Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 454

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 454

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 454
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Biadh na Seanaimsire
    I bhfad ó shoin ní rabh plúr nó tae ar bith aca. Ní rabh aca acht mín-choirce agus neart bainne mhilis agus bladach. Dhéanfadh siad arán coirce le bainne agus uisge. Seo ma ghnídeadh siad é. Bhéirfeadh siad leobtha mias nó scála agus chuirfeadh siad graínin maith mín-choirce isteach sa mheas. Annsin chuirfeadh siad bainne nó uisge bog isteach fosta agus mheasgadh siad é le spanóg go mbéadh se bréag cruaidh aca. Nuair a bhéadh sé meascaidh go maith aca chuirfeadh siad ar iarainn an arain ar an teinidh é. D'fhághfadh siad ar an teinidh é go cionn tamall maith go mbéadh sé bréag cruaidh. annsin thionntuigheochaidh siad é agus bhéadh sé annsin go mbéadh sé réidh le tógál. Bhéirfeadh achan dhuine leobtha braon bainne agus giota aráin-choirce annsin agus sin an rud a bhéadh maith le h-ithe. Ní rabh tablaí ar bith aca, ní rabh aca acht bocsaí móa agus coraí móra tae, agus nuair a bhéadh preataí bruidhte aca chuirfeadh siad amach ar an loisigh iad agus d'iosfaidh siad iad le braon bainne agus grainín salainn. Ba ghnáthach leobhtha luibheanna a thabhairt isteach agus iad a chuir isteach i bpota agus salann a chuir ortha. Annsin d'íofadh siad sin fa-choinne a suipéar nuair a bhéadh siad buitthe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhan Ní Chéarrain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Meadhbha Ní Chéarrain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Leic na Leabhar, Co. Dhún na nGall