Tá sean-bóthar ag teacht ó Cnoch Mágh go Guirtín. Sé an t-ainm atá air Bóthar na gCorp. Bhíodh sidheóga ag teacht an bóthar sin fadó. Níl fhios agam an uair a rinneadh é. Níl sé in úsáid anois acht rinnneadh sé san droch-shaoghal. Tá bóthar eile i nGuirtín agus an t-ainm atá air Bóthar an Phortaigh. Tá sé ag dul go Cathair Mór acht níl sé in úsáid anois. Níl fhios agam cén páigh a fuair na daoine, acht bhí cuid de na mná ag obair ann. Níl aon sgéal futha.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »