Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2018-12-30 23:32
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
ó Seámus Ó Connchubhair
Rín,
Cill Orglan

Do bhíodh sean aonach i Cill-Gobnat fadó. Do tuiteadh sé ar an t-aonmhadh lá deag d'Fheabra agus tuiteann sí fós i gCill-Orglan an dáta ceadna. Ní raibh aonac eile i gCiarraidhe ba mhó ná aonach an Phatrúin ach amháin Aonach a' Puich. Bhí leath bhliadhain díreach idir an dá aonach.
Bhíodh Lá le Gobnatan mar a bhéadh lá saoire i bparóiste na Tuaithe agus bhíodh níos mó ná cíos na bliadna ag muirtir an bhaile.
Do athruigeadh an Phatrúin ó Cill-Gobantan go Cill-Orglan de brígh ná raibh na treanaca ná na comhtara iompuir oireamhnaca ag gabháil ann.