Meitheal Dúchas.ie: Pobal ag tras-scríobh

Póstaer »

Aiseolas ó bhaill den Mheitheal

‘Creidim gur fiú an obair thras-scríofa seo a dhéanamh, b’shin an fáth ar thug mé faoi. Ní hé gach cúiteamh ann atá le cuntas ina airgead amháin.’

‘Ábhar léitheoireachta an-spéisiúil atá ann, agus má bhíonn deich nóiméad agam i rith an lae bíonn sé an-éasca leathanach a thras-scríobh.’

Eolas faoin Meitheal

Tá cuireadh á thabhairt againn d’úsáideoirí an tsuímh tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar na scéalta a bailíodh mar chuid de Bhailiúchán na Scol. Tá súil againn go gcuirfidh an obair seo le rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal agus go gcuirfidh sé le hinrochtaineacht an ábhair chomh maith.

Toradh eile a bheidh air seo is ea go bhféadfar téacs na scéalta tras-scríofa a chuardach ina iomláine seachas na leathanaigh a fheiceáil mar íomhánna amháin.

Is cur chuige aitheanta é an tras-scríobh sluafhoinsithe a chuidíonn le lucht na ndaonnachtaí digiteacha ábhar luachmhar cartlainne a chur ar fáil don phobal i bhformáid inchuardaithe. Mar thoradh ar obair na Meithle go n-uige seo, tá téacs na scéalta tras-scríofa ar fáil do thaighdeoirí ar fud na cruinne. Is obair foirne é an tras-scríobh sluafhoinsithe agus tá baill na Meithle ag obair as láimh a chéile chun an taisce béaloidis seo a oscailt. Tá rannpháirtithe in ann saothar a chéile a fheiceáil agus a fheabhsú, más cuí, agus is féidir an obair a phlé ar na meáin shóisialta. Is ag brath ar dhea-thoil agus ar fhlaithiúlacht an phobail a bhí Coimisiún Béaloideasa Éireann nuair a bhí Bailiúchán na Scol agus bailiúcháin eile dá chuid á dtiomsú. Cloíonn Meitheal Dúchas.ie leis an traidisiún sin.

Is féidir logáil isteach nó clárú anseo, agus féachaint ar na torthaí anseo. Coinníonn muid baill na Meithle ar an eolas faoi dhul chun cinn na hoibre tríd an ríomhphost, ar bhlag na dtionscadal, ar Twitter agus ar Facebook. Tá fáilte, ar ndóigh, roimh mholtaí feabhais ó thaobh na háise de.

Más múinteoir nó léachtóir thú, bheadh muid an-sásta tacú leat an áis seo a úsáid sa seomra ranga. Féach an chaoi ar bhain scoil amháin úsáid as an Meitheal sa seomra ranga sa bhlagmhír seo. Más taighdeoir thú atá ag tras-scríobh ábhair as Bailiúchán na Scol ar mhaithe le do chuid taighde féin, is féidir leat an obair sin a spáráil ar dhuine eile ach é a roinnt linn anseo.

Ceadúnas agus polasaí bainte anuas

Tá an t-ábhar tras-scríofa á chur ar fáil faoi cheadúnas CC-BY-NC 4.0, agus glactar páirt sa Mheitheal ar an tuiscint sin. Má fheiceann tú aon rud mí-oiriúnach san ábhar tras-scríofa, cuir nóta chugainn agus fiosróidh muid an scéal gan mhoill.

Treoracha

  • Scríobh síos an téacs go díreach mar atá sé ar an leathanach. Má leanann an scéal ar aghaidh ar an gcéad leathanach eile, ba chóir an chuid sin den téacs a thras-scríobh sa bhosca téacs atá ceangailte leis an leathanach sin.
  • Scríobh téacs an scéil amháin; ná bac leis an eolas tánaisteach. Tá na meiteashonraí (teideal, bailitheoir, faisnéiseoir, gaol, seoladh) innéacsaithe cheana ag foireann an tionscadail. EISCEACHT: Nuair nach bhfuil ar an leathanach ach na meiteashonraí, ba chóir ‘[-]’ a chur isteach. Féach anseo mar shampla.
  • Tosaigh alt nua ar líne nua.
  • Má tá breis agus scéal amháin ar an leathanach, scríobh an téacs sa bhosca cuí. Féach anseo mar shampla.
  • Má tá focal nó sliocht nach dtuigeann tú, marcáil é le comhartha ceiste idir lúibíní cearnacha [?].
  • Níor chóir caighdeánú ná ceartú a dhéanamh ar an téacs.
  • Má tá focal scríofa thar dhá líne scríobh mar aon fhocal amháin é, e.g. sa scéal seo, ba chóir ‘Crucifix’ agus ‘supposed’ a thras-scríobh.
  • Cliceáil ‘sábháil’ nuair atá tú réidh leis an leathanach.
  • Más ball nua den Mheitheal thú, nó mura bhfuil tú logáilte isteach, foilseofar do chuid oibre tar éis do bhall den fhoireann eagarthóireachta í a sheiceáil.
  • Is féidir obair atá déanta agat féin nó ag baill eile den Mheitheal a cheartú ag am ar bith.
  • Má tá ceist agat i gcónaí, cuir ceist ar ghrúpa Facebook Mheitheal Dúchas.ie nó cuir r-phost chuig (eolas@duchas.ie).

Tá roinnt nithe coitianta a chuireann mearbhall orthu siúd nach bhfuil taithí acu ar an gcló gaelach. Seo thíos iad:

  • Bítear aireach gan ‘r’ agus ‘s’ a mheascadh

‘Cuireann siad ar a gcosa é’

  • Bítear aireach maidir le ponc an tséimhithe a bhíonn doiléir in amanna. Scríobh ċ, ḋ, ḟ, mar ch, dh, fh etc
  • Is ionann ‘ד’ agus ‘et’ agus ba chóir é a scríobh mar ‘agus’. Ciallaíonn ‘דl’ ‘agus araile’ agus ba chóir é a scríobh mar ‘srl’.

Beifear ag cur leis na treoracha seo agus aiseolas á fháil againn ón Meitheal. Seo thíos aibítir na Gaeilge agus roinnt téacsanna samplacha tras-scríofa.





‘Tá bataí ag fás ar an talamh. Agus sé an t-ainm atá ortha na bataí buidhe. Agus tá léigheas piantaí cnámh ionta. Cuireann daoine síos cupa ar an teinidh. Agus cuireann siad uisge ann fosta, agus bíonn an t-uisge ag guil nuair a chuireann siad síos na bataí buidhe ann. Agus baineann siad guil asta. Agus cuireann siad ar a gcosa é nó cé bith áit a mbíonn an phian ortha.’


‘Bhí tailliúr ann fadó darb ainm Micilín Ruadh. Lá amháin agus é ‘in a shuidhe ar an mbord ag fuagháil tháinigh éan isteach agus céard a rinne an táilliúr acht an tsáthadh a chaitheamh air agus é a mharbhughadh.
‘Sin urchar maith’ ar seisean leis féin ‘déanfaidh mé saighdiúir maith ins an gcogad. D’imthigh leis agus chuaidh isteach i dteach. Chonnaic sé cuilleóga i bpota suibh. Shíl sé gur capall a bhí ann agus céard a rinne sé acht na cuilleóga go léir a mharbhú’.

Tá níos mó eolais ar an gcló gaelach ag na naisc seo:

Taighdeoirí

Ba mhaith linn cloisteáil uait má tá an t-ábhar tras-scríofa ag cabhrú le do chuid taighde agus eolas a fháil ar na réimsí atá i gceist (eolas@duchas.ie).