eile do ag am dinnéara.
Bhí an bata seo mór agus láidir agus achan duine a bhuailfeadh sé leis an bata gheobhadh siad bás. Aon lá amháin tháinig fear as Corcaigh le Maol Muire a fheiceáil agus bhuail Maol Muire é agus fuair sé bás. Fuair Maol Muire bás thall ins na Gleanntaibh agus níor chuireadh é san uaigh mar droch fhear a bhí ann agus annsin tháinig na preacháin agus d'ith siad na súile agus an cheann de.
ball sinsearach (stair)
2018-03-02 19:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dubhairt sé gur'b leis a sgilling agus annsin chuir an fear eile ceist air "an rabh póll in do sgilling" dubhairt an fear eile go rabh agus annsin dubhairt an dara fear nach rabh póll ins an sgilling a fuair sé.
ball sinsearach (stair)
2018-03-02 19:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bocht i gcruadh cas agus ní rabh fhios aicí caidé le déanamh. Thig sí na caoirigh leithe agus nuair a tháinig sí go dtí an bealach mór chuaidh sí isteach go toigh a carad agus d'innis sí an sgéal duithe. Dubhairt a cara leithe na caoirigh a chur isteach san chró agus an olainn a bhaint daobhtha agus é a dhíol agus an t-airgead a thabhairt abhaile, rinne sí sin agus chuaidh sí abhaile go h-an sásta.
Bhí fear ann fadó agus bhí leath shúil aige agus i n-ionad na súla eile bhí súil gloine aige. Chuaidh sé isteach go teach lá amháin agus nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt sé leis an chailín aimsire annsin, "tá agus tá súil eile agat nach bhfeiceann mé a choidhche."
Aon lá amháin bhí fear ag siubhal ar an bhealach mhór agus fuair sé sgilling, bhí fear eile ag dul thart agus chonnaic sé an fear ag tógailt an sgilling agus
ball sinsearach (stair)
2018-03-02 12:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí páisde óg ann uair amháin agus fuair a athair bás. Thosuigh an gasúr ag gáiridhe agus arsa'n mháthair leis. Caidé an fáth a bhfuil tú ag gáraidhe agus d'athair marbh? Gheall sé damh indé go dtabharfadh sé bualadh dam indiú agus anois níl sé abalta, arsa'n gasúr.
Bhí bean ann uair amháin agus bhí fear aicí dar bh'ainm Brian. Fuair sé bás agus chuaidh a bhean leis an tórramh go dtí an cros bhóthair, hí teach annsin agus bhí fear na chomhnuidhe ann d'ar bh'ainm Séan, sheasuigh an bhean annsin ag amharc i ndiaidh an tórramh agus dubhairt sí, beannacht leat a Bhrian go toigh Dé agus rachaidh mise go toigh Shéain.
Bhí fear ann fadó agus ní rabh aige ach inghean amháin, bhí cúig daoisín caoirigh aige agus lá an aonaigh dubhairt sé leithe na caoirigh a thabhairt chun aonaigh agus iad a dhíol agus an t-airgead agus na caoirigh a thabhairt abhaile, bhí an cailín
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 19:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
salann ortha agus nuair a bhíonn siad bruitthe, cuirtear bainne ortha agus annsin cuirtear i bplátaí iad le iad a dhéanamh fuar.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 19:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Gnítear cafraidh i mórán áiteacha agus seo an dóigh a gnítear iad. Gnítear iad amach as "sgillingí" a gheibhtear ins an mhuileann an áit a ndéantar min.
An chéad rud a gnítear, cuirtear i n-uisge iad ar feadh dhá oidhche agus annsin bheirtear an t-uisge uatha agus cuirtear i bpota no sáspan iad, agus nuair a bhíonn siad ag bruith, cuirtear
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá roimh Lá Bealtaine cruinnigheann na daoine agus na páistí beaga bláthanna agus gníonn siad crann Bealtaine le craobh bheag agus cuireann siad na bláthanna ar an chraobh le píosa sgreangan nó córda agus cuireann siad é amach ar aghaidh an toighe.
Gníonn siad altóir beag fosta, cuireann siad bláthanna, coinneal, pictiúirí agus rudaí deasa.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 19:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis an airgead.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 13:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá liosanna i gceanntar na sgoile. Tugtar lios, caiseal agus dún ortha. Tá ceann d'arbh ainm Caiseal in aice na sgoile.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 13:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá liosanna i gceantar na scoile. Tugtar lios, caiseal, ráth agus dún ortha. Tá lios ar an Lairigean, agus tá caiseal i bhFionn Tráigh i n-aice na scoile. Tá Dún Mhurrin i n-Oileán. Tá siad uilig i radharc a chéile. Tá déanamh cruinn ar gach ceann aca. Tá claidhe thart ar gach ceanna aca. Chuadh sgaifte de bhuachaillí na scoile isteach i lios fa gcodla lá amháin, ach níor tharluigh rud ar bith. Ní'l poll ar bith i gceann ar bith ach san cheann seo. Deir cuid de na daoine gur i n-aimsir na bPaganach a rinneadh iad, agus deir cuid eile gur i n-aimsir na Lochlannach a rinneadh iad. Rinneadh iad ar dhóigh is go dtiocfadh leis na fir a bhí ag coimhead namhaid ar bith a fheiceáil, nó bealach na fairrge a thigeadh siad an t-am sin. Níor réabadh nó níor treabhadh aon cheann aca ariamh. Chonnaictheas soillse ar an cheann i Lairigean. Deirtear go gcodluigheaddh na daoine a bhí ag coimhead i gCaisleal Carrach i lios fa gcodla. Ní fhacaidh aon duine rud ar bith thart ortha ariamh. Deir na daoine fósta go bhfuil óir ins na liosanna seo.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 13:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar an áit.
Aibhistin Aodh Mac Amhlaidh, An Leirigean Mhór.
Mícheal Ó Baoighill, Chille.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 13:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
14. Na cuir fíon úr ambach as sean bhuidéal.
15. Amach as amharc, amach as cuimhne.
16. Arthuigheann an fear críonna inntin, ní athruigheann an t-amadán.
17. Ubhla' sa ló, coinnigheann an dochtúir ar shiubhal.
18. An té nach ndéan a ghnáithe n-am béidh sé 'na phlais-sam.
19. Ní rabh baoghal ar h-obair 'san ait ar coilleadh b'fhéidir.
20. Is fearr go mall ná go bráthach.
30. Gheobhaidh na ba bás fhád as béidh an fhear ag fás.
31. Ní dhéan bréagach brátach.
32. Is fúrast capall a thabhairt fhad le h-uisge ach is doiligh thabhairt air a ól.
33. Stráinsear 'naice an dainnsoir, bearrach feirdigh 'naice an doras.
34. Is comhgaraigh cabhair Dé againn nó uirsainn an dorais.
35. Ní thuigeann an siathach an seang a's ma thuigeann féin ní h-eadh i n-am.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 13:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Ní'l maise gan masla, ní'l díeach gan cam.
2. Is maith an t-iománaidhe an té bíonn ar an gclaidhe.
3. Nuair a bhíonn an sean chat amuigh bíonn ceud rinnce ag na luchógaí.
4. Mara mbéidh sé tirim, is fliuch is fearr é.
5. Is binn béal 'na thost.
6. Má bhíonn tú i bhfad amuigh be do chuid fuar ort.
7. Tá marbhadh duine idir dhá fhocal.
8. Is lugha na frid matháin coinnte. (troid)
9. An té a bhíonn's fan lóistín bíonn sé maith fan olas.
10. Gheibh an cat céad amharc ar an rígh.
11. Tá céad cainnte ag fear caillte na h-imireach.
12. Ag deireadh na bliadhna is fear amharc ar am atá romhat no an t-am atá caithte.
13. Bhí garaidhe as béidh an saoghal ag garaidhe leat.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 11:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Is olc an coilleach nach fuí a bhoth ól.
2. Is fearr dreóllas le beannacht na cearc le mallacht.
3. Is fearr paiste na poll's fearr lom nó leug's ? fearr ruadh na bhéith gan ceann is níl ann acht sin féin.
4. Is fearr comhnuidhe gann no gan i bheith ann.
5. Is fearr an tsláinte no na táinte.
6. Is fearr comhnuidhe i mbothan beag lán no i gcaisleán mór follamh.
7. Is forus fuineadh i chois mine.
8. Galar fada, ní abrann síorruidhe breagh.
9. Is binn béal 'na thost.
10. Is liagh gach othar tharús a leighis.
11. Is olc an cú nach fiú fead a dhéanamh air.
12. Is fearr reithe bo no molt marbh.
13. Is fearr mac le h-imirt na mac le h-ól.
14. Tuigeann gach éinne a bhadhog ? féin.
15. Siúl le breith a chailleann an chearrbhach.
16. Slat dá thomhas féin.
17. Ní don abhras an chéad snáth.
18. Is geall le haincheart long cheart.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 10:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a dheirbhshura ins an ainmhidhe agus cuireadh iad i n-áit darbh ainm Port na Marbh.
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 10:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'fhan sí cois na fairrge ag feitheamh ar a dearbhrathair. Fhad a's bhí sí ag feitheamh tháinig dabharchadh aníos ón fhairrge a's d'ith sé í.
Na dhiaidh seo tháinig Seán a's ní bhfuair sé fágtha ann ach an clóca a bhí a dheirbhshuir ag cathadh.
Chuaidh sé isteach na bhaile arais a's tháinig sé amach lá thar na bhárach agus bhí a ghunna leis. Fuair sé an clóca agus chuir sé é ar chloich mar bhéadh duine ann agus theich sé goite beag ar shiubhal sa dóigh na bhfeicfeadh an anmhidhthe é. Tháinig an dabharcadh aníos a's rith sé chuig an chlóca a's scaoil an fear é.
D'fhosgail Seán an dabharcadh agus fuair sé cnámha
ball sinsearach (stair)
2018-03-01 10:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann uair amháin darbh ainm Seán Ó Domhnaill. Bhí sé na chomhnuidhe i n-Innis Sáil agus ní rabh sé ag díol chíos leis an tighearna. Lá amháin chuaidh an báille go Tearmann ar a bhealach go h-Innis Sáil. Nuair a chonnaic Seán é fuair sé a ghunna. Ní rabh luaidhe ar bith aige agus chuir sé bonn trí bpiginn isteach ins an ghunna.
D'fhág sé é ar chloch agus scaoil sé an fhear i Tearmon annsin bhí an t-oileán aige féin.
Tamall na dhiaidh seo bhí a dheirbhshuir ag teacht go dtí an t-oileán. Tháinig sí go Tearmann mar a gceadhna a's
ball sinsearach (stair)
2018-02-28 21:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a bhí siad ag tarraingt isteach na eangach thionntuigh an bád agus báitheadh an bheirt aca.
Báitheadh fear eile ann Léabgarbh cupla bliadhain ó shoin. Francach a bhí ann. Bhí sé na chócaire ar bhád francach a bhí thart fan áit ag iasgaireacht gliomach.
ball sinsearach (stair)
2018-02-28 21:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Briseadh soitheach i n-Innis Caorach. Dhá fhichead bliadhain ó shoin. Lasta linéadach a bhí uirthí.
Briseadh long eile í n-Ath Phort cupla bliadhain ó shoin; níorbh bháitheadh duine ar bith acu.
Baitheadh naoi gcloigeann déag daoine dhá bhliadhain ó shoin. Bhí fiche cloigeann daoine ag teacht as Ailt a Chorráin dhá bhliadhain ó shoin. Ar an bhealach isteach bhuail an bád cloch agus thionntuigh sí. Agus báitheadh uilig iad ach fear amháin.
Bhí fear eile ag sgairtigh ar chuidiú ach níor chualaidh aon duine é. Dhóigheadh deich cloigeann i nAlbain anuaraidh, lucht préataí a bhí ann.
Baitheadh dhá fhear eile tá ceithre bliadhain ó shoin. Bhí fear amuigh ag iasgaireacht i mbád bréagh, nuair
ball sinsearach (stair)
2018-02-28 21:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh an bád beag ar shiubhal air. Léim sé amach san fhairrge ag tarraingt ar an bhád eile. Bhí eagla air roimhe an chaptaen. Fuair siad an francach ag Oileán an Ghamhna báidhte.
ball sinsearach (stair)
2018-02-28 21:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
acu go dtí an oileán.
Tháinig an bád isteach go dtí an chéidh. Bhí sí annsin tamall maith. Cailleadh bád dá bhliadhain ó shoin. Bhí na daoine seo ag teacht as Albain. Bhí bocsaí acu ins an bhád fosta.
bhí an oidhche iongantach dorcha. Chuaidh sí suas ar charraig agus baitheadh iad uilig acht fear amháin. Fuaireas iad uilig acht cailín amháin. Bhí bád frannca amuigh annsin ag oileán a Gamhna cupla bliadhain ó shoin.
Bhí siad ag nighe éadaigh téar ? ag an mhuileann. Chuaidh an gasúr seo siar go dtí an bád mór fa choinne éadaigh. Agus nuair a hí sé istuigh ins an bhád mór
ball sinsearach (stair)
2018-02-28 21:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig soitheach isteach go Léabgharbh dhá bhiadhain déag ó shoin. Bhí sé ag gól go Baile an Fheadhta ?. Bhí an fhairrge iongantach garbh agus tháinig sí isteach annsin ag Oileán na Gamhna. Rith na hoidhche.
Tháinig sé isteach go dtí an chéidh agus briseadh é. Agus baitheadh cuid acu. THáinig soitheach eile isteach go Ath Phort. Mango an t-ainm a bhí uirthe.
Bhí sé iongantach garbh an oidhche sin fosta. Chuir siad amach ancoir. Rith na hoidhche bhris an ancoir agus chuaidh sí suas ar charraig. Agus briseadh í. Bhaitheadh cuid acu. Agus shnámh an chuid eile
ball sinsearach (stair)
2018-02-28 21:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig soitheach isteach go Léabgharbh dhá bhiadhain déag ó shoin. Bhí sé ag gól go Baile an Fheadhta ?. Bhí an fhairrge iongantach garbh agus tháinig sí isteach annsin ag Oileán na Gamhna. Rith na hoidhche.
THáinig sé isteach go dtí an chéidh agus briseadh é. Agus baitheadh cuid acu. THáinig soitheach eile isteach go Ath Phort. Mango an t-ainm a bhí uirthe.
Bhí sé iongantach garbh an oidhche sin fosta. Chuir siad amach ancoir. Rith na hoidhche bhris an ancoir agus chuaidh sí suas ar charraig. Agus briseadh í. Bhaitheadh cuid acu. Agus shnámh an chuid eile
ball sinsearach (stair)
2018-02-25 21:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ins an t-sean am nuair a bhí gear leanamhaint ar chreideamh leigheadh na sagairt an t-Aifreann amuigh i gcúl na gcnoc. Corr -uair ghníodh na caitliocaigh umhaigh faoin talamh agus théigheadh an sagart agus an pobal uilig síos go dtí an umhaigh agus léigheadh an sagart an t-Aifreann.
Bhí an sagart ag léigheadh an Aifrinn lá amháin ag an Sgreig Mhóir. Bhí spaideóir i measg an phobail agus d'innis sé do na produseanaigh go rabh an sagart annsin. Tháinig na produsteanaigh agus fuair pordusteanach amháin greim ar an sagart agus rith fear den phobal isteach agus bhuial sé an produsteanach agus chaith sé síos ar an talamh é. D'éirigh leis an t-sagart ealódh ach mharbhadh an fear.
ball sinsearach (stair)
2018-02-25 21:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig lucht Sinn Féin agus chuir siad ar shiubhal na gardaí costa agus bhrúith siad an staisiún. Tá sé na sheasamh go fóill.
ball sinsearach (stair)
2018-02-25 20:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis fhéin. Oidhche amháin thoisigh sé ag broinloidhigh. Bhí sé ag broinloidhigh go rabh cloch ar an chnoc agus go rabh solus faoi.
Mhusgail sé ar maidin agus chuaidh sé ar shiubhal go dtí an áit a rabh an chloch. Bhí solus ar an ghloine seo agus bhí achán dath air. Bhí sé cosamhail le tine.
Chonnaic sé cuid mhór sidheogaí beag ann. Nuair a d'amharc sé thart bhí an solus ar shiubhal. Bhí bean in ait an soluis. Thug sí cuid mhór airgod do. Chuaidh sé na bhaile agus bhí áthas mór air.
Tháinig lucht siubhail ar agus ghoid siad an t-airgead uaidh. Bhí stáisiún costa ar an oileán seo agus bhí dhá cloigeann déag ins an staisiún costa. Bhí siad ag coimhead an chósta
ball sinsearach (stair)
2018-02-25 20:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá Árd Aifrinn shiar in Baile an tSratá agus ba ghnathach leobhtha Aifreann a rádh ansin i bhfad ó shoin. Ní rabh teach phobail ar bith ins an oileán seo an am sin.
Tá carraic aifrinn thiar in Pholl a Mdadadh. Chualaidh mé na seandaoine ag rábh go rabh aifreann ann fad ó shoin. Tá sé suas tá céad bliadhain ó shoin.
Bhí fear ann fhad ó shoin agus fuair sé cuid mhór ór in Árd Airgid. Bhí an fear seo iongantach bocht agus nuair a fuair sé an t-ór bhí áthas mór air.
Bhí cuid mhór sídheogaí ins an Árd sin. Acht níπ ór ar bith ann anois. Bhí fear ann i bhfad ó shoin agus bhí sé na chomhnuidhe
ball sinsearach (stair)
2018-02-24 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i ngár dúinn sin comhartha go bhfuil féartháin le theacht gan mhoill.
Nuair atá na géacha ag gabhail thart ins an spéir sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá na gaithe le feiceáil rós ? ón ghréin sin comhartha go bhfuil athrú ar an aimsir.
Nuair atá na builg le feiceáil ag briseadh, sin comhartha go bhfuil an aimseir briste suas.
Nuair atá an teine maith agus teas mór uirthe
ball sinsearach (stair)
2018-02-24 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair atá túar ceatha ins an oidhche sin comhartha aimsire mhaith.
Túar ceatha ar maidin sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá an cat ag ? a ghaidh ag taobh na teineadh sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá na cearca ag ghábhail thart ar an teach sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá an dusta ag éighe ón bhealach mhór sin comhartha gharbhadas
Nuair atá na cnuic
ball sinsearach (stair)
2018-02-24 19:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a tcidh tú na cnuic i bhfad uait go soilléar sin comhartha droch aimsire.
ball sinsearach (stair)
2018-02-23 19:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sin comhartha go bhfuil an fuacht amuigh.
Nuair atá na tonnaí ag tuitim go trom ar an tráigh sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith le theacht gan mhoill.
Nuair atá rónntaí astoigh ar an tráigh agus an lán mhara iongantach árd sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá bladhaire górm ins an téine sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá na lachain amuigh ins na haibhneacha sin comhartha fearthaine.
ball sinsearach (stair)
2018-02-23 19:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i ngár dúinn sin comhartha go bhfuil féartháin le theacht gan mhoill.
Nuair atá na géacha ag gabhail thart ins an spéir sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá na gaithe le feiceáil rós ? ón ghréin sin comhartha go bhfuil athrú ar an aimsir.
Nuair atá na builg le feiceáil ag brisaedh, sin comhartha go bhfuil an aimseir briste suas.
Nuair atá an teine maith agus teas mór uirthe
ball sinsearach (stair)
2018-02-23 18:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair atá túar ceatha ins an oidhche sin comhartha aimsire mhaith.
Túar ceatha ar maidin sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá an cat ag ? a ghaidh ag taobh na teineadh sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá na cearca ag ghábhail thart ar an teach sin comhartha droch aimsire.
Nuair atá an dusta ag éighe ón bhealach mhór sin comhartha gharradbhas.
Nuair atá na cnuic
ball sinsearach (stair)
2018-02-23 15:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tráigh sin comhartha go mbéidh sé garbh.
Nuair atá na cnuic le feiceáil i ngar dúinn sin comhartha go bhfuil fearthaine air
Nuair atá cuid mhór réaltógaí ins an spéir sa oidhche sin comhartha go bhfuil sé sioch.
ball sinsearach (stair)
2018-02-23 15:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair atá túir ceatha ins an spéir sin comhartha fearthainne.
Nuair atá an spéir dorcha sin comhartha go bhfuil áthrughadh ar an aimsir.
Nuair atá madadh gaoithe ins an spéir sin comhartha stuirim.
Nuair atá an ghrian láidir ar maidin sin comhartha go bhfuil an lá gabhail a bheith olc.
Nuair atá dath gorm ar an téine sin comhartha go bhfuil fearthainne.
(Nuáir atá toit)
Nuair atá toit ins an teach agat sin comhartha go bhfuil athrughadh ar an ghaoith.
Nuair atá feamnach ar an
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 23:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
comhartha gála.
Nuair a bhíos an ghealach ar chúl a cionn ?? sin comhartha mór fearthainne.
Nuair a bhíos an easóg ag piocadh an fhéir sin fearthaine.
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 23:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair atá madadh uisge le feiceáil san spéir sin comhartha go bhfuil gála ag teacht.
Nuair atá na cnuic le feicilt i ngar dúinn sin comhartha go bhfuil fearthainne le theacht gan mhoill.
Nuair atá gaité le feicilt fíos ón ghréin sin comhartha go bhfuil arthru ar an aimsir.
Nuair a bhíos na tonnta istoigh ar an tráigh sin
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 23:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Séamus Ó Domhnaill
Léab Garbh
Ára Mhóir
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 23:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tráigh aici. Cuireadh le teine í. D'iarr sí droch athcuighe daobhtha. Dubhairt sí, torramh portáin go rabh mbur ndiaidh.
Bhí rasa bádaí ann Árainn cupla bliadhain ó shoin. Nuair a bhí an bád ag teacht thart ar an bhád beag. Theann Aodh Ua Ruaidhrí an scod agus thionntuigh an bád.
Caitheadh na fir amach ins an fhairrge. Cailleadh beirt sabhladh beirt eile Aodh Ua Ruaidhrí agus Aodh Mac Amhlaidhe. Tá Aodh Ua Ruaidhrí beo go fóill. Cuireadh Aodh Mac Amhlaidhe lá na Bliadhna Úire sa bhliadhain 1938.
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 21:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Briseadh long thuas as coinne teach Phill Eoghain ocht mbliadhna ó shoin. Lasta min coirce a bhí uirthí acht chuaidh sí uilig amugha. Sabhladh na fir a bhí uirthí.
Bhí droch aicid ann Árainn leath chéad bliadhain ó shoin. Bhí na daoine ag fághail bháis no ní rabh maith ar bith ins na doctrai ar chor ar bith.
Bhí bean ann i mBaile t-Srata Oidhche Fheil Eoin a bhí ann bhí sean bhád ar an
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 21:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ceadaigh uainn do mholadh, Mhaighdean bheannuighthe
Neartaigh sinn in aghaidh ar namhaid
Anois agus nuair a neamhaidh linn
Stamhaidh uainne siothain Dé. Scaoil na glais a cheanglas mé. Tabhair greim dó'n bhocht, dón dall, dó'n mhaoil. Mhathair mhuirneach rí na ndual sgar na rath, sgar na subhailce. Sgar na h-ubhaill, agus na h-ubhlaí árda. Go saothruigh thúsa sinne
le bheith mar chéim d'aon Mhic, ar gach
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 20:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gCluin sibh se, seamnóir na n-aithreach naomhtha naomhtha
Páisc mhór a d'fhulaing Íosa
Is gcrann na croiche agus é spartha ag a námhaid
Dughlais a léigheadh, agus an drágan a saothrughadh
A bhí le seacht mbliadhna í leath taobh dhilís.
Go dtug siad le h-ól le ciocras a chur ar Íosa
Go tóg tú do dhá lámh ó's cionn árd Righ naomhtha.
Agus le do mhór ghrásta go dtearn tú do fíon ?
ball sinsearach (stair)
2018-02-22 20:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(I)
Sé seo an Aoine dhorcha, bhrónach
Sé seo an Aoine thuirseach, deorach
Mé ag dul un t-sleibhe chur tuairisce in aon Mhic
Thig na fuathdhaoine leobhtha é. Thug an Mhaighdean da na bonnaí bána, ghearr sí an aithghiorra treasna an fhasaigh.
Go dtáinic sí san áit a rabh na gardaí da socrughadh.
Eoin, a thaiscidh an bhfuil tú ar láimh liom.
Cé suid thuas i gcrann na páise. Mise a Mhathair
No nach n-aithnigheann tú mé.
(II)
Is doiligh damhsa m'aon Mhac aithne, tá a bhéal briste, tá a shrón gearrtha, agus tá an t-sráid seo uilig lán do chuid fola.
Foighidh a Mhathair, agus na goill go cráidhte.
Béidh clann na nGaedheal go luthgháireach i bPáras.
Is minic an d'innis mé duit anois,
agus an uair sin
Gurbh í seo an uair a bhí geallta do mo ghrádh-gheal.
ball sinsearach (stair)
2018-02-21 23:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
arsan deirbhsiur "no níl fhios aige caidé tá sé a radh" "Caidé'n lá a bhfuair tú an sparan" arsa an tighearna, "an lá súl a dteachaidh mé na scoile" ars seisean. Chreid sé cainnt na giorrsaigh ag? d'imthigh sé annsin bhín sparan aici duithe fein.
ball sinsearach (stair)
2018-02-21 22:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Síle Ní Dhubhgain (90)
Aodh Mac Suibhne (65)
Máire Nic Aoidh (50)
Pádraig Mac Suibhne (70)
Seosamh Mac Suibhne (74)
Seán Mac Suibhne (79)
Seamús Mac Aoidh (70)
Seamús Mac Suibhne (78)
Domhnall Mac Suibhne (59)
Seán Mac Suibhne (69)
Domhnall Mac an Ultaigh (90)
Aindeas Mac an Ultaigh (52)
Sighle Nic an Ultaigh (50)
Maighread Ní Ghallchobhair (73)
Cathal Ó Earcain (75)
Pádraig Ó Earcain (76)
Anna Nic Suibhne (57)
Seamus Mac Aoidh (79)
Seamús Mac an Ultaigh (79)
Cait Nic an Ultaigh (80)
Brighid Nic an Ultaigh (84)
ball sinsearach (stair)
2018-02-21 22:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mín a Liagh
Cathal Ó Gallchobhair (62)
Anna Ní Ghallchobhair (64)
Maghnus Ó Gallchobhair (73)
Máire Ní Shearcaigh (60)
Donnchadh Ó Gallchobhair (65)
Fana Bhuidhe
Eamonn Ó Cuireain (60)
Meabha Ní Chuireain (63)
Prionsias Ó Maoileanaigh (69)
Domhnall Ó Maoileanaigh (69)
Anna Ní Mhaoileanaigh (64)
Maighread Ní Mhaoileanaigh (82)
Eamonn Ó h-Arlaigh (65)
Brian Mac Suibhne (70)
Cait Nic Suibhne (67)
Peadar Ó Dubhgain (70)
Maighread Ní Dhubhgain (56)
Domhnall Mac Phaidín (86)
Máire Ní Fheardhaigh (90)
Seamús Ó Feardhaigh (65)
ball sinsearach (stair)
2018-02-21 22:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Úna Ní Fhíoruisge (84)
Gráinne Ní Dhubhgain (68)
Gráinne Ní Fheardhaigh (75)
Domhnall Ó Feardhaigh (75)
Éamonn Ó Dubhgain (79)
Aodh Ó Dubhgain (82)
Micheal Ó Gallchobhair (78)
An Bhealtaine Iochtarach
Máire Ní Shiadhaill (72)
Brighid Ní Mhuilchearain (67)
Maighread Ní Mhuilchearain (75)
Máire Nic Phaidín (75)
Gráinne Nic Phaidín (75)
Donnchadh Mac Phaidín (75)
Seán Ó h-Eigeartaigh (69)
Pilip Ó Dubhgain (70)
Micheal Ó Earcain (70)
Róise Ní Earcain (68)
Eamonn Ó Comhgaill (70)
An Bhealtaine Uachtarach
Domhnall Ó Gallchobhair (75)
Anna Ní Ghallchobhair (72)
ball sinsearach (stair)
2018-02-21 22:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Diarmuid Ó Gallchobhair (80)
Gráinne Nic Éidigh (75)
Maighread Nic Éidigh (80)
Maghnus Ó Domhnaill (80)
Sean Mac Fhionghaile (78)
Diarmuid Ó Dubhgain (86)
Sean Mac Aoidh (75)
Mín Bhuidhe
Micheal Ó Conghaill
Pádraig Ó Geidighe (85)
Eamonn Ó Cuireain (90)
Cait Ní Fhíoruisge (65)
Sorcha Ní Fhrighill (74)
Cait Ní Conghaill (70)
Brian Ó Cuireain (80)
Eamonn Mac Aoidh (75)
Máire Ní Ghallchobhair (98)
Micheal Ó Canainn (76)
Seán Ó Canainn (66)
Sean Mac Aoidh (71)
Máire Ní Chuireain (68)
Eamonn Ó Gallchobhair (60)
ball sinsearach (stair)
2018-02-21 22:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Úna Ní Fhíoruisge (84)
Gráinne Ní Dhubhgain (68)
Gráinne Ní Fheardhaigh (75)
Dónnall Ó Feardhaigh (75)
Éamonn Ó Dubhgain (79)
Aodh Ó Dubhgain (82)
Micheal Ó Gallchobhair (78)
An Bhealtaine Iochtarach
Máire Ní Shiadhaill (72)
Brighid Ní Mhuilchearain (67)
Maighread Ní Mhuilchearain (75)
Máire Nic Phaidín (75)
Gráinne Nic Phaidín (75)
Donnchadh Mac Phaidín (75)
Seán Ó h-Eigeartaigh (69)
Pilip Ó Dubhgain (70)
Micheal Ó Earcain (70)
Róise Ní Earcain (68)
Eamonn Ó Comhgaill (70)
An Bhealtaine Uachtarach
Domhnall Ó Gallchobhair (75)
Anna Ní Ghallchobhair (72)
ball sinsearach (stair)
2018-02-21 22:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Caiseal na gCorr:
Seaghan Mac Suibhne (75)
Seosamh Mac Suibhne (75)
Brian Mac Suibhne (67)
Seosamh Ó Dubhgain (71)
Brian Ó Siadhaill (75)
Sile Nic Suibhne (74)
Cait Ní Shiadhaill (85)
Eibhlín Ní Ghallchobhair (76)
Brighid Nic Suibhne (63)
Máire Nic Suibhne (62)
Caoldruim:
Brighid Ní Fhíoruisge (80)
Sile Ní Dhubhgain (77)
Anna Ní Ghallchobhair (66)
Brighid Ní Cheabarcaidh (80)
Sadhbha Ní Bhrian (65)
Meadhbha Ní Fheardhaigh (56)
Nóra Ní Ghallchobhair (58)
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí lá millteanach gaoithe móire ann tá ceithre fichead bliadhain ó shoin. Sin san bhliadhain 1858. Domhnach na Gaoithe Móire san Fhoghmhar a bheirtear ar an lá sin ariamh ó shoin. I ndiaidh an Fhoghmhair a bhí ann agus cuid mhór stucaí coirce ar Chorr na Mónadh agus ar an bhaile uilig comh
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí lá millteanach gaoithe móire ann tá ceithre fichead bliadhain ó shoin. Sin san bhliadhain 1858. Domhnach na Gaoithe Móire san Fhoghmhar a bheirtear ar an lá sin ariamh ó shoin. I ndiaidh an Fhoghmhair a bhí ann agus cuid mhór stucaí coirce ar Chorr na Mónadh agus ar an bhaile uilig ca ?
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fhairrge agus amach le cúigear aca. Ina measg bhí seanduine aosta acht ma bhí féin, fear fairrge maith. Ní rabh a leitheid ariamh thiar fá'n na h-Oileáin. Bhí muinntir Bhun an Inbhir ag amharc ortha amach as na dorsa agus iad ghá mbáithú. Tháinig tonn mór geal amháin agus bhí an bád agus a rabh inntí léithí. Briseadh cuid mhór bád thart ar an chósta. Thug an tuile léithi turnipí, móin agus cál agus go leor rudaí eile amach chun na fairrge móire. Thug sí léithe poill préataí agus d'fhág sí na daoine ar an ocras. Thug sí caoirigh agus gamhna fosta. Thug sí léithe go leór caoirigh a bhí ag inghilt ar Chnoc Fola, agus rinne sí sgrios mór fríd an chnoc. Bhí sí ag teacht anuas fríd an chnoc mar bheadh abhainn ann. Bhí tuilte agus gaoth mhór leis an doininn agus bhí fhios ag gach duine go rabh an chuid a ba mheasa de le theacht go fóill. Acht buidheachas le Dia, chá dtearn sí mórán caill thart fá seo. Acht thuas ins na cnoic rinne sí slachtar locht. Mharbh sí daoine agus ainmhithe. Bhí an solus comh loinneartha sin agus go rabh an t-eallach ag búirfigh ins na bóithigh léithe agus na madaidh ag tafant léithe. Mhair sí ó mhaidín go h-oidhche.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cailleadh beirt fhear as Bun an Inbhir leis an stoirm. Is dócha go rabh siad amuigh ag ceangal a gcuid cruach agus thóg an ghaoth léithe suas iad amach chun na fairrge móire, agus bhí toighthe a chaill a gceann fosta. Leagadh crainn annseo agus annsiúd fríd an cheanntar. Leagadh crann ar bhean arbh ainm díthe Eibhlín Mhór do bhí na comhnuidhe thuas i gCnoc an Léithid, agus ar maidín an lae sin fuaireas marbh í ag bun crainn. Siabadh an cochán amach chun na fairrge móire agus tháinig cuid de isteach ar an chladach i n-Oileán Toraighe agus é na luighe ar an mharc. Cailleadh fuireann as na h-Oileáin Thiar fosta giota beag ar an taobh thiar de Bhun an Inbhir. Chuaidh siad amach ar maidín an lae sin a thógáil potaí gliomach agus bhí an mhaidín do bhí ann fiadhanta ag bád ar bith le bheith ar bhárr na fairrge. Níor mhaith na créatúir a gcuid eangach agus a gcuid potaí gliomach a bheith ar shiubhal leis an
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I ndeire na bliadhna 1868 thárlaidh stoirm mhór ins an cheanntar seo. Am bhaint an arbhair a bhí ann, nó bhí na stucaí ins na páirceannaibh. Ar éirghe do na daoinibh ar maidín ní rabh aon stuca dá gcuid nach rabh ar shiubhal bealach na fairrge nó fríd cuid na muinntire eile. Bhí an féar agus an líon mar an gceudna, acht chun na fairrge is mó a chuaidh siad-san.
Bhí teaghlach amháin ann agus bhí cruach féir astoigh aca, acht nuair a d'éirigh siad ar maidín ní rabh aon ghreim de le fagháil. Bhí tóirneach ar siubhal fosta. Na toighthe fá bhun na gcnoc tháinig an tuile isteach ann. Bhí teach amháin ann agus tháinig an tuile isteach ann; b'éigeann na páistí a chur suas ar sheol a bhí sa t-seomra a bhí ag fear an toighe, an áit a mbíodh sé ag déanamh bainín. Fosgladh an doras cúil annsin agus d'imthigh an tuile síos an gárradh an áit a rabh fánaidh leis
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an talamh. Bhí fear amuigh ag cruinniú a chuid féir nuair a bhuail splannc é sa chois, agus ní dhearna sé lá maith go ndeachaidh sé san uaigh. Bhí cailín beag ag dul chun an t-siopa leis an tóirneach thoisigh an fhearrthainn acht sa deireadh sibadh amach chun na h-abhna í agus ní fhacthas ní ba mhó í. Bhí teach ceann-tuigheadh ar thaoibh cnuic agus stealladh an taobh amach as; b'éigean daobhtha a ghabhail go toigh na comharsan agus codladh go maidín ann. Bhí saighneáin ins an áird thoir-thuaidh seachtmhain roimh theacht na stoirme.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí long ag teacht as Meiriceá tá cúig bliadhna agus fiche ó shoin agus bhí ceo mór ann. Tháinig sí ró-dheas de thalamh agus bhuail sí isteach ar na carraigeacha ar an taoibh seo de Thoraigh agus briseadh í. Bhí lucht plúir agus cuid mhór rudaí eile uirthí agus bhí pasantóirí uirthí fosta. Chaith siad gach seort dá rabh uirthí ins an fhairrge acht d'fhan na pasantóirí uirthí go dtáinig long eile a thug léithe go Doire iad. Rinne sí maith mór de mhuinntear Thoraighe nó fuair siad cuid mhór plúir, muc-fheola agus gach seort dá rabh uirthí agus neitheannaí eile fosta. Bhí bádaí as na cuantaí uilig ag tarraingt ann ag iarraidh cuid de'n bhiadh agus gach seort dá rabh uirthí. Chaith sí seal ag Toraigh gur cuireadh an lucht uilig chun na fairrge agus annsin tugadh ar shiubhal í. Chuaidh go leor de'n lucht ins an fhairrge nach bhfuairtheas ariamh. "An Cealafórnaí" a b'ainm dí.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dhruid é, agus chá bhíonn an ghaoth orraibh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fad ó shoin bhí teach ar an bhaile, agus bhí almhain le pósadh ann agus bhí buideal uisge beatha aige i bhfolach san chócán ins an t-seomra. Bhí a athair ghá chuartú sa t-seomra thuit an choinneál agus chuaidh an teach ar theinidh san bhliadhain 1874.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dóigheadh cúig cruacha cócáin le fear as an Árdaidh Mhóir tá cúpla bliadhain ó shoin. Ní rabh fhios ag fear an toigh cé dhóigh iad. Dóigheadh teach siopa ar an taoibh seo de Ghort a Choirce. Ní rabh siad acht i ndiaidh é a chur suas nuair a dóigheadh a rabh istoigh ann. Cuireadh ceann úr air acht dóigheadh arais é. Annsin cuireadh bail arais air agus tá sé ann go fóill.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 20:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
duine aca leis dealán agus thoisigh a chuartú faoi an leabaidh. Chuir sé an leabaidh le theine i n-áit innse do'n té a bhí sa leabaidh d'imthigh sé fá choinne uisge. Ar theacht arais dó bhí an leabaidh le theine. Cuireadh an fear a bhí sa leabaidh i n-a shuidhe agus b'éigean an t-eallach a thabhairt amach ar poll a bhí i gceann an toighe. Dóigheadh an teach uilig agus an trosgán fosta. B'eigean dóibh airgead a chruinniú a chur suas teach úr. D'fhan siad i dteach de chuid na comharsan go rabh sé deánta. Nuair a tháinig an fear a bhaile thuit sé i laige nó shíl sé go rabh a bhean agus an teaghlach marbh, acht tháinig sé as.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 19:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Thuas annsin ar an Bhealtaine a dóigheadh an teach seo. An lá seo bhí an mháthair ar thórramh agus bhí an t-athair in Albain. Ní rabh sa teach ach na páistí. Bhí duine aca sé bliadhna déag agus bhí sé na luighe, nó bhí sé i n-a shuidhe ar an fhaire an oidhche sin. Acht bhí siad ag imirt báill fríd an teach, acht sa deireadh d'imthigh an báll siar faoi an leabaidh. Sa deireadh thug
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 19:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I ndeire na bliadhna 1808 thárlaidh stoirm mhór ins an cheanntar seo. Am bhaint an arbhair a bhí ann, nó bhí na stucaí ins na páirceannaibh. Ar éirghe do na daoinibh ar maidín ní rabh aon stuca dá gcuid nach rabh ar shiubhal bealach na fairrge nó fríd cuid na muinntire eile. Bhí an féar agus an líon mar an gceudna, acht chun na fairrge is mó a chuaidh siad-san.
Bhí teaghlach amháin ann agus bhí cruach féir astoigh aca, acht nuair a d'éirigh siad ar maidín ní rabh aon ghreim de le fagháil. Bhí tóirneach ar siubhal fosta. Na toighthe fá bhun na gcnoc tháinig an tuile isteach ann. Bhí teach amháin ann agus tháinig an tuile isteach ann; b'éigeann na páistí a chur suas ar sheol a bhí sa t-seomra a bhí ag fear an toighe, an áit a mbíodh sé ag déanamh bainín. Fosgladh an doras cúil annsin agus d'imthigh an tuile síos an gárradh an áit a rabh fánaidh leis
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 19:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mBeurla. Is é seo an t-ainm agus a seoladh Pádraig Ua h-Arlaí, Séamus Mac Fionnlaigh, Donnchadh Ua Gallchobhair, Ardaidh Bhig, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall. Ba ghnáthach le go leór daoiní imtheacht as an áit go Americá fad é na daoiní a rabh oiread airgid aca agus bhí ábalta an t-aistear a dhíol ní dhéanfadh siad stad ar bith aca d'fhan siad san bhaile. Na daoiní a d'imthigh an t-am sin níor phill siad ní ba mhó. Níl aibhne nó locha ar bith ar an bhaile agus ní cuimhin le aon duine san áit gur cuireadh ainm na h-áite i n-amhrán acht oiread.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 19:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá sé le dhá fhichead bliadhain ó shoin é bhris aicíd amach san áit seo. Ní raibh fhios ag na daoine cá h-ainm a bhí uirthí agus bhaist siad an "Aicíd Mhór" uirthí. Ní raibh fhios ag na daoine caidé ba chionntuigh le seo. Shíl siad gurab'é an rud a thóg é cionn'us go rabh an t-eallach atoigh ins na toighthe ag na daoine. Fuair cuid mhór daoine bás mar nach raibh óisbidéil ar bith ann.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 19:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fuair cuid mhór daoine bás leis. Chualaidh mé go bhfuair stócach óg nach rabh acht sé bliadhna déag d'aois bás leis agus é ag teacht abhaile as Dún Fionnachaidh. Ní raibh ag na mháthair acht é agus bhí siad an-bhuaidheartha in a dhiaidh. Tugadh go roilig Ghort-an-Choirce é agus cuireadh annsin é.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 19:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I mbliadhain a naoi gcéad déag agus a h-ocht déag bhris pláigh mhór amach ins an tír seo nuair a bhí deireadh leis an chogadh. Bhí cuid mhór daoine ag fágháil bháis. Bhí cúpla tórramh ann gach lá. Bhí eagla ar gach aon duine a ghabháil i bhfad ó bhaile nó dá dtéigheadh thiocfadh an phláighe ortha. Dá mbeadh faire ag taoibh an dorais ag teach bheadh eagla ar na daoine a ghabháil chun na fáire féiin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 18:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí bean ann agus bhí an mháthair ar siubhail i n-Albain. Bhí an bhean a bhí sa bhaile ag brath dhul chun an Aifrinn an lá thar na bhárach. Chuaidh sí suas sa t-seomra fá choinne a cuid bróg. Bhí cócán thuas faoi an leabaidh san áit a rabh na bróga. Beir an bladhaire ar an chócán agus chuaidh an teach ar theine agus chuaidh an bhean a chuir an teach le theine chun an Aifrinn an laq thar na bhárach.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 18:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I saoghal Chormaic Mhac Airt bhí saoghal bhreagh aoibhinn ait. Bhí naoi gcéad cno ar an chraoibhín agus naoi gcéad craoibhinn ar an tslait.
Lá amháin theann sé air a mheigeall mhóra bhána, san faimfeas mór, san toras bán agus shuidh sé ar thaoibh ardáin ar thaoibh na mallacha móire báine. D'amharc sé uaidh siar agus chonnaic sé chuige, aniar an chailleach, ba ghraice i nshúil no i ndall de iomaibh an domhain uilig go léir. Bhí a cuid fiacla a dheanamh stafogaí duithe ins na habaraca agus a chuid gruaige ag sguabadh an talaimh.
"A Chormaic" arsa sise, ciaca is graice, mise nó an dúil ndiaidh chugat aniar." D'amharc sé uaidh siar agus chonnaic sé chuige aniar. Fainnse beaga air, fainnse móra air, fleasg óir i gcúl i chinn, fleag airgid
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 18:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Imirt thart fá ó thaobh dé na shíl sé nach rabh suim ar bith acú i ndadaí acht cé bíth greánn beag a bhí acú féin. Acht nuair a chuaidh siad isteach ábhaile arsa t-achran beag acú. O! a Mháthair dá bhfeicfea an rud deas a chuir m'athair i dtaisgidh sa chruach. Chuir sí cúpla ceist ar an phaisde agus d'aithin sí go maith gurb a cloca a bhí i bhfolach aige ann.
Níor leig sí dadaí oirthí acht nuair a d'imthigh a fear ó'n teach chuaidh sí amach, leag an chruach fuair a chloca agus as go bráthach leithí 'na bhaile 'na fairrge móire.
D'aithin sé annsin goidé tharla agus chaith sé an chuid eile dá shaoghal ho h-uaigneach ag smaoitiugadh go mion 's go minic fa na Mhaighdean Mhara.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 12:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
37. Ní bhíonn crothnughadh ar an tobar go dtraigfinn sé.
38. Is olc an margach a bhriseas beirt.
39. Is doiligh an rud atá sa chnámh a bhaint as an croicean.
40. Is fada ó'n chréith an chéirín.
41. Na gabh idir Clann a'Eochaidh agus an t-ált.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 12:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
San am a rabh Naomh Coluimcille i nGleann bhí Naomh Aodh Mac Breacain ar Bharr Shliabh Liaig agus bhí an bheirt acú ag obair le chéile cum Glór Dé. 'Nois bhí pionús ar Naomh Coluimcille san am seo gan bainne a bhlas.
Lá amháin casadh an bheirt ar a chéile ar bharr Curantaigh Searc agus d'aithin Naomh Aodh ar a phluc gur bhlas sé bainne agus dúbhairt sé sin leis. Dhéarbhuigh Naomh Coluimcille nar bhlas na ar ndoiche bhí sé ar a dhíthcheall a phionús a chuir isteach.
Cé bith nuair a chuaidh sé isteach go Bifan chuir sé ceist ar bhaintreabhach a bhíodh ag déanadh réidh a chuid do ar chuir sí bainne ar bith fríd. Dúbhairt sí nar chuir acht go rabh leorg bainne ar soitheach agus nar nígh sí dé é sul a dtearn sí a chuid ann.
Nuair a chualaidh sé seo tháinig an t-an fhearg air agus mharbhuigh sé an t-aon bhó a bhí aicí. Cúpla lá na dhiaidh seo a dhéanamh tháinig buaidhreadh air agus d'iarr sé uirthí na cnámha uilig a chruinniughadh dó-san. Chruinnigh sí iad uilig acht ceann amháin agus rinne seisean an bhó beo arais acht bhí sí bacach. bhí léan go bráthach ar an méid bainne a bhí aicí anois agus ó'n lá sin go dtí an lá indiú tá buaidh ar an eile bó bacach níos mó bainne a bhéith aicí na ag aon bhó eile.
ball sinsearach (stair)
2018-02-16 11:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
There is an old castle down on the bank of the Slaney near Tom Doyle's of "The Deeps".
It is not far from Killurin Station. Sometimes birds at the Slaney build their nests in its walls.
Some people say that monks lived in it last and there is said to be a curse on it.
It is to fall on three people sometime. It is a very small castle.
In the place where the Gorrenstackle River enters the Slaney, a big tree grows out over the river. It is said that a man went out in a boat and the boat blew in under the tree and was overturned and the man was drowned.
"Poll an tSagairt" is near the Slaney, and monks were said to have been drowned by soldiers there. Once upon a time there was a monastery in Ballyhogue and monks lived there. They were murdered at the place still known as "The Murdering Hole.".
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
54. Ní sheasann sac follamh.
55. Dearbhrathair do'n tsac an mála.
56. Is olc an ghaoth nach siabann maith do dhuine éiginnteach.
57. Is doiligh imirt ar chlár fhollamh.
58. Rud a tcídh an leánbh gnídh an leánbh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar an taobh ó thuaidh dé'n Ghleann tá baile beag ar a dtugann siad Baile Árd. Nuair a bhí Naomh Coluimcille i nGleann bhí sé 'na chomhnuidhe i mBífán agus ní rabh aige acht a ghabhail suas an Sgádamán go Baile Árd. Bhíodh sé shuas an uile lá ag cuartaidheacht i dteach a bhí ann agus ag seanchus lé fear a' tíghe. Ba é an deireadh a bhí ar gur éirigh siad tursach do ag teacht, agus rinne siad suas lá amháin nach mbéadh siad gabhtha leis níos fuide.
Nuair a chonnaic siad an Naomh ag tarraingt ar an teach chuaidh fear síos 'na tseómra ag cuir i gcéill go rabh sé tinn. "Ca an fear seo indiú?" arsan Naomh. "Ó! Tá sé tinn, tá sé ina luighe shíos udiaidh," arsa sise. "Bhal! arsan Naomh, má tá sé tinn go rabh sé slán 's ma bhfuil sé tinn go bhfuigheadh sé bás." agus amach leis ar an doras. Chuaidh an bhean síos agus bhí'n fear na luighe márbh annsin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
42. Níor mhill coimhead maith dadaí ariamh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
32. Is ionann mac is a bhéith gan aon mhac, is fearr sa mhac na bhéith gan mhac, acht an t-é a mbíonn aige a sé na 'an seacht ní dheántar a chreach uilig i n-aoinfeacht.
33. Ní fhághann dorn druidte acht lámh fóllamh.
34. Cástar na daoine ar a chéile acht ní chastar na cnuic na na gleanntaí.
35. Is fearrde dé na bróintibh a mbreacadh.
36. Gheibh na ba bás fhad is bhíonnas an féar ag fás.
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhíodh fear bocht ag gabhal tharta annseo tuairim trí sgór bliadhain ó shoin darbh ainm Mícheal Ua Cárradan. Chuaidh sé isteach i dteach ghállda síos i Roisín na gCeall (Na Cealla Beaga) lá amháin. Bhí déideadh ar bhean an tighe agus d'iarr sí ar Mhícheal paidir a radh dí a léigheasadh í.
"Déirfidh cinnte," arsa Mícheal agus thosaigh sé.
"A sheanbhean Phresbyterian,
Nar ghéill ariamh do Mhuire,
Go dteánnuighidh ort an déideadh.
Go dtéidh tú ar mire."
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
25. Gheibh cos ar shiubhal rud nach bhfághann cos na cómhnuidhe mar bhfághfadh sí acht deálg.
26. Is doiligh geárrfhiadh a chuir as a tom 'nach bhfuil sé.
27. Ní rabh bolg mór fial ariamh.
28. Na díol do chearc lá fliuch.
29. Is feárr ag sníomhadh sifín na bhéith do chómhnuidhe.
30. Fear gan píopa, fear gan sgríste.
31. An té buailtear sa cheann, bíonn an eugla air.
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Thug sí amach an giota páipéir a rabh a ainm sgríobhtha air ina chuid fola féin. San ám seo bhí'n sagart ag léigheamh as a leabhar agus leis sin níor mhothuigh aon duine gur léim an páipéir amach as a láimh isteach i leabhar an tSagairt agus ar an bhomaite dhruid seisean an leabhar.
Nuair a d'amharc siad thart bhí'n néal dubh, iólar, agus cailín imthighthe. D'éirigh an stocach agus d'imthigh síos leobhtha abhaile agus ariamh 'na dhiaidh sin ní fhaca sé í.
ball sinsearach (stair)
2018-02-15 18:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní raibh fear ar bith in ann coinnéal roimpí ag spéaladh. Lá amháin chuir sí fhios ar fear le a thú ah spéaladh di.
Ní raibh a fhios aige ceárd a deánfadh sé mar chuile fear nach raibh in ann coinnéal a dtosach uirthi ag spéaladh marbhochadh sí é.
Acht chuimhnigh sé ar seift éigin, agus chuaidh sé cuigh an gceardhchan, agus fuair sé piosaí iarainn déanta ón ngabha.
Bhí a fhios aighe an bhaidhe a bainfeadh an Chailleach Béara. Tháinic sé san oidhche, agus chuir sé ins
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 15:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí roinnt de dlighe faoi lamaí an Chailleach Bheára. Bhí aon dligheamh amháin aici. Dhá gcuirfeadh sí fhios ar fear ag spealadh go gcaithfeadh sé a teacht aici, agus bhéadh obair an lae in aon baidhe amháin dhó.
Nuair a rachadh sí ag spealadh cuirfeadh sí chuile fear amhach roimpí, agus muna mbeadh sé in ann coinnéal roimpí i gcomhnuidhe bainfeadh sí na cosa dhó leis an spéil.
Nuair a chuirfeadh siad faobhar ar maidín ní cuiridís aon faobhar eile go dtí an tráthnóna.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 15:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
olc agus ar gach buaidh, agus de réir cré na maidne. Go moltar faoi choimrighe, go bhfaighidh an t-Athair an Mac agus an Spiorad Naomh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 15:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bheithfea ag gabhail i n'ait ar bith, ba choir duit seo a radh
"Coiscéim don Athair.
Coiscéim do'n Mhac agus
Coiscéim do'n Spiorad Naomh
agus trí choiscéim a thabhairt ag gabhail amach ar an doras duit.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 15:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
III
Ní thógfinn mó shúl le tuirse, nó le brón ó tháinig mé i mbur gclúid gránna.
Ní h-ionann liom do shliabh as Gleann Deise le na thaobh.
Is truagh gan mé ann seal miosaibh.
Nó san teach mór ar gach taobh an róid, ní bhéinn ann gan bó, gan caora.
IV
Anois ag teacht an Domhnaigh, ní bhéinn ann mbur gcró.
Nó bheadh an t-Aifreann da mo choir as na daoiní
As ma shileann sibh gur breag a bhfuil é a bhfuil mise ag radh.
Anois tchin sibh gur fíor é.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 15:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I
O a Bhrighid a stor glac misneach a bheas mór
As na cluinntear níos mó tú ag eileamh
Tá'n talamh againn is fearr, an torr agus an gráin
As tá'n bradan ar an ath ag leimnigh
II
Tá'n t-adhmad ina luighe ag an t-saoghal mór le faghail
As dioghail toighe, ní bheidh orainn, no a bhfuil de bhradáin as d'iasg ó Ghaoth Bearra aniar.
As bheadh siad ag teacht aniar faoi an
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 15:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Leigheas ar an ruadh agus an ruadh ar an rath
go béirfeadh sé ar an t'seidean a bhí roimhe
agus nach mbeireadh seidean a bhí na dhiaidh
air. Ar shiubhal leis go dtáinig neóin bheag
agus deireadh an lae agus go thoisigh an ghrian
a ghabhail ins na cathaoireacha.
VIII
Fod bog eadar ga bhog, bog fod, agus fod bog.
IX
Na bog an fod seo faoi mo chois, ní boige é no an fod atá láimh leis.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 15:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I
Tá spéal ró-mhaith agam agus faobhar ar a h-aghaidh.
Nuair a fhágaim ar an talamh í tógadidh inna bhfear í.
Mar suil go mbeadh sí acu le tús baint an fhéir.
II
Tá spéal ró-mhaith agam agus faobhar ar a h-aghaidh.
Bhainfinn naoi n-acaire le h-aon bhuile dhéag.
Tá píosa beag le bearadh agus ní mo no chuir sé i dtalamh mé
As b'fhearr liom é a fhaghail bearrtha nó an phaighe uilig go léir.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 14:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Previous to the government buying out the landlords properties in most parts of Ireland the rents were very high. Some of the landlords were very sever. They used to serve a civil bill on defaulters for non-payment of two years rent. When the decree would be granted against the tenant farmers the sheriff used to come and seize on their cattle or horses. The tenant who had no stock on his land was turned out of his dwelling house to find shelter on the roadside. Then the landlords used to put a care-keeper into the house and stock the farm themselves. At some future date the farmers started the land league and put ends to all this. Since then the farmers became proper owners of their land. They find it a great change
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 14:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go away to London or Paris for a week or so. They come home and have a pastry for their friends and neighbours. It is customary for the bride to supply her future bedroom requisites and these arrive in the home before her and are called her flitting.
Another funny custom is that the bride cannot go home to he parents until she is a month married.
(Ban-begging?) is another of the old time marriage customs. When a man brings home his bride the young boys of the neighbourhood gather around the house to welcome and congratulate the happy couple.
The boys ask the bride for a dance in their turn and wish her all kinds of luck and happiness in her married life.
The groom then gives the (ban-beggers?) a treat and they go off very quietly about their business.
There are tunes such as "Haste to the Wedding", "Off She Goes" and "The New
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 14:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siad mo chuid gamhna, na gamhna, geala.
Itheann siad an féar, as ní ólann siad an bainne
Bíonn siad anonn as anall ar an fhairrge
As ní fearr leobhtha ina traghadh é, nó ona lom-lanmhara.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 13:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ce d'ól an bainne buidhe rosta a bhí anns
D'ól an cat é.
Cá bhfuil an cat? Tá sé faoí'n t-sap.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 13:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá ramás iongantach deanta fa dtaoibh dé seán cháilleach.
"An áit a gcasfaidh orm-sa sean-chailleach gráiceach mheirgeach.
A deirfeadh go mbeadh báinne ag bó seásg.
Bhuailfinn uirthí buille de'n chléite, de'n bhléite.
De'n bhun, de'n bharr, de'n sgáffogach, chruaidh, ghéar.
A bhainfeadh siubhal lom, leisgeamhabach chun na chortha aist.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 13:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ach fíor-bheagán a leánnfadh í. Bhí gasúr ar fosda ar an Lagún i n-am amháin agus bhí an maighistir go h-an chuaidh air. Maidín amháin dubhairt sé leis go gcaitheamh sé a ghabhail go h-Ifreann fá choinne a ghár-mháthair. Chuaidh an gasúr fhad leis an chaillaigh agus chaith an chailleach an t-slat ar an talamh roimhe, agus thug an t-slát go h-Ifrinn é. Fuair sé an gár-mháthair agus thug an t-slát na bhaile slán, sábháilte é gan pian gan polóid.
ball sinsearach (stair)
2018-02-14 13:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I bhfad ó shoin bhí clú agus cáil ar ár gceanntar fhéin fá dtaoibh de na fathaigh móra a bhí ann. Bhí fear amháin ann darbh ainm "Leithghin". Duine crodha, cálma a bhí ann. Deirtear gur thóg sé an chloch a b'mhó ar Chnoc Leach-Chonnaill agus gur chaith sé uaidh í anonn gó dtí an taobh eile de uisge an Ghaoith Bhearra agus ó'n lá sin go dtí an lá indiu, beirtear "Cruach Léithghin" ar an chnoc sin.
Innistear sgeal deas fa chailleach a bhí ina comhnuidhe san cheanntar seo, tá cúpla céad bliadhain ó shoin. Bhí oiread písreógaí aicí gur tugadh an Chailleach Phísreógach uirthí. Bhí draoidheacht aicí. Seo cuid de na rudaí a bhí sí ábalta a dheanamh. "Ní rabh aicí le déanamh ach feadóg a chur ina béal agus í a shéideadh agus roimh dhá second bhí éanlaith an domhain cruinnighthe aicí, eadar beag, agus mór, óg agus aosta. Ní rabh aicí le déanamh ach slát sailóige a chaitheamh ar an talamh roimpí agus cia bith a léannfadh an t-slat, bheirfeadh sí go geaftaí Aifréann
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 13:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ag teacht as Albain aon uair amháin agus chuaidh sé isteach i dtigh-ósda chun bíadh a fhághail agus chonnaic sé pioctúir na croiche-céasta crochta ar an bhalla.
Dubhairt fear an toighe gur sin an
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 13:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a mhúsgail sé bhí sé lán chinnte go rabh sé i n-ifreann.
An Dómhnach ina dhiaidh sin thárla ag an Aifreann é agus caidé a rabh an sagart a seanmoir air ach ar Ifreann. Nuair a dubhairt sé "amach as ifreann ní'l slanughadh." D'éirigh an duímhlach i n-a sheasamh agus sgairt sé amach "bréagach tú, bhí mise i n-ifreann agus ma bhí fhéin ní droch áit í. Fuair mé mo sháith le h-ithe agus le h-ól agus tá mé annseo le n-a chruthughadh go bhfuil slánughadh as Ifreann.
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 13:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé an-tugtha de'n ólachán. Lá amháin bhí sé ag siubhal ar an bhealach mhór agus é ar misge. Thuit sé i n-a chodladh. Thárla go rabh sgaifte fear a gabhail chuig na gcuid oibre i bpoll guail agus dar leo go mbuailfeadh siad boc air. Thug siad leo síos 'na poill é agus d'fhág annsin é. Nuair a tháinig seisean cúige féin agus shónruigh sé an áit a rabh sé agus na fir a bhí annsin agus a n-aghaidh comh dubh leis an díabhal cha rabh fios aige caidé a bhain dó. D'fhiafruigh sé dó fhear aca cé'n áit a rabh sé agus duabhairt an fear leis "Tá tú i n-Ifreann ach ní droc áit í." Annsin thug siad a sháith le h-ithe dó agus d'fhág siad buideal eile uisce beatha aige. D'ól sé an buidéal agus ba ghoirid gur thuit sé i gcodladh misge eile. Annsin thug na fir leo é agus d'fhág siad é ins an áit cheadhna (é) ar thaoibh an bhealaigh an mhóir
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 12:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ach fear ariamh ? aca.
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 12:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar an seachtmadh lá de Dheireadh Fóghmhair ins an bhliadhain 1839 tharluigh an doineann a ba mhó adeir na seandaoine a tharluigh roimhe sin nó ó shoin. Bhí an fhairrge iongantacht garbh agus fosta bhí sé iongantach dubh. Brisaedh suas le sgór bádaí móra a bhí ina luighe annseo agus annsiud fá'n chladaigh. Ar maidin le bánughadh an lae lá thar na bhárach nuair a chuaidh na h-iasgairí síos go dtí an chladach fuair siad a gcuid ádaí ina luighe annseo agus annsiud thart ar an chladach agus iad uilig briste ina mhion ghíotaí. An oidhche cheadna sin bhí trí curraigh amuigh s'an fhairrge agus nuair a chonnaic na fir thart f'an chladach na curraigh amuigh fuair siad dhá bhád agus chuaidh dhá chloigeann déag fear amach leis na curraigh a thabhairt i dtír. Níor luaithe a bhí siad amuigh na thoisigh na tonnracha ag bualadh in éadan na mbádaí agus nuair shroich siad beirt de na curraigh chuaidh triúr fear iarracht in gach bád agus níor luaithe a bhí siad istoigh ins na bádaí na d'éirigh na tonntracha an airde o's cionn na gcurraigh agus i ndiaidh am fada ag streacháilt fríd na tonntracha. Bhí na fir iongantacht lag agus b'éigean dobhtha tabhairt suas agus báitheadh
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 12:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
súil as go dtabharfadh sé fiadhnaise duithe, acht dheaman pioc de bhí amuigh no istoigh. Bhí sé imthigthe glan ón áit a bhí sé. Chonnaic Conall annsin caidé bhí déanta aige agus bhí an bhrón air. D'imthigh sé leis chun faoisdine, agus sé an breitheamhnas aistrigh a cuireadh air a chroiceann a bhaint de ó mhullach a cinn go mbonnaí chos.
Idir Inis Caol agus Caiseal Gualann ? tá cloch ann agus deir na daoine go bhfuil sé dearg go dtí an lá atá indiu ann. Ar an chloch sin baineadh an croiceann de Chonall agus d'réir mar bhí sé ag baint an chroicinn de bhí croiceann úr ag fás air. Annsin thosuigh Conall agus d'éirigh sé na naomh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 00:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
faghail le cuidiughadh leis, acht mar sin chuaidh sé gach lá agus d'fhosgail sé teach an phobail.
ball sinsearach (stair)
2018-02-13 00:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
t-Seisne. Mín a Croise, Gleann Chuilm Cille.
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 23:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis an t-ór a fhagail astoigh sa teach ar eagla go dtiocfadh an tóir ortha roimh an mhaidin. Annsin thug sé leis spád agus chuir an t-ór faoi'n talamh. In a dhiaidh iad a theacht isteach chuaidh na madaidh ag tafann le tréan feirge. Chualaidh an t-sean-dhuine agus an t-sean-bhean gur gabhadh na fir seo a bhí ag goid, i gConnacht. Bhí luthgháir mhór ar an t-sean-dhuine nuair a chualaidh sé seo, agus bá ghnáthach leis a bhéith amuigh ag cuartughadh an phóta óir an uile lá acht ní bhfuair sé é. Deir na daoine nach bhfuaras é ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 23:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus fuair mé an bealach abhaile annsin. Thosigh an ghreann annsin agus níor stop an mhuinntir sa leas ag caoineadh gur thainig mé abhaile.
Fhaid is ghníonn tú rud maith déanfaidh Dia dhuit dá réir.
Má ghníonn tú rud ar bith déan rud maith.
Teanam abhaile = come on home.
Pisreóg eile: nach ceart splannc a thabhairt amach as teach leat. D'innis sé sgéal faoi oidhche dá raibh sé ag dul go Beal Lathaí. Las sé a phíopa i dteach i nGleann agus ní leigfeadh an fear amach é go mbéadh an píopa caithte.
Ó Nóra Bean Mhic Aodhaigaín, Cluan na mná.
A Mhaighdean Ghlórmhar mhófuil (ie mhodhamhail?) bheannuighthe
Is tú mo ghrádh is is tú mo thaisgidh
Is tú réalt an eolais rómham is gach bealach
I ngleann na nd(e)ór go mba tú mo charaid.
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 23:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na naomh, bhí sé na shaor cloiche, agus bhí sé pósta. Lá amháin bhí sé amuigh ag obair agus tháinig an diabhal fhad leis i gcosamhlacht fir, agus dubhairt sé leis, "Is amaideach duit a bheith ag obair annseo, agus d'athair ag déanamh seo agus sin le dho mhnaoi istoigh sa teach."
Chreid Conall é, agus isteach leis go feargach agus an casur in a láimh. Fear greannmhar a bhí ins an athair, agus go díreach ag gabháil isteach de Chonall bhí an bhean óg ag briseadh a croidhe ag gairidhe ar scéal grinn a d'innis an t-athair duithe. Ní dhearn Conall dadaidh acht a athair a bhualadh sa chloigeann leis an chasúir agus é a mharbhadh ar áit na mbonn. Thosuigh bean Chonaill ag béicfigh is ag caoineah agus chan éisteochadh sí le na sgéal. Chuaidh Conall amach leis an strainséar a thabhairt isteach, le
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 23:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sul ar éirigh Naomh Conall Caol
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 23:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis an t-ór a fhagail astoigh sa teach ar eagla go dtiocfadh an tóir ortha roimh an haiidn. Annsin thug sé leis spád agus chuir an t-ór faoi'n talamh. In a dhiaidh iad a theacht isteach chuaidh na madaidh ag tafann le tréan feirge. Chualaidh an t-sean-dhuine agus an t-sean-bhean gur gabhadh na fir seo a bhí ag goid, i gConnacht. Bhí luthgháir mhór ar an t-sean-dhuine nuair a chualaidh sé seo, agus bá ghnáthach leis a bhéith amuigh ag cuartughadh an phóta óir an uile lá acht ní bhfuair sé é. Deir na daoine nach bhfuaras é ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 18:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí teach beag thoir ar an Chamainn aon uair amháin, agus bhí sean-duine agus sean- bhean na gcomhnuidhe ann. Fan am seo bhí fir ag siubhal thart ag goid. Tháinig fear acu oidhche amháin go dtí an teach seo agus bhí póta óir leis. Dubhairt fear an toighe leis nach dtiocadh
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 16:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Jack said, "I want to say goodbye to my mother.".
The giant said he would leave him at home for one year and one day.
When the year and one day were up the dog came and knocked at the door.
Jack came out and the dog took out a cigarette. He gave one to Jack.
When he came out to the place where the giant was he caught Jack by the shoulder, and he said, "Is this you Jack."
The giant took him out to a pig-house that had not been cleaned out with five years. He told him to sleep in this house.
In the morning the giant called Jack early and told him to catch a horse that was not caught with fifty years and to put a bridle on him.
There was a fairy girl in the house. Jack could not catch the horse.
The fairy girl gave him a silver wand to catch the horse.
The giant showed him twenty-one spears
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 16:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Jack said, "I want to say goodbye to my mother.".
The giant said he would leave him at home for one year and one day.
When the year and one day were up the dog came and knocked at the door.
Jack came out and the dog took out a cigarette
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 16:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus casadh ortha í ag binn an toighe. Dubhairt sí leobhtha go raibh aici go gcoinneochadh siad an gealltanas. Ní raibh ag Ó Domhnaill acht dhá chapall ar a rabh siad ag marcaidheacht a thabhairt duithe mar phrionntanas, agus thug siad duithe iad, agus d'imthigh siad fhéin abhaile ag cosaidheacht.
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 16:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
amháin de agus gan tuighe ar bith ar an taobh eile. Chuir seo iongantas ar Ó Domhnaill agus dubhairt sé leis an ghiomanach go rachadh siad síos go bhfeicfeadh siad goidé'n cosamhlacht a bhí air. Tháinig siad anuas fhad leis an teach, agus fuair siad amach go rabh sé cosamhail le teach ar bith eile.
Dubhairt Ó Domhnaill leis an chailín caidé'n fath fur dhubhairt sí go rabh tuighe ar thaoibh amháin de, agus gan ar an taobh eile. Dubhairt an cailín go raibh tuighe ar an taobh amuigh de agus gan tuighe ar an taobh astoigh de. Thaiteann a clisteacht go mór leis agus dubhairt sé na raibh airgead ar bith leis acht an chéad uair eile a tcífeadh sé í go dtabharfadh sé prionntanas duithe. Chuaidh siad amach ar an doras a tháinig siad isteach air agus chuaidh an cailín ar an chúl doras
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 16:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
amháin de agus gan tuighe ar bith ar an taobh eile. Chuir seo iongantas ar Ó Domhnaill agus dubhairt sé leis an ghiomanach go rachadh siad síos go bhfeicfeadh siad goidé'n cosamhlacht a bhí air. Tháinig siad anuas fhad leis an teach, agus fuair siad amach go rabh sé cosamhail le teach ar bith eile.
Dubhairt Ó Domhnaill leis an chailín caidé'n fath fur dhubhairt sí go rabh tuighe ar thaoibh amháin de, agus gan ar an taobh eile. Dubhairt an cailín go raibh tuighe ar an taobh amuigh de agus gan tuighe ar an taobh astoigh de. Thaiteann a clisteacht go mór leis agus dubhairt sé na raibh airgead ar bith leis acht an chéad uair eile a tcífeadh sé í go dtabharfadh sé prionntanas duithe. Chuaidh siad amach ar an doras a tháinig siad isteach air agus chuaidh an cailín ar an chúl doras
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 16:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí sé fhéin agus a ghiomanach amuigh lá amháin ag seilg, agus casadh cailín daobhtha ar thaoibh an chnuic. D'fhiafruigh siad duithe goidé'n seort tuighe é sin thíos na rabh tuighe air. Dubhairt go rabh tuighe ar taoibh
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 16:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
imtheacht dubhairt sé, "nimh an pholladóra ar a t-snataid agus fuacht an tonnadóra ar an táilliúr." Ón lá sin go dtí an lá indiu bíonn an táilliúr i gcomhnuidhe dhá fhleachadh, agus má sháitheann sé an t-snathad in a mhéar tá sé cinnte líonadh le sileadh, agus is cuma caidé'n poll a dhéanas an greúsaidhe ar fhéin leis an mheannuidhe, níl ann na go mothuigheann sé é.
ball sinsearach (stair)
2018-02-12 11:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí Colmcille ag siubhal thart na h-áite seo i bhfad ó shoin thuit cnaipe de a chóta lá amháin agus chuaidh sé isteach go teach go bhfuigheadh sé fuaighthe aríst é. Bhí greusaidhe agus tailliúr ag obair ins an teach seo. Chuaidh Colmcille fhad leis an táilliúr agus d'iarr sé air an cnaipe a fhuagháil aríst acht dubhairt an táilliúr nach déanfadh.
Annsin d'iarr sé ar an ghreúsaidhe an cnaipe a fhuaghail do, agus d'fhuiagh an greusaidhe an cnaipe le na chórda roisín, bhí buidheachas mór ag Colmcille air agus nuair a bhí sé ag
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
9adh Eanair 1939
Bhí fear shíos ag an fhairrge lá amháin ag iasgaireacht. Chonnaic sé Maighdéan Mara. Bhí sí na suidhe ar an chladach. Chuaidh sé síos fhad léithe. Bhain sé an hata dithe. Thug sé abhaile é agus chuir sé an hata i bhfolach. Lá amháin chuaidh an fear amach go dtí'n aonach. Nuair a fuair siad an t-athair ag an aonach d'innis na páiste díthe go rabh a rúd deas ins an chruach coirce.
Chuaidh an Maighdéan Mara amach agus fuair sí an hata. D'fhág sí slán ag na páistí agus chuaidh sí síos go dtí an fhairrge.
Caitlín Ní h-Éigin
Málainn Mhóír
Leithbhearr
Co. Dhún na nGall.
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ortha comhairle domhsa an chéad uair a ghoid mé an snathad mór, ní bhéinn annseo anois."
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí gasúr beag ann aon uair amháin, agus oidhche amháin bhí sé i dteach na comharsan, agus ghoid sé snathad mór. "Maith thú fhéin" arsa an mháthair leis. An oidhche na dhiaidh sin bhí bó leis abhaile, "maith an leanbh thú," arsa an mháthair leis. Fuair na gardaí suas leis annsin, agus bhí siad le é a chrochadh. Nuair a tháinig an lá sgairt an gasúr anall ar an mháthair, "go anall annseo, tá gnoithe agam leat." Tháinig an mháthair anall fhad leis, agus chaith sé barr na sróine duithe. Dubhairt sé léithe, "dá dtabh-
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cainnt le pioctiúr na Maighdeana Muire a bhí crochta ar an bhalla. "Abair léithe mise a bheith leat ar dó shuipéar fósta," agus bhí an sagart agus an gasúr marbh ar maidin an lá thar na bhárach.
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fhad leis an teach. Bhí mórán dreasógaí ann, agus chuaidh sé fraobhtha, acht ní thiocfadh leis a ghábháil fríd an teach. Chuaidh sé suas an camhsa a bhí ann, agus nuair a chonnaic bunadh an toighe é, sgairt siad air, agus d'iarr siad air a theacht isteach, acht ní thiocfadh. Bhí sagart ins an teach seo, agus bhí cailín aimsire aige. Dubhairt seisean go rachadh sé fhéin amach, agus chuaidh. Tháinig an gasúr isteach leis, d'iarr sé ar an chailín cupa tae a dhéanamh réidh dó, agus é a chur síos na t-seomra, agus an doras a dhruid. Chuaidh an sagart amach, agus dhruid an cailín an doras. Fad is bhí an gasúr sa t-seomra, bhí an cailín ag éisteacht leis an chaint. Nuair a tháinig an sagart isteach, d'innis an cailín dó caidé bhí an gasúr ag déanamh. Chuaidh sé síos fhad leis an ghasúr, agus chuir sé ceist air caidé bhí sé ag cainnt air. Dubhairt an gasúr go rabh sé ag
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí sagart ann aon uair amháin, agus nuair a bhí sé ag léigheamh an Aifrinn sé an seanmóir a rinne sé nó, duine ar bith a siubhailfeadh díreach abhaile ar an bhealach mhór, go rachadh an duine sin na Flaithis. Tháinig an gasúr amach ar an doras agus shiubhail sé díreach fríd crainn agus dreasogaí, go dtáinig sé
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cois na teineadh, agus an sgian sáithte ina láimh. Nuair a chuaidh Neidí isteach dubhairt sé; "Tá tú agam anois." "Níl" arsa Neidí "go ngealfaidh tú domh nach ndéanfadh tú aon dath ar mo mhac nó orm fhéin ar thalamh nó air fairrge níos mó," "Gheobhaidh tú an geal sin," arsa sise. Annsin tharraing Neidí amach an sgian, agus bhí sé isteach go Laifean ? leis an oidhche sin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 20:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cois na teineadh, agus an sgian sáithte ina láimh. Nuair a chuaidh Neidí isteach dubhairt sé; "Tá tú agam anois." "Níl" arsa Neidí "go ngealfaidh tú domh nach ndéanfadh tú aon dath ar mo mhac nó orm fhéin ar thalamh nó air fairrge níos mó," "Gheobhaidh tú an geal sin," arsa sise. Annsin tharraing Neidí amach an sgian, agus bhí sé isteach go caisean ? leis an oidhche sin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 14:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cois na teineadh, agus an sgian sáithte ina láimh. Nuair a chuaidh Neidí isteach dubhairt sé; "Tá tú agam anois." "Níπ" arsa Neidí "go ngealfaidh tú domh nach ndéanfadh tú aon dath ar mo mhac nó orm fhéin ar thalamh nó air fairrge níos mó," "Gheobhaidh tú an geal sin," arsa sise. Annsin tharraing Neidí amach an sgian, agus bhí sé isteach go caisean ? leis an oidhche sin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 13:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
féin agus cailín 'na suidhe. Bhí fathach mór 'na sheasamh uirthi. Shín sé amach acara agus thóg sé isteach an cailín ar an luing agus thiompuigh sé ar shiubhal na fairrge arís.
Bheathadhaigh shaluigh" arsa Cuchulainn "da mbeithra ar thalamh tirim i n-áit a bheith ar bhord luinge chá déanfa an rud a rinne tú."
"Shomala bhocht ar seisean le Cuchulainn goidé thiocfadh leat-sa dhéanamh. Dá mbeithea ar an charraig seo bheirfinn fios duit, ag éirigh agus ag caitheamh caman air agus bhris sé trí easna. D'imthigh a long leithi na fairrge agus tháinig Cuchulainn abhaile agus ghlac sé a leabaidh, agus chá rabh a fhios ag duine ar bith goidé bhí air. Bhí dochtúirí as gach áit ag teacht ag amharc air agus chá dtiocfa le fear ar bith innsint goidé bhí air. Bhí sean dochtúir san áit agus tháinig seisean ag amharc air. "Tcír domh-sa" ar seisean gur i ngrádh atá tú. An tú an buachaill ar thóg an fathach an cailí˜uaidh." "is mé an fear ceadna arsa Cuculainn." Acht tá a fhios agam an fathach agus cé'n áit a bhfuil sé 'na chomhnuidhe. Tá seoladóireacht seacht mbiadhna go dtí'n áit acht tá bád ag cailleach na
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 13:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé an phéist. Sgairteadh istaech ar an fhear mhór i n-áit a rabh an ceannphort agus Cuchulainn. "Anois a deir an ceannphort leis an fhear mhór, is tusa an fear is measa a chonnaic mé ag siubhal ariamh i mbróg leathair, Moise mé fhéin a bhí ins an pheist sin, agus nuair a chonnaic tú mé ag nochtadh sé an rud a d'fholuigh tú 'san fhraoich i n-áit a dul a throid liom, agus tusa Cuchulainn an fear is fearr ar throid mé leis ariamh. Ar a son sin bheirim sé maighistreas Sméara na gCrann duit-sé ó lá indiu go dtí lá do bháis.
Tamall i ndiaidh sin bhí Cuchulainn ag siubhal cois an chladaigh lá amháin. Bhí caman agus cnag aige. Bhí sé ag bualadh cor poc cnaig uirthi gur thuirsigh sé é féin. Shuid sé síos ar charraig mhór a bhí ar cladach na fairrge. Ní rabh sé i bhfad 'na shuidhe go dtáinig cailí˜, agus shuidh sí ag a thaobh. Chonnaic sé mar bheadh dubhlogamn dubh amuigh ar an fhairrge. Bhí sé i dtolamh ag teacht ní ba deise do, agus d'aithin sé sa deireadh gur long a bhí ag séoladóireacht a bhí ann. Tháinig sé isteach go bun na carraige an áit a rabh sé
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 12:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ndearna sé oidhche mhór troide léithi. Tháinig sé aníos chun toighe agus isteach chuig an cheannphort agus d'innis sé do go rabh oidhche mhór troide aige.
Chuaidh Cúchulainn síós oidhche na bharuigh agus sul ar imthigh sé d'iarr sé iasacht an chlaidhimh ar an cheannphort. 'Nach bhfuil claidheamh de do chuid fhéin agat' arsa'n ceannphort. Tá arsa Cuchulainn, acht b'fhéidir nuair a throidfinn leis go mbrisfinn mo chaidheamh féin uirthí, agus nuair a bheas an dara claidheamh agam, thig liom í a throid amach." Thug sé do an claidheamh, agus chuaidh sé síos. D'fhan sé annsin go bhfaca sé í ag nochtadh sa loch. Chá rabh foighid aige fanacht go dtiocfadh sí chun cladaigh. Chuaidh sé amach sa uisge le na h-airchis. Thoisigh an péire ar a chéile. Throid sé léithe gur chaith sé a chlaidheamh go dtí greim a dhorna.
Annsin tharraing sé claidheamh an cheannpoirt air, agus chár bhuail sé uirthi acht trí bhuille nuair a b'éigin di teicead ná chá dtiocfadh leithi troid i n-éadan a chlaidheamh féin. Chár fhág siad cuan ins an seacht ríóghachta nár throid siad cath ann roimh mhaidin.
Tháinig Cuchulainn aníos chun toighe, d'fhiafruigh an ceannphort do goidé'n cineal oidhche bhí aige. Dubahirt sé go rabh oidhche mhór, acht gur bhuail
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 12:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí bachlach 'sa tír seo a dtug siad na Fianna ortha, agus bhí fear aca a dtug siad Cuchulainn air.
Bhí sé fhéin agus diulach mór eile a bhí ann i gcomhnuidhe ag aighneas le chéile ciaca gheobhadh maighstreas Sméara na gCrann nuair a gheobhadh an ceannphort bás.
Dubhairt Cúchulainn leis lá amháin nach rabh rud ar bith a b'fhearr dobhtha na dul chuig an cheannphort agus fiadruigh do ciaaca dtabharfadh sé do é. Chuaidh agus d'innis sé dóbhtha go dtabharfadh sé do'n duine fiughantach agus sé an dóigh a réachfar sibh.
"Tá peist ins an loch sin thíos, gabh fear agaibh síos anocht agus throidfeadh sé léithí agus an fear eile ins an oidhche i mbárach agus sé é féin a bhí le bheith ann 'na phéist acht chá rabh a fhios aca sin.
Chuaidh an fear mór síos an chéad oidhche agus d'fhan sé ar chladach an locha go bhfaca sé an péist ag nochtadh, agus i n-áit a dul síós an cladaigh sé an rud a d'fholaigh sé gur ghlan an lá. D'imthigh sé annsin agus shaluigh sé é féin ins an uisge agus ins an t-salachar le taisbeaint do'n cheannphort go
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 12:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí bachlach 'sa tír seo a dtug siad na Fianna ortha, agus bhí fear aca a dtug siad Cuchulainn air.
Bhí sé fhéin agus diulach mór eile a bhí ann i gcomhnuidhe ag aighneas le chéile ciaca gheobhadh maighstreas Sméara na gCrann nuair a gheobhadh an ceannphort báß.
Dubhairt Cúchulainn leis lá amháin nach rabh rud ar bith a b'fhearr dobhtha na dul chuig an cheannphort agus fiadruigh do ciaaca dtabharfadh sé do é. Chuaidh agus d'innis sé dóbhtha go dtabharfadh sé do'n duine fiughantach agus sé an dóigh a réachfar sibh.
"Tá peist ins an loch sin thíos, gabh fear agaibh síos anocht agus throidfeadh sé léithí agus an fear eile ins an oidhche i mbárach agus sé é féin a bhí le bheith ann 'na phéist acht chá rabh a fhios aca sin.
Chuaidh an fear mór síos an chéad oidhche agus d'fhan sé ar chladach an locha go bhfaca sé an péist ag nochtadh, agus i n-áit a dul síós an cladaigh sé an rud a d'fholaigh sé gur ghlan an lá. D'imthigh sé annsin agus shaluigh sé é féin ins an uisge agus ins an t-salachar le taisbeaint do'n cheannphort go
ball sinsearach (stair)
2018-02-11 12:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh: Séamus Ua Fearadaigh
2. An Sheoladh: An Craos-Loch, Leithbhearr, Thír Chonaill
3. A Aois: 68 bliadhna
4. A Ghairm Bheatha: fear oibre
5. Cár tógadh é agus cár chaith sé a shaoghal: Tógadh é i nGlasan, An Craos-Loch, Tír Chonaill. Chaith sé a shaoghal i nGlasan, i n-Albain agus ar an Chraos- Loch.
6. Chuala sé an sgéal ó n a athair.
7. 54 bliadhna ó shoin.
8. Aois an duine eile fá'n tráth sin: 40
9. Bhí sé 'na chomhnuidhe i nGlasan, An Craos-Loch.
10. Sgríobhadh an sgéal 'san leabhar seo 15adh Eanair 1935.
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 23:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Is fearr go mall ná go bráth.
2. Ní buan cogadh na gacard.
3. Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcomhnuidhe é.
4. Ní tháinig ariamh an meabhar mór nach dtiocfadh i ndiaidh an dubh bhrón.
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 23:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chleachtuightí mórán sean-nósanna Lá Bealtaine i bhfad ó shoin agus chleachtuightear mórán go fóill. An lá roimh Lá Bealtaine cruinnightear mórán bláth roimh luighe gréine agus cuirtear suas crann Bealtaine an lá in a dhiaidh sin. Geibhtear crann mór fada agus cuirtear ins an charn-aoiligh é. Geibhtear na blátha agus cuirtear ar an chrann iad. Ceangailtear iad le córda agus bíónn sé go h-álainn.
Cuirtear suas altóir Bealtaine fósta, geibhtear mórán blátha, cros agus dealbh na Maighdine Mhuire. Cuirtear bosca deas ar an delbh, agus éadach bán air. Cuirtear na blátha, an dealbh agus an chros air. Bíonn an altóir annsin go dtí an lá deireannach de mhí Bealtaine.
Oidhche Bhealtaine nuair atá na blátha cruinnuighthe, scaptar mórán bláth ag achan
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 23:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
the edge of the cover. She asked him could he read it. This is what it was. "Tá tógaint na mile ar an dtaobh eile." There is the rising of thousand on the other side. It is not told when he touched the other lot.
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 19:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
doras amuigh. Deirtear go mbíonn an Mhaighdean Mhuire ag siubhal thart an oidhche sin, agus tógann sí na blátha uilig. Ar maidin bíónn siad ar shiubhal. Coingbhigheann siad na sidheógaí ar shiubhal.
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 19:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chleachtuightí mórán sean-nósanna Lá Bealtaine i bhfad ó shoin agus chleachtuightear mórán go fóill. An lá roimh Lá Bealtaine cruinnightear mórán bláth roimh luighe gréine agus cuirtear suas crann Bealtaine an lá in a dhiaidh sin. Geibhtear crann mór fada agus cuirtear ins an charn-aoiligh é. Geibhtear na blátha agus cuirtear ar an chrann iad. Ceangailtear iad le córda agus bíónn sé go h-álainn.
Cuirtear suas altóir Bealtaine fósta, geibhtear mórán blátha, cros agus dealbh na Maighdine Mhuire. Cuirtear bosca deas ar an delbh, agus éadach bán air. Cuirtear na blátha, an dealbh agus an chros air. Bíonn an altóir annsin go dtí an lá deireannach de mhí Bealtaine.
Oidhche BHealtaine nuair atá na blátha cruinnuighthe, scaptar mórán bláth ag achan
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá mórán sean-roiligí thart fa'n áit seo. Tá ceann thíos ag an Chluain agus ceann ag Caisleán na dTuath. Chuireadh daoine ins an tsean-roilig ag an Chluain i bhfad ó shoin, agus cuirtear daoiní ins an tsean-roilig ag a Caisleán na dTuath go fóill.
Tá mórán béaloideasa fa na sean-roiligí seo. Seo sean-sgéal a h-innisthtí i bhfad ó shoin.
I bhfad ó shoin bhí gasúr, tuairim ocht mbliadhna déag d'aois, agus cha rabh eagla ar bith air roimh rud ar bith. Lá amháin dubhairt na gasúirí a bhí in a gcomhnuidhe comgarach dó, go dtabharfadh siad punt do dá dtógfadh sé cnámh ó'n tsean-roilig ag an Chluain, agus é a thógail 'san oidche.
Dubhairt an gasúr go ndéanfadh sé sin
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sin nach dtógfainn mo lámh leis an ropa a chur ar shiubhal. Dubhairt an t-athair go dtabharfadh sé a ríoghacht dó'n treas mac, agus thug.
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar an aonach agus díoltaí iad. Gheibhtí airgead ortha agus cheannuightí uisge beatha leis an airgead.
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I bhfad ó shoin bhíodh mórán sean-nósanna ag na daoine lá an aonaigh. Cleachtuightear mórán go fóill ar an aonach.
Gach bhliadhain bíónn aonach ar an Chraoslach agus tugtar Aonach na Spíonóg ar an aonach seo. Tuiteann sé i mí Lughnasa, agus tá sé níos fearr nó na h-aontacha eile. Sin an t-aonach is fearr leis na paisdí. agus bíonn siad uilig ann. Bíonn toradh de gach sórt le díol an lá sin.
Tagann daoine chun an aonaigh agus díolann siad stocaí olna. Tagann siad gach mí.
Goidtí lacha agus gabhair i bhfad ó shóin
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sin an lá a d'éirigh Íosa Críost ón mharbh.
Achan Domhnach Casga brithtear mórán uibhe agus ithtear iad ar maidin, ag am dinnéara agus ag am tae. Sin sean-gnas a bhíonn ag na daoine.
Cúpla lá roimh an Cháisg cuirtear uibheacha i bhfolach agus ithtear iad Domhnach Cásga.
Gheibhtear na h-uibheacha ó na comhursanaibh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cleachtuigheann na daoiní cuid mhór seannósanna i rith na bliana go h-aithrighthe ag an Cháisg. Nuair a éirgheann siad ar maidin, éigheann siad go luath leis an ghrian a fheiceáil ag damhsa siocair go ndamhsann sé an lá sin go luath mar
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cleachtuigheann na daoiní cuid mhór seannósanna i rith na bliana go h-aithrighthe ag an Cháisg. Nuair a éirgheann siad ar maidin, éigheann siad go luath leis an ghrian a fheiceáil ag damhsa siocair go ndamhsann sé an lá sin go luath Dia
ball sinsearach (stair)
2018-02-10 18:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus rinne. Tháinig sé 'na bhaile, agus an chnámh leis, agus thaisbean sé do na gasúirí í. Bhí achan rud go ceart go dtí go dtáinig an oidhche, agus chuaidh an gasúr in a luighe.
Nuair a bhí sé in a chodladh, mhusgail sé go tapaidh, mar mhothuigh sé rud a bhualadh, agus a bhualadh. Tháinig eagla air, agus shuidh sé suas ar an leabaidh. Chonnaic sé an chnámh ag léimnigh suas agus síos an leabaidh, agus a bhualadh. Thuit sé i laige, acht goidé chualaidh sé acht na gasúirí ag gairdhe. Is iad san a rinne an rud. Cheangail siad an chnámh ar chórda, agus tharraing siad an córda, agus léim an chnámh suas agus síós an leabaidh 'san dóigh seo.
ball sinsearach (stair)
2018-02-09 19:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cealldrach
Páirc Bhán
Alta Darach
Currach Bhoithigh
Currach Mór
Bóthar Lios
Alt Beag
Alt Mór
Cnoc an Fhéir
Portach Dearg
Árd na Righte
??? Raithnighe
Árd na bPreachán
Currach na Bán
Currach na mBeannach
Sgreacach Mór
Poll Glás
Carraic Dubh
Páirc na h-Eorna
Bearnas na Gaoithe
Loch na Cuilme
Loch Cam
Croc a Chapaill
Pollan na gCat
Roilic na bhFiach
Leana Mór
Loch na gCarraige
Loch na bPosaidh
Lochta Bán
Cásan na mBrathar
Mullta Siúnáin
Cladaigh Beag
Binn Mór
Binn Dubh
Alt na nGabhar
Tamhnach bhFaragal
Loch na Crumh
Ros Dubh
Clararombarron
Dromnacarry
ball sinsearach (stair)
2018-02-09 19:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Baile na Sgiocóg
Corr na bhFiach
Corr Abar
Corr a Crumh
Guala Dubh
Garbhach
Tamhnach Gorm
Árd Ó Tuathail
Árd Aoibhinn
Árd na Blaosc
Tamhnach Leathan
Árd an Amhairc
Milltown
Friars Bush
Srath Buidhe
An Ceasaigh
Mullaistan
Carraig na Garbhaighe
Gagán
Lios
Cluid Maire Uí Cleirigh
Páirc an Fhothasain
Moladh an Iomhair
Árd Cruinn
An Riascán
Garaid habair
Sciag Breach
Poll na hIosaidhe
An Tuar
Malaire an Charnáin
Árd na mBó
An tSrath
Bearnaidh Mhór
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
218. Screig Mhór
219. Árd Chró
220. Leána Bhuidhe
221. Áit na Sean Bhailibh
222. Scraith na Locha
223. Cruach na Locha
224. Ailt Gairbhe
225. Poll Daithte
226. Árd Dubh-Chlocha
227. Árd na gCartan
228. Árd na Mine Buidhe
229. An Scárdan
230. Glas na Naomh
231. Loch na Cóguise
232. An Maide Darach
233. Mullach an Phortach
234. Clocha an Airgid
235. Scraith Mhór
236. Árd Luachra
237. Screig an Iolair
238. Alt Trasna
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
196. An Eas Bheag
197. Leána na Mealach
198. Screig Bhán
199. Árd na Marcuigheacht
200. Log Bheag
201. Gort na bhFiann
202. Ált Garraidhe na h-Eorna
203. Portach Árd
204. Gárraidhe Garbh
205. Árd Mór
206. Árd Bheag
207. Árd Fhada
208. Cnoc an Locha
209. Screig Mhór
210. Screig na gCaorach
211. Screig na Seamróg
212. Scraith na Smután
213. An Liosan
214. Poll Bheag
215. Gleann Bholcan
216. Árd Crot
217. Screig Mhór
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
174. An Tor Caol
175. An Tor Leathan
176. An Chruach
177. Ruaidhteach
178. Breaclach
179. Gárraidhe Líon
180. Miódún Bheag
181. Páirc an Mhianaigh
182. Cruit Bhuidhe
183. Ailt Mhór
184. Páirc an Arbhair
185. Cuibhreann na Clocha Dearga
186. Bothóg Árd
187. Árd Caol
188. Screig na mBroc
189. Árd Chruinn
190. Sráth na Ceadchan
191. Páirc an Chapaill
192. Loch Mhín Uí Chanainn
193. Poll an Abair
194. Screig Dhubh
195. Cór Chaillte
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
16. Is olc an baile nach fearr no an t-aonach.
17. Is fearr rith maith no droch sheasamh.
18. Ní h-ionann áit agus a iomrádh.
19. Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.
20. 'Sé do phóca do chara.
21. Is glas na cnuic i bhfad uainn.
22. Is fada an casán nach bhfuil casadh ann.
23. An té nach bhfuil ciall aige bheárfaidh an saoghal ciall do.
24. Is trom cearc i bhfad.
25. Is minic cú mall sona.
26. Is mín mall an breitheamh Dia.
27. Na caith amach an t-uisge salach go mbéidh an t-uisge glan astoigh agat.
28. Is furast fuinneamh in aice na mine.
29. Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é.
30. Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn cead rinnce ag na luchógaí.
31. Is goire cabhair Dé na an doras.
32. Ma's mall is mithid.
33. Is fearr éan amháin ar lámh na beirt ar chraobh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Is binn béal ina thost
2. Ní bhíonn caonach ar chloch reatha
3. Éist le fuaim na h-abhna agus gheobhaidh tú breac
4. Cam díreach an ród 'sé an bealach mór an aithghiorra
5. Ní h-é lá na gaoithe, lá na sgolb
6. Ná díol do chearc lá fliuch
8. Is teann madadh ag a dhoras féin
9. Is fada anonn an rud a chuireas Dia anall
10. Is iomaidh "cheat" ar aonach
11. Is olc an rud is fearr no an talamh a bheith bán
12. Gheibh na ba bás fhad is bhíonn an féar ag fás
13. Na bain dó'n rud nach mbaineann duit.
14. As doiligh an gearrfhiadh a chuir amach as an tom nach bhfuil sé ann
15. An rud a sgríobhas an púca léigheann sé
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí rí ina chomhnuidhe i sasain uair amháin agus bhí sé an tugtha le bheith ag cainntdo dhaoine leigheannta. Lá amháin chualaidh sé go rabh fear ina chomhnuidhe i Lonndáin agus go rabh mórán oideachais aige. Chuir sé sgéal fhad leis a theacht go dtí féasta. Tháinig seisean go dtí caisleán an rí agus nuair a bhí an féasta thart chuir an rí dhá cheist air agus d'iarr ar a gabhail abhaile agus trí mhí ó'n lá
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Luigh an droch shaoghal go h-an trom mo cheanntar. Fuair cuid de na daoine bás le h-ocras agus cuid eile bás le tinneas agus anródh. Bhí na mná amuigh ag obair ar na bealaigh móra agus ag briseadh na gcloch. Bhí fear amháin agus b’éigean do oibriughadh an lá a bhí a mháthair faoi chlár.
Bhí i bhfad níos mó daoine ann an uair sin nó mar atá anois. Bhí gach teach lán, ach chuaidh siad ina scórthaí ‘un Oileáin Úir.
Lobhaidh na préataí ins na puill agus ins na tightibh an chéad bhliadhain, ach an dara bliadhain lobhaidh siad ag fás. Ath tochailt agus bachlógaí a bhí mar síol aca ach bliadhain. Chuir an Riaghaltas arán dubh chuig na scóltacha, ach ní rabh sé ró mhaith.
Cailleadh mórán i n-aimsir an ghorta. Min buidhe agus meacain raibe agus cabaiste a bhí mar biadh ag na daoine. Níor lobhaidh na préataí comh h-olc ins an domasach.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Luigh an droch shaoghal go h-an trom ar an cheanntar seo. Bhí i bhfad níos mó daoine ins an bhaile fad ó shoin mar atá anois. Bhí ocht dtoighthe déag ann fadó agus ó dó go dtí an dó dhéag duine ins an uile teach aca. Anois níl ann ach ceithre toighthe agus níπ ach an trí go dtí an ocht duine ionnta. An cead bliadhain lobhaidh na préataí ins na puill agus ins na toightibh, ach an dara bliadhain lobhaidh siad ag fás. Corr poirín a shabháil cuid de na daoine agus na athtochailt sin a bhí mar síl aca. Níor scapadh na préataí mar scaipfí grainíní síl. Min bhuidhe agus fluigh bruighte le chéile sin an biadh a bhí aca. Bhí pota brigh reannta ar na bochta gach lá i bpáirc na gcaorach.
Bhí obair le fághail ag duine ar bith a bhí an bhocht ar na bealaigh móra. An tuarastal a bhí siad ag fághail ceithre pighne sa lá. Bhí fir ag obair am amháin agus fuair cuid aca brigh agus mín searbh. Shuidh siad i gcúl claidhe ag ithe agus basgadh iad. Bhí fear amháin nach rabh ag fághail an brigh agus an min. Bhí bheiste muinighealach air agus cuireadh sé lán a dhorn de choirce isteach in a phóca gach maidín. D’íosfadh sé sin ag am dinneara. D’éirigh leisean an t-am olc a chur isteach.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Pádraic Mac Giolla Easbuic a d’fhoghluim an sgéal sin ó n-a mháthair, Bean mheadhon aosda i n-a comhnaidhe ar an Cill Fhanaid.
feach fosda 1.46.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí droch aimsir i nÉirinn sa bhliadhain 1846 agus tháinig meath ar na barraí agus fuair mórán de na daoine bás le h-ocras.
Sa t-sean-an bhí pota an-mhór san áit seo agus gníodh na Produstanaigh brath agus rannadh siad ar na daoine é agus tá an pota sin le fághail go fóill thíos ag teach an mhinistir.
Bhí bean ann fosda agus bhí garraidh mór cail aicí agus bhíodh sí ag tabhairt cloighne cáil do na daoine.
An amháin bhí an mioistéir ag tabhairt min-buidhe do na daoine agus bhí oiread daoine ag teacht isteach fhad leis gur iarr sé fear éiginteach iad a choinneailt amach le bata mór.
Théigheadh mórán daoine na trágha le biadh a fhághail agus gheibheadh cuid aca bás le h-ocras nuair a bhíodh siad san tráigh.
Ní rabh mórán iasg le fághail ag na daoine agus nuair théigheadh siad amach i mbád b’fhéidir go bhfuigheadh siad bás amuigh san bhád.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Báitheadh trí dhuine a bhí ag an tráigh ag baint slabhaic uair amháin. Nuair a bhí siad ag dul ‘un an bhaile chuaidh siad trasna ag “Cor-na-Leathaigh” agus báitheadh annsin iad mar go rabh rabharta ann ins an am. Bhí trí dhuine eile ag dul isteach ‘un an oileáin lá agus báitheadh iad ag an “Chlochán”. Beirt fhear agus bean amháin do b’eadh iad. Báitheadh beirt fhear am eile a bhí ag teacht isteach le ultach leathaigh. Níor báitheadh an bheirt ins an am cheudna.
D’fhág bád Innis Bó Finne oidhche amháin i mí Meadhon an t-samhraidh sa bhliadhain 1929 ag gabhail a d’iasgaireacht bradán. Ceathrar fear a bhí san bhád; beirt dhearbhráthair a bhí ann agus beirt fhear eile. Bhí an oidhche comh ciúin agus nach mbogfadh sí ribe ar do cheann. Nuair a bhí a gcuid eangach sínte aca caidé thárluigh theacht aniar báigh Thoraighe acht soitheach. Bhuail sé an bád agus rinne sé dhá chuid díthe. Bhí triúr de na fir istigh i bpíosa de’n bhád agus fear amháin sa phíosa eile. Níor bhfada go bhfuair beirt aca bás. Fágadh annsin duine ar gach píósa de’n bhád. Fuair fear eile acú bás le teacht an lae. Bhí an fear eile leis féin annsin. Thárla sé go raibh sóitheach eile ag gabháil thart an bealach i dtrátha a naoi a chlog agus thóg sé léithe an fear a bhí fágtha. Fuarthas fear de’n mhuinntir a báthadh seachtmhain i na dhiaidh sin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Báitheadh trí dhuine a bhí ag an tráigh ag baint slabhaic uair amháin. Nuair a bhí siad ag dul ‘un an bhaile chuaidh siad trasna ag “Cor-na-Leathaigh” agus báitheadh annsin iad mar go rabh rabharta ann ins an am. Bhí trí dhuine eile ag dul isteach ‘un an oileáin lá agus báitheadh iad ag an “Chlochán”. Beirt fhear agus bean amháin do b’eadh iad. Báitheadh beirt fhear am eile a bhí ag teacht isteach le ultach leathaigh. Níor báitheadh an bheirt ins an am cheudna.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Báitheadh fear i gCill Ulta tá cúpla bliadhain ó shoin. Deirtear go raibh sé ag baint feamnughadh, ach nuair a b’fhada le na mhuinntir gan é a theacht isteach, chuaidh siad ghá chuartughadh. Fuair siad báidhte é fá thuairim céad slat ó’n teach. Mheas siad gur’bh é féin a bháith é féin. Thugadar abhaile é annsin agus cuireadh é cúpla lá ‘na dhiaidh sin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chaith siad díobh a gcuid éadaigh agus amach leo. Nuair a bhí siad amuigh tamall tháinig siad isteach aríst.
Ní luaithe bhí siad istoigh nuair a dubhairt fear aca leis an fhear eile, “Rachfaimid amach aríst.” Dubhairt an fear eile nach rachadh sé leis. Sa deireadh d’imthigh sé féin amach agus d’fhan an fear eile istigh. Nuair a bhí sé tamall amuigh thoisigh an sruth a bhreith air agus thoisigh seisean a imtheacht leis an t-sruth. Arsa seiseann leis an fhear do bhí istigh. “Tá tusa astoigh agus tá mise amuigh,” fá dheireadh d’imthigh sé as amharc agus báitheadh é. Tháinig an fear eile aníos ‘un an bhaile agus d’innis sé fa’n tubáiste. Chruinnigh cuid mhór daoine thart fa’n áit. Sa deireadh chonnaic duine aca corp an fhir a báitheadh ag snámh ar bharr na fairrge. Thugadar leo bád agus amach leo acht ní rabh sé le feiceáil thíos nó thuas acú. Ní b’fuarthas a thuairisc ariamh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ma ghearrtar teanga as madadh ruadh nuair atá sé marbh agus má chuirtear an teanga ar chnap deilge leigheasochaidh sé é.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Nuair atá an déideadh go h-olc ar dhuine ma gheibh sé greim ar ghrainneóg fhéir agus trí dhealg a tharraingt as leis an fhiacail thinn deirtear go bhfuigh sé biseach ó’n déideadh.
2. Ma gheibh tú greim are arc sléibhe beo agus é a lighe trí h-uaire béidh léigheas ar dhoghadh in do theangaibh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. An madadh ruadh.
2. An coinín.
3. An ghearrfhiadh.
4. An luchóg fhranncach.
5. An easóg.
6. An broc.
7. An t-earc sléibhe.
8. An madadh uisge.
9. An ghrainneog fhéir.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
19. Na lachain ag screadaigh.
20. Easógaí amuigh lá maith.
21. Muirlis ag gléas go fluirseach.
22. Fainne ar an ghealach.
23. Soillsiughadh ins na cloche.
24. Na cearca gha bpiocadh fhéin.
25. Grian ró-bháidhteach ag dul síos.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Comharthaí Fearthanna
1. Madadh ag ithe féir.
2. Trom-chodladh ar an mhadadh.
3. Tormán steigeach madaidh.
4. An chriogar ag ceól go h-árd
5. An chriogar ag leimnigh fríd an teach
6. Plúchadh anuas.
7. Cat ‘na suidhe agus a chúl leis an teine.
8. An ghrian ró-bhlaidhleach
9. Súithche ag tuitim.
10. Seangan eiteógacha go tiuch ar an bhealach mhór.
11. Cat ag scríobadh tírne.
12. Fainleógaí ag eiteall go h-íseal.
13. An mhíoltóg leather amuigh go mall ‘sa tráthnóna.
14. Na cearca shuas ar na crainn.
15. Bladhaire ghorm ‘sa teine.
16. Cor-choigilt ins an ghriosach.
17. Faoileógaí fa na bántaibh.
18. An corr mhónadh ag dul síos an abhainn.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
327. Sruthán Cam
328. Leisín
329. Ardán Ruadh
330. Páirc na Fáithe
331. Árd na gCoileán
332. Gort na bhFiann
(Páisdí na Scoile a chruinnigh)
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
305. Screig an Dorcha
306. Árd Bán
307. Teach Bhrath
308. Árd na Miol
309. Na h-Áilteáin
310. Poll Beag
311. An Sruthán Garbh
312. An Gárraidhe Mór
313. Páirc Chrotaigh
314. An Cor Cham
315. Árd an t-Slat
316. Ailt an Chapaill
317. An Chloch Gheal
318. Beárna Bárr an t-Srútháin
319. An Pháirc Úr
320. An Ailteán
321. An Clochán
322. An Choiscéim
323. Seasgann na Cróine
324. Taoibh Sgailte
325. Na Srathannaí Bána
326. Lag na nDriseóg
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
283. An Neas
284. Lag na nDriseóg
285. Árd na Circe Fraoigh
286. Cnoc Reamhar Mór
287. Árd na Tairne
288. Árd an Ghearáin Bháin
289. Áit Bhaile Dhomhnaill
290. Scraith na Fola
291. Carcair na gCraobh
292. Seasgáin na Cróine
293. Poll na bPisín
294. Árd Marmaire (Maolmaire)
295. Páirc an Chúil
296. Screig na Fearnóige
297. Árda Banas
298. Builg an Ruid
299. Árd Mílte Magh
300. Cró Beag na gCaorach
301. Árd a duaidh
302. Scraith na Luachar
303. Léana Liath
304. An t-Alt Mór
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
261. Cill Chathasaigh
262. Na Caislíní
263. Umascan
264. Baile na Mónadh
265. Mín Uí Chanainn
266. Srath na Díghe
267. Bun an Lasan
268. Malaidh na nDamh
269. Cnoc Reamhar
270. Loch Mhín na Bráid
271. An Bhrocaigh
272. Cruit Bhuidhe
273. Lag na dTálach
274. Speicleach
275. Lag na Trágha
276. Páirc na h-Eorna
277. Míon an Neartraigh
278. Scararnaigh
279. An Teine Fhada
280. Lag a’ Choillidh
281. Cnoc a’ Cheo
282. An Neas Bheag
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
239. Poll an Reithe
240. Cnoc an Tudulaigh
241. An Mos Ruadh
242. Druim an Damhgair
243. Drath an Imris
244. Mín an Chrubáin
245. Árd an Raithnigh
246. Mín an BHráid
247. Altán Bhána
248. Leirge Leathán
249. Lag an Chró
250. Áilt Luachra
251. An Currach
252. Taobh Áire
253. Sruthán na Leice
254. Páirc Liose
255. An Áit ar marbhfadh na géacha
256. An Bhearnaigh Bhuidhe
257. Cruach Caorach
258. Cóguis
259. Seanach
260. Baile Mhic Pháidín
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí Dia ar an tsaoghal seo bhí sé amuigh ag siubhal lá. Ag tuiteamh na h-oidhche tháinic tairne agus soillsiughadh agus chuaidh sé isteach i dteach ag iarraidh lóisdí˜. Fuair sé an lóisdín agus nuair a bhí sé ag imtheacht ar maidin lá thar na bharach,
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Aon uair a bhí Colm Cille ag siubhal thart fá chladach na Maoile Ruaidhe. Bhí dhá fhear eile amuigh ag iasgaireacht.
Tháinig siad isteach agus chuaidh Colum Cille fhad leobhtha. D’iarr sé bradán ortha. Dubhairt siadsan nach rabh bradán ar bith acu.
Bhí fhios ag Colum Cille go rabh bradán acu. Char d’iarr sé ortha an dara uair, acht dubhairt sé “Comh fada agus tá an Mhaol Ruadh annsin ní bhfuigheadh duine ar bith bradán.”
Agus ó’n lá sin go dtí an lá indiu ní bhfuair duine ar bith bradán san Mhaoil Ruaidh.
(N.B. Tá bric geala le faghail ins an Mhaoil Ruaidh acht ní’l bradán)
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i bhFanaid le theacht trasna na Maoile Ruadh go dtí an taobh seo. Ní rabh acu ach bád an bheag agus ceol uirthí. Mac Claffartaigh agus Ó Dochartaigh na h-ainmneacha a rabh ortha. Nuair a bhí siad ag dul thart ag Diubhlum Mórthionntuigh an bád agus thuit an bheirt san uisge. Bhí Mac Claffartaigh abalta snámh agus bhuail sé amach an cladaigh. Bhí Ó Dochartaigh i ngeibhinn amuigh san fhairrge agus phill an duine bocht le cuidiughadh a thabhairt dó. Báthadh an bheirt acu. Ní rabh duine ar bith ag feiceal orthu acht fuarthas lorgacha an Claffartaigh ins an Dobhair ag teacht isteach agus ag dul amach arís.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tuairim fa dhá bhlian déag ó shoin d’fhág dá fear Umra Cam
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí tighearna ina chomhnuidhe i mBaile na nGalloglach trath amháin fa cead bliadhain ó shoin, agus bhí sé an chruaidh ar na daoine. Chuir an sagart a rabh ar Thearmann cros mhór taobh amuigh de theach an phubaill agus char mhaith leis an tighearna seo. Dubhairt sé “ma tá an chros seo annseo nuair a thiocfas mé arais scaoilfeadh mé an sagart.” Bhí sé ag dul trasna Maoile Ruaidhe i mbád, thionntuidh an bád i lár na fairrge agus báthadh é féin agus a mhac. Deir na daoine ó an lá sin go dtí an lá indiu gur fear mór dubh a tharraing an tighearna síos faoin uisge.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tuarim fa chead bliadhain ó shoin bhí bád ag teacht ó Shasainn go dtí an tír seo. Nuair a bhí siad ag teacht thosuigh an ghaoth ag seideadh. Rinneadh a ndícheall le dul suas i mbáid agus thainic siad i n-aice Corn Binne, acht brisaedh an bád agus báitheadh an t-iomlán acu - tuairim fa 20 duine.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dtug an gárda seans den fhear an póitín a bhaint as, agus a chur i bhfolach. Chaill an gárda bocht a phosta.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear na chomhnuidh i Leargonearrtha - baile talaimh atá fa dhá mhíle do Sgoil Leac Chonaill - shuas ins na sléibhte - tamall maith ó shoin. Ba ghnathach leis póitín a dhéanadh. Lá amháin bhí sé ag deanadh braon de shugh na h-eorna shuas ar lafta, sa sgiobal. Thainic an sgéala isteach go rabh na gárdaí ag teacht.
Ní rabh moill go dtainic na gárdaí isteach, agus fuair siad na gléasairí uilig i lár an urláir, agus bhí ceig póitín ann fosta. D’imthigh cuid de na gárdaí go bhfuigheadh siad cart leis na rudaí a thabhairt na bearraice, agus shuidh fear de na gárdaí ar an cheig le na choimhead go dtiocfadh na gárdaí eile arais.
Thoisigh an fear ar chomhradh leis an ghárda, agus d’fhraifruigh sé de ar mhaith leis sgéal nó amhrán maith a chluistean. Dubhairt an gárda nach rabh rud ar bith a ba mhó a chuirfeadh aoibneas agus pléisiúr air nó bheith ag éisteacht le amhrán maith.
Thoisigh an seanduine ar an cheol, agus an fad agus bhí sé ag gabhail an amhráin, bhí an bhean gnaitheach faoin lafta. Bhí tor aici, agus rinn sí poll fríd an lafta agus fríd tóin an cheig. Nuair a fuair sí an poll déanta chuir sí tobán faoin’n pholl, agus thuit an póitín amach as an cheig isteach sa tobán, agus nuair a bhí an ceig follamh chuir sí an toban agus a rabh ann i bhfolach. Thainic na gárdaí eile agus an sáiseant leo., agus nuair a fuair siad an ceig follamh shíl siad go
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá uaigh ar thaobh an chnuic os cionn an bhealaigh mhóir atá dul eadar Árd a Ratha agus Leac Chonaill ar a dtugtar “An Teannaidh Ruadh.” Bhí an uaigh seo na h-áit folaighe ag ceatharnach coilleadh ins an t-sean am.
Ba ghnathach leis an cheatharnach coilleadh seo teacht fa thighthe Leac Chonaill san oidhche agus biadh a ghoid. Ghoideadh sé préataí, aran, im, bainne agus uibheacha. Bhí eagla ar na daoine roimhe.
Ins an an sin, an chomhla a bhíodh ar gach teach, bhíodh sé déanta de shlatacha ar an nós a ndéantar cliabh. Bhí fear ina chomhnuidh i Leac Chonaill san am, agus bhí dearthair do i bPoinnte Luachrais. Rinn an bheirt deartharach suas go suidhfheadh siad san oidhche leis an cheatharnach coilleadh a choimhead. Shuidh.
Thainic an ceatharnach coilleadh, agus d’ionnsuigh an bheirt air. Thug sé a sháith le déanadh den bheirt, agus d’imthigh sé orthu. Lá ar na mhárach leanadh stráid a chuid fola, agus fuarthas é marbh san uaigh ins “An Teannaidh Ruadh.”
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
féin le breith ar srian an chapaill da mbéidir leis é. Go díreach nuair a bhí an capall suas leis léim an fear amach ach ma léim féin níor éirigh leis aon greim fháil air mar d’iompuigh an capall le luas lasrach is as go bráth leis arís isteach go lár an locha is ní fhaca an fear arís é.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá loch in aice le mo áit chónaidhthe. Loch na Ceathramhan Móire a thugtar air. Loch an-bheag é amach is amach mar níl d’achar ann ach cúig is fiche acra béidir.
Sa Samhradh bíonn buachaillí óga an cheanntair thart timcheall ag folcadh is a snámh ann ach mar sin féin ní maith le duine ar bith dul isteach ann agus é in a aonar. Adeir na sean daoine gur iomda rud aisteach a chonnachthas ann.
Tá sé i gceist san áit go bhfuil capall bán in a chomhnaidhe thíos fá’n loch is go dtagann sé suas go barr a locha anois is arís is é gleasta go deas le srian soillseach diallaid a bhfuil dath an óir air, ar a dhruim is cruidhthe airgid faoi.
Comhartha ádha é do dhuine ar bith an capall a fheiceáil is bhí sé ráidhte i measc na seandaoine go mbeadh na cruaca óir le fáil ag an té a bearfadh greim air.
Seo scéal beag eile faoi.
Bhí fear ag dul abhaile ar thaobh an locha oidhche amháin is chonnaic sé chuige an capall ar bhárr an uisce. Chrom mo dhuine síos ar fhaitchios go bhfeicfí é is ghléas sé é
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuir righ as Albain sgéal anonn chuig Fionn Mac Cumhail go rabh sé ag cur troda air. Bhí a háthair beo an t-am sin agus nuair a chonnaic sé é ag teacht chuir sí isteach sa chliabhán é. Nuair a tháinig sé isteach chuir sé ceist cá raibh Fionn. D’innis sí do go rabh sé amuigh ag seilg acht thaisbean sí an leanbh do.
Nuair a chonnaic sé go rabh an leanbh comh mór sin shíl sé go rabh Fionn an mhór ar fad. Nuair a d’imthighs é amach rith sé an méid a bhí in a chnámha le bheith ar shiubhal sul a dtiocfdadh Fionn abhaile. Thosuigh Fionn agus a mháthair ag gáire nuair a smaointigh siad gur chuir sé eagla ar an righ a bhí comh mór le cúigear fear i gcuideachta a chéile, agus go rabh cár air a bhí comh mór le claoidheamh ar bith.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go rabh sí sáruighthe. Chuaidh an ghraug fhada faoi na cosaibh agus báitheadh í. Ar feadh an ama seo bhí an Feardhomhán ag troid go fiachmhar leis an mhuc. Leag an mhuc aráis é ar a dhá ghlún agus tá an lorg seo le feiceáil fósta. Deirtear nár éirigh an Feardhomhán ní ba mhó. Bhí an-tart ar an mhuic i ndiaidh na troda agus chuaidh sí a’ ól uisge sa loch agus báitheadh í. Nuair a chualaidh Léichín gur báitheadh a inghean agus gur marbhuigheadh a mhac bhí sé an-bhuadhartha agus d’imthigh sé ag dréim leachta a chur ortha. Thug sé leis beairtín leacach le leacht a chur suas ar an Feardhomhán acht níór éirigh leis a dhul go dtí’n uaigh leis na leacacha. Sáruigheadh é ag bun na molach agus tá an carnán annsin go fóill. Deirtear go bhfuil an leachta faoi dhraoidheachta agus na cóir baint di.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis an tarraingt ar Ghleann Léichín acht bhí dúl agus rún aige a dhul Bealach na Muice. Shiubhal sé leis go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann nó go dtáinig sé fhad leis an Ghleann Mhór. Nuair a bhí sé ag teacht aniar ag Molaidh na Muice fuair sé nead na muice agus ál banbhán innti. Mharbhuigh sé uilig iad le na chlaidheamh agus d’imthigh sé leis ag tarraingt ar a bhaile. Nuair a tháinig an t-sean-mhuc arais ‘na nidhe fuair sí na rudaí óga marbh agus chuir sí boladh an Fheardhomháin aniar roimpi. Fuair sí suas leis ag Srath-Luinsigh. Bhí leisg ar an Fheardhomhán sgaramhaint le na trí hú agus sgaoil sé Luinseach an cú a b’fhearr inntí acht mharbhuigh sí an cú sin gan mórán másla a chuir uirthí féin. Fad a’s bhí an mhuc ag marbhughadh Luinsigh bhí an Feardhomhán ag breith as. Nuair a tháinig sé fhad leis an GHrafaidh chonnaic sé gur mharbhuigh sí Luinseach agus thosaigh sé ag cailleadh uchtaighe acht nuair a fuair sí suas leis scaoil sé an Grafach inntí agus bhain sé féin as amach. Mharbhuigh sí an cú sin agus fuair sí suas leis aráis ag Mín-na-Márach. Scaoil sé an cú deireannach
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
inntí annsin agus bhain sé féin as amach. Dubhairt sé leis féin anois dá bhfuigheadh an mhuc buaidh uirthí go rabh aigsean le troid ar a shon fhéin feasta. Bhí Marfach ní b’fhearr ag troid ná an bheirt eile acht i ndiaidh an iomláin mharbhuigh an mhuc í. Bhí an Feardhomhán ag Loch Muc nuair a fuair an mhuc suas leis aráis. Thoisigh an troid idir an bheirt aca agus bhí an bhuaidh ag an Fheardhomhán go dtáinig siad fad le Cró Cam leag an mhuc annseo é ar a leath-ghlún agus tá an lorg ann go fóill. Nuair a d’éirigh sé an t-am sin chuir sé a mhéar ‘na bhéal agus rinne fead. Bhí Finngheal ag cíoradh a cinn shíos i nGleann Léichín agus d’aithin sí fead a dearbhráthara. níor ghlac sí faill a gruaig a chasadh suas acht bhain as amach le cuidiughadh le na dearbhráthair. Thug sí léithe trí clocha i-na naprún agus nuair bhí sí ar bhruach Loch Finne ar an taoibh thall mhothuigh sí an macalla ar an taoibh eile agus shíl sí gurb’ é an Feardhomhán a bhí ann agus shnámh sí anonn a chuidiughadh leis. Nuair a bhí sí ar an taoibh sin shíl sí go rabh an Feardhomhán ar taoibh thall agus bhí sí ag snámh anonn agus anall mar sin
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
eis an tarraingt ar Ghleann Léichín acht bhí dúl agus rún aige a dhul Bealach na Muice. Shiubhal sé leis go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann nó go dtáinig sé fhad leis an Ghleann Mhór. Nuair a bhí sé ag teacht aniar ag Molaidh na Muice fuair sé nead na muice agus ál banbhán innti. Mharbhuigh sé uilig iad le na chlaidheamh agus d’imthigh sé leis ag tarraingt ar a bhaile. Nuair a tháinig an t-sean-mhuc arais ‘na nidhe fuair sí na rudaí óga marbh agus chuir sí boladh an Fheardhomháin aniar roimpi. Fuair sí suas leis ag Srath-Luinsigh. Bhí leisg ar an Fheardhomhán sgaramhaint le na trí hú agus sgaoil sé Luinseach an cú a b’fhearr inntí acht mharbhuigh sí an cú sin gan mórán másla a chuir uirthí féin. Fad a’s bhí an mhuc ag marbhughadh Luinsigh bhí an Feardhomhán ag breith as. Nuair a tháinig sé fhad leis an GHrafaidh chonnaic sé gur mharbhuigh sí Luinseach agus thosaigh sé ag cailleadh uchtaighe acht nuair a fuair sí suas leis scaoil sé an Grafach inntí agus bhain sé féin as amach. Mharbhuigh sí an cú sin agus fuair sí suas leis aráis ag Mín-na-Márach. Scaoil sé an cú deireannach
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an Feardhomhán an ceann i gcuideachta na ceathramhna. Chuir seo an-iongantas ar Fhionn agus d’iarr sé ar Léichín a mhac a leigint leisean go cionn seacht mbliadhan acht ní scarfadh Léichín leis. Annsin thug Fionn gealltanas go leigfidhe aráis é agus ar an ghealltanas seo leig Léichín leis na Fiannaibh é. Nuair a bhí sé ag dul siar an Gleann Mór ag Molaidh na Muice tháinig muc agus ál banbhán amach rompa agus mharbhuigh siad go léir iad acht banbhán amháin agus bhain Conár barr an rubaill dithe sin. Annsin d’imthigh siad leobhtha ag tarrainbt ar Chonnacht.
Nuair a chaith an Feardhomhán seacht mbliadhna ins na Fiannaibh tháinig cúhaidh air agus ba mhaith leis a athair a fheiceáil acht d’iarr Fionn air fanacht seacht mbliadhna eile acht ní rabh gar a bheith leis chaithfeadh sé imtheacht. D’iarr Fionn air gan a dhul Bealach na Muice ar sgor ar bith nó dá dtéidheadh go n-íocfadh sé an píóbaire. Acht bhí buaidh ar an Fheardhomhán rud ar bith a chrosfaidhe air sin an ud a chaithfeadh seisean a dhéanamh. Bhí trí chú dá chuid féin aige An Ghrafach, An Márach agus an Luinseach. Thug sé leis iad agus d’imthigh
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá do na laetha agus uair de na h-uaire da rabh na Fianna i n-Éirinn tháinig siad a sheilg go Gleann Fada na Sealg. Tháinig an oidhche ortha ag Loch Finne agus thionntuigh siad síos bealach Ghleann Leichín. Chonnaic siad solas agus tharraing siad air. Bhí teach beag fód annseo agus fear darbh ainm Leichín a mhac Feardhomhán agus a inghean Finngheal ‘na gcomhnuidhe annseo. Chuir siad fáilte mhór roimhe na Fianna acht ní rabh biadh ar bith le tabhairt dobhtha acht dubhairt Leichín go gcuirfeadh sé a mhac leobhtha ag éirghe gréine fhad leis an áit a rabh tarbh fiadhain. Ag bodharanacht an lae d’imthigh na Fianna agus an Feardhomhán ar lorg an tairbh. Tháinig siad fhad le carraic mhór sa deireadh agus d’aithin siad go rabh an tarbh comhgrach nó mhothuigh siad é ag buairfidh. Leig an Feardhomhán fead-ghlaic agus tháinig an tarbh ag rachaidh. Nuair a chonnaic Goll seo chuaidh sé i bhfolach acht ní dheachnidh an Feardhomhán nó bhí sé na shaighdiúr mhaith. Léim sé ar dhroim an tairbh agus leag sé é. Annsin tháinig Goll a chuideadh agus idir an bheirt aca mharbhuigh siad é. D’fheann siad annsin é agus d’iomchar
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is é an nós atá ag na daoine oidhche Fhéil' Eoin teine a chur amach gach bliadhain. Nuair a théighimid abhaile ó'n scoil an tráthnóna sin túsuigheann ag cruinniughadh féir agus sean cócáin agus cipíní agus raithneach agus gach rud a dtig linn greim a fhághail air. Nuair a thigheann 10 a chlog nó mar sin cuireann muid amach an teinidh i n-áit eighinteacht. Bheir muid amach aibhleóg agus braon beag ola agus lasann muid an teinidh. Éirigheann na bladhairí suas go h-árd leis an spéir annsin. Nuair a bhíos an bladhairí ag gabhail síos cuireann muid tuilleadh adhbhair teineadh isteach ins an teinidh. Nuair a bhíos an teinidh lásta againn imineann muid thart fán teine. Nuair a bhíos ár sáith imirte againn téigheann muid abhaile agus cuireann muid amach an teine. Sin an nós atá aca Oidhche Fhéil’ Eoin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
152. Screig Dubh
153. An Tulaigh
154. Airgean
155. Leán na Mealach
156. Log na nDriseóg
157. A Log
158. An Cheis
159. Ált Garbh
160. Árd an Ghleo
161. Spinnc na bhFaoileóg
162. Poll Donaigh
163. Tor Thall
164. Fothar Laguigh
165. Mín Áit an Dúil
166. Screig na Leath-Adhairce
167. An Casán Buidhe
168. Cloch Loín Bháin
169. Leac an Eidheanáin
170. Casán an Madaidh Ruaidh
171. Maig na gColm
172. An Leána Mhór
173. An Caslach
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
130. Carraig Bhán
131. Carraig Bhreac
132. Caothrán Mór
133. Screig a Ghearrfhiaidh
134. Scraith Mhór
135. Mollaigh an Phortaigh
136. Gort Sagart
137. An Maoine
138. Alt Mór
139. Na Foadáin
140. Cnoc an Aonaigh
141. Lag na Muirne
142. Cno na gCaorach
143. An Stualaire
144. An Oilean Bheag
145. Malaidh an Dingill
146. Malaidh Chaitlín
147. Tobar Charta
148. Tobar Phádraic
149. Alt an Tairbh
150. Cloch Leím
151. Bachta na gCat
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
108. Brocaidh Bhán
109. An Bhreaclach
110. Na Clocha Bána
111. Páirc Bhán
112. Párirc Bheag
113. Páirc Úr
114. Páirc Ghiobach
115. Poll an t-Seasgáin
116. Mollaigh Bhán
117. Na Leacacha
118. Taobh Áire
119. Lag an Chno
120. Cno na n-Uan
121. Clocha Airgid
122. Mín a' Luig
123. Árd Cruinn a' Locha
124. Mín Mhór
125. Cnó Riach
126. Leána Leathan
127. An Sruthán Bán
128. Sruthán na Leice
129. Loch Cith
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
86. Árd na Circe Fraoigh
87. Poll na gCeapan
88. An Currachj
89. Árd na Gearrfiadh
90. Reilig BHeag
91. Loch an Lábáin.
92. An Loglín.
93. Na Polláin.
94. Árd Ruadh.
95. Portach Árd.
96. Ucht a' Mhianaigh.
97. An Sgreig Mhór.
98. Árd Luachra.
99. Bearnas Bheag.
100. Bearnas Mhór.
101. Corraigh na Sgláthaigh.
102. Cró Garbh.
103. Alt Trasna.
104. Sean Chró.
105. Alt Cruinn.
106. Bearnaigh Bhuidhe.
107. Cró Ghlas.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
64. Droichead na dTaidhbhsí.
65. An Choraidh.
66. Cnoc na Péiste.
67. An Poll Dubh.
68. Árd Samhrarchan.
69. An Cheis.
70. Árd Ruaidhrí.
71. An Droichead Bheag.
72. Clochar na Madadh
73. Screig an t-Seabhaic.
74. Leána Buidhe.
75. Páirc Bhán.
76. Sruthán na bhFiadh.
77. Árd na g-Coileán.
78. Carraig Bhán
79. Carraig Mhór.
80. Gárraidhe Mhór.
81. Gort na Mídhe.
82. Na Sturíní.
83. An Innsin.
84. Carraig na dTinncleóir.
85. Gárraidhe Dubh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
42. Cnoc an Locha.
43. Ruaidhteach.
44. Loch Mhín na Bráid.
45. An Lag.
46. An t-Árd.
47. An Portach Bán.
48. An t-Árd Bán.
49. An Druim.
50. Árd Carabadán.
51. Glaisigh na Páirce.
52. An Caislín.
53. Leána an Ghlaisigh.
54. Árd an Churraigh.
55. Bruach Curraigh.
56. Árd Cruinn.
57. Mín na Caillighe.
58. Screig Mín.
59. An Currach Mór.
60. An Currach Buidhe.
61. An Screig Mhór.
62. Árd Breac.
63. Glaisigh Bhogaigh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
20. An Mhollaigh.
21. Poll Dubh.
22. Páirc Chonndae.
23. An Bhóthog.
24. Carraig Chriostóra.
25. Bun na dTrí Sruthan.
26. Cnoc Reamhar.
27. Glaise Conndae Mhuire.
28. Sráth na Creadaighe.
29. Na h-Árda Bána.
30. Sruthan Ailt na Mónadh
31. Ailt an Bhealaigh Mhóir.
32. Ailt Ghlas.
33. An Brocaidhe.
34. Páirc an Chosáin.
35. Sráthaidhe.
36. Mín na Bráid.
37. An t-Árdan Ruadh.
38. An Cirín.
39. Pollán na Beoíge. (Bothoige)
40. An Screig Dhorcha.
41. Spinnc.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo thíos liosta de na h-ainmneacha atá ins an cheanntar seo.
1. Árd an Chró.
2. An Bearnas.
3. Cloch Bhéil an BHearnais.
4. Poll an Abair.
5. Lag an Chnuic.
6. An Srúthan Mór.
7. An Screig Mhór.
8. An Charraig.
9. Liosán.
10. An Ailt.
11. Sean-Teach.
12. Páirc Mhór.
13. Gleann Bhólcain.
14. Cloch Bhólcain.
15. Leanaidh Dhiarmada agus Gráinne.
16. Árd Mór.
17. An Lasán.
18. Screig na gCaorach.
19. Árd Glas.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
111. Lúb an t-slat agus lúbfaidh tú an crann.
112. Is fearr éan in do lámh no beirt ar an chraobh.
113. Tá claon i n-Ifrionn.
114. Is iomdha cor 'sa chúirt.
115. Níl fios ag fear an toighe thall caidé mar tá fear an toighe i bhfus.
116. Níl aithreachas mall maith.
117. Is dorcha an oidhche nach bhfuil déan ann.
118. Gheibh foighid furtach.
119. Is beag an rud nach fuidhe na do lámh.
120. Bíonn gnásta Dé idir an diallaid agus an talamh.
121. Is fearr solus amháin no dhá cheann do dhiaidh.
122. Thart deireadh an óil agus brón deireadh na feirge.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aníos.
96. Ní threabhuigheann an dá theann.
97. Is maith an rógaire an cócaire.
98. Tú maith leath na h-oibre.
99. 'Sé fuacht an tslinne a bhreacuigheas an lorga.
100. Teine maith leath-bhiadh.
101. An té a bhíos ag gáirí is ar féin a bhíos an cár.
102. Na leig do rún le bun a' chlaidhe go seasaidh tú ar a bharr.
103. Nuair atá an deoch astuigh tá an chiall amuigh.
104. Is fada ó'n chreith an cheirtín.
015. Ag súil le cúiteamh a mhilleas an cearrbhach.
106. Ní íseal no uasal acht shíos seal agus shuas seal.
107. Ní dhéanfaidh cainnt casóg.
108. Níor mhill déagh-bhéasaí aon teachtaire ariamh.
109. Is de réir a chéile a ghnídhtear na caisleáin.
110. Is fearr teicheadh maith no droch-fhanacht.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
82. Níl coill ar bith d'á méid nach bhfuil a lasadh féin críonn inntí.
83. Is fearr lúbadh ná briseadh.
84. An té a bhíos amuigh fuarann a chuid a ?
85. Is maith an marcach an fear ar an talamh.
86. Is maith an tiomanuidhe an fear atá ar an chlaidhe.
87. Is minic a bhris béal an duine a shrón.
88. San áit a mbíonn toit bíonn teinne.
89. Is minic a bhain duine an slat a sgiúr é fhéin.
90. Is cosamhail le dealg i gclabair, focal i mbéal leath-dhuine.
91. Tarraingean scéal scéal eile.
92. Coinnigh an droc-dhuine leat agus béidh an duine maith leat i gcomhnuidhe.
93. Níl fios caidé tá sa phota go mbaintear an clár de.
94. Má's ndeas domh mo chóta is deise domh mo léine.
95. Muna gcuiridh tú síos ní bhainfidh tú
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
67. An té is fearr a bhéas liom an té is fearr a gheobhas roinn.
68. Déan deifir le solas na gréine.
69. Gheibh na ba bás fhad is bhíonn an féar ag fás.
70. Is maith an sgéalaidhe an aimsear.
71. Is námhaid an ceard gan a goghluim.
72. Caillfidh peacach amháin lucht luinge.
73. Faoillidh a mharbhuigheas caoirigh.
Márta a mharbhuigheas daoiní.
74. Sáruigheann sé ar an ruile an dá thraigh a fhreastal.
75. Is minic Dia go lá.
76. Pós bean sléibhe agus pósfaidh tú an sliabh uilig.
77. "Is cuma liom" arsa'n fear a chaill an leith-pgighinn.
78. An rud tchídh an leanbh ghnidh an leanbh.
79. Ní thuigeann an sáthach an sreng.
80. Maireann croidhe éadrom i bhfad.
81. Is olc an chearc nach críobann duithe féin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
53. Is fearr an sláinte no an tainte.
54. Is fearr teangaibh gan tír na tír gan teanga.
55. Aithnigheann cioróg cioróg eile.
56. Muna nglacaidh tú comhairle glacfaidh tú troid.
57. Éist le fuaim na h-abhna agus gheobhaidh tú breac.
58. Níor dhruid Dia doras nar fhosgail sé ceann eile.
59. Muna gcuiridh tú san Earrach ní bhainfidh tú san Fhoghmhair.
60. I ndiaidh na míonna is fearr na mná.
61. Ní scéal rúin é os cluineas triúr é.
62. An rud atá sa chnámh is doiligh a bhaint as an fheoil.
63. Is glas na cnuic i bhfad uainn ach má's glas ní fearamhail.
64. Gheibh cos ar dhiubhal rud nach bhfuigheann cós 'na comhnuidhe muna bhfágaidh sí acht dealg.
65. Tabhair do chóta leat lá maith agus do rogha rud an droch lá.
66. Tá súil le fear na fairrge acht níl súil le fear na h-uaighe.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
34. Is fearr focal sa chuairt ná bonn i sparán.
35. Is lom gualainn gan dearbhrathair.
36. Is fearr go mall ná go brath.
37. Itheann na muca míne fhéin trosc.
38. Tús maith leath na h-oibre.
39. Níl neart gan cur le chéile.
40. Is fearr gamhain bán no droch sgéal.
41. Is doiligh saoi a fhaghail gan locht.
42. Is minic an tiomanaidhe an fear a bhíos ar an chlaidhe.
43. Dearbhrathair dó'n t-sac an mála.
44. Dearbhrathair dó'n mias an scalá.
45. Dá fhaid an lá tig an oidhche.
46. Ar mhaithe leis fhéin a ghnidheas an cát cronán.
47. Nuair a thuiteas mná an t-sléibhe amach gheibhim tuairisc ar mo mholt.
48. Ná bí ar tús no ar deireadh slóigh.
49. Ní fuacht go h-Earrach.
50. Mol an óige agus tiocfaidh sé.
51. Ná bí ar toiseach i gcoill no ar deireadh i gcurrach.
52. Ceannuigh sean rud agus bí gan aon rud.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Mar gcuirtear san Earrach, ní bhainfear sa Fhoghmhar.
2. Ní lá na gaoithe, lá na scolób.
3. Níl teine ar bith mar do beochan fhéin.
4. Cuir síóda ar ghabhar agus is gabhar
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
5. Is le gach bó a laoi.
6. Is deas na cnuic i bhfad uainn, acht ní féarúil.
7. Ag baint suailce as an phíopa.
Ó Chonn Ua Dochartaigh.
An Beach Mór.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
. Sé an t-óg an mháigh mhóire, naooise an dubh chosa, saoghal a mboc gcleasa.
2. Má sheineann an chuach ar chrann gan bláth, díol do bhó agus ceannaigh coirce.
3. Ní chruinnightheor an t-uisge go dtráighfidh an tobar.
4. An rud a tchídh an leanbh, gnidh an leanbh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
nó beirt ins an chrann.
Ó Séamus Mhac Ceallabhuidhe agus a bhean.
An Béach Mór.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
23. Is iomdha corr sa t-saoghal.
24. An té na gcuireann ins an Earrach ní bhainfidh sé ins an Fhóghmhar.
25. An bhliadhain na mbíonn móín, ní bhíonn preataí.
26. Is binn béal 'na thost.
27. Is olc an chearc nach sgriobfaidh dithe fhéin.
28. An té a bhfuil grádh aige ar an dainseoir, caillfear ann é.
29. Duine óg craibhtheach, adhbhair sean diabhail.
30. Is féarr éan ann do láimh, nó beirt
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
6. Is ionann lá i mbliadhain agus fiche.
7. Na hairdigh thú fhéin ar eagla go dtuitfeá.
8. "Ní hé lá na gaothe lá na sgolb."
9. Is olc an ghaoth nach séideann maith de dhuine eighinteacht.
10. Is fearr a bheith fuar fallsa, nó mall neamhartach.
11. Níl aon teinteán, mar do theinteán fhéin.
12. Sé an t-óige an gheall bhosach, sé an saoghal an fear cleasach, sé an bás an dubh cosach.
13. Nuair a thig an chaill, tig an faill.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra.
2. Sceathan fion fireannach.
3. An rud nach mbaineann duit na bain dó.
4. Ní mar shíπtear mar bhítear.
5. Ní chosnaíonn bréag bréag eile.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
8. Ag iarraidh oibre agus ag guidhe gan fhághail.
Ó Chonn Uas Dochartaigh agus a bhean, Anna Bean Ua Dochartaigh.
An Béach Mór.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Ba dall an té nár léar do.
2. A chois istigh agus amuigh ins an uaigh.
3. Ag iompar ar a shail go tapaidh.
4. Is binn béal ina thost.
5. Ní thuigeann an seath an seang.
6. Ní mhaireann cogadh ar bith acht seacht mbliadhna.
7. Is fada an ród nach bhfuil tionntadh ann.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ó Chonn Uas Dochartaigh agus a bhean, Anna Bean Ua Dochartaigh.
An Béach Mór.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
9. Imthigheann an bhreag ach fanann an fhírinne.
10. Sharuigh an fhoighid an cineamain.
11. Baineann coimhead maith an cionn de'n taisme.
12. Caileann duine a gheall nuair a shíleann sé go bhfuil sé goul a duirn aige.
13. Fág an tír no bíd' san fhaisiún.
14. Sabhlochann greim in am maith naoi gcinn.
15. Ní hé an mhaoin a bheirfeas i dtír tú agus nach mealltar léithe tú.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Strainseoir in aice an dainseoir agus beathach féarraigh in aice an dorais.
2. Olainn teanntadh dubh agus fionnadh teanntadh bán sin tús ádh.
3. Tá trí neidhe nach bhfuil cead a shanntú, lá Samhraidh, caor Fhoghmhair, bean Domhnaigh.
4. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.
5. Cuir síoda ar ghabhar, agus is gabhar i gcomhnaidhe é.
6. Ritheann uisge sochair domhain.
7. Ní bhíónn saoi gan locht.
8. Ní mar síltear bítear.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 23:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.
2. "Ná díol do chearc lá fliuch."
3. Níl aon teintean cosamhail le do theintean fhéin.
4. Ní ceart pilleadh dá mbeithea ag gabhail ar thuarais.
5. "Ná lom go luath ná lom Dia Luain."
6. Cleamhnas na gcarrad, níπ tú, acht ag cur a sgithisge i bhfad ó bhaile.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 19:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig cailín anall as Albain agus bhí bruth amuigh uirthe a sgaruigh ar achan dochtúir a leigheas. Chuaidh sí go Tobar an Dúin agus leasadh í. Deirtear gur Albanach í.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 18:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go Tobar an Dúin ar ghluaisteán. Thoisigh an mháthair ag déanamh an turais, agus thoisigh na bataí ag tuitim ó'n ghasúr agus d'iarr an mháthair air iad a chathamh uadh, agus bhí sé ábalta siubhal gan bata níos mó.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 18:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí gasúr ins na Rosaibh a gortadh in Albain, agus bhí dhá bhata croise leis. Chuaidh sé fhéin agus a mháthair
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 18:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig Naomh Traiseach fhad le cailíin ar na Gleanntaibh agus thug sí rós dithe, a léigheas a mháthair.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 18:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Shíπ siad annsin go rabh sí ceart go leor, agus d'ith sí é Dia hAoine. Chuaidh sí fhad leis an t-sagart arais, acht níor leighis sé í.
ball sinsearach (stair)
2018-02-08 18:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
have been told that it means the “eagle of the white house.” The story runs that a child had been born in a white house and taken away by an eagle. Fr. Hegarty inclines to favour “The White House Church” from “Ecclessia”
Gortnamuck – Gort na Muc – the field of the pigs
Lisnamulligan – Lios na mullachan – the fort of the hilltops
Meenlougher – Mín Luachaire – fine rushes
Raws – na Ratha – wavy land
Tievebrack – Taobh breac – the speckled hillside.
In the district when one hears this pronounced it is more like “Tee-brack” the ‘v’ sound absent as a matter of fact, in old writings it was spelt “Teebrack”
Ballylast – baile Laist – the town of cargo
Castlefin – caisleán na Finne – the Castle of the Finn
Cloughfin – Cloch Finn – the stone of the Finn.
Corcullion – “Cor choillead ?
Gortfad – Gort Fada – the long field.
Knockrawer – Cnoc Romhair – the tilled hill.
Maghereagh – Machaire Fhéidh – the pheasants’ plain.
Sessiagh Allism – Sessiach Allison – Allison’s Sixth
Stransmuck – Sraith-na-muc – The pig’s row
Tamnacrim – Tamhnach Crom – The bent or stooped arable land
ball sinsearach (stair)
2018-02-07 07:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
have been told that it means the “eagle of the white house.” The story runs that a child had been born in a white house and taken away by an eagle. Fr. Hegarty inclines to favour “The White House Church” from “Ecclessia”
Gortnamuck – Gort na Muc – the field of the pigs
Lisnamulligan – Lios na mullachan – the fort of the hilltops
Ueenlougher – Mín Luachaire – fine rushes
Raws – na Racha – wavy land
Tievebrack – Taobh breac – the speckled hillside.
In the district when one hears this pronounced it is more like “Tee-brack” the ‘v’ sound absent as a inatter [?] of fact, in old writings it was spelt “Teebrack”
Ballylast – baile Laisc – the town of cargo
Castlefin – caisleán na Finne – the Castle of the Finn
Cloughfin – Cloch Finn – the stone of the Finn.
Corcullion – “Cor choillead
Gortfad – Gort Fada – the long field.
Knockrawer – Cnoc Romhair – the [?] hill.
Maghereagh – Machaire Fhéidh – the pheasants’ plain.
Sessiagh Allism – Sessiach Allison – Allison’s Sixth
Stransmuck – Sraith-na-muc – The pig’s row
Tamnacrim – Tamhnach Crom – The bent or stooped arable land
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 21:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí lucht faire na gcuan i n-a gcomhnuidhe i Machaire Rabhartaigh. Teach bréagh árd a rabh siad i n-a gcomhnuidhe ann. Nuair a chuala siad iomrádh ar an chogadh a bhí le theacht tháinig long fad leis an chéidh. Bhí a gcuid toighteach fágtha agus gan aon duine ionnta. Annsin tháinig eagla ar na daoine go dtiocfadh Arm na Sasana a chomhnuidhe ann. Tháinig na saighdiúirí agus dhóigh siad an teach mór.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 21:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Báitheadh bean thoir i n-aice le Corrán-Binne. Bhí sí naoi dtroighthe naoi n-uaire. Shiubhal sí an fhairrge uilig is cosamhail go rabh sí le fágail annsin agus i n-a diaidh sin baisteadh "Poll a Ghoill" air.

Cailleadh fear i nInnis Bó Finne, tá fad ó shoin. Bhí sé ag gabháil chun an bhaile agus é ag marcaigheacht ar chapall. Nuair a bhí sé ag gabháil trasna tháinig tonn agus chaith sé anuas ó'n chapall é. Snámh an capall nó go dtáinig sé isteach ar an oileán. Ní fhuaireadar an fear go cionn fada go leor.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí beirt fhear ann aon uair amháin agus smaointigh siad go rachadh siad amach ghá nighe féin. D'imthigh an bheirt aca siar go Scoilt-an-Duibhe;
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Báitheadh fear as an Ardaidh Bhig am amháin. Chuaidh sé fhad le teach a rabhthar ag déanamh póitín ann. D'ól sé barraidheacht agus nuair a tháinig an oidhche thug sé aghaidh ar an bhaile. Chuaidh sé ar seachrán agus níór amharc aon duine i n-a dhiaidh; nuair a d'fhág sé teach an phoitín bhí lán-mhara faoi an teach acht bhí sé tráighte. Chuaidh an fear amach ar an tráigh agus shiubhal sé leis nó go dtáinig sé fhad le poll mór uisge a bhí san tráigh. Chuaidh sé amach air agus báitheadh é. Lá thar na bhárach fuairtheas é agus é báidhte.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar tí é tharraingt isteach tháinig tonn amháin agus thug sí leis é féin agus an t-adhmud. Ní fheachaidh a bhean ní ba mhó é. Tá "Cladach na Luinge" báistighe ar an áit ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá sé suas le fiche bliadhain ó tharla an báthaidh seo. Fear ar b'ainm do Tomás Mac Suibhne a baitheadh. Ins an Fhoghmhar a thárla sé. Aon lá amháin bhí sé ag baint an choirce agus corrán a bhí aige. Bhí iomrádh mór go rabh eudálach ag teacht i dtír an t-am seo. Siúd síos a bhean fhad leis agus ar sise, "Nach bhfuil fhios agat go bhfuil eudalach ag teacht i dtír," agus tharraing sé an corrán as a láimh. D'imthigh sé. Do chaith sé tamall maith ag cuartú sula dteachaidh aige aon rud a fhagháil. Acht sa deireadh chonnaic sé léab mhór adhmuid ar an t-snámh. Súid a mharcaidheacht air é agus go díreach nuair a bhí sé
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ins an bhliadhain naoi gcéad agus a seacht déag báitheadh stócach fá thuairim seacht nó ocht déag a bliadhna ag an "Bharra" faoi an Fhal-Carrach. Ba mac-leighinn é a bhí ar Chóláiste Cholm-Cille agus tháinig sé go Coláiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh a fhóghluim Gaedhilge. Tráthnóna deas samhraidh amháin chuaidh sé féin agus a chuid comhráduidhe síos go dtí an "Barra" fá choinne snáimh. Bhí snámh maith aige acht chuaidh sé amach ró-fhada agus bheir an sruth air agus báitheadh é. Tháinig a athair agus a mháthair fá na choinne agus iad briste brúithete. Bhí tórramh mór leis go dtí stáisiún.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cailleadh an "Fair Home" i n-oileán Dúithche i dtrathaibh na bliadhna 1881. Sábháladh cúig cloigne agus cailleadh an chuid eile.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cailleadh an "Fair Home" i n-oileán Dúithche i dtrathaibh na bliadhna 1881. Sábháladh cúig cloigne agus cailleadh an chuid eile.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí soitheach éadaigh ag teacht aniar as na h-Oileáin Thiar aon uair amháin tá fiche bliadhain ó shoin. Bhí ceo ar an fhairrge agus bhí sé i ndoimhneacht na h-oidhche. Nuair a bhí siad fá dhá mhíπe de Oileán Thoraighe, dubhairt fear de na seolteóirí leis an chaiftín go bhfacaidh sé talamh, agus d'iarr sé ar an chaiftín tarraingt suas. Níor labhair an caiftín nó duine ar bith eile. Nuair a tháinig siad níos deise de bhaile, de OIleán Thoraighe, labhair an seoltóír aríst, acht ní luaithe bhí na focail ráidhte aige nuair do bhuail an soitheach suas i n-éadan binne.
Cuireadh an maide tosaigh isteach fríd an bhinn agus rinneadh dhá chuid de. Briseadh taobh an t-sithigh agus thoisigh an t-uisge a theacht isteach. Thoisigh na seoltóirí a ghabháil an-áirde acht ní rabh maith ann. Chaith siad uilig díobh a gcuid éadaigh agus amach san fhairrge leo. Chuaidh fear amháin le léim sa bhinn agus sábháladh é sin. Báitheadh dhá fhichead agus ocht gcloigne uilig.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí soitheach éadaigh ag teacht aniar as na h-Oileáin Thiar aon uair amháin tá fiche bliadhain ó shoin. Bhí ceo ar an fhairrge agus bhí sé i ndoimhneacht na h-oidhche. Nuair a bhí siad fá dhá mhíπe de Oileán Thoraighe, dubhairt fear de na seolteóirí leis an chaiftín go bhfacaidh sé talamh, agus d'iarr sé ar an chaiftín tarraingt suas. Níor labhair an caiftín nó duine ar bith eile. Nuair a tháinig siad níos deise de bhaile, de OIleán Thoraighe, labhair an seoltóír aríst, acht ní luaithe bhí na focail ráidhte aige nuair do bhuail an soitheach suas i n-éadan binne.
Cuireadh an maide tosaigh isteach fríd an bhinn agus rinneadh dhá chuid de. Briseadh taobh an t-sithigh agus thoisigh an t-uisge a theacht isteach. THoisigh na seoltóirí a ghabháil an-áirde acht ní rabh maith ann. Chaith siad uilig díobh a gcuid éadaigh agus amach san fhairrge leo. Chuaidh fear amháin le léim sa bhinn agus sábháladh é sin. Báitheadh dhá fhichead agus ocht gcloigne uilig.
ball sinsearach (stair)
2018-02-04 20:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tháinig long isteach ar an bhaile seo am. An 'Beicliú' a b'ainm dí. Tháinig sí ó Mheiriceá acht tháinig stoirm uirthí agus cuireadh suas ar an ghainimh ar an Chlochán í. Fuair na fir ar shiubhal díthe agus tháinig siad aníos go dtoightibh an bhaile agus fuair siad lóistín.
Gach lá théigheadh siad féin agus muinntir an bhaile síos le na cur ar an fhairrge acht ní raibh siad ábalta. Fear ar bith a chuideaochadh leo gheobhadh sé páighe. Chaith sí trí bliadhna sa ghainimh ar Maghbille. D'fhág sí annsin acht chuaidh sí ar na creagacha.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 22:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí an Wasp ag teacht aniar ar aghaidh Toraighe tamall fada ó shoin. Saighdiúirí uilig a bhí uirthí. Aimsear dheas ann fá mhí Deiridh Fhoghmhair agus na daoiní uilig ag baint na bpréataí. Tháinig ceo uithí agus i lár na h-oidhche cuireadh isteach ar chreagacha Thoraighe í. Briseadh uilig í agus fágadh an chuid díthe sna creagacha. Thiomáin an fhairrge na saighdiúirí gach bealach. Sábháladh ceathrar aca agus fuairtheas an chuid eile fá na cladaigh. Cuireadh cuid aca i roilig na gCrosbhealach agus cuireadh an chuid eile siar. Bhí dhá phunta le fághail ag duine ar bith a gheobhadh corp aca.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 21:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
snámhaidhe
amadán
straoileamán
smugachán
scibhinseóir
murtas
plubaire
máláid
líathroid
blidheóg
cruiteachan
muiltín
boc
crocadoir
óinseach
scuigín
scínteachán
geabadan
mangaire
craodhan
scilleár
criollsgaire
stucaire
márlachán
ceanrachan
clamhstar
cuilceach
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 21:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. D'imthigh sí le furú is feadalach.
2. Ní rabh oiread éadaigh uirthi agus níghfeadh gig.
3. Tá do chroiceann ar fhís.
4. Ghearrfadh sí an t-iarann fuar.
5. Tá séala do chodach ort.
6. Na leig do chnámh leis an mhadadh.
7. Chan do shúil shalaigh ba cheart amharc air.
8. Bhainfeadh sí an croiceann de dheárnaid.
9. Níor amharc an ghnaoi uirthi.
10. Níor thamtann madadh le bean chomh míofár.
11. Tá rud éicint faoi na eiteóig.
12. Comh bródamhail le míol faoi ghearbóig.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 21:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
snámhaidhe
amadán
straoileamán
smugachán
scibhinseóir
murtas
plubaire
máláid
líathroid
blidheóg
cruiteachan
muiltín
boc
crocadoir
óinseach
scuigín
scínteachán
geadadan
mangaire
craodhan
scilleár
criollsgaire
stucaire
márlachán
ceanrachan
clamhstar
cuilceach
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 21:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. D'imthigh sí le furú is feadalach.
2. Ní rabh oiread éadaigh uirthi agus níghfeadh gig.
3. Tá do chroiceann ar fhís.
4. Ghearrfadh sí an t-iarann fuar.
5. Tá séala do chodach ort.
6. Na leig do chnámh leis an mhadadh.
7. Chan do shúil shalaigh ba cheart amharc air.
8. Bhainfeadh sí an croiceann de dheárnaid.
9. Níor amharc an ghnaoi uirthi.
10. Níor thamtann madadh le bean chomh míófár.
11. Tá rud éicint faoi na eiteóig.
12. Comh bródamhail le míol faoi ghearbóig.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 21:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
snámhaidhe
amadán
straoileamán
smugachán
scibhinseóir
murtas
plubaire
máláid
líathroid
blidheógcruiteachan
muiltín
boc
crocadoir
óinseach
scuigín
scínteachán
geadadan
mangaire
craodhan
scilleár
criollsgaire
stucaire
márlachán
ceanrachan
clamhstar
cuilceach
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 21:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
roimhe an lanamhain óg. Agus sin ar chualaidh mise fá dtaoibh daobhtha ón lá sin go dtí an lá indiú.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 15:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Shíol an bhó riabhach go rabh an lá leithe nuair a bhí an Márta críochnaighthe. Ach fuair an Márta dhá lá de iasacht uadh an Aibreán agus d'fhág sé feannta chois claidhe an bhó riabhach. Bheirtear laetha na riabhaigh mar sinar laetha deireannach de'n Mhárta, bíonn siad go minic fuar, garbh.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 15:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní rabh sadhbhail uirthi na dhiadidh sin. Caitheamh isteach ar charraigeacha móra an oileáin í go dtearn an fhairrge mhór smioneagar duithe. THug cuid de'n fhuireann imthigheacht duithe agus báitheamh iad. Sabhaladh an beagan a d'fhan ar bórd gur ísligh an fhairrge.
Tháinig cuid de na cuirp isteach fa traigheanna thír-mór.
Bhí mórán de mhuinntir tír mór fá'n chladach go h-antrghach ag dreim go bhfuigheadh siad rud éigin le piocadh suas.
Innistir fa fhear amháin a tháinic fhad le fhear an muintir bháighte. Bhíthear a chuir air gur shanntaí sé péire butais a bhí air. Cibe ar bith nuair a thionntuigh sé an fear báighte, leig sé sin beic as le linn an sáile sceireadh amach as a chorp. Shíl an fear a bhí fa thraigh gur beo a bhí sé agus nuair a chuala sé an bhéic d'imthigh sé inns na fatha fásaí.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 14:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Briseadh long mór trí gcrann ar chladach Innisirrer tuairim ar thrí scór go leith bliadhain ó shoin. Bhí sí i ndiaidh lasta gráin bhuidhe fhághail i gcuan de chuid na Sasana agus í ar a bealach arais go Meirica. Le linn mórtas na fairrge cuireadh an bhalaiste guail a bhí inntí ar leath taobh, gur cailleadh cumhacht na stiúire.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 14:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Béidh cuimhne annseo fada go leor ar an oidhche sin go h-áirigh ag an dream a bhí ann le linn na sean daoine a d'imthigh. OIdhche Dhomhnaill Chonchubhuir a bheirtí uirthi annseo. Bhía faire ar an fhear seo i mbun Machaire Chlochair an oidhche sin. Le séabadh na fairrge bhí uisge na dtubar goirt míle talamh ó'n fhairrge. Is beag teach cionn tuigheadh nar seabadh an ceann do an oidhche sin. Le cois cuid aca a leagann go talamh i dtaca le cruacha scabadh soir is siar iad.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus Maghnus Mac Pháidín Dumhuigh, agus Sean Mac Ghiolla Ceara, bá lúre na fir ag ramhaidheachta ins an Pharoiste seo uair amháin. Ba é Anntoin Ó Gallchobhair an spealadóir a b'fhearr a bhí ins an Pharóiste seo nuair a bhí sé óg agus bhí sé ábalta dhá achra cóirce a bhainnt sa lá.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin ins an bhliadhain 1924 bhí stoirm mhór. Bhí tairneach agus soillse. Bhí an ghaoth ag séideadh na sglataí de na toigheanna agus shéid sé an trean ar shiubhail.
Cuid de na daoine bhí aca le ropaí a chur thart ar na toigheanna no bhí eagla ortha go mbeadh ceann an toighe seidhte ar shiubhal leis an ghaoith.
Da dteideadh gluaisteán ar bith amach b'eigeann dobhtha fanacht go dteachaidh an stoirm thart.
Bhí an stoirm níós measa ar an fhairrge agus cailleadh cuid mhór bádaí.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cúpla lá roimh an Nodlaig ins an bhliadhain 1894 bhí oidhche doineann ann. Oidhche na gaoithe móire a bheir ba daoine air nuair a bhíonn siad ag tracht air anois.
Ní fhaca siad comharthaí ar lith go rabh an doineann ag teacht ach ag am luighe d'éirigh an ghaoth agus i gcionn tamail thoisigh an tairneach agus an soillse. I n-áit socrughadh mar bhí an oidhche ag dul thart bhí sé ag éirighe níos measa agus bhí an ghaoth ag éirghe níos laidre de réir nar bhí sí ag séideadh. D'fhan sé mar sin go teacht an lae lá thar na mhárach.
Ar maidin bhí an ceann séidhte de chomhair achan teach ar an Ghleann Árd agus i gCoill. Bhí mórán crann leagtha trasna na mbealaigh móra agus bhí mórán trioblóide annsin do na daoine. Cha déarn an soillse dochar ar bith fá'n áit seo.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chuidigh sé leis na daoine i n-éadan na dtighearnaí talaimh. Is é an Mairtíneach a bhí 'na cheann-urraidh ar na péas. D'éirigh leis an sagart fághail saor.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ins an bhliadhain 1880 ar an 15adh Lughnasa, Lá Fhéile Mhuire Mór sa'n Fhóghmhair bhí tuile mór i nGaoth Dobhair.
Ar maidin an lae sin bhí sé comh bréagh agus d'iarrfeadh dó bhéal a bheith agus chuaidh muinntear na h-áite 'un an Aifrinn mar ba ghnáthach. Nuair a bhí na daoine istigh ag an Aifreann, rinne sé báisteach iongantach trom thuas fá na sléibhte. Thainig an tuile anuas an abhainn agus thaiig turtóga agus glár? anuas leis an tuile agus chruinnigh sé ag béal na h-abhna. Bhí an abhainn 'na reith le taobh thig an phobaill ins an am seo agus d'éirigh tuile ins an abhainn. Thainig an t-uisge isteach ar urlár thig an phobail agus b'éigean dó na daoine dhul suas ar na staighrí agusa. dhul amach ar na fuinneoga. B'éigin dóbhtha rópaí a fhághail agus rinneadar a ndícheall gach duine a shábhail ach cailleadh cúigear duine.
Ins an bhliadhain 1889 marbhuigheadh an Máirtíneach ag Teach-Phobail Dhoire Beag fosta ar an 3adh Feabhra a tharla seo. Bhí cogadh na Talmhan ar siubhal ins an am. Thug na péas iarraidh ar an Saghart 'Ac Pháidín a ghábhadh, mar gur
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fágadh na daoiní annseo ar an gan chuid talamh. Ní rabh aca aca beagan sa roinnt chuibhreann agus ní thearnadh an rann úr mórán níos toirtigh.
Áit bó a bheirtear ar an ghabhaltas a thógfadh bó. Ó sin anuas go h-áit colpaigh agus leath colpaigh an h-ochtmhadh cuid dé áit bó.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní rabh beallaigh ar bith sa taobh se de'n tír sa tsean am a dtiocfadh leat bealaigh a thabhairt ortha. Casan chosa nó casán a siubhailadh capaill ortha sin a rabh ann. Tá sé tuairim ar chéad bliadhain a rinneadh an chéad bhealach fríd an áit. Bá é seo an chéad obair publaí a rinneadh. Bhí an páighe an-bheag, tuairim ar ocht bpinginn déag sa t-seachtmhain. Obair fhuasglaidh nó déirceach a bhí inntí. Sin an rud a d'fhág an pháighe go fágtha.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 12:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I mí Lughnasa sa bhliadhain 1880 thuit bailc throm fearthanna agus cloch sneachta ar thaobh an chnoic comhgarach de bhaile Dhoirebeag. Dia Domhnaigh a bhí ann agus bhí poball an Aifrinn cruinn i dteach an phobaill. Anuas an sruthan a bhí deas do thig an phobaill tig an tuile. Ca bith mar druideadh cúrsa an uisge, bhris an tuile isteach sa teach. Thug na daoine iarraidh ar imthigheacht go maith is thainic leo. Bhí an té a bhí láidir ag cuideadh leis an an lag. Bhí teann na tuileadh mór agus sciobadh go leor ar shiubhal. Ba mhiorbhuilte nar cailleadh tuilleadh. Bhí an gleann amach go dtí an fhairrge mar loch ann. Nuair a thraigh an tuille bhí an áit strocthe, sualta? agus é uilig faoi lában.
Cuireadh eagar ar an áit na dhiaidh sin san dóigh nach baoghal de thuile briseadh isteach níos mó.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 11:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Séamús Ó Frighil
Tullach Connaill
An té a d'innis domh
Michéal Ó Frighil 57 bl.
Tullach Chonnaill.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 11:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
John the bisim maker
Micheál Corn Dáin
Ned Gilaspey
Joe Higerty
Peter the CReel
Tám na Spág
Mickey the Orange
Charley Millar
Arthur Clarke
John the bisim maker
Dhéanfadh sé scuab dé fhraoch agus rachadh sé thart a ndíol ar 3d an ceann.
Michéal Chorm Dáin
Dhéanfadh sé ramas fá dhuine ar bith nach mbéadh maith dó fhad is bheithea ag tontach ar do thál. Ramas, Shiubhail mé leithead beag ó tap go tó, agus cuidigh siad uilig liom ach Huddy Dó."
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 00:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
deifre air gur rinne sé dearmud ar a ghuna agus fuair na gardaí é agus cuireadh i bpriosún é, agus fuair sé bás annsin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-03 00:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí sean Leitrim i na thighearna talaimh ar Fhaid, ar an Tearmann, ar Chille Mhic nÉanain agus ar Rossguill. Bhí sé i na fhear chruaidh agus rinne sé cuid mhór droch rudaí. Aamannaí chuireadh sé na daoine amach as seilbh a gcuid talaimh, nó bheireadh sé ortha cíos mhór a dhíol, agus amannaí nuair a bhéadh siad abalta an chíos a dhíol fiú chá ghlacadh sé é agus cuireadh sé amach iad agus chaitheadh siad an ceanntar a fhágail agus dhul áit an teacht eile.
Tá sé marbh anois le trí fichid blian. Sgaoil trí fhear as Fánaid Leitrim. Mac Giolla Bhrighe agus Ó Siadhail agus fear eile. Ar maidin chuaidh siad go Cratlach. Chuaidh duine aca isteach ins an choillidh agus d'fhan an fear eile ar taobh amuigh de. Sgaoil an fear a chuaidh isteachLeitrim, agus bhí an méid
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 23:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an t-saghart agus ní thiocfadh leis maitheannas a thabhairt damh."
"Chuaidh mé chuig an easbóg agus ní thiocfadh leis maitheannas a thabhairt damh. Chuir an t-easbóg go dtí bun na binne sin amuigh mé a urnaighe agus nuair a chonnaic mé an solas tháinig mé isteach."
"Tchím" arsa an seanduine, "agus nach doiligh damhsa maitheannas a thabhairt duit, agus gur mo chligeann-sa ar bhuail tú an cíc uirthí."
Thug an seanduine maitheannas do ann sin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 23:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo scéal a fuair Pádruic 'Ac Giolla Bhrighde Rang VIII, sa scoil seo ó Shéamus Ó Duibhir as an t-Slaochan.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 23:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal eile a fuair Pádruic 'Ac Giolla Bhrighde as an scoil seo ó shean duine ar an t-Slaochan.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 23:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí Colm Cille ag siubhal thart fríd an tír seo, bhí sé ag tarraingt ar theach lá. Chonnaictheas ag teacht é, agus chuaidh an fear i bhfolach. Chuir an naomh ceist ca rabh sé, agus dubhairt an bhean go rabh sé tinn. Sé an freagar a fuair sí.
"Má tá sé tinn, biseach go bhfuigheadh sé, agus mar bhfuil sé tinn go mbéidh sé."
Fá chionn seachtmhaine d'éirigh an fear tinn, agus ní bhfuair sé biseach go deachaidh sé na cille.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 23:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo scéal a fuair Pádruic 'Ac Giolla Bhrighde Rang VIII, sa scoile seo ó Shéamus Ó Duibhir as an t-Slaochan.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 22:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí ceathrar as an áit seo ag obair i gcuideachta a chéile i n-Albain, triúr as na Rosann agus fear Ghaoth Dobhair.
Níl Domhnach ar bith nach siúbhalfadh siad isteach go Baile Chelsí. Bhí seanbhean annsin a bhéanfadh braon té dóibh gach lá, Albanach a bhí inntí.
An lá seo bhí sí go h-olc leis an déideadh, agus ní dhéanfadh sí té ar bith.
Phill fear Ghaoth Dobhair agus dubhairt sé go ndéanfadh sé léigheas dí ar an déideadh ar son bhraon té. Rinne sí réidh an é agus d'ól an fear é.
Annsin d'iarr sé uirthí ghabhail ar a glúine agus an dillín seo a rádh ina dhiaidh.
"A shean chailleach ghallda nach ngéileann do Mhuire,
biseach nach bhfághann tú go dtéid tú ar mire."
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 22:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí ceathrar as an áit seo ag obair i gcuideachta a chéile i n-Albain, triúr as na Rosann agus fear Ghaoth Dobhair.
Níπ Domhnach ar bith nach sibhalfadh siad isteach go Baile Chelsí. Bhí seanbhean annsin a bhéanfadh braon té dóibh gach lá, Albanach a bhí inntí.
An lá seo bhí sí go h-olc leis an déideadh, agus ní dhéanfadh sí té ar bith.
Phill fear Ghaoth Dobhair agus dubhairt sé go ndéanfadh sé léigheas dí ar an déideadh ar son bhraon té. Rinne sí réidh an é agus d'ól an fear é.
Annsin d'iarr sé uirthí ghabhail ar a glúine agus an dillín seo a rádh ina dhiaidh.
"A shean chailleach ghallda nach ngéileann do Mhuire,
biseach nach bhfághann tú go dtéid tú ar mire."
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 21:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal beag a d'innis Paidí Ó Dochartaigh (69 bliadhna) as an Chlochán Liath do Phádruic 'ac Giolla Bhrighde, gasúr as an scoil seo.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 20:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgéal beag a d'innis Paidí Ó Dochartaigh (69 bliadhna) as an Chlochán Liath do Phádruic 'ach Giolla BHrighde, gasú® as an scoil seo.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 20:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an t-saghart agus ní thiocfadh leis maitheannas a thabhairt damh."
"CHuaidh mé chuig an easbóg agus ní thiocfadh leis maitheannas a thabhairt damh. Chuir an t-easbóg go dtí bun na binne sin amuigh mé a urnaighe agus nuair a chonnaic mé an solas tháinig mé isteach."
"Tchím" arsa an seanduine, "agus nach doiligh damhsa maitheannas a thabhairt duit, agus gur mo chligeann-sa ar bhuail tú an cíc uirthí."
Thug an seanduine maitheannas do ann sin.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 20:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
seanduine na suidhe ag an teinidh.
Agus bhí bean óg ghasta ag gabhail thart i lár an urláir, agus tormán mór aicí. Chuir sé ceist ar an tseanduine "nach suaimhneach an bhean atá sa chlúdaigh?" Tá sí suaimhneach ar an tsaoghal seo, agus bhí sí suaimhneach ar an t-saoghal eile. Ba sin an chead bhean a phos mise, an tsean bhean sin."
"Sin an dara bean a phós mé. Ní thug sí suaimhneas damh ar an tsaoghal ar bith damh fhéin nó dó mó shean mhnaoi ach oiread."
Dubhairt an seanduine leis "an dochar damhsa ceist a chur ort caidé thug ann seo thú." "Níl" ar seisean, bhí mé istoigh i roilig lá amháin agus bhuail mé cíc ar chloiginn duine. Chuaidh mé chuig
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 19:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin bhí fear ag siubhal istoigh i roilig agus casadh cloighean duine air. Bhuail sé cíc ar a chloiginn agus labhair an chloigeann leis. "Bhí mise lá comh maith leat fhéin." Chuaidh sé chuig an tsaghart agus ní thiocfadh leis an tsaghart maitheannas a thabhairt dó. Chuir an saghart chuig an easmbóg é, agus ní thiocfadh leis an easbóg maitheannas a thabhairt dó.
Chuir an t-Easbóg go dtí bun binne é a chur isteach a bhreitheamhnais aitrighe. Bhí sé ann sin ar feadh cúpla oidhche ag urnaighe. Oidhche amháin f'fhosgail doras sa bhinn agus bhí solas breagh istoigh. Smoitigh sé go rachadh sé isteach ar an fhosgadh. Nuair a chuaidh sé isteach bhí sean-bhean na suidhe sa chlúdaigh. Bhí an
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 19:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo sgéal a d'innis mo mhathair damh. Tá sí 40 bliadhna.
Eoghan Ó Duibhir
Sgoil na nGasúrt
Doire Beag
Tionntuigh siar duilleog ar aghaidh máis toil.
ball sinsearach (stair)
2018-02-02 19:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Má tá droch ádh ort ag imirt chárdaí fágh briseadh nó iasacht airgid ón fhear atá ag baint, agus tiocfaidh an t-ádh ort féin.
Frog a chur isteach in do bhéal agus trí sgread a bhaint aistí. gheobhaidh tú biseach ón déideadh.
Dá dtéighthea isteach chuig bean a smaodail éadaigh Dia Domhnaigh gheobhtha biseadh den déideadh.
Cuid de na h-aibhleógaí a chaitheadh isteach fríd na preataí as teinidh Fhéil Eoin, cuirbfidh sin ádh maith ar an bhárr.
Ná cuir tús ar shéasur iasgaireachta Dia h-Aoine. Níl sé ádhmhail.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
says she, if its not my own wee bannock back again. So she brought it in and she washed him and cleaned him and he turned into a wee gassoon and she put him to bed. And the wee wee woman and the wee wee man never fought anymore and they put on the kettle and made tea and if they don't live happy we may.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Jonny Brennan, Skeagh, Dundalk was sent out that night to look at stacks in the haggard.
He was lifted with the stacks and carried away to a quarry about 300 yrds distant and remained there till storm started about 4 AM
The roof was taken completely off Michael Brady's House, Courtbane, Dundalk.
Shelagh Chapel was being completed that year and the storm stripped portion of the roof.
The big stone cross was blown 90 feet away.
Cross would weight about 2 cwt.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I cut it and in a pie I put it,
When it was three months old,
I searched for it very bold,
With fire and water I did it burn
With an iron bar I did it turn
I stripped it in its naked skin
And got a place to put it in.
Answer - Pot of boiled potatoes.
Out I went and in I came
Death I saw where lift was in
Six were set and the seventh came free
Come riddle me that or hanged I'll be.
Answer: A robin's in a skull in a graveyard.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Name of person who gave story: Mrs J. Martin, Shanmullagh, Hackballscross, Dundalk, CO. Louth aged 74 years. Old-age pensioner. Was born & reared in Shanmullagh, heard this story from her father 60 years ago.
Her father lived in Shanmullagh
This story was written 14th Oct. 1937
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
One evening Pat McArdle was going to the shop for bread and when he was passing Quinn's fort he saw a crowd of little men dancing round a bush. He was lame and he had a crutch with him. After a while he left the crutch on the ground and he watched them when suddenly a young girl forced him to dance. He said that he was lame and unable to dance but the girl told him that when he would dance on night with her he would never be lame again. He danced with her for a few hours and when they stopped dancing he was no longer lame. He left the crutch behind him and it was buried there.
Once upon a time there was a widow woman and her son living in a small house. Every night the boy went out to play cards. His mother told him that playing cards were
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Long ago there lived in the town-land of Tulla a man whose man was Terry Fearon. He was nearly ninety years of age when he used to play a game of buttons and Jack-stones with another man whose name was Owen Traynor who was also ninety years. The two would sit down on the side of the road to have a game of buttons. If Owen would happen to win all
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
would be like to go in a train.
So she set out and crossed over in a boat to Warrenpoint and made her way to the station and she didn't know the way very well she had to ask and by the time she got to the station she was rather late and the train was ready to leave, so she shouted "Hold on there I won't be a minute." She got her ticket and made a dive for the door, and she couldn't get it open. An old captain who happened to be in the carriage helped her in.
When she got home that evening she said "Only for the big Captain of a ship I would have had one leg in Newry and the other in the Point."
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Once upon a time there lived in Omeath a woman named Betty Mc Givern. One day she wanted to go to Newry to do some shopping and as the trains had just started in Warrenpoint she thought she would like to go by Warrenpoint and see what it
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Once upon a time there lived a man in Drummullagh who had an idea that he could fly as good as a bird. So one day he made a pair of wings and told the people to come and watch him fly.
He then got a ladder and went up on top of the house while the people below waited to see him fly. They waited for about five minutes and then the man on top of the house took a jump into the air. He expected to fly away in the air, but instead he fell to the ground into a dung-heap and the people walked away disgusted. Jack Blain was his name.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Battle of Boulders." The battle went on until Finn got so angry that he lifted the huge Cloughmore Stone and flung it into the air. It landed with a crash on Ruiscaine's head crushing him into the mountain. Finn was so tired after lifting this mighty rock that he lay down to rest on the top of Carlingford with his feet in the sea. In the morning when the sun shone on him it turned him into stone leaving him plain to be seen until this day.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a portent of death to you and to every ruler of Cooley of your race, foretelling the death of one dear to you and also yourself. Lair soon forgot the incident in the bustle of his coming marriage to the daughter of the chief of Rinn. As Lair was taking his bride home after the marriage by water the Chalice appeared over the water, and at that moment a blast of wind came and capsized the boat, and they were all drowned. And so the Saint's curse came true.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
the cure of a burn. Garden-broom not the ordinary wild species boiled and the juice drunk was said to be a cure for kidney disease especially Brights disease. Roasted salt is an old fashioned cure for a sore throat. Slamish is a very good cure to stop bleeding. First you chew it and then apply it in a lump to the cut. Allenberries bruised and mixed with buttermilk and put on thickly on the top of a wart is a very good poultice for drawing a wart out.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 23:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
left shoulder and whoever catches it will be the first married. Another marriage custom is to meet the bride with a bowl of salt. This is supposed to bring luck to the bride. It is said it is lucky for the bride to borrow something from a married person and to wear it. An old shoe or a horse shoe is often tied on the bridal car to bring luck. Long ago "straw boys" used to thatch themselves with straw and to go the wedding house. They danced and played on mouth organs and to get rid of them they were given money. The "drag home" or "hauling home" is the Sunday after the wedding when the bride and her friend are invited to her old home.
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 22:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Marriages most frequently take place in this locality before Lent, after Easter, and in the month of June. May is considered to be an unlucky month for marriage. The following is an old rhyme which tells the lucky and unlucky days for marriage:-
Monday is for wealth
Tuesday is for health
Wednesday best day of all
Thursday for losses
Friday for crosses
Saturday no day atall
Boys and girls are often sent on Shrove Tuesday to borrow a pancake slice from a neighbour. As there is no such such thing as a pancake slice it ends up that they get their faces blackened in that house. Sometimes to carry the joke further they are told it is lent and so they go from house to house looking for the "pancake slice" which never existed. Land and stock are often given as a dowry instead of money. It is the custom in many places in this district for the bride to throw her garter over her
ball sinsearach (stair)
2018-02-01 22:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An oidhche roimh an Nodlaig bíonn móran nósannaí agus béasannaí ag seandaoine an cheanntair seo.
Deireann siad má theigheann tú isteach ar doras tigh gur cheart duit dhul amach ar an doras ceadna. Muna ndéanann tú sin ar an oidhche sin deirtear nach mbéidh ádh ort i rith na bliadhna.
Cuireann siad coinnle ins na fuinneógaí le bealach chun na toighe a thaisbeáint do na strainsirí. Deirtear dá bhfágadh duine ball éaduigh ar thom nó ar chlaidhe an oidhche roimh Lá Nodlag go leigheasfadh an ball sin duine a mbéadh aicid áirithe air.
An Fheasta
Is beag duine i n-Éireann nach mbíonn
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 23:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus ar na boithigh. Agus nós eile atá ag na daoine an lá thar na bhárach téigheann siad amach agus nigheann siad a gcuid éadaí ins an driúcht atá ar an fhéar ghlas.
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 22:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus ar na bithigh. Agus nós eile atá ag na daoine an lá thar na bhárach téigheann siad amach agus nigheann siad a gcuid éadaí ins an driúcht atá ar an fhéar ghlas.
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 22:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is é an nós atá ag na daoine lá Bhealtaine gráinín de lusta bhuidhe Bealtaine a chaitheamh ag gach doras agus fuinneóg atá ar an teach. San tráthnóna téigheann na daoine amach ag cruinniughadh lusta bhuidhe Bealtaine. Nuair a thigheann siad abhaile caitheann siad gráinín ag gach doras agus fuinneóg atá ar an teach
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 22:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Am amháin bhí Naomh Bríghid tinn agus bhí sí 'na luighe. D'iarr sí ar a mbunadh gabhail amach agus feaga a thabhairt isteach chuicí. Rinneadh amhlaidh. Nuair a fuair sí na feaga thúsuigh sí ag deánamh crosanna beaga díobhtha. Dheamhain i bhfad go rabh cnap cros déanta aicí agus iad sgabhtha fríd an leabaidh go léir aicí. Dubhairt sí gur b'iad na crosanna a chur biseach uirthí. Ariamh ó shoin ar an 1adh lá de Feabhra (Oidhche Fhéil Bhrighde gnídheann na daoine crosanna as feaga.
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 21:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cuirtear rudaí 'sna boithigh le tinneas agus aicideacha a choingbheailt ar shiubhal ó na beithidhigh.
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 21:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a thuiteas fiacal as gasur is ceart do í a chaitheamh thar a ghualainn, fa choinn ceann deas fás in a h-áit.
Ag gabhail isteach duit i dteach, ma tharraingeann tú sifín as an mhuirínigh, chuirfeadh sin ádh ar an teach sin.
Bean Ruadh nó beathach bán a casdáil duit ag gabhail ar asfair - Pill nó béidh droch ádh ort.
Má fheiceann tú bean ruadh ar do bhealach a iasgaireacht, conbhuigh as a bealach, ná gabh bealach eile. Na castar duit í, nó ní bhéidh ádh ar bith ort.
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 21:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a scaoileadh. Sgaoil, agus thuit cnap fioghach amach. Thionntuigh an t-aran isteach na fhioghacha.
Chuaidh sí chuig an t-saghart agus d'innis sí dó caidé mar d'éirigh duithe. Chuir seisean ceist an é cuid a maighistire a bhí sí tabhairt do na páisdí. Dubhairt sise nach b'é acht an fuigheallach a bhí aicí fhéin. Dubhairt sé léithe gur naomh a bhí inntí, agus chuaidh sise ins na mná righalta.
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 21:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá Dia láidir agus tá mathair mhaith Aige.
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 21:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fad ó shoin bhí Naomh Brighid na girrsigh bhig ar fastodh ag Pagánach. Bhí páisdí bochta gaedhaelacha na gcomhnuidhe in aice léi. An t-arán a bhí ar fhuigheall aicí, chuirfeadh sí isteach in a naprun é go dtabhairfeadh sí do na páisdí a bhí ag fanacht léithe ag an tobar é. D'innis mathair na bpáisdí do bhean eile go bhfuigheadh a cuid páisdí bás ó'n ocras ach go bé an ghirrseach seo.
Chualaidh an maighistir é, go rabh sí ag tabhairt arain do na páisdí. Chuaidh sé lá amháin i gcúl an chlaidhe go bhfeicfeadh sé Brighid ag teacht 'un tobair. Agus bhí an t-aran léithe in a naprún. Chuir sé ceist uirthí caidé bhí léithe, agus dubhairt sise nach rabh dadamh. D'iarr sé uirthí a naprún
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 21:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seo sgéal a d'innis mo mháthair damh. Tá sí 40 bliadhna.
Eoghan Ó Duibhir
Sgoil na nGasúr
Doire Beag
ball sinsearach (stair)
2018-01-31 21:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rugadh Naomh Brígid sa bhliadhain 453 i bhFochairt i n-aice le Dún Dealgan. Deirtear gur de bhunadh Eochaidh, deárbhráthair Chuinn Cheudchathaigh, a shíolruigh Bríghid. Deir tuilleadh gur de theaghlach uasal í. Bhí fir naomhtha ag cur mainstreach ar bun, chuaidh sise ar fuid na hÉireann ag tógail clochar fá choinne na mban riaghalta. Fá thuairim 480 cuireadh ar bun an teach mhór ar tugadh Cill Dara air agus ba mhór an mhéid ógh agus baintreabhach a tháinig ar an saoghal do chaitheamh i gCill Dara. Do réir na 'Ceithre Maighistir" fuair Naomh Brighid bás sa bhliadhain 525.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 20:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bealoideas
Maighread Ní Ghállochobhair
Díseart
Aois - 14 bliadhna
Fuair mé an t-eolas seó ó m'athair mhór, agus mó mathair mhór.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 20:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí na pian dlighthe i bhfeidhm ní rabh cead aig na saghairt Aifreann a leigheadh agus ní rabh cead aig na cathlicigh Aifreann a chluinstean. Nuair a bhí siad i bhféidhm chuaidh sghairt fríd an cheanntar seo. Bhí na saighdiúirí na ndiaidh agus chuaidh sé suas go dtí cnoc a dtugtar Ard an Mhadaidh Ruaidh air. Saghart Ó Domhnaill a' t-ainm a bhí ar an sagart. Nuair a chuaidh na saighdiúirí thart agus nuair a chruinnigh na daoine leigh an saghart an t-Aifreann.
Bhí fear faire ag coimhead ach níór mhothuigh siad saighdiúirí ar bith ag teacht. Tá an áit le feiceail go fóill no tá deor fola ar an chloich. D'imthigh an saghart go ceanntar eile dé'n tír.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 20:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1. Níor dhruid Dia doras ariamh nach bhfosgleochadh Sé ceann eile.
2. Tá cabhair Dé níos giorra dúinn na an doras.
3. Amharc sul a léimfidh tú.
4. Is feárr uaighneas maith na droch chuideachta.
5. Is fada an casan nach bhfuil tionntadh ann.
6. Níor cuir Dia dúinne ar an t-saoghal nár chuir Sé a chuid leis.
7. Má's fada an oidhche tig an lá.
8. Ní h-éan ? cois amháin a tháinig Naomh Pudraig go h-Éirinn.
9. Ná fág go dtí 'marach rud a dtig leat a dhéanamh indiu.
10. Dearbhráthair dó'n t-sac an mála.
11. An áit atá bó tá bean.
12. Ní lá na gaoithe lá na sgolb.
13. Is glas iad na cnuic atá i bhfad uainn.
14. Ní'l fhios ag leath an t-saoghail caidé mar tá an leath eile beo.
15. B'fhearr éan amháin san láimh nó beirt san chrann.
16. Níor bhris focal maith fiacail ariamh.
17. Is fearr mall ná go brath.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
San áit atá toit tá teine.
Nuair a chuireann sé dóirteann sé.
Ní h-iad lucht na cainnte lucht na h-oibre.
Gní sothaigh folamha cuid mhór tormain. Is maith an t-annlán an t-ocras.
Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éiginnteacht.
Is feárr rith maith ná droch sheasamh.
Na breathnuigh an leabhar de réir an chumhdaigh.
Is feárr uaighneas maith na droch chuideachta.
An té tá siubhaltach tá sé sgéaltach.
Is fada nach gcloiseann an chluas ní chuireann sé buaidhreadh ar an chroidhe.
Ní chrothnuigheann tú an t-uisce go dtéigheann an tobar tirim.
Is mairg an té bhíos thíos leis an chead bhearnán.
Nó ór gach rud atá lonnrach.
Is fearr mall na go bráthach.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 20:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
San áit atá toit tá teine.
Nuair a chuireann sé dóirteann sé.
Ní h-iad lucht na cainnte lucht na h-oibre.
Gní sothaigh folamha cuid mhór tormain. Is maith an t-annlán an t-ocras.
Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éiginnteacht.
Is feárr rith maith ná droch sheasamh.
Na breathnuigh an leabhar de réir an chumhdaigh.
Is feárr uaighneas maith na droch chuideachta.
An té tá siubhaltach tá sé sgéaltach.
Is fada nach gcloiseann an chlaus ní chuireann sé buaidhreadh ar an chroidhe.
Ní chrothnuigheann tú an t-uisce go dtéigheann an tobar tirim.
Is mairg an té bhíos thíos leis an chead bhearnán.
Nó ór gach rud atá lonnrach.
Is fearr mall na go bráthach.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 20:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is giorra cabhar Dé na an doras.
is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
Dearbhráthair dó'n t-sac an mála.
Dearbhráthair dó'n bhás an codladh.
Is furust fuinneadh in aice na mine.
Ní'l fhios ag duine ar bith caidé tá sa phota nuair atá an clár air.
Ní lá na gaoithe lá na scuilb.
I ndiaidh a chéile deántar na caisleáin.
Is maol guala gan dearbhráthair.
Níor dhruid Dia doras ariamh nar fhosgail Sé ceann eile.
Má's fada an oidhche tig an lá.
Is namha an cheird gan fhoghlaim.
Ballaí fuara ghnidheas beag toighe suarach.
Is feárr éan sa láimh ná dó sa chrann.
Tig ciall leis an aois.
bíonn adharca móra ar na buaibh thar lear.
Fan a chapaill agus gheobhaidh tú coirce.
Ní'l aon dul ó'n mbás.
Ní bhíonn buaidh mhór ar bith gan conntabhairt.
Cam díreach an ród, sé an bealach mór an aithghiorra.
Na caith amach an t-uisce salach go dtabhairfeadh tú isteach an t-uisce glan.
Amharc sul a léimfidh tú.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 19:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá tobar beannuighthe i gCroidhe Buidhe. Tá an t-uisce ag teacht amach as Carraic Mhóir. Tá sé ar thalamh Uí Ghallchobhair. Choisrigh an Sagart Uí Ghallchobhair í fadó.
Teidheann daoine a bhfuil deideadh ortha go dtí'n tobar agus ólann siad an t-uisce agus gheibh siad biseach. Beireann siad uisce abhaile leobhtha agus fágann siad giota beag eadaigh ag an tobar.
Tá an tobar giota beag ó'n bhealach acht tá casán ag dul go dtí'n tobar. Tá an tobar dhá mhíle go leith ó'n áit seo.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 19:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
rabh iomrádh achan áit ar an éadach iongantach seo. Chuala an rí féin fá dtaobh dé. Chuir sé sgéala fá na choinne. Dhíol sé an t-eadach leis an rí ar chúpla míle púnta.
ní rabh feidhm aige ar an ór a bhí faoi'n charraic annsin agus tá sé annsin go fóill agus na saighdiúirí beaga a chosaint.
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 19:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhfuigheadh sé bás dé'n ocras agus é leis in a phóca. Thug sé amach bocsa beag agus nuair a bhain sé an clár de léim sgaifte saighdiúr amach.
D'innis sé dó Sheán go ndéanfadh na saighdiúirí seo rud ar bith a n-iarrfaidhe ortha. Bá é an deireadh a bhí air go dearn siad mailirt ar an bhocsa agus an t-eadach.
D'imthigh Seán leis airis ag tarraingt ar Ath-a'-Dá-Chorr. Chá deachaidh sé i bhfad gur bhuail an t-ocras é. D'éirigh sé mio-shásta beis féin go dtug sé ar shiubhal an t-éadach. ní rabh fhios aige caidé le déanamh. I gcionn tamaill smaointigh sé air féin. Bhain sé an clár dé'n bhocsa agus d'iarr ar na saighdiúirí imtheacht agus an t-éadach beag a fhághail dó airís.
D'imthigh siad agus ní rabh i bhfad go rabh siad arais agus an t-eadach leo. Shiubhal sé leis annsin gur shroich sé an baile.
Nuair a shroich sé é d'fholaigh sé an t-ór faoi charraic a bhí in aice an toighe.
Ní rabh sé i bhfad sa bhaile go
ball sinsearach (stair)
2018-01-29 19:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
nach rabh fhios aige caidé bhí ag teacht ortha. Annsin d'innis Seán an scéal dó ó bhun go bárr.
Fiacheadh cás Reid agus ba é an deireadh a bhí air gur cuireadh 'ún báis é. Fuair Seán an ciste óír annsin agus ar shiubhal leis ag tarraingt ar an bhaile.
Ar a bhealach na bhaile bhí aige le dhul na mílte agus na mílte thar chnoc nach rabh teach nó neach beo le feiceáil ann. Sa deireadh nuair a bhí sé ah siubhal dhá lá chas fear air. Chuir sé ceist ar an fhear seo an rabh sé i bhfad ó thoighthe. Dubhairt an strainsiúr gur shíπ seisean go rabh sé an'eas do thoighthe nó go rabh sé ag siubhal le trí lá fríd an chnoc. Dubhairt sé gur an rud a bá mheasa nach mbéadh sé abalta siubhal dhá lá eile gan i dath le h-ithe nó go rabh sé lag ag an o