Scoil: Shrule (uimhir rolla 7795/7796)

Suíomh:
Sruthair, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shrule
  2. XML Leathanach 10_004
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí tighearna i mBeac-cluain fadó agus ba bheag an rud a chuirfeadh fearg air. Bhí fear eile ann san am agus bhí a lán beidthigh agus caoirigh agus ainmhidhthe eile aige acht ní raibh aon talamh ar bith aige. Bhí sé ag iarraidh píosa talmhan ó'n dtighearna ar feadh dhá bhlaidhain. Sa deireadh dubhairt an tighearna go raibh gandal mór aige agus an talamh a siubhalfadh an gandal thart air. Bhéárfadh sé dó é. Shiubhail an gandal thart air chúig acra agus bhí an tighearna ar buille acht bhí an cúig acra ag an bfhear eile. Dubhairt an tighearna é sin agus bá' é sin an dlighe an t-am sin. Chuir an fear eile na beidhthigh agus na caoirigh isteach ar an dtalamh agus d'éirigh sé an tsaidhbir i gceann tamaill agus bhí sé níos saidhbhre na an tighearna sa deireadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Maoilmhichil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe