Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2018-09-10 00:07
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Tigín Pádraig.
Tá fotharach tigín Pádraig.thios in Oileán Rossa.
Do cómhnuigheadh Pádraig Ó Conchúbhair, a bhean céile, a beirt mhach agus inghean amháin ann.
Feirmeóir láidir do beadh Pádraig uair ach d'eirigh rud éigin idir é féin agus a bhean, agus do gort sé an bainne ar fad a bhí i dtig an bhainne agus bhíodar bocht as san amach.
Ansan dob' éigean d'on beirt mhac dul go h-America a thuilleamh dóibh féinig.
Bhí an cailín ag teacht ó'n siopa lá amháin. Bhí sí ag gabháil thar an tighe. D'feuch sí taobh thiar di. Connaich sí an taoide ar a shálaibh. Tháinig tonn mór agus do scuab sé an tig, an cailín. an fear agus a bean céile sa tsiubhal.
Fad aimsire na dhiaidh do bádhadh long agus bhí triúr mairnéalach báidhte.
Tháinig a gcoirp isteach go h-Oileán Rossa. Mairneálach do beadh duine dá mach.
Bhí sé 'na beathaig ag teacht isteach agus chailleadh é nuair d'innis sé dos na daoine cé'r bhé é féin.