Tighearna talmhan amháin a bhí san áit seo fadó. Bhí sé tamall fada 'san áit . Ní raibh mórán measa ag an gcuid ba mhó de na daoine air. Ní minic a cuireadh daoine amach as a seilbh mar gheibeadh síad seans. Cuireadh iad amach as a seilbh mar ní rabhadar in ann an cíos a íoc. Dimigheadar seo go Teach na mBocht. Díoladh an tighearna an talamh le aon duine a ceannéochadh é. Ní raibh smacht mór ag an dTighearna ar na daoine
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »