Ba iad na tighearnaí talmhan a bhí thart annseo fadó na Ciardhubháinigh agus na Cliffords. Comhnuigheadar i nDealgan. Ciardhubháineach a rinne an teach ann. Ba uncal do De Clifford an Ciardhuibháineach agus thug sé an teach dhó nuair a bhí sé ag fághailt báis. Cuireadh an Ciardhubháineach in nDealgan ins an tuama. Tá an tuama sin le feiceál fós. Nuair a bhí sé cúpla bliadhna churtha i nDealgan tógadh é agus cuireadh é ins an roilig i Sruthar. Deir na daoine go bhfuil carráiste le feiceál ag dul ó Dealgan go Sruthar thart ar a dó dhéag a clog ins an oidhche agus ceithre capaill gan ceann ar bith orra agus an Ciardhubháineach ins an gcarráiste.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »