Líon iontrálacha sa taifead staire: 1363 (Taispeántar anseo na 500 ceann is deireanaí.)
ball sinsearach (stair)
2019-02-14 13:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
féin amach agus bhí scaipeadh na mion éan ortha i gcionn cúpla neomataí mar bhí a gcroidhe ar crith roimh Paid Thomáis.
ball sinsearach (stair)
2019-02-14 13:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Phós Paid Thomáis thúas i mbarra na sráide lé duine des na Muircheartaigh. Bhíodh bruigheanta móra sa Daingean an úair sin. Bhíodh gach cine i gcoinnibh a chéile. Aon lá amháin bhí na Mainínigh agus na Muircheartaigh ag troid ag gcoinnibh a chéile.
Pé scéal é bhí bean Phaid Thomáis eatortha, agus chonnaic sí na raibh a fear ag teacht ag cabhradh léi. Siúd léi súas agus bhí Paid go súimhneasach istigh do féin.
"Annsan a thuigheann tú," ar sise "agus mo chlúadar á thraschadh síos fén mbaile".
Rug Paid ar a mhaide agus bhí á chasadh san aer ag gábhail sios an tsráid. Núair a chonnaic an tslúagh chúcha é ní fheadar aoinne cad é an páirt a thógfhadh sé agus bhí fear má lúath acu ag baint a chúinne
ball sinsearach (stair)
2018-11-26 14:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé faic ach biotáile.
Ní raibh aon phóilíní ann an úair sin agus dá bhrí sin bhí sé féin agus Paid Thomáis na máighistrí ar an dá pharóisde. Bhíodh Micí Buidhe ag déanamh lámh láidir ar iascaraithe a bhíodh ag iascach lé líontán gearra ar an dtráigh. Aon bhreac shúaitheansach go gcuirfheadh sé a shúil ann do thógfhadh sé leis é.
Cuireadh focal fé chuinn go Paid Thomáis go raibh éagóir á dhéanamh ortha. Bhúail Paid Thomáis chuige a mhaide agus beó leis siar ar an dtráigh agus d'fhan ann ar feadh na hoidhche ach má d'fhan nior tháinig Micí Buidhe na ghoire, agus nior lúgha a tháinig i ngoire na hiascaraithe as san amach.
ball sinsearach (stair)
2018-11-26 11:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear úair in Imeallácha darbh ainm do Paid Thomáis. Bulaí maith fear dob eadh é. Bhí fear eile i mBaile an Fhirtéirigh dárbh ainm do Micí Buidhe. Bulaí fir leis abeadh Micí Buidhe mar ní d'itheadh sé faic ach feóil úr agus ni d'ólfadh
ball sinsearach (stair)
2018-11-21 13:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
phinginn é".
Bhí Seán go pras agus go ceólmhar chun coisídheachta. D'imthigh air, agus sar a raibh bean na sáspan fágaithe an tsráid bhí sé tagaithe thar nais agus an sáspan aige ar phinginn.
Níor thóg sé ach ceithre úaire a chluig úaidh dul go Tráighlí agus teacht thar nais.
ball sinsearach (stair)
2018-11-21 13:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear eile sa Daingean dárbh ainm do Seán Paor. Lá amháin bhí sé ag ceannach sáspan. Bhúail bean na sáspan dhá phinginn lé na haon cheann acu.
"Dar do chroidhe is do chorp" ar seisean "gheóbhainn an sáspan san ar phinginn i dTráighlí."
"Imthighse ort go Tráighlí mar sin, " ar sise, "agus faigh ar
ball sinsearach (stair)
2018-11-21 13:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Raibh cír fiacala aige.
Bhí na haon duine ag tástáil a fhiacala go dtí go dtáinig úain Sheán Hicson. Bheir sé sin lé na bhéal ar chúinne an bhúird, agus bhúail úaidh siar ar an lochta an bórd lé na fhiacala.
ball sinsearach (stair)
2018-11-21 13:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear úair i mBaile an Fhirtéirig dárbh ainm do Seán Hecson. Fígheadoir dob eadh é. Aon oidhche amháin tháinig cuid des na cómharsain isteach na thig agus do bhíodar ag cur geall lé na chéile féach cíoca dob' fheárr go
ball sinsearach (stair)
2018-11-21 13:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tímcheall. Cheap Pádruig bocht go raibh se marbh. Thóg sé é agus bhí sé i Leath-taoibh i gcionn cúig neómataí deag. Núair a bhí sé ag bóthar Garraidhe Bháin léim an fear anuas dá dhream agus chuir do abhaile.
ball sinsearach (stair)
2018-11-21 13:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do b'é an fear ba threise a bhi timcheall ná Pádruig Brún ó Ghallarus. Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht ón nDaingean chonnaic sé fear sínte ar an mbóthar. Ba ó Leath-taoibh an fear. Do b'é an fear ba truime a bhí
ball sinsearach (stair)
2018-11-21 13:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus do bhí go baodhach beannachtach ag fágaint . An chéad scoile eile rainig do, thárla gurb é scoil go raibh Eoghan ag muineadh . Sheasaimh sé aige béal dorais na scoile. Do tháinig Eoghan anuas chuige nuair a chonnaic sé an buachaill aige'n doras. "Cad as tú , a gharsún" ar seisean . D'fhreagair an garsún agus dúbhairt "andeas ó Dhún na Slód". "A gharsúin deas andeas ó Dhún na Slód, cad fá do theacht in ár measc i nDún na Slód. An b'é bás do dhaid nú lé grádh do bhean chuir tú féin chomh droch ghnóthach". D'fhreagair an garsún "Ní hé bás mo dhaid ná lé grádh do bhean do chuir mé féin chomh droch ghnóthach , ach do chonnaic do chearc dhá phriocadh aige bean is í ag magadh fút sa cheo."
"Tair isteach a gharsúin" arsa Eoghan. Do d'fhan an garsún ar scoil ar feadh laé agus bliain i dtreo is go n'eosfadh an garsún cé aige go raibh a chearc.
ball sinsearach (stair)
2018-11-19 14:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí beirt deirfiuracha ann fadó agus do bhíodar ag maireachaint i dteannta a chéile agus do bhuail chúca isteach scoláire bocht. Do loirg sé lóistín na h-oidhche. Dúbharadar leis go bfhaigheadh sé, cé go rabhadar eaglach é thabhairt do. Insan cúinne a cuireadh ina chodladh é. Nuair ba am leó é bheith ina chodladh d'eirig duine acu agus thug sí aníos cearc agus cuir ag beiriúghadh í. "N'fheadar", arsa duine dos na drithféaracha "an bfhuil sé na codladh". "Tá an duine bocht na chodladh" arsan an drifiúr eile, "ná cloiseann tú ag sranntarnaigh é, tá sé cortha". "Dhera muise," arsa duine dos na cailíní "dá mbeadh fhios aige Eoghan gur againne bhí an chearc chaithfimís teicheadh as an nduthaig agus dá mbeadh fhios ag an ngarsún seo is amhlaidh a hinnseóchadh sé do é. Ach is á hithe is fearr, mar chothuig sé í lé cruithneacht dearg agus lé fíor uisge." Nuair a d'eirigh an garsún ar maidin fuair sé a bhricfeast
ball sinsearach (stair)
2018-11-19 13:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
raghadh an bheirt aca ag féachaint na hinghine. D o ghluaiseadar leó agus nuair a thánadar go dtí an lios bhí fear na leasa amuigh agus dúbhairt sé leó go gcuireadh sé féin fear amach a thabharfadh aire do'n gcapall. Tháinig amach le na chois strapaire de bhuachaill áluinn. Annsan chuadar isteach sa seomra go raibh an cailín. Tháinig iongantas ar an mháthair nuair a chonnaic sí a hinghean. Do chaitheadar an oidhche go compórdach i dteannta na hinghine.
Nuair a bhíodar ag imtheacht dúbhairt sí leó go bhféadfaidís teacht isteach chúice féin gach uair a gheobhaidís an bóthar. Chuadar abhaile agus mhaireadar go sona sásta as san amach.
ball sinsearach (stair)
2018-11-15 12:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dom í ". "Tair liom-sa agus taispáinfead duit í gan mhoill". Chuaidh sé le na chois. Chuadar isteach i seomra agus agus is ann a bhí an inghean. Chuir si fáilte roimh a h-athair agus bhí an oiread san áthas air go léimfeadh se taobh an tighe nuair a chonnaic sé í. Thairig sí buidéal uisge beatadh amach as an tocht agus thug sí do na h-athair le n-ól é. Dúbhairt sí leis go raibh sí ar a toil féin annso agus go raibh sí pósta le fear na leasa agus nuair a raghadh sé abhaile gach nídh a rádh le na máthair agus go raibh neart aici teacht annso tráthnóna ambáireach.
D'fhág an t-athair slán aici agus do imthigh sé air abhaile.Bhí sé i n-am mhairbh na hoidhche nuair a shrois sé an baile. Dúbhairt a bhean leis "cad a choinnibh chómh fada sa Daingean tú ?". D'innis sé di gach rud, ach is amhlaidh sí ar ghol mar ni tabharfadh sí aon ghéilleadh dhó.
Tráthnóna lá ar na bháireach fuair sé an capall is cairt agus dúbhairt sé go
ball sinsearach (stair)
2018-11-15 12:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann fadó i mBaile Cnocáin. Bhí aon inghean amhain aige agus ba mhor le rádh í. Bhí feirm mhaith talmhain aige. Cailleadh an cailín slán beo mar a n-innstear é. Bhí an t-athair agus an mháthair go dúbhach brónach na diaidh.
I gcionn tamaill tar éis í chur chuaidh an t-athair an Daingean agus ar an slighe abhaile dho do bhí air gabháil thar lios a bhí ar thaobh an bhóthair i mBaillí Shéaghdha.
Nuair a bhí se ag gabháil thar an lios chonnaic sé fear na sheasamh ar thaobh an leasa. Do bheannaigh sé do'n bhfeirmeóir agus do bheannaigh an feirmeóir do. D'fiafruigh se do'n bhfeirmeóir ar mhaith leis a inghean d'feiscint. "Ba mhaith" a dúbhairt an feirmeóir, "ach ní tusa a theasbáinfidh
ball sinsearach (stair)
2018-11-14 13:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mar sin ar feadh an laé agus bhí an fathach ag dul chuin deirigh ag deanamh ar an dtráthnóna.
Do bhuail an buachaill lé buille fíochmhar an fathachagus do dhein marbhán do. Ní raibh ach an fathach marbh nuair a bhuail an tarbh draoidheachta chuige. Nuair a tháinig sé i naice leis do dhein fathach breágh mór do. Siúd lé na chéile iad agus an chéad bhuille a thug an buachaill do'n bfathach do dhein sé marbhán do ar an dtalamh.
D'thimigh an buachaill go dtí go mbain sé amach an domhan thoir. Do thomáin sé amach an stoch a guideadh ó'n Rí agus thóg an stoc 800 bóthar suas ag teacht abhaile. Nuair a chonnaic an Rí an stoch ar fad do tháinig ana ioghantas ar agus diaraidh an Rí do cá bfuair sé an stoc ach sin é an uair a inis an buachaill a scéal ó bhun go bárr.
ball sinsearach (stair)
2018-11-09 13:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a cheann san aér ná fasaidh aon ruibe féir fé'd chosa go dtí go dtachair annso aríst. D'thimig an buachaill leis agus ní fhás aon féar fé na chosa.
Nuair a shrois se an domhan thoir do bhain sé amach an taramh agus an stoc. Do dhein sé beic agus nuair a chualaidh an taramh é do thóg sé a cheann agus rith sé i ndiadh an bhuachalla ach bhí an buachaill ró mhear do. Ní fada go dtháinig sé cómh fada leis an áit a fhág sé ach ní raibh aon rud ann ach fathach. Ó Dia linn arsa an buachaill táim teanntuighthe. Dúbhairt sé leis an bhfathach fanacht go dtí go ndeanfadh sé é féin suas má bhí aon nann troide air. Igcionn tamaill do thosnuig an troid agus gach aon bhuile a thugadh an buachaill don bhfathach leagadh sé é, agus gach aon bhuile a thugadh an fathach don mbuachaill ní bhraitheadh se in aon chor iad. Do bhíodar
ball sinsearach (stair)
2018-11-07 14:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fathach breágh mór chuige. Cad na thaobh go mairbhuígís mo dhriotháir indé arsa an fathach leis. Deanfaidh mé an dálta ceadna leatsa arsa an buachaill. Do thosnuíghdear ar throid agus tímcheall tuiteamh na hoidhche do thuit an fathach marbh ar an dtalamh. Do thiomáin an buachaill an stoc abhaile agus bhí inghean an ri sa bhóithrín na choinne lé biotháille.
Do chrúghadh mil agus bainne ós na ba agus bhí an rí ana shásta. Do thiomain sé leis an stoc lár na mháireach agus chuir sé isteach i gcoíll iad. Ní fada bhí sé ann nuair a bhuail fear breágh chuige. Do thugadar tamall ag cainnt ach is geárr go ndúbhairt an fear leis an mbuachaill go raibh gach a ngoideadh de stoc ón rí go rabhadar sa domhan thoir agus taramh draoidheachta ag tabhairt aire dóibh.
ball sinsearach (stair)
2018-11-07 13:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fada lé páirc go raibh gach aon t-saghas bláth ag fás ann. Ní raibh aon bheárna sa ghort agus thug an buachaill a ghualla do'n gclaidhe is dhein slíghe cairte ann. Do thiomáin sé isteach an stoc agus ní fada bhí sé ann nuair a bhuail fathach mór chuige. Cad a thug annso thú arsa an buachaill.
Ní thug faic arsa an fathach. Más troid atá uait arsa an buachaill mise an fear duit. Do thosnuigh an troid agus agus thugadar an lá ag troidgo dtí go dtuith an fathach fuar marbh ar an dtalamh. Do thiomáin an buachaill amach as an bpáirc an dhá chéad bó agus thug sé abhaile iad agus bhí inghean an rí na choinne sa bhóithirín lé biotáille. Do crúgadh mil agus bainne ó na ba an oidhche sin agus bhí an rí ana shásta. Do thiomáin an buachaill leis an stoc arís lár na mháireach agus sé go dtí an gort eile go raibh gach aon t-saghas bláth ag fás. ann.
Ní fada a bhí sé ann nuair a bhuail
ball sinsearach (stair)
2018-11-05 14:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do thugadar fé'n mbeitheídheach ach níor éirig leó agus do theicheadar abhaile.
Do chuaidh an beitheídheach go dtí an mac agus dúbhairt sí leis go raibh deire a cuid saothair féin deanta agus cathair se cur díot ars sí. Do tháinig na buachaillí agus d'éirigh leó an beitheídheach do thabhairt leó agus chuir an mac do. Bhí sé ag imtheacht leis riamh agus coidhche go dtí go dtáinig sé cómh fada lé pálás Rí.
Do chuaidh sé isteach agus cuireadh fáilte roimis agus fuair sé biadh lé n-ithe agus lóistín na h-oidhche. Do bhí sé féin is an Rí ag cainnt agus d'iarrfhaidh an Rí do an raigheadh sé ag féireacht stoc do agus dúbhairt sé go raigheadh. Dúbhairt an Rí leis go nguidthear an áirghthe sin dhá chuid stoc gach aon lá. Do tháinig lár na mháireach agus do scaoileadh an stoc amach chun na buachalla.
Do bhí sé ag imtheacht leis an stoc go dtí go dtáinig sé cómh
ball sinsearach (stair)
2018-11-05 13:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lámhnúghadh ann fadó agus bhí aon mhac amháin aca agus bhí feirm mhór talamhan aca agus do bhíodh mórán buachaillí i naimsir aca. Seadh bhí san go maith agus ní raibh go h-olc go dtí go raibh an bhean a d'iarraidh an mac do chuir as an dtig ach ní leigfeadh an fear é.
Do thuit sé amach go gcaith an mac bailiúghadh leis agus sé an áit do thug sé aghaidh ná air scata beithígh a bhí ag a athair. Do bhí aon beitheidheach amháin ann agus do chothuígheach sí an mac ach do fuair an mháthair amach é agus theastuig uaithe an bheitheídheach do mharbhúghadh. Do chuir an fear amach a chuid buachaillí ag triall ar an mbeitheidheach ach nuair a chuadar a naice léithe do mhairbh sí iad go léir.
Do chuaidh sí go dtí an mac annsan agus dúbhairt sí leis go ndhein sí ana throid ach go mbeadh deireadh léithe féin amáireach. Do tháinig scata buachaillí lár na mháireach agus
ball sinsearach (stair)
2018-10-31 13:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chonaic sé an fear marbh. Rith sé abhaile i ndeire na feide agus d'fiafhraig sé de'n mbuachaill aimsire a bhí aige an fíor go gcídtear gach catliochaidhe tar éis bais. Is fíor arsa an buachaill agus aoinne a chídheann aon uair amháin iad bíonn sé á bhfeiscint i gcómhnaidhe.
Tá sé chómh maith agam mo chip agus mo mheannaithí do bhailiú lé chéile agus cuir díom as an áit seo. Ní raibh aon chuimhneamh aige ar imteacht agus chualaidh an fear marbh é agus dhein sé seift eile. Tímcheall a deich a chlog ins oidhche do chuaidh sé in-aice lé cruach mhóna a bhí i n-aice lé tig an mhinistir agus i gcíonn tamaill do tháinig an ministir amach agus chonaic sé an sprid agus leig sé béic as. Rith sé isteach abhaile agus ar maidin lá ar na mhaireach bhí sé glanta leis as an áit.
ball sinsearach (stair)
2018-10-31 13:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bheith caillte a leithéid seo lá agus a rádh lé na mnaoi a bheith taobh amuigh de'n doras agus a bheith ag gol is ag béicig agus go ngeóbhadh sé féin agus an breitheamh an tslídhe. Dúbhairt sé go bfiaróidís di cad a bhí uirthe agus a rádh go raibh a fear caillte. Do thuit gach rud amach fé mar a dúbhairt Dómhnall leis an bhfear bocht.
Do chuaidh Dómhnall agus an breitheamh isteach sa tig. Do chonaiceadar an fear marbh ins an leabaidh. Dúbharadar cúpla paidir do annsan agus bhailígheadar leo. An Céadaoin a bhí chúca do bhí an Chúirt ar siúbhal. Do bhí an ministir ann agus nuair a ghlaodhach an Chuis dúbhairt Dómhnall Ó Conaill leis an mbreitheamh gurbh é sin fear a chonachadar marbh cúpla lá roimhe sin. Níor chreid an ministir é agus tháinig fearg mór air. Dúbhairt an breitheamh go bhfeaca sé lé na dhá shúil ar an gclár é. D'imthig an ministir agus seana-bhlas ar a chosa aige. Cúpla lá na dhiaid sin do chuaidh an ministir amach ar chúram éigin agus
ball sinsearach (stair)
2018-10-25 09:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí fear ann fadó agus d'eirig acrann idir é féin agus ministir a bhí ins an áit. D'oibrig an ministir an dlighe ar an bhfear bocht agus do bhí eagla chuige ar an bhfear mar bhí sé ana bhocht agus bhí eagla air ná beadh sé ábalta ar a costaisí a ghlannadh i n-aon chor.
Do chuaid sé go dtí Dómhnall Ó Conaill a bhí in a dhlígheadóir an uair sin. Dubhairt Dómhnall leis a leigint air a
ball sinsearach (stair)
2018-10-25 09:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
geobhaidís an bóthair.
ball sinsearach (stair)
2018-10-25 09:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
le n-ól é. Dubhairt sí leis go raibh sí ar a toil féin annso aige agus go raibh sí pósta le fear na leasa agus nuair a raghadh sé abhaile gach nídh a rádh le na máthair agus go raibh neart aici teacht annso tráthnóna ambháireach. D'fág an t-athair slán aici agus do imthig sé air abhaile. Bhí se am mhairbh na h-oidhche nuair a shrois sé an baile. Dubhairt a bhean leis cad a choinnibh chómh fada sa Daingean tú". D'innis sé dí gach nídh ach is amhlaidh a crom sí ar gol mar ní tabarfadh sí aon ghéilleadh dho. Tráthnóna lá ar na bhaireach fuair sé an capall is cairt agus dúbhairt se go raghadh an bheirt aca ag feacaont ar an inghean . Do gluaiseadar leo agus nuair a thánadar go dtí an lios bhí fear na leasa amuigh agus dubhairt sé leo go gcuireadh sé féin fear amach a tabharfadh aire do'n gcapall. Tháinig amach le na chois strapaire de bhuacaill aluinn. Annsan chuadar i dtriúr isteach sa lios. cuadar isteach sa seomra go raibh an cailín. Táinig iongantas ar an mháthair nuair a chonnaic sí a h-inghean. Do caideadar an oidhche go compordach i dteannta na n-ingne. Nuair a bhíodar ag imteacht dubhairt si leo go bfeadfaidís teacht isteach chuice gach uair a
ball sinsearach (stair)
2018-10-25 09:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann fadó i mBaile Cnocáin. Bhí aon inghean amháin aige agus ba mór le rádh í. Bhí feirm maith talamh aige. Cailleadh an cailín slán beo mar n-innstear é. Bhí an t-athair agus an mháthair go dúbhach bhronach na diadh.
I gcionn tamaill tar éis í chur chuaidh an t-athair an Daingean agus ar an slighe ??? do do bhí air gabhailt tar lios a bhí ar thaobh an bhóthair i mBaillí Séaghdha. Nuair a bhí sé ag gabhailt tar an lios chonnaic sé fera na seasamh ar taobh na leasa. Do beannaig sé do'n bfeirmeóir agus do beannaigh an bfeirmeóir do. D'fiarraighe sé do'n bfeirmeóir ar mhaith leis a inghean d'feiscint. Ba mhaith a dubhairt an feirmeóir ach ní tusa a spáinig dom í. Tair liomsa agus taispainea(??) duit í gan moill. Chuaidh sé le na chois. Cuadar isteach i seomra agus is ann a bhí a inghean. Chuir sí fáilte roimh a h-athair agus bhí an oiread san áthas air go leimfeadh sé taobh an tighe nuair a connaic sé í. Tairig sí buidéal uisge beathadh amach as an tocht agus tug sí do na h-athair
ball sinsearach (stair)
2018-10-22 14:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go dtí Cnoc Breandáin ag rádh Aifreann ann. Glaodtar casán na naomh ar an gcasán tiosc an méid naomh a siubhlaigh ann. Tá leac ar an gCill dárb ainm do leac an nigeacán. Bhí naomh i Seipéilín Gallurus fadó agus tagadh an bhiadh ós na Flaithis cuighe. Aon lá amháin chuaidh sé amach agus bhuail duine des na comarsan leis. Dúbhairt an naomh leis "nach olc an aimsir í". Ní dúbhairt sé "buaidheachas le Dia".
Maidean lá ar na bháireac níor tháinig aon bhiadh chuige agus bhí sé ag guidheachthainn cun Dé má bhí aon ní deanta as an slighe aige é mhaitheamh do. Do cuiradh mar pionós air seasamh ar leac a bhí i lár na h-abhann ar feadh naoi maoidean agus nuair a bheadh an naoí mhaidean suas geobhaid sé an biadh arís ós na Flaitheas.
ball sinsearach (stair)
2018-10-22 13:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na comhnaidhe ann. Garraidhe Sheáin Cheoid. Bhí fear darb ainm Seán Cheoid na comhnaidhe ann fadó. Bhí tig beag aige féin agus ag a bhean is a chlann ann ach do caitheadh amach as an dtig iad aimsir an ghorta agus d'imthigheadar leo go America. Do glaodhac garaidhe Sheáin Cheoid ar an garraidhe na diadh.
Buailtín an líon. Is annsan a bhíodh an lín ag fás fadó chun na bairlíntí do déanamh. Bhainfidís an lín agus cuirfidís sa uisge fuar é ar fead seachtmhain é. Thógtaí annsan é agus chuirtí ag triomú é. Annsan deinfidís é cardáil agus tugfaidís go dtí an muileann é agus deintí bairlíntí do.
Bóthar na bacaighe, do bhíodh ráiseanna ann fadóagus tagadh na bacaigh go léir ann agus tugtaí déirc dóibh. Nuair a cuireadh stop leis na ráiseanna tugadh bóthar na bacaighe ar an mbóthar ó shoin. Casán na naomh, bhí cill bheag ag Naomh Breandáin ar an gCill agus teigeadh sé ón gCill suas an casán
ball sinsearach (stair)
2018-10-22 10:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ainmeacha na feirme-- gort an tobair, gort póilín, garaidhe an mhaighistir, bearna na circe, leathachra, garaidhe Dhiarmaid, garaidhe Sheain Cheoidh, gort na ngabhar, buailtin an lín, gort Uí Caba, gort an leasa, pairc na gaistíní, muinéar fada, gort an scóir, cluaintíní agus móntainí, gort an tobhair, Sé an fáth go nglaodtar gort an tobhair air, ná tá tobhar beannuighthe ann..Gort an póilín, marbhuigeadh póilín ann fadó. Garraí an mháighistir, annsan a bhí an scoil ag na "soupers" fadó agus tigh beag ag an máighistir ann. Bearnán na circe, annsan a bhíodh cearca an bhaile bailighthe fadó. Garraidhe Dhiarmaid -- bhí sean duine darbh ainm Diarmaid
ball sinsearach (stair)
2018-10-22 10:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tiocfaidh fós an aimsir, agus ni fios cé dúbhairt an cainnt seo,
Is ní fios cé'n teampall go gcómhnuigean se suan.
ball sinsearach (stair)
2018-10-22 10:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tiocfaidh fós an aimsir, agus ní fios ce dúbhairt an cainnt seo,
Is ní fios cé'n teampall go gcómhnuigean sé suan.
ball sinsearach (stair)
2018-10-22 10:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar fuaid na lámha cléithe,
Ar anamaca na bhfíréin.
iv
Is do mb'fearr leó fiorracht choidche,
Na milte bhlian do-shaoghalta,
Ná teacht ar dheas laimh Dé,
Na gcolannacha fhéin.
v
Sé siúd lá na spóirte,
Ceolmhar, aoibhinn, glórmhar,
Fáilte na míte póga,
Ó anamacha na bhfiréin.
vi
Cuimhnig a dhaoine go dtiocfaidh lá na (???)l
go mbeidh deire leis an saoghal seo,
Ó Anair go dtí an Spáin.
vii
Cuimhnig go ndúbhairt na h-údair go dtiocfadh uair ná síolfar,
Mar ghadaidhe siúbhal na h-oidhche
go (???) gránna an bás.
viii
ball sinsearach (stair)
2018-10-19 14:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Caillfidh an ghrian na soillse,
I ngealach allteach millteach,
An spéir ag caitheamh réallta,
Is na céadta millte trá.
ii
Coillte , crainnte, reábhcaighe,
Carraigheacha ag pléascadh,
Na h-éisg is iad ag léimrigh,
Is an mhuir ag criomiú suas.
iii
Sé siúd lá na méillte,
Mallacht is milte is béicigh,
ball sinsearach (stair)
2018-10-19 13:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
iad. N'feachaidh an driothar bocht aon lá bocht as sin amach.
ball sinsearach (stair)
2018-10-19 13:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a tháinig an dríothar bocht an oidhche sin d'oscail sé an bosca agus is amhlaidh a bhí an bhean istigh ann agus í ag ithe cnámh agus tacht sé í. Dúbhairt an fear bocht leí, "cuireadh ansin tusa chum gach sgéal nua a bheith ar do gob agat ach ní mar sin a bheidh". Bhí a húdacht déanta ag an sean-bhean nuair a caillfidhe ídhá chéad púnt a chuir fé na ceann agus fiche bonnlán plainnín a chuir fé na cosa.
Lá ar na bháireach dúbhairt an dríothar bocht leis an dríothar saibhir go raibh an bosca ag tógaint suas iomarca slighe sa tigh beag a bhí aige agus go raibh sé chomh maith aige é tabhairt abhaile. Chuir se fear ag triall ar an mbosca agus chómh luath agus bhí se sa bhaile bhain sé an clúdach de chum go mbead cúnntas gach nídh aige ach is amhlaidh a bhí an sean-bhean istigh agus í tachtaidhe ag an gcnámh.
"Ó mhuise, bhí iomarca dúil sa bhfeóil agat agus d'fághais mise dall", arsa sé. Chuir sé an sean-bhean agus chuireadh dhá chéad púnt fé na ceann agus fiche bonnlán plainnín fé na cosa. An oidhche sin tóg an fear bocht an dhá chéad púnt agus an fiche bonnlán plaínnín agus tug don dríothar bocht
ball sinsearach (stair)
2018-10-19 10:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
coictíghise ag tabhairt caoire leis gach oidhche agus bhí na leanbhaí ag dul i neart agus an dríothár bocht ag dul i bhfeabhas. Is geárr go mbraith an dríothár saidhbhir na caoire ag imtheacht uaidh. Aon oidhche amháin fuair sé ceathar dhá chuid buacailí aimsire agus chuir sé duine aca ins gach cúinne de'n ngort agus d'imthigh an chaoire dob' fheárr a bhí sa ghort an oidhche sin . Bhí an dríothár saidhbhir chómh buadhartha san go ndúbhairt sé go bhfanadh sé féin suas anocht á bhféireacht, ach má dhein d'imthigh an chaoire dob' fheárr a bhí sa ghort an oidhche sin. Tug sé fé ndeara go raibh an dríothár bocht ag fághailt neamh-spleádhach agus chuimhnigh sé ar sheift. Ceann de's na laetheannta chuaidh sé chúmh cainnte leis an dríothár agus dubhairt sé leis go raibh bosca mór aige féin agus ná raibh aon ghnó aige féin dhó. Dúbhairt an dríothár saidhbhir (?) go dtógfadh sé féin é.
Lá ar na bháireach chuir sé poll sa bhosca agus chuir a mháthair isteach ann agus chuir arán agus feóil isteach chuiche agus d'arduigh leis í go dtí an driothár bocht. Ní raibh fhios ag an ndriothár ocht cad a bhí ar siúbhal aige. Nuair
ball sinsearach (stair)
2018-10-19 09:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
isteach go dtí an dríothár saidhbhir agus d'iarraidh lóistín air ach má dhéin ní bhfuair . D'imthigh sé agus bhí sé ag siúbhal leis agus cá gcasfaidhe sé ach isteach go dtí an dríothár bocht. D'iarr lóistín air ach má dhéin fuair agus fáilte. Bhí ochtar leanbh timcheall na teine agus bhuail bean an tighe an ciotal ar an dteine agus dhein sí braon téa do'n bhfear bocht. Chuir sí síos corcán prátaí ar an dteine do's na leanbaí agus nuair a bhiodar beirighthe d'itheadar iad agus gan aca leo ach grainne salainn. Dúbhairt an fear bocht leis fein nách gráinne salainn a bheidh aca istoidhche ambáireach.
Ar maidin lá ar na bháireach d'fhág an fear bocht slán agus beannacht aca agus d'imthigh sé air. Bhí an oidhche thuithe go maith nuair a ghaibh an fera bocht isteach chúca agus caoire breágh reamhar ar a dhroim aige. Bhain sé an chraiceann dí agus dúbhairt le bean an tighe é chuir síos do's na leanbaí. Lá ar na bháireach d'fhág an fear slán agus beannacht aca agus d'imthigh. Tráthnóna an lae sin bhuail sé isteach chúca agus caoire eile aige agus an cleas ceadna leí. Bhí an fear bocht mar sin ar feadh
ball sinsearach (stair)
2018-10-18 10:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí beirt driothár ann fadó agus bhí duine aca saidhbhir agus an duine eile bocht. Bhí muirthar mór ar an dríothár bocht. Ní tug an dríothár saidhbhir oiread agus feorling ruadh riamh do. Bhi feirm bhreágh thalmhan ag an dríothár saidhbhir agus féur cúpla bó a bhí ag an ndríothár bocht.
Aon tráthnóna amháin bhuail fear bocht
ball sinsearach (stair)
2018-10-18 09:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
air iad a rádh arís ach do theip air. Annsan dúbhairt sé go ndéarfadh sé iad i n-aindeóin an diabhail agus dúbhairt sé iad. Nuair a bhí sé ag dul a codladh an oidhche sin buaileadh ag an ndoras agus d'oscail sé é. Is amhlaidh a chonnaic sé an garsún a fágh sé na diadh amuigh agus é ar dearg lasadh. Is é an diabhal an sean-duine a bhí ag imirt na gcartaí agus do diol an garsún é féin leis an diabhal.
ball sinsearach (stair)
2018-10-18 09:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus tamall de'n oidhche a chaitheamh na theannta. Chuadar isteach agus chuir an sean-duine fáilte rómpa. Chuadar ag imirt cártaí le na chois. Bhí an sean-duine ag buadhaint ortha i gcomhnaidhe agus is geárr go raibh gach a raibh d'airgheadh aca buadhte aige. Tuith ceann de's na cártaí fé'n mbórd agus chrom duine de's na garsúin ar é thógaint agus chonnaic se crúb ar an sean-duine fé mar a bheadh ar madra. Tháinig scannradh air agus chuimhnigh sé nach aoinne chómhair a bhí ann.
D'iarraidh sé do'n ngarsún eile dul abhaile le na chois. Dúbhairt an fear eile ná raghadh go dtí go mbeadh cuid dhá airgead buaidhthe aige ón sean-duine. Nuair a tháinig deire an airgid caithte ag an ngarsúin, d'fiarruigh an sean-duine do an n-imireóchadh sé é féin leis. Dúbhairt an garsún go ndeanfadh agus do bhuaidh an sean-duine é.
Cómh luath agus shrios an garsún eile an baile chrom sé ar a phaidireacha a rádh ach n'féadfadh sé iad a rádh le scannradh. Crom sé
ball sinsearach (stair)
2018-10-17 09:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Aon oidhche amháin bhí beirt gharsúin ag teacht abhaile ón nDaingean, agus chonnaiceadar solas tamall uatha. Do dheineadar fe dhéin an tsolais. Is amhlaidh a bhí tigh beag ann agus aon fhuinneóg amháin air. D'fhéachadar isteach tríd an bhfuinneóig agus bhí fear istighag ceann an bhúird agus é ag imirt cártaí. Dúbhairt duine aca leis an duine eile go mb'feárr dóibh dul isteach
ball sinsearach (stair)
2018-10-17 09:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chómh is bhíodar riamh. Do chuireadar fáilte rómpa agus do chaitheadar an oidhche go compórdach i dteannta a chéile. Nuair a bhíodar ag imtheacht abhaile tug an bheirt inghean ceithre chéad púnt doibh, agus dúradar leo go bhfeadfaiidís teacht isteach chúcha féin gach uair a gheobhaidís an bhóthair. Chuadar abhaile agus mhaireadar go sona sásta as sin amach.
ball sinsearach (stair)
2018-10-16 10:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ógánach óg a bhí ar an mbaile ach cúpla lá roimh lá an pósta buaileadh an cailín breóidhte agus do cailleadh í.
Bhí an cailín eile go dúbhach brónach na diadh agus do shocruigh sí ar chleamhnas do déanamh le óganach óg eile a bhí ar an mbaile, mar na raibh aoinne sa tig anois ach í féin, ach sar a dtáinig lá a pósta buaileadh breóidhte í agus do cailleadh í.
Bhí an t-athair agus a mháthair cúpla míle uatha agus nuair a tháinig an scéala chutha mar gheall ar a bheirt inghean do ghoill sé go mór ortha agus béidhís á gcuimhne gach aon lá . Aon lá amháin bhí an t-athair agus an mháthair ag teacht abhaile ón nDaingean. Do bhí ortha gábhailt thar lios bhaillí Shéaghdha ar a slighe abhaile agus nuair a bhiodar ag gabháilt tar an lios chualadar an ceól dob aoibhinn nár cualaidh cluais duine riamh. Stadadar ar feadh tamaill ach is gearr go dtáinig fear amach as an lios agus thug sé isteach sa lios iad.
Nuair a chuadar isteach sa lios cé bead istigh rompa ach a bheirt inghean agus iad
ball sinsearach (stair)
2018-10-16 10:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá lios eile ar an gCarraig i dtalamh mhuintir Uí Shuilleabháin. Tá sé ar thaobh an bhóthair agus tá doras ar taobh na leasa.
Aon lá amháin bhí bean an tighe amuigh i ngort na leasa ag cnúasach prátaí agus nuair a bhí an ghrian ag dul fé thráthnóna chonnaich sí leanbh i n-aice na leasa agus cheap sí gur leí féin an leanbh. Rug sí ar an leanbh chun é tabhairt abhaile ach má rug tháinig bean amach as an lios agus dúbhairt leí an leanbh d'fhágaint na diadh, dúbhairt sí ná fághfadh mar gur leí féin an leanbh; dúbhairt sí arís leí an leanbh d'fághaint na diadh ach chas an bhean ar a sáil chun dul abhaile agus an leanbh aici.
Nuair do chuaidh an bhean abhaile is amhlaidh a bhí an leanbh go baile roimpi agus chaith sí an leanbh a tug sí leí a chuir thar n-ais arís. Ní raibh aon phioc dhá slainte aici ón lá sin go dtí lá a báis.
Tá lios eile i mbaillí Shéaghdha ar thaobh an bhóthair. Do bhí tig beag ar taobh na leasa agus bhí beirt cailíní óg na gcomhnuidhe ann. Bhi cleamhnais déanta ag duine de's na cailíní le
ball sinsearach (stair)
2018-10-15 11:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seana Liosanna.
Tá mórán liosanna im' pharóiste seo agus a sgéal fein ag baint le gach cheann aca. Níl aon lios am' bhaile féin ach tá lios ins an baile is giorra dhom. Déanamh ciorcalach atá air agus tá doras ar taobh na leasa. Tá bóthair fé talamh ag dul ón lios san go dtí fothrach Bhreandáin.
Aon Domhnach amháin fadó tháinig bean amach as an lios agus chuaidh sí isteach i gceann de na tighthe agus loirig sí corcán ar bhean an tighe. Fuair agus fáilte.Tráthnóna an lae sin tug sí lei an corcán agus scraice feóla, agus dúbairt sí le bean an tighe é ithe agus ná déanfadh sí aon díoghbháil dí.
ball sinsearach (stair)
2018-10-15 11:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gur fear é sin a baisteach agus é dachad blian . Do chuaidh an fear abhaile agus ní raibh an dalús ag gabhailt do as san amach.
ball sinsearach (stair)
2018-10-15 11:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
anocht leis, agus gan an slighe maireacht a bhi aige féin a díol le éinne. Dá olcas an slighe maireacht agus an dealús a bhí aige ar an saoghal seo, do bfearr é ná an slighe maireacht a bhí aca san fé pianta agus fé tineas.
Dúbhairt sé ná bhfuil aon corp sa roilig ná eireochedh am éigin sa bhlian, agus go mbuailfaidís leis anocht. Do déirig an fear na suidhe chun dul abhaile. Do chonnaic sé chuige dream daoine a bhí stracaige stolta , agus dubhairt fear acu leis an tabarfad sé an slighe maireacht a bhí aige do féin. Dubhairt sé na tubrach. I gceann tamaill eile do bhuail dream eile leis agus cluitheana bána orta agus dubhairt duine acu leis an malteocaid se slighe beatha leis, agus dubhairt s ná deanfadh. Tar-éis tamaill bhi fear mór árd na ndiagh anoir agus corcán ar a ceann.
Do bhuail an fear a bhí sa saipéal leis agus dubhairt sé leis an céad dream daoine a bhuail leis gur b'iad san atá i Purgadóireacht, agus an tarna dream gur b'iad san atá i Ifrionn, agus an fear gur raibh an corcan ar a ceann
ball sinsearach (stair)
2018-10-11 14:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ana bocht agus ní raibh aon ní le n-ithe aige. Aon tráthnóna amháin chuaidh sé isteach sa t-séipéal ag paidreoireacht agus thuit a chodladh air.
Nior dhúisigh sé go dtí meádon oidhche. Timcheall na bealtaine dob é agus bhí an aimsir ana diadhmair. Tar éis tamaill bhuail fear leis agus dubhairt sé leis go bhuailfhadh trí dream daoine
ball sinsearach (stair)
2018-10-11 14:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sgoile ann tamaill agus do bhí "Concúbair" mar mhaigistir tamaill eile ann. Tá mac mic don gConcúbair san áit fós ach Caitílicidhe iseadh é. Nil aon chuid den scoil le feiscint fe lathair ach ta rian beag den lathair na scoile ann anois. Tugtar gort an mhaigistir ar an ngort na raibh an scoil.
ball sinsearach (stair)
2018-10-11 13:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
There was a Soupers School in gCill a long time ago. It was near the old church. There were lots of children there the time of the famine, but after the famine, the numbers dwindled and in the end, only a few people went there, and the teacher (called Davis) that was there had to leave. All the work was taught in English.

Do bhí scoil soupers ar an gCill fadó. Bhí sé ar an dtaobh thuas don áit na bhfuil an seana saipeal. Do bhí go leor leanbaí ag dul ann aimsir an ghorta ach na diaidh sin bhíodar ag dul i laighead go dtí ar deire ní raibh ann ach cúpla daoine agus chaith anmaigistir a bhí ann dárbh ainm do Davis imtheacht leis go dtí na Stáit.
As Bearla a muintí gach adhbhar agus gach leanbh go mbearfadh an maigistir air ag labhairt na Gaedhilge cuireadh sé clár ar a dhroim agus marcalach sé air an méid uair a bhí an leanbh ag labhairt na Gaedhilge ar feadh an lae. Fagtaí an clár ar go dtí go dteigheach sé abhaile i dtreo go mbheadh gach aoinne ag feacaint air, na teannta sa faígheann sé leasa mhaith ó mhaighistir i slighe go mbheadh air an Gaedhluinn a marbhú. Puireach a faígheadh na leanbaí i gcóir lár an lae agus tá an corcán na ndeintí an puirseach a beiriú le feiscint go dtí an lá indiú. Ragadg trí mála mine isteach ann.
Do bhí "??" mar maigistir
ball sinsearach (stair)
2018-10-11 09:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus iompuíghead an capall agus an cairt anuas ar a chéille. Marbhuígheadh an fear agus an capall. Agus deirtear gur mar gheall ar an bhfiacal úd a thóg sé ón dteampall é.
ball sinsearach (stair)
2018-10-11 09:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear i bParóiste Múrdhach fadó agus fear a beadh é a mbíodh teineas fiachail ar i gcomhnuidhe. Aon lá amháin do fuair sé mar leigheas dul go dtí an dteampall agus fiacal duine mhairbh d'fagháilt agus í cimilt dá fiachal fhéin trí uaire agus í cuir uaidh arís ins áit chéadhna.
Lá ar na amháirc bhí socraid ins áit, agus chuaidh an fear seo go dtí an socraid agus fuair sé fiachal duine mairbh ins teampall. Cad a dhein sé leis an bfiachail in ionad í cuir ins áit chéadhna ná í thabhairt leis abhaile na phóca chun go mbeadh sé á cimilt dhá fiacal féin gach aon uair a thiochfhad an teineas air.
Ní fada na diaidh sin go raibh sé ag teacht abhaile ón nDaingean agus é na seasamh istigh i ráil taréis a bheith ag díol mhuch. Lá breágh Samhradh ba eadh é agus leis sin ní raibh leóithne gaoithe ann. Nuair a tháinig sé go barra an Mháma iseadh tháinig an gála gaoíthe is mó dá dtáinig riamh
ball sinsearach (stair)
2018-10-10 09:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Aon oidhche amháin bhí fear ó Bhaile na nGall ag teacht ón nDaingean. Oidhche fuar cruaidh ba eadh é agus leis sin do bhí sé ag crith leis an bfuacht. Ní fada gur stad an capall mar cuireadh eagla eigin air. Ní fada gur léim chuige isteach ins cáirt beirt bhan a bhí co trom le tonna. D'imthigh an capall leis, agus ní fada gur thuit sé amach ar a cheann.
Do léim an bheirt bhan amach agus seo leis an capall nó go dtáinig sé chómh fada leis an Séipéal Gallda ata anaice leis an gClacán Dubh. Do chonnaic sé an cat mór dubh anáirde ar an gclaídhe. Do rith an cat go dtí an dtaobh eile do'n mbóthar agus chuaidh an cairt ar an gclaídhe agus d'iompaigheadh an capall agus an cairt anuas ar a céille. Do ghortaígheadh an fear ana mhor agus is ar éigean a bhain sé an tig amach leis na clocha a bhí á caitheamh air amach tar an gclaídhe.
ball sinsearach (stair)
2018-10-08 10:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
teacht trasna an chnoic do chonnaic sé chuige anuas an bhean go raibh éadach bán uirthe agus glór an cabaiste aige na cuid éadaig. Rith sí cuighe agus bheir isteach air agus leag sí é. Bhí sé ag iarraidh é féin a chosaint ach bhí sí ró-mhaith dho.Ins an troid dóibh seo cuige bean eile, agus nuair a chonnaic an chéad bhean í sin ag teacht do rith sí an cnoc síos.
Labhair an bheanseo le Seán agus dúbhairt sí leis "go truagh ná raibh sí féin i am ach go raibh eagla uirthe go raibh a díoghbháil déanta anois agus go mbuailfí breoighthe amaireach é ach go dtiocfhad sé uaidh, ach go dtiochfhadh an breoidheacht ceadna air i gceann bliadhna agus go caillfaoí leis é. Bhí a mháthair caillte an uair seo agus is amhlaidh a thainig sí cun é chosaint ar an sprid.
ball sinsearach (stair)
2018-10-08 10:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ar an gCarraig fadó agus sé an anaim a bhí air ná Seán Ó Séaghdha Na Sceach. Fuair sé a anaim mar geall ar an slíghe mhairechaint a bhí aige. Is amhlaidh a bhiodh sé ag baint sceach agus a ndiol le daoine a bhiodh ag cuir lion ar na tighthe. Aon lá amháin do chuaidh sé ag baint na sceach, bhí sé ana dheanach nuair a d'fag se an tig agus bhí sé dó a cloig istóidhche nuair a thainig sé abhaile. Nuair a bhí sé ag
ball sinsearach (stair)
2018-10-08 10:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí sé chómh mór sa ar buille go léig sé "Sailm na mallacht" ortha nó ar aon duine a iompuigheadh leó, ná a tabharfhadh aon congnamh dhóibh. Bhí an-eagla ar an bpobal an Domhnach seo mar an fhaid a bhí an sagart ag léigheamh bhí an t-úrlár ag crith agus smuit ag tuiteamh anuas ó cheann an tíghe.
ball sinsearach (stair)
2018-10-05 13:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá céad bliain anois ó bhí aon seipeal ar an gCarraig. Tá rian na bhfallí ann fós agus rian an bhótharín a bhí ag dul chuige. Ceann tuíghe a bhí air agus úrlár admaid a bhí ann . Seo scéal a thuit amach ann aon Domnach amháin.
Aimsir an gorta ba eadh é agus bhí na protasunaig ag iarraidh go iompuigead na daoine leo ach súp a tabairt dóibh. An sagart paróiste a bhí ann an uair sin bhí sé an-mor na gcoinne. Aon Domhnach amháin
ball sinsearach (stair)
2018-10-05 13:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fuair sé dhá chéad púnt agus rudaí eile leis.
Chuaidh sé chun cómhnuighthe annsan i sráid beag, agus is geárr gur thug sé fé ndeara go mbhiodh gach aoinne ag teicheadh uaidh. Is é an cúis go mbhídís ag teicheadh uaidh ná go gcreidfidís ná stadfhadh sé nú go marbhóghadh sé a thuileadh agus ní theighidís ag cainnt leis ná faic eile mar gheall ar an ainm a bhí air .i. "Fear mharbhuighthe an céad" agus deirtead go bhfuil an claidheamh a bhí aige lé fághailt fós sa tig gur mhair an táiliuir ann. Deirtear gur i gChiarraidhe shoir a mhair sé.
ball sinsearach (stair)
2018-10-05 13:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé "Fear mharbhuighthe an céad" air. Tháinig an tailiúir ag diol an ghabha agus thug sé leis an claidheamh. Chuaigh sé tímcheall na h-áite annsan ag lorg oibre go mbeadh baint ag claidheamh leis. Chuir an rí fios air chun a chaisleán a chosaint do mar gach aon oidhche taghadh daoine éigin á leagadh.
D'fhan sé an chéad oidhche ag faireadh an chaisleáin agus i lár na h-oidhche tháinig triúr fear fé dhéin an chaisleáin. Thosnuígheadhar á leaghadh nogo ruith "fear marbhuighthe an céad" chúcha agus thug sé fé duine aca lé na chlaidheamh agus mairbh . Thug fé'n tarna duine agus mhairbh, agus thug sé fé'n tríomhadh ach d'iarr sé pardún air. Dúbhairt sé leis gan é marbhú in aon chor mar gur amhlaidh a bhí sé fé smacht ag an mbeirt eile agus go gcaithfheadh sé gach aon rud a dhéanamh dóibh. Níor mhairbh "fear mharbhuighthe an céad" é; thug sé seans dho. D'fhan sé an chéad oidhche eile ag faireadh arís, ach níor tháinig éinne ag deanamh díoghbhála do'n gcaisleán. Nuair a dúbhairt sé leis an rí go raibh an méid sin deanta aige
ball sinsearach (stair)
2018-10-04 14:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí tailiúr ann fadó agus bhí cois ana thinn aige. Ó lá go lá bhíodh an cois ag teacht níos measa agus n'fheadair an táiliúr bocht cad a deanfadh sé. Lá amháin chuaidh sé amach san ngharraídhe agus sín sé é féin fé'n ngrian agus is geárr go raibh suas lé céad cuill ar an gcóis tinn.
Bhuaill sé buille mór anuas ar na cuilleanna agus mhairbh sé céad ceann aca. Ó'n lá sin amach bhí an cois tinn ag dul i bhfheabhas agus ar deire bhí sé cneasaighthe . Chuaidh sé go dtí an ceárdhtáin annsan agus dúbhairt leis an nghabha claídheamh a dheanamh agus "Fear mharbhuighthe an céad" a sgríobh air.
Dhein an gabha an claidheamh agus sgríobh
ball sinsearach (stair)
2018-10-04 14:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a chuimhnig sé ar an dtaibhreamh a bhí aige bhí sé sgannruighthe roimis an bás as san amach. Ní bhíodh sé ag gearán ná faic eile ach ag paideóireacht go raghadh sé go Flaithis Dé.
ball sinsearach (stair)
2018-10-04 14:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ana mí sásta leis féin gach aon lá dá saoghal. Ní stadadh sé ach ag rádh leis na daoine go mb'fheárr leis a bheith caillte agus curtha.
Aon oidhche amháin bhí taidhreamh aige go raibh sé ag dul go dtí Flaithis Dé agus go raibh bóithrín ana deacair le siúbhal ag dul ann. Nuair a bhí sé ana ghairid do's na Flaithis chonnaic sé Dia chuige agus a lámh anáirde aige ag deanamh chómhartaí do imeacht as an áit go h-Iofrionn.
D'imthig sé fé dhéin Ifrionn agus bhí an bóithrín sin ana fhuirist le siúbhal go raibh sé ar nós sráid. Bhí sé ag imtheacht leis ar feadh tamaill agus is geárr go gchualaidh sé na h-anamacha ag dóghadh agus chonnaic sé an diabhal agus dhá adhairc ratha air agus crúba asail ag deanamh air agus ag deanamh cómhartaí do imtheacht as an áit.
Lé na línn sin dhúisig sé agus nuair
ball sinsearach (stair)
2018-10-02 10:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mbaile.
Oidhche amháin agus é cois na teineadh thainig cnag go dtí an ndoras agus d'oscail an cailín aimsire an doras. Bhi bean dhubh dhothallach air thaoibh an dorais agus d'iarr sí loistín na h-oidhche ar an sagart.
Scaoileadh isteach í agus do suidh sí cois na teineadh. I gcionn tamaill thug an sagart fé ndheara go raibh an bhean ag athrúghadh ana mhór ar fad ó tháinig sí isteach. Tamall na dhiaidh sin thug an sagart fe ndheara go raibh sí iompuighthe ina madra mór dubh agus thug sé iarracht ar leabhar an phortúis a leagadh a lámhaibh an t-sagairt , ach níor d'eirig leis é deanamh.
Thug an sagart fe ndheara arís go raibh an gadhar ag iompódh na sholas, agus nuair ná raibh eaga aige caoineamh d'imthig sé na splannc suas an t-shimné. Dúbhairt an sagart gur b'é andiabhal a bhí ann, agus chuaidh sé thar-nais abhaile go tíghe a dreabhtháir, agus d'innis sé dho cad a thárla do sa tig osta agus chómhnuig sé sa tig as san amach.
ball sinsearach (stair)
2018-10-01 14:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí sagart i gCo. Chorcaíghe fadó agus bhí sé ina chómhnuighe i dteannta a dhreabhtháir a raibh muirear mór aige. Bhíodh an sagart ag léigheamh leabhar éigin gach oidhche ach bhíodh ionamad gleó ag na leanbhaí agus b'éigean dho dul go tig ósta a bhí tamall mhaith ó'n
ball sinsearach (stair)
2018-10-01 13:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sin léim splannc isteach an doras agus d'imthig amach tríd an bhfalla arís.
Do thug an sagart léim as a chorp rith sé amach an doras. Nuair a bhí sé amuigh ní raibh aon tig ann. Do bhí an mhaidean ag breachadh agus do chuaid an sagart abhaile agus é ag caoineamh ar an slíghe a bhí an oídhche caitte aige. Is amhlaidh a bhí an tig fe draoidheacht agus is é an diabhal agus a chuid clis a bhí ann a deir na sean-daoine am bhaile seo.
ball sinsearach (stair)
2018-09-28 14:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí sagart i bparóisde Múrach fadó agus aon lá amháin chúaidh sé suas go dtí barra cnoc Breanainn atá ar an dtaobh thiar de Chorca Dhuíbhne. Nuair a bhí sé thuas i mbarra an chnuic tháinig ceó agus do bhí an sagart ag teacht abaile aríst.Chuaidh se amú sa ceó agus i gcionn tamaill thuit an oídhche.
Do chonnaic an sagart solus beag tamall mhaith uaidh agus chuaidh sé fé dhéin an t-soluis. Annsan chonnaic se gur tig a bhí ann. Bhuail sé cnag ar an ndoras agus chuaidh sé isteach. Cad a bheadh istigh ná ministir ag ithe a shuipéar agus cat ag coimeád na coinnle dho. Bheannuígheadar dá chéile agus bhíodar ag cainnt ar feadh tamaill.
Dúbhairt an ministir leis an sagart gur bí sin an obair a bhíonn lé déanamh ag an gcat gach aon oidhche agus ná feadfhadh aoinne d'iachall a chuir ar an coineall a scaoíle uaidh. Do leig an sagart luch amach as a poca agus ruith an cat ar a deícheall indiaidh na luiche. Annsan dúbhairt an sagart "gur treise dúchas ná oileamhaint". Lé na linn
ball sinsearach (stair)
2018-09-28 13:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Luíghim ar an leabaidh seo mar a luighfheadh san uaigh. Deinim m'faoistin go cruaidh leat a Íosa Mhic Mhóire. Aspolóid a iarraim ort a Íosa Críosd. A Mhuire Mháthair a Mhaighdean ró naomhtha, tabhair dúinn radharc ar do theaghlach agus ar do mhór chómhacht. Solas na Soillse agus Radharc na Tríonóide grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcórach. Cros na n-aingeal sa leabaidh 'na luíghfhead.Braon dá ngrásta i lar an croídhe againn. Bratacha na bFlathas go leatthar 'nár dtímcheall a thógfaidh ceó na bpheacaí dhinne. Glaoidhim Dia mar Athair agus Muire mar Mháthair. Flathas Dé mar dhúthaig agus diúltuíghim do'n áirseóir. Tugaim suas m'anam ar mo leabaidh do'n Rígh Glórmhar, dá Máthair bheannuighthe , an bhanaltra sítheóilte , do's na aingil go léir i gcathair na Glóire, ár ngárdáil , ár sábháil, ár seóladh 's ag breith ár n-anam go cathair na Glóire.
ball sinsearach (stair)
2018-09-25 09:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá a lán sean-thobaracha mór tímcheall Chiarraidhe go mór mhór i gCorcha Dhuíbhne. Tá tobar Naomh Bhreanndháin i n-aice forthaig Bhreanndain i gCill Maolcéadar. Tugann daoine turas ar an dthobar san Domhnach Cásga. Deirtear go leigheisfidhe galair áirighthe a bheadh ar dhuine ag an dthobar san.
Tá tobar eile i mBaile Riabhach agus tugann daoine turas ar sin leis Domhnach Cásga. Fadó thug fear a bhí bodhar agus balbh turas ar an dthobar san ana luath ar maidin Domhnach Cásga. Dob'é an chéad duine a dhein an turas agus nuair a bhí an turas tugtha aige bhí sé leighiste.
Tá tobar eile i mBaile Dháith. Bíonn turas go dtí an tobar san leis Domhnach Cásga agus gach aoinne a théigheann ar an dthuras san chaitheann siad pictúirí beannuighthe agus rudaí eile isteach sa tobar. Is minic leis a leighistear na daoine a tugann turas ar an dtobar san , go mór mhor na daoine go mbíonn muinghín acha as.
ball sinsearach (stair)
2018-09-21 15:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí san deacair lé deanamh ach ar deire taréis cogadh mhór marbhuigheadh an rí agus thugadar an fhuil leó. Chuadar go dti an bpálás agus leathadar an fhuil tímcheall ar na Fianna. Bhiodar gearra braon beag d'en bhfuil tímcheall ar ceann Chonáin Mhaoil agus bhí gach duine aca sábhálta anois ach é. Rugadar greim air agus stracadar é ach d'fhan croiceann a chinn ar an dtalamh. Sin é an taobh gur glaodhach Conán Maol air.
Chuireadar croiceann caorach ar a cheann annsan agus d'fasadh oiread olna air gur dheineadh sé stocaí d'os na Fianna ar fad gach aon bliain.
ball sinsearach (stair)
2018-09-21 14:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí Fionn agus na Fianna lá agus fuaireadar cuireadh dul go dtí pálás a bhí in aice na Sionainne. Chuadar. D'fhan Fionn agus cuid aca aige baile. Nuair a chuadar go dtí an bpálás ní raibh aoinne ann chun fáilte a chur rómpa agus chuir san ana ionganadh ar na Fianna.
Bhi teine breágh mhór ann agus suídheadar síos ar an úrlár in aice leis. I gcionn tamaill d'feach gach aon rud ana gránna. Mhúch an teine breágh agus ní raibh ann ach dotach. Dúbhairt na Fianna go raghaidís abhaile aríst mar ná raibh aoinne ann.
Thugadar iarracht ar eiríghe ach bhíodar ceanghailte don dtalamh. Lé na linn sin chogain Fionn a árdóg chun fhíos a bheith aige conus a bhí na Fianna . Nuair a fuair sé amach gur mar sin a bhiodar bhí sé i gcruaidh chás.
D'imthigh sé féin agus a raibh slán d'es na Fianna go dtí an Iorbhuidh chun an rí a bhí ann a mharbhú agus a chuid fola a thabhairt leó. Ní raibh aon leigheas eile chun na Fianna a sábháilt.
ball sinsearach (stair)
2018-09-17 15:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
míle púnt agus eadach buird a bhí fe draoidheacht . Annsan thug duine de's na buachaillí deoch uisge ó'n mbuidéal do'n rí. D'ól sé an deoch agus leighisfheadh ar an neómat é.
Do thug an rí an mile púnt agus an t-eadach draoídheachta dóibh annsan. D'imthígheadar abhaile go h-áthasach. Bhuaileadar isteach go tíghe a máthar. Nach uirthí a bhí an t-áthas iad d'feiscint. Do thosnuig sí ag ullmhú braon té dóibh acht dúbharadar san nár ghádh dhí é mar go raibh rud aca fein a tabharfhadh gach saghas bídh agus díghe dóibh.Leathadar an t-eadach ar an mbórd.
Seo lé gach saghas bídh agus díghe ar an mbórd. Bhi ionghnadh agus alltacht ar mhuintir an tíghe. Shuídheadar sios agus d'itheadar a mbéile bídh go sasta. O'n lá san amach ní raibh easba bídh na díghe ortha.
ball sinsearach (stair)
2018-09-17 15:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'imthígeadar leó. Shiúbhaluígheadar tré ghleannta uaigneacha agus trí phortaig garbhacha go dtí go dtánagadar chómh fada le fothrach follamh. Bhí teine bhreágh dhearg lasta istig ann, agus cat ar gach taobh dhe.
Shuidh an bheirt bhuachaill sios ar dhá chloich mhóra a bhí ar an dtalamh. Bhí an dá chat ag cainnt. Dúbhairt cat aca leis an gceann eile go raibh eólas aige féin ar rud áirighthe a leighisfheadh rí na h-Éireann. (Bhí an rí breoídhthean t-am san agus ní raibh faic chun é leigheas.). Cad é an leigheas é arsan cat eile ? Dúbhairt sisean an leigheas .i. go raibh tobar cóngarach d'on sean-fhothrachna rabhadar féin agus da mblaisfheadh an rí é bhí sé leigiste.
D'imthigh an bheirt bhuachaill annsan amach agus fuaireadar buidéal agus líonadar é d'en uisge a bhí sa tobar. D'imthígheadar leó annsan fé dhéin tíghe an rí agus loirígheadar cead chun an rí d'feiscint. Scaoileadh isteach iad agus chonnaiceadar an rí. D'fhiafhruígheadar dho cad a thabharfhad sé dóibh ar é leigheas. Dúbhairt sé go dtabharfhad sé
ball sinsearach (stair)
2018-09-17 10:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí baintreach ann fadó agus bhí seisear cloinne aici, beirt mhac agus ceatharar iníghean. Bhiodar ana bhocht. Lá amhain dúbhairt an mac ba shine aca go raghadh a dreabtháir agus é féin tímcheall na condaé ag lorg oibre.
ball sinsearach (stair)
2018-09-17 10:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
léis an clóicín deas do dhearcas air,
Mo Róis Geal Fáin.
(vi)
Trí conntaé na Gaillimhe,
'S as súd go Conntaé an Cláir,
Sheolfad soir a tuairisc
'S á cuardach anns gach áit.
Ar shogh ná a suain ní bheadsa buan,
Go bpósfad i go slán.
Is go mbead fe mheas, na clóicín deas,
Mo R. Gh. Fáin.
ball sinsearach (stair)
2018-09-17 10:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dia's Muire duit is Pádraig fós,
Air sí ag bailiú lé.
D'imthig mo chroidhe 'na deidh mo dith
Im-aoinfheacht leí amháin,
Fé ceangal na clóicín deas,
Mó R. Gh. F.
(iv)
Fé gheasaibh draoidheachta d'fhág sí mé
Am aonar ar an roidh,
Gur d'imthig sí óm radharc 's amú
Thar cruacha dubha na bfód
Guidhim féin ó shóin go dtagair slán
Ad clóicín deas breacháin
Is grasta Dé mór-dthímpal ort
Mo Róis Geal, Fáin.
(v)
Sanntuighann daoine saidhbreas,
Agus sanntuighrann fir árd céim.
Is mian lé cuid a mairr a bheith
Fé meas is stair an t-saoghail.
Mo dhuil, mo gheal, mo chíste ise,
Sé claoidhfeadh go h-iomlán.
ball sinsearach (stair)
2018-09-14 13:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Níor bhfad ó o sean Cínn Mhara mé,
Is glór na n-éan gan sgíth,
Ag taisteal dom lá béalthaine,
Go gchasadh ar mo shlighe,
Mar dheadh, gur b'as an spéir amach,
Do thuit an t-aingeal ann.
Bhí cailín Gaolach géannmhail ann,
Mo Róis Geal Fiáin.
(2)
Do sgéinn sí suidh féin tairm,
' S sgeitheoigín le'ná taobh,
A sgéimh geanaidhe ia a béal teannaidhe,
Do mheallfadh gaois na naomh.
A folt agus a mala ni h-iad bhuail mo croidhe tiomáin,
Ach rosgha riagháltha caoimh-luisne,
Mo Róis Geal Fiáin.
(3)
Do bheannuigheas dé agus dhumh luigeasisí
Dia's Muire dhuit arsa mé,
ball sinsearach (stair)
2018-09-14 13:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
lé linn iad a bheith ag imirt na gcártaí thuit cárta ó dhuine aca agus thóg sé é. Annsan chuaidh fear eile ag áiteamh air gur uaidh féin a thuit sé agus thosnuig an tiormiosg eatorra.
Bhiodar ag bruígheann agus ag bualadh a cheile nó go dtuit duine aca fuar marbh ar an úrlár. D'imthig an marbhitheóir abhaile leis ag fágaint a chompánach marbh. Lé línn dó bheith ag siúbhal thar pluais mór dorcha a bhí ar a shlíghe abhaile do chonnaic sé madra mór dubh ann. Do lean an madra é go dtháinig sé chómh fada lé doras a thíghe. Annsan do chonnaic an fear an cárta a thuit uaidh ar dhroim an mhadra agus ruith sé isteach sa tig. Do thuig an fear annsan gurbh é an diabhal a bhí fé'n mbórd an uair a thuit an cárta uaidh. Níor chuaidh sé ag imirt cártaí riamh ó shoin.
ball sinsearach (stair)
2018-09-12 17:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Oidhche amháin fadó bhí cuideachta mór fear ag imirt cartaí i dtig sa chómharsanacht. Bhí sé i n-am mharbh na h-aoidhche an uair a bhí sé "in am chodlata do beoibh agus in am beó do mharbhaibh" mar a deir an sean-fhocal.
ball sinsearach (stair)
2018-09-12 17:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(10) Cím chúgam an bád anoir, an chráin is mó ar bith, nior cluigheadh riamh agus í ní luga rug . Agus tá na haoí naomúr ínte. (Arthach seóil).
(11) Eala bhuidhe Eala bhuidheghá chead, Eala bhuidhe agus an caora bhuidhe cheanain rómpa amach.
(An Ré agus na Réiltíní).
(12) Cím chúgam an t-árd í leith, an fear ag rith an fear ag rás fear na coise caoí le cruadha agus mo thrí thruagha gan rith. (bó rug amuigh agus chonnaic si na gamhna rith timceall ar na gamhain eile.
ball sinsearach (stair)
2018-09-12 17:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
crios, fear na coise, cruaide, sé mo thruagh a bheith gan rith. (An bás).
(4) cé mheid goib leagann an chearc ar an talamh sal a bhionn a sop ite aicí. (Aon ghob amhain).
(5) Geasraínín bo buailte don síolfaidh sé Éire ar mhullach a chínn.
( Tairgne im bhróg).

(6) Póca sa gclúid agus a mhéar na shúil. (buidéal agus corca ann).

(7) Géag ar mbárr crinn agus ball dubh air a léicinn. (Coineall i gcoinleoir).

(8) Chuir mé mo chaoirín lomartha suas go bhaile Mhúgaire, déamhan cloch ná crann da raibh suas i mbaile Mhúgaire agus nár thuit síos ar mo chaoirín lomartha. (Práta idir fiaclaibh dhuine).

(9) Bó bhán ag siubhal na trágha laogh na diaidh agus í gan dáir.(Ton mhór agus ton bheag).
ball sinsearach (stair)
2018-09-11 14:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(i) Tá se có cruinn le mo cheann agus tá sé níos fuide ná na mílte crann.
(ceirtlín snáithe)
(2) Bréidín fada dubh is ionann fad as leithead dó is ionann dlúth agus ingheach dó.
( An t-aer).
(3) Cím chúm tríd an líos, fear gan léine fear gan
ball sinsearach (stair)
2018-09-11 14:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seán a' teacht chun a tighe. D'imíg sí ar a tuaraisg agus fuair sí amach go raibh míora déanta do ar an gcathair. Bhuail sí léis agus má bhuail chuaidh sí chun cainte leis. "A Sheáin a chroidhe" dubhairt sí "an aithnigheann tu do mháthair". "Ní daithnigheann mé féin a mháthair" arsa é sin .
ball sinsearach (stair)
2018-09-11 14:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí baintreach bocht an(n) fadó , is minic a bhí agus tá fós agus beidh go deó agus bhí aon mach amháin aicí agus ní raibh dó slige' ge ach dul suas ar an gcnoc agus beart fraoigh láidir a bhaint agus sguaba a dhéanamh agus dul isteach go cathair Chorcaighe gach h-aon t-Satharn á ndíol. San am san teastuigh míora ar Chathair Chorcaighe agus (ní) rabhadar féin a'teacht lé na chéile cé go ndeanfaoí míora do. Dúbhairt duine éigin go mbfeárr é dhéanamh don chéad fhear a geóbhadh isteach droichead nua Corcaighe ar maidin Dé Sathairn.
Cuireadh gárda ar an ndroichead ar maidin Dé Sathairn agus sé'n chéad duine ghaibh chúca ná Seán agus a bheart sguab thiar air. Togadh suas é agus buaileadh chulaith nua éadaig air feidhre bróg agus stochaí. Deineadh suas é i gcló an duine uasail agus deineadh míora do ar a' gcathair. Bhí a mháthair aige bhaile agus lúthar léathar aicí dtaobh faidh go raibh
ball sinsearach (stair)
2018-09-10 13:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí duine ann fadó agus bhí gáirdín breágh úbhall aige acht cailleadh éslán mar a n-innstear é. Nuair a bhí sé ag fághail bháis d'órduig sé cuid des na h-úbhla a chur isteach sa chómhra chuige chun go mbeadh sé ghá n-ithe nuair a bheadh sé sínte.
Do bhí dhá bhitheamhnach san áit agus do ghabhadar thairis an dteampall go raibh an duine uasal so curtha ann.
"M'anam" arsa duine des na bitheamhnaig "ní raghad-sa thairis seo. Raghad agus ruobfad an uaig seo agus íosfaidh mé na h-úbhla". Dhéin agus bhí 'ghá n-ithe amach as an gcómhra --- úbhla breághtha mílse. D'imthig an bitheamhnach
ball sinsearach (stair)
2018-09-10 13:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
is mó atá sa bhaile. Níl aon chuid de fé choill. Níl aon abha ná loch sa Ceapaig.
ball sinsearach (stair)
2018-09-10 13:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Táim im chómhnaidhe san Ceapaig i bparóiste Clocháin agus i mbarúntacht Corca Dhuibhne. Níl ach sé tighthe sa Ceapaig anois, ach bhí triochadh tig ann fadó. Tá slínn ar chuid aca agus ^ ar an gcuid eile aca. Níl ach duine amháin ós cionn seachtmhó-- "Cáit Nic Fhínn"-- is ainm di. Is féidir le sgéalta a innsint i mBéarla mar níl ach droch-Ghaoluinn aici. Tá a lán sean-fothracha ann. Núair chúaidh na daoine go dtí America d'fhágadar na sean tighthe na ndiaidh agus tá siad na bhfothracha anois. Ba ghnáthach le mórán daoine dul go dtí America ó'n mbaile seo fadó. Ach ní féidir leó dul anois. Níl an talamh ró-mhaith ná ró-olc. "Muinntir Mac Gearailt"
ball sinsearach (stair)
2018-09-07 14:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cuid eile fé liochtáin is coillte. Do luadhadh Murrigrán ins an abhrán sin:-
"Murrigrán cé fada ó thuaidh
Is mó Sliabh ruadh ad lár
Is mo fiolar agus ceann cruaidh San dtaobh thuaidh de'n tSás."

Siad na sean-daoine atá o's cionn seachtmhó ná
Mairtín Ó Loinsig Murrigrán
Seán Ó Suilleabháin "
Seán Ó Loinsig "
Mairtín Ó Dubhda "
Mícheál Ó Muineacháin " agus
Nóra Nic Gearailt "
ball sinsearach (stair)
2018-09-07 14:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Murrigrán an ainm atá ar an mBaile 'na bhfuilim am chómhnaide. Breanndán an ainm ata ar an bparóiste agus Corca Dhuibhne an ainm atá ar an mBarúntacht. Ta sé tighthe im mbaile féin anois, ach bhí dhá cheann déag ann fadó; ach táid siad imtighthe anois. Tá ceann slinne i dhá gceann acha, agus i gceann eile tá ceann tuighe. Tá tré cinn eile agus ceann "???" atá ortha. Tá triúr sean-daoine i Murrigrán ó's cionn seachtmhó bliain. Is féidir le cuid de's na sean-daoine scéalta do innsint i mBéarla agus i nGaoluinn. Do cuaidh a lán daoine ó'n áit seo go dtí America; dá bhrígh sin tá mórán seana fothrach mór thímpeall an bhaile. Glaodtar "Baile Mhic Club" ar cheann acha. Sé an ainm is coitchianta i Murrigrán ná "Loinsigh" agus "Dubhdaig". Tá an cuid is mó den talamh tirm ach tá
ball sinsearach (stair)
2018-09-06 15:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an ainm a bhí ar ceann aca, agus an ceann eile mar gheall ar an uisce atá ann:- Seo mar a ghabhann sé :-
Sé dubhairt Mickey Rúairc ó Liosnacaolbhuidhe,
Tá uisce an leasa maith a dhóthain don rí
Sé dubhairt Mickey Greaney a bhí na chómhnuidhe ins an nGleann
Sé uisce Loc Cruidhte (an) t-uisce is mílse san domhain.
ball sinsearach (stair)
2018-09-06 15:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i Liosnacaolbhuidhe.
Níl mórán sean-daoine i Liosnacaolbhuidhe.
Seo iad na h-ainmneacha atá orthu:
Tomás Ó Muircheartaigh
Tomás Ó Rúairc, agus,
Eibhlín Ní Muircheartaigh.
Is feidir leótha sean-scéalta a ínnsint as Béarla , agus as Gaoluinn.
Tá mórán fothracha tímpeall na h-áite seo:-
Tá fothrach i Muirrigrán agus "Baile Mhic Club" an ainm atá air. Fadó bhí an áit sin na bhaile, agus tá rían na dtighthe ann fós. Tá seana thig "Pheigí Réidí" ar ceann eile.
Do dhineadh dhá abhrán mar gheall ar Liosnacaolbhuidhe :- "Na Kickers of Lisnakealvee"
ball sinsearach (stair)
2018-09-03 13:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar an áit 'na bhfuilim am chómhnuidhe ná Liosnacaólbhuidhe. Tá sé i bparóiste Bhreandáin, is i mBarúntacht Corcha Dhuibhne.
Tá seacht dtighthe deag am bhaile ach fadó bhí tímpeall lé cuig tig is fiche ann. Níl slínn ach ar cheithre tighthe anois, agus tuighe atá ar gach aon tig eile.
Is íad muinntear "Muircheartaig" an sloinneadh is coitchianta
ball sinsearach (stair)
2018-08-31 14:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do ghairbhéal is grean. Sé an fáth gur glaodhadh Abha na Teorann ar an abhainn sin mar sé an teóra idir Lios is Tír é. Níl aon ...i dTír íoctarach.
ball sinsearach (stair)
2018-08-31 13:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seán Ó Bríc Tír Breanndán
Seamus Breathnach " "
Cáit Ní Néil " "
Seán Ó Laoineacain " "
Tá trí sean fothrach sa Tír. Siad na h-ainmneacha atá ar na sean fothrach ná "Fothrach Sheáin Phadí", "Fothrach Máire Stac" agus "Fothrach Paitsí Tom". D'imthig a lán daoine ó'n áit sin go h-America indiaidh an droch shaoghail agus do dhein fothracha dá tighthibh. Do luadh ainm na h-áite sin ins an abhran "Coimin na Tíorach" a dhein fear ó'n dTír dar ab ainm do Eoghan Ó Fínn. Tá talamh cuibheasach maith ann. Níl aon chuid de fé choill. Síad na h-ainmneacha atá ar na h-Aibhne i dTír ná Abha na Féinne, Abha Cúl a Ghrinn agus Abha na Teórann. Sé an fáth gur glaodhadh Abha na Feinne ar an abha sin mar bhíodh na Fianna ag seilg timcheall an cheanntair so. Sé an fáth gur glaodhadh Cúl a Ghrinn air mar tá sé lán
ball sinsearach (stair)
2018-08-15 09:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar an mbaile na bhfuilim im chómhnuidhe ná "Tír". Tá sé i bparóiste Breanndán agus i mbarúntacht Corca Dhuibhne. Tá sé cínn déag de thighthe sa bhaile anois ach bhí tímcheall fiche ceann ann fadó. Tá trí tighthe ann agus ceann tuighe atá ortha agus tíleanna agus felt ar an gcuid eile. Sé an sloinneadh is coitchianta sa bhaile anois ná muinntir "Néil". Tá seisear sean daoine os cionn seachtmhó bliadhna sa Tír. Tá Gaedhlaig aca go léir. Is féidir le cuid aca scéalta do innsint i mBearla agus i Gaedhlaig. Siad na h-ainmneacha atá ortha ná :--
ball sinsearach (stair)
2018-08-15 09:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cúpla uair.
Do luadhadh é san "Dingle Puck Goat" agus ins na "Kickers of Liosnacaolbuidhe". Tá talamh olc tímcheall na háite seo. Níl aon choillte ann. Síad seo ainmneacha na haibhne atá ag rith go fairrge ann :--
Abha na Féinne
Abha an Ghleanna
Abha an Chaol Bhuidhe
Tobar hÉilí.
Níl aon lochanna san Ché.
ball sinsearach (stair)
2018-08-14 14:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
DómhnallÓ Suilleabháin, Cé, Breanndán
Pádraig D'Mórdha " "
Tomás D'Mórdha " "
Cáit D'Mórdha " "
Bríghid Ní Murchadha " "
Diarmuid Ó Riordain " "
Seán Pindí " "
Diarmuid Ó Corcordha " "
Donnchadh Séaghdha " "
Diarmuid Ó Dúbhda " "
Sinéad Nic Gearrailt " "
Máire Ní Loingsig " "
Mícheál MacGearrailt " "
Bríghid Nic Gearrailt "
Lean D' h-Órda " "
Éamon Ó Rín " "
Tá cúpla sean fothrach san Cé :--
fothrach "Cóibí", fothrach "Roger", agus fothrach Mhichíl Tom.
Chuaidh a lán daoine ó'n áit seo go hAmerica fadó. Do luadhadh (ainm) na háite in amhrán
ball sinsearach (stair)
2018-08-14 13:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar mo bhaile féin ná an "Ché". Tá sé i bparóiste Breanndáin agus i mbarúntacht Chorca Dhuibhne. Tá naoi dtig is fiche san mbaile. Ní raibh ach seacht dtig is fiche ann fadó. Tá dhá thig ceann tuighe sa Ché, agus tá tíleanna agus slínn ar an gcuid eile aca. Sé an sloinneadh is coitchíanta sa bhaile seo anois ná na "Mórdaig". Sé an chúis gur baisteadh an Ché ar an mbaile mar ta dhá chala ann, agus cé i ngach ceann díobh. Tá seisear déag sean daoine ó's cionn seachtmhó blíadhain san "Ché". Tá síad go léir ábalta ar Gaedhilg do labhairt. Is feidir leo scéalta d'innsint i nGaedhilg agus i mBéarla. Síad na h-ainmneacha atá ortha ná:--
ball sinsearach (stair)
2018-08-13 10:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an "Cé" ar an abhrán an "Dingle Puck Goat" agus san abhrán "The Kickers of Lisnakealvee". Níl aon talamh sa "Ché" acht cúpla pairc. Iascairí ar fad atá ann. Níl aon chuid den "Ché" fé choill. Siad na h-ainmneacha atá ar na h-aibhne atá sa "Ché" ná :--
Abha an Ghleanna
Abha an Caol Bhuidhe
Abha Garraidhe na Trágha
Seithleáinín héilí agus Abha na h-Aille.
ball sinsearach (stair)
2018-08-13 10:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fothrach Michíl D'Mórdha
Fothrach Domhnaill Uí Shuilleabháin
Fothrach Padruig Uí Mhurchadha
Fothrach Sheamuis Ui Déada.
Is amhlaidh do fúair Seamus D'Mordha tig nuadh agus d'fág sé cuple falla de'n tig na sheasamh agus leag sé an chuid eile. Do chuaidh Micheal D'Mordha go dtí Aimairce agus d'fág sé an tig na dhiadh agus tá cuid de leagtha anuas anois. Do fúair Domhnall Ó Suilleabhán, Padruig Ó Murcadha, agus Padruig D'Mordha tighthe nuadh agus d'fhágadar fothracha na sean tighthe na seasamh.Do fúair Seamus Ó Déada bás, agus d'fág sé an tig aige na mhac agus fúair an mac tig nuadh. Tá fothrach an tighe na sheasamh fós. Do luadhadh ainm
ball sinsearach (stair)
2018-08-08 14:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Léan D'Ordha-----Cé Breanndán
Mícheal Mac Gearailt--- " "
Brighid Nic Gearailt " "
Sinéad Ní Fláthairtig " "
Máire Ní Loingsig " "
Diarmuid Ó Dúbhda " "
Donnchadh Ó Seaghdha " "
Diarmuid Ó Corcordha " "
Seán Ó Pindí " "
Diarmuid Ó Riordáin " "
Domhnall Ó Suilleabháin " "
Padruig Ó Murcadha " "
Padruig D' Mordha " ".
Ba ghnáthach le mórán daoine dul go h-Aimairca indiadh an droch-shaoghail mar ní raibh aon slighe beatha aca sa "Ché". Dá bhrigh sin tá mórán fothracha na n-diaidh. Siad na h-ainmneacha atá ar na fothracha so ná :--
Fothrach Sheamuis D'Mordha
ball sinsearach (stair)
2018-08-08 14:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar an mbaile 'na bhfuilim am chómhnuidhe ná an "Cé". Sé an ainm atá ar mo pharóiste ná "Breanndán" agus sé an ainm ata ar an mbarúntacht ná Corca Dhuibhne. Tá dhá thig is triochad sa bhaile anois, ach bhí a bhfad níos mó ann fadó. Tighthe ceann slinne atá sa "Ché" anois. Sé an ainm is coitianta sa "Ché" ná "Mac Gearailt". Sé an fáth gur baisteadh an ainm an "Cé" ar an áit, mat tá dhá chaladh ann agus dhá chéibh tóghtha ionnta. Tá mórán sean daoine sa "Ché" ós cionn seachtmhó bliain d'aois. Gaoluinn ar fad atá aca. Is féidir leo scéalta a insint as Gaoluinn. Siad na h-ainmneacha atá ar na sean daoine seo ná:--
Eamonn Ó Rinn--Cé Breanndain
ball sinsearach (stair)
2018-08-07 17:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Neil Ní Mhuircheartuig Lios --Breanndan
Maire (bean) Mach Aodgain " "
Is feidir leó scéalta do ínnsint i nGaedhilg. Chuaidh a lán daoine go h-America ón áit seo fadó. Tá seana rann i measc na ndaoine mar gheall ar Lios-na-Caol-Bhuidhe--: "Sé dubhairt Micí Ó Ruairc ó Lios-na-Caol- Bhuidhe,
Tá uisge an leasa maith a dhóthain don Rí". Tá talamh caibheasach maith i gcuid de agus talamh gan mhaith i gcuid eile de; acht tá na daoine ag deanamh dréineanna ann anois.
ball sinsearach (stair)
2018-08-07 17:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar mo bhaile ná "Lios-na Caol- Bhuidhe". Breandán an ainm atá ar mo phoráiste agus Corca Dhuibhne an barúntacht. Tá ocht tighthe go bhfuil tuighe ortha agus tá dhá cheann déag go bhfuil ceann slinne ortha. Bhí fiche ceann ann fadó. Tugtar "Lios-na-Caol- Bhuidhe" ar an bhaile mar tá abha bheag ag rith tríd an mbaile agus an "Caol-Bhuidhe" a tugtar air. Tá mórán sean daoine im bhaile-se ós cionn seachthmhó mblian.
Tomas Ó Ruarc---Lios -- Breanndán.
Tomas Ó Muirceartuig " ".
ball sinsearach (stair)
2018-08-03 15:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gheall ar sin do thógadar droichead "Abha na Feinne".
ball sinsearach (stair)
2018-08-03 15:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní raibh aon abha fadó san áit 'na bhfuil an "Abha Bheag" anois. Tímcheall le dhá chéad bliadhain ó shíon an Domhnach deireanach dé Mhí Iúil, tímcheall am de's na daoine bheith ag dul á coladh, thosnuig sé ag fearthainn ana throm, agus ar maidin Dia Luain nuair d'éirig na daoine bhí gleann mór déanta ag an Abha agus chaitheadar droichead a chur ann na dhiaidh san. Sar a deineadh an droichead in Abha na Féinne, tháinig bean aniar ó Bhaile an Fhirtéaraig ag féachaint ar bhean mhuinnteardha dí a bhí i "dTír Iochtarach". Bhi áth cloch ar an abhain, an uair sin. Bhí sí lár slighe nuair a thuit an tuille uirthe agus scuab sé í shíos go tráigh an Ché. Fuaireadar í baidthe annsan ar bharra taoide. Mar
ball sinsearach (stair)
2018-08-03 15:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní raibh aon abha fadó san áit 'na bhfuil an "Abha Bheag" anois. Tímcheall le dhá chéad bliadhain ó shíon an Domhnach deireanach dé Mhí Iúil, tímcheall am de's na daoine bheith ag dul á coladh, thosnuig sé ag fearthainn ana throm, agus ar maidin Dia Luain nuair d'éirig na daoine bhí gleann mór déanta ag an Abha agus chaitheadar droichead a chur ann na dhiaidh san. Sar a deineadh an droichead in Abha na Féinne, tháinig bean aniar ó Bhaile an Fhirtéaraig ag féachaint ar bhean mhuinnteardha dí a bhí i "dTír Iochtarach". Bhi áth cloch ar an abhain, an uair sin. Bhí sí lár slighe nuair a thuit an tuille uirthe agus scuab sé í shíos go tráigh an Ché.
ball sinsearach (stair)
2018-08-03 15:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Táim im chómhnuidhe i "dTír". Is é an ainm ata ar mo cheanntar ná "Tír Bhreandán". Tá trí tighthe déag san "Tír". Tá tuighe ar chuid aca, agus tíleanna ar chuid eile aca. Tá naonbhúr daoine ó's cionn seachtmhó bliadhain. Is féidir leo scéalta d'innsint i mBéarla agus i nGaedhilg. Tá trí cínn de fothracha san "dTír"---"fothrach Sheáin Phaidí", an ainm ata ar cheann aca; "Fothrach Mháire Stac", an ainm atá ar cheann eile aca; agus "Sean fhothrach Patsaí Tom", an ainm atá ar an gceann eile. Gach aonine go raibh costas an bhóthair aige d'imig sé go h-America i ndiaidh an droch-saoghail. Siad ainmneacha na Aibhinte am phoróiste se --ná an "Abha Bheag"; agus "Abha na Féinne", i "dTír Iochtarach" atá siad.
ball sinsearach (stair)
2018-07-30 14:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
san "Pórt Yarrock" agus an "Dingle Puck Goat" agus na "Kickers of Liosnacaolbhuidhe". Tá an talamh atá tímcheall an Ché cuibhseach maith. Níl aon choillte tímcheall na háite seo ach crann beag annso is annsúd. Síad na hainmneacha atá ar na habhainnibh san Ché ná :-
An "Gleann"
An "Caol Buidhe"
"Abha na Féinne" agus
Tobar hÉilí.
ball sinsearach (stair)
2018-07-30 14:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Diarmuid Ó Ríordáin, Cé Breanndáin
Bríghid Ní Murcadha, " "
Dómhnall Ó Suilleabháin, " "
Pádruig d'Mórdha, " "
Cáit d'Mórdha " "
Tomás d'Mórdha, " "
Seán Pindí, " "
Díarmuid Ó Corcordha " "
Donnchadh Ó S éaghdha " "
Máire Ní Loinghsigh " "
Sinéad Nic Gearrailt " "
Bríghid " " " "
Micheál Mac " " "
Léan d'hÓrdha " "
Éamon Ó Rinn " "
Tá cúpla fothrach san Ché :- Fothrach "Michael Tom", fothrach "Cóibí" agus fothrach "Roger".
Do théigheadh a lán daoine ó'n áit seo go dtí America fadó. Do luadhadh ainm na háite in amhrán cúpla uair. Do luadhadh
ball sinsearach (stair)
2018-07-30 14:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar an mbhaile 'na bhfuilim im chómhnuidhe ná an "Ché". Tá sé ar pharóiste Breanndáin agus i mbarúntacht Corca Dhuibhne. Tá naoí dtig is fiche san bhaile anois, ach bhí tímceall sé is fiche tighthe ann fadó. Ceann slinne atá ar chuid aca agus tíleanna atá ar chuid eile aca. Sé an sloinneadh is coitchianta san "Ché" ná na "Mórdhaig." Sé an fáth gur baisteadh an Ché ar an áit ná mar tá dhá chaladh ann agus cé ins gach ceann díobh. Tá a lán sean-daoine ó's cionn seachtmhó bliadhain san Ché.Tá Gaedhlaig mhaith aca go léir, agus is féidir leo scéalta d'innsint i mBéarla agus i nGaedhilg. Síad na hainmneacha atá ortha ná :
ball sinsearach (stair)
2018-07-25 13:47
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Ceapach" an ainm atá ar an mbaile na bhfuilim am chómhnuidhe . Clochán is ainm de'n pharóiste agus Corca Dhuibhne an barúntacht. Tá ceithre thighthe deag ins an mbaile anois.
Bhí sé tighthe déag ann fadó. Tá dhá thig déag go bhfuil ceann slinne ortha agus aon tig amháin ceanntuighe, agus tig amháin 'na bhfuil tíleanna air. "Mac Gearailt" an sloinnud is coithchianta ar an mbaile.
Níl aon sean daoine os cionn seachtmhó blian ann.
Tá talamh cuibhseach maith i gcuid de agus talamh fuar garbh i gcuid eile dhé.
ball sinsearach (stair)
2018-07-25 13:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Tíorach" mar do dhein fear dara b'ainm Eogan Ó Fínn abhrán mar gheall ar an "dTír"--"Coimín na Tíorach". Talamh garbh atá ann ach níl aon cuid de faoi choill. Siad na hainmneacha atá ar na haibhne atá i dTír ná :- Abha na Féinne; Abha Bheag; Abha na Fothana; Abha an Claide Nua. Tá loch ann go nglaodann siad an Loch Mór air. Deirtear gur thuit buachaill isteach ann agus go raibh fear anaonacht leis agus gur leim an fear isteach chun an buachaill do shábháil, agus gur báthadh iad araon ann.Bhí fear ag dul treasna Abha na Feinne agus d'éirig an tuille agus do sciob an tuille an fear leis, agus sin é an chúis gur cuireadh an drochad ar an abhain sin.
ball sinsearach (stair)
2018-07-24 13:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar an mbaile 'na bhfuilim am chómhnuidhe ná "Tír". I bParóiste Breandan agus i mBarúntacht Corca Dhuibhne atá sé. Tá dhá cheann déag de thightibh anoia ann ach bhí fiche tig ann fadó. Tá slinn ar cuid des na tighthe agus tuighe ar an gcuid eile aca. Sé an sloinne is coitchianta sa "Tír" ná Breathnach. Tá ceathrar sean daoine ós cionn seachtmhó bliana. Ta Gaedlig aca agus is feidir leotha scéalta d'innsint i nGaedlig agus i mBéarla. Seo iad na daoine sin-- Dómhnall Breathnach, Seán Ó Dubháin; Eamon Ó Fínn; agus Maire Ní Ruairc. Sé an seoladh atá aca ná --Tír, Breandán, Caislean Uí Ghriaire , Ciarraighe. Tá dhá fothrach i dTír agus siad na hainmneacha atá ortha ná "Fothrach Padruig" agus "Fothrach Dhomhnaillín. Ba ghnathach le na lán daoine dul go h-America fadó ó'n mbaile seo. Do luadhadh ainm na
ball sinsearach (stair)
2018-07-24 13:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
thigh ach é féin. Talamh garbh athá ann. Níl aon chuid de fé choill. Síad na h-ainmneacha atá ar na h-aibhne i dTír ná "Abha na Féinne" is an "Abha Bheag".
Sé an fáth gur glaodhadh "Abha na Féinne" ar an abha sín mar bhiodh na Fianna ag fiadhach san ceanntar só fadó. Ní raibh aon abha ar an áit go bhfuil Abha Bheag anois ach oidhche amháin bhí sé ag fearthainn ann agus tháinig an tuille agus do scuab sí leis na aladhthacha agus do déin sé abha tríd an dtalamh agus tá sé ann ó shoin. Tá loch ar an dTír gurb ainm do Loch a t-Slachair. Do thuit fear isteach ann fadó agus chuaidh sé sios go dtí tóin an locha agus do greamhuigheadh thíos san loch é agus fuair sé bás ann.
ball sinsearach (stair)
2018-07-23 13:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá slínn ar chuid des na tighthe agus tuighe ar chuid eile acu. Tá ceathrar sean daoine ann os cionn seachtmhó blíadaín. Tá Gaidlig acha. I sféidir leótha scéalta d'innsint i nGaedlig agus a mBéarla. Domnall Breathnach ; Eaman Ó Fínn; Seán Ó Dubáin; agus Maire Ni Ruairc. Sé an seoladh atá aca ná Tír, BreaGarraighe. Tá dhá fothrach i dTír agus síad na h-ainmneacha atá ortha ná "Fothrach Phadruig" agus "Fothrach Dhomnaillín". Bá ghnáthach lé na lán daoine dul go dtí America o'n áit seó fadó, Do luadhadh ainm na Tiorach mar dhéin fear dar ab ainm Eoghain Ó Fínn an t-Amhrán "Coímín na Tíorach". Do cailleadh a bhean agus ní raibh einne sa
ball sinsearach (stair)
2018-07-23 11:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar an mbaile n'á bhfuilim am chomhnaidhe ná Tír. I bParoiste Bhreandan agus i mbaruntacht Corca Dhuibhne atá sé. Tá dhá cheann déag de thightíbh ann anois ach bhí hocht gcínn deag ann fadó. Sé an sloinneadh is coitheanta am mbhaile ná "Breathnach".
ball sinsearach (stair)
2018-07-23 11:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus chuaidh an t-inghean go dtí America agus ni raibh einné anaonacht leis annsan, agus dhein sé an t-amhrán sin. Dhein sé amhrán eile mar géall ar dhá asal a bhí aige.
ball sinsearach (stair)
2018-07-23 11:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá certhrar ós cionn seachtmó bliaín. Siad na ainmneacha atá ortá ná Domhnall Breathnach Tír Breanndán
Eamón Ó Finn " "
Seán Ó Dubháin " " agus
Maire Ní Ruairc " " .
Is féidir leótha sgéalta d'innsint i nGaedhilg agus i mBéarla. Siad na fóthracha atá sa Tír ná "Fóthrach Bhridhé", "Fothrach Domhnaillin" agus "Fothrach Bothán na Fuairé".
Siad na h-aibhne atá sa Tír na "Abha na Feinne," is "Abha na Fothana". Tá tracht tár an ainm "Tír" san sean-amhrán Cuimín na "Tíorach". Is é Eóghan Ó Finn a dhein an tAmhran "Cuimin na Tíorach", nuiar a cailleadh a bhean. Ní raibh éinne sa tigh ach é féin agus a inghean.
ball sinsearach (stair)
2018-07-20 16:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an ainm atá ar mo bhaile ná "Tír". Sé an ainm atá ar mó Pharoisté ná Brandán agus sé an ainm atá (ar) an (m)barúntacht ná Corca Dhuibhné. Tá ceithre cinn déag de thighthe sa bhaile ach bhí níos mó ná san ann fadó. Tá ceann slínne ar chuid acá agus thuighe ar cuid eile acá. Sé an ainm is coitchíanta sa Tír ná "Breathnach".
ball sinsearach (stair)
2018-07-20 15:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fo-chrann. Abha na Féinne an t-aon abha amháin atá ann. Bhíodh na Fíanna ag fiadhach ann fadó.
ball sinsearach (stair)
2018-07-20 15:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Táim im chómhnaidhe i mBalie Uí Dhuibhne i bParoiste Clocháin agus i mbarúntacht Corca Dhuibhne. Tá cúig tigthe déag i mBaile Uí Dhuibhne, ach bhí ochtmhó ann fadó. Tá slínn ar chuid aca agus tuighe ar an gcuid eile aca . Muinntir "Loinsig" agus Muinntir "Mhurchada" is mó atá ins an mbaile. Níl ach triúr daoine i mBaile Uí Dhuibhne ós cionn seachtmhó blían. Tá Gaoluinn aca. Is féidir leó scéalta do rádh i nGaedilg agus im mBéarla. Tá bean ann agus tá sí ana chliste ar Gaoluinn do labhairt. Brígíd Bean Uí Ghráinne is ainm dí. Tá Baile Uí Dhuibhne lán le fothracha.D'imig a lán daoine ón áit seo go h-Americá fadó. Tá talamh maith ann agus talamh fliuch ann leis. Níl crann ann ach
ball sinsearach (stair)
2018-07-18 14:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1917. Tá "Bóthar a' Tóchair" ag dul leath slighe ó'n dTír go dtí an Lios. Casán a bhí ann roimis sin. Do dheineadh é sa bhlíain 1921. Tá "Bóthar na Roimpéirí" ag dul ó'n Lios síos go dtí an Cé. Seana casán a bhí ann sar ar deineadh é. Tá "Bóthar na Ceárdtan" sa Ché ag dul ó'n mBóthar Nua go dtí an tráigh, agus tá an cheardtain anaice leis. Tá "Bóthar na gCloch" ag dul ó'n Lios go dtí an cnoc. Tá Bóthar an Bhaile Mhóir ag dul ó'n Lios go dtí Baile Móir. Tá "Bóithrín na h-Úarlann " ag dul ó Mhuirreagráin go dtí an tráigh. Tá an "Bóthar Caol" ag dul ó'n Lios go dtí an Cé. Bhí ochtar fear agus seisear ban ag obair ann. Tuistiún sa ló a gheibhidís. Tá an "Bóthar Dubh" ar an teórain idir Tír is Maca an Mhíl.
ball sinsearach (stair)
2018-07-17 13:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bóthar a' Leasa
Bóthar a Tóchair
Bóthar na Raimpéirí
Bóthar na Céardtan
Bóthar na gCloch
Bóthar a' Bhaile Mhóir
Bóithrín na h-Úrlann
Bóthar Caol
Bóthar Dubh.
Tá "Bóthar a' Leasa" ag dul ó Lios na Caol Buidhe síos go Fearran. Do déineadh an bóthar san sa bhlíain
ball sinsearach (stair)
2018-07-17 13:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus mairtéal a deineadh an droichead. Tá an droichead sin déanta tímcheall le céad blíadhan.
ball sinsearach (stair)
2018-07-17 13:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Núadh go dtí an "Cé". Deineadh é sin tímcheall céad blíadhan ó shoin agus sé a bhíodh acu ná trí pinginne sa ló. Tá na bóthaire sa ceanntar seo in úsáid fós. Sé an págh a bhíodh ná leath reul nó tuistún sa ló.
Deineadh cuid dos na bóithre in aimsir an droch shaoghail agus bhíodh fir is mná ag obair ins na seana-bhóithre san am san. Do bhí áth in Abha na Féinne sar ar deineadh an droichead. Lá amháin do bhí bean ó'n dTír ag dul go dtí an "Clochán" le ciseán ubh. Ní raibh aon droichead ann an úair sin ach céimeanna cloch agus núair tháinig sí go dtí an abhainn, do bhí tuille beag ínnte ach níor cuimhnig sí ar sin. Núair bhí sí leath-slighe ar an abhainn do thuit an tuille go trom agus do scúab an tuille gach rud a bhí roimis agus do báthadh í. Do chuireadar an droichead ann annsan agus is le cloch agus huil
ball sinsearach (stair)
2018-07-17 13:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Núadh go dtí an "Cé". Deineadh é sin tímcheall céad blíadhan ó shoin agus sé a bhíodh acu ná trí pinginne sa ló. Tá na bóthaire sa ceanntar seo in úsáid fós. Sé an págh a bhíodh ná leath reul nó tuistún sa ló.
Deineadh cuid dos na bóithre in aimsir an droch shaoghail agus bhíodh fir is mná ag obair ins na seana-bhóithre san am san. Do bhí áth in Abha na Féinne sar ar deineadh an droichead. Lá amháin do bhí bean ó'n dTír ag dul go dtí an "Clochán" le ciseán ubh. Ní raibh aon droichead ann an úair sin ach céimeanna cloch agus núair tháinig sí go dtí an abhainn, do bhí tuille beag ínnte ach níor cuimhnig sí ar sin. Núair bhí sí leath-slighe ar an abhainn do thuit an tuille go trom agus do scúab an tuille gach rud a bhí roimis agus do báthadh í. Do chuireadar an droichead ann annsan agus is le cloch agus fuil (???)
ball sinsearach (stair)
2018-07-13 18:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bóithrín a Tóchair
Bóthar Dubh
Bóthar na n-Asal
Bóthar Nuadh
Bóthar na Céardtan
Bóthar a' Leasa
Bóthar an Ché.
Tá "Bóithrín a Tóchair" ag dul ó'n dTír leath-slighe go dtín Lios-na-Caol-Bhuidhe.
Tá an "Bóthar Dubh" imeasc na gcnoc ar teorain Macha an Mhíl agus Tír.
Tá "Bóthar na n-Asal" ag dul súas ó'n dTír tré bun an chnuic agus is ann a tairríghdís an mhóin fadó le h-asail.
Tá "Bóthar na Céardhtan" ag dul ó'n bóthar nuadh go dtí tráig Bhail' Uí Dhuibhne.
Tá "Bóthar a' Leasa" ag dul ó Murrigrán go dtí an lios. Deineadh é sin fiche blíadhan ó shoin agus sé an págh a bhíodh aca ná cheithre scilinge sa t-seachtain.
Tá "Bóthar a' Ché" ag dul ó'n mBóthar
ball sinsearach (stair)
2018-07-12 13:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí áth in "Abha na Féinne" sar ar deineadh an drochead. Lá amháin do bhí bean ó'n dTír ag dul go dtí an "Clochán" le ciseán ubh. Ní raibh aon drochead ann an uair sin ach céimeanna cloch. Nuair táinig sí go dtí an abhainn bhí tuille beag innte ach níor chuimhnig sí ar sin. Nuair bhí si leath-slighe thar an abhainn, do thuit tuille go trom agus do báthadh í. Do chuireadar drochead ann annsan agus is le clocha agus mairteál fliuchta le fuil beithidhig a thógadar é.
Bhí áth eile in "Abha na Féinne" síos in aice na trágha ach tímcheall dachad bliadhain ó shoin do deineadh droicead thar an abha annsan.
ball sinsearach (stair)
2018-07-12 13:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na Caol Bhuidhe, leath slighe síos go dtí an Cé.
Tá "Bóthar a' Leasa" ag dul ó Muirrigrán go dtí an lios.
Tá "Bóthar an Phortaig" ag dul ó'n dTír suas go dtí "Sás". Do deineadh é tímcheall deich mblíadhana ó shoin, agus bhíodh ceithre scillinge sa ló aca.
Tá "Bóithrín Tóchair" ag ceanghail Tír agus Lios.
Tá "Bóthar na n-Asal" ag dul tríd an gcnoc. Saghas casán iseadh é, ach is tríd an gcasán san a thugadh síad an mhóin abhaile fadó.
Tá "Bóithrín na hÚrla" ag dul ó Murrigrán síos go dtí barra na faille. Ní raibh aon phágh aca á dhéanamh.
Tá "Bóthar na Ceárdhtan"ag dul ó'n bóthar mór go dtí an tráig.
ball sinsearach (stair)
2018-07-11 14:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: Bothar Caol
2: Bothar a' Leasa
Bóthar an Phortaig
Boithrín Tóchair
Bóthar na nAsal
Bóithrín na hÚrla
Bóthar na Ceárdtan
Tá an "Bóthar Caol" ag dul ó Lios
ball sinsearach (stair)
2018-07-11 14:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
don mhin. Bhí sé féin agus a dhriotharácha ró lag chun an chíste do dheanamh. Tuit sé ag an ndoras agus d'fhan sé ann. Fúair sé féin agus a driotharácha bás leis an ocras nuair a bhí an mhin buidhe idhighthe aca agus do cuireadh iad i gClochán.
ball sinsearach (stair)
2018-07-11 14:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig an droch-shaoghal go trom san gceanntar so, agus ins gach áit in Éirinn. Ní raibh aon bhiadh le n-ithe aca mar do lobhaidh na prátaí agus is ar turnapaí a bhídís ag maireachtaint ach bhíodh gráinne mine buidhe ag cuid aca. Fuair fear bás i gCoill Móir agus bhí duileóga istig na bhéal taréis a bháis. Do bhí fear eile ón dTír agus fuaireadh féar glas istig na bhéal taréis a bháis. Níor cabhruig aoine le muinntir na h-áite seo. Do bhí daoine na cómhnuidhe i dTír de mhuinntir Lúbhaing. Do bhí gráinne mine bhuidhe aca agus fuair an mháthair bás leis an ocras mar bhí sí ag fágaint an bhídh ag a clann. Chuireadar í agus cupla lá na dhiaidh sin bhí buacail aca a' dul amach go dtí na cómharsain cun chíste do dheanamh
ball sinsearach (stair)
2018-07-10 13:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
cruithneachtain do mhuinntear an bhaile, agus nuair a bhí fear an tighe ag cur na cruithneachtan bhí seascadh malaí móra ann roimh an fear, agus núair a chonnaic a bhean na málaí móra a bhí ann, agus i bhfad níos mó cruithneacht ann na an chéad úair, fúair sí fanntais.
ball sinsearach (stair)
2018-07-10 13:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chonnaic sé fear eile in-aice an bhóthair agus é ag ithe cuileóga.
Do bhí fear ann agus bhí ceathrar mac aige agus d'itheadar prátaí lobhtha agus do marbhuigheadh iad go léir.
Do bhí fear i Liosnacaólbhuidhe, agus Mícheal D' h-Órdha an ainm a bhí air, agus do lobhaig gach prata a bhí aige; bhíodar istig i dtig bheag a bhí aige. Fuair Mícheál bás amuigh i bpáirc, agus glaodtar "currach Michíl D' hÓr(dha)" ar an bpáirc ó shoin.
Do bhí bean i mBaile an Fhirteirig agus máthair dom shean-mháthair do b'eadh í, agus bhí tímpeall le seascadh málaí cruithneachtan aici, agus gach éinne a thagadh isteach thugadh sí aprún de'n cruithneachtan dóibh. Thug sí gach gráinne de'n
ball sinsearach (stair)
2018-07-10 13:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig an droch-shaoghal go trom ar an áit seo.Do bhí a bhfad níos mó daoine ann an úair sin ná mar atá ann anois. Do bhí triúr fear ag iascaireacht oidhche amháin , triúr ón áit seo do b'eadh íad, agus bhí seacht gcéad mairceréil aca. D'itheadar eatortha leath-chéad d'íasc amh.
Núair ná raibh na prátaí aca bhídís ag ithe turnaipí agus frannchaig.
Aon lá amháin bhi fear ag teacht ón n'Daingean agus
ball sinsearach (stair)
2018-07-09 15:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhíodh an mála lán arís.
ball sinsearach (stair)
2018-07-09 15:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar so. Bhí níos mó daoine na gcómhnaidhe san áit seo fadó ná mar atá anois ann. Thainig an "Dubh" ar na prátaín nuair a bhiodar ag fás agus do lobhadar ins na poill. Ni raibh aon bhiadh acha ach gráinne mine buidhe; ach thainig longa ó Shasana agus do sciobadar leotha an min buidhe is cailleadh a lán daoine san áit seo leis an ocras. Bhi fear i "dTír" agus lá amháin chuaidh sé amach sa pháirc ag ithe an féir ghlais. Annsan chuaidh sé go dtí an cnoc agus do fuair sé bás ann. Do chuaidh a muinntear á lorg agus fuaireadar é anaice puirt. Do thugadar é go dtí roilig Chlocáin agus do chuireadar ann é. Bhí bean san Tír ag sníomh agus bhíodh na daoine ag dul isteach chun prátaí a fhagháilt uaithe. Chuir sí mála sa chúinne agus gach fear a théigheadh isteach thugadh sí deich bpráta dho, agus gach tráthnóna
ball sinsearach (stair)
2018-07-07 18:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dul go dtí Ameríca agus chuireadar airgead abhaile go dtí na muínntire féin. Lá amháin aimsir an gorta, bhí fear o'n áit seo ag teacht o'n nDaingean agus chonnaich sé fear ag ithe duilleog na gcrann san áit go bhfuil Coill Móir anois, agus fuair sé bas an lá ceudhna. Do bhí fear eile o'n áit seó ag teacht ó Chaislean Griaire oidhche amháin agus chonnaich sé an fear na sheasamh anaice tighe Muiris Uí Spalláin agus é ag ithe ubhla searbha leisan ocras, agus d'íth se a dhóithín dhiobh agus do mharbhuigheadár é.
ball sinsearach (stair)
2018-07-07 18:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar so. Bhí níos mó daoine na gchomhnaidhe ann an uair sin ná mar atá anois. Do bhí seisear lín tighe san áit ná fhuil ach aon tigh amháin anois agus do cailleadh iad go leir leis an ocras. Cuailidh mé mo shean-mháthair á radh gur cailleadh triur driothár o'n dTír oidhche amháin leis an ocras, agus gur thug fear iad ar dhroim chapaill go dtí roilig an Chlocháin agus chuir sé ann iad.
Tháinig an Dubh ar na prátaí nuair bhíodar ag fás agus do lobhadar ins na puill. Ní raibh aon rud le n-ithe aca agus do fuaireadar bás leis an ocras. Níor cabharuig éinne le muínntír na h-áite seo go dtí gur thosnaig na daoine ag
ball sinsearach (stair)
2018-07-05 15:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Deirtear nuair tháinig an gorta mór go raibh na daoine ag fághail bhais chómh tapaidh sin ná raibh am aca iad do chur. Is amhlaidh a chuirtí iad cois na gcladhthach, nó ins na garraidhthe le cois a chéile.
Níor cabruig éinne le muinntir na háite seo ar dtúis ach sa deire do bhíodh min na déirce aca.
ball sinsearach (stair)
2018-07-05 15:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar so. Bhí níos mó daoine ann an uair sin ná mar atá anois. Deirtear go céad líntighe i mBaile Ui Dhuibhne san am san agus níl ach ceithre líntighe déag ann anois.
Bhí fear ó'n dTír ag tarrac gainmhidhe lá amháin in aimsir an Ghorta Mhóir. San am san bhí tig san Ché mar a bhfuil an ceardtain anois. Nuair a bhí sé ag gabháil tar an dtig sin chonnaic sé daoine , agus fear a' tighe á thabhairt amach aca, agus é marbh leis an ocras.
Nuair bhí Diarmuid Ó Dúbhda ag tógaint a thighe san Ché fuair sé cnámha daoine fé'n dtalamh agus fuair sé cómhra leis agus cnámha fir istig ann.
ball sinsearach (stair)
2018-07-04 17:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
daoine. Thug sé an cabáiste agus an bainne dóibh, nuair theip na prátaí ortha. Cailleadh a lán daoine san áit seo. Bhí fear i mBaile Uí Dhuínn gur b'ainm do Mícheál Ó Cearbhaill ( MíchealGeoráid) a tugtaí air, do sábhálaidh sé cuid mhaith aca. Cailleadh a lán daoine lé fiabhras agus ocras. Deiridís na daoine bochta é seo fadó :-
Mo chás nimhe na prátaí do milleadh le sioc (dubh?)
Agus na mná tighe gur dh'imig a mín.
Na páistí á sathadh síos go minic(?) ar bior
Agus leis an gránnsíol go sás(???) go minic na fir.
ball sinsearach (stair)
2018-07-04 17:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig "an droch-shaoghal" go trom ar an gceanntar so. Bhí trí oiread daoine na gcómhnuidhe san áit seo an uair sin, is ná mar atá anois. Tháinig an "dubh" nuair a bhí na prátaí ag fás agus lobhadar ins na puill, agus ins na tighthibh. An síol a bhí ag na daoine cun na h-aith-bhlíana. gheárraidís na súile amach as na prátaí a bhí folláin, agus chúiridís fé an cré iad. Bhídís ag rómhar na n-ithireacha agus aon phrátaí folláin a ghéibhidís dheinidís iad a shaoradh. Nuair a theip na prátaí ortha sé an bíadh a bhíodh aca ná bhídís ag priocadh na neanntóg agus an cabáiste agus á n-ithe. Cabhruig duine ó Clousharragh (Diarmud Ó Dubhda) le na lán
ball sinsearach (stair)
2018-07-02 13:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a thóg sí den teine an pota bhí sé lán do phrátaí. Bhí bean ag sníomh agus do chuir sí prátaí anaice le. Gach daoine a tagadh isteach a bhí ag faghailt bháis leis an ocras, thugadh sí cúig nó sé cinn de phrátaí dhóibh agus bhíodh an corcán chó-lán tráthnóna agus bhíodh sé ar maidin. agus do chabhairid gach ceanntar le Éire an uair sin , ach na Sasanaig.
ball sinsearach (stair)
2018-07-02 13:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig an droch-shaoghal ana throm ar na daoine sa cheanntar so. Do bhí i bhfad níos mó daoine i nÉirinn san am san ná mar atá anois.
Do lobhaidh na prátaí ins na poill agus ins na tighthe an uair sin. Do bhí turnapaí aca agus do lobhaidh na turnapaí agus ní raibh aon rud le n-ithe aca ach duileóga na gcrann agus féar glas , is do cailleadh mórán aca.
Aon mhaidin amháin nuair chuaidh na daoine amach bhí fear marbh ar an áit na bhfuil "Scoil Bhaile Uí Dhuibhne" suidte agus duileóga crann 'na bhéal aige. Agus bhí bean ann agus bhí mórán clainne aice. Ní raibh aon rud le n-ithe aca agus do chuir sí síos pota cloch agus nuair
ball sinsearach (stair)
2018-06-29 16:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do thuit an droch-shaoghal go cruaidh ar an gceanntar so san dhá bliain '47 agus '48. Do bhí mórán daoine insan áit seo roimh an "gorta" ach do cailleadh iad na gcéadta leis an ocras. Do lobhaidh na prátaí ins na tighthibh is ins na fuill. Annsan ní raibh aon bhiadh le n-ithe ag na daoine ach bhí min choirce ag na feirmeoirí móra. Do cuireadh iad i ngach aon áit mar ní rabhdar abalta ar iad do thógaint go dtí an roilig. Cuireadh iad i ngarraidhthe, ar thaobh na mbóithire gan chómhra gan aibíd, is gan sagart. Do chuaidh cuid eile acu thar lear go dtí na Stáit Aontuithe chun slighe-beatha do bhaint amach agus cabhair do thabhairt dos na daoine i nÉirinn.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 14:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ann iad. Leité buidhe i bhíodh ag na daoine nuair a théip na prátaí. Cailleadh a lán daoine de mhuinntír na h-áite leis an ocras. Lé h-ocras is mó a cailleadh na daoine fadó. Ní raibh aon bhiadh gann aon blíain ó sóin mar do dh'fás na prátaí agus an coirce go maith na diaidh sin.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 14:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luig an droch-shaoghal go mór ar an gceanntar so. Bhí na daoine ana ocrach san áit. Dúbhairt m'athair gur chualaidh sé a sheana mháthair á rádh gur cailleadh triúr driothar a bhí na gcómhnuidhe i dTír Uachtrach aon oidhche amháin leis an ocras; agus duine dos na cómharsain a thug an triúr driothar go roilig an Chlocháin ar dhrom capaill agus chuir sé
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 14:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
istig i mbhotháin ar feadh trí lá, mar ní rabhadar ábalta ar dul chúca iad féinig; agus núair tógtaí amach iad do dheinidís iad do chur ins na garraidhthe agus ar taobh na mbhóthar. Ní bíodh cómhra ná aibíd ortha.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 14:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do luigh an droch-shaoghal go crúaidh ar an gceanntar so. Do bhí níos mó daoine na gcómhnuidhe ann an uair sin ná mar atá ann anois. Níor lobhaidh na prátaí in-achor núair bhiodar ag fás, ach lobhadar ins na puill agus ins na tighthibh na diaidh san. Do phriocadar an méid a fúaireadar agus do chuireadar iad ach do lobhaidh an síol insan talamh. Do bhí min-choirce aige cuid aca ach ní raibh aon ní le n-ithe ag cuid eile aca. Do chabhruig na daoine go raibh croidhe mór aca , agus aigne mhaith, leótha. Do cailleadh leis an ocras iad agus le breoidhteacht do tharraing an t-ocras ortha. Do bhi droch-bhlíanta ó shoin ann (1845-46) ach ní rabhadar chómh h-olc leis an dá bhlíain sin. Núair cailltí iad , ní raibh na cómharsain ábalta ar dul chúca. Do bhídís marbh
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 12:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dtí Baile Mór ag féachaint ar caoire a bhí aige i bpáirc in a raibh an liosachán. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile cad a chíthfeadh sé ach cat breac agus a dhá shuil ar lasadh le feirg. Do chrom sé síos agus agus do chaith sé cloch indiaidh an chait. Nuair a tháinig sé abhaile bhi pian na láimh. Fúair sé bás cúpla lá na dhiaidh sin.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 11:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá mórán liosanna anaice na scoile. Liosacháin a tugtar ortha. Tá ceann acu i mBaile Ui Dhuibhne, agus ceann eile acu i mBaile Mór. Tá raitneach ag fás ar na liosacháin go léir agus tá cuma cruinn iontu.
Tá tobar i mBaile Ui Dhuibhne go nglaodtar "Tobar an Leasa" air, agus ta úachais ag dul ó'n liosacháin go dtí an tobar. Tá scéal mar gheall ar an liosacháin atá i mBaile Mór. Bhí fear na chómhnuidhe sa bhFarran fadó. Aon oidhche amháin chuaidh sé go
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 11:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus gur chuaidh fear ag abhrániacht leis an gceól. Tháinig na sidhe amach agus deineadar bacach de.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 11:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá mórán liosanna anaice le scoil Bhaile Uí Dhuibhne. Tá ceann aca i mBaile Ui Dhuibhne , ceann sa Bhaile Mór, ceann i bhFearann agus dhá cheann sa Tír. Tá áit i mBaile Uí Dhuibhne go glaodhtar "Cathair" air agus deireann na sean daoine gur b'iad na Lochlannaig a dhein é. Tá an áit sin anaice na fairrge.
Tá an ceann i bhFearann i radharc an chinn i mBaile Ui Dhuibhne. Nil mórán cré mór timceall na liosanna ach tá clocha ionta is sceacha ag fás mór dtimceall ortha. Tá lios ins an dTír agus tá poll na lár agus deirtear gur chuaidh cupla fear isteach ann agus chonnaiceadar na sidhe istig ag rinnce.
Tá lios eile i dTír agus deirtear gur chualaidh na daoine ceól istig ann agus
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 11:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'innis sí an scéal go léir dóibh. Do thug sé abhaile go Tighearna an Chláir í; agus do fuair an fear feirm mhór uaidh agus do phós sé an inghean.
Deineadh na liosachain fadó san am a bhí na "Lochlannaig" i nÉirinn. Bíonn na cait fuaidh na gcomhnuidhe ionnta. Lá amháin do chuaidh fear ag treabhadh agus do treabhaidh sé liosacháin ach do thuit sé breoidhte agus do fuair sé bás na dhiaidh sin. Bíonn soillse in aice na liosacháin go minic, go mór, mhór, san oidhche, ach san tsean aimsir is mó a bhíodar le feiscint.
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 11:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i mhála í agus rug sé abhaile í. D'fhan sí annsan ar feadh leath bliadhna aca gan siubhal ná focal do labhairt. Oidhche eile do chuaidh sé ag triall ar an lios arís agus bhiodar istig ag cainnt. D'éist sé amuich agus do chualaidh sé iad á rádh, "Bliadhan agus lá anocht goid "ciotarnach na caoire" inghean "Tighearna an Chláir" uainn." "Tá sí gan cainnt gan choisiugeacht aige, cad é an maith í," arsa duin' eile aca.
"Ní bheadh sé mar sin," arsa duin' eile eile "dá mb'áil leis luibh atá ós cionn a dhoruis féin do thabhairt di thiocfadh a cainnt 's a coisiugeacht chúici". D'imthig an fear abhaile agus ana áthas air. Fuair sé an luibh ag fás ara an tuighe agus do thugadar di é tré uisce beirbhithe. Do tháinig a cainnt agus siubhal chuiche arís, agus
ball sinsearach (stair)
2018-06-20 10:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá trí liosacháin i bparóiste Breanndáin, tá ceann aca i Lios-na- caolbhuidhe agus dhá cheann aca i mBaile mór. Níl siad a radharc a chéile in aon chor. Tá siad go léir cearnógach. Tá siad a lár gach bpairce agus tá clocha mór thimceall ar cheann aca.
An liosacháin atá i mBaile Mór, "Rín" a tugtar ar an áit agus tá poll mór ag dul isteach ann. Oidhche amháin bhí fear ag dul abhaile ó bheith ag iascaireacht. Cualaidh sé an ceól agus an rinnce istig san lios agus chuaidh sé isteach.
Nuair a chuaidh sé isteach d'imthigheadar go léir as a radharc ach cailín amháin a bhí na suidhe.
Cheistig an fear an cailín ach níor thug sí aon fhreagra air. Do rug sé uirthi ach níor bhféidir leí siubhal.
Do chuir sé isteach
ball sinsearach (stair)
2018-06-14 14:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sé an leigheas atá ar dathacha ná feanmach beirbhthe do chimilt díot féin.
Sé an leigheas atá ar teinneas fíacail ná pus na gráineóige do bheirbhiú agus é do chur leis an bhfíacail. Sé an leigheas atá ar teinneas clúaise ná blúire cadáis do chur isteach san chlúais. Sé an leigheas atá ar bruitíneach ná cruach na caorach do bheirbhiú agus an t-uisge d'ól. Sé an leigheas atá ar triuch ná gliúmhín do bheirbhiú agus an t-uisge d'ól. Sé an leigheas atá ar an líatha bhúidhe ná an "cloigín gorm" do chur a tarrach i mbainne te agus é d'ól.
ball sinsearach (stair)
2018-06-14 14:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Síad na h-aicídí agus na píanta a bhíonn ar dhaoine ná :-
Dathacha
Teinneas Fíacail
Teinneas Cinn
Feabhras Dubh
Feabhras Breac
Feabhras Bhúidhe
Teinneas Cluaise
Bruitíneach
Fairthíní
Eitín
Plucumus
Pían sa Chliabhrach
Teinneas Dhroma
Triuch
Crompaí
Aicíd na Scámhóg
Ruaidhe
Liatbhúidhe
Treighid
Aicíd na nDúbhán
ball sinsearach (stair)
2018-06-11 14:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
eile.
Dá mbeadh lámh nó cos tinn ag duine agus othar a teacht amach, cuirtear ceithrídhe do úachtar agus do phlúr leí chun é do tharrac amach.
(Bhíodh mórán seana leighiseanna aca).
Chuiridís trí ceithrídhe do búaltrach bó mar deireadh na sean daoine go leighisfeadh sé an t-At.
Deirtear an seachtú mac i n-diaidh a chéile gan aon inghean do theacht 'na measc, nó má's inghneanacha iad, gan aon mhac eatartha, go mbíonn leigheas ag an seachtú mac nó ag an seachtú inghean.
Deirtear aon mac ná inghean a bheirtear gan a n-athair a fheiscint go deo go mbíonn leigheas aca ar craos-ghalar.
ball sinsearach (stair)
2018-06-11 14:12
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus go leighisfeadh a corrán ghéill tinneas fíacail; ach ní bhíonn siad i ruith i n-diaidh an leigheas sin anois, mar téigheann siad go dtí an dochtúir agus tairrígheann siad amach as a gceann iad.
Bíonn leigheas i dtobracha beannuithe; agus téigheann siad fé loch i gcuid aca agus tá breac ionnta, agus má chíonn an duine breóidhthe an breac deir siad go mbeadh sé leighiste.
Do chuirtí na leanbhaí trí h-úaire fé bholg asail chun dathaca do leigheas. Chuiridís salann te le daoine go mbiodh tinneas 'na gclíathán, mar leigheas.
Leighiseann salann scórnach thinn leis. Cuireann siad salann isteach i gcupán uisce te chun an scórnach a glanadh agus do leigheas. Núair thairrigeann daoine a bhfíachla glanann siad an corrán géill amach, leis an uisce sin, agus leighiseann an t-uisce sin iad níos feárr ná aon leigheas
ball sinsearach (stair)
2018-06-11 13:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siad na h-aicídí agus na píanta a bhíonn ar daoine ná :-
Dathaca
Eitinn
Craos-ghalaTriuch
Aicíd na nDúbhán
Aicíd na Scamhóg
Plucamas
Leath bhuidhe
Ruaidhe
Bruithtíneach
At
Fíabhras breac, dubh, dearg, buidhe.
Bíonn galar istigh i gcroidhe agus i Gcradhthaca na daoine ná feadar éinne ach Dia.
Tá cuid de's na galair seo ná feadar dochtúir ná liag a leigheas. Deir siad an ghraineóg a mharbhú agus a chroiceann a bhaint do,
ball sinsearach (stair)
2018-06-08 19:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
arsa an Diabhal. "Sin é díreach a dhein Diabhal díot" arsa an Sagart. Do thairrig an Sagart amach a leabhar agus do thosnuig sé ag léightheóireacht. Do chur sé an Diabhal go Sruth a Mealaidh ar íochtar na farraige móire, lé meadar gan tón, gan aon díoghbháil do dhéanamh do bhád ná do long faid a bheadh Dia ag caitheamh na Glóire. D'iompuig Mac an Diabhail na Shagart nuair a chonnaic sé an Sompla a dhein an Sagart an oidhche sin .
ball sinsearach (stair)
2018-06-08 19:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chuir sé an fear sa cheann ba shia isteach aca, agus thug sé an Corp Naomhtha 'na láimh do. Thug an Diabhal fé bhreith ar an bhfear. Chuir sé an bogha-sín isteach do. Chuir sé an tarna ceann de. Nuair chonnaic an fear Diabhal ag teacht chómh cómhangrach san do, do thuit an Corp Naomhtha as a láimh ar an dtalamh. San áit gur thuit an Corp Naomhtha do d'íth Sé idir cré is uile. D'fhiarr an Sagart annsan ar an nDiabhal cad a dhein Diabhal do. "Do mharbhuigheas tinncéir," arsa an Diabhal. "Ní h-é sin a dhein Diabhal díot" arsa an Sagart. "Do mharbhuigheas dhá thinncéir", arsa an Diabhal. "Ní hé sin leis a dhein Diabhal díot" arsa an Sagart. "Do mharbhuigheas bean go raibh leanbh ar iompar aici"
ball sinsearach (stair)
2018-06-08 19:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann fadó, agus bhí a bhean breóidhte. Chuaidh an fera a thriall ar bhean leighis. Ní bh'fagadh sé aon duine a raghadh in aonacht leis, mar thagadh an Diabhal á fheiscint i lár gach oidhche. Tháinig an Diabhal roimhe nuair a bhí sé ag dul a' triall ar an bhean leighis. Dúbhairt sé leis an Diabhal leigint do anocht agus go dtabharfadh sé Dia mar Uradh dho go dtiocfadh sé istoidhche amáireach. Chuir an fear fios ar an sagart. Tháinig an sagart. "Tháinighís ar do gheallamhaint," arsa an Diabhal leis an bhfear, "ach níor tháinighís gan teachtaire". Dhein an sagart trí bhogha sín i lár an bhóthair leis an uisce coisrighcean agus
ball sinsearach (stair)
2018-06-08 13:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an gcrann a bhíonn a nead aige.
ball sinsearach (stair)
2018-06-08 13:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
caoch agus bhí tart air leis. Ní fheadfadh sé an t-uisce do bhaint amach agus bhí sé ag fágháil bháis leis an dtart. Do chuimhnig an ceann eile ar sheift. Fuair sé sop fada agus chuir sé greim de isteach 'na bhéal agus an chuid eile isteach i mbéal an franncaig a bhí caoch. Annsan do shiubhaladar agus ar an slighe do bhaineadar amach an t-uisce.
Éanlaithe:
1: Éan dubh-ghorm iseadh an seabhac. Goideann sé sicíní is lachain óga agus mar sin deineann sé díoghbháil .
2: Éan ana dhíoghbhálach iseadh an fíadhach dubh. Priocann sé na súile as na huain óga agus marbhuigean sé iad leis.
3: Éan ana dhíoghbhálach iseadh an príochán leis. Itheann sé prátaí, mainglí, agus turnapaí. Is ins
ball sinsearach (stair)
2018-06-07 15:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
coirce, agus éórna, agus féar glas.
4: Ainmhidhe beag iseadh an coinín. Itheann sé geamhar agus mar sin deineann sé díoghbháil.
5: Ainmhidhe ana bheag iseadh an ghráinneóg. Dá gcuirfeá do lámh nó do chos ar ghráinneóig a bheadh na beathaidh bheadh do lamh nó do chos teinn ar feadh cúpla mí mar bíonn nimh ar a deilgní.
6: Ainmhidhe ana dainséarach iseadh an eas ruadh. Marbhuighean sé aon ní a gheibheann sé na chodladh agus ólann sé a chuid fola.
7: Ainmhidhe salach iseadh an franncach. Deineann sé a lán díoghbhála mar itheann sé coirce, mainglí, prátaí agus turnapaí. Bhí dhá franncach istigh i bpáirc lá. Bhí ceann aca
ball sinsearach (stair)
2018-06-07 15:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
madaruadh. Tá dath ruadh air agus tá eirbeall fada scuaba(ch) air leis. Deineann sé a lán díoghbhála do fheirmeóirí. Goideann sé cearca , géanna, agus lachain. Nuair bhíonn an madaruadh ag marbhú na dreanncaidí a bhíonn air téigheann sé isteach i bpoll agus cuireann sé smúit ar féin. Annsan téigheann sé go dtí an uisce agus beireann sé ar géag toi(??) bhig a bhíonn a fás ar thaobh an phoill agus leighean sé é féin isteach ann chun an smuit do bhaint de.
3: Ainmhidhe beag iseadh an gearrfhiadh. Tá dath donn air agus deineann sé díoghbháil do's na feirmeóirí. Itheann sé
ball sinsearach (stair)
2018-06-06 18:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
S'iad na h-ainmhidhthe allta atá le fágháil sa dúthaig seo-- "Cé-Breanndán" ná:-
1: An broc
2: An madaruadh
3: An gearrfhíadh
4: An coinín
5: An Ghraineóg
6: Eas Ruadh
7: Franncach.
Éanlaithe:
1: An Seabhac
2: An Fiadhach Dubh
3: An Príochán
Ainmhidhe ana reamhar iseadh an broc. Tá dath líath air agus tá a chosa ana ghearraid. Itheann sé uain óga agus féar. Bíonn prúais fé thalamh aige agus uaireannta bíonn sé fé chloch aige.
2: Ainmhidhe ana ghlic iseadh an
ball sinsearach (stair)
2018-06-06 18:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leigheas ar tinneas fiacaill iseadh é. Anairthe do cheann an ghabhair , leigheas é sin ar tinneas cinn.
ball sinsearach (stair)
2018-06-06 18:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'innsint dá mhnaoi ach nuair tháinigh sé amach bhí an madaruadh imighthe. Ins na cnoic a mhaireann sé. Téigheann sé a choladh sa géimhridh. Deineann sé a lán dioghbhála do daoine.
An Coinín: I bpáirceana a mhaireann sé agus deineann sé dioghbháil do thalamh na daoine. Deineann an seabac a nead ?? bhfailltreacha. Goideann sé sicíní sa chómharsanacht.
Dá n-íosadh duine go mbead an aicíd sin an "Evil" air, teanga an Eas Ruaid, leigheas ar an aicídsin iseadh é. Tá bainne an fheiréid mar leigheas do dhuine a bheadh a ??? sa leabhaidh. Dá líghfheadh duine drom an aircín luacra le na theangain , beadh leigheas ar "dóghadh" aige sin . Fiacall capaill do chur i bhfolach ad chuid éaduig leigheas ar tinneas fiacail é sin . Pus na graineóige, mar an gceadna
ball sinsearach (stair)
2018-05-14 15:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ruadh a lán díoghbhála. Marbhuigheann sé uain óga agus cearca, géanna, is lachain, agus itheann sé iad. Itheann an gearrfhiadh agus an coinín féar glas agus coirce agus deineann siad a lán díoghbhála don b'fheirmeóir. Ní dheineann an ghráineóg aon díoghbháil acht itheann sí an féar a bhíonn le hais an chlaidhe. Marbhuigheann an Eas Ruadh sicíní. Bhí mada ruadh ann fadó. Oidhche amháin bhí sé ag lorg rud éigin le nithe agus tháinig sé go tig feirmeóra. Chuaidh sé go tig na gcearc. Chuaidh sé isteach trí poll beag a bhí san doras. Mhairbh sé agus d'ith sé gach aon chearc agus laca a bhí istigh. Nuair a bhí sé chun teacht amach bhí sé ró-reamhar (???); agus shín sé siar san úrlár agus leig sé air go raibh sé marbh. Ar maidin nuair a tháinig an feirmeóir amach chonnaic sé é. Chuaidh sé isteach chun an scéal
ball sinsearach (stair)
2018-05-11 11:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siad na h-ainmhithe allta atá le fághail sa dúthaig seo-- "Tír"--breanndan - ná :-
1: An broc;
2: An Mada -ruadh
3: An gearrfhiadh
4: An coinín
5: An Ghráineóg
6: An Eas Ruadh.
Éanlaithe:-
1: An Dreoilín
2: An préachán
3: An fháinleóg
4: An Roilleach.
5: An lon-dubh.
6: An fhuiseóg.
7: An gainéad.
8: A n seabhac.
9: An céirseach.
Itheann an broc cúnlach. Ní dheineann sé aon dioghbháil. Deineann an mada-
ball sinsearach (stair)
2018-05-11 11:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dá n-íosadh duine go mbeadh an aicíd sin an "Evil" air, teanga an eas ruadh leigheas ar an aicíd sin iseadh é. Tá bainne an fheiréid mar leigheas do dhuine a bheadh ag mún sa leabhaidh. Dá líghfheadh duine drom an aircín luachra le na theangain beadh leigheas ar "dóghadh" aige sin. Fiachall chapaill do chur i bhfolach ad chuid eadaig, leigheas ar tinneas fiacaill é sin. Pus na gráineóige mar an gceadhna leigheas ar tinneas fiacaill iseadh é. Anairthe do cheann gabhair leigheas é sin ar tinneas cínn.
ball sinsearach (stair)
2018-05-11 11:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus itheann sí fraoch. Bíonn nead ag an faoileán ins na failleacha agus itheann sé iasc agus peastaí. Bíonn nead ag an circín trágha ar an tráigh agus itheann sí feamnach.
ball sinsearach (stair)
2018-05-11 11:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a lán dioghbhála dos na daoine. Guideann sé a lán eallaig is uain óga. Bíonn pruais fé talamh aige. Nuair a mharbhuigheann sé a lán eallaig cuireann sé fé thalamh in áit éicin iad go dtí go mbíonn ocras air arís. Tá an eas ruadh ana dainséarach. Marbhuigheann sé aon ainmhidhe a fhaghann sé na chodhladh. Is ins an gcnoc is mó a bhíonn an gearrfhiadhach tagann sé anuas ins na páirceanna ins an oidhche chun seamar agus féar glas do ithe. Deineann an ghráineóg a lán díoghbhála. Nuair a ghaibheann sí na ba ina luighe ólann sí an baine.
Bíonn nead ag an seabhach i bhfaillteacha. Deineann sé a lán díoghbhála mar goideann sé na sicíní óga os na daoine. Deineann an príochán a lán dioghbhála dos na prátaí. Deineann sé a nead ar bharr chrainn. Deineann an cearc fraoigh a nead ins an gcnoc
ball sinsearach (stair)
2018-05-10 17:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siad na h-ainmhidhthe allta atá le faghail sa dúthaig seo-- "Tír", Breanndán ná :--
An Coinín
An Bhroc
An Mada ruadh
An Gearrfhiadh
An Ghráineóg
An Eas ruadh (luachra).
Éanlaithe:
An Seabhach
An príochán
An cearc fraoigh
An circín trágha
An faoileán
Deineann an coinín a lán dioghbhála do's na barraí óga a bhíonn ins na páirceanna. Deineann an broc a lán dioghbhála dos na h-uain óga. Itheann sé iad núair a bhíonn siad cúpla lá. Deineann an mada ruadh
ball sinsearach (stair)
2018-05-10 17:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a chonnaic an tarbh an sagart arís do bhí sé cómh ciúin le huain agus d'iompuig "Crom" na Caitlicidhe an Domhnach na dhiaidh san-- an Domhnach deirionnach de mí Iúil.
Tá lá Pátrúin i gClochán in onóir do ó shoin , agus bíonn sé ann san Domhnach deirneach de mhí Iúil.
ball sinsearach (stair)
2018-05-10 17:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fhios aige go maith god é an saghas tairbh é, ach, chun go marbhócha an sagart a bhí uaidh.
Chuaidh an sagart amach agus bhí an tarbh ann rompa. Nuair a chonnaic sé é do rith sé chuige agus do chrom sé á líghe le na teangain. D'imthigh an sagart abhaile agus an lá na dhiaidh sin do marbhuigheadar an tarbh.
Ní raibh sé ach marbh aca nuair a tháinig "Crom Dubh" agus é ar buille. Dúbhairt sé go cuireadh sé an dlighe air. Do tharraing an sagart leabhar chuige agus do léig sé amach as. Ní raibh sé ach críochnuighthe aige nuair a bhí an tarbh na sheasamh arís agus as go bráth leis indhiaidh "Crom". Ní raibh aon chabhar aige annsan ó thóir an tairbh agus do rith sé chun an tsagairt chun é do shábhailt. Nuair
ball sinsearach (stair)
2018-05-10 17:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tíoránach dob'eadh "Crom Dubh" a bhí na chómhnuidhe sa "bhFata" i bparóiste Clocháin. Fear ana shaidhbhir dob'eadh é, mar saghas tighearna talmhan dob'eadh é. Do bhí ana ghráin aige ar na Caillicí, go mór mhór ar na sagairt.
Do bhí a lán beithíg aige agus bhí tarbh fiadhain na measc. San am céadhna bhí sáipéal á chur suas i gClochán agus bhí gach aoine ag tabhairt rud éigin chun cabhrú leis an obair.
Lá amháin chuaidh an sagart go "Crom Dubh". D'iarr sé air rud éigin do thabhairt dóibh. Dúbhairt "Crom Dubh" leis dul amach ar an bpáirc agus an tarbh a bhí ann do thógaint leis.
ball sinsearach (stair)
2018-05-09 12:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do thiomáin sé an tarbh suas, agus do bhí fearg mhór air (sic) "Chrom" ar dtuis; ach i gcionn tamaill do tháinig sé go dtí an sagart agus sé an rud a dúbhairt sé ná go n-iompróchadh sé go dtí Creideamh Dé. Sé an lá bhí ann ná an Domhnach deirneach do Mí Iúil; agus do mharbhuígheadar an tarbh an lá sin; agus o'n lá san tá Patrún i gClochán aca. Tá ceann Crom Dubh geárrtha amach ar chloch ar falla an t-sáipéil sa taobh istigh fós; ach ní h-é an t-sáipéal ceadhna atá anois aca.
ball sinsearach (stair)
2018-05-09 12:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tighéarna talmhan dob eadh "Crom Dubh". Protastúnach dob eadh é leis. Do bhí sé na chómhnuidhe a b'For-a Maoil. Do bhí tarbh mór aige agus bhí an tarbh sin ana chrosta ar fad. Do bhí an sagart uair ag bailiú airgid chun sáipéal nuadh do chur suas, agus chuaidh an sagart go dtí "Crom Dubh" ag lorg airgid air. Dúbhairt "Crom" leis an sagart go dtabharfadh sé an tarbh do dá dtéigheadh sé síos go dtí an pháirc agus é do thiomáint suas go dtí an tig. Do chuaid an sagart síos go dtí an pháirc agus níor dhein an tarbh aon ní leis.
ball sinsearach (stair)
2018-05-07 16:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
macánta san d'iompuig sé go dtí an chreideamh Caitilicí. Tá dealbh a chinn curtha isteach i bfalla an seipéil agus tá sé le feiscint fós. Turas an teampeall a tugtar ar an turas a dhéintear mór thimcheall an Séipéil sin.
Nuair a bhíonn siad ag déanamh téigheann siad trí h-uaire mór thimcheall an Séipéil agus deireann siad an Coróin Mhuire gach uair.
ball sinsearach (stair)
2018-05-07 15:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fear dob eadh Crom Dubh a bhí ann fadó agus Protastúnach ab eadh é. Bhí sé 'na chómhnaidhe a mBaile Dubh. Bhí sé 'na Thíghearna talmhan agus bhí sé i gcoinnibh na Caitilicí. Bhí an sagart ag bailiú airgid chun Séipéal do dhéanamh, agus nuair a chuadar go "Crom Dubh " dubhairt sé leo go raibh tarbh i Sliabh Brúnach aige agus é d'fhagháilt. Bhí an tarbh mór fiadhain agus cheap "Crom Dubh", go marbhóchadh sé na sagairt ach nuair a chuaidh na sagairt chun an tarbh d'fhagháilt, níor dhein sé faic leotha ach dul abhaile in aonfheacht leotha go macánta. Annsan nuair a chonnaic Crom an tarbh cómh
ball sinsearach (stair)
2018-05-05 19:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a dhein an báirneach ach fáscadh air agus báthadh é.
ball sinsearach (stair)
2018-05-05 19:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Luachra istigh sa chlaidhe go mór, mhór sa claidhe go mbíonn raithneach ann. Tá sí sin ana díogbhálach leis nuair a bhíonn rudaí óga aici. Marbhuigheann sí lacha 's géanna óga. Ins na bhfaillteacha a bhionn an seabhac agus an nead déanta aca. Bhíonn síad ag fuaidreamh anáirde san spéir agus nuair a cídheann sé sicíní óga is rudaí mar sin thugann sé sciúird fútha.
Ar an gcnoc a bhíonn na cearca fraoigh agus bíonn an ciúirliún ar an dtráigh. Ní dheineann siad seo aon dioghbháil. Cuaidh an mada ruadh sios go dtí an dtráigh lá amháin ag lorg éisc. Ní raibh aon iasc le fághail aige, agus do bhí ocras mór air. Cad a dhein sé annsin ach a teanga do chur fé bháirneach a bhí ceangailte fé cloich chun é do bhogadh agus cad
ball sinsearach (stair)
2018-05-05 19:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na gcomhnuidhe agus itheann siad gach saghas bídh ar nós fraoch. Bíonn pruais ag an mada ruadh ins an gcnoc istig ar fad agus ní fhéadfhann aoine dul isteach ann. Tagann sé anuas ó'n gcnoc ar lorg bídh. Siad na rudaí go bhfuil dúil aige ionnta :-- cearca, géanna, lachain, is mar sin .
Bíonn an ghráineóg ins na cladhthacha na codhladh agus ins an oidhche is mó a bhíonn sí amuigh. Nuair a gheibheann sí na ba na luighe téigheann sí ag ól baine agus deineann sí siní na mbó tinn.
Ins na coillteacha nó in aice na tragha a bhíonn an gearrfhiadh agus an coinín na gcomhnuidhe. Ní dheineann siad aon dioghbháil ach má théigheann siad isteach i bpáirc coirce nó cruitneachan loiteann síad é.
Bíonn an t-Eaisín (??)
ball sinsearach (stair)
2018-05-04 19:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Siad na h-ainmidhthe allta atá le fágháil sa dúthaigh seo-- "Breanndán" -- ná
An broc
An mada ruadh
An Ghráineóg
An Coinín
An Gearrfhiadh
An Eas Luachra
An Airc Luachra
An cat fiaidh
An cat dearg
Éanlaithe:-
An seabhac
An cearc fraoigh
An cearc uisce
An ciúirliún
An Príochán.
Ins na chnuic a bhíonn na broic
ball sinsearach (stair)
2018-05-04 19:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dubh a feachaint air agus do bhúail sé an tarbh isteach 'na dhiaidh agus do bhúail sé na málaí arbhair in-éinfeacht leis an dtarbh agus níor corraig sé an mheadh. Núair chonnaic Crom-Dubh an sámpla do chaith sé é féin anúas ar a dhá ghlúin agus d'umhlaidh sé go dtí an talamh agus do loirg sé párdún ar Dhia agus ar an sagart agus "Domhnach Crom-Dubh" an Domnach deireannach d'Iúl agus sin é an chíall gur ghlaodhadh "Domnach Crom- Dubh" air. Tugtar turas a teampail. Deireann siad "Creidim i nDia" agus trí "Ábhé Máire". Imtheann siad tímpeall na roilige agus deireann siad faid a bhíonn siad ag imtheacht tímpeall deireann siad "Coróin Mhuire" agus deineann siad é sin trí h-uaraibh agus annsan téigheann siad isteach insa seana-sáipeal agus deireann siad Coróin Mhuire eile i bhaineann leis na mairbh.
ball sinsearach (stair)
2018-05-02 17:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
About the year 1843 a man named Orr resided where the Catholic priests now live. This man was a Prodestant (sic). Father Blake was parish priest of Roscrea then. The Catholic Church at the time was a small structure standing where the library now is. Father Blake wished to build a new church. He sent out leaflets asking the people to
ball sinsearach (stair)
2018-05-02 17:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
throbbing
For to see old Ireland rise
For to rise and chase the tyrant
From our native land away
And raise the old green banner
Once again o'er Old Roscrea.
(iii)
Side by side they stood together
On the bridge of old Athlone
And they fought with gallant Sarsfield
At Limerick Treaty Stone
And they slew the Dutch in thousands
From Aughrim's bloody fray
And the first that sprang to action
Were the boys of Old Roscrea.
ball sinsearach (stair)
2018-05-02 17:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(i):
O God bless you brave Tipperary
And smile on rebel Cork,
And God bless every Irishman
from Roscrea to New York.
You may travel Ireland over
From Lough Foyle to Bantry Bay
And you will find no men more noble
Than the boys of old Roscrea.
(ii)
Meet them singly or together
See their dark and flashing eyes,
And you'll know each heart is
ball sinsearach (stair)
2018-05-02 17:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
there is no fair green in the town. Often cattle dealers go to farmers houses and purchase cattle there. In olden days a fair which lasted for two days was held in Roscrea. It began on the 26th of March.
The farmer strikes the buyers hand as a sign of agreement when a bargain is made. When a beast is sold the purchaser is a little money which is called "luck money". The buyer marks the cattle or sheep which he buys with raddle. Often he cuts some hair from the animals back. Each buyer has his own mark. As the bought cattle leave the town the owner is obliged to pay four pence as toll money.
ball sinsearach (stair)
2018-05-02 17:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
there is no fair green in the town. Often cattle dealers go to farmers houses and purchase cattle there. In olden days a fair which lasted for two days was held in Roscrea. It began on the 26th of March.
The farmer strikes the buyers hand as a sign of agreement when a bargain is made. W
ball sinsearach (stair)
2018-04-30 14:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
A fair is held in Roscrea once a month. It is held in the streets as there is
ball sinsearach (stair)
2018-04-30 14:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
out, but in some places a potato digger drawn by one horse is used. The boys pick the potatoes after the machine.
When all are picked they are put into a pit. "Golden Wonders" and "Skerries" are the potatoes mostly sown around Roscrea.
ball sinsearach (stair)
2018-04-30 14:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
shop. While he is doing this work some women cut the seed. When all is ready the farmer starts to sow them. If he has not enough help he hires some boys. They sow the seed about a foot apart. Two or three men follow them spreading manure over the seed potatoes. The drills are then closed with the plough which has two boards. When the potato stalk appears over the clay the farmer again takes the plough and puts the earth up nearer to the plant to support it. During the summer months the potatoes are sprayed to prevent blight. In the Autumn the farmer again hires boys to pick his potatoes. The potatoes are often ploughed
ball sinsearach (stair)
2018-04-30 14:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Usually in the month of March or beginning of April the potatoes are sown around Roscrea. The farmer ploughs the ground in the month of January or February. If he has time he often ploughs the ground a second time. The gardens in the town are dug with spades and the potatoes are sown in ridges.
Potatoes are sown in drills in the fields and big farms. A special kind of plough with two boards is used to open the drills. The farmer then draws out manure from the farmyard. He also buys some manure from a
ball sinsearach (stair)
2018-04-30 13:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
every Sunday.
ball sinsearach (stair)
2018-04-30 13:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
shook the holy water on the cattle. He got no reply. He asked the same question three times. He then said that the people would know before they left the church grounds. At that moment Scully's hand was struck by his side, and it remained so until he died. Soon after the landlord, White, set the land to a man named Brenly. The district is often called Brenley's Mountain. The landlord's son drowned himself in a lake near his home. The land was divided then and today Catholics live there.
Mr. White also caused the chapel at Ballybritt to be closed. It was opened in 1905 and Mass is celebrated there
ball sinsearach (stair)
2018-01-10 12:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Págánach do b'eadh Crom- dubh agus chualamair gur thall i nGleann na h-Úmha a mhair sé. Núair a bhí an sáipéal beag atá thíar insan roilig á thógaint bhí sé ana mhór leis an sagart a bhí ag cur an tsáipéil súas. Thug sé tarbh mór don sagart agus mórán málaí cruitneachtain chun iad a mheilt agus arán a dhéanamh dos na fearaibh a bhí a' thógaint an tsáipéil. Annsan bhúail éad leis a' sagart é , agus d'órdaig sé don sagart é dhíol as an tarbh a thug sé do; agus a chuid arbhair. Dúbhairt an sagart leis teacht go n-díolfadh sé é agus mheas sé go bhfuigheadh sé mórán airgid ach ní raibh aon airgead ge'n sagart bocht le thabhairt do. Fúair an sagart meadh mór agus do scríobh sé an "t-Abhé Máire" i mblúire beag páipéir. Chuir sé an páipéar isteach san mhídh mhóir, agus Chrom-
ball sinsearach (stair)
2018-01-10 12:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Págánach do b'eadh Crom- dubh agus chualamair gur thall i nGleann na h-Úmha a mhair sé. Núair a bhí an sáipéal beag atá thíar insan roilig á thógaint bhí sé ana mhór leis an sagart a bhí ag cur an tsáipéil súas. Thug sé tarbh mór don sagart agus mórán málaí cruitneachtain chun iad a mheilt agus arán a dhéanamh dos na fearaibh a bhí a' thógaint an tsáipéil. Annsan bhúail éad leis a' sagart é , agus d'órdaig sé don sagart é dhíol as an tarbh a thug sé do; agus a chuid arbhair. Dúbhairt an sagart leis teacht go n-díolfadh sé é agus mheas sé go bhfuigheadh sé mórán airgid ach ní raibh aon airgead ge'n sagart bocht le thabhairt do. Fúair an sagart meadh mór agus do scríobh sé an "t-Abhé Máire" i mblúire beag páipéir.
ball sinsearach (stair)
2018-01-09 13:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Gleannta:-
Gleann Dearg..... Lios-na Caolbhuidhe
Gleann Duibhe Shleibhe.... Macha-an Mhíl
Gleann Dubh.... Lios-na Caolbhuidhe
Gleann Faill na mBan.... Muirfhorgán
Gleann a' Chuimín... Ara Gleann
Ara Gleann.... Tír
Gleann t-Seisce.... Macha-an Mhíl
Gleann an Eidhneáin... Tír
Gleann na Leac Dearg... Lios-na Caolbhuidhe
Gleann a' Tairbh...Lios-na Caolbhuidhe
Gleann Árd... . Muirfhorgán
Gleann na Teórann.... Lios-na Caolbhuidhe
Gleann Bán.... Macha-an Mhíl
Gleann Leac a' Fotharach... Muirfhorgán
Gleann Cúm Saileach... Muirfhorgán.
ball sinsearach (stair)
2018-01-08 11:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Log-ainmneacha i Lios-na Caolbhuidhe, Muirfhorgán, Ara-Ghleann, Tír, is Macha-an-Mhíl :-
Faill na bPórt.......Macha-an-Mhíl.
Faill Bó Ghriaire....Muirfhorgán.
Faill Dubh.....Tír.
Faill na mBan.....Muirfhorgán.
Faill Ghlas...... Muirfhorgán.
Faill na Srón.... Taobh thiar de Sróin Bhroin.
Faill na Searrach.... Muirfhorgán.
Faill a' Ghleanna... . Muirfhorgán.
Cuimín na gCnámh....Tír.
Faill Dearg... Lios-na-Caolbhuidhe.
Faill a' Leasa... Muirfhorgán.
Faill na mBothán... Ara-Ghleann.
Faill na gCaorach.... Lios-na-Caolbhuidhe.
Faill a' Phocháin....Macha an Mhíl.
Faill Carraig a' Tormáin... Tír.
Faill Feadáin Muc... Tír.
Faill Ceann Díarmada...Muirfhorgán.
Faill Eisc a t-Saís... Tír.
ball sinsearach (stair)
2017-08-04 15:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(7) Liosanna:
"Lios Mór": Is é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an lios mar tá sé an-mhór.
"Siodh Chruinn": Tá cuma chruinn air(sic) an sidhe agus is é sin an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an sidhe sin.
"Sidhe Beag": Chuala mé na sean-daoine ag rádh gur b'é seo an fáth a báisteadh an t-ainm seo ar an sidhe mar tá sé ann(sic) beag.
"Sidhe Donn": Is é seo an fáth a báisteadh an t-ainm sin ar an sidhe mar tá dath donn air.
"Sidhe na gCarraigreacha": Báisteadh an t-ainm seo ar an sidhe mar tá a lán carriagreacha thart ar an sidhe.
"Siodh Dubh": Is é seo an fáth a báisteadh an t-ainm seo air mar tá dath dubh
ball sinsearach (stair)
2017-08-03 12:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus lá amháin nuair a bhí sí ag siubhal thart ar bhruach an locha casadh a fear léithí, rug sí greim air agus chaith sí amach sa loch é agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm sin air.
"Loch na gCaoireach": Is é seo an fáth a báisteadh an t-ainm sin ar an loch seo mar luigheadh na caoirí thart ar an loch gach oidhche.
"Loch Tamhnaí an tSriotháin": Tugtar an t-ainm sin ar an loch mar tá sé in aice Tamhnaí an tSriotháin.
"Loch na n-Éiníní": Báisteadh an t-ainm sin ar an loch mar bhíodh go leór éineacha ag eitilt thart ar an loch agus ag déanamh neadracha ar an gcladach.
ball sinsearach (stair)
2017-08-01 12:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bíonn go leór samhnachán innsan loch agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm air.
"Loch na Cloiche": Chualaidh mé mo mháthair ag rádh gur tugadh an t-ainm sin ar an loch mar tá cloch mhór i lár an locha.
"Loch Cam": Báisteadh an t-ainm sin air mar tá cuma cam ar an loch.
"Loch a' Choire Dhuibh": Is é an fáth a báisteadh an t-ainm sin air mar tá sé i lár a' Choire Dhuibh.
"Loch na mBreach Caoidheach": Chuala mé nach bhfuil acht súil amháin ag na bric atá san loch sin.
"Loch Áine": Dubhairt mo mháthair liom go rabh bean ann fadó agus gur imthigh a fear uaithe
ball sinsearach (stair)
2017-08-01 12:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Loch Geal": Dubhairt na sean-daoine atá in a gcomhnuidhe ar an mbaile seo gur b'é an fáth a báisteadh an t-ainm sin air mar tá an t-uisge ann gheal san loch.
"Loch Bárr Fiodán a' Taic": Tá an loch ag bárr Fiodán a' Taic agus tá baramhail agam gur sin é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air.
"Loch na Lach Fhiadhain": Dubhairt mo athair mór liom go mbíodh lacha fiadhain ann.
"Loch a' Choire Liath": Chuala mé na sean-daoine ag rádh gur b'é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin air mar tá sé in aice an Choire Liath.
"Loch na Samhnacán": Is é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin air mar
ball sinsearach (stair)
2017-07-14 16:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Carraig na n-Éan": Dubhairt mo athair liom go mbíodh go leór éanacha in a luighe ar bhárr na carraige.
"Carraig Bhán": Tugadh an t-ainm seo ar an charraig mar tá dath bán air.
"Carraig an Ghiorraidhe": Báisteadh an t-ainm sin air mar bhíodh giorraidhe in a comhnuidhe thiar faoi'n charraig sin.
"Carraig Liath": Glaoidheadh an t-ainm sin air mar bhí dath liath air.
"Carraig na Luinge": Tugadh an t-ainm seo ar an charraig mar chuaidh long suas uirri agus (poladh an bád) chuaidh an long síos go tón na fairrge.
"Carraig na Léime": Báisteadh an t-ainm sin air mar bhíodh go leór daoine ag léimnigh ó bhárr na charraige anuas ar an talamh.
ball sinsearach (stair)
2017-07-11 15:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(5) Cairraigreacha:
"Carraig an Locha": Is é seo an fáth a ghlaoidheadh an t-ainm sin air mar tá sé in aice an locha.
"Carraig an Amhairc": Dubhairt sean-daoine liom gur féidir a lán áiteacha a fheiceál ó bhárr na carraighe agus is é sin an fáth a baisteadh an t-ainm sin air.
"Carraig Sgoilte": Chualaidh mé mo athair-mhór ag rádh go rabh sgoilt i lár na carraige agus is é sin an fáth a bháist na sean-daoine an t-ainm sin air.
"Carraig na Mná Marbh": Fuaireadh bean marbh ag taobh na carraige agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm sin air.
ball sinsearach (stair)
2017-07-11 15:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leór driosógach ag fás ann fadó.
"Polán an Tobac": Chualaidh mé daoine ag rádh gur b'é seo an áit a gcuireadh na daoine an tobac a ghuidís fadó.
"Polán na gCapall": Chualaidh mé go mbíodh féar iongantach milis ann agus théidheadh na caiple annsin gach lá ghá iththe.
"Fiodhán na Lach Fiadhan": Is é seo an fáth a baisteadh an t-ainm sin air mar bíonn go leór lacha fiadhanna ag déanamh neadracha annsin.
"Logán na Mná Mairbh": Chualaidh mé go bhfuair bean bás leis an ocras san logán sin fadó agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm sin air.
ball sinsearach (stair)
2017-07-10 12:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(ii) Logáin.
"Logán Fliuch": Is é an fáth a báisteadh an t-ainm sin air mar tá sé ann (sic) fliuch agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm sin air.
"Fiodán Mór": Chualaidh mé na sean-daoine ag rádh gur báisteadh an t-ainm sin air(sic) an fhiodán mar ta se ann(sic) mhór.
"Polán Rathnaigh": Is é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an pholán mar bíonn go leór rathnaigh ag fás annsan phólán.
"Polán na Dta(???)": Chualaidh mé go leór daoine ag rádh go bhfeiceadh go leór daoine (???) ann.
"Fiodán na Driosóige": Dubhairt mo athair-mhór liom go mbíodh go
ball sinsearach (stair)
2017-07-10 11:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an árdán sin mar tá an talamh annsin ann(sic) cruaidh.
"Árdán Bhárr Fhiodan a Taic": Tá an t-árdán sin ag bárr fhiodan an taic agus is é sin an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin air(sic) an t-árdán.
"Árdán Ruadh": Chualaidh mé go leór sean-daoine ag rádh gur tugadh an t-ainm sin air (sic) an árdán mar bhí dath ruadh ar an árdán.
"Cnoc na h-Aillthe Móire": Chualaidh mé daoine ag rádh gpo rabh aillte móra ar thaobh an chnuic agus is é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an chnoc.
"Cnoc an Chorráin": Is é an fáth a glaoidheadh an t-ainm seo air mar tá cuma chorráin air.
ball sinsearach (stair)
2017-07-07 15:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an árdán mar tá cuma chruinn ar an árdán.
"Áird Mór": Seó é an fáth a glaoidheadh an t-ainm seo ar an árdán mar tá sé iongantach mór.
"Árdán Crámh": Is é an fáth a bháist na sean-daoine an t-ainm seo ar an árdán mar bhiodh go leór cramha ar mhullach an ardáin.
"Árdán Sídh": Chualaidh mé mo athair-mhór ag rádh go raibh sé ag dul abhaile oidhche amháin agus chualaidh sé ceól binn istigh san árdán agus sin é an fáth a ghlaoidh sé an t-ainm sin ar an árdán.
"Árdán Beag": Is é an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin air mar tá sé ann(sic) bheag.
"Árdán Cruaidh": Is é seo an fáth a báisteadh an t-ainm sin ar
ball sinsearach (stair)
2017-07-07 15:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a bháist na sean-daoine an t-ainm sin ar an árdán sin mar tá sé in aice locha.
"Árdán Mháire Shalaí": Seo é an rud a d'inis sean-bhean atá in a chomhnuidhe ins an baile seó gur b'é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an árdán mar bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ag faire a cuid bó ar mhulach agus thart ar an ardán agus Máire Shalaí a bhi mar ainm uirri.
"Árdán Dóighthe": Chualaidh mé na sean-daoine ag rádh gur dóigheadh an t-árdán fadó agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm sin ar an árdán.
"Árdán Cruinn": Is é an fáth a báisteadh an t-ainm seó air
ball sinsearach (stair)
2017-07-06 18:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
tá sé ag rith eadair dhá sruthán eile.
"Sruthán na gCladach": D'iarr mé ar mo athair cé'n fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an sruthán agus dubhairt sé liom gur b'é an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an sruthán mar ritheann sé fríd Bhaile na gCladach.
(3) Ardáin:
"Ardán na Gaoithe": Is é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an árdán seo mar tá sé iongantach fuar ar bhárr an árdáin.
"Ardán Teach a' Phobail" : Báisteadh an t-ainm seo ar an árdan sin mar tá teach a' phobail déanta air bhárr an árdáin sin .
"Ardán a' Locha": Is é an fáth
ball sinsearach (stair)
2017-07-06 18:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Sruthán Leachtar Éamonn": Deireann na sean-daoine go n-éirigheann sé i n-aice le leachtar Éamonn agus is é sin an fáth a baisteadh an t-ainm sin air.
"Sruthán an Choire Dhuibh": Is é seo an fáth a bháist na sean-daoine an t-ainm sin ar an sruthánmar éirigheann sé i loch a' choire dhuibh.
"Sruthán Thamhnaí an tSriocháin": Chualaidh mé go leór sean-daoine ar an mbaile seo ag rádh gur báisteadh an t-ainm sin ar an sruthán mar tá sé ag rith tríd tamhnaí an tsriocháin.
"Sruthán Láir" : Chualaidh mé mo mháthair a' rádh gur b'é seo an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin ar an sruthán seo mar
ball sinsearach (stair)
2017-07-05 13:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
t-ainm sin air.
(a) Srutháin.
"Sruthán bárr Fhiodán a Taic": Chualaidh mé mo mháthair ag rádh gur b'é seo an fáth a baisteadh an t-ainm sin ar an sruthán seo mar gheall air go n-éirigheann sé ag bárr Fhiodán a Taic.
"Sruthán na sraithe": Chualaidh mé saen- fhear ar an mbaile seo ag rádh gur b'é sin anáit a éirigheann an sruthán.
"Sruthán an Choire Bhig": D'inis mo mháthair dhom go n-éirigheann sé san choire bheag agus is é sin an fáth a baisteadh an t-ainm sin ar an sruthán.
"Sruthán Loch a Choire Liath": Is é an fáth a glaoidheadh an t-ainm sin air mar éirigheann sé san choire liath.
ball sinsearach (stair)
2017-07-04 16:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Garraidhe Andriú Mhóir": Baisteadh an t-ainm sin ar an gharraidhe mar bhí fear a b'ainm do Andriú Mór in a chomhnuidhe annsin agus is é sin an fáth a baisteadh an t-ainm sin ar an gharraidhe.
"Garraidhe na Naoi nGiotaí": Chualaidh na sean-daoine atá in a gcomhnuidhe ar an mbaile seo ag rádh gur bhaist na daoine fadó an t-ainm sin ar an gharraidhe mar ??? ann acht naoi iomaire ar leithead ann.
"Garraidhe Garbh": Is é an fáth a bhaisteadh an t-ainm sin ar an gharraidhe mar tá an féar a fhásas annsin ana garbh gús is é sin an fáth a tugadh an
ball sinsearach (stair)
2017-07-04 16:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
t-ainm sin ar an pháirc mar bhí bean ina comhnuidhe annsin fadó ar b'ainm dí Peigí .
"Garraidhe na Scraithe": Ghlaoidh na sean-daoine an t-ainm seo ar an gharraidhe mar bhí scraith mhór i lár na gharraidhe.
"Garraidhe na h-Aithne": Is é an fáth a bhaist na sean-daoine an t-ainm sin ar an gharraidhe seo mar tá go leór aitinne ag fás san gharraidhe.
"Garraidhe an Bhogaigh": Seo é an fáth a glaoidheadh "garraidhe an bhogaid"(sic) ar an gharraidhe mar bhí go leór bogaidh ann.
"Garraidhe an Tobair": Is é an fáth a baisteadh an t-ainm sin air mar bhí tobar fíor-uisge i lár an gharraidhe.
ball sinsearach (stair)
2017-06-30 18:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
seo air mar bhí carragán cloch i lár an garraidhe agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm sin ar an gharraidhe.
"An Garraidhe Beag"; Is é an fáth a báisteadh an t-ainm sin air(sic) an gharraidhe mar bhí sé níos lugha ná na garrannta eile san fheilm fadó.
"Garraidhe na Tornóighe": Thugadh na sean-daoine an t-ainm sin ar an gharraidhe mar bhí tornóg ag bárr an gharraidhe agus sin é an fáth a thug na sean-daoine an t-ainm sin ar an gharraidhe.
"Garraidhe na Luachaire": Ghlaoidheadh an t-ainm seó ar an gharraidhe mar bhí go leór luachair ag fás annsan garraidhe.
"Garraidhe Pheigí": Chualaidh mé mo athair ag rádh gur tugadh an
ball sinsearach (stair)
2017-06-30 18:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
(i) Páirceanna :
"Garraidhe mhór": Báisteadh an t-ainm sin ar an gharraidhe sin mar bhí sé níos mó ná na garrannta eile a bhí thart air.
"Garraidhe an Chladaigh": Is é seo an fáth gur tugadh an t-ainm sin air (sic) an garraidhe mar tá sé in aice an chladaigh.
"Garraidhe na bPreáchán": Chualaidh mé sean daoine ar an mbaile seó ag rádh gur tugadh an t-ainm sin air mar bhíodh go leór preáchán 'na luighe ar an claidhe atá thart air.
"Garraidhe chúl theach na sgoile": Chualaidh mé mo athair ag rádh gur thug na sean-daoine an t-ainm sin air (sic) an garraidhe mar bhí teach sgoile annsin fadó.
"Garraidhe an Charragáin": Ghlaoidh na daoine fadó an t-ainm
ball sinsearach (stair)
2017-06-30 11:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mol an óige agús tiocfaidh sí.
Is glas iad na cnuic bhfad uainn acht ní féarach.
Is fearr dhá lá ag cur tuairisc ná lá amháin ar an cruic.
Níor fhulaing duine bás dha uair ariamh.
Is fearr éan in do láimh ná dhá éan ar an cnuic.
Nocht mo theacht is nocht imtheacht.
Is fearr teicheadh maith ná droch sheasamh.
Is maith an capall a tharraingeas a chárr fein.
ball sinsearach (stair)
2017-06-30 11:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is fearr éan in do láimh ná dhá éan ar an gcraoibh.
Is maith an capall a tarraing (sic) a chárr fhéin.
Is fearr an tslainte ná an (sic) táinte.
Níor fhulaing duine bás dhá uair ariamh.
Nocht mo theacht is nocht m'imtheacht.
Is túisge deoch ná sgéal.
Is dána an rud madadh ag á dhoras fhéin.
Is fearr teitheadh (sic) maith ná droch seasadh (sic).
Is fearr cheathramhadh de choinín ná dhá cheathramhadh de chait.
ball sinsearach (stair)
2017-06-28 13:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní mar a síltear bítear.
Is fearr rith maith na droch sheasamh.
Is olc an ghaoth nach séideann do d(dhuine) éigin.
Mol an óige agus teocfhaid sí.
Is binn béal in a thost.
Is maith an t-annlan an t-ocras.
Rud a scríobhanns an Púca léigheann sé féin é.
Nuair a bhíonns an cat amuigh bíonn cead rinnce ag na luchóga.
Is fearr dá lá ag cur tuirisg ná la amháin ar cruic.
Is fearr póca maith ná droch cháirde.
Is glas iad na cnoic bhfad uainn acht ní féarach.
Ná bain le rud nach mbainfid leat.
Nuair a bhionns an t-ól istigh bionn an chiall amuigh.
Is fearr go mall ná go bráth.
ball sinsearach (stair)
2017-06-28 13:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is aoibhne duit-se é, in do bhothán ná don tighearna talmhan i n-a chaisleán". Casadh an Búrcach leis taobh amuigh agus dubhairt sé leis nach múchfadh sé teine i n-a eastát go deo arís. Níl duine de lucht an Bhurcaigh i sean bhaile anois timcheall an ama seo. Bhí beirt sagart i mBaile an Mhuilinn. Tháinig easaontas éicint eatorra agus ba droch cháirde iad. Faoi deire d'eirigh duine aca tinn agus chuir sé fios ar an duine eile a theacht agus na sacramuint deire a thabhairt dó acht níor tháinig sé agus fuair an sagart bocht bás gan an ola dheidheanach. Tamall beag i n-a dhiaidh sin chuala an sagart torann aisteach sa séipéal. Aon oidhche amháin nuair a bhí an torann ann chuaidh sé isteach agus d'fhiafruigh sé cé bhí ag deanamh an torainn. D'freagair an sagart a bhí básuighthe é agus d'iarr sé air Aifreann a rádh dhó agus go
ball sinsearach (stair)
2017-06-20 12:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mbeadh níos mó airgid ag teacht isteach chuige. Bhí na báillí a bhí ag obair dhó chomh dona leis féin. Muna raibh an tionónthuidhe indon a chíos a íoc bhí an báille reidh lé na ghabhaltas a thógáil . Théigheadh an báille go cró na gcearc agus thóigeadh sé na sicíní ar fad do Shean "Wat" mar a tugadh air. Béigin do na tionóntuidhthe freisin an obair a dhéanamh saor ar feilm Shean "Wat"i rith na bliadna. Dubhairt sé lé duine de na thighearnaí go gcaithfeadh sé cuid de na tionóntuidhthe a chur as seilbh. Thug an tighearna talmhan cuairt ar an estát agus theasbáin "Wat" tighthe na ndaoine (??) íoc an cíos dhó. Chuaidh sé isteach i dteach aca agus bhí fear a tighe i na shuidhe os cómhair na teine agus é ag caitheamh a duidín. Dfiafruigh sé do tuige nár íoc sé an cíos faoi dhó orm (???)an tighearna talmhan lámh leis agus dubhairt sé "Ná ghabfaidh tú amach go(?)
ball sinsearach (stair)
2017-06-10 17:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí Bean Uí Sioradáin fial flaitheamhail i gcomhnuidhe agus bhí dalladh aráin agus feola aici do gach duine a théigheadh isteach chuige. Thugadar go leor oibre do na boicht san mar feilméara laidre a b'eadh iad an uair sin. D'iarr an tighearna talmhan cuid den talamh orra acht níor éist síad leo. Thug Bean uí Sioradáin comhairle dóibh gan a dhul i ndlighe leis "mar" ar sise "Is fearr tighearna talmhan de tuighe ná tionóntuidhe daire." Ní ghlacadar a comhairle agus chuireadar an dlighe air.D'eirigh leis an tighearna sa gcuairt agus chuir costas an dlighe na Sioradáin ar an mbothar. Do bhí Uaitéar de Búrca i n-a comhnuidhe i sean bhaile i n-aice le Baile Gaedhealach. Tighearna talmhan mí-thrócaireach a b'eadh é agus mhéaduigh sé an cíos ar na tionontuidhthe mar bhí sé ag obair do thighearnaí eile agus fuair sé sgilling as gach punt a bhailigh sé. Mhéaduigh sé an cíos i gCill Mhidheáin freisin ionnus go
ball sinsearach (stair)
2017-06-09 13:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gach Congnaileach ó shoin agus níl duine ar bith aca ann anois. San am fadó bhí tobar i gCill Mídheáin agus do cuireadh sé dath ar éadach. Dá mbeidh éadach lé dathú agat agus é fhágáil ag an tobar san oidhche beadh sé daithte ar maidin. Oidhche amháin ghoid duine eicint as an taobh eile den abhainn (Co. na Gaillimhe) éadach ón tobar agus níor dath sé aon rud ó shoin acht do tirimiú sé agus d'eirigh sé i ngort acar gearr ón gcéad áit. Acht ní leigfead an té gur leis an gort na daoine cuig an tobar agus do tirimiú sé arís agus d'eirigh sé an treas uair i dtalamh nár bhain lé duine ar bith. Tugtar Tobar Moinín air anois. Tá tobar eile i gCill Meidheáin ar a dtugtar Tobar Ciarrain air agus ceann eile ar a dtugtar Tobar Tóchair . Ní féidir leat a dhul thar sruthán fíor uisge. Timcheall an ama seo bhí na Sioradan i na gcomhnuidhe i lios na [???]
ball sinsearach (stair)
2017-06-09 12:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
futha thart ar an áit seo agus fuair go leor áiteacha ainmneacha uatha. Cuir i gcás Cinn Ultach agus Baile na n-Ultach. Tá na h-áiteacha seo i n-aice an pharáiste seo. Tá tobar beannuighthe i Sliabh Dairt i n-aice lé Cluan Caoin ar a dtugtar Tobar na Croise. Tá an altór lé feiceál ann fós ar a mbiodh an sagart ag ofráil an Aifreann i n-aimsir na bPéin-Dlighthe. Tá béal oideas ann a deireas na feidir uisge an tobar sin do thé ná d'feucadh ar an teine. Do bhiodh patrún ag na daoine ag an tobar sin. Go dtí seachtmú mbliadhain o shoin. Timcheall an ama sin rinne fear ar a dtugtar [???] air rud eicint as an mbealach sa tobar mar b'eigin do na daoine a dul treasna phiosa talmhan leis ar a mbealach cuig an tobar. Nuair a bhí na daoine go léir bailighthe tháinig colúr san aer os a gcionn agus chuir sé mallacht ar an gCongnaileach. Bhí goiríní ar craiceann
ball sinsearach (stair)
2017-06-08 14:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa tsean aimsir bhí tighearna talmhan i dtuaisceart na h-Éireann agus ní raibh aige acht aon mac amháin. Ní raibh aon ciall aige agus bhí sé dana agus bhí cuile short de droch-bhéasa aige. Rinne a athair a dhíthcheall leis acht theip air. Faoi dheire d'fág an mac an baile agus ní raibh a fhios ag aon duine cá ndeachaidh sé. D'orduigh an tighearna dá tionóntuidhthe a dul ar a thóiragus gan a theacht abhaile gan é. D'imthigheadar leo gur shroich dream aca Baile an Cillín i n-aice lé log buidhe. Maguidhir an t-ainm a bhí ortha. Figheadóirí a b'eadh iad agus tá a sliocht ann fós. Ní leigfeadh an eagla dóibh a dhul abhaile gan an mac. Chuair cuid maith eile
ball sinsearach (stair)
2017-06-08 14:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus an méid a d'ith sé a leigint amach. Dubhairt an fathach nár b'fhéidir le duine ar bith é sin a dhéanamh acht mar sin féin dubhairt sé , "Má tá tusa i n-ann é sin a dhéanamh táim cinnte go bhfuilim-sé i n-ann a dhéanamh". Annsin gearr an figheadóir an craiceann agus leig sé amach an méid a d'ith sé. Rinne an fathach an cleas ceadhna agus thuit sé siar mín marbh. Tháinig faitchios ar a mháthair annsin agus theich sí ón áit. Fuair an figheadóir an t-ór ar fad a bhí ag an bhfathach agus bhí a sháith aige chomh fada is a mhair sé.
ball sinsearach (stair)
2017-06-08 14:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus do chaith sé achar maith iad. Annsin cheangail an figheadóir na h-iarainn go léir le chéile thug sé a aghaidh ar an iarthar agus thosuigh sé ag feadaighil. D'fiafruigh an fathach de céard a bhí sé a' dhéanamh agus dubhairt go raibh sé ag ceapadh an t-iarann go léir a chaitheadh chuig a uncail, an gabha, go mbeadh sé úsáideach dó. D'innis an fathach dá máthair céard a bhí an figheadóir dhá dhéanamh agus gur stop sé é. Sé an trial deireadh a thug sí dóibh ná féachaint cé aca ba mhó a bhí goile aige. An oidhche roimhe sin fuair an figheadóir craiceann caorach agus chuir sé faoi a chuid éadaigh é, i ngan fhios dóibh. Do leag an máthair béile mór ós a gcomhair. Ní raibh an fathach i n-ann a chuid féin a chríochnú. D'ith an figheadóir a sháith agus chuir sé an méid a bhí fágtha isteach i gcraiceann na caorach, i ngan fhios dóibh. D'iarr máthair an fhathaigh ar an bhfigheadóir cé'n caitheamh aimsire a ba mhaith leis tar éis a dhinnéir. Dubhairt an figheadóir go mba gnáthach é féin a [???]
ball sinsearach (stair)
2017-06-07 19:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an t-uisge. Dubhairt sé léi go raibh sé ag tabhairt an tobair ar fad leis acht nár leig an fathach dó a dhéanamh. An céad lá eile chuir sí go dtí an coill iad féachaint cé aca ba mhó a thiubhradh ádhmad abhaile. Fuair an figheadóir an oiread ropaí ins an áit is a b'fhéidir leis agus d'imthigh leis. Do tharraing an fathach crann agus thosuigh an figheadóir ag ceangailt na gcrann uilig sa gcoill le chéile.D'fiafruigh an fathach de céard a bhí se a' dhéanamh agus dubhairt sé go raibh sé ag tabhairt an ádhmuid ar fad sa gcoill abhaile leis acht stop an fathach é agus dubhairt "Má thugann tú an t-ádhmad ar fad leat dóighfidh muid ró thapaidh é agus ní bheidh ádhmad ar bith againn annsin. Nuair a chuaidh sé abhaile arís d'innis sé a sgéal do mháthair an fhathaigh. Sé an treas gníomh a thug sí dóibh le déanamh ná cé aca a b'fhaide a chaithfeadh an t-iarann ba thruime. Bhí garrdha i n-aice na háite agus bhí sé lán d'iarann. Thóg an fathach dhá phíosa agus leath chéad méadhchaint i ngach ceann aca.
ball sinsearach (stair)
2017-06-07 19:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dubhairt sé "Féach an méid fathach a mharbhuigh mé agus tá mé i n-ann thú a mharbhú freisin". Tháinig faitchíos ar an bhfathach agus thug sé cuireadh do'n fhigheadóir dá theach. Chuaidh sé go teach an fhathaigh agus d'innis sé an sgéal ar fad dá mháthair. Dubhairt sí leo go dtuibhradh sí roinnt trialacha dóibh agus an té a theipfeadh air go bhfuigheadh sé bás. Sé an chéad ceann a thug sí dóibh ná féachaint cé aca ba mhó a thiubhradh uisge abhaile. Thug an fathach bairile leis go dtí an tobar agus chuaidh an figheadóir freisin acht níor thug sé acht láidhe agus sluasad. Nuair a lín an fathach an bairile thosuigh an figheadóir ag romhair mór timcheall an tobair. D'fiafruigh an fathach de céard a bhí sé ghá dhéanamh agus dubhairt sé go raibh sé ag tabhairt an tobair ar fad leis acht níor leig an fathach dhó é sin a dhéanamh agus dubhairt sé, "Má thugann tú an tobar ar fad leat ní bheidh a thuilleadh uisge againn". Annsin chuadar abhaile agus d'iarr máthair an fhathaigh ar an bhfigheadóir cá raibh
ball sinsearach (stair)
2017-06-06 15:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fathach ba shine a ghualann leis an mballa arís acht do bhuail an figheadóir ar an gcluais é nuair a bhí sé ar tí é a leagann. D'iompuigh sé go feargach ar an bhfathach eile agus dubhairt "Tusa atá ciontach le mo dhearbhráthair óg a mharbhú aréir". Annsin thosuigh siad ag troid agus mharbhuigh sé an dara fathach agus chuaidh sé abhaile gan aon dochar a dhéanamh an oidhche sin. Ar maidin tháinig an fear saidhbhir agus do theasbáin an figheadóir an fathach eile a bhí marbh dó. Annsin d'iarr sé ar an bhfigheadóir céard a bhí uaidh an treas oidhche agus shocruigh siad ar trí céad punt. An triomhadh oidhche chuaidh sé an-áirde ar an gcrann arís. Tháinig an fathach agus bhí sé ar tí an balla do leagann nuair do bhuail an figheadóir ar an gcluais arís é. D'iompuigh an fathach thart agus chonnaic sé an figheadóir ar an gcrann. Dubhairt sé leis a theacht anuas gurab é a bhí cionntach le bás a bheirt dearbhráthair. Nuair a tháinig an figheadóir anuas theasbáin sé an fógradh d'on fathach
ball sinsearach (stair)
2017-06-06 15:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an figheadóir a chuid pócaí le chlochaibh beaga agus chuaidh sé i n-áirde ar an gcrann. Nuair a bhí gach duine i n-a chodladh thainig triúr fathach. Chuir an té ba shine a ghualann leis an mballa chun é do leagann. Ar an bpointe seo bhuail an figheadóir ar an gcluais le cloich é. D'iompuigh sé thart go feargach acht ní fhaca sé aoinne. Dubhairt sé gurab é a dearbhráthair ab'óige a bhuail é. Thosuigheadar ag troid agus marbhuigh sé an fathach óg. Annsin chuaidh an beirt eile abhaile gan aon dochar a dhéanamh. Ar maidin tháinig an fear saidhbhir agus theasbáin an figheadóir an fathach dó. "Thainig na fathaigh aréir" ar seisean "agus bhiodar ar tí an caisleán a leagann nuair a mharbhuigheas duine aca". Annsin d'iarr an fear air cé mhéid a bhí uaidh chun aire do thabhairt dó an dara oidhche. Dubhairt an figheadóir go raibh dá céad punt uaidh agus tugadh dhó é. Ar tuitim na h-oidhche arís chuaidh an figheadóir i n-áirde ar an gcrann ag faire. Tháinig an beirt fathach arís sul i bhfad. Chuir an
ball sinsearach (stair)
2017-06-05 18:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann fadó agus Figheadóir a b'eadh é. Bhí sé ag obair chomh chruaidh sin gur thosuigh a lorgnaí ag cur fola. Lá te amháin tháinig na milte mioltóg ar a lorgnaí. Bhuail sé iad le n-a láimh agus mharbhuigh sé cuid maith díobh. i n-a dhiaidh sin ní raibh se i n-ann a thuilleadh oibre a dhéanamh. Annsin chroch sé fógra thart ar a mhuinnéal agus sgriobhtha air "An fear a mharbhuigh na céadta fathach " D'fhág sé a theach agus d'imthigh sé leis ag lorg a fhortúin. Tháinig sé chomh fada le fear saidhbhir a bhí ag tógáil caisleáin. Dubhairt an fear seo go raibh go leor saor aige agus an méid a thóg siad ar feadh an lae tháinig fathaigh san oidhche agus leag siad é. "Féach annseo" arsan figheadóir ag teasbáint an fógra dó. "Do mharbhuigh mise os cionn céad fathach agus má thugann tú céad punt dom béarfaidh mé aire do do chaisleán agus chifead nach ndéanfar aon díoghbháil do." D'aontuigh an fear saidhbhir leis. Bhí crann i n-aice an chaisleáin agus le tuitim na h-oidhche líon
ball sinsearach (stair)
2017-06-01 16:04
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
é. Annsin thug sí an fáinne dí. D'fhéach sé tríd agus chonnaic sé ceann an firín sa bpota agus thuit sé i laige. Annsin glaoidh sí ar na daoine eile go bhfeicfeadh siad céard do bhí aca agus nuair a connaiceadar céard a bhí ann cuireadar a bpíosaí féin sa talamh. Níor ithead blas d'aon rud a fuair bás riamh ó shoin i gCill Midheain.
ball sinsearach (stair)
2017-06-01 15:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
faoí aon rud. Dubhairt an bhean nach raibh acht faoi'n bhfirín a bhí ag caoineadh ar a dteacht amach. "Ní gan fáth" ars an sidheóg. "Beidh bó do comharsan caillte ar maidin agus sin é an firín a bhéas fágtha in-a h-áit. Beidh na comharsanna uilig ag tabhairt píosa di leo. Ná lig do do chéile píosa ar bith di a thabhairt leis". Annsin thug sí fáinne di. "Má thugann sé greim di leis féach tríd an bfáinne seo agus cífhidh tú céard a bhéas agat". Ar maidin bhí an bó caillte. Bhí na comharsanna uilig ag tabhairt píosaí leo. Dubhairt an bhean le na fear gan cuid ar bith di a tabhairt leis. Dubhairt sé go ndeanfhad sé mar na daoine eile agus thug sé an ceann abhaile leis. Ní cuirfeadh an bhean síos dhó é agus ghlan sé an pota é féin agus cuir sé síos
ball sinsearach (stair)
2017-06-01 15:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ag caoineadh a mhic. Lá amháin tháinig sidheóg cuice agus dubhairt sí léithí "Ná bí ag caoineadh do mhic tugtar aire maith dó". "B'fhearr liom é fheiceál ná a creideamh" arsan sidheóg (bean??). "Tá go maith " ars an sidheóg. "Togfaidh mise chuige tú acht caithfidh tú gealladh dom gan iongantas(??) a bheith ort faoi aon rud a fheicfeadh (??) tú". "Deanfhad sin" ars an bhean. Annsin thug sí go dtí an áit i n-a raibh a mac í. Áit breágh a bhí innti. Ag an ngeata ag dul isteach dóibh bhí firín beag agus féasóg síos go dtí a glúna air. Bhí sé ag gáiridhe go croidheamhail . Cuadhadar isteach. Connaic an máthair go raibh a mac go maith. Bhí sí sásta annsin agus dubhairt sí nach gcaoinfheadh sí a thuilleadh. Ar a mbealach amach dóibh bhí an firín ceadna ag an ngeata agus é ag caoineadh go truaighmhéalach. D'fiafruigh an sidheóg di an raibh iongnadh uirthe
ball sinsearach (stair)
2017-05-31 12:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fadó bhí nós ag na daoine i gCill Mhidheáin go n-itheadh siad na beithigh a cailleadh sa gceanntar. Bhí bean ann san uair sin agus bhí mac aici agus cailleadh é. Bhíodh an bhean i gcómhnaidhe
ball sinsearach (stair)
2017-05-31 12:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an gabha a bhí cionntach leis sin. Ní ndeacha an Blácach ar thóir an Bhrúnaigh níos mó acht shiubhal sé sráid Chlár Cloinne Mhuiris leis an ord i láimh agus a chlaidheamh sa láimh eile aige ag glaodhach cun troda ar an mBrúnach.
ball sinsearach (stair)
2017-05-31 12:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
gcapall ar an mbhothar agus ag Cnoc an tSrutháin cluineadh a phuip ag oibriú. Nuair a sroich sé an baile mór fuair sé ord agus bhris sé doras an phriosúin agus ghlaoigh sé ar bán a theacht amach. Annsan ghlaoidh sé ar a tionóntuidhe uilig a theacht amach. Dubhradar go léir go mba tionóntuidhe leis iad acht bhí a fhios aige go mba bréag é ar mar sin féin saor sé iad. Dubhairt sé lé duine aca nach raibh tionóntuidhe ariamh aige comh grándha leis. Annsan chuaidh sé ar thóir Donncadha Uí Bhrúin. Nuair a chuala an Brúnach céard do thárla agus go raibh an Blácach ar a thóir dubhairt sé go raibh aithmheal air agus d'iarr sé maitheamas ar an mBlácach. Cuir sin deireadh le crochadh na ndaoine i gClár Cloinne Muiris. B'é bán
ball sinsearach (stair)
2017-05-30 20:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
san am agus siubhal an fear gach coisceim cuige agus shroch sé an áit ar am an meadhon oidhche. Bhuail sé ar an doras agus d'fiafruigh seirbhíseach cé bhí ann agus d'freagair an Blácach ó n-a seomra féin é "Is é an diabhal ó ifrinn é no bán ó Dún Mac Críona". Ní raibh cead ag aoine bualadh ar an doras nuair a bhí an lín-tighe i n-a gcodladh. D'innis bán a sgéal dó go raibh a dearbhráthair lé crochadh i gClár Cloinne Mhuiris an lá i n-a dhiaidh sin. D'orduigh an Blácach dá giolla dul ar chapall agus mailirtiú capall fágháil dhó-san gach deich míle . Chuaidh an Blácach ar a charbaidh agus bhí na caiple ag fanacht leis gach deich mile agus chuaidh siad ar cois i n-áirde an bealach ar fad. Nuair a tháinig sé go Crosbóin chuala muinntir Clár Cloinne Muiris fuaim cosa na
ball sinsearach (stair)
2017-05-30 14:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
feidir cnámh an cosgaire a thrustáil go mbeadh sé seacht mbliadna ag bánú ar an mballa. Nuair a bhí na buachaillí bána go líonmhar í n-Éirinnbhí gabha í gCill Mhidheáin agus bhíodh sé ag deanamh na bpíc dóibh. Chuala an Riaghaltas faoi agus bhí siad ar a thóir. Lá amháin tháinig sluagh marcach agus rinne siad fáinne thart ar an gceardcainacht bhí sé i ngort cruithneachtan san am. Chuaidh na saighdiúirí isteach ann agus sheas capall air acht dubhairt an marcach leis na saighdiúirí eile a dul amach nach raibh sé ann. Cupla lá i n-a dhiaidh sin gabhadh é agus cuireadh faoi glas é i bpriosún Donnchadh Uí Bhrúin i gClár Cloinne Mhuiris. Chuaidh a dearbrathair lé n-a innseacht do'n Blácach i nDún Mac Críona. Bhí an Blácach ar cuairt in orann
ball sinsearach (stair)
2017-05-30 14:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhóirt sé an bainne chuala an Blácach é agus bhlaoidh sé ar an bfhear agus do bhain sé an ceann de lé n-a claidheamh oir d'innis sé bréag dó faoi. Nuair a bhí sé curtha chuaidh an Blácach chuig baintreach an fhir agus d'fiafruigh sé dí ar mhaith leithe posadh arís agus dubhairt sí go mba mhaith . Annsin dubhairt sé leithe fear in-a istát a ainmniú agus d'ordaigh sé an fear sin í a phósadh. B'dó a dhéanamh . Blianta i n-a dhiaidh sin cailleadh an fear sin agus do phós fear eile í ar ordú an Bhlácaigh. Bhí trí clann aici agus posadh iad uilig i bPoráiste Cill Midheáin agus fágann sin furmhór na ndaoine sa gceanntar i ngaol fola le na céile go dtí an lá indiu. Nuair a bhí sí ag fágháil bháis d'fiafruigh duine di cé aca ab'fearr leithe. Dubhairt sí nach
ball sinsearach (stair)
2017-05-29 12:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dubhairt an Blácach leis dá mbeadh sé i gcruaidh chás uair ar bith é innseacht dó. Blianta i n-a dhiaidh sin bhí mac an fhir i láthair na cuairte i gCaisleán a' Bharraigh. Níor ??? an fear ar ghealladh an Bláca go bhfaca sé ag cainnt le duine eile é. Chuaidh sé anonn chuige le na cás a mhíniughadh dó acht do bhuail an Blácach é agus dl leag sé mar cuir sé isteach air. "Ní sin é a dubhairt tú an lá a bheathuigh me do coin" ars an fear. Do thóg an Blácach é agus bhí aithmhéal air. Mhinigh an fear a sgéal dó go raibh a mac os chómhair an bhreithimh. Chuaidh an Blácach isteach agus rug sé an bhóna an chóta air agus dubhairt sé leis a dul abhaile lé n-a athair. Uair amháin eile bhí duine de na seirbhísigh ag bearadh na ngamhna agus
ball sinsearach (stair)
2017-05-29 12:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé na coin agus siúd leis ar thóir an tsionnaigh. Le breacadh an lae tugadh faoi deara go raibh na coin agus an fear i n-easnaidh. D'orduigh an Blácach dá fir na caiple fhághail agus na madra eile a sgaoileadh agus chuadar ar a dtóir. Fuaireadar iad i dtuaisceart Mhuigheo ar theorann Sligigh. Bhí an sionnach marbh ach bhí dhá choin caillte. Nuair a d'innis an fear a sgéal ní milleán a fuair sé acht onóir. Fuaireadar béile do na madra i dteach sa gcomarsanacht. Bhí an Blácach ar tí ioc ar an mbiadh nuair a d'fiafruigh an fear de ce'n t-ainm a bhí air. "Is mise Bláca as Dún Mac Críona" ar seisean. "Ní fheadfainn aon rud a thógáil ó do leithead de duine uasal" ars an fear. Annsin
ball sinsearach (stair)
2017-05-26 15:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis é agus theasbáin sé dhó é. Annsin d'fhiafruigh sé de'n sgolaire bocht cé'n mhaith a ndearna sé dhó é fheiceáil. "Tá sé chomh mhaith dhom é fheiceáil is atá sé dhuit é do bheith agat-sa" ars an sgolaire bocht. B'iongnadh leis an mBlácach an freagra sin agus dubhairt se leis an méid airgid de'n gach saghas is a bfeidir leis a thógáil. Rinne sé amhlaidh agus tar-éis buidheachas a glacadh leis dubhairt sé "tiocfaidh éan in do dhiaidh a chaithfeas ar fad é agus an talamh i n-a dhiaidh", agus b'fíor dhó é. Bhí dá paca con aca agus oidhche amháin thug duine de na seirbhísigh faoi deara go raibh na coin mí fhoighdeach. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé go raibh sionnach taobh amuigh. Sgaoil
ball sinsearach (stair)
2017-05-26 15:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí na Blácaí i n-a gcomhnuidhe i gcaisleán Dún Mac Criona bhí an sean Blácach go h-an-saidhbhir. Bhi seacht bairile go leith d'ór aige, agus an oiread céadna d'airgead geal agus glas aige. Dubhairt sé go mbeadh sé sásta ag fághail báis dá mbeadh an t-ochtmad bairile de gach saghas lán aige. Aon lá amháin bhí an sgolaire bocht ag dul thart agus d'fhiafruigh sé de an raibh sé fíor go raibh an oiread sin airgid aige. Dubhairt an Blácach gur b'fíor. Ba mhian leis an sgolaire bocht é fheiceál agus thug an Blácach
ball sinsearach (stair)
2017-05-26 15:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
faoin súiste agus dubhairt sé leo é do bhualadh go maith. Rinneadar amhlaidh agus thosuigh an deabhal ag béiceadh agus dubhairt sé leis an ngabhainn dá sgaoilfeadh sé é go mbeadh sé saor go deo. Bhí an gabha sásta ar feadh a shaoghail in-a dhiaidh sin agus nuair a fuair sé bás chuaigh sé go geataí na Flaithis . Dubhairt Naomh Peadar leis a dhul go h-ifrinn. Nuair a chuaidh sé go h-ifrinn dubhairt an deabhal leis an doirseóir gan é a leigean isteach go raibh aithne aige ar an bhfear sin cheana. Annsin d'iarr an fear tóirse ortha agus thugadar dhó é. Tá sé ar seachrán ó shoin agus aon uair a cheapas tú go bhfeiceann tú realta ag tuitim sin Liam na Lasóige nó an sop Reatha.
ball sinsearach (stair)
2017-05-25 21:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus má sgaoileann tú uaim é beidh tú saor go ceann seacht mbliadhain eile". D'imthigh an deabhal leis arís agus bhí an gabha saidhbhir go ceann seacht mbliadhain eile. Annsan tháinig an deabhal agus d'imthigh an gabha leis. Tháinig siad go teach ósta agus dubhairt an gabha nár imthigh sé thar an teach sin riamh gan deoch a bheith aige. "Tá tart mór orm anois acht níl aon airgead agam" ar seisean. "Níl aon airgead agam-sa acht an oiread" ars an deabhal. "Is minic a chualas" ars an gabha "go bféadfá meall óir a dheanamh díot fhéin". Rinne an deabhal amhlaidh. Thóg an gabha an t-ór agus chuaidh sé isteach agus theasbáin sé don óstóir é agus annsin chuir sé i n-a sparán é. Fuair sé a sháith dighe ar cáirde agus annsin d'imthigh sé leis. Níor bfada go dtáinig sé go sgioból in a raibh beirt fear ag bualadh coirce. D'fág sé an sparán
ball sinsearach (stair)
2017-05-25 20:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis. "Rachad leat" ars an gabha "acht suidh ar an gcathaoir sin go mbeidh na cruidthe ar an gcapall seo". Nuair a bhí sé déanta chuaidh an gabha isteach agus d'fhág sé slán ag a mnaoi agus a chuid páistí. Ansin tháinig se amach agus dubhairt sé leis an diabhal go raibh sé réidh. "Táim greamuighthe ar an gcathaoir", ar seisean "agus má sgaoileann tú mé beidh tú saor go ceann seacht mbliadhain eile". Rinne an gabha amhlaidh agus bhí sé saidhbhir arís. I ndeireadh an dara tréimhse tháinig an diabhal arís agus d'iarr sé air an raibh sé reidh. "Táim" arsan gabha "acht suidh ar an gcathaoir sin go mbeidh an crúdh seo deanta". "Ní suidhfeadh " ars an diabhal "mar fuaireas mo sháith de sin cheana". "Tóg an t-órd sin" ars an gabha "agus cabhruigh liom leis an gcrúdh seo". Nuair a bhí siad deanta dubhairt an gabha go raibh sé réidh. "Tá an t-órd seo greamuighthe do mo lámha agus ní fheadaim é do chaitheamh uaim
ball sinsearach (stair)
2017-05-24 19:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí gabha ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Aon lá amháin agus é ag obair in-a cheardchain tháinig an deabhal chuige agus dubhairt sé leis go dtuibhradh sé saidhbhreas dó acht a theacht leis i gcionn seacht mbliadhain. Do ghéill an gabha agus d'eirig sé an-saidhbhir. Ansin tháinig Aingeal chuige agus thug sé trí guidhe dó. Seo é an chéad ceann. Gan duine ar bith a bheith in ann a sparán a fhosgailt acht é fhéin. An dara ceann Duine ar bith a suidhfeadh i n-a chathaoir go mbheadh sé greamaighthe dí agus an treas ceann duine ar bith a thogfadh an t-ord i n-a láimh nach mbéadh sé i n-ainm é a chaitheadh uaidh acht ar mhian an ghabhann. Tá siad geallta arsan t-aingeal acht níor iarr tú ar neamh agus ní ghabhfaidh tú ann go brách. Bhí sé an-siadhbhir agus i ndeireadh na seacht mbliadhan tháinig an diabhal chuige agus d'iarr sé air a dhul
ball sinsearach (stair)
2017-05-22 15:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
draoidheach agus cuireadh cumadh na n-eilith orra arís. Bhí dhá mhadra ag an bhfear seo agus rug siad greim orra agus mharbhuigh siad í.
Ní raibh Fionn in ann focal a labhairt nuair a chuala sé í sin. In diaidh chuaidh Fionn amach agus níor fhág se fód de thalamh na h-Éireann nár iompuigh se ach tasc na tuairisg ní raibh sé in ann fhágháil amach ar a mhnaoi. Níor chuaidh Fionn amach in aon áit gan na madaidh a bheith aige ar eagla go mbhuailfeadh sé leis an eilith maol.
ball sinsearach (stair)
2017-05-22 15:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí iongnadh an domhain air, níor labhair Fionn acht labhair an bhean agus dubhairt sí gurbh' í an eilith maol a bhí dhá fiadhach an lá san aige í, agus gur buaileadh le slat draoidheacht í agus gur cuireadh cumadh eilithe uirri, go raibh sí tar éis trí bliadain do chaitheamh mar sin, gur dubhairt duine a bhí ag an draoi lei go féidir léithi teach Fionn Mac Cumhaill d'fhágháil amach go mbeadh sí 'na mnaoi arís. "Chaitheas an lá ag rith agus bhíos an-tuirseach nuair a sroicheas na Fianna liom. Do lean siad orm go dtí go raibh siad buailte amach acht amháin thú féin agus do madra". Bhí áthas ar Fhionn nuair do chualadh sé seo agus pósadh é féin agus an bhean óg, agus do mhaireadar i dteannta a chéile go ceann bliadna.
An uair seo bhí Fionn ag troid ar fead seacht lá agus nuair a tháinig sé abhaile tásc na tuairisg dá mná a bhí roimhe. Dubhairt na daoine gur tháinig fear gléasta mar Fionn agus chuaidh an bhean amach leis. Bhuail an fear arís í leis an t-slat
ball sinsearach (stair)
2017-05-20 20:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach. Chaitheadar an lá ar ghleann is ar bheann, ins na coilltibh, is ní bhfuaireadar aon nídh fós. Ins an tráthnóna agus iad ag teacht abhaile do dhúisigheadar eilith maol. Do leanadar í go dtí go rabhadar go léir tuirseach acht amhain Fionn agus a dhá mhadra Bran agus Sceolán. Do lean siad an eilith agus nuair a bhí siad i lár macaire móir agus an oidhche ag tuitim orra do stad an eilith. Thosuigh Bran agus Sceolán ag deanamh spóirt leis an eilith in ionad í do mharbh. Chuir sin iongnadh ar Fionn agus níor mhaith leis chuir isteach ar cor ar bith orra. Is minic do iompuigh sé chun dul abhaile .Bhí seacht uaire níos mó iongnadh anois air nuair a chonnaic sé an eilith dhá leanmaint agus ag déanamh spóirt le Bran agus Sceolán. Bhí Fionn 'na cómhnuidhe an uair seo cupla mile amuigh ó Cill Dara. Ní raibh se acht isteach in párlús nuair a tháinig bean óg uasal isteach in diaidh. Ní raibh fhios ar Fionn cerbh' í.
ball sinsearach (stair)
2017-05-19 19:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Chuaidh siad ag lorg a bhfhoirtiúin annsin. Tráthnóna an lá sin agus iad i bhfad ó bhaile tháinig siad go dtí áit a raibh fear marbh ar an mbóthar. D'fanadar ag féachaint air gur tháinig na Gárdaí. Nuair a tháinig na Gárdaí. "Who killed this man?" ar siad.
"We three" arsan dearbhráthair ba sine aca.
"Why?" arsan Gárda.
"For the want of money" arsan dara fear.
"You will all be hanged, " arsan Gárda.
"All right", arsan tríomhadh fear.
Tógadh an triúr annsin agus cuireadh an dlighe orra. Daoradh chun bháis iad. Sin é an bhail a chuaidh ar amadáin an Bhéarla.
ball sinsearach (stair)
2017-05-19 19:13
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An dara lá chuaidh an dara fear ar scoil. Nuair a chonnaic an bheirt eile ag teacht chun an tighe é tráthnóna ritheadar amach 'na coinne.
"Boil, ar fogluim tú aon Bhéarla ? " ar siad leis.
"D'foglum", ar seisean, "cuid mhaith".
"Maise abair duinn é agus go gcuiridh Dia an t-ádh ort," arsan mbeirt leis.
"For the want of money", ar sise.(sic)
"For the want of money", arsan bheirtagus iongnadh orra. "Cén ciall atá leis sin".
"Ná fiafruigh díom," arsan dara fear, "Tá mise dall air".
"Is cuma sin acht is breágh an Bhéarla é".
"Rachaidh mise ar scoil ambárach agus beidh Béarla agam chomh maith le ceachtar agaibh-se." Chuaidh sé ar sgoil. Nuair a tháinig sé abhaile. "Bhfuil mórán agat", arsan bheirt eile. "Ní raibh ann acht dhá fhocal eile agus tá siad sin agam".
"Abair iad," arsan bheirt.
"All right," ar sé.
"Is breágh an cainnt í", arsan bheirt.
ball sinsearach (stair)
2017-05-19 13:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Triúr dearbhráthar a bhí ann fadó agus ní raibh éinne aca ar scoil ariamh. Amadáin a bhí ionnta. Ins an am úd bhí dúil mhór ag daoine sa mBéarla. Cheap an triúr seo go mbéadh an saoghal go maith aca féin da mbéadh beagán den Bhéarla aca. Dubhairt an duine ba sine aca go racadh sé fein ar sgoil lá ar na bhárach. Ní raibh an Béarla le fágháil ach ar scoil. Chuaidh an fear ba sine aca ar scoil lá ar na bhárach. D'fhóghluim sé dhá fhocal Bhéarla an lá sin. "We three", an dá focal an lá sin. Bhí áthas ar a chroidhe ag teacht abhaile. "Tá Béarla breágh agam" ar seisean leis an mbeirt eile. "Abair duinn é ", ar siad-san. "We three" arsan dearbhráthair. "Céard é sin", ar siad. "Níl fhios agam", arsan dearbhráthair. Bhí a dhóthain Béarla annsin ag an fear aosta, agus d'eirigh sé as an scoil.
ball sinsearach (stair)
2017-05-18 16:50
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí sí réid leis an loinne tóg sí dhon mhnaoi arís é, agus ó'n lá sin go dtí go raibh laogh eile ag an mbuin leithí ní raibh an t-im ag an mnaoí. Tar éis sin ní scarrfadh sí leis an loinne go deó.
ball sinsearach (stair)
2017-05-18 16:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá ba , caoirigh, muca, capaill agus asal againn sa mbaile. Nuair a bhíonn m'athair ga dtiomáint deireann sé --"Gabh thart" leis na buaibh agus "smuc" leis an muc agus "yeir" leis na caoirigh, agus "yeip" leis na capallaibh agus an asal.
Tugaimid "bó na hadharca" ar cheann de na buaibh agus "polly" ar cheann eile. Bíonn siad ins an stábla san oidhche agus bíonn siad ceangailte le slamhra. Uiareannta cuireann na daoine iubhair isteach i gcró na mbó cun rath a chur ar an stoc. Cuireann m'athair gabhail tuighe faoi na stoc gach oidhche.
Deireann daoine gur cheart an rud é píosa eadaig dearg a cheangail ar iorball na bó a bhíonn laogh aici. Uair amháin chúaidh bean isteach go dtí teac agus d'iarr an loine ar mhnaoí an tighe cun maistriú a dhéanamh . Ní raibh ceann aici fhéin is dócha. Fuair sí é agus rinne sé an maistrú.
ball sinsearach (stair)
2017-05-18 16:44
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá ba , caoirigh, muca, capaill agus asal againn sa mbaile. Nuair a bhíonn m'athair ga dtiomáint deireann sé --"Gabh thart" leis na buaibh agus "smuc" leis an muc agus "yeir" leis na caoirigh, agus "yeip" leis na capallaibh agus an asal.
Tugaimid "bó na hadharca" ar cheann de na buaibh agus "polly" ar cheann eile. Bíonn siad ins an stábla san oidhche agus bíonn siad ceangailte le slamhra. Uiareannta cuireann na daoine iubhair isteach i gcró na mbó cun rath a chur ar an stoc. Cuireann m'athair gabhail tuighe faoi na stoc gach oidhche.
Deireann daoine gur cheart an rud é píosa eadaig dearg a cheangail ar iorball na bó a bhíonn laogh aici. Uair amháin chúaidh bean isteach go dtí teac agus d'iarr an loine ar mhnaoí
ball sinsearach (stair)
2017-05-18 16:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ná béarfar go dtí deireadh an t-saoghail". "Is doilig liom sin a creideamh le mar tá fhios agam féin gur mar mac lesge nuair a bhí Cormac Mac Airt agus Cara agus ba é an fear tinne a b'fearr sa domhan". "Bhí eolas agam ar mac lesge agus ba cheart dom a bheith theigheadh sé don coill agus d'iomchuir sé an toradh amad ar a dhruim. Bheith sé bruith go ceann seacht oidhche 'gus seacht lá , agus annsin codhladh sé seacht oidhche agus seacht lá.Ní sin é an caoi liomsa an méid atá orm a dhéanamh motrí blead úir a leagant anuas bruitheadh siad beatha agus tiubradh iteamh go méid a tuicad agus tá le teacht agus ag deire na bliadna beidh siad chomh maith is bhiodar ar dtús." "Is tú an fear is fearr sa domhan más(?) fhíor duit cuile rud tá tú rádh". "Is fíor dom a máigistir." Rinneadh ar sórt socradh annsin le chéile. "Ba mhaith an lá faoilreacht a bhí agat indhiu. ?? ar san prionnsa. "Is mór an t-aonadh nár dubhairt tú le cuid go do daoine muinntreach teacht agus ualach drama don raoc sin a thabhairt abhaile ba mór an
ball sinsearach (stair)
2017-05-17 20:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ar maidin indé,
Marbhuigh mé gé,
Bhí an sgian ró-ghéar
Ghearr mé mo mhéar.

Sean-fhocla:
Ní troimide an loch an laca.
Ní troimide an chaora a h-olann.
ball sinsearach (stair)
2017-05-16 18:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
air," ars an buachaill. "Gcluin tú, a prionnsa? Is mise an seancuid is fearr ag bord ná ceann leabhaidh a tháinic ariamh ná a thiocfas go bráth a rugadh ariamh ná a béarfar chomh fada agus bhéas uisge rithte nó féar ag fás." "Is doilig liom sin a chreideamhaint le mar tá fhios agam féin gur fada ó cailleadh eisean", arsan prionnsa. "Is maith atá fhios agam an fear atá i gceist agat," arsan buachaill. "Bhí eolas maith agam air agus ba cheart dom a bheith. Níor innis sé sin aon sgéal maith ariamh ach an sgéal a bhí ann agus an sgéal a bhéas ann . Ní h-é sin liom-sa", ars an buachaill. "Innseóchaidh mé duit an sgéal nach raibh ann ariamh agus nach mbeidh arís go bráth agus tuitfidh muinntir an domhain 'na gcodladh go socair tar éis é a chloisteál". "Is iongantach an óganach tú go cinnte . Céard eile atá tú in ann a déanamh ?" "Is mé an coisidhe is fearr a tháinig
ball sinsearach (stair)
2017-05-16 15:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
I bhfad fadó nuair a bhí an t-sean-saoghal óg bhí mac an áird ríogh in Éirinn ag fiadhach ins an gcoill. Chonnaic sé ag teacht chuige fear iongantach. Chaith sé mantal gorm agus sgiorta beag dubh garbh agus d'iomchur sé trí bhile d'iubhar treasna a chuid asgaillí. Le mar tharraing sé ar an bprionnsa chain sé ar an bprionnsa chain sé a ghlún chrom sé a cheann agus a cholainn agus d'umhluigh sé go lághach do'n phrionnsa. "Cé tú tusa?" ars an prionnsa "no céard é do ghraithe liom-sa ?". "Ógánach mé ar thuairisg mhaighistir", arsan buachaill. "Muire is maithe le chéile muid," arsan prionnsa mar teastuigheann searabhónta uaim", arsan prionnsa. "Cé'n tuarastal a bheifeá ag iarraidh le ceann bliadhna ? "(arsan) prionnsa. "An tuarastal a mbeinn féin sásta socrú air," ars an buachaill. "Bhoil, go deimhin agus cé'n mhaith mór atá tú a déanamh agus tú ag tóireacht an tuarastail a bheifeá féin sásta socrú
ball sinsearach (stair)
2017-05-12 19:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
There is a well on the Lough Mask Road called the blessed well. It is said that in the old days there was only a well on one side of the road. One night a lady came and washed butter in the well and afterwards her feet . A well appeared on the other side of the road. When the people saw it they set to work and built a beautiful wall round it. They also built two stone altars and decorated them. People went there on pilgrimages every year. When the Black and Tans came they ruined the place as they knocked the walls and broke the statues. The water is good for headache and toothache.
ball sinsearach (stair)
2017-05-12 19:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Place Names:
Cregdub :
From a big black rock in the centre of the village.
Béal an Átha:
The mouth of the ford of the Robe.
Bally-Jennings:
Dwelling of the Jennings chief.
Rath-na-gcuppáne:
The sod fort where dock leaves are very plentiful.
Cushlough:
Beside the lake.
Cappacurry(?) :
The village plot of the marsh.
ball sinsearach (stair)
2017-05-12 19:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
The seventh son is supposed to be a doctor.
The seventh daughter a nurse.
Four daughters born with a full year between them four nuns.
ball sinsearach (stair)
2017-05-12 19:15
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
dhuisigh sí an chailleach. Rith an chailleach amach an (doras) in a diaidh. Rith an cailín isteach sa muilleann agus rith an chailleach ina diaidh. D'iarr sí ar an muillneóir cá ndeacha an gearr-chaile. Dubhairt sé go ndeacha sí síos sa roth. Rith an chailleach isteach in a diaidh agus marbhuigheadh í. Pósadh an cailín agus an fear agus bhíodar an t-saidhbhir ó'n am sin.
ball sinsearach (stair)
2017-05-12 19:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
arb'fhearr leithi leath-cháca agus beannacht nó cáca agus malacht agus dubhairt sí go mb'fearr léithi leath-cháca agus beannacht. D'imthigh sí agus tháinig sí go dtí an teach ceadna agus d'iarr sí ar an gcailleach í a thógáil ar aimsir. Rinne. Chuaidh sí a codladh agus nuair a d'éirigh sí thug an bhean an sithleán dí agus dubhairt sí leithí a lán d'uisge a thabhairt dí. Chuaidh sí go dtí an tobar agus thosuigh sí ag caoineadh. Tháinig spideóg agus dubhairt sí leithí caoineach a chur taobh amuigh ar agus go gcoinneóchadh sé an t-uisge isteach. Chuaidh sí abhaile agus an t-uisge aici. Bhí an cailleach an t-sásta. Cuir sí an gearr-cháile ag cíoradh a cuid gruaige agus dubhairt sí leithi gan dearcádh suas an simléar már go raibh mála óir ann. Cuir sí an cailleach a codladh agus dhearc sí suas an simléar agus thuit an mála óir síos agus rith an gearr-cháile amach agus an mála óir aici. Nuair a bhí sí ag dul amach an doras bhuail sí a cos in aghaidh an bhuird agus
ball sinsearach (stair)
2017-05-12 11:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí triúr inghean aicí agus dubhairt ceann acu go rachadh sí féin ar aimsir agus dubhairt sí le na máthair cáca a dhéanamh.
D'iarr a máthair uirthi ar b'fearr léi cáca iomlán agus malacht nó leath cáca agus beannacht agus dubhairt sí go mb'fhearr leithí cáca agus malacht agus d'imthig sí. Thainig sí go teach sean chaillighe agus d'iarr sí uirthí í a thógáil isteach ar aimsir. Thóg, d'ith sí a suipéar agus chuadar a codladh. Nuair a d'éirigh sí ar maidin dubhairt sí leithi imtheacht agus lán sithleáin d'uisge a thabháirt cuicí, mara a n-dhéanfadh go mbainfeadh sí an ceann dí. Chuaidh an cailín ar thóir an uisge acht ní raibh sí in ann an t-uisge a tabhairt abhaile agus baineadh an ceann dí. Rinne an dara inghean an rud ceadna agus baineadh an ceann dí freisin. Annsin dubhairt an ceann b'óige go rachadh sí féin ar aimsir agus dubhairt sí le na máthair cáca a dhéanamh. D'iarr an máthair uirthi
ball sinsearach (stair)
2017-05-11 21:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Uair amháin bhí fear ann. Bhí air dul isteach i dteach comharsan cuin sgilitín fághail le a dhinnéir. Chuaidh sé isteach ins an dteach agus chonnaic sé duine maith in-a shuidhe istigh sa caileach agus dhá shúil móra air. Rug an fear ar an sgilitín agus d'eirig an duine maith amach as an caileach agus rith sé chuig an sgilitín. Tháinig an fear amach an dara uair chun é d'fághail agus dubhairt an duine maith leis "Téig amach go b'uatfasach nó brisfeadh mé do chloigeann". Ní raibh sé i bfad amuigh go dtáinig sé isteach chun é fhághail agus fuair sé é mar bhí an púca in-a codladh. Taréis sin briseadh cos an fhir sin trí uair.
ball sinsearach (stair)
2017-05-11 15:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá dhá lios in mo cheanntar. Tá siad tuairm's leath míle ó'na céile. Cuireadh annsin íad núair a bhí na Narmánaig in Éirinn chun áit do chosaint. Tá casán fó-talamh ag dul ó ceann acú go dtí an ceann eile ionnus núair a bheadh na saighidiúirí ga n-ionsuidhe íad in áit go bhféadfadh na daoine a bhí san lios eile rith ar an gcasán go dtí an ceann eile gan fhios ag na saighidiúirí.
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 19:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí bean ann uair amháin. Bhí sí an bhocht. Bhí lá Naomh Mairtin ag teacht agus ní raibh fhios aige (sic)céard a marbhóchadh sí le h-ónóir an Naomh. Bhí sgata cearc aice agus coileach breágh dubh. Rug sí ar an gcoiligle h-aghaidh a mharbhú. Níor mhaith leithe é a mharbhú agus leig si amach leis na cearca arís é. Nuair a d'eirigh sí ar maidin leig sí amach na cearcha. Ceard a bhí ann acht coileac bán in áit an choilig dhubh.
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 19:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: Níl sí amuigh agus níl sí istig acht tá sí faoi díon an tighe = (fuinneog)
2: Chuaidh mé suas an bóthar , tháinigh mé anuas an bóthar agus thug mé an bóthar liom ar mo dhruim = (dréimre)
3: Caora dhubh agus lomra bán uirrí = (greideal)
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 19:17
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
na rogairí istig sa roilig ag cóireacht an uaig. Agus an caileac istig san roilig. Síl an rogaire gur saoire a bhí ar druim an buachalla. "Bhfuil sí reabhar," arsan rógaire. "Caol no reabhar sin agat í" agus caith sé an caileach anuas ar an rogaire agus rith sé abhaile le faithchios. An t-sean bhean nach raibh in ann siubhail d'éirigh sí go tapaidh agus rith sí chomh tapaidh is bhí sí in ann. Is sean-focal é seo "nuair is cruaidh don caileac caithfidh sí rith."
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 19:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ins an t-sean aimsir duine saidhbhir ar bith a caill cuireadh fáinní agus óir sa chómhnra leo agus bhíodh ar na daoine muintreacha gach aire a thabhairt d'on chómhnra mar gheall ar na rogairi a tagadh san oidhche agus bhainidís gach rud luatmar dá mbeadh sa cómhnra. Bhí bean go comraidhe ag an mnaoi saidhbhir seo a cailleadh agus dubhairt an comraidhe seo dá mbeidh sí in-ann siubhal go rachaidh sí go dtí an cómhnra agus go maireadh sí é seachtmain. D'fiafruig sí dá mac an iomprócadh sé í cómh fada leis an uaig agus go maireadh sí an cómhnra an oidhche sin. Dubhairt sé nach n-iompróchadh sé í. D'fiafruig sí don buacaill aimsire an iompróchadh sé í agus go dtiubradh sí punt do. Iompróchadh thú chomh fada leis an uaigh agus chuaidh sí ar dhruim an bhuacalla. Nuair a bhí sí ag teacht chomh fada leis an uaig bhí ceann de
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 13:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: Tá sé ann ó thus an t-saoghail is nil se raithe d'aois.
2: Molt mór, dubh, teann,
Istigh idir dhá ghleann
Nuair a bhogann an molt mór, dubh, teann,
Bogann an da gleann.
(Asal agus párdoga air).
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 13:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
5: Céard a déanfadh mac an cait ac luch a mharbhadh.
6: Nuair a críonas an t-slat is deacair a sníomh.
7: Díth céille an rud a bhaín na Méara de Mhurchadh.
8: Tiomsuigheann brobh beart agus líontar sac le poiríní.
9: Meileann muilte Dé mall acht meilid mion mín.
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 13:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: An té a dtéigheann cáil moch óirghe amach air ní miste do codladh go tráthnóna.
2: An té nach gcuireann san Earrach ní bhainfidh se sa bhFóghmhar.
3: Is maith an capall a tharraingeas a cárr féin.
4: Lá an éigin seadh a feactar an caraid is fearr.
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 13:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: Scéal, scéil, ruball ar an éan,
Láir bhacach bhuidhe, searrach óg 'na luighe,
Brian agus a mhac, mada ruadh is cearc,
Teine i gceann an tighe, is abair sin arís.
2: Fiche bliadhain ag teacht,
Fiche bliadhain go maith,
Fiche bliadhain ag meath,
Is fiche bliadhain gan rath.
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 13:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
nach raibh mé a iarraidh.
(Dealg).
3: Muiltín iarainn is driobaillín olna.
(Snáthaid is snáith ).
4: An rud is mó a bhfuil súile air agus nach bhfeiceann.
(Fata).
5: Cén rud a nionns siubhal ar a chlaigeann.
( Tairnge bróg).
ball sinsearach (stair)
2017-05-10 13:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: An rud a théigheanns i bhfad téigheann sé i righneas.
2: Is minic an fear fada ag ceannacht fataí ón bhfear gearr.
3: Is dana gach mada ar a charn aoilig fhéin.
4: Arsa Cailleach Bhéara
le Cailligh Mhuigheo -
"An té bhíos go maith duit,
Bí go maith dó."
5: Ní dhearnaidh béal 'na thost aimhleas.
6: Is binn béal 'na thost.
7: Is fada ón stuaim an stocaireacht.
8; Is minic ciúin cionntach.
9: Ba mhinic comhairle mhaith ag amadán.
10: Is maith an bádóir an té atá ar an talamh .
11: Múin dod mháthair le leite a dhéanamh.
Tomhaiseanna:
1: Cailleach sa chlúid,
Bior 'na súil,
Is í ag útamáil.
(Tuirne).
2: Chuaidh mé suas an bóithrín is thug mé liom rud
ball sinsearach (stair)
2017-05-04 21:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sa gcoill agus tháinig síad isteach agus marbhuigh síad an mada. Chúaidh an cailín beag abhaile chuig a mháthair féin agus bhí an cumha uirthe in-dhíaidh a mháthair mhóir.
ball sinsearach (stair)
2017-05-04 20:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí cailín beag ann uair amháin agus bhí a sean mháthair in-a cómhnaidhe lei féin in aice lei. Tháinig sí chuig a sean mháthair lá go bhfeiceadh sí an raibh sí go maith. Fúair sí in a leabaidh í. "Tá tú tinn a mháthair mór acht imtheóchaidh mise abhaile agus innseóchaidh mé do mo mháthair go bhfuil tú ann tinn."
D'imthigh sí lei agus d'fhág sí an doras fhoscailte. Bhí mada fiadháin ins an lios in aice leis an teach. Thainig se isteach ins an teach. Chúaidh sé síar ins an seomra agus marbhuigh sé an t-sean-mháthair agus d'ith sé í. Annsin chúaidh sé isteach ins an leabaidh agus shocruigh sé an t-éadach air féin.
Núair a tháinig an cailín beag isteach chúaidh sí síar ins an seomra. "Ó a mháthair-mhór nach agat atá an t-éadan mhór agus nach agat atá an dá láimh mhóra." Ní tuisge a dúbhairt sí é sin ná léim sé amach as an leabaidh agus rith an cailín beag amach as an leabaidh , agus rith an cailín beag amach agus í ag sgreadail. Cualaidh beirt fhear í a bhí ag baint adhmaid
ball sinsearach (stair)
2017-05-04 20:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí gabhar agus coileach ann aon úair amháin agus bhí cion mór aca ar a chéile. Shocruigh síad ar aistear a dhéanamh le n-a chéile. Ar thuitim na h-oidhche do bhúail síad isteach i gcill. Bhí crann árd sa gcill agus chúaidh an coileach in áirde ar an gcrann agus fúair an gabhar leabaidh fa bhun an chrainn. Codhluigh síad go maidin. Do ghlaoidh an coileac ós árd go luath ar maidin. Chualaidh an sionnach an glaodhach agus tháinig sé chuig an gcrann agus thosuigh sé ag moladh an choiligh ag rádh gur mhaith leis aithne a thabhairt ar an té a raibh an guth breagh sin aige. "Gabh thart ag bun an chrainn seo" ars an coileach "agus dhúisigh mo giolla". Ní túisge a rinne an sionnach amhlaidh ná léim an gabhar amach agus marbhuigh sé an sionnach, agus annsin tháinig síad ar ais abhaile.
ball sinsearach (stair)
2017-05-03 19:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
A Sheán a mhic mo chórsa
Má tá tú dul a phósadh
Níor dhúbhairt mé leat go fóill é
T'éirigh tí sí finn
Tá airgead agus ór ann agus cailíní go leor ann
Sin í an cailín cuirí
Nach ndéanfhaidh troid ná Bhraoin
Acht má phósadh tú an bhfairseach Beidh aithmhéal ort amárach
Masló sí do mhuintir agus cruinni sí do chroidhe
Acht má tá tu fuilte sásta
Gan curam bean nó paiste
Sin é an chaoi is sibhnóiche
A caithéas tú do shaoghal.
ball sinsearach (stair)
2017-05-03 19:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa t-sean aimsear bhí fear ann. Bhí sé ag baint an fhéir lá. Céard a bhí ann acht girrfiadh in a chodladh. Léim sé amach agus do chaith an fear an speal leis agus do bhain sé cos de.
Lá amháin bhí sé ag dul go dtí an aonach. Bhí sé an moch agus chonnaic sé teach agus solas ann. Bhuail sé ag an doras agus d'osgail an fear an doras. Chuaidh sé isteach. Chonnaic sé fear in a shuidhe agus ar sé "Céard tá ort". Dubhairt an fear "Ta fhios agat". "Ó níl" ar seisean. "An gcuimhin leat an lá a bhí tú ag baint an fhéir? An gcuimhin leat an giorrfiadh a léim amach . Mise a bhí ann an lá sin agus tá mo chos briste ó'n lá sin amach". "Ó tá truagh agam duit " arsa an fear.
"Oscail an cómhra agus gheobhaidh tú póta óir" arsa an fear. D'oscail an fear an comhra agus do fuair sé an pota. Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí sé saidhbhir go bhfuair sé bás.
ball sinsearach (stair)
2017-05-03 19:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa t-sean aimsear bhí fear ann. Bhí sé ag baint an fhéir lá. Céard a bhí ann acht girrfiadh in a chodladh. Léim sé amach agus do chaith an fear an speal leis agus do bhain sé cos de.
Lá amháin bhí sé ag dul go dtí an aonach. Bhí sé an moch agus chonnaic sé teach agus solas ann. Bhuail sé ag an doras agus d'osgail an fear an doras. Chuaidh sé isteach. Chonnaic se fear in a shuidhe agus ar sé "Céard tá ort". Dubhairt an fear "Ta fios agat". "Ó níl" ar seisean. "An gcuimhin leat an lá a bhí tú ag baint an fhéir? An gcuimhin leat an giorrfiadh a léim amach . Mise a bhí ann an lá sin agus tá mo chos briste o'n lá sin amach". "Ó tá truagh agam duit " arsa an fear.
"Oscail an cómhra agus gheobhaidh tú póta óir" arsa an fear. D'oscail an fear an comhra agus do fuair sé an pota. Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí sé saidhbhir go bhfuair sé bás.
ball sinsearach (stair)
2017-05-01 11:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí cailín beag ann uair amháin agus bhí a sean-mháthair in a comhnuidhe leí féin in aice leí. Tháinig sí chuig a sean-mháthair lá, go bhfeicfeadh sí an raibh sí go máith.
Fuair sí in a leabhaidh é. "Tá tú an-tinn a mháthair mhór ach imtheochaidh mise abhaile agus innseóchaidh mé do mo máthair go bhfuil tú an-tinn".
D'imthig sí leí agus d'fág sí an doras focailte. Bhí mada fiadhain ins an lios in aice leis an teach. Tháinig sé isteach ins an teach, chuaidh sé siar ins an seomra agus mharbhuigh sé an tsean-máthair agus d'ith sé í. Annsin chuaidh sé isteach ins an leabhaidh agus shocruigh sé an t-éadach air féin.
Nuair a tháinig an cailín beag isteach chuaidh sí siar ins an seomra. "Ó a mháthair mór nach agat atá an t-éadan mór, agus nach agat atá an dhá -láimh móra". Ní tuisge a dubhairt sí é sin ná léim sé amach as an leabaidh agus rith an cailín beag amach agus í ag sgreadaíl. Chuala beirt fhear í a bhí ag baint adhmaid sa gcoill agus tháinig siad isteach agus mharbhuigh siad an mada Chuaidh an cailín beag abhaile chuig a máthair féin agus bhí an-chumha uirthi i ndiaidh a máthair-mhóir.
ball sinsearach (stair)
2017-05-01 11:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fá na ucht is é ag silt na ndeór go trom.
An fárr doras lá báistighe.
ball sinsearach (stair)
2017-04-28 13:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Cé h-iad na trí ainmhidhthe is measa a bhfuil cloigní orra ?
Cloigeann Gabhair, Cloigeann Creabhair agus Cloigeann Cnúdáin.
Ceathrar a rith, ceathrar ag crith, beirtín eólais agus Tóibe air deireadh.
Bó ag rith.
Trí chos i n-áirde dhá chois ar thalamh ceann an duine beo i mbéal an duine mhairbh.
Bean agus pota ar a ceann aice.
Tanaidhe thíos, leathan thuas a' leigint a sgíth agus a lámh i n-a cluais.
Buicéad.
Saigidiúirín dearg ar bhárr an chrainn, cloch i n-a bholg agus maide i n-a cheann.
Seilín.
Cé h-é an fear bocht agus maide
ball sinsearach (stair)
2017-04-28 12:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Is fearr sean fiacha ná sean-fhaillighe .
Is fearr an maith a maoidhtear ná an maith nach ndéantar.
Ná trustaigh craiceann an mhúille go mbeadh sé seacht mbliana ar na fraghthacha.
Fághann ciaróg ciaróg eile amach.
Is fearr féachaint rómhat ná dhá fhéachaint in do dhiaidh.
ball sinsearach (stair)
2017-04-28 12:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Rinne na sean-daoine na coinnle fadó as ceir agus blonag iad mascadh le chéile. Seo é an caoi a ndéanadh siad na coinnle.
Geobhadh siad pota miotal agus cuirfead siad an ceir agus an blonag isteach sa bpota. Nuair a bhíodh sin déanta acú cuirfead siad an pota sios ins an teine agus bruitheadh siad an ceir agus an blonag. Tar éis deich noimeataí tógadh siad suas an pota fághadh siad annsin é go n-eirigeochad sé fuar.
Annsin thosnuigheadh siad ag obair ag déanamh na coinnle chuireadh siad amach ar an mbord é agus dhéanadh siad leathan é chuireadh siad sreang í lár an gréis agus dhunadh siad suas é agus bíonn na coinnle déanta acu annsin.
ball sinsearach (stair)
2017-04-28 12:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tá mise in mo chomhnuidhe i mbaile beag cúig míle ó Baile an Rodhba agus sé an t-ainm atá air ná Bailemáirtín. Tugtar an t-ainm sin air mar núair a tháinig saighdiuirí Cromaill go h-Éirinn fadó tháinig ceann acú go Bailemháirtín agus casadh fear air darbh ainm Mairtín agus d'fiafruig sé de Máirtín an sort talmhan a bhí thar timcheall na h-áite. "Ó" arsa Máirtín, "ní fiú biorán é". "Well , más sin é an chaoí" arsan saighdiúir, "coinnig tú féin é",
agus ón lá sin amach tugtar an t-ainm sin air.
Cillmheadhon:
Tugtar an t-ainm sin air mar nuair a tháinig Naomh Pádraig go h-Éirinn fadó chuir sé trí cill ar bun thar timcheall na h-áite seo. Chuir sé ceann i gCillmheadhon agus chuir sé ceann ar an taobh theas agus ceann eile ar an taobh thuaidh de agus ó thárla go raibh an ceann i gCillmheadhon idir an dá ceann eile tugtar an t-ainm sin ar an áit.
ball sinsearach (stair)
2017-04-28 12:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Seacht lán reilg Pádhraig, iomba Críosta,
Brat Brigidhia
Níor leagta grainí gainimh ar an tráigh,
Ná leagta ribi féar ag fás,
Ná leagta braon drúchta ar a bharr,
Ná leagta sin beannachta le h-ainm (abair annseo duine ar bith is mian leat)
Brigidh agus a brat,
Muire agus a mac,
An dhá aspol deag
'G am cúmhdaighe arís go maidin.
ball sinsearach (stair)
2017-04-27 15:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'fhan na fir eile ins an Alondra agus do shábháladh iad an lá i ndiaidh sin.
Scéal 2:
The steamship Ailsawald left Liverpool on Decembar the 20th 1900. She was bound for Hampton Roads, South America. On passing the fastnet two days after she left Liverpool a terrific north westerly gale arose, causing her to break her propeller shaft. She was driven helplessly before the wind down the bay north of Cape Clear , and about ten o' clock that night she struck the rocks north of Sherkin. The people of the Island saw her distress signals and hurried to where she was . With the aid of ropes and a boat they succeeded in taking the crew off safely. The crew were taken to the houses on the Island. The Ailswald was not refloated until March the 18th 1901 and during that time there were divers working under water repairing holes in her bottom. She was then towed off by tug boats and taken to Rushbrook Docks to be refitted for sea again. Some time afterwards it appeared in the papers that she was lost in the English Channelwith all hands in the Winter of 1902.
ball sinsearach (stair)
2017-04-27 15:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Scéal 1:
Sa bhliain naoi gcéad déag is a seacht déag bhí long (Alondra) ag dul ó Spáinn go Sasana agus bhí lasta mór aici. Bhí sí ag dul thar Oileán Dubhlainn (Kedge Rocks). Bhuail si i gcoinnibh carraige ann agus d'fhan sí ann ar feadh sé seachtmhain. Chuir amach fuireann an Alondra bád beag agus chuaidh ochtar acu isteach ann. Nuair a bhí siad ag dul fé dhéin an Oileáin Dubhlainn (Kedge Rocks) d'iompuigheadh an bád. Báthadh a raibh istigh ann
ball sinsearach (stair)
2017-04-27 15:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
solais beidh droch aimsear againn.
9: Nuair a bhíonn carraigeacha Oileán na Draighnigh ag briseadh comhartha gaoithe aniar adthuaidh is eadh é.
10: Briseann Tráigh Eoin Mhóir nuair a bheidh gaoth aniar againn.
11: Nuair a bhíonn spéir dearg ar maidin beidh báisteach agus gaoth againn, ach nuair a bhíonn sí dearg san tráthnóna beidh aimsear breágh againn.
12: Dá bhfeictheá na gaethe soluis ón tigh soluis atá ar Carraig Aonrach (Fastnet) ós cionn inis Cléire suas sa spéir beidh báisteach againn.
ball sinsearach (stair)
2017-04-27 15:05
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
2: Am nó taoide ní fhannain sé lé h-aoine.
3: Briseann an dúchas tré súilí an cat.
4: Ní cosuigheann cloch ratha caonach.
5: Núair a thiocfainn se crúaidh ar an calaidhe caithfidh sí rith.
6: Núair a stopaidh an síol stopfaidh an fuirseadh.
7: Ní thaganns an oíge faoi dhó choidhche.
8: Ní hé lá na gaoithe lá na sgoilb.
9: Ní tháinic gaoith mór araimh nach déanann sé maitheas do dhuine eicínt.
10: Is binn béal in a thost.
11: Ní glacann béal dúnta aon míltóga.
12: Níor bhris focail maithfíacail araimh.
ball sinsearach (stair)
2017-04-26 16:30
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: Nuair bhíonn scamaill dhorca ag rith treasna na spéire sin comhartha go mbeidh báisteach againn.
2: Nuair bhíonn na réaltíní ag spreacharnaigh sin comhartha go mbeidh sioc againn.
3: Nuair a síltear go bhfuil áiteanna atá i bhfad uainn níos comhgaraidhe dúinn beidh báisteach againn.
4: Nuair bhíonn fáinne mór-thímcheall na gealaighe, agus nuair bhíonn sé ag dul i méid sin comhartha go mbeidh aimsear bhreág againn.
5: Tá carraigh ag béal cuain Dún na Séad ar a tugtar Rinn Dubh (Black Point) agus nuair a chloistear í ag scordán beidh stoirm againn.
6: Tá carraigh ar an dtaobh tuaidh de'n Oileán seo ar a dtugtar an "Muilleann". Má raibh na tonntacha ag briseadh i gcoinnibh na carraige sin comhartha stoirme.
7: Tá faill i Sliabh Mór ar a tugtar Rinn a Bhuilg. Má raibh an faill sin "ag bhriseadh" bheidh báisteach trom againn.
8: Tá carraig idir Inis Cléire agus Inis Arcáin ar a tugtar an Charraigh Mhór. Dá bhfeicteá an charraig ag tabhairt
ball sinsearach (stair)
2017-04-26 16:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí tigh gheata ann uair amháin agus ní chodluigheadh aoinne ins an dtigh mar gach oidhche nuair a ragadh sé a chodladh bheadh rud éigin ag deanamh glor agus fothramh.
Tháinig fear agus dubhairt sé mbeadh fhios aige cad a bhí ann.
Scaip sé plúr mór-thimcheall ar a leaban agus suas an staighre agus annsan chuaidh sé a chodladh.
Is gairid a bhí se na chodladh nuair d'airig se an glor agus radaí ag rith ar an úrlár.
Las sé coinneal agus d'éirigh sé. Ní raibh aon rud le feiscint aige ach rian franncach in gach áit. Chuaidh sé isteach a chodladh agus d'fhan sé ann go sámh go dtí an maidin.
ball sinsearach (stair)
2017-04-26 16:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí áit ann uair amháin agus bhí fhios ag na daoine go raibh airgead curtha ann. Bhí go leór aca ag déanamh iarrachtaí chun é fhághailt acht níor éirig leo mar do chuir tarbh díbirt ortha.
Tar éis tamaill do chuaidh trí dearbhratharacha go dtí an sagart agus d'inniseadar an scéal dó mar gheall ar an airgead. Do thug se uisce coisrighthe dhóibh agus dubhairt se leo trí fáinní do dhéanamh leis an uisce thimcheall ar an áit in a raibh an t-airgead agus dul ag obair ann. Ní bheadh i comhacht an tairbh teacht leatistig de's na fáinní.
Is gairid bhiodar ag obair nuair a chloiseadar an tarbh ag búirthig go h-árd. Sheasuigheadar le chéile agus nuair a tháinig an tarbh go dtí an uisce do stad sé. Chaith ceann aca cuid de'n uisce as buidéal air. D'imthig sé tré theine shuas sa spéir. Chuadar ag obair agus fuaireadar an t-airgead agus abhaile leo go sásta leo féin.
ball sinsearach (stair)
2017-04-26 15:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do thóghadh a lán sean daoine isteach go dtí an Ósbuidéal acht má seadh do chailleadh na milte acu. Ní raibh lá na feictear ualaí daoine ag teacht amach ón t-Ósbuidéal chun iad do chur i Roilig i tSléibhe. Bhí cuid des an daoine bochta curtha agus ní rabhadar marbh amach. Tá na mílte uag le feiscint i Roilig i tSléibhe go dtí indiu. Tá cros mór na seasamh i lár na Roilige le cuineamh ar na daoine bochta a fuair bás le h-ocras.
Do chuaidh mé isteach ins an Roilig lá agus dubhairt mé cúpla pheadar ar son anam na marbh. Tar éis na bliana cruadha san d'fhág go leór cailíní agus buachaillí óga a dtír féin agus chuadar go dtí Aimeirce chun a gcuid bidh do thuilleamh.
ball sinsearach (stair)
2017-04-23 21:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Fadó fadó in Éirinn do mhair na daoine go mór ar na prátaí mar biadh acht tháinig an t-am nuair a bhí easba bídh ann mar do theip na prataí agus do luigh an droch-shaoghal go trom ar na daoine.
Do luigh an droch-shaoghal go trom ar na daoine ins an gceanntar seo mar bhí i bhfad níos mó daoine ann ná mar atá anois agus bhí an áit ró bheag chun iad go léir do chothú annsan.
Seo mar do tharla. Do tháinig an Dubh ar na prátaí agus iad ag fás ins na driollaí. Do loitheadh iad go léir agus ní raibh aon mhaith ionnta annsan. Ní raibh le'n -iththe ag na daoine annsan acht leite agus turnaipí . Do luigh an ocras go mór ar na daoine bochta. Bhí na feirmeóirí ana chruaidh ortha mar ní cabhruighidís leo. Is minic a chuaidh na daoine bochta san oidhche go dtí gort na feirmeóirí agus do ghoideadar na turnaipí.
ball sinsearach (stair)
2017-04-22 17:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
maighistir acht bloc adhmaid leis.
Ní raibh aon cóip leabhra nó pinnluaidh ag na páistí acht do scríobhadar ar leic mhóir le cloca beaga a fuaradar ins na h-aibhnibh.
Bhí mo shean únchal ag dul go dtí scoil sgairte agus Máirtín Diolún a bhí á múineadh. Do bhí Máirtín ag múineadh Áireamh, Béarla, Gaedhilg agus Teagasc Críostaidhe. Teagasc Críostaidhe Béarla a bhí ag an Maighistir acht do mhúin sé é i nGaedhilg dos na páistí. Bhí go leór sgéalta deasa ag an Maighistir leis. Bhí sgéalta aige mar gheall ar sídheóga agus sprideanna agus do mhúin sé iad dos na páistí i nGaedhilg agus tá na sgéalta san ag na sean daoine go dtí indiu.
Maighistir sgairte a tugtar ar an maighistir mar do mhúin sé na páistí amuigh ins na gáirdíní in aice na sgarta ins an Samhradh nó ins an aimsear tirim. Ní raibh bíadh deas nó soluistí ag an maighistir i gcóir a béilí acht pláta maith leitean.
Bhí scoil sgairte in aice mo tighe agus bhí dhá ceann acu timcheall ceithre míle ón dtig. Fear ó Tiobraid Árann a bhí ag múineadh ionnta.
Do cuireadh Máirtín Diolún i Roilig a tSléibhe timcheall dhá mhíle ón mo thig.
ball sinsearach (stair)
2017-04-21 19:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní raibh na scoileanna a bhí ann fadó cosamhail leis na scoileanna ata ann indhiu ní rabhadar acht tighthe beaga cumhanga dorcha.
Scoil sgairte a tugtar ortha agus máighistirí sgairte a tugtar ar na maighistirí. Bhí dhá ceann des na scoileanna sin i Moonamean. Bhí ceann acu taobh shuas den scoil atá ann indiu agus an ceann eile taobh síos de.
Máirtín Diolún a tugtar ar an máighistir a bhí ag muineadh ann. Bhí sé tamall ag muineadh ins an ceann atá taobh theas de'n scoil agus tamall ag muineadh ins an gceann eile.
Feirmeóirí a bhí na gcomhnuidhe ins na dhá thigh san acht do thugadar iasacht na cistineach nó an scioból don maighistir cun na páistí a mhúineadh.
Maighistir ana-mhaith do beadh Mairtín Diolún. Bhí sé ana mhaith cun áireamh a mhúineadh. Ní fuair sé aon pádh mar a gheibheann na maighistirí indiu acht b'éigean dos na páistí pingin a tabairt dó gach lá agus is minic ná raibh aon pingin acu.
Ní raibh aon binnsí nó stóil ins na tighthe cun na páistí a cur na suidhe ionnta nuair a bhíodar ag foghluim. Ni raibh acu acht cloca móra agus bloc mór d'adhmaid. Ní raibh aon bhinnse ag an
ball sinsearach (stair)
2017-04-21 19:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
1: Le linn aimsir bhreágh ag teacht éirigheann an ghrian go mór dearg agus dearg as a ceann, agus leanann an gaoth ó dheas i rith an lae.
2: Ar a bhíonn an grian ag dul fé, bíonn sí dearg agus dearg mhór as a ceann. Fanann an aimsear go breágh an fhaid a fhanas an grian dearg.
ball sinsearach (stair)
2017-04-19 18:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bheirt acu eatortha ná neosfaidís pioc d'aoinne.
Do bhí ag eirighe leó go maith sa tsaoghal ach i gcionn tamaill tímpeall mí nó mar sin thug an bhean fé ndeara go raibh rud éigin a' déanamh buartha dho.
Níor leog sí uirthe gur thug sí fé ndeara é, ach aon maidean amháin nuair a bhí fear a' tighe a' crúdhadh na mbó d'airig sí é ag rádh "ní fada uaim an lá".
Do chuaidh sí isteach sa chró chuige agus d'fhiafruig sí dho cad é an cheart a bhí aige san a rádh. Dubhairt sé "pioc i n-aon chor airiú."
Ní fhágfad sa an áit so arsa'n bean go dtí go neosfair dom cad fé ndeara dhuit é sin a rádh. "Ní neosfad duit " ar seisean.
"Muna neosfair dom cad é " ar sise "beidh sé ag déanamh buartha dhom
ball sinsearach (stair)
2017-04-19 18:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an strannsaer agus d'iompuigh sé ar a shál chun dul abhaile.
Do léim an fear eile anáirde ar a chapall agus as go bráth leis.
D'imthig an fear eile leis agus d'á chéad púnt aige.
Nuair a bhí sé ag imtheacht abhaile bhí sé ag socrú na h-aigne ar cad déarfadh sé le na bhean. Sé an socrú a dhein sé ná go neosfadh sé d'á bhean go bhfuair sé airgead a' dul amú.
Do chuaidh sé abhaile agus nuair a chonnaic a bhean é tar éis teacht d'fhiafruig sí dho cad a thug abhaile é.
Do thosnuig sé ag innsint a sgéil di, mar gheall ar conus a fuair sé d'á chéad púnt ag dul amú.
Tháinig iongnadh ar an bhean nuair airig sí an sgéal agus shocruig an
ball sinsearach (stair)
2017-04-16 20:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an chúis gur thugas m'aghaidh ar an mbóthar indiu". "Do thabharfainn duit airgead go fonnmhar ar aon choingheall amháin" arsa'n strannsaer.
"Cad é an coingheall é sin" arsa'n fear eile. "Tabharfad duit dhá chéad púnt má ghealann tú dhom go mbeidh tú annso airís ag an gcrann so trí bliana ó indiu is go raghaidh tú liom" arsa'n strannsaer.
"Cé h-é tú féin?" arsa'n fear eile. "Is cuma dhuit cé h-é mé " arsa'n strannsaer "ach freagair mo cheist". Do chuimhnig an fear eile ar feadh tamaill agus annsan dubhairt sé "bíodh na margadh raghad leat".
Nuair a bhí an strannsaer ag tabhairt an t-airgead do dubhairt sé leis gan aon phioc innsint d'aoinne. Dubhairt an fear eile leis ná neosfadh.
Nuair a bhí an t-airgead fachta aige do ghaibh sé a bhuidheachas leis
ball sinsearach (stair)
2017-04-14 20:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do rith sé fé sgáth chrainn. Ní raibh sé abhfad ann nuair a chonnaic sé fear ar mhuin capaill báin ag teacht an bóthar chuige.
Do cheap sé ar dtúis gur duine den na cómharsain a bhí ann ach nuair a tháinig sé i n-aice leis dhein sé amach gur strannsaer a bhí ann. Nuair a tháinig an strannsaer chómh fada leis léim sé anuas den chapall.
Do bheannuig an bheirt acu d'á chéile agus thosnuigheadar a' cainnt. "Cá bhfuil do thriall?" arsan strannsaer leis an bhfear eile.
"Táim a' dul chun ruidín éigin a thuilleamh dom féin is dom bhean is dom chlann agus ní fheadar cá dtabharfad m'aghaidh".
"An maith (leat) airgead d'fhághail?" arsa'n strannsaer a' cuir gáir, beag tirm as.
"Ná dubhart cheana leat gur b'shin é
ball sinsearach (stair)
2017-04-13 14:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lánamha ann fadó is minic a bhí is beidh airís leis. Do (bhí) ceathrar nó cúigear clainne acu agus fé mar a thuigfeadh aoinne ní ró fhuiriste biadh d'fhághail dóibh go léir.
Do bhí naoi nó deich acra talmhan acu agus ar feadh tamaill bhí ag eirighe go h-ana mhaith leó, ach tháinig an droch shaoghal agus do briseadh ar fad iad.
"Seadh", arsa fear a' tighe le na bhean "is dócha nách féidir linn cuir suas le seo a thuille is dócha go gcaithfead bheith ag imtheacht a' tuilleamh mo choda."
D'fhág sé slán is beannacht ag a bhean is ag a chlann is d'imthig sé leis. Ní raibh sé imthighthe ró fhada nuair a tháinig cith trom báistighe.
ball sinsearach (stair)
2017-04-12 15:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Dubhairt sé ná raghfadh sé abhaile muna bhfaghfadh sé na leanbhaí.
Do chuaidh sé tímpeall an domhain á lorg ach tásg ná tuairisc ní raibh ortha. I gcionn fiche bliana bhíodar chun iompáil na ndaoine airís.
I gcionn fiche do fuair an t-athair na leanbhaí agus gan amhras bhí ana áthas air iad fheisgint na ndaoine airís.
Thug sé abhaile leis iad ach nuair a thángadar abhaile is amhlaidh a bhí an leas máthair marbh agus ní raibh fágtha di ach na cnámha. Nuair a chonnaic na daoine na leanbhaí tar éis teacht airís do bhí ana áthas ortha agus do mhair an tighearna talmhan is a leanbhaí go seascair na dhiaidh san.
ball sinsearach (stair)
2017-04-12 15:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus do bhuail sí gach duine acu leis.
Do dhein sí gé fiadhain de dhuine acu, colúr de dhuine eile agus dhein sí ainmhidhe éigin fiadhain de'n tríomhadh duine.
Láitreach bonn buill d'imthig an triúr acu go fiadhain. Nuair a tháinig an leas máthair abhaile d'iarr an tighearna talmhan di cá raibh na leanbhaí imthighthe uaithe.
Dubhairt sí gur fhág sí na diaidh ag a n'áintín iad do bhí a fhios aige ná raibh sí ag innsint na fírinne.
D'imthig sé leis go dtí an áintín ach ní fheaca sí siúd na leanbhaí le bliain anuas. Nuair airig an tighearna talmhan é sin tháinig buadhairt mór air mar cheap sé ná feicfeadh sé na leanbhaí go bráth beo ná marbh,
ball sinsearach (stair)
2017-04-12 15:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
fhághail amach ar dtúis cá bhfuil na leanbhaí imthighthe.
D'imthig sí léi abhaile agus d'iarr sí d'á fear cá raibh na leanbhaí imthighthe, d'innis sé dhi go rabhadar i n-aonfheacht le na dhrifír.
Dubhairt sí gur mhaith léi iad fheiscint agus do cuireadh fios láithreach ar na leanbhaí. Thánadar i gcarbaid agus nuair a tánadar do bhí míle fáilte ag an leas máthair rómpa mar d'eadh.
Do mhaireadar go seascair ar feadh bliana agus annsan dubhairt an leas máthair go dtógfadh sí go dtí a n'aintín airís iad.
Do bhí ana áthas ortha agus aon mhaidean amháin d'imthig an ceathrar acu leó i gcarbaid. Nuair a bhiodar imthighthe tímpeall deich míle ón dtig do thóg an máthair slaitín draoidheachta amach as an gcarbaid
ball sinsearach (stair)
2017-04-12 15:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Sé an chúis atá acu leat" ar siad san "mar ná fuileann tú chómh flaitheamhail leis an bean a thainig rómhat agus nuair airigheadar tusa bheith a' teacht dubhradar ná labharfaidís leat muna mbeithfeá(?) chómh flaitheamhail léi siné an chuis atá acu leat".
"An amhlaidh a bhí mo fear pósta cheana? " ar sise is iongnadh uirthe. "Bhí" ar san "agus bhí triúr clainne acu, triúr inghean, agus bhí gach inghean den triúr níos deise ná a chéile."
"Cá bhfuilid anois? " ar sise leo. "Ní fheadramair " arsa muinntir an tighe. Bhí a fhios acu go maith cá rabhadar imthighthe ach bhí a fhios acu leis nách d'aon ghnó maith a iarr sí dhíobh é sin.
Sar a n'íosfad sa aon trí béile i n-aon tig ná sar a gcodlóchad d'á oidhche i n-aon leabaidh caithfead
ball sinsearach (stair)
2017-04-12 14:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Dia linn is Muire is Rígh an domhain linn" arsa bean an tighearna talmhan. Do labhair an guth istig sa tig sin leis is dubhairt "gan Dia ná Muire ná Rígh an Domhain leat."
Do bhí eagla uirthe dul isteach sa tig san leis agus d'imthig sí léi go dtí an tríomhadh tig. Do chaith sí í féin ar an dtalamh os cómhair an tighe amach.
"Go bhfóiridh Dia orm," ar sise. "Amen, is a Mhuire Mháthair" arsa'n guth istig. Do chuaidh sí isteach go dtí an tig sin.
Do bhí mílte fáilte ag muinntir an tighe sin roimpe. Do bhíodar a' cainnt ar feadh tamaill agus annsan d'fhiafruig sí dhíobh cad é an chúis ag na daoine eile chúiche agus d'innis sí a sgéal dóibh mar gheall ar cad dubhairt na daoine a bhí istig sa d'á thig.
ball sinsearach (stair)
2017-04-12 14:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do phós an tighearna talmhan airís agus an tarna bean a fuair sé deabhal ceart ab' eadh í.
Níor innis sé di i n-aon chor gur phós sé cheana. Do mhaireadar mar sin agus do gráin a gcroidhe ag gach aoinne dhi.
Aon lá amháin dubhairt sí le na fear gur mhaith léi a tineontaithe fheisgint. D'imthig sí léi agus nuair a chuaidh sí chómh fada leis an gcéad tig do thuit sí os cómhair an doras amach.
"Ó Dia liom" ar sise. "Gan Dia ná Muire leat " arsa'n guth istig sa tig. Nuair airig sí an cainnt san do bhí eagla uirthe dul isteach agus d'imthig sí léi go dtí an tarna tig.
Nuair a chuaidh sí chómh fada leis an dtarna tig do chaith sí í féin ar an dtalamh.
ball sinsearach (stair)
2017-04-11 18:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí tighearna talmhan ann fad is minic a bhí is beidh airís leis. Do phós sé bean a bhí go flaitheamhail don na bochtaibh.
Ní choimeadadh sí pioc di féin ach á roinnt ar na bochtaibh. I gcionn tamaill do bhí clann acu, triúr inghean a bhí acu agus ní fhéadfá leanbhaí níos deise ná iad fhághail.
Do bhí gach aoinne go mór léi nídh nách iongnadh. I gcionn roinnt blianta do fuair an bhean bhocht bás. Do bhí brón is buadhairt ar gach aoinne na diaidh agus níor b'iongnadh san.
Nuair a fuair an bhean bás níorbh' fhéidir leis an dtighearna talmhan aire a thabairt don na leanbhaí agus do thóg a dhriofúr léi iad.
ball sinsearach (stair)
2017-04-11 18:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
eirig sé ar maidin is amhlaidh a bhí an coileach na chrúincín agus a cirín chómh dubh leis an súgha agus amach sa lá do fuair sí bás agus b'é an rud a deireadh an fear na dhiaidh san ná gurab' amhlaidh a bhí an bhean ó Cill Choinnig a' d'iarraidh é thógaint chun siubhail agus go raibh an coileach á chosaint.
ball sinsearach (stair)
2017-04-11 18:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an choilig ach is fada ón áit seo Conndae Cill Choinnigh dubhairt an fear ná raibh sé thar a dó a chlog an uair sin. D'imthig sé leis go dtí Corcaig agus an oidhche san nuair a bhí sé a' teacht abhaile an oidhche san tháinig an bháisteach is na tóirtneacha i dtreo's gur chaith sé dul isteach go tig cómharsa.
Tímpeall a dódhéag a chlog do thriomuig sé is chuaidh sé abhaile. Do chuaidh sé a chodladh dho féin is tímpeall a dó a chlog d'airig sé cnag ag an ndoras le na linn sin do ghlaoidh an coileach is do stad an cnag.
An oidhche na dhiaidh san do thuit an rud céadna amach, do ghlaoidh an coileach is do stop an fothrom. an tríomhadh oidhche do thuit an rud céadna amach is do cheapfá an oidhche san go mbrisfí an doras agus nuair
ball sinsearach (stair)
2017-04-11 18:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a tháinig sé chómh fada le cros an teampaill do bhí sé chómh dorcha agus bhí sé nuair a bhí sé a' fágaint an tighe.
Bhí a fhios aige annsan go raibh sé níos óige san oidhche ná mar a cheap sé. Fear ana naomhtha dob'eadh é agus dubhairt sé leis féin gur mhaith an tosnú ar maidin turas a thabhairt.
D'imthig sé leis suas fé dhéin na Roilige gan aon phioc eagla air agus thosnuig sé an turas ach má thosnuig do thosnuig cailín óg i n-aon fheacht leis agus choimeadadar gualainn le gualainn go dtí go raibh an turas críochnuighthe.
Nuair a chuadar síos go dtí an tobar beannuighthe agus annsan dubhairt an fear ó Gort na Gross "cé hé tu nó cad as tu?" agus dubhairt sise "airiú eist a dhuine ní fada uainn glaodh
ball sinsearach (stair)
2017-04-11 18:00
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí fear na chómhnaidhe thall i nGort na Gross suas le ceithre fichid bliain ó shoin. An uair sin ní bhíodh aon clog ag na daoine .
Sé an rud a bhíodh acu i n'inead an chloig ná coileach. Do bhí an fear so chun dul go Corcaig agus d'eirig sé nuair a ghlaoidh an choileach.
Do ghlaodh an coileach tímpeall a ceathair a chlog ach an oidhche san do ghlaoidh an coileach níos túisge ná mar ba cheart di glaodhach ach ní raibh a fhios san ag an bhfear.
D'eirig sé is d'ith sé a bhreicfeast agus nuair a bhí san déanta aige do chuir sé an bóthar de.
ball sinsearach (stair)
2017-04-07 19:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go brách airís agus deirtear nár labhair agus go raibh gráin aige i gcómhnuidhe don Bhéarla. Sé seo mo sgéal is má tá bréag ann bíodh.
ball sinsearach (stair)
2017-04-07 19:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chuir sé an bóthar de abhaile. Nuair a bhí sé timpeall leath mhíle slighe ó Bheanntraighe do chonnaic sé fear ag teacht an bóthar chuige.
Do bhí aithne maith ag an bhfear ó Bheanntraighe air meisceoir ab'eadh é agus an lá san bhí aonach i mBeanntraighe agus bhí an fear so a' troid ann is tugadh súil dubh do.
Do bheannuig an bheirt acu d'á chéile agus arsa'n fear ó Bheanntraighe leis "You have one of them out and that it may not be long until you'll have the other out".
Nuair a airig an fear eile é sin cheap sé gur chuige féin a bhí sé agus rith sé na dhiaidh chun é mharbhú ach bhí an coisidheacht ró mhaith ag an bhfear eile is d'imthig sé uaidh ach do mhionuig sé is mhóidig sé ná labharfadh sé focal Béarla
ball sinsearach (stair)
2017-04-07 19:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ar seisean "is indiu féin a fhoghluimigheas an méid Béarla atá agam.
Do bhí ana Ghaoluinn ag an dtreabhadóir agus an fhaid a bhí sé ag tógaint an capall as an bpoll do bhí an beirt acu ag seanchaidheacht. "Seadh" arsa'n fear ó Bheanntraighe "is dócha go bhfuil sé i n-am dómhsa imtheacht mar is fada an bóthar atá as so go Beanntraighe agus ní ró fhada go mbeidh an oidhche ag tuitim ach sar a n'imtheochad bheinn fé chomaoin mhór agat d'á neosfá dhom na focail Béarla ba cheart dom a rádh leat ó chianaibh". "S'iad na focail ba cheart duit a rádh liom ná "You have one of them out and that it may not be long until you'll have the other out".
D'fhág an fear ó Bheanntraighe a bheannacht ag an dtreabhadóir agus
ball sinsearach (stair)
2017-04-07 19:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Béarla ag rith trí n'aigne. Tar éis do siubhal ceathramhadh uaire chloig eile a chuir de d'airig sé fothrom éigin ar an dtaobh istig de'n claidhe. d'fhéach sé isteach agus is amhlaidh a bhí fear a' treabhadh istig i bpáirc agus bhí ceann de'n na capaill imthighthe síos air.
Bhí truagh ag an bhfear ó Bheanntraighe dho agus do chuaidh sé suas chuige is dubhairt "I wish you joy".
Nuair airig an treabhadóir é sin tháinig árd fhearg air agus siúd chun siubhail tímpeall na páirce é i ndiaidh an fear ó Bheanntraighe.
I gcionn tamaill d'fhan an fear ó Bheanntraighe leis an dtreabhadóir go dtí go dtáinig sé suas leis.
D'iarr sé maitheamhnachas air mar
ball sinsearach (stair)
2017-04-06 15:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
amuich de.
Nuair a thainig sé chómh fada leis an séipéal do bhí na daoine go léir tar éis teacht amach. Sé an rud a bhí ann ná pósadh.Do chuaidh an fear ó Bheanntraighe suas go dtí an cailín a bhí tar éis pósadh agus dubhairt sé léi "May the Lord have mercy on her".
Nuair a airig an bhean nuadh pósta é sin do rith sí chuige chun sásamh a bhaint as. "Ó" arsa'n fear ó Bheanntraighe "gaibh mo phárdún mar is indiu a fhoghluimigheas é sin agus ba dhóbair ná gur marbhuigheadh d'á uair indiu mar gheall ar an Bhéarla".
D'innseadar annsan do gurab'é an rud ba chirte dho a radh ná "I wish you joy. " D'imthig sé leis annsan agus na focail
ball sinsearach (stair)
2017-04-06 15:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair airig an bhaintreabhach é sin do rith sí na dhiaidh chun é mharbhú agus nuair airig gach aoinne é sin d'iompuigheadar go léir air.
Tháinig crith cos is lámh ar an bhfear ó Bheanntraighe agus d'iarr sé dhiobh an rud ceart a innsint do "mar" ar seisean "is indiu a fhoghluimigheas an méid a dubhairt".
"Sé an rud ba chirte dhuit a radh " ar siad san leis "ná "May the Lord have mercy on her ".
Nuair airig an fear ó Bheanntraighe é sin d'imthig sé leis agus níor stad sé ag rádh na focail Béarla.
Nuair a bhí sé imthighthe tamaillín eile do chonnaic sé séipéal tamaillín uaidh agus roinnt gluaisteán taobh
ball sinsearach (stair)
2017-04-06 15:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"ghaibh mó phárdún mar is indiu a fhoghluimigheas é sin ach cad is ceart dom a rádh?"
Nuair airig an fear eile é sin d'imthig cuid de'n fhearg de ach sé an rud is ceart dhuit a rádh ná "God bless the work".
Do ghaibh an fear ó Bheanntraighe a bhuidheachas leis an bhfear eile agus d'imthig sé leis. Ní raibh sé imthighthe ach mar a déarfá dh'á mhíle eile nuair a chonnaic sé sochraid ag teacht chuige.
Inghean baintreabhaighe a bhí marbh agus bhí an baintreabhach ag siubhal i n-aice le an gcómhrainn agus í go buartha brónach nídh nach iongnadh.
Do chuaidh an fear ó Bheanntraighe suas go dtí an baintreabhach agus ar seisean léi "God bless the work".
ball sinsearach (stair)
2017-04-05 19:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
choimeád na cheann.
Ní raibh puinn den slighe curtha dhe abhaile aige nuair a chonnaic sé fear istig i bpáirc agus é ag baint prátaí dho féin.
"Seadh", arsa'n fear ó Bheanntraighe leis féin "cuirfead speic éigin ar an bhfear so ní bhéadh a fhios ag aoinne ná go mb'fhéidir go múinfeadh sé roint eile den Béarla dhom".
D'imthig sé suas chuige agus é go mórdháileach agus dubhairt sé leis "Get along doggie". Nuair airig an fear é sin tháinig ana fhearg air gan dabht agus rith sé i ndiaidh an fear chun an rámhainn a chuir trí na cheann d'á bhfaghfadh sé greim air.
"Ó" arsa'n fear ó Bheanntraighe
ball sinsearach (stair)
2017-04-05 19:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do bhí mórán eile istig roimis agus an fhaid a bhí sé ag feitheamh do léim gadhairín beag a bhí ag an tighearna talmhan anáirde ar an mbórd.
"Get along doggie" arsa'n tighearna talmhan leis an ngadhar. Bhí an fear ó Bheanntraighe ag féachaint agus ag éisteacht.
Do bhí ana dhúil aige sa Bhéarla ach fé mar a dubhart cheana ní raibh di aige. Nuair airig sé an Bhéarla do phreab a chroidhe agus dubhairt sé na aigne féin ná béadh sé féin gan Béarla feasta.
Nuair a bhí an chíos tabhartha aige don tighearna talmhan do chuir sé an bóthar de abhaile agus níor dhein sé dearmhad an Béarla do
ball sinsearach (stair)
2017-04-05 19:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do bhí mórán eile istig roimis agus an fhaid a bhí sé ag feitheamh do léim gadhairín beag a bhí ag an tighearna talmhan anáirde ar an mbórd.
"Get valond doggie" arsa'n tighearna talmhan leis an ngadhar. Bhí an fear ó Bheanntraighe ag féachaint agus ag éisteacht.
Do bhí ana dhúil aige sa Bhéarla ach fé mar a dubhart cheana ní raibh di aige. Nuair airig sé an Bhéarla do phreab a chroidhe agus dubhairt sé na aigne féin ná béadh sé féin gan Béarla feasta.
Nuair a bhí an chíos tabhartha aige don tighearna talmhan do chuir sé an bóthar de abhaile agus níor dhein sé dearmhad an Béarla do
ball sinsearach (stair)
2017-04-05 19:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lánamha ann fadó is minic a bhí is beidh airís leis. Ní raibh aon fhocal Béarla ag aoinne acu nídh nárbh iongnadh an uair sin.
Is i mBeanntraighe a chómhnuig (siad?). Tháinig lá an chíosa. D'eirigh an sean-duine ana luath ar maidin chun dul go Corcaig leis an gcíos.
D'imthig sé leis le siubhal a chos gan dabht agus níor stad sé gur bhain sé amach oifig an tighearna talmhan.
Bodach ana mhór dob' eadh an tighearna talmhan díreach mar iad go léir an uair sin.
Nuair a chuaidh an sean duine isteach leis an gcíos
ball sinsearach (stair)
2017-04-05 19:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lánamha ann fadó is minic a bhí is beidh airís leis. Ní raibh aon fhocal Béarla ag aoinne acu nídh nárbh iongnadh an uair sin.
Is i mBeanntraighe a chómhnuig (siad?). Tháinig lá an chíosa. D'eirigh an sean-duine ana luath ar maidin chun dul go Corcaig leis an gcíos.
D'imthig sé leis le siubhal a chos gan dabht agus níor stad sé gur bhain sé amach oifig an tighearna talmhan.
Bodach ana mhór dob' eadh an tighearna talmhan díreach mar iad go léir an uair sin.
Nuair a chuaidh an sean duine isteach leis an gcios
ball sinsearach (stair)
2017-04-04 15:03
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
h-uaisle bailighthe. Do bhí míle fáilte ag na h-uaisle roimis agus i gcionn tamaill d'innseadar do go raibh inghean, is mac ag an mbanrioghan ó aréir.
Nuair airig Seán an méid sin ba dhóbair ná go léimfeadh an d' á shúil amach as a cheann le h-áthas.
Do choimeádadh Seán is a bhean sa phálás an fhaid a mhaireadar agus do mhaireadar go seascair.
Sé seo mo sgéal agus má tá bréag ann bíodh.
ball sinsearach (stair)
2017-04-04 14:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an mbéadh an ceart ag Seán nó ná béadh.
Sa deire thiar thall tháinig an lá nar cheart don banríoghan an leanbh do bheith aici. Bhí brón ar Máire agus bhí eagla a' teacht ar Sheán leis bíodh nár leog sé air é mar cheap sé go raibh deire leis an turas so.
I gcionn tamaill tháinig seirbhíseach go doras an seomra agus dubhairt an seirbhíseach go raibh gnó ag na h-uaisle don bhfear feasa.
D'imthig Seán leis agus geallaim dhuit go raibh eagla air an turas so mar cheap sé go raibh an bás buailte leis.
Do chuaidh sé isteach sa seomra mar a raibh na
ball sinsearach (stair)
2017-04-04 14:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a shiúbhluigheann tú suas samhluighim gur inghean a bheidh agat.
Nuair airig na h-uaisle é sin do chromadar ag magadh fé Sheán agus a' rádh ná raibh aon fios i n-aon chor aige.
"Fanaidh go fóil" arsa Seán "agus beidh a fhios againn an agam sa nó agaibh se atá an ceart".
Bhí Máire ag éisteacht agus a cosa a' crith le h-eagla. Tháinig an oidhche agus tugadh seomra codlata do Sheán is d' á bhean ach ní raibh an seomra codlata san leath chómh slachtmhar ná chómh deas leis an gcead seomra codlata a bhí acu.
D'fhanadar annsan ar feadh seachtmhaine a' feitheamh gach lá le cúntas na banríoghna féachaint
ball sinsearach (stair)
2017-04-04 14:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
déanamh ceann ar aghaidh ar an mbanríoghan.
D'úmhluig sé di mar a dhéanfadh aoinne le banríoghan agus ansin d'innis sé a sgéal di ar cad a thug ann mar dubhairt sé go raibh ana fios aige féin. Dubhairt sé lei eirighe agus siubhal síos agus suas an seomra cúpla uair agus go neosfadh sé annsan di an mac nó inghean a bhéadh aici.
Do dhein sí amhlaidh do shiúbhluig sí síos agus suas an seomra roinnt uaireannta agus d'fhan Seán a' féachaint uirthe.
"Ó", ar seisean "is greannmar san de nuair a shiúbhluigheann tú síos ?? samhluighim gur mac a bheidh agat agus nuair
ball sinsearach (stair)
2017-04-04 14:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do lean Maire an bheirt . Do chuadar isteach trí seomraí breághtha ná feaca Seán is a bhean a leithéidí riamh gan amhras.
Do bhíodar ag imtheacht mar sin go dtí sa deire gur thángadar go dtí seomra an bhanríoghna.
B'shin í an seomra ba dheise dhíobh go léir do bhí mórán uaisle eile istig sa seomra i n-aon fheacht leis an banríoghan. Do bhí an banríoghan féin na suidhe ar a cathaoir ríogdha . Nuair a tháinig Seán agus a bhean isteach sa seomra níor fhéach an banríoghan ar aon duine dhíobh.
Nuair a tháinig Seán isteach sa seomra níor dhein sé pioc i n-aon chor ach
ball sinsearach (stair)
2017-04-01 19:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ní mar sin le Seán d'ith sé béile breágh do bhí sé chómh neamh corabhuuaiseach chómh meidhreach san go gceapfá go raibh an domhan ar a thoil féin aige.
Ní ró fhada a bhíodar críochnuighthe nuair a tháinig seirbhíseach go dtí an doras a' rádh le Seán go raibh an banríoghan ullamh anois. Dubhairt Máire go raghfad sí féin leis.
Dubhairt an seirbhíseach le Máire ná raibh aon gnó aige di go bhféadfadh sí fanamhaint annsan chun go dtiocfadh a fear thar nais airís chúiche. "Ní fhanfad sa annso " arsa Máire "táim fada mo dhóithin ann ach raghad pé áit na raghfaidh sé."
ball sinsearach (stair)
2017-03-31 20:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ní túisge a bhí sé istig sa leabaidh ná go raibh sé na shámh codladh dho féin.
Nuair a tháinig an mhaidean d'eirigh an bheirt. Ní ró fhada a bhíodar tar éis eirighe nuair a tháinig an cailín freastail suas chúcha a' rádh leó go raibh an breicfeast ullamh dóibh.
Do chuadar araon síos agus isteach sa phárlús agus geallaim dhuit muna raibh sóghluistí annsan do gach saghas dóibh ní lá fós é.
Níor ith Máire puinn bíodh go mbíodh goile maith aici i gcómhnuidhe ach bhí sí ró trí na céile chun puinn goile a bheith aici.
ball sinsearach (stair)
2017-03-31 20:01
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
rabhadar sásta agus dubhradar go rabhadar.
Do mhair an triúr go seascair ar feadh roinnt aimsire eile ach anois is airís do chuimhnigheadh an bheirt bhean ar rud éigin greannmhar, chómh greann(mhar?) leis an bpoll uisge.
I gcionn tamaillín eile d'eirigh fear a' tighe chun an teine a chuir síos mar ba ghnach. Ní raibh sé ach díreach tar éis eirighe nuair airig sé an bheirt bhean thuas sa leabaidh agus iad ag gol agus ag screadaig.
Do bhí a fhios ag fear a' tighe cad a bhí ortha go maith bhí a fhios aige gur rud éigin gan brígh a bhí ortha agus ní raibh aon deithneas i n-aon
ball sinsearach (stair)
2017-03-31 19:54
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"D'á mbail leat mo chómhairle a dhéanamh ní bheithfá annso anois i gcontabhairt do bháis mar a thán tú".
"Airiú bíodh foidne agat a Mháire" arsa Seán "níl aon eagla orm sa go gcuirfear chun báis mé".
Nuair a bhí an méid sin cainnt ráidhte acu do bhí tuitim na h-oidhche ann agus do chuadar isteach agus d'itheadar an suipéar.
Nuair a bhí an suipéar ithte acu do taisbeaineadh seomra codlata breágh dhóibh agus tar éis an coróinn Mhuire a rádh do chuadar araon na gcodladh ach níor chodail Máire bocht pioc ach ag cuimhneamh ar an maidin.
Ní mar sin le Seán
ball sinsearach (stair)
2017-03-31 18:38
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair airig fear an gheata é sin do thóg sé Seán agus a bhean isteach sa phálás agus tugadh béile maith bídh dóibh, do bhí gach saghas bídh níos fearr ná a chéile acu.
Nuair a bhí an béile caithte do tháinig an gheatóir chúcha agus do thóg sé leis iad tímcheall an pháláis agus muna bhfeacadar radharc ní lá fós é.
Dubhairt an gheatóir ná féadfaí an banríoghan fheiscint go dtí maidin ambáireach agus d'á mba aige a bhéadh an fios go ndíolfaí go maith é agus d'á mbéadh an éagchóir aige do mharbhóchfaí é.
Nuair airig Máire é sin tháinig crith cos is lámh uirthe agus dubhairt sí le Seán
ball sinsearach (stair)
2017-03-31 18:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Is cuma liom", arsa Seán "ó eirig chómh maith liom an uair deireanach triallfad airís é ní fios ná go n-eireochaidh liom dhá uair níos fearr ná an uair deireanach".
"Téanam ort a Mháire," arsa Seán "agus ná bíodh a thuille cainnte agat mar gheall air."
Do ghluaiseadar leó le cois a chéile go dtángadar go dtí an geata mór iarainn a bhí a' dul isteach sa phálás. Nuair a thángadar go dtí an geata do bhí fear annsan rómpa.
D'fhiafruig sé dhóibh cad a bhí uatha agus d'innis Seán a sgéal do agus isé a bhí go maith chuige agus dubhairt sé leis go raibh ana fios aige féin.
ball sinsearach (stair)
2017-03-31 18:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa tslighe rómpa d'airigheadar go raibh banríoghan na cómhnuidhe i n-aice le Beanntraighe agus go raibh sí chun leanbh a bheith aici agus aoinne a neosfadh roimh ré cad a bhéadh aici go bhfaghadh sé díolaidheacht maith as ach aoinne ná
neosfadh go gcuirfí chun báis é.
D'fhéach Seán ar Mháire go meidhreach nuair airig sé an méid agus dubhairt "sin airgead eile dúinn a Mháire".
"Ar son Dé," arsa Maire "agus bíodh ciall agat. Tá ár ndóithin airgid againn agus d'á raghfá sa annsan b'fhéidir go gcuirfí chun báis tú mar tá a fhios agat féin ná fuil aon fios agat oiread díreach agus tá agam féin."
ball sinsearach (stair)
2017-03-29 18:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé féin geall síos na beadh a fhios ag Seán cad a bhí istig sa mhála agus do chuir fear eile geall síos go mbéadh a fhios aige.
An oidhche san do tugadh an seomra codlata ab' fhearr sa tig do Sheán is d'á bhean mar bhí ana mheas ag an nduine uasal ar Sheán tar éis an ór d'fhághail do.
Ambáireach a bhí chúghainn nuair a bhí Seán is a bhean chun imtheacht do tháinig an duine uasal isteach chúcha agus thug sé deich bpúint do Mháire.
D'fhágadar slán ag an nduine uasal agus d'imthigheadar leó go meidhreach, mórdhálach agus bhí a gcúis acu gan amhras.
ball sinsearach (stair)
2017-03-29 18:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
sé féin geall síos na beadh a fhios ag Sean cad a bhí istig sa mhala agus do chuir fear eile geall síos go mbéadh a fhios aige.
An oidhche san do tugadh an seomra codlata ab' fhearr sa tig do Sheán is d'á bhean mar bhí ana mheas ag an nduine uasal ar Sheán tar éis an ór d'fhághail do.
Ambáireach a bhí chúghainn nuair a bhí Seán is a bhean chun imtheacht do tháinig an duine uasal isteach chúcha agus thug sé deich bpúint do Mháire.
D'fhágadar slán ag an nduine uasal agus d'imthigheadar leó go meidhreach, mórdhálach agus bhí a gcúis acu gan amhras.
ball sinsearach (stair)
2017-03-29 18:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ceannde.
Do bhí Maire trí na céile agus go deimhin féin do bhí Seán leis ach níor leog sé air é mar cheap sé go raibh an bás buailte leis.
"Dia linn a Mháire" arsa Seán "da fhaid a sgaoiltear leis an mada ruadh beirtear air".
Sé an rud a bhí i n'aigne Sheáin ná go raibh sé ró ghlic dóibh an uair deireannach ach go raibh beirthe air an turas so.
Nuair a airig duine den na h-uaisle an rud a dubhairt Seán do léim sé na sheasamh agus thug sé crochadh lámh do Sheán. Do bhí geall síos ag na h-uaisle i gan fhios do Sheán .
Dubhairt fear a'tighe go gcuirfeadh
ball sinsearach (stair)
2017-03-29 18:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus tabharfad do thuarasdal duit." Dubhairt Seán ná neosfadh sé é sin i n-aon chor.
Do dhein an duine uasal amach gurab' é Seán féin a ghoid an t-ór ach mar sin féin go dtabharfadh sé triail eile dho.
An lá san do bhí an duine uasal agus uaisle eile amuich a' fiadhach agus do rugadar ar mada ruadh.
Do thugadar abhaile é, agus do mharbhuigheadar é is chuireadar isteach i mála é. Annsan do ghlaodhadar ar Sheán.
Tháinig Seán agus a bhean Máire i n-aon fheacht leis os cómhair na h-uaisle agus dubhairt an duine uasal le Seán muna mbéadh a fhios aige cad a bhí istig sa mhála go mbainfí an
ball sinsearach (stair)
2017-03-29 18:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
D'innseadar do Sheán annsan go raibh an t-airgead i bhfolach fé na leithéid seo de chrann ag taisbeaint an chrann do.
Nuair a tháinig an t-am nar cheart do Sheán innsint ca raibh na rudaí luachmhar do tháinig an duine uasal isteach sa seomra.
"An bhfuil sé fághalta amach agat? " ar seisean le Seán "cé ghoid an t-ór". "Airiú tá a fhios gan amhras" arsa Seán, "nách shin é mo cheard".
"Tá sé fén crann san amuich " ar seisean a' taisbeaint an chrann do. Do chuaidh an duine uasal amach agus fuair sé an t-ór.
"Anois" arsa'n duine uasal "má neosfair dom cé ghoid é dearfad go bhfuil "fios" agat.
ball sinsearach (stair)
2017-03-29 18:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
leis.
Sé an socrú a bhí acu le déanamh ná deich bpúint an duine a thabhairt do ar coingeall ná neosfadh sé don duine uasal gurab' iad a bhí cionntach.
D'imthigheadar suas cuige agus d'innseadar dho gurab' iad féin a ghoid an t-ór. "Bhí a fhios agam gur sibh a ghoid é" arsa Seán. "Táimid chun deich bpúint fichead a thabhairt duit" ar siad san "ach ná sgéidh orainn".
"Ó tá go maith" arsa Seán "ach tugaidh dom an t-airgead ar dtúis agus annsan socróchad an sgéal libh".
D'imthigheadar leó agus geallaim dhuit muna raibh deithneas ortha ní lá fós é. Fuaradar an t-airgead agus thugadar thar nais go dtí Seán é.
ball sinsearach (stair)
2017-03-28 20:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bíodh foidne agaibh arsa cailín na cistinneach raghad sa suas anocht agus feicfeam cad déarfaid.
Nuair a tháinig aimsir suipéar do chuaidh cailín na cistnneach suas chúcha.D'imthig an rud céadna uirthe sin agus a imthig ar an mbeirt eile.
Nuair a chuaidh sí isteach sa tseomra leis an mbiadh dubhairt Seán le na bhean "sin ceann eile acu a Mháire".
Do rith cailín na cistinneach síos go dtí an beirt eile agus dubhairt "Tá deire linn anois agus ní fheadar cad a dhéanfaimíd i n-aon chor".
B'iad san an triúr a ghoid an t-ór agus do chuireadar i bhfolach fé crann éigin é. Sa deire do shocruigheadar go raghfaidís araon suas agus socrú a dhéanamh
ball sinsearach (stair)
2017-03-28 19:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
seo a dubhairt sé is a dhá shúil isteach tríom.
"Sin ceann acu ar seisean. "Tá go maith " arsa'n buitléir "raghad sa suas aimsir dinnéir chúcha agus cídhfear conus eireochaidh liom".
D'imthig sé suas aimsir dínnéir agus nuair a chonnaic Seán é a' dul isteach dubhairt sé "Féach a Mháire sin ceann eile acu" is a dhá shúil isteach tríd an mbuitléir aige.
D'imthig sé síos airís chun na cistinneach agus d'fhiafruig an bheirt thíos de conus a eirigh leis an turas so.
"Ó. Dia linn, Dia linn" ar seisean "crochfar sinn araon anocht mar nuair a chuadhas sa suas chuige dubhairt sé is é a' cuir na súl tríom, Sin ceann eile acu".
ball sinsearach (stair)
2017-03-28 19:48
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do féin.
Ar maidin lar na bháireach d'eirigheadar go breágh moch. Ba ghearr go dtáinig an chócaire isteach le breicfeast maith chúcha.
"Féach a Mháire" arsa Seán "sin í ceann acu" ní fios a bhí aige ach chun a chuir i niúl do Mháire gurabh í sin ceann den na seirbhísig a bhéadh a' friothálamh ortha. Do tháinig crith cos is láimh ar an gcócaire.
Do chuaidh sí amach as an seomra agus síos sa chistin mar a raibh cailín na cistinneach is an buitléir ag feitheamh léi.
Nuair a tháinig an cócaire isteach sa chistin d'iarradar di féachaint cad é an sórd iad nó an bhfuil fios acu.
"Aililliú," ar sise "crochfaidh sé sinn a leithéid (?) seo a dubhairt
ball sinsearach (stair)
2017-03-28 19:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ráidhte ag an nduine uasal d'imthig sé leis agus dubhairt sé leis an mbuitléir seomra a thaisbeaint dóibh.
D'imthigheadar leó isteach ann, Seán agus é go breágh meidhreach ag feitheamh leis na béilí agus Máire is a croidhe a preabarnaig ag feitheamh leis an mbás a bhí roimis Seán mar do shíl sí gurabh é a bhás é.
Ba ghearr go dtáinig suipéar maith chúcha. D'ith Seán béile breágh ach níor ith Máire bocht puinn. Nuair a bhí an béile ithte do tháinig an seirbhíseach airís agus thóg sí léi na h-árrthaí go léir.
Nuair a bhí an méid sin déanta dubhradar an Coróinn Mhuire agus chuadar a gcodladh ach geallaim dhuit ná raibh aon codladh ar Mháire bocht ach ní raibh ceann Sheáin sa pilliúr nuair a bhí sé a' sranntarnaig
ball sinsearach (stair)
2017-03-28 19:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhuaileadar ag an ndoras.
Do tháinig seirbhíseach amach agus d'innis Seán di a sgéal agus gur fear feasa é féin. Nuair airig an seirbhíseach é sin do chuaidh sí isteach agus d'innis sí don duine uasal é.
Do tháinig an duine uasal amach agus féachaint mí nádúra air mar a bhíodh ar gach aon Protastúnach fadó go raibh gráin aige d'aon Éireannach.
D'innis sé do Sheán cad iad na geasa cruadha a bhí air nár ghádh dho é innsint go dtí maidin ambáireach.
Go bhfaghadh sé trí béile bídh agus nuair a gheobhfadh sé an tríomhadh go gcaithfeadh sé é innsint nó muna ndéanfadh go mbainfí an ceann de.
Nuair a bhí an méid sin
ball sinsearach (stair)
2017-03-28 13:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus cé ghoid iad.
Lar na bháireach dubhairt Seán le na bhean "sin airgead dúinn ne a Mháire bí ullamh ambáireach agus triallfaimíd é agus fágaimíd na leanbhaí agam' dhrifír annso.
"Ar son Dé a Sheáin ná dein mar tá a fhios agat chómh maith agus tá fhios agat sa é ná fuil aon feasa agat sa oiread díreach agus tá agam féin, agus muna an fios agat cuirfear chun báis tu".
"Airiú eist a Mháire beidh seirbhísig ag friothálamh orainn ne fós" arsa Seán. Ar maidin ambáireach d'imthigheadar leo go tighe an duine uasail.
Do bhí Seán go meidhreach ach bhí Máire go dúbhach brónach nídh nárbh iongnadh. Ní fada go dtángadar go tig an duine uasail agus do
ball sinsearach (stair)
2017-03-28 13:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lánamha na gcómhnaidhe i gCiarraighe fadó, agus bhí cúigear clainne acu. Do bhí feirm tailimh acu agus mhaireadar go seascair ar feadh roinnt blianta.
Sa deire d'iompuigh an saoghal na gcoinnibh agus sa deire do fuair na ba go léir bás ach aon ceann amháin agus do chaitheadar an bó san a dhíol chun costais an bóthar a dhéanamh.
Do chaitheadar an bóthar a thógaint annsan agus sé an áit nar thugadar a naghaidh ná go Corcaig mar fear ana léigheannta ab'eadh an t-athair agus aon lá amháin do chonnaic sé sa pháipéar gur goideadh rudaí luachmhar ó fear ana shaidhbhir i gCorcaig agus go dtabharfadh sé míle púnt d'aon fear feasa a neosfadh do cá rabhadar feasa
ball sinsearach (stair)
2017-03-24 14:06
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mac na baintreabhaighe, mar d'á mbéadh do chídhfá Flathas Dé mar a chonnac sa".
Do chomáin an fear eile leis ag innsint a pheacaí go dtí sa deire dubhairt sé "tá próca óir agam fé'n leabaidh".
"Ní fada anois go bhfeicir Flathas Dé " arsa'n fear eile is do tharraic sé an dreimire agus do thacht sé an t-ard ghadaidhe.
Nuair a tháinig na gadaidhthe eile agus nuair a chonnnaiceadar an t-árd ghadaidhe a' crochadh dubhradar gurab' amhlaidh a croch sé é féin.Do fuair mac na baintreabhaighe an próca óir.
Nuair a fuair sé an tór d'imthig sé leis abhaile go dtí a mháthair mar a raibh fáilte is fiche roimis agus mhair sé féin is a mháthair go seascair i gcaitheamh a saoghail.
ball sinsearach (stair)
2017-03-24 13:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
"Ó", arsa'n feareile "táim tar éis m'fhaoisdin a dhéanamh agus do chonnac Flathas Dé."
"Cad é an saghas áite é ?", arsa'n t-árd ghadaidhe. "An áit is deise a d'fhéadfá a fheiscint " arsa mac na baintreabhaighe.
"An leogfá dómhsa é fheisgint leis ? " arsa'n t-árd ghadaidhe. "Leogfad gan amhras" arsa mac na baintreabhaighe ach caithfidh tú teacht suas annso agus an téad so a chuir tímpeall do mhuiníl".
Do chuaidh an t-árd ghadaidhe suas ar an dréimire agus do chuir sé an téad tímpeall a mhuiníl fé mar a dubhairt mac na baintreabhaighe leis.
Do thosnuig sé ag innsint a pheacaí do Dhia, "ach" ar seisean "ní fheicim Flathas Dé fós". "Níl gach aon rud innste fós agat " arsa
ball sinsearach (stair)
2017-03-22 10:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
arsa'n t-árd ghadhaidhe, "agus is dócha nách fada go mbeidh sé ró ghlic dúinn go léir".
Na dhiaidh san tháinig árd ag an árd ghadaidhe ar mac na baintreabhaighe. Do dhein sé ana chleas na dhiaidh san go dtí sa deire go raibh sé chómh glic leis an árd ghadaidhe féin nó b'fhéidir níos glioca ná é.
Tamaillín beag i ndiaidh an cleas deireannach a dhein sé, do chuaidh sé amach aon lá amháin agus do chuaidh sé anáirde ar dréimire agus do cheangail sé taobh de téad tímcheall an dréimire agus an taobh eile tímcheall a mhuiníl.
Do tháinig an t-árd ghadaidhe amach agus nuair a chonnaic sé an príntíseach thuas ar an dreimire d'fhiafruig sé de cad a bhí aige á dhéanamh annsan.
ball sinsearach (stair)
2017-03-22 10:16
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do cheangail sé an caora amuich agus d'imthig sé leis isteach sa ghort a' d'iarraidh an chinn eile.
An fhaid a bhí sé istig do léim mac na baintreabhaighe amach agus do thóg sé an caora leis. Nuair a tháinig sé abhaile go dtí an árd ghadaidhe do thaisbeain sé an caora dho.
D'fhéach an t-árd ghadaidhe air agus iongnadh air is dubhairt "do bhuaidhis ar a bhfeaca sa riamh de phríntísigh tán tú chómh glic san".
Nuair a tháinig an príntíseach abhaile d'iarr an t-árd ghadaidhe de cad na thaobh gur leog sé don fear eile an caora a ghoid uaidh airís.
"Ní fheadar cad é an donas a bhí orm" arsa'n fear eile agus d'innis sé don ghadaidhe conus a bhuail an fear eile an bob air.
"Tá sé ró ghlic ar fad duit
ball sinsearach (stair)
2017-03-21 11:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'imthigh sé leis.
Ní fada gur casadh mac na baintreabhaighe ar an árd ghadaidhe.
"Cuirfead geall leat ná goidfir an caora anocht" arsa'n t-árd ghadaidhe.
"Bíodh na margadh" arsa'n fear eile. D'imthig sé i ndiaidh an fear eile agus d'fhan sé sa phasáiste na dtiocfadh an príntíseach leis an caora.
Nuair airig sé a' teacht é, d'imthig sé leis isteach i ngort coirce agus thosnuig sé a' meidhlig mar a bhéadh caora.
"D'ar fiadh" arsa fear na caorach "ach is dócha gurabh í sin an caora a goideadh uaim roinnt oidhcheannta ó shoin.
Raghad isteach anois ghá iarraidh agus annsan beidh dh'á caora agam a' dul abhaile i n'ionad aon caora amháin. "
ball sinsearach (stair)
2017-03-21 10:55
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
roimis san.
"Cheapas" arsa'n t-árd ghadaidhe "ná féadfadh aoinne bheith níos glioca ná tu ach ar nóin do bhí abhfad." "Ní fheadar conus a sgiob se leis í ach tóg m'fhocal air ná thuitfidh sé sin amach airís".
I gcionn roinnt seachtmhainí eile do bhí caora eile a' teastáil uatha agus dubhairt an t-árd gadaidhe leis an bpríntíseach dul agus caora eile a thabhairt leis an oidhche san.
Nuair a bhí an príntíseach ag imtheacht dubhairt an t-árd ghadaidhe leis go raibh súil aige ná leogfadh sé an caora imtheacht chómh bog uaidh an oidhche san agus a leog sé di imtheacht roinnt seachtmhainí roimis san.
"Níl aon baoghal uirthe an oidhche so" arsa'n fear eile agus
ball sinsearach (stair)
2017-03-20 14:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
d'fhéach sé air agus dubhairt "is comrádaidhe an bróg so leis an mbróg thuas."
Do cheangail an príntíseach an caora agus do chuaidh sé suas a' d'iarraidh an bróg eile. An fhaid a bhí sé thuas do tháinig an fear eile is do sgiob sé an caora leis.
D'imthig se leis abhaile agus an caora aige, "anois" ar seisean leis an t-árd ghadaidhe "nár ghoideas an caora uaidh".
"Do dheinis" arsa'n t-árd ghadaidhe "agus ní fheadar cad é an mearbhall a bhí air agus leogaint duit é dhéanamh ach tá súil agam ná tuitfidh sé amach airís" arsa'n t-árd ghadaidhe leis.
Ambáireach a bhí chúghainn do chuaidh an t-árd ghadaidhe chun cainnte leis an bpríntíseach gur ghoideadh an caora uaidh an oidhche
ball sinsearach (stair)
2017-03-20 14:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an príntíseach aoinní.
Nuair a tháinig an oidhche d'imthig an príntíseach leis a' lorg an chaora.
D'imthig mac na baintreabhaighe tamaillín beag na dhiaidh.
Bhí a fhios aige an pasáiste na dtiocfadh fear na caorach agus d'fhan sé annsan go dtí gur airig sé a' teacht é.
Do bhí feidhre breágh bróga air agus do bhain sé de iad agus do salach sé ceann acu agus chuir sé an ceann eile tamaillín taobh thíos de agus annsan d'imthig sé leis isteach i ngort coirce.
Ní fada go dtáinig fear na caorach d'fhéach sé ar an gcéad bróg ach dubhairt sé ná béadh aon mhaith i n-aon bróg amháin.
D'imthig sé leis tamaillín eile agus do chonnaic sé an tarna bróg annsan. Do phioc sé suas é is
ball sinsearach (stair)
2017-03-16 14:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mac na baintreabhaighe.
Do bhí príntísig ag an árd ghadaidhe ar feadh trí nó a ceathair de bhliantaibh roimis san agus gan amhras do cheapfadh aoinne go mbeidís san abhfad níos glioca ná an príntíseach a bhí acu le cúpla mí.
Ach ní mar sin a bhí agus ba ghearr leis go bhfuair an tárd ghadaidhe é sin amach. Nuair a bhí an príntíseach nuadh ann roinnt míosa aon la amháin dubhairt an tard ghadaidhe le ceann den na príntísig "Téir amach anocht agus ghoid caora dhúinn".
Bhí an príntíseach óg ag éisteacht agus dubhairt sé leis an árd ghadaidhe "ghoidfead-sa an caora uaidh san anocht".
"Ní feidir leat é " arsa'n t-árd ghadaidhe "tá sé sin ró ghlic ar fad duit se a mhic ó". Ní dubhairt
ball sinsearach (stair)
2017-03-16 14:29
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an mac a' faire uirthe agus do thóg sé an cómhgar go dti an Roilig is bhí sé ann roimpe.
Nuair a tháinig an máthair go dtí an Roilig do dhein sí fé mar a dubhairt an cómharsa léi agus b'é an freagra a tháinig thar nais chúice ná "le gadaidheacht ." Nuair a airig an máthair é sin d'imthig sí léi abhaile go buartha agus go cráidhte.
Bhí an mac sa bhaile roimpe agus dubhairt sí leis caithfead tú a cuir a foghluim do chéirde ambáireach agus tá súil agam go n'eireochaidh go maith leat.
Ambáireach a bhí chúghainn d'imthig an mac leis go dtí árd ghadaidhe a bhí na chómhnuidhe i n-aice leó agus do thóg sé mac na baintreabhaighe mar phríntíseach.
Gan amhras do bhí mórán príntísigh eile ag an árd ghadaidhe seochas
ball sinsearach (stair)
2017-03-16 14:20
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí baintreabhach ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis agus bhí aon mac amháin aici. Nuair a tháinig an mac i n'aois fir d'fhiafruig an máthair de cad é an ceárd ba (mhaith) leis a bheith aige.
"Bheith um ghadaidhe" arsa'n mac. "Ní raibh aon choinne ag an máthair leis an bhfreagra san. Do chuidh an máthair go dtí duine de's na cómharsain agus d'innis sí a sgéal di.
"Ó" arsa'n cómharsa "níl aon rud agat le déanamh ach dul go dtí an Roilig agus a rádh ós árd trí h-uaire, "Cad é an ghairm beatha a bheidh agam' mhac? agus pé freagra a gheobhaidh tú caithfidh tú an rud san a dhéanamh".
D'imthig an máthair léi go dtí an Roilig ach má dhein do bhí
ball sinsearach (stair)
2017-03-14 12:41
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mhaireadar go compórdach as san amach níl ach roinnt blianta ó shoin ó fuair an máthair bás. Siné mo sgéal is má tá bréag ann bíodh.
ball sinsearach (stair)
2017-03-14 12:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
féasta.
Nuair a bhí an féasta i leath taoibh do tháinig an chóiste suas go dtí an doras agus thóg sé leis an seana bhean Tomás is a bhean agus do mhaireadar go seascair na dhiaidh san.
Nuair a tháinig breoidhteacht an bháis ar an sean duine ní leogfadh se d'aoinne aire a thabhairt do ach Tomás is a bhean.
Do chuir sé fios ar a bhean féin agus dubhairt sé "táim bhúr bhfágaint anois agus tá súil agam go maithfidh sibh go léir dom i dtaobh as go rabhas chómh dian ar Tomás agus b'é Tomás a fhág go seascair sinn i ndeire ár saoghail."
Do fuair an sean duine bás agus do cuireadh go galánta é. Tar éis na socraide d'imthigh Tomás, a mháthair, is a bhean go dtí a bhaile fein agus do
ball sinsearach (stair)
2017-03-14 12:31
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tomás a sgéal tríd síos agus conus mar a bhí sé pósta leis an bhean uasal.
Do thug Tomás an fheirm saor d'á athair an fhaid a mhairfeadh sé "agus" ar seisean "caithfidh mo mháthair dul liom".
Do chuir sé a lámh isteach na phóca agus tharraic sé amach lán a dhoirn d'ór bhreágh buidhe agus thug sé d'á mháthair é is dubhairt "tabhair chúgham culaith éadaig ó'n siopa idir uaireadóir is uile." D'imthigh an máthair léi agus ní fada go raibh sí thar nais airís leis an gculaith.
Do chuir Tomás an culaith air agus gheallaim dhuit ná raibh sé na sheana Thomás a thuille ach bhí se na dhuine uasal ceart.
An oidhche san do bhí fleadh is féasta acu agus do thugadar cuireadh do gach cómharsa teacht go dtí an
ball sinsearach (stair)
2017-03-14 12:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do chuaidh an máthair suas chun glaodhach ar an dtighearna talmhan.
Nuair a oscail sí doras an seomra codlata agus nuair a chonnaic si Tomás istig sa leabaidh do thuit sí i bhfanntas nách mór.
Nuair a tháinig sí chúichi féin do chuaidh sí síos an staighre agus níor fhéad sí labhairt. Dubhairt Tomás le na mhnaoi eirighe agus dul sios sa chistin.
D'eirigh sí agus do chuadar síos an staighre le cois a chéile. Bhí breicfeast maith sa phárlús ullamh i gcóir an bhean uasal.
Nuair a chuadar síos do ghlaoidh Tomás ar a athair is ar a mháthair agus dubhairt sé le na mháthair "caithfidh tú suidhe síos um aice beidh breicfeast againn go léir i dteannta a chéile."
I gcaitheamh an breicfeast d'innis
ball sinsearach (stair)
2017-03-10 14:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
seomra do theich sé leis féin airís. Nuair a theich Tomás do lean an t-athair é.
Dubhairt sé "táim a' tabhairt an foláramh so dhuit gan filleadh thar nais annso go bráth airís". D'imthigh Tomás leis agus fonn an gháire na bhéal.
Nuair a chonnaic Tomás an t-athair ag imtheacht isteach abhaile do chuaidh sé i bhfolach amuich i n'áit éigin agus nuair a bhí gach aon rud tar éis ciúiniú síos agus an t-athair agus gach aoinne imthighthe a codladh do chuaidh Tomás isteach fuinneog na cistinneach. D'fhan sé annsan go dtí gur airig sé iad ag eirighe ar maidin agus annsan do chuaidh sé suas go dtí seomra a mhnaoi.
D'eirig an t-athair is an máthair ana luath chun gach rud a bheith ullamh acu i gcóir breicfeast an tighearna talmhan. Nuair a bhí gach rud ullamh
ball sinsearach (stair)
2017-03-10 14:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
talmhan féin.
I gcionn beagán aimsire do tháinig sé chuige féin airís. "Ó" arsa an tighearna talmhan "is dócha go rabhais trí na chéile i dtaobh as go dtánag sa annso ach más é sin an chúis, tá ana chathú orm agus agus níl puinn céille agat".
"Ó, ní h-é sin an chúis i n-aon chor" arsa'n sean duine "ach nuair a bhíonn daoine a' dul i gcríonnacht is ana fhuiriste lagachar do theacht ortha". Bhí Tomás na shuidheachán féin i gcómhnuidhe agus fátha an gháire na bhéal.
D'fhanadar mar sin chun go dtáinig aimsir codlata agus fuair an máthair coinneal agus do thaisbeain sí don tighearna talmhan a seomra codlata.
Nuair a chonnaic Tomás an tighearna talmhan ag imtheacht as an
ball sinsearach (stair)
2017-03-10 14:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an tighearna talmhan.
Do chuireadar teine sa phárlús, agus d'ollmhuigheadar suipéar maith i gcóir an bhean uasal. Nuair a bhí gach rud ullamh acu do shuidheadar síos chun búird agus bhí gach rud ar an mbórd níos fearr ná a chéile acu.
Do bhí an sean-duine ag innsint sgéal sultmhar don bhean uasal chun an oidhche a chaitheamh. D'osgaladh doras an phárlúis agus nuair fhéach an sean duine is amhlaidh a bhí Tomás na shuidhe sa chathaoir a bhí i n-aice leis an tighearna talmhan.
Nuair a chonnaic sé Tomás do thainig crith cos is lámh air agus le na linn sin do thuit an sean duine bocht siar ar an gcathaoir fé mar a bhéadh duine marbh.
Sé an chéad duine a eirig chun cabhrú leis ná an tighearna
ball sinsearach (stair)
2017-03-10 10:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
muna mbéadh do mháthair ní leogfainn isteach tu, do chuirfinn tu san áit na rabhais cheana".
Do rith Tomás agus a athair na dhiaidh, agus an gunna ag an sean-duine do chómaineadar leó mar sin Tomás ag rith is an athair na dhiaidh go dtí go raibh tuitim na h-oidhche ann ach sa deire d'airig an sean-duine fothrom cóiste a' teacht suas go dtí an tig agus tháinig bean uasal amach as.
Ba ghearr gur tháinig bean a' tighe go dtí an athair chun a rádh leis go raibh an tighearna talmhan tar-éis teacht chúchu ar a cuaird.
Do dhearmad sé mar gheall ar Tomás, agus mar gheall ar na banbhaí do bhí chómh tógtha suas san leis an tighearna talmhan.
Tháinig an t-athair isteach agus bhí ana bhruid air chun gach aon rud a bhéith ceart aige i gcóir
ball sinsearach (stair)
2017-03-10 10:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an airm a' drileail a chuid fear. Do leath a súile ar an máthair agus do rith sí isteach go dtí a fear agus dubhairt sí " tair amach go bhfeicfidh tú an iongnadh nách diabhail an rud an arm, féach chómh macánta agus táid ní rabhadar riamh chómh macánta agus táid siad".
Do bhí ana chion ag teacht ag an athair ar Tomás agus do chuaidh sé suas a' tabhairt aire dhóibh an fhaid a bhéadh Tomás ag ithe a dhinnéir.
Nuair a chonnaic sé an rud a bhí déanta ag Tomás do leath a shuile air. Do bhíodar go léir marbh aige agus gabhallóg fé ceann gach muic díobh fé mar a bheidís na beathaidh.
"Moladh go deo le Dia" arsa'n athair agus é a' rith isteach i gcóir a ghunna. "Do mháthair fe ndear é, mar
ball sinsearach (stair)
2017-03-09 15:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
chóirig sí an leabaidh ab' fhearr sa tig do .
Ar maidin ambáireach d'eirig sé agus d'ith sé bricfeast maith agus d'imthig sé féin is a athair amach mar a raibh an cráin is a h-ál agus d'innis an athair do gan iad a leogaint amach as an bpáirc san.
"Tá go maith" arsa Tomás "tabharfad sa m'fhocal duit go gcoimeadfad iad san ciúin". D'fhan Tomás annsan gur thainig aimsir dinnéir agus do chuaidh an máthair amach chun glaodhach air i gcóir a dhinnéir.
Nuair a chuaidh sí go dtí an páirc do bhí an crain na luighe síos, rud dob' annamh di agus na banbhaí na líne taobh thiar di agus iad chómh ciúin chómh macánta san is d'á mbeidís na gcodladh agus Tomás a' siubhal síos agus suas agus bata na láimh aige agus é á ndrileáil fé mar a bhéadh oifigeach
ball sinsearach (stair)
2017-03-09 15:11
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
acu a' tabhairt aire don chráin mar bhí sí chómh bradach san.
D'iarr an máthair ar an athair Tomás a leogaint isteach "mar" ar sise "tabharfaidh sé aire don chráin agus don na banbhaí.
Do stop an t-athair agus dubhairt sé "leog isteach an beitheamhnach mar sin". D'imthig an máthair amach agus thug sí isteach é.
Ba thruagh an radharc é nuair a tháinig sé isteach agus d'innis sé sgéal brónach dóibh. D'innis sé gach rud mar gheall ar an arm dóibh agus d'innis sé dhóibh gur goineadh é agus go raibh sé trí mí san óspidéal.
Do bhí sé a' stealladh breaga dhóibh go dtí go raibh croidhe a athair chómh bog le croidhe a mháthair. Do thug an máthair an béile ab' fhearr sa tigh do Thomás agus do
ball sinsearach (stair)
2017-03-08 17:53
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
é bacach.
Ba dhóbair ná gur thuit sí i bhfanntais, d'imthig sí isteach go dtí a fear agus dubhairt sí "an bhfuil a fhios agat cé tá a' teacht".
"Níl a fhios" arsa'n athair. "Tomás" arsa a bhean "agus d'á bhfeicfá a' teacht é bhéadh truagh agat do." "Cá bhfuil sé ?" arsa'n t-athair go feargach ag eirighe ón gcathaoir agus a' fághail a ghunna.
"Lámhachad é an rógaire bheitheamhnaig an té a dhein go beo bocht sinn" arsa'n t-athair. Do léim an máthair agus rug sí ar an ngunna agus dubhairt sí "ar son Dé agus ná lámhach i n-aon chor an uair seo é níl pioc den éadach air agus ní féidir leis siubhal ach le teannta bata táim ag athchuingí ort triail eile a thabhairt do".
Do bhí cráin is ál banbhaí acu agus do chaitheadh buachaill a bheith
ball sinsearach (stair)
2017-03-08 17:39
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
uaireadóir is uile agus chuir sé iad ar an mbórd go dtí an bhean.
Dubhairt sé léi iad san a thógaint. D'fhéach sí air agus dubhairt "airiú a Thomáis an ar buille ataoi?" "Ní headh go deimhin" arsa Tomás "ach aon rud amháin atáim ag fiafruighe dhíot ná hoscail do bhéal mar gheall ar sin ".
Do chuir sí a beannacht air agus bhí a cúis aici. Nuair a bhí Tomás ag gabháil amach an doras dubhairt sé "an bhfuil aon stúmpa bata agat a thabharfá dhom ?".
Fuair sí seana bhata éigin agus thug sí dho é agus do ghluais sé amach an doras agus suas crois a athar. Do leog sé air go raibh coischéim bacaighe air agus aoinne a chíodhfadh é bhéadh truagh aige dho.
Bhí a mháthair a' gabháil amach a' d'iarraidh canna uisge agus do chonnaic sí Tomás a' teacht suas an bóthar chúiche agus
ball sinsearach (stair)
2017-03-08 17:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
i seomra beag chun an seana chulaith éadaig a chuir air.
Nuair a bhí an culaith air tháinig sé suas go dtí an bean agus d'fhiafruig sé di an raibh aon seana bhróga aici a thabharfadh sí dho.
Dubhairt bean a' tíghe ná raibh. "Tá go maith" arsa Tomás "déanfad an gnó gan iad". Do bhí bean a' tíghe a' feachaint air agus nuair a chonnaic sí é agus an seana-chulaith éadaig air bhí a fhios aici gurbh' é Tomás a bhí ann. Do chonnaic sé sean hata caithte ar an gcathaoir ná raibh pioc de le na chéile.
"An bhfuil aon tairbhthe annsan?" arsa Tomás. "Airiú níl" arsa'n bhean "sin seana hata a bhíonn agam ag séideadh an teine".
Do chuir Tomás an seana hata air agus do thug leis suas ón seomra a chulaith éadaig féin idir bróga, agus
ball sinsearach (stair)
2017-03-07 14:25
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bawneen = old coat.
ciotóigín = lefthanded person.
smeádar = a mess.
smeádarer = an untidy person.
ownshok = a silly woman.
amadawn = a fool.
angishair = a poor wretch.
plawmauser = a flatterer.
ball sinsearach (stair)
2017-03-07 14:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
skillit = three legged pot.
caubeen = hat.
brog = boot.
mala = bag.
crub = the foot of a pig.
circ out = said when hunting hens out.
praisgeen = apron.
crowns = small turf.
cipin = small sticks.
alannah = dear.
mo mouriseen = my darling.
curtuig = rambling.
sthreel (straoill) = an untidy person.
ráiméis = for nonsense.
meas = esteem.
clebby = a shelf or half dresser.
plawmaus = flattery.
smithereens = little bits.
ball sinsearach (stair)
2017-03-07 14:09
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sa deire do shocruigheadar go raghfadh Tomás abhaile agus go leanfadh an bhean é i gcionn seachtmhaine. Sé an nós a bhí ann annsan na go raghfadh an tighearna talmhan go dtí gach tineontaidhe uair ins na seacht bliana.
Aon maidin amhain do ghluais Tomás leis abhaile.
Ar an slighe roimis do bhí gréasaidhe na chómhnuidhe agus do chuaidh Tomás isteach ann. Do bhí bean a' tighe istig roimis, do bhí aithne aici siúd ar Tomás sar ar fhág sé an baile ach go deimhin ní raibh aithne aici air nuair a tháinig se thar nais. D'fhiafruig se di féachaint an raibh aon seana chulaith éadaig aici a bhéadh go léir stracaithe.
"Airiú a laogh" arsa'n bhean "níl aon chulaith éadaig agam ach an seana chulaith so agus ní dhéanfadh sé sin an gnó d'aoinne".
"Ó", arsa Tomás "sin é an culaith a oireamhóchadh mé". Do chuaidh sé isteach
ball sinsearach (stair)
2017-03-07 13:57
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
aon chuma é" arsa'n captaoin, "b'fhéidir go ndéanfadh sé an gnó mar fear stábla".
Do thógadar leó é agus do chuir an captaoin culaith éadaigh breágh uasal air agus do thóg sé isteach é mar fear stábla.
Bhí Tomás na fear stábla ar feadh tréimhse maith agus i gcionn tamaill tháinig ana mheas ag an gcaptaoin ar Thomás.
Níorbh' iongnadh san mar fear breágh glan ab' eadh Tomás nuair a bhí culaith éadaig duine uasail air.
Bhí aon inghean amháin ag an gcaptaoin agus ba ghearr gur thuit sí i ngrádh le Tomás. Ba ghearr go bhfuair an captaoin bás agus gan amhras d'fhág sé gach rud a bhí aige ag an inghean.
Tighearna talmhan ab' eadh an captaoin leis, agus sa deire do phós Tomás agus an inghean a chéile. Do mhaireadar ana chompórdach ar feadh roinnt aimsire go dtí sa deire do fuair Tomás amach gurb' í a bhean tighearna talmhan a athair féin.
ball sinsearach (stair)
2017-03-03 18:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tomás. Bhí mórán eile a bhí tar éis liostáil a dhéanamh an lá san.
Do thóg an t-oifigeach iad go léir isteach i dtig Tábhairne chun feitheamh go dtiocfadh an captaoin dóibh. Nuair a bhíodar istigh do chuaidh Tomás suas go dtí an oifigeach agus bhí cnaipí buidhe ar chasóg an oifigeach.
Do rug Tomás ar na cnaipí agus bhí sé á chimilt agus á gcuir isteach na bhéal mar a dheanfadh amadán. Do bhí an t-oifigeach ag féachaint air agus ag rádh na aigne féin--"amadán é sin ní thógfad i n-aon chor é.
Le na linn sin tháinig an captaoin chun iad do bhreith leis agus dubhairt an t-oifigeach leis an gcaptaoin "ní thógaimíd é sin" agus d'innis se don captaoin cad do dhein sé leis na cnaipí.
D'fhéach an captaoin ar Tomás , agus fear breágh glan ab'eadh Tomás. "Triallfaimíd ar
ball sinsearach (stair)
2017-03-03 18:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus a dhíol sé an coirce agus d'ól sé gach aon phioc den airgead.
Do tháinig sé abhaile i tuitim na h-oidhche agus ní fheidir sé pe'cu an lá nó an oidhche a bhí ann bhí sé chómh meisgeamhail san.
Nuair a tháinig sé abhaile do rith a athair chun é lámhach ach do fuair a mháthair párdún do. Do bhí sé ag obair leis an athair ar feadh seachtmhain eile. Do chuir an t-athair Tomás airís go dtí an margadh le h-ualach mór coirce an uair seo.
Do dhíol sé an coirce, agus d'ól sé gach aon leath-phingin de agus nuair a bhí an meid sin déanta aige do dhíol sé an capall is an turcaill.
Do bhí oifigeach ón arm ann an lá san agus bhí sé ag liostáil na daoine.
Do chuaidh Tomás suas chuige chun go dtógfadh an t-oifigeach é. Do thóg an t-oifigeach
ball sinsearach (stair)
2017-03-02 12:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lánamha ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis. Ach an lánamha so ní raibh ach aon mac amháin acu, agus rud níos measa ná san amadán ab'eadh an mac.
Sé ainm a tugtaí air ná Tomás Amadán. Nior dhein se aon rud riamh a deiredh a athair leis agus gan amhras bhíodh an fear bocht cráidhte buartha uaidh.
Aon lá amhain do chuir a athair go dtí an margadh é le cúpla mála coirce agus b'é an foláramh deireanach a thug sé do Thomás ná nuair a dhíolfadh sé an coirce gan aon mhoill a dhéanamh sa tsráid ach teacht abhaile mar go mbeidís a' treabhadh um thráthnóna.
D'éist Tomás leis an cómhairle ach do liog sé isteach trí cluas é is amach tríd an gcluais eile. D'imthigh Tomás leis
ball sinsearach (stair)
2017-03-02 12:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí fear na chómhnuidhe annso i mBaile Mhúirne agus sé ainm a bhí air ná Seán Ó Mangáin. Do chuaidh sé chun cómhnuighe i Maghchromdha.
Bhí an diabhal air chun bruighne le bata. Do mhair sé i Maghchromtha go dtí go raibh sé ana chríonna. Do buaileadh breoidhte an fear bocht agus cuireadh fios ar an sagart.
Do chuir an sagart an ola dhéanach air agus nuair a bhí an sagart ag imtheacht d'fhiafruig sé dhe an raibh sé sásta na aigne.
"Táim lán tsásta le bás d'fhághail " arsa Seán "agus nílim ag fiafruighe ach aon rud amháin díot-- sé sin nuair a gheobhad bás bata draighin duibh a chuir isteach sa chómhrainn liom mar tá a fhios agam gur go f-Ifreann a raghad agus nuair a raghad ann cuiread gach diabhal amach as leis an bata
ball sinsearach (stair)
2017-03-02 12:27
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
this and the famine a great fever broke out. There was a hospital on the monastery rd., the ruins of which are ther yet. It was a terrible place- "You were taken in by the neck, but if you were you were , you were brought out by the heels; and if you didn't grunt, you were dead". Mr. Kinirons of the Abbey said there was a man standing at the door of the deadhouse to keep the "dead" from coming out. Sometimes the unfortunate people would implore him to let them crawl out. He would tell them that they were dead because he knew better than they.
ball sinsearach (stair)
2017-03-02 12:21
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
The people were very weak. At that time the water was carted around the town in barrels. It came from a well in Ashbury. It was very impure. Owing to
ball sinsearach (stair)
2017-03-02 12:19
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
give it to say to the Americans that the Irish were starving , the English opened what was called Stirabout Houses. There is one out in Ballaghmore yet. It has "V" shaped windows. The stirabout was given out through those. It was called "shadow stirabout" because if you tilted in (sic) to one side or other it would all fall off the plate it was so thin. The meal was called Indian Buck.
ball sinsearach (stair)
2017-03-02 12:14
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Mr. Tierney, Grove St., Roscrea gave me the following account of the cholera in Roscrea.
He said that some years after the famine the potatoe blight appeared again. He remembered to see three men digging in a garden all day and they only got one basketful of potatoes and most of those were black. "They would run from Roscrea to the Monastery if they saw a white potato in a ridge".
A cargo of wheat was sent from America to Ireland but it was sunk outside Cork .
Stirabout Houses:
So as not to
ball sinsearach (stair)
2017-03-01 14:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
bhosca.
Mo léir, cad a bhéadh istig ann ach tuarghín bheag agus bhí scríbhte air. "Slais an tuagh bhig ar bhaic a mhuiníl an té thabharfadh a chuid do mhac ná inghean".
Nuair a chonnaic an bheané do thuit sí i bhfanntais, agus d'imthigh an mac amach an doras agus é as a mheabhair agus níor stop cos leis gur shrois sé Gleann na Geal(t).
Níl ach roinnt blianta ó shoin ó fuair sé bás ann. Siné mo sgéal is má tá bréag ann bíodh.
ball sinsearach (stair)
2017-03-01 14:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
socrú le déanamh agam a mhic ach tá boiscín annsan fé'n leabaidh agam agus gan amhras fágfad-sa le h-uathacht a méid atá istig ann agat féin agus ag do bhean. Ach tabhair do geallamhaint dom na h-oscalochaidh é go dtí go mbead sa curtha."
"Bíodh na margadh" arsa'n mac "ach beidh brón ró mhór orainn ad' dhiaidh chun bheith ag oscailt aon bhosca nuair a thiocfam abhaile.". Cúpla lá na dhiaidh san fuair an sean-duine bocht bás agus geallaim dhuit go raibh sé níos mó mar pósadh ná tóramh. Do bhí a dhóithin le n'ól agus le n'ithe ag gach aoinne.
Do tháinig lá na sochraide agus do
tógadh an sean-duine bocht go dtí an roilig. Níor fhan an mac ná a bhean go dtí go raibh sé curtha do bhí a leithéid sin dúil acu ar an rud a bhí sa bhosca do shíleadar go mbeidís saidhbhir go bráth. Do thógadar amach an bosca agus níor fhanadar chun an glas a bhaint di. Do fua(ar)dar tuagh agus do bhriseadar clúdach an
ball sinsearach (stair)
2017-03-01 14:34
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
socrú ledéanamh agam a mhic ach tá boiscín annsan fé'n leabaidh agam agus gan amhras fágfad-sa le h-uathacht a méid atá istig ann agat féin agus ag do bhean. Ach tabhair do geallamhaint dom na h-oscalochaidh é go dtí go mbead sa curtha."
"Bíodh na margadh" arsa'n mac "ach beidh brón ró mhór orainn ad' dhiaidh chun bheith ag oscailt aon bhosca nuair a thiocfam abhaile.". Cúpla lá na dhiaidh san fuair an sean-duine bocht bás agus geallaim dhuit go raibh sé níos mó mar pósadh ná tóramh. Do bhí a dhóithin le n'ól agus le n'ithe ag gach aoinne.
Do tháinig lá na sochraide agus do
tógadh an sean-duine bocht go dtí an roilig. Níor fhan an mac ná a bhean go dtí go raibh sé curtha do bhí a leithéid sin dúil acu ar an rud a bhí sa bhosca do shíleadar go mbeidís saidhbhir go bráth. Do thógadar amach an bosca agus níor fhanadar chun an glas a bhaint di. Do fua(ar)dar tuagh agus do bhriseadar clúdach an
ball sinsearach (stair)
2017-03-01 14:18
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
an mbosca agus do chuir sé i bfolach fé'n leabaidh é. Tamaillín beag na dhiaidh san do buaileadh breoidhte an sean-duine agus bhí baoghal báis ann mar bhí an fear bocht ana chríonna.
Do bhí áthas ar fear a' tighe is a bhean i dtaobh an sean-duine a bheith ag fághail bháis mar cheapadar go raibh ana chuid airgid aige agus nuair a gheobhadh sé bás go bhfágfaí an t-airgead go léir acu féin.
Níor liogadar ortha go raibh aon áthas ortha mar gheall ar an sean-duine a bheith a' fághail bháis ach go raibh brón ortha mar d'eadh.
Do cuireadh fios ar an sagart chun an ola dhéanach a chuir ar an sean-duine . Dubhairt an sagart leis annsan dá mbéadh aon uadhacht aige le deanamh é dhéanamh mar go raibh sé chun bás d'fhághail.
Do ghlaoidh an sean-duine isteach ar a mhac agus dubhairt sé leis . "Níl aon
ball sinsearach (stair)
2017-03-01 14:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a' chodladh do gheibheadh sé cupán bainne te agus sara n'eirigheadh sé gach maidin do gheibheadh sé cupán té.
Do bhí ana iongnadh ar an sean-duine gan amhras bheith a' fhághail na sóghluistí sin go léir mar fé mar a deir an sean-fhocal --An rud is annamh is iongantach.
D'imthigh an sean-duine a' triall ar an cómharsa agus thug sé an t-ór do agus geallaim dhuit munar ghaibh sé a bhuidheachas leis an cómharsa ní lá fós é mar bhí saoghal duine-uasal aige anois rud ná raibh aige roimis san.
Nuair a bhí an sean-duine ag imtheacht do thug an cómharsa bosca beag don sean-duine agus glas air agus dubhairt sé leis gan é thaisbeaint d'aoinne go dtí go mbéadh se a' fághail bháis agus annnsan é fhágaint acu mar uadhacht ar choingeall na h-oscalóchfaí (?) é go dtí go mbeidís tar-éis teacht abhaile ón sochraid.
D'imthigh an sean-duine abhaile leis
ball sinsearach (stair)
2017-03-01 13:56
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
a bhí ar aghaidh an tighe amach agus thosnuig sé a' cómhaireamh an t-ór ann.
Ní fada go dtáinig bean a mhic amach a' cuir éadach amach agus nuair a chonnaic an sean-duine í a' faire air do bhailig sé isteach an t-ór chuige fé mar a dubhradh leis.
Nuair a chonnaic an bhean é sin tháinig ana iongnadh uirthe agus rith sí isteach go dtí an mac agus dubhairt sí. "Tá an diabhal deanta againn mar tá airgead ag an sean-duine i gan fhios dúinn go léir, tair amach agus chídhfidh tú é a' cómhaireamh an t-ór".
Do chuaidh an mac amach agus do chonnaic sé go raibh a bhean ag innsint na fírinne. Do ritheadar anonn chuige agus do rug gach duine acu ar láimh air agus thógadar isteach leó abhaile é agus geallaim dhuit muna bhfuair sé beile maith uatha ní lá fós é.
Gach aon oidhche sar a dtéigheadh sé
ball sinsearach (stair)
2017-02-28 10:24
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
mhaith dhuit" arsa'n fear, "ach tair chúgham airís annso istoidhche ambáireach".
D'imthigh an sean-duine leis abhaileagus an oidhche san níor chodail sé pioc ach ag cuimhneamh ar cad é an rud a bhí ag an cómharsa dho.
An oidhche na dhiaidh san níor dhearmhad an sean-duine gan dul go dtí tig an cómharsa. Isé an rud a thug an cómharsa dho ná lán a dhorn d'ór.
"Seo", arsa'n cómharsa "beir leat é sin agus ambáireach téir go dtí páirc éigin na bhféadfaidís tu fheisgint agus bí a' cómhaireamh an óir ann.
Nuair a chídhfidh tu aoinne acu a' féachaint ort bailigh an t-ór isteach go tapaidh chúgat i dtreo's ná feadfaidís é fheiscint mar d'eadh agus tabhair an t-ór thar nais chúgham airís. "
D'imthig an sean-duine leis agus an t-ór aige agus gan amhras nior innis sé a sgéal. Ambáireach a bhí chúghainn d'imthig an sean-duine amach sa pháirc
ball sinsearach (stair)
2017-02-28 10:10
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
do bhí droch bhean aige, nár thug sí urraim ná onoir don sean duine. Do bhí sí go maith ar dtuis mar do shíl sí go raibh airgead aige.
Nuair a fuair sí amach ná raibh aon airgead ag an sean duine do thosnuig sí a' tabhairt gach aon easonóir agus gach tarcuisne a fhéadfadh sí don sean-duine bocht.
Do bhí cómharsa na chómhnuidhe i n-aice leó, agus do bhí sé ana mhór leis an sean duine. Aon lá amháin bhí sé a' cainnt leis an sean-duine agus d'fhiafruig sé de conus a bhí an saoghal ag eirighe leis.
"Níl saoghal madra agam " arsa'n sean-duine bocht agus bhí deora le na shúile, "agus cad é an chúis atá acu leat ?," arsa'n fear eile.
"Tá agus cúis a ndóthain " arsa'n sean duine, mar níl aon airgead agam le tabhairt dóibh". "Déanfad-sa é sin go
ball sinsearach (stair)
2017-02-28 09:58
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lánamha ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis. Ach an lánamha so ní raibh acu ach aon mac amháin. Do fuair an máthair bás nuair a bhí an mac ana óg.
D'oibrigh an t-athair go dian go dtí go raibh an mac críonna a dhóithin chun obair a dhéanamh. Do bhí ana mheas ag an athair ar an mac agus cheap sé nuair a bhéadh an mac pósta go mbéadh ana shaoghal aige i n-aon fheacht leis ach mar a deir an sean fhocal. Ní mar a shíltear a bítear go minic.
Do deineadh cleamhnas leis an mac agus nuair a bhíodar a' posadh thug an t-athair gach a raibh aige dho, agus thabharfadh sé tuille d'á mbéadh sé aige bhí a leithéid sin de mheas aige ar an mac.
D o bhí an mac go maith leis ach
ball sinsearach (stair)
2017-02-27 10:26
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do tháinig cathú is ceann fé ar an mac agus do rith sé amach agus do ghlaoidh se isteach an sean-duine is dubhairt, "Tair isteach a dhaid agus beidh saoghal suairc agat an fhaid a mhairfidh tu ".
Do chuaidh an sean duine isteach leis agus do bhí saoghal duine uasal aige chun go bhfuair sé bás.
ball sinsearach (stair)
2017-02-27 10:23
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
arsa'n buachaill, "cá bhfuil do thriall ?". "Ó", arsa'n sean duine "ní fheadar cá bhfuil mo thriall ach thug t-athair féin an bóthar dom indiu."
"Fan annsan go fóill" arsa'n buachaill. D'imthig an buachaill leis isteach sa scioból agus thosnuig sé a' deisiú seana mhála. Do chonnaic an t-athair an buachaill a' teacht isteach an gheata.
Nuair ná raibh an buachaill a' teacht isteach i gcóir a dhinnéar do chuaidh an t-athair amach feachaint cad a bhí a' choiméad amuich.
B'é an áit na bhfuair an t-athair é ná amuich sa scioból agus é ag socrú seana mhála. D'fhiafruig an t-athair de cad a bhí aige á dhéanamh annsan.
Dubhairt an buachaill " a' dhéanamh mála dhuit se atáim chun go mbeidh sé agat nuair a cuirfead sa amach as an tigh seo fé mar a chuiris t-athair féin amach as indiu."
ball sinsearach (stair)
2017-02-27 09:52
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
agus dubhairt bean a' tighe leis, "Táimíd scriosta anois aige, agus is mise nó é sin a bheidh sa tig".
Dubhairt an mac leis ná déanfadh sé sin an gnó go bráth go gcaithfeadh sé imtheacht as an dtig. "Is olc an sgéal é sin" arsa'n sean duine "agus ní fheadar sa tsaoghal cá dtabharfad m'aghaidh".
D'imthigh sé leis amach i seana-thig agus fuair sé mála agus do chuir sé p'é meid a bhí aige isteach ann agus go deimhin fein n'íorbh é sin an iomarca.
Nuair a bhí gach rud ullamh ag an sean duine d'imthigh sé leis. Ní raibh sé ach imthighthe amach go dtí an gheata nuair a chonnaic sé a' teacht isteach an gheata na choinnibh an mac ba shine.
Bhí an mac a' teacht ó sgoil agus ní raibh a fhios aige pioc mar gheall ar an troid a bhí idir an sean-duine is a mháthair.
"Airiú, a shean athair a chroidhe istig"
ball sinsearach (stair)
2017-02-27 09:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
duine fé ndeara ná raibh aon meas ag an bhean óg air agus aon rud a dhéanfadh sé déarfadh an bhean óg gurabh' amhlaidh a bhíodh sé sa tslighe uirthe.
Gach aon oidhche nuair a thagadh an mac isteach bhíodh sgéal éigin ag an bhean óg do mar gheall ar an sean-duine. Ach sé an rud a deireadh an mac léi "tá tú críonna agus ná tabhair fé ndeara aon rud a dhéanfaidh sé ".
Nuair a chonnaic an sean-duine go raibh an mac taobhach leis do thóg sé cuid den brón do. Ní ró fhada go raibh clann acu.
Do bhí an sean duine a' cuir an saoghal de chómh maith agus a fhéad sé é. Ní ró fhada go raibh clann a mhic fásta suas.
Do bhí ana chion ag an mac ba shine ar an sean duine agus aon lá amhain nuair a bhí na leanbhaí óga tar éis dul ar sgoil do tháinig fear a' tighe isteach
ball sinsearach (stair)
2017-02-24 15:51
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Do bhí lánamha ann fadó, agus bhí aon mac amháin acu. Do mhaireadar go seascair ar feadh tamaill ach tháinig droch bhreoidhteacht ar an máthair is fuair sí bás.
Do chaith an t-athair is an mac a ndícheall a dhéanamh chun an obair a dheanamh istig is amuich. Do bhí ana ghrádh acu d'á cheile ní nách iongnadh.
Aon lá amháin dubhairt an t-athair leis an mac ná féadfaidís maireachtaint mar sin a thuille go gcaithfeadh an mac pósadh agus arsa'n sean-duine, "Táim chun an méid atá istig is amuich agam a thabhairt duit". Ba ró ghearr go dtáinig lá an chleamhnaisagus do tháinig na cleamhnaistí go dtí an tig.
Bhí an méid sin urraim ag an t-athair don mac nár choimeád sé aon phioc aige féin. Do phósadar ar aon chuma agus ní rabhadar abhfad pósta nuair a thug an sean -
ball sinsearach (stair)
2017-02-24 15:37
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
go ndeanfaidh sé an gnó annsan duit." An oidhche san nuair a bhí an inghean a' dul a codladh do théithidh sí báisín bainne agus chuir sí i naice leis an sean-duine é.
D'eirig an sean-duine i lár na h-oidhche airís, agus níor fhéach sé ar an mbáisín bainne a bhí i n-aice leis ach do chuaidh sé anonn go dtí na cíléirí agus do dhein sé seacht n'oiread díobhála agus a dhein an oidhche roimis san.
Ar maidin lar na bháireach nuair eirigh an inghean agus nuair a chonnaic sí an bainne is an uachtar meascaithe , dubhairt sí "Go deimhin féin a dhaid is mór an náire dhom é nár fhágas coinneal ar lasadh agat ach ní thuitfidh an sgéal san amach airís." Do shuidh an sean-duine suas sa leabaidh agus dubhairt sé "Ní tart ná ocras a bhí orm-sa ach is amhlaidh a bhíos bhúr dtriall."
Do bhí airgead ag an sean-duine i gan fhios agus thug sé an tairgead go léir don inghean agus d'fhan sé léi go bhfuair sé bás.
ball sinsearach (stair)
2017-02-24 09:46
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
as do leabaidh te mé féin fé ndear é nár fhágas deoch bainne agat ach le congnamh Dé ní thuitfidh an sgéal san amach airís".
An oidhche san nuair a bhí an inghean a' dul a codladh d'fhág sí báisín bainne ag an sean-duine. An oidhche san d'eirig an sean-duine airís is do mheasc sé an uachtar is an bainne trí na cheile. Nuair eirig an inghean ar maidin b'é an céad rud a dhein sí ná dul isteach i seomra an bainne féachaint conus a bhí an sean duine tar eis na h-oidhche.
Do bhí an báisín bainne san áit céadna nar fhág sí an oidhche roimis sin agus gan braon di ólta. Do chuaidh sí amach sa chistin agus do dhein sí cupán té dho agus thug sí isteach chuige í agus dubhairt sí "Ól é sin a dhaid agus téithfidh sé tu, mar tá fhios agam gurb' amhlaidh a bhí an bainne ró fhuar duit ach anocht téithfidh mé dhuit é agus b'fhéidir
ball sinsearach (stair)
2017-02-24 09:35
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh