Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2015-02-15 04:02
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Bhí fear ann uair amháin agus bhí grádh mór aige do'n tobach. Bhí sé in-a chomhnuidhe i gcill Sgeiche. Bhí sé bocht freisin agus bhí caisleán inaice an tíghe agus chuala sé na sean daoine a radh go raibh go leor airgid i bhfolach ann. Chuaidh sé go dtí an caisleán agus bhí laidhe aige agus thosuig sé ag piocadh na gcloch a bhí thar timpeall an chaisleáin agus ag piocadh an fhéir.
Annsin fuair sé píopa agus sparán agus bhí go leor airgid ann. Bhí sleabhra in aonfheacht leis an bpíopa agus bhí tobach ins an bpíopa igcomhnuidhe agus ní raibh ortha tobac a cheannacht.
Bhí sé saidhbhir uaidh sin amach agus bhí na daoine eile a rádh nach mbeadh aon mhaith ins an airgead sin mar duine bocht a chuir an t-airgead i bhfolach san am fadó. Bhí sgriosadóirí ag dul thart san am sin agus sin é an fáth gur cuir an féar bocht sin an t-airgead i bhfolach.