Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 62
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhainríoghan go leigfeadh cinnte - go bfuigeadh sí sin fhein sul a mbéadh sí gan an fáinne.
Nuair a thainig an trátnóna, tháinig sí anall agus shuidh sí go faiteach i gclúd na monadh. Níor bh’fada go dtáinig madadh an chúil bhain isteach. D’amharc sé i gclúd na monadh, chonnaic sé í agus d’aithin sé í. Dar leis fhéin, caidé’n dóigh a bhfuair tú anuas annseo. Rinne sé a suipéar, agus an deoch a thug an bhainríoghan dó, chaith sé isteach ann a bhútais í. Chuaidh sé isteach i luighe, agus chuaidh sise isteach na dhiaidh. “Mhadaidh an chúil bháin”, ar sise “ar a thréig mé m’athair, a’s mo mháthair, a dtáinig mé on domhan uachtarach ‘un domhain iochtaraigh do dhiaidh, thionntuigh thart agus focal amháin cainnte liom”. “Labharfaidh maise, agus dhá focal”, ar seisean, agus innis damhsa anois caidé mar tháinig tú anuas annseo. D’innis sí dó fán chailín a bhí a’ nigheachan ag an abhainn. Chuir sí i n-iuil do annsin gus mhaith léite chul na bhaile. “Bhal”, arsa seisean, “rachaidh muid ‘na bhaile i mbarach”. “Ba mhaith liom”, ar sise. “An cailín a bhí a nigeachan ag an abhainn, agus gasúr na bainríoghna a bheith linn” D’innis sí dó fosda go rabh an fainne, an siosúir, agus an capán ag an bainríoghan.
Comh luath agus tháinig an lá d’éirigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall