Scoil: Shrule (uimhir rolla 7795/7796)

Suíomh:
Sruthair, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 10_001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shrule
  2. XML Leathanach 10_001
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear ag teacht abhaile ó thórramh oidhche amháin. Nuair a bhí sé míle ó'n dteach tháinig dul amúgha air. Cheap sé go bhfaca sé cearca agus eoilig ag rith in a dhiaidh. Cheap sé annsin go raibh sé i bportach agus gur thuit sé isteach i bpoll agus go raibh uisce sa bpoll. Tháinig sé anuas agus chuaidh se amach as an bportach agus cheap sé go bhface sé beirt fhear agus lampaí aca ag teacht chuige. Stop na fir agus chuaidh an fear chuca agus chweap sé annsin go bhfaca sé a lan sidheóga mar shaighdiúirí agus rí na sidhéoga. Dubhairt an rí leis an bhfear dul abhail agus fanacht sa mbaile gach oidhche nó go mharbhócadh sé e. Chuaidh an dul amugha d'en fhear ar an toirt agus cuaidh sé abhaile slán. Níl fhios agam céard a thárla d'on fhear sin acht ní dheachaidh sé amach aon oidhche in a dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Maoilmhichil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Maoilmhichil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dealgain, Co. Mhaigh Eo