Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2016-12-31 19:36
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhíonn na h-éin ag eitilt ós iseal san Samradh sin chomhartha fearthainne agus nuair a bhíonn siad ag eitilt go h-ard sin chomhartha aimsir breághtha. Casann an chat a aghaidh ón dteine nuair a bhíonn fearthainn ag teacht. Bíonn na ba go léir in a luighe i lár na páirce sar a thagann an tóirneach. Nuair a theigheann ceó (?) go h-ana árd leis an ngaoith sin chomhartha fearthainne. Bíonn glór mór ón abhainn nuair a bhíonn fearthainn ag teacht.
Nuair a theigheann an deatac síos go dtí an dtalamh sin chomhartha fearthainne agus nuair a thuiteann an siút síos in a gcnapóga sin chomhartha fearthainne leis.