Scoil: Mín na gCroise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Amhghaidh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mín na gCroise | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Paidir

Síntear mé san leabaidh seo mar síntear Mac Dé san uaigh.
Faoiside cruaidhe cráidhte
Gnídhimse leatsa Mhic Dé
Fá dhocharacht mo chodladh agus
Fá olcas mo chroidhe.
Och thighearna nach mé tá lochtach
Fá ghnídh sin dá gheall mé
Na deánann i gcomhnuidhe
Ó mháthair dhílis [?] Críosta
Go raibh tú ag mo cheann
Eoghan baisteadh agus a chuid easbog
Go raibh tú ag mo bhun
Teachtaire dílis Dé go dtaraidh agam indiu
Le Cholar Criósta agus m'anam dílis Dé
D'fhulaing Íosa agus ceangladh é don chrann

Sean-fhocail

1. Fad is bhíos an feár ag fás ní bhfuighidh an bhó bás.
2. Rud nach dtuigeann an chluas ní chuireann sé pian ar an chroí.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Chanáin
Inscne
baineann
Aois
10
Seoladh
Mín Doire Eidhinn, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Proinseas Ó Canain
Inscne
fireann
Aois
50
Seoladh
Mín Doire Eidhinn, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge