Scoil: Shrule (uimhir rolla 7795/7796)

Suíomh:
Sruthair, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shrule
  2. XML Leathanach 10_006
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair amháin fadó. Bhí cearca aige agus bhí chuid aca ar gor. Chuir sé ceann aca síos ar uibheacha acht d'éirigh sí asta. Cuaidh sí ó bhaile ar fad. Le gach duine a chonnaic sé dubhairt sé leis. "An bhfaca tú aon cearc ar gor". Dubhairt gach duine nach bhfaca. D'éirigh sé ar buile sa deiridh nuair a bhí an sgéal céadna ag na daoine ar fad. Annsin dubhairt sé, "Marbhóchaidh mé duine ar bith a labharfaidh sé sin liom." Annsin dubhairt gach duine go bhfaca sé an cearc ins an áit seo agus ins an áit sin. Annsin chuaidh an fear i ngach áit acht chuaidh sé ins an áit seo agus marbhuigheadh é ann. Nuair a bhí sé churtha bhí anam ag dul thart ar an áit ag iarraidh gach duine faoi an gcirc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Maoilmhichil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Maoilmhichil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dealgain, Co. Mhaigh Eo