Bhí cailín uair amháin agus bhí teach agus geata deas talmhan agus neart eallach aici. Bhí tríur fear ag teacht ar cuairt aici, táillíur, feilmeóir agus gréasuidhe. Bhiodar ar cuairt gach oidche. Bhí an taillíur béarrta agus an gréasuidhe glan fresin agus an feilmeóir salach tuirseach brocach tar-eis obair an lae agus é go cul-uaigneach freisin. Bhí gach fear aca ag ceapadh go raibh an bhean óg mór leis fein agus shileadhar nach raibh seans ar bith ag an
(leanann ar an chéad leathanach eile)