Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 645
- XML “Piosrogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piosrogaí
Nuair ata duine ag dul ar thuras fadha agus é cruth capaill a fhaghail caillte agus cul ar cruth tionntaoghthean bealach a bhfuil sé ag dul deirtear go bfuigh se airgead caillte sul a dtocfhadh se arais. Bhí fear ag imteacht ar turas fada in a ghluaistean nuair a chuaidh sé gíota chonnaic sé cruth capaill caitte ar an bhealach mhór [stap]? sé an gluaistéan agus thug leis an chrut nuair a chuaidh sé giota eile chonnaic sé beirt fear ag dul an bealach ceadna agus thug sé leis ins ghluaistean íad bhí siad ag dul frid ghleann iongantach uaigneach agus chonnaic siad an cruth in a phoca d’fhiafruigh siad do caidé bhí sé a deanam leis an cruth agus dubhairt sé gur cualaidh sé ariamh go rabh ad maith ar chruth capaill annsin thóg fear acha an cruth agus thug buille do’n fhear ar mhullac an chinn agus mharbhuigh siad é. Thug siad leobhtha cía bith airgead a bhí aige agus d’imtigh siad leo agus d’fag siad an fear marbh ins an gluaistéan. Nuair ag gheibh duine bas i dteach staptar an clog bomh luat agus geibh se bas agus bionn sé stapaidh go dtí go n-imthigheann an toradh. Nuair ata duine ag dul a iasgaireacht caitheann duine éile an maide briste na diaid nuair ata sé ag dul amach ar an doras ba gnatach le na sean daoine a rad go gcuirfeadh sin adh air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Ua Cealbhuighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall