Líon iontrálacha sa taifead staire: 2
ball sinsearach (stair)
2019-02-28 14:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ainm an aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin.
A Seoladh: Cill na mBreac.
A Aois: 50 bl.
Tugtar an Inid ar an aimsear ó Lá le Stiopháin go Céadaoin na Luaithridh.
Le linn an ama sin deintear na cleamhnais, go mór mhór fé an dtuaith.
'S é Máirt na h-Inide an lá déanach cun pósta roimh an gCarghaos.
Bíonn fleadh ins gach tig. Deintear pancóga mar ní bhíonn sodhlaistí againn ó Máirt na h-Inide go Domhnach Cásga.
Tugtar Oidhche na Sgeilge ar an oidhche sin. Deintear dánta i dtaobh na ndaoine ionphósta agus gheibhtear mórán spóirt asta.
Deineann muinntir na tuaithe cleamhnaisí i rith na h-Inide.
Buachaill a bhíonn cun pósta, gheibheann sé cara nó gaol de féin - cainteóir maith cun an cleamhnais d'eunamh.
Stócach a glaodhtar ar an bhfear san.
Téigheann siad go tig an chailín agus buidéal 'na phóca ag an mbuachaill óg. Bíonn siad go grádhmar agus go gealgáireach i dtig an chailín.
ball sinsearach (stair)
2018-06-18 06:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ainm an aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin.
A Seoladh: Cill na mBreac.
A Aois: 50 bl.
Tugtar an Inid ar an aimsear ó Lá le Stiopháin go Céadaoin na Luaithridh.
Le linn an ama sin deintear na cleamhnais, go mór mhór fé an dtuaith.
'S é Máirt na h-Inide an lá déanach cun pósta roimh an gCarghaos.
Bíonn fleadh ins gach tig. Deintear pancóga mar ní bhíonn sodhlaistí againn ó Máirt na h-Inide go Domhnach Cásga.
Tugann Oidhche na Sgeilge ar an oidhche sin. Deintear dánta i dtaobh na ndaoine ionphósta agus gheibhtear mórán spóirt asta.