Scoil: Mín na gCroise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Amhghaidh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mín na gCroise | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 380

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Ar Leanamhaine.

Crúbaidh Loch Béarra.
Shluagh na mairbh, fear mhuirbhthidhe na mílte, fear millte na gcéadtaí is dá muirfidhe indé é go bhfuighfidhe sgríobhtha i nGarraidhe na Gréig gurab é an fear tréitheach indiu é.
D’imthigh sé leis i mbéal a [chinnte]? á’s ní dheána sé stad nó mór chomhnuidhe gur shroich sé cúirt Ríogh Shasana. Ghlac an Rí mar searbhfhontaighe é cionnus go raibh sé chosamhail le na mhac a’s go mb fhéidir go [mbéadh]? sé ábalta obair a mhic a dheánamh corr uair.
Thart fan am seo bhí inghean an dheas ag Rígh Lochlainn a’s ba mhaith le mac Ríogh Shasana í a phósadh. Acht bhí obair chruaidh le deánamh ag an té a gheobhadh. Bhí ar an té a phósfadh é ainmhidhe fiadhain a dheánamh a mharchuidheacht trí h-uair thart ar Chaisleán Ríogh Lochlainn.
Lá amháin chuaidh Crúbaidh a’s an Prionnsa óg go coill lochlann. Chuaidh Crúbaidh suas ar chrann a’s d’fhan annsin go dtí go rabh an t-ainmhide ag gabháil faoi ghéig an chrainn. Annsin léim sé anuas ar a dhruim a’s rinne an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Róise Nic Amhlaoibh
Inscne
baineann
Aois
12
Seoladh
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Máire Bean Ui Amhalghaidh
Inscne
baineann
Aois
45
Seoladh
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge