Scoil: Shrule (uimhir rolla 7795/7796)

Suíomh:
Sruthair, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 08_005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0038C, Leathanach 08_005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shrule
  2. XML Leathanach 08_005
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cloch Aifrinn i gCorr an mhuilinn agus bhí sagart ag léigheam Aifrinn ann lá amháin. Bhí fear in Áth Chinn agus bhéarfad sé chúig punt ar gach ceann sagairt a gheobhadh sé. Bhí n fear dar b'ainm dó Maoldomhnaigh agus bhí fhios aige go raibh an sagart ann. Rug sé ar an sagart agus chuir sé rópa- tuighe thart ar a mhuineál. "St George" an t-ainm a bhí ar an bhfear a bhí in Áth Chinn. Bhí an Maoldomhnach sin ag dul suas go "St George" leis an gcuig punt a fhafháil ar ceann an t-sagart. Bhí sé ag dul suas ag baile ebag agus "Joyce- park" an t-ainm a bhí air. Nuair a tháinig fear anuas an bóthar ag marcuigheacht ar chapall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghán Óg Ó Gabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Beannáin, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seaghán Ó Gabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Beannáin, Co. Mhaigh Eo