Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 627
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Am amhain bhí fear agus bean in a gcomnuidhe in Arainn Mór agus ní rabh aca ach aon mhac amháin. La amháin d’imthigh an fear amach a d’iasgaireacht agus thug sé an gasur leis. Nuair a bhí siad amuigh i lar na fairrge chonnaic siad long ag tarraingth ortha. Nuair a tháinig an long fhad leobhtha tháinig an captaoin amach agus labhair sé leis an fhear agus d’iarr sé ar a tabhairt do agus go dtabhairfeadh sé mile punt do air go cionn bliadhna ní mhaith leis an fhear seo a dheanamh agus bhí an t-airgead a dith air. Ní rabh fhios aige caide a deanamh sé ach sa deireadh leig sé an gasúr ar shiubhal san bhád. Phill sé na bhaile ag an bhean agus chur [s]? ceist air ca rabh an ghasúr. D’innis seisean an sgéal duithe agus thoisigh sise a chaoineadh agus ní rabh duine ar bith abalta ciall a chur inntí agus ní rabh fios ag an fhear caidhe a dheanamh sé. La amháin bhí sé amuigh ag íascaireacht agus bhí sé ag smaointeadh ar an ghasúr agus chonnaic sé an gasúr astoigh san loing. Tainig an gasúr amach agus labhair sé leis an athair agus d’iarr an t-athair air a teacht na bháile agus dubhairt an gasúr b’fearr leis fanacht san aith a rabh sé. Annsin d’innis sé do’n athair go dtiochfadh sé san ait ceadhna bliadhan agus an la indiu agus go dtiocfadh trí geacha fiadhna(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Giolla Cearr
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Teanga Mheáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Mac Giolla Cearr
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teanga Mheáin, Co. Dhún na nGall