Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2016-05-01 19:08
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhí na Sasanaigh ag cur an chreidimh fe chois in Eirinn do ráinig go raibh piardha gallda de thigearna talmhan agus cúirt mhor aige sa Litriúch. Do bhí sé an-mhór i gcoinnibh an chreidim Caitlicidhe. Do bhí cailín aimsire aige agus is ar an gcreideamh Caitlicidhe a bhí sí sin.
Do bhí triúir bráithre bochta ar theicheadh agus i n-aimsir gheimhrid dob eadh é. Do bhí an fuacht agus an t-ocras ag gabháil triatha agus dubhradar n-a n-aigne féin gur cuma leo a mbás no a mbeatha, agus do thuigeadar fé chúirt an tighearna talmhan seo.
Ni raibh an tighearna talmhan féin istig acht an cailín aimsire. Thug sí blúire bídh dóibh agus do chuir sí amach ‘o’n scioból iad agus dubhairt sí leo fanacht annsan go maidean. Níor b’fhada go dtáinig an buachaill aimsire go dtí an tighearna talmhan a innsin-t do go