Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2018-07-21 05:49
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Sgeulta Grinn
Ainm an Aithriseóra: Seán Ó Súilleabháin.
A Seoladh: Ceann-Éarach.
A Aois: 68 bl.
Bhí fear an-bhocht ann fadó agus bhí sé na chómhnuidhe i mbóthán ar cnoc Tráighlí.
Taidhbhirigheadh dó trí oidhche in dhiaidh a chéile dá ragadh sé go dtí droichead mór Luimnighe go raibh ór ann a dhéanfadh saidhbhir é gcaitheamh a shaoghail.
D'imthigh sé lá agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí an droichead.
Ní fheaca sé aon nidh ann agus bhí sé ar siubhal ar an ndroichead anonn agus anall ar feadh chúpla lá agus bhí sé go h-ana bhrónach.
Bhuail fear léis an tarna lá agus d'iarr sé air cadh a bhí á dhéanamh aige ann agus d'innis an fear bhocht an sgeul go léir dhó.