Líon iontrálacha sa taifead staire: 2
ball sinsearach (stair)
2021-10-12 19:42
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Gliceas Beisín.
Bhí fear ann fadó. Seán Ruadh a b'ainm dó. Bhí sé in a chomhnuidhe ó dheas ó Cnocán a Mhíle. Bhí asal aige agus "Beisín" an t-ainm a thugadh sé uirthi. Do thuigeadh an t-asal gach rud a déarfadh Seán léi.
Lá amháin thug sé an t-asal ar íasacht do chomhursa dar'bh ainm Pádraic Ó Móráin le ualach móna a thabhairt abhaile ó'n bportach. Nuair a thug Seán an t-asal dó ar maidin chuir sé rópa gearr ar na cléibh chun nach mbeadh siad ag corruighe. Bhí go maith. Chuaidh Pádraic go dtí an portach agus thug sé an móin abhaile. Thug sé an t-asal thar n-ais go dtí tighe Sheáin agus chuaidh sé abhaile arís.
Taréis tamaill d'athruigh Seán Ruadh nár thug Pádraic Ó Móráin an rópa a thug sé dó ar maidin ar ais agus ar seisean leis an asal, "A Bheisín, chuireas rópa leat ar maidin chun na cléibh a choinneál díreach ort agus níor thug tú ar ais leat é".
I gcionn sgathaimh thug "Beisín" a aghaidh ar tigh Pádraic Ó Móráin. Chuaidh sí isteach agus thosuigh sí ag cuartú. Nuair nach bhfaca sí an rópa in aon áit do thosuigh sí ag plamsáil is ag ciceáil. Bhí leanbh ins an gcliabhán agus thug sí cic ins an súil dí agus bhí sí dall as sin amach.
ball sinsearach (stair)
2021-07-19 14:28
ceadaithe
diúltaithe
ag fanacht le cinneadh
Una Nic Bháird a fuair an sgéal seó óna h-athair Pádraig Mac An Bháird 76 bliadhna. Ballyrourke, The Neale, Claremorris
Gliceas Beisín
Bhí fear ann fadó. Seán Ruadh a b'ainm dó. Bhí sé in a chomhnuidhe ó dheas ó Cnocán a Mhíle. Bhí asal aige agus "Beisín" an t-ainm a thugadh sé uirthi. Do thuigeadh an t-asal gach rud a déarfadh Séan léi.
Lá amháin thug sé an t-asal ar íasacht do chomharsa dar'bh ainm Pádraic Ó Móráin le ualach móna a thabhairt abhaile ón bportach. Nuair a thug Séan an t-asal dó ar maidin chuir sé rópa gearr ar na cléibh chun nach mbeadh siad ag corruighe. Bhí go maith. Chuaidh Pádraic go dtí an portach agus thug sé an móin abhaile. Thug sé an t-asal thar n-ais go dtí tighe Sheáin agus chuaidh sé abhaile arís. Taréis tamaill d'athruigh Seán Ruadh nár thug Pádraic Ó Móráin an rópa a thug sé dó ar maidin ar ais agus ar seisean leis an asal, "A Bheisín, chuireas rópa leat ar maidin chun na cléibh a choinneál díreach ort agus níor thug tú abhaile leat é".
I gcionn sgathaimh thug "Beisín" a aghaidh ar tigh Pádraic Ó Móráin. Chuaigh sí isteach agus thosuigh sí ag cuartú. Nuair nach bhfaca sí an rópa in aon áit do thosuigh sí ag plamsáil is ag ciceáil. Bhí leanbh ins an gcliabhán agus thug sí cic ins an súil di agus bhí sí dall as sin amach.