Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cleasanna agus cuideachta ag(us) dhul ar agaidh i measg an t-aosa óig. I dtrataibh an dó dheug deirtear an paidrín cúig ndeichneabhar dheag. Na dhiaidh sin gnidhtear réidh an tae agus chor uair fánann cuid dé’n taos óg leis an tae agus cor uair eile imtigheann siad, ach fanann cupla duine na shuidhe i rith na h-oidhche le cuideachta a coingbhailt le lucht an toighe. Go luath ar maidín arais gnittear tae eile. Lá thar na bharach bíonn daoine daoine ag teacht na faire agus cuireann siad paidir agus abh Máire le h-anam an duine. Annsin cuireann muinntir an toighe fáilte roimhe an té a thig isteach agus deireann an té a thig, Tá mé buadhartha fá do thriobloidh”, annsin suidheann siad agus gheibh sé tae tamall na dhiaidh sin. Lá thar na bharach lá an torraimh agus i dtrataibh an dó ó clog cuirtear an corp ins an comhnair agus annsin craithtear uisge coisreachta thart ar an chorp agus ar na daoine. Annsin druidtear clár na comhneach. Tógtar annsin é ar [guailneach]? fear agus de gnath bíonn carr ag fanacht agus cuirtear an comhnair air.
- Oidhche Dála agus Oidhche Bainse.
I bhfad ó shoin ins na Rosaibh bhíod dóigh ghreannmar acú nuair a bheithí ag deanamh cleamnais posta. An buachaill seo bhíod ag dhul amach ag iarraidh mná bféidir(leanann ar an chéad leathanach eile)