Líon iontrálacha sa taifead staire: 1
ball sinsearach (stair)
2017-01-02 13:40
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Nuair a bhíonn na fuiseóga agus na fáinleóga ag eitilt ós íseal bíonn fearthainn againn. Nuair a bhíonn sé ós árd bíonn aimsear breágh againn.
Nuair a theigheann éan na farraige isteach ann sin comhartha fearthainne. Nuair a iompuigheann an cat a dhrom dorr dteine sin comhartha fearthainne. Nuair a theigheann na cuilleóga go dtí an talamh sin comhartha fearthainne. Nuair a itheann an madra féir bíonn fearthainn againn.
Nuair a bhíonn dath ghorm ar an dteine sin comhartha fearthainne. Nuair a séideann an gal thar-riais anuas an t-seimrú sin comartha fearthainne.
Nuair a thuiteann an súith anuas a seimrú sin comhartha fearthainne. Nuair a bhíonn na lachain ag screadiagh go h-árd sin comhartha fearthainne.
Nuair a séideann an gaoth andeas sin comhartha fearthainne.