Líon iontrálacha sa taifead staire: 2
duine anaithnid
2019-04-16 16:22
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Níl aon chnuic an-árd sa gceanntar seo ach amháin Cnoc Dabhach agus Cnoc na hInghine agus is ar éigin a d'fhéadfá árd a rádh leó sin féin. Tá Cnoc Dabhach ar an taobh ó thuaidh uilig de'n pharráiste. Feicfe tú go maith siar ó thuaidh uait é agus tú 'do sheasamh ag Cros-bhothar na Tulaighe agus an dabhach cruinn 'na suidhe ar a bharr. D'innseóchadh Labhrás Ó Conghaile dhuit faoi'n mbean a chonnaic an dabhach óir ar mhullach an chnuic seo maidin lae Bealtaine le heirighe gréine agus í ag tigheacht abhaile leis an mbainne taréis di a cuid beithidheach a bhleaghan. Nuair a chonnaic sí an dabhach mór agus maoil air leis an saidhbhreas soillseach leath a dhá súil le glionndar agus mhéaduigh a croidhe le dúil san ór. Chaith sí uaithi a ceaintín. D'fháisg sí greim daingean le n-a leath-láimh ar a cótaí agus abhaile léi agus a h-anam in a béal.
"Ór! Ór! Tá muid saidhbhir go deo!" - bhí an fhuagairt déanta aici sul chas sí corr na binne féin. Níor thug sí tríáil di féin aon chainnt eile a rádh leis an bhfear acht rug greim gualann air agus tharraing léi é. Siúd seisean cos ar chois léi thar tamhnachaí is thar tuláin ar nós duine bheadh faoi dhraoidheacht, ise ag sméideadh le na láimh dhó agus a dhá súil sáidhte san áit a raibh an t-ór. Bhí smúit tar-éis a theacht ar an ngréin agus ceó beag ar an gcnoc. Ach siúd ar aghaidh an bheirt agus iad ag gearradh in aghaidh an áird. Faoi dheireadh bhíodar ar a bharr. Acht mo léan ní raibh aon ór soillseach ann le na dturas a chúiteamh leo. Bhí an dabhach óir ina charraig eibhir, lom agus
ball sinsearach (stair)
2018-08-12 21:39