Scoil: Shrule (uimhir rolla 7795/7796)

Suíomh:
Sruthair, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shrule
  2. XML Leathanach 10_005
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí sgoil claidhe ins an áit in a bhfuil an séipéal. Bhí na sgoláirí a bhí ins an sgoil ag árdú gainmhe ó poll gainmhe a bhí annsin. La amháin bhíodar ar fad ag ardú stumpa agus chuaidh buachaill darbh ain, fó Mac Gearailt isteach faoi an stumpa. Ar an nóiméad sin chuit an stumpa air agus marbhuigheadh é. Ní raibh aon reilg in aice leo aguis chuireadar annsin é ins an gainimh. Dhúnadar an poll sin ar fad agus annsin milleadh an sgoil in a dhiaidh sin. Ní raibh aon rud annsin acht páirc leis na blianta agus annsin rinneadar seipéal ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Maoilmhichil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Mórán
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo