Tá taillúir amain i Sruthar anois. Tá sé ag obair i dteac Pádhraigh Ui Mártáin. Fightí éadaigh annseo fadó. Bhí fear i Mhoch Challaigigh darbh ainm do Seághan Ó Gioballáin agus figheadh sé éadaigh agus ba é an t-éadach sin a figheadh Seághan Ó Gioballáin a chaitheadh na daoine fadó. Bíonn siosúir agus iarann agus gléasanna eile aige ag an taillúir. Bhí lín éadaigh ag na daoine annseo agus rinneadh alan rudaí as an lín éadaigh.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »