Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2018-10-12 22:59
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Biadh na Sean-Aimsire.
Ainm an Aithriseóra: Donncadh Ó Sioctháin.
A Seoladh: Cill na mBreac. Gleann Beithe
A Aois: 54 bl.
Fadó do bhíodh trí béilí sa ló aca agus bhíodh prátaí aca i gcóir gach béile.
Do bhíodh prátaí agus salann agus bainne ramhar aca agus go h-annam do bhíodh piosa feóla aca.
Ní bhíodh taé aca ac aon uair sa bhlian agus sin nuair a thagadh an Nodhlag.
Do dheinidís praiseach le mín fhadó agus d'ithidís é le míl nó ím. Ní bheadh aon siucra aca an t- ám san. Ag na daoiníbh saidbhre bíodh sé i meidir