Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2015-03-08 21:43
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
10. Naoidhean a thig ar an tsaoghal agus a bhéal faoi deirtear gur báthadh an bás atá i ndán dó.
11. An naoidhneán a thig ar an tsaoghal agus bearad sona air béidh ádh air a choidhche ach an bearad a thaisceadh.
12. Is ceart do leanbh caoineadh agus sgreadaigh nuair a theidheas uisce an bháiste air. Mar gcaoinidh sé deir siad nár díbriú an diabhal as nuair a baisteadh é
13.Má gnidhthear barraidheacht amhairc ar teachran beag dóigheamhail go mb'fhéidir go ndéan faidhe droch amharc air. Ba ceart a rádh "beannughadh air"
14. Naoidhnean a thiocfas ar an tsaoghal agus a gheabhas braon sáile ar an chead bhiadh nach h-eagal a bhaitheadh a choidhche.
15. Má chuirtear bonn airgid ghil i nláimh naoidhneain nuair a thiocfas sé ar an tsaoghal béidh ádh an airgid a choidhche air.
16. Má chuirtear cnámh i nláimh leinbh ar theacht un tsaoghal beidh leigheas an léinta aige.
17. An páiste nach bhfacaidh a athair ariamh beidh leigheas salachar béil aige.
18. Ní ceart do bhean a bheith ag feadalaigh mar caitheamh..