Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2017-08-31 14:45
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
An droch-shaoghal
Luigh an droch-shaoghal go mór ar an gceanntar seo, mar ba iad na fataí an phríomh-bheatha a bhí ag na daoiníbh agus lobhadar sin, agus b'éigin dóibh maireachtáil ar bhiadh cladaigh. Fuair cuid mhór daoine bás leis an ocras, agus leis an bhfiabhras dubh, agus dá bhrigh sin bhí i bhfad níos mó daoine san áit seo fadó ná mar tá anois. In áiteachaibh chuir an fear a bhean agus a sheachtar cloinne leis an bhfiabhras dub.
Lobh na fataí nuair a bhíodar ag fás, agus spréitheadh cuid desna garrdhantaibh trí h-uaire ag soláthar fataí. Is minic a lobh na fataí ó shoin acht níor lobh an oiread agus a lobh an bhliadhain sin, agus dá bhrígh sin ní raibh biadh chomh gann ariamh ó shoin.