Scoil: Shrule (uimhir rolla 7795/7796)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shrule
- XML Leathanach 10_016
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Béaloideas
“Bhí sagart in-a chomnaidhe thart ar an áit seo in aimsir na "Black and Tans".”
Bhí sagairt in-a chomnaidhe thart ar an áit seo in aimsir na “Black and Tans.” Sagairt maith a bhí ann agus níor maith leis na “Black and Tans” é ar éor ar bith. Uair amháin bhí sé ag dul go Condae an Clár. Lean na “Black and Tans” é agus rugadar air agus mharbhuigheadar é. Chuireadar suas í n-aghaidh chrainn ar dtús é agus bhuaileadar é. Chuireadar uréaracha in a chroidhe annsin. Chuireadair é ins an bpáirc ba ghoire dóibh. Chuala Árdasbog.
Árd Easbog
Thuama é agus chuaidh sé go dtí an áit acht ní bhfuair sé an corp. Cuaidh sé isteach i dteach agus dinnis sé an sgéal do na daoine. Dubhairt sé go bhfuigheadh sé an corp an mhaidin in a dhiaidh sin. Bí sé sin fíor mar bhí sgolaírí ag dul tré pháirc ar maidin agus chonnaiceadar píosa dén éadach dubh ag bobadh amach as an talamh. Bhí an sagart aca annsin.
Dinnis Máirtín Ó Riain ag sgéal seo dom.- Bailitheoir
- Micheál Ó Maoilmhichil
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Riain
- Inscne
- Fireann