Scoil: Mín na gCroise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Amhghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 381

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 381

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na gCroise
  2. XML Leathanach 381
  3. XML “Crúbaidh Loch Béarra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mharcuidheacht trí h-uaire thart ar an chaisleán.
    Nuair a bhí siad ag dhul thart thug inghean Ríogh Lochlainn fá deara go raibh ball dearg ar a mhuinéal. Chuaidh an Prionnsa isteach a’s dubhairt
    “Mise a rinne an marcuidheacht.”
    “Chan tú maise” arsa inghean Ríogh Lochlainn
    “Ní h-é tusa a bhfuil an ball dearg ar do mhuinéal”.
    Chuaidh an Prionnsa amach annsin a’s dubhairtsé “níl gar ar bith domhsa ann, thig leatsa dul isteach anois”. Chuaidh Crúbaidh isteach a’s bhí an Ríoghán sástha é a phósadh acht ba mhaith le na h-athair fhagháil amach cé’n cinéal toighe bhí ag Crúbaidh sa bhaile. Chuir sé dhá theachtaire ‘na bhaile le Crúbaidh a’s imeasg an bheirt aca bhí an Prionnsa.
    Nuair a tháinig siad fhad le Loch Béarra bhí sgaifte gabhar ag an doras a’s dhá adharc ar achan ceann aca. Nuair a chuaidh siad isteach bhí athair Chrúbaidh ag deánamh a dhinnéara a’s bhí pota préataí ar a ghlúin aige. Nuair a bhí sé críochnuighthe thriomuigh sé a lámha i ngrainín easrach. Chuir sé slat iasgaireachta amach ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Amhlaoibh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ui Amhalghaidh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall