Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2018-10-30 23:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhi cailín Caitiliceach i n-aimsir i dtig mhinistir. Bhí mac an mhinistir i gcolaiste ag foghluim cum ministir óg do dheanamh do. Thainig se abhaile aimsir na Cásca ar saoire. Bhiodh sé féin agus an cailín aimsire ag argoint go minic ar chúrsai creidimh - é sin a rádh gur aige féin a bhi an creideamh ceart agus an cailín a rádh gur aici féin a bhí se.
Tháinig Aoine an Cheasta. Bhí an cailín ag deanamh trosgaidh an lá san. Nuair a bhí sí ag ite a breicfeasta níor dhearmad mac an mhinistir teacht timcheall. Ní raibh de biadh aici acht tea dubh agus arán tirm. Díarr sé ar an gcailín cad na taobh san. "Indiu Aoine an Cheasta" ar sí "agus ní mór dom trosgadh do dheanamh Ní feadfainn-se an trosgadh sin