Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2015-11-30 14:33
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Ba é an t-ainm a bhí ar na scoileannaibh a bhí ann fadó ná Scoileanna Scairte. Bhí ceann aca i bhfearann-an-coirce, agus ceann i-n-Eochaill. Is istigh a bhíodh an sgoil ar siubhal aca. Ba strainséirí iad na múinteoiríbh; acht amháin fear darbh'ainm, Pádraig De Bhailis ar Cillmhuirbhíg a bhí ag múnadh i-n-a theach féin agus ní bhíodh sé ag múnadh insna scoileannaibh. D'fhanadh na múinteoirí i dtíghthíbh na sgoláirí; ar feadh seachtmhaine i n-gach teach. Gheibhidís sgilling san ráithe ó gach páiste nuair a thosuighidís ag dul ar sgoil; acht gheibhidís níos mó ó na páistíbh de réir mar bhíodh siad ag ardughadh insna rangaibh. Bhídís ag múnadh scríobhnóireachta, léigheoireachta, béarla