Tá sé céad bliadhain ó shoin ó bhí an oidhche stoirm mhóir ar an áit seo. Rinneadh mórán damáiste an oidhche sin. Baineadh an ceann tuighe ó mórán tighthe agus tá ceann de na sean tighthe a tuit an oidhche céadna ar an bhaile seo. Chuala mé na sean daoine a rádh gur baineadh sionca ó gach sgioból a tháinig an ghaoth air an oidhche sin. D’imthigh gach cruach san aer agus lá thar na bhárach bhí an tír cosamhail le h-urlár amháin.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »
Bhí beirt fhear ann uair amháin agus rinne siad suas a n-intinn go marbhóchadh siad gearradán sgreagan in áit ar a [dtugt]? crainneóg ortha. D’imthigh siad amach agus fuair siad rópa. Nuair a shroich siad an fhairrge ní raibh fhios acu cé’n
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »