Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 61
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní rabh maith dithe ann, ní labharfadh sé léiti.
Nuair a tháinig an lá d’éirigh an bhainríoghan agus bhuail sí trí cic uirthí, agus dubhairt, “Ghaduide shalaigh, nach bhfuil tú tuirseach ‘do luighe ag fear mná eile”. D’éirigh sí, agus dimthigh sí anonn, ‘toigh cailleach na gcearc.
Bhí madadh an chúil bhain amuigh ag seilg agus an gasús beag leis. “D’innseocainn sgéal duit ‘a mbéadh fios agam nach muirbhthea mé”, ars’ an gasúr. “Ní mhuirbhfidh”, arsa madadh an chúil bháin. “Bhfuil tú a’ tabhairt d’focal damh?” ars’ an gasúr. “Tá”, ar seisean. “Maith no olc an sgéal ní muirbhfidh mé thú”. “Tá”, ars’ an gasúr tá bean bhocht ‘toigh cailleach na gcearc, agus bíonn sí n-a luighe “leasta” achán oidhche”. “Acht ab é go dtug cheann ar bhloc ‘san áit a bhfuil tú í, agus an deoch a bhearfas an bhainríoghan duit na h-ól a’ chor ar bit í, go bfeicfidh tú an mbéidh sí ag cainnt leat”.
Fuair an bainríoghan amach go rabh an fainne seo ag an bhean bhocht. D’iarr sí uirtí an fhainne (seo) a chur anall chuicí, nó go ndeánfadh sí min agus luaith de n-a ceithre cnámha. Dubhairt sise go bfuigheadh cinnte, da leigeadh sí duithe luighe ag n-a fear an oidhche sin. Dubhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall