Cóipcheart, caomhnú digiteach, ábhar leochaileach agus teagmháil

Ábhar cartlainne de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, atá ar an suíomh seo agus é á shealbhú ar iontaobhas do mhuintir na hÉireann. Is cás leis an gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath cearta na ndaoine ar tógadh síos uathu an t-ábhar atá sa chartlann nó a sholáthair ábhar, agus cuireann an Coláiste de cheangal air féin féachaint chuige nach ndéantar aon úsáid neamhoiriúnach dá bhfuil faoina chúram.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig eolas@duchas.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Ceadúnas

Tá an t-ábhar ar an suíomh ar fáil faoin gceadúnas CC-BY-NC 4.0.

Tá an bunachar sloinnte ar fáil le híoslódáil i bhformáid XML faoin gceadúnas Open Database License (ODbL) v1.0. Tá an t-ábhar tras-scríofa á chur ar fáil faoi cheadúnas CC-BY-NC 4.0, agus glactar páirt sa Mheitheal ar an tuiscint sin. Má fheiceann tú aon rud mí-oiriúnach san ábhar tras-scríofa, cuir nóta chugainn agus fiosróidh muid an scéal gan mhoill.

Rochtain

Is féidir íomhánna ísealtaifigh agus meántaifigh a íoslódáil saor in aisce. Iad siúd a dteastaíonn cóipeanna ardtaifigh uathu iarrtar orthu dul i dteagmháil le Cnuasach Bhéaloideas Éireann ag bealoideas@ucd.ie. Gearrfar táille €10.00 ar chóipeanna den chineál seo.

Polasaí Chnuasach Bhéaloideas Éireann i leith an chaomhnaithe dhigitigh

Tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ), An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, tiomanta do chaomhnú na míreanna digiteacha atá ar fáil ar an suíomh seo. Déanfar iad a chaomhnú i dtimpeallacht shlán athléimneach. Cinnteoimid bainistiú fadtéarmach, slándáil agus sláine gach uile shócmhainn dhigiteach atá faoinár gcúram. Cloíonn CBÉ le caighdeáin bhunaithe agus dea-chleacthas i leith gabháil, próiseáil agus inbhuanaitheacht na sócmhainní digiteacha.

Ábhar leochaileach

Tá cúram ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i leith na ndaoine a ghlac páirt i Scéim na Scol 1937-8 – cuid acu atá beo i gcónaí – agus a bhfuil a scríbhinní á gcur ar fáil ar líne don phobal.

Ar an mbonn sin, cinntear gan rochtain a cheadú ar ábhar áirithe má cheaptar go bhféadfadh sé náire nó olc a tharraingt ar aon duine. Déantar athbhreithniú rialta ar stádas leochaileach an ábhair seo agus má tá eolas breise ag teastáil is féidir dul i dteagmháil linn.

Déan teagmháil linn

Déan teagmháil linn ag eolas@duchas.ie, nó trí TwitterFacebook.